<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0136</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Eangacha leictreachais: cnámh droma chóras fuinnimh an Aontais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0091/2025 -  Rapóirtéir: Anna Stürgkh)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2025 ar eangacha leictreachais: cnámh droma chóras fuinnimh an Aontais (2025/2006(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Powering a climate-neutral economy: An EU Strategy for Energy System Integration’</STRING> [Geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis de chuid an Aontais um Chomhtháthú Córais Fuinnimh] (COM(2020)0299)
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Grids, the missing link - An EU Action Plan for Grids’</STRING> [Eangacha, an nasc atá in easnamh - Plean Gníomhaíochta an Aontais um Eangacha] (COM(2023)0757),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Eanáir 2025 ón gCoimisiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Investment needs of European energy infrastructure to enable a decarbonised economy’</STRING> [Riachtanais infheistíochta an bhonneagair fuinnimh Eorpaigh chun geilleagar dícharbónaithe a chumasú]<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, Artelys, LBST, Trimonics, Finesso, A. et. al., <STRING ITALIC="on">Investment needs of European energy infrastructure to enable a decarbonised economy – Final report</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Action Plan for Affordable Energy – Unlocking the true value of our Energy Union to secure affordable, efficient and clean energy for all Europeans’</STRING> [Plean Gníomhaíochta maidir le Fuinneamh Inacmhainne – Fíorluach ár nAontais Fuinnimh a dhíghlasáil chun fuinneamh inacmhainne, éifeachtúil agus glan a áirithiú do gach Eorpach] (COM(2025)0079),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’ (COM(2025)0085),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta Tionsclaíoch um an tionscal gluaisteán Eorpach’ (COM(2025)0095),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 249, 14.7.2021, lch. 38, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1153/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán SCE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán GTE-F),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas<FOOTNOTE><FIELD> IO L 158, 14.6.2019, lch. 54, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/reg/2019/943/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1711 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1711, 26.6.2024, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1711/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1747, 26.6.2024, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1747/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, lena léirítear spriocanna idirnaisc leictreachais an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Bonneagar Eangaí Leictreachais Inbhuanaithe a Chur Chun Cinn’, mar a d’fhormheas an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh iad ag an gcruinniú a bhí aici an 30 Bealtaine 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i dtaca le stóráil fuinnimh de<FOOTNOTE><FIELD> IO C 371, 15.9.2021, lch. 58.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le straitéis Eorpach i ndáil le comhtháthú córas fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 45.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Eanáir 2023 ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) maidir le modheolaíochtaí taraife traschuir agus leictreachais san Eoraip,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 19 Nollaig 2023 ag ACER dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Demand response and other distributed energy resources: what barriers are holding them back?’</STRING> [Freagairt ar éileamh agus foinsí fuinnimh dáilte eile: céard iad na bacainní atá á gcur orthu?]
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Aibreán 2025 ag an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Bidding Zone Review of the 2025 Target Year’</STRING> [Tuarascáil ar Chriosanna Tairisceana don Spriocbhliain 2025]<FOOTNOTE><FIELD> Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E), <STRING ITALIC="on">Bidding Zone Review of the 2025 Target Year</STRING> [Tuarascáil ar Chriosanna Tairisceana don Spriocbhliain 2025], Aibreán 2025, https://eepublicdownloads.blob.core.windows.net/public-cdn-container/clean-documents/Network%20codes%20documents/NC%20CACM/BZR/2025/Bidding_Zone_Review_of_the_2025_Target_Year.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A10-0091/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil eangacha leictreachais bunriachtanach don Aontas chun a aistriú chuig fuinneamh glan a bhaint amach agus chun fuinneamh in-athnuaite a sholáthar agus tacú le fás agus rathúnas eacnamaíoch; de bhrí go ndéanann neamhéifeachtúlachtaí agus easpa comhtháthú iomlán difear do phraghasanna fuinnimh do thomhaltóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, i bhfianaise an éilimh mhéadaithigh ar leictreachas, go bhfuil gá le hinfheistíochtaí agus uasghráduithe suntasacha, mar aon le formhaoirseacht rialála, chun acmhainneacht tarchuir trasteorann agus acmhainneacht tarchuir ar an leibhéal náisiúnta a mhéadú agus chun bonneagar a nuachóiriú, lena n-áiritheofar córas leictreachais dícharbónaithe atá solúbtha, díláraithe agus athléimneach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil drochnascacht agus scrogaill eangaí i measc na bpríomhchúiseanna nach féidir leis an Aontas tairbhe iomlán a bhaint as acmhainneachtaí suiteáilte suntasacha an fhuinnimh gaoithe agus gréine, agus ar an gcaoi sin praghsanna inacmhainne a áirithiú do theaghlaigh agus don tionscal; de bhrí go mbíonn rótháirgeadh fuinnimh agus teorannú riaracháin ar tháirgeadh in-athnuaite i roinnt réigiún mar thoradh ar an easpa idirnasc láidir idir réigiúin a bhfuil saintréithe nádúrtha agus aeráide éagsúla acu, agus go bhfuil réigiúin eile ag streachailt le soláthar neamhleor agus praghsanna arda;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil oibreoirí córais tarchuir (OCTanna) bunriachtanach chun fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a chomhtháthú in eangach an Aontais, go háirithe dóibh siúd atá nasctha le níos mó ná margadh amháin; de bhrí, má theipeann ar OCTanna an acmhainneacht eangaí chomhaontaithe a sholáthar, gur cheart cúiteamh a íoc le forbróirí as acmhainneacht onnmhairiúcháin chaillte, arna chistiú ag ioncam ó phlódú; de bhrí gur cheart an cúiteamh sin a roinnt go cothrom i measc OCTanna agus iad a ailíniú le prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an trádáil trasteorann a uasmhéadú; de bhrí go dtugtar chun suntais leis sin a thábhachtaí atá cnámh droma idirnascaire feidhmiúil a choinneáil, ós rud é go bhféadfadh costais do tháirgeoirí agus do OCTanna araon a bheith mar thoradh ar theipeanna maidir le hacmhainneacht idirnascairí;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach mbainfidh an Eoraip a cuspóirí dícharbónaithe amach ach amháin má tá cur chuige comhordaithe uile-Eorpach ann maidir le pleanáil córas leictreachais, lena nasctar teorainneacha, earnálacha agus réigiúin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach mór pleanáil na ngréasán tarchuir agus dáileacháin leictreachais a chomhordú chun forbairt éifeachtach chóras leictreachais an Aontais a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur tógadh eangach leictreachais an Aontais do gheilleagar an 20ú haois bunaithe ar ghiniúint láraithe leictreachais ó bhreosla iontaise, agus nach mór í a nuachóiriú chun freastal ar éilimh geilleagair dhigitithe le leibhéil mhéadaithe leictrithe agus sciar níos airde d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite díláraithe agus athraitheacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil idirnascairí, tarchur agus bonneagar eangaí dáileacháin trasteorann ríthábhachtach chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú, chun costais a laghdú do thomhaltóirí Eorpacha agus chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionscadail eangaí ar an leibhéal dáileacháin incháilithe cheana féin do chistí faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – Fuinneamh (SCE-F); de bhrí, áfach, nár leithdháileadh ach sciar beag ar eangacha dáileacháin faoi liosta na dTionscadal Leasa Choitinn (PCI) is déanaí; de bhrí gur cheart do SCE-F léiriú níos fearr a thabhairt ar ról na n-eangach dáileacháin chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur ríomh ENTSO-E go ndéanfadh infheistíocht EUR 13 bhilliún in aghaidh na bliana i leictreachas trasteorann go dtí 2050 laghdú EUR 23 bhilliún in aghaidh na bliana ar chostais an chórais;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur bunphrionsabal de bheartas fuinnimh an Aontais é bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus gur prionsabal ceangailteach é ó thaobh dlí de; ag tabhairt dá haire go laghdóidh cur chun feidhme ceart an phrionsabail sin tomhaltas fuinnimh go suntasach, lena laghdófaí an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh in eangacha leictreachais agus in idirnascairí;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach triantán bheartas fuinnimh an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht, slándáil an tsoláthair agus inacmhainneacht a choinneáil i gcothromaíocht chun aistriú fuinnimh rathúil agus córas fuinnimh Eorpach iontaofa a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur próiseas fadtéarmach í pleanáil an ghréasáin fuinnimh a bhfuil dlúthbhaint aige le cobhsaíocht infheistíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar riachtanais solúbthachta an chórais fuinnimh faoi 2030, i bhfianaise sciar méadaithe d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh; de bhrí go bhfuil solúbthacht ar thaobh an éilimh ríthábhachtach do chobhsaíocht na heangaí dá bhrí sin; de bhrí go bhféadfadh saoránaigh aonair, gnólachtaí agus pobail atá rannpháirteach sa mhargadh leictreachais an iliomad tairbhí a thabhairt do na heangacha, amhail éifeachtúlacht fheabhsaithe an chórais, athléimneacht, barrfheabhsú infheistíochta, glacadh sóisialta feabhsaithe agus costais fuinnimh níos ísle; de bhrí gur ábhar imní fós iad moilleanna agus neamhréireachtaí tromchúiseacha i gcur chun feidhme fhorálacha an Aontais atá ann cheana maidir le fuinneamh, solúbthacht éilimh agus oibríochtaí líonra cliste na saoránach;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí, cé go gcomhlíonann athchúrsáil idir 40 % agus 55 % de riachtanais alúmanaim agus copair na hEorpa, nach mór breithniú a dhéanamh ar bhearta breise chun acmhainneacht athchúrsála, bailiú dramhaíola agus éifeachtúlacht an tslabhra soláthair a leathnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go leagtar béim sa teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí’ ar a thábhachtaí atá sé soláthar slán páirteanna cáblaí spártha agus stoc-charnadh ábhair agus trealaimh bhunriachtanaigh a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur léirigh lánscor an chórais leictreachais a tharla i Leithinis na hIbéire agus i gcodanna den Fhrainc an 28 Aibreán 2025, i measc nithe eile, a thábhachtaí atá sé athléimneacht na heangaí fuinnimh a mhéadú trína áirithiú go ndéanfar í a chothabháil, a chosaint agus a chothromú go maith i gcónaí, lena n-áirítear trí sheirbhísí córais solúbtha agus idirnaisc trasteorann fheabhsaithe, chun téarnamh gasta a cheadú i gcás ina gclisfeadh ar an gcóras;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil freagrachtaí tábhachtacha ar oibreoirí córais ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, go háirithe i réimse shlándáil an tsoláthair fuinnimh; de bhrí gur cheart do ghníomhaireachtaí rialála a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail na cúraimí uile de chineál rialála a dhéanamh; de bhrí, áfach, in éineacht leis na freagrachtaí sin, gur féidir le ról neartaithe do rialtóirí agus do ACER sna próisis phleanála rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar easnaimh, amhail pleanáil eangaí reatha ENTSO-E don phlean forbartha gréasáin 10 mbliana (PFG10B), mar a shainaithnítear sa tuarascáil faireacháin ar an eangach; de bhrí, cé go n-aithnítear freagrachtaí na OCTanna maidir leis na cásanna sin a tharraingt suas, go bhféadfadh rannpháirtíocht luath ACER sa phróiseas tarraingthe suas cabhrú lena áirithiú go leanfar na treoirlínte maidir le tarraingt suas na gcásanna i gcomhréir le Rialachán GTE-F;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go rannchuideoidh forbairt idirnaisc le margadh leictreachais an Aontais a chomhtháthú tuilleadh, rud a dhéanann ní hamháin solúbthacht agus athléimneacht an chórais a mhéadú, ach a barainneachtaí scála a cheadú i dtáirgeadh leictreachais in-athnuaite freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go mbeidh ar an lucht saothair fuinnimh méadú 50 % a dhéanamh chun na teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, eangaí agus éifeachtúlachta fuinnimh is gá a imscaradh<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas na Scileanna’ (COM(2025)0090).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gurb iad fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma gheilleagar, fhiontraíocht agus nuálaíocht an Aontais, lena gcuimsítear 99 % de ghnólachtaí, lena gcuirtear poist ar fáil do níos mó ná 85 mhilliún saoránach de chuid an Aontais agus lena ngintear níos mó ná 58 % de OTI an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé tábhachtach giniúint dhíláraithe leictreachais agus freagairt don éileamh a mhéadú chun spleáchas ar tháirgeadh láraithe a laghdú, a bhféadfadh bagairtí fisiciúla nó cibearbhagairtí díriú air go héasca, nó a d’fhéadfadh teagmhais a bhaineann leis an aeráid a chur i mbaol;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a n-acmhainneacht eangaí leictreachais a fhiosrú, a bharrfheabhsú, a nuachóiriú agus a leathnú go hiomlán, lena n-áirítear tarchur agus dáileadh; á mheas gurb iad eangacha leictreachais an ghné lárnach d’aistriú an Aontais chuig geilleagar iomaíoch glan-nialasach faoi 2050, ar geilleagar é atá in ann freastal ar mhéideanna arda teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite athraitheacha agus/nó foinsí éilimh atá ag teacht chun cinn arna spreagadh ag leibhéil mhéadaithe leictrithe agus ag dul chun cinn na dteicneolaíochtaí digiteacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil saincheart ag na Ballstáit a meascán fuinnimh féin a chinneadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar ACER, ar an Eintiteas Eorpach d'Oibreoirí Córas Dáileacháin<FOOTNOTE><FIELD> Is comhlacht saineolaithe teicniúla agus comhlachas oibreoirí córais dáileacháin (OCDanna) é an tEintiteas Eorpach d'Oibreoirí Córas Dáileacháin ar tugadh sainordú dó leis an Rialachán maidir leis an Margadh Leictreachais ((AE)2019/943) chun feidhmiú an mhargaidh leictreachais a chur chun cinn agus chun an t-aistriú fuinnimh a éascú.</FIELD></FOOTNOTE> agus ar ENTSO-E<FOOTNOTE><FIELD> Is é an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchuir Leictreachais (ENTSO-E) an comhlachas um chomhar idir oibreoirí córais tarchuir Eorpacha (OCTanna).</FIELD></FOOTNOTE> gníomhaíochtaí phlean gníomhaíochta eangaí an Aontais, an phlean gníomhaíochta le haghaidh fuinneamh inacmhainne, an athchóirithe ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais agus na Treorach maidir le Fuinneamh In-athnuaite a chur chun feidhme gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go sábhálfaidh cur i gcrích chomhtháthú mhargadh fuinnimh an Aontais suas le EUR 40 billiún in aghaidh na bliana, agus go bhféadfadh méadú 50 % ar thrádáil leictreachais trasteorann OTI bliantúil an Aontais a mhéadú 0,1 %<FOOTNOTE><FIELD> An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), Nóta Cúlra Foirne CAI maidir le Comhtháthú Mhargadh Fuinnimh an Aontais, an 16 Eanáir 2025, mar a áirítear i nóta cúlra ón gComhairle an 17 Eanáir 2025 maidir le comhtháthú mhargadh fuinnimh an Aontais: https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-5438-2025-INIT/en/pdf.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ábharthacht na n-eangach leictreachais don aistriú fuinnimh san Eoraip</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le heangacha<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2023 dar teideal ‘Eangacha, an nasc atá ar iarraidh: Plean Gníomhaíochta an Aontais le haghaidh Eangach’ (COM(2023)0757).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir go meastar go dtiocfaidh méadú 60 % ar thomhaltas leictreachais faoi 2030, go bhfuil méadú ag teacht ar an ngá atá le sciar mór de chumhacht in-athnuaite athraitheach a chomhtháthú san eangach, agus gur gá eangacha a chur in oiriúint do chóras leictreachais níos díláraithe, níos digitithe agus níos solúbtha, lena n-áirítear barrfheabhsú oibríochtaí córais agus úsáid iomlán foinsí solúbthachta áitiúla, freagairt ar éileamh agus réitigh stórála fuinnimh chun margaí mórdhíola a chomhlánú agus athléimneacht na heangaí a fheabhsú, rud a mbeidh 23 GW breise d’acmhainneacht trasteorann faoi 2025 agus 64 GW breise acmhainneachta faoi 2030 mar thoradh air; ag tabhairt dá haire go bhfuil os cionn 40 % d’eangacha dáileacháin an Aontais os cionn 40 bliain d’aois agus gur gá iad a thabhairt cothrom le dáta<FOOTNOTE><FIELD> ibid.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á athdhearbhú gur gá don Aontas, faoi 2030, thart ar EUR 375 go 425 bhilliún a infheistiú in eangacha dáileacháin agus, ar an iomlán, EUR 584 bhilliún in eangacha leictreachais tarchuir agus dáileacháin<FOOTNOTE><FIELD> ibid.</FIELD></FOOTNOTE>, lena n-áirítear idirnascairí trasteorann agus eangacha dáileacháin a oiriúnú don aistriú fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurbh ionann na costais a bhain le plódú tharchur na n-eangach leictreachais san Aontas a bhainistiú in 2023 agus EUR 4,2 billiún<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Faireacháin Margaidh ACER 2024, ‘Acmhainneachtaí tarchuir le haghaidh trádáil thraschriosach leictreachais agus bainistiú ar phlódú san Aontas’, an 3 Iúil 2024.</FIELD></FOOTNOTE> agus go bhfuil siad ag méadú i gcónaí, agus gur bac é ciorrú ar sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú; ag tabhairt dá haire nach n-áirítear an eangach leictreachais dáileacháin san fhigiúr sin; á chur i bhfáth go ndearnadh beagnach 30 TWh de leictreachas inathnuaite a chiorrú in 2023 ar fud roinnt Ballstát mar gheall ar acmhainneacht eangaí neamhleor; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil méadú géar tagtha ar uaireanta bliantúla na bpraghsanna diúltacha leictreachais, ag ardú ó 154 in 2018 go 1031 ó mhí Mheán Fómhair 2024<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Faireacháin Margaidh ACER 2024, ‘Príomhfhorbairtí i margaí mórdhíola leictreachais an Aontais’, an 20 Márta 2024.</FIELD></FOOTNOTE>, arb é plódú eangaí ag teorainneacha is cúis leis den chuid is mó, agus an easpa stórála, solúbthachta agus freagartha ar éileamh sa mhargadh leictreachais chun soláthar leictreachais in-athnuaite athraitheach a mheaitseáil go sealadach leis an éileamh ar leictreachas; á chur i bhfáth go bhféadfaí cabhrú le barrachas soláthair a ionsú trí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, agus ar an gcaoi sin úsáid an bhonneagair eangaí atá ann cheana a uasmhéadú, ach gur minic nach gcuireann na creataí margaidh agus rialála atá ann cheana dreasachtaí leordhóthanacha ar fáil chun é sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ardleibhéil laghdaithe seolta (treoracha chun aschur a laghdú) mar thoradh ar mhainneachtain eangach leictreachais an Aontais a nuachóiriú agus a leathnú, in éineacht le himscaradh tapa na méideanna arda fuinnimh in-athnuaite athraithigh is gá chun a spriocanna a bhaint amach, agus go leanfaidh an méid sin de bheith mar thoradh air sin; á chreidiúint gur cur amú do-ghlactha leictreachais inathnuaite ardluacha agus airgid é laghdú seolta foinsí in-athnuaite fuinnimh, arb é plódú agus ciorrú na heangaí is cúis leis; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid den Phacáiste um na hEangacha Eorpacha atá ar na bacáin aige, straitéis an Aontais a leagan amach chun laghdú seolta leictreachais in-athnuaite a laghdú go mór;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag eangacha cliste maidir le feabhas a chur ar bhainistiú ar phlódú agus maidir le dáileadh leictreachais foinsí in-athnuaite fuinnimh a bharrfheabhsú; á chur i bhfáth go rannchuidíonn siad le solúbthacht an ghréasáin trí uirlisí digiteacha a chomhtháthú lena n-éascaítear freagairt don éileamh agus don fhéintomhaltas comhchoiteann; á chur i bhfios go láidir go bhfeabhsaítear athléimneacht fuinnimh, go laghdaítear ciorruithe agus go ndaingnítear an soláthar le linn tréimhsí buaicéilimh le bainistiú níos fearr ar an eangach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur tosaíocht é bonneagar na heangaí leictreachais chun uathriail straitéiseach an Aontais agus a spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan tiomanta don leictriú le príomhtháscaire feidhmíochta de ráta leictrithe 32 % ar fud an gheilleagair faoi 2030, rud a d’éileodh eangacha a thabhairt cothrom le dáta agus a imscaradh go suntasach agus go leanúnach; á chur in iúl gur oth léi go mbíonn luas níos moille leictrithe mar thoradh ar mhoilleanna maidir le freagairt ar iarrataí ar nascadh le heangacha, fiú sna Ballstáit ina bhfuil méadú tapa ag teacht ar ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais, go háirithe, go bhféadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag pobail fuinnimh maidir le tacú le geilleagair áitiúla; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil bacainní díréireacha roimh phobail fuinnimh agus roimh oibreoirí beaga maidir le rochtain ar an eangach agus rochtain ar chistiú eangaí mar gheall ar bhacainní rialála agus srianta acmhainní; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit atá tite siar i ndáil leis sin forálacha an phacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’, ‘Oiriúnach do 55’ agus na Treorach maidir le Fuinneamh In-athnuaite a chur chun feidhme ina n-iomláine, lena gcumhachtófaí saoránaigh, bardais, FBManna agus cuideachtaí chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa mhargadh leictreachais, go háirithe trí chreataí cumasúcháin a fhorbairt do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus trí scéimeanna comhroinnte fuinnimh a chur chun cinn; á iarraidh go gcuirfí riachtanais shonracha na dtionscadal arna gcur chun cinn ag pobail fuinnimh san áireamh i gcistiú a bhaineann leis an eangach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Staid rialála agus dúshláin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur príomhchoinníoll í an chobhsaíocht rialála chun infheistíochtaí príobháideacha san eangach leictreachais a bhaint amach agus, i gcás inarb indéanta, leictriú inacmhainne gheilleagar an Aontais a chumasú, agus á athdhearbhú gur gá reachtaíocht a glacadh cheana a chur chun feidhme sula ndéanfar measúnú ar athbhreithnithe nua a d’fhéadfadh a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbeidh éifeachtúlacht mhéadaithe córais agus costais laghdaithe mar thoradh ar phleanáil chomhtháite eangaí ar fud earnálacha ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, oibriú i dtreo pleanáil chomhtháite agus chun a áirithiú go bhfuil pleananna forbartha líonraí ailínithe le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna) 2021-2030 le haghaidh gach leibhéil voltais; ag tabhairt dá haire go gcabhródh creat rialachais neartaithe le hailíniú a áirithiú idir pleananna forbartha eangaí agus cuspóirí beartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais; á aithint, cé go gceanglaítear ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar a rannchuidiú le spriocanna an Aontais trí na PNFAnna, nach bhfuil aon oibleagáid choibhéiseach ar OCTanna faoi láthair tuairisciú córasach a dhéanamh ar leibhéal an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur uirlisí cumhachtacha iad Rialachán GTE-F agus na Tionscadail Leasa Choitinn (PCInna) agus na Tionscadail Leasa Fhrithpháirtigh (PMInna) chun bonneagar fuinnimh trasteorann an Aontais a fhorbairt; á chur in iúl gur oth léi na heasnaimh in PFG10B atá ann faoi láthair do bhonneagar leictreachais na hEorpa, a bhfuil sé mar thoradh air nach bhfuil leasanna infheistíochta in ann freastal ar riachtanais trasteorann<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Faireacháin ACER 2024, ‘Forbairt bonneagair leictreachais chun tacú le córas fuinnimh iomaíoch agus inbhuanaithe’, an 16 Nollaig 2024, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE>, agus nach ndéantar coigilteas trasteorann agus trasearnála a ghiaráil go hiomlán le pleanáil eangaí<FOOTNOTE><FIELD> ibid.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, go bhfuil moilleanna ann maidir le tionscadail leasa choitinn a chur i gcrích; ag tathant ar an gCoimisiún pleanáil trasearnála níos comhordaithe agus níos fadtéarmaí a thabhairt isteach chun na coigiltis agus na tairbhí gaolmhara a bhaint amach ar fud an Aontais; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh an phleanáil chomhordaithe sin bonn eolais níos fearr a chur faoi chomhroinnt costas bonneagair ar fud na mBallstát; ag tabhairt dá haire, cé go gcumasaíonn Rialachán GTE-F do thionscadail eangaí leictreachais cliste a bhfuil tionchar trasteorann acu stádas PCI a fháil, fiú mura dtrasnaíonn na tionscadail sin teorainn fhisiciúil, nach raibh ach cúig thionscadal den sórt sin san áireamh sa liosta PCInna in 2023; á chreidiúint go láidir, dá bhrí sin, gur gá próiseas na PCInna a neartú, a shimpliú agus a chuíchóiriú ar mhaithe le tuilleadh soiléireachta agus trédhearcachta; á iarraidh ar na Ballstáit na Tionscadail Leasa Choitinn a chur i gcrích go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú spriocdhírithe ar Rialachán GTE-F a mholadh go práinneach chun (1) próiseas pleanála láidir a thugann freagrachtaí oibreoirí córas le chéile a thabhairt isteach a mbeidh ról neartaithe aige do ACER trí shainordú a thabhairt do ACER leasuithe ar na cásanna agus ar PFG10B a iarraidh, (2) a áirithiú go ndéanfar cásanna a tharraingt suas i gcomhréir leis an gclár oibre dícharbónaithe agus rochtain níos éasca a chumasú do thionscadail eangaí cliste leictreachais, agus (3) próiseas iarratais simplithe a thabhairt isteach d’oibreoirí córais dáileacháin (OCDanna) beaga agus meánmhéide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur próiseas fadtéarmach í pleanáil an ghréasáin fuinnimh a bhfuil dlúthbhaint aige le cobhsaíocht infheistíochta; á mholadh, dá bhrí sin, go gcuirfí síneadh 20 bliain leis an tréimhse ama do phleananna forbartha gréasáin; á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le hinfheistíocht san eangach mar gheall ar chlár oibre iomaíoch an Aontais agus nár cheart moill a chur uirthi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go leanfaidh an tAontas de naisc láidre leictreachais a bheith aige lena thíortha comharsanachta agus á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart don Choimisiún feabhas a chur ar an gcomhar sin le tíortha comharsanachta trí PMInna le tíortha nach bhfuil san Aontas, mar a fhoráiltear i Rialachán GTE-F;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur béim láidir ar an bhfíoras gur léiríodh gurb é SCE-F an ionstraim ríthábhachtach chun bonneagar fuinnimh trasteorann a chómhaoiniú agus á áitiú go leanfar léi; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh tionscadail eangaí leictreachais amach ón gcósta san áireamh sa leithdháileadh deontas is déanaí ón gCoimisiún faoi SCE-F;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheas go bhfuil an easpa sonraí mionsonraithe, iontaofa agus inchomparáide maidir le pleanáil eangaí náisiúnta agus pleanáil eangaí de chuid an Aontais ina bacainn ar eangacha níos éifeachtúla; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit an fhoráil ábhartha sa Treoir maidir le Leictreachas<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj).</STRING></FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme go críochnúil, go háirithe Airteagal 32, agus OCDanna beaga a spreagadh chun foráil an Airteagail sin a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tuarascáil an Eintitis Eorpaigh d'Oibreoirí Córas Dáileacháin maidir le dea-chleachtais i ndáil le Pleananna Forbartha Gréasáin Dáileacháin<FOOTNOTE><FIELD> An tEintiteas Eorpach d'Oibreoirí Córas Dáileacháin, ‘Dea-chleachtais shainaitheanta Eintiteas DSO maidir le Pleananna Forbartha Líonraí Dáileacháin’, an 1 Iúil 2024.</FIELD></FOOTNOTE> (PFGDanna), ina n-iarrtar ar na Ballstáit anailísí costais is tairbhe a áireamh ina gcuid PFGDanna, chun meastóireacht a dhéanamh ar dheiseanna infheistíochta; ag tathant ar an gCoimisiún treoirlínte a fhorbairt bunaithe ar an tuarascáil sin, i gcomhar leis an Eintiteas Eorpach d'Oibreoirí Córas Dáileacháin, chun trédhearcacht na pleanála forbartha náisiúnta d’eangacha dáileacháin a chomhchuibhiú agus a mhéadú, forléargas Eorpach ar na PFGDanna a fhoilsiú agus a cheangal ar gach oibreoir tarchuir agus dáileacháin na sonraí is gá a chur ar fáil do rialtóirí fuinnimh faoina bhfaisnéis maidir le hacmhainneacht óstála eangaí agus pleanáil eangaí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, chun go mbeidh rialtóirí fuinnimh in ann grinnscrúdú cuí a dhéanamh ar phleanáil eangaí; á iarraidh ar na Ballstáit Airteagal 31(3) de Threoir (AE) 2024/1711 a chur chun feidhme, lena n-iarrtar ar oibreoirí eangaí faisnéis a fhoilsiú maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil ina limistéar oibríochta, chun trédhearcacht a áirithiú agus chun cur ar chumas geallsealbhóirí cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún stór láraithe ar líne a fhorbairt do gach plean tarchuir agus do gach PFGD;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil riosca suntasach ag baint le ciorrú ar inmharthanacht na hinfheistíochta i bhfuinneamh in-athnuaite, go háirithe ós rud é go mainníonn go leor Ballstát rannpháirtithe sa mhargadh a chúiteamh as méideanna leictreachais ciorraithe, in ainneoin na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2019/943; á chur in iúl gur oth léi an easpa trédhearcachta, infhaighteachta agus gráinneachta sonraí maidir le toirteanna fuinnimh in-athnuaite ciorraithe agus costais a bhaineann le bainistiú ar phlódú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt chun suntais a luachmhaire atá sé méadrachtaí soiléire a chur i bhfeidhm chun a thomhas an bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart chun leathnú agus treisithe na heangaí is gá a bhaint amach chun a chuspóirí do 2050 a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí a áireamh ar na méadrachtaí sin laghduithe ar chiorrú fuinnimh in-athnuaite, costais forbartha eangaí níos ísle i gcoibhneas leis an méid acmhainneachta a bhaintear amach, méaduithe ar úsáid éifeachtúil an bhonneagair atá ann cheana, laghdú ar chaillteanais agus déine amhábhar níos ísle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur sonrú san obair a rinne ENTSO-E agus an tEintiteas Eorpach d'Oibreoirí Córas Dáileacháin maidir le sainmhínithe comhchuibhithe ar acmhainneacht óstála eangaí atá ar fáil d’oibreoirí córais agus chun forléargas uile-Aontais a bhunú air sin; á chreidiúint go bhféadfadh na húdaráis rialála náisiúnta tairbhe a bhaint as forálacha reachtacha soiléire maidir leis an gcaoi ar féidir leis na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do naisc eangaí, chun deireadh a chur leis an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas a leasú, mar chuid den athbhreithniú ar chur chun feidhme nach mór don Choimisiún a thabhairt i gcrích faoin 31 Nollaig 2025, agus, dá bhrí sin, critéir thrédhearcacha maidir le nasc tosaíochta a thabhairt isteach a bheidh le roghnú agus le sainiú tuilleadh ag na Ballstáit le haghaidh (1) nasc giniúna, amhail cáilíocht agus aibíocht an tionscadail, leibhéal an ghealltanais, rannchuidiú le dícharbónú, luach sóisialta, agus le haghaidh (2) nasc tomhaltóirí, amhail cáilíocht agus aibíocht an tionscadail, leibhéal an ghealltanais, rannchuidiú le dícharbónú, leas an phobail nó a luach straitéiseach agus/nó sóisialta, agus barrfheabhsú na heangaí; á iarraidh ar na húdaráis rialála náisiúnta agus ar na Ballstáit rialacha soiléire a chur ar fáil i gcomhréir lena sonraíochtaí áitiúla agus náisiúnta chun go bhféadfar deireadh a chur leis an gcur chuige ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ trí iarratais ar nascadh a dhídhreasú i gcás nach dtugann tionscadal láidir bunús leo, ina bhfuil an t-iarratas tuairimeach nó nach féidir leis an bhforbróir tiomantas leordhóthanach a léiriú chun tionscadal a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go gcuireann idirnaisc trasteorann fheabhsaithe acmhainneacht shuntasach coigilte costais ar fáil ar leibhéal an chórais, agus go meastar gurb ionann laghduithe bliantúla ar chostais ghiniúna agus EUR 9 mbilliún go dtí 2040, agus go bhfuil gá le hinfheistíochtaí bliantúla EUR 6 bhilliún i mbonneagar trasteorann agus in acmhainneacht stórála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár bhain roinnt Ballstát an sprioc idirnaisc 10 % amach faoi 2020 agus ag tathant orthu a ndícheall a dhéanamh an sprioc reatha, 15 % maidir le hidirnascadh do 2030, a bhaint amach, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1999, ós rud é go bhfuil acmhainneacht idirnaisc ríthábhachtach d’fheidhmiú mhargadh inmheánach leictreachais an Aontais, rud a fhágann go mbeidh coigilteas suntasach costais ann ar leibhéal an chórais agus go laghdófar costais ghiniúna faoi EUR 9 mbilliún in aghaidh na bliana go dtí 2040<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Faireacháin ACER 2024, ‘Forbairt bonneagair leictreachais chun tacú le córas fuinnimh iomaíoch agus inbhuanaithe’, an 16 Nollaig 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar aghaidh fós ar an 32 GW d’acmhainneacht trasteorann is gá faoi 2030<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2023 dar teideal ‘Eangacha, an nasc atá ar iarraidh: Plean Gníomhaíochta an Aontais le haghaidh Eangach’ (COM(2023)0757).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl gur saoth léi na moilleanna agus na héiginnteachtaí maidir le roinnt tionscadail idirnaisc; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún sprioc cheangailteach idirnaisc a mholadh, faoi mhí an Mheithimh 2026 ar a dhéanaí, do 2036 bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar le Ballstáit nach bhfuil ag óstáil agus leis an Aontas agus lena thíortha comharsanachta a bheith rannpháirteach sa chaibidlíocht, chun a áirithiú go dtabharfar na tionscadail chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh bonneagar leictreachais; á chur i bhfáth nár cheart moill a chur ar leathnú na heangaí mar gheall ar nósanna imeachta fadálacha ceadaithe nó ceanglais tuairiscithe iomarcacha; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an dul chun cinn dearfach a rinneadh maidir leis na forálacha a glacadh san athbhreithniú is déanaí ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, go sonrach Airteagal 16f di, agus an Rialachán Éigeandála maidir le Ceadú<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite( IO L 335, 29.12.2022, lch. 36, <STRING UNDERLINE="on">ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2577/oj).</STRING></FIELD></FOOTNOTE> chun nósanna imeachta deonaithe ceadanna a luathú, a chuíchóiriú agus a shimpliú le haghaidh tionscadail eangaí agus fuinnimh in-athnuaite, go háirithe prionsabal an leasa sháraithigh phoiblí do thionscadail eangaí; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil feabhas ábhartha tagtha ar amlínte ceadaithe tionscadal i roinnt de na Ballstáit, in ainneoin na gcreataí uaillmhianacha a leagtar amach ar leibhéal an Aontais; ag tathant ar na Ballstáit, dá bhrí sin, na bearta sin a chur chun feidhme gan mhoill agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Fuinneamh In-athnuaite, agus measúnú rialta a dhéanamh an leor forálacha ceadaithe athbhreithnithe chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, treoirlínte a leagan amach do na Ballstáit chun prionsabal an fhormheasa intuigthe a áireamh ina gcórais pleanála náisiúnta, mar a thuairiscítear in Airteagal 16a den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite; á chur i bhfáth go gcuirfear dlús le nósanna imeachta ceadaithe trí acmhainneacht riaracháin a threisiú, lena n-áirítear trí fhoireann leormhaith a chur ar fáil d’údaráis phleanála agus cheadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát pleananna a tharraingt suas chun limistéir bhonneagair thiomnaithe a ainmniú do thionscadail eangaí, mar a leagtar amach in Airteagal 15e den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite; á chur i bhfáth go bhfuil na pleananna sin bunriachtanach chun sainiúlachtaí áitiúla a chur san áireamh agus chun urraim do limistéir faoi chosaint a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart na pleananna sin a chomhordú go dlúth le limistéir luathaithe d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a ainmniú, chun cur chuige cuíchóirithe, éifeachtúil agus comhtháite a áirithiú maidir le forbairt bonneagair fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur minic gur gá doiciméid a chur isteach i bhfoirm páipéir; á iarraidh ar na Ballstáit digitiú na bpróiseas sin a mhéadú chun dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht uile an Aontais atá ábhartha maidir le ceadú, amhail an Treoir maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1 , ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/dir/2011/92/oj).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, d’fhonn ceanglais éigeantacha maidir le hiarratais dhigiteacha, tíolacadh digiteach agus próiseáil dhigiteach a thabhairt isteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá glacadh an phobail agus rannpháirtíocht an phobail agus tionscadail eangaí nua á bhforbairt agus á iarraidh ar an gCoimisiún sraith dea-chleachtas a fhorbairt a bheidh le comhroinnt i measc na mBallstát i ndáil leis sin; á thabhairt chun suntais a ríthábhachtaí atá cumarsáid éifeachtach le saoránaigh agus le pobail maidir le tionscadail eangaí agus atreisiú; ag tabhairt dá haire gur féidir le tacaíocht ar an leibhéal áitiúil cabhrú le dlús a chur le soláthar bonneagair chriticiúil agus, ar an gcaoi sin, cuspóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a bhaint amach; ag tathant go gcuirfí comhshocrú an Aontais maidir le rannpháirtíocht le hearnáil an leictreachais agus comhordú le sínitheoirí náisiúnta (OCTanna, OCDanna, ÚRNanna) chun feidhme go pras chun rannpháirtíocht phoiblí luath, fhóinteach agus rialta i dtionscadail eangaí a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh go dtionólfaí Grúpa TAIEX<FOOTNOTE><FIELD> Is é TAIEX an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise de chuid an Choimisiúin. Tacaíonn sé le riaracháin phoiblí maidir le reachtaíocht an Aontais a thrasuí, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú chomh maith le comhroinnt dhea-chleachtais an Aontais a éascú.</FIELD></FOOTNOTE> maidir le Ceadú laistigh den Phacáiste um na hEangacha Eorpacha atá ar na bacáin chun tacú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar scrogaill riaracháin, feabhas a chur ar an acmhainneacht rialála agus dlús a chur le formheas tionscadal trí dhea-chleachtais agus comhordú trasteorann a chomhroinnt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a fógraíodh faoin bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne; á mholadh don Choimisiún an ‘Conradh trípháirteach maidir le fuinneamh inacmhainne do thionsclaíocht na hEorpa’ a leathnú chuig táirgeoirí fuinnimh beaga, lena n-áirítear pobail fuinnimh, FBManna agus gnólachtaí, lena ngiaráiltear solúbthacht agus freagairt don éileamh, agus toradh na struchtúr comhair sin a nascadh le próisis pleanála eangaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, chun pleanáil, infheistíocht agus úsáid na heangaí a bharrfheabhsú ón tús;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá feabhsuithe a dhéanamh ar an gcreat soláthair phoiblí, chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh oibreoirí eangaí maidir le slabhraí soláthair; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus an fógra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth go bhféadfadh soláthar poiblí leanúint d’fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar shlabhra soláthair láidir monaraíochta de chuid an Aontais do threalamh, bogearraí agus seirbhísí eangaí leictreachais; ag spreagadh an Choimisiúin athléimneacht, inbhuanaitheacht agus slándáil a chur chun cinn i nósanna imeachta soláthair phoiblí d’oibreoirí eangaí; á mholadh go mbeadh comhsheasmhacht níos fearr ann idir rialacháin an Aontais maidir le soláthar poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí a oiriúnú d’fhonn sonraíochtaí tairisceana feidhmiúla a chomhchuibhiú agus a shimpliú, chun dlús a chur le hacmhainneachtaí táirgeachta chomhpháirteanna na heangaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil caighdeánú leormhaith agus sonraíochtaí teicniúla coiteanna riachtanach chun barainneachtaí scála a bhaint amach, agus chun dlús a chur le forbairt theicneolaíoch; á mheas, ina theannta sin, go bhfuil sé ríthábhachtach an leibhéal ceart caighdeánaithe a áirithiú ionas nach laghdófar cumas nuálaíochta monaróirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á athdhearbhú gur gá machnamh a dhéanamh ar shamhlacha nua gnó idir monaróirí trealaimh agus oibreoirí, amhail creat-chomhaontuithe fadtéarmacha lena spreagtar an t-aistriú ó ‘thionscadail eangaí’ aonuaire go ‘cláir eangaí’ leanúnacha agus struchtúrtha, as a n-eascraíonn pleanáil níos intuartha do mhonaróirí teicneolaíochta eangaí; á iarraidh go ndéanfaí próisis tairisceana a chuíchóiriú chun trealamh agus seirbhísí eangaí a sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth go mbeifear in ann critéir inbhuanaitheachta, athléimneachta agus tosaíochta Eorpaí a áireamh i bpróisis soláthair phoiblí an Aontais d’earnálacha straitéiseacha leis an athbhreithniú sin atá le teacht ar na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/1735<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh go n-aithneofaí eangacha agus teicneolaíochtaí gaolmhara go sainráite mar earnálacha straitéiseacha, chun a n-incháilitheacht faoin gcreat athbhreithnithe a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach tosaíocht Eorpach a neartú i bpróisis soláthair phoiblí chun spleáchas an Aontais ar sholáthróirí nach soláthróirí de chuid an Aontais iad a laghdú, chun slándáil an tslabhra soláthair a fheabhsú, agus chun bonn tionsclaíoch athléimneach de chuid an Aontais a chothú a bheidh in ann tacú leis an aistriú fuinnimh; á chur in iúl gur geal léi gur thug an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) ‘Pacáiste um Monaraíocht Eangaí’ isteach chun tacú le slabhra soláthair na hEorpa le EUR 1,5 billiún ar a laghad i bhfrithráthaíochtaí do mhonaróirí comhpháirteanna eangaí; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh ionstraimí airgeadais comhchosúla a fhorbairt chun cinnteacht infheistíochta fadtéarmaí a sholáthar agus chun dlús a chur le huas-scálú acmhainneacht táirgeachta na hEorpa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maoiniú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú beagnach 40 % tagtha ar infheistíocht dhomhanda in acmhainneacht cumhachta le cúig bliana anuas, agus go bhfuil infheistíocht i mbonneagar eangaí tite siar; ag tabhairt dá haire go bhfuil meastacháin ar infheistíocht a bheidh ar an Aontas a dhéanamh ina eangach thar an tréimhse 2025-2050 idir EUR 1950 billiún agus EUR 2600 billiún<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Faireacháin ACER 2024, ‘Forbairt bonneagair leictreachais chun tacú le córas fuinnimh iomaíoch agus inbhuanaithe’, an 16 Nollaig 2024, lch. 30.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár leor an buiséad a leithdháileadh faoi SCE-F chun dlús a chur le catagóirí uile na dtionscadal leasa choitinn agus na dtionscadal leasa fhrithpháirtigh; ag tabhairt dá haire, le buiséad EUR 5,84 billiún do 2021-2027, go bhfuil srian curtha ar acmhainneacht an chláir agus go bhféadfadh sé a bheith deacair coinneáil suas le riachtanais infheistíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit méadú suntasach a dhéanamh ar imchlúdach SCE-F agus ar chéatadán chistí SCE-F atá tiomnaithe do bhonneagar leictreachais mar acmhainn leormhaith ar leithligh, agus an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile á mholadh acu, agus a áirithiú go mbeidh tionscadail ar an leibhéal dáileacháin agus ar an leibhéal tarchuir araon a bhfuil breisluach acu don Aontas incháilithe do bhuiséad a leithdháiltear faoi SCE-F; á mholadh don Choimisiún féachaint tuilleadh ar na féidearthachtaí cómhaoinithe idir SCE-F agus an Sásra Maoiniúcháin don Fhuinneamh In-athnuaite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur ar eangacha tarchurtha a leithdháiltear cistiú ón Aontas, den chuid is mó, le leithdháiltí réasúnta neamhshuntasacha ar eangacha dáileacháin, in ainneoin an róil shuntasaigh atá acu in aistriú fuinnimh an Aontais, rud a léirítear leis an bhfíoras gur mhaoinigh SCE-E thart ar EUR 5,3 billiún de thionscadail idir 2014 agus 2020, agus go ndeachaigh thart ar EUR 1,7 billiún de sin chuig eangacha tarchurtha agus EUR 237 milliún chuig eangacha dáileacháin cliste; ag tabhairt dá haire nach raibh ach cúig thionscadal leictreachais chliste i liosta deireanach na dtionscadal leasa choitinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór, de bhrí go ndéantar foráil i gcistí réigiúnacha amhail an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta d’infheistíochtaí eangaí, i bprionsabal, nach mbaintear dóthain úsáide astu i gcleachtas le haghaidh tionscadail eangaí; á chur in iúl gur oth léi freisin go gcuireann na critéir mheastóireachta a chuirtear i bhfeidhm maidir le measúnú a dhéanamh ar thionscadail arna dtíolacadh mar fhreagairt ar ghlaonna ar thograí Chiste an Aontais don Nuálaíocht cosc ar chistiú chun teicneolaíochtaí eangaí a thaispeáint agus a mhonarú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcaithfear méid comhréireach den chistiúchán sin ar infheistíocht eangaí freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar chistí AE arna mbainistiú ag na Ballstáit a shimpliú d’oibreoirí eangaí, mar shampla trí ionad ilfhreastail a bhunú sna Ballstáit sin ina bhfuil sciar mór de OCDanna beag nó meánmhéide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún ionstraim chistiúcháin thiomnaithe a mholadh, amhail ionstraim atá bunaithe ar ioncam ón scéim margadhbhunaithe chun astaíochtaí a laghdú, chun go mbeidh na Ballstáit in ann tacú le tionscadail eangaí dhíláraithe agus nuálacha a bhfuil breisluach soiléir AE acu, lena n-áirítear tionscadail níos lú, lena n-áiritheofar go mbainfidh na Ballstáit úsáid éifeachtach aisti chun na gcríoch sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le creataí rialála chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh agus taraifí costas-léiritheacha a áirithiú, chomh maith le sásraí cistiúcháin phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de go gcuideoidh infheistíochtaí oirchilleacha agus infheistíochtaí réamhbhreathnaitheacha le haghaidh a thabhairt ar scrogaill eangaí agus le ciorrú a chosc; á chur i bhfios go leagtar amach i Rialachán EMD gnéithe rialála le haghaidh infheistíochtaí oirchilleacha ach nach bhfuil sainmhíniú agus cur chun feidhme comhchuibhithe ann ar fud an Aontais; á iarraidh ar na Ballstáit forálacha thuasluaite Rialachán EMD a chur chun feidhme go pras agus bacainní dlíthiúla náisiúnta a bhaint, ar NRAnna bacainní a bhaint maidir le dreasachtaí agus dídhreasachtaí rialála, agus á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a chur ar fáil go práinneach maidir le hinfheistíochtaí oirchilleacha a fhormheas, mar a fógraíodh ina Phlean Gníomhaíochta maidir le hEangacha<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2023 dar teideal ‘</STRING><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">Grids, the missing link - An EU Action Plan for Grids’</STRING></STRING><STRING UNDERLINE="on">[Eangacha, an nasc atá in easnamh - Plean Gníomhaíochta an Aontais um Eangacha] (COM(2023)0757).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>; á chreidiúint go bhféadfadh comhchuibhiú breise ina leith sin a bheith tairbheach; á iarraidh go ndéanfaí anailísí mionsonraithe costais is tairbhe agus pleanáil chásbhunaithe chun measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go n-úsáidfear amach anseo iad, agus á mholadh go mbeadh próiseas formheasa dhá chéim ann do thionscadail a bhfuil leibhéal riosca níos airde ag baint leo trí bhuiséid níos lú a fhormheas ar dtús le haghaidh staidéar nó pleanála, agus an dara formheas do na céimeanna níos costasaí ina dhiaidh sin, chun an riosca a bhaineann le sócmhainní tréigthe a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á aithint gur féidir infheistíochtaí eangaí ó mhargaí caipitil a dhreasú trí choinníollacha margadh-dhírithe a sholáthar, amhail rátaí oiriúnacha toraidh agus creat rialála láidir; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Aontas agus na Ballstáit infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh trí uirlisí maolaithe riosca nó ráthaíochtaí ó na Ballstáit a sholáthar; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BEI tionscnaimh agus uirlisí maoinithe agus dí-rioscaithe a neartú tuilleadh, amhail frithráthaíochtaí, chun tacú le leathnú agus nuachóiriú breise na heangaí leictreachais ar rátaí inacmhainne d’oibreoirí córais; ag cur béim ar a ábhartha atá sé a áirithiú nach maoineofaí eangach leictreachais an Aontais ach amháin le caipiteal poiblí agus príobháideach ó ghníomhaithe AE nó infheisteoirí neamh-AE a ndearnadh scagadh orthu roimhe sin agus dá bhrí sin go mbeadh sé faoina n-úinéireacht, i bhfianaise chriticiúlacht an bhonneagair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, cé gur cheart go mbeadh cinntí infheistíochta á dtreorú ag éifeachtúlachtaí, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus costais, nár cheart infheistíochtaí a dhíriú ar chaiteachas caipitil, agus air sin amháin,, agus gur cheart infheistíochtaí lena ndéanfar an bonneagar atá ann cheana a bharrfheabhsú, a athnuachan agus a nuachóiriú a mheas ar an gcaoi chéanna; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, Airteagal 18 de Rialachán EMD, ina n-iarrtar go dtabharfaí aird chomhionann ar chaiteachas caipitil agus oibríochtúil le modheolaíochtaí taraife, agus luach saothair a thabhairt d’oibreoirí chun éifeachtúlachtaí a mhéadú in oibriú agus i bhforbairt a líonraí, lena n-áirítear trí éifeachtúlacht fuinnimh, solúbthacht agus digitiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a fhorálacha a chur chun feidhme go críochnúil agus díriú ar chúiteamh cothrom agus tráthúil a áirithiú d’oibreoirí córais as na costais a íocann siad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcabhródh leictriú gheilleagar AE, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, le taraifí gréasáin a laghdú trí na costais a scaipeadh ar fud raon níos leithne úsáideoirí; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh forbairt an ghréasáin a bheidh ann amach anseo ailínithe go hiomlán le réamh-mheastacháin éilimh arna spreagadh ag méaduithe ar leibhéal an leictrithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di réamhaisnéisí na saineolaithe go dtiocfaidh méadú thart ar 50 % go 100 % ar tharaifí líonra faoi 2050<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Faireacháin ACER 2024, ‘<STRING ITALIC="on">Electricity Infrastructure development to support a competitive and sustainable energy system’</STRING>[Forbairt an Bhonneagair Leictreachais chun tacú le córas fuinnimh iomaíoch agus inbhuanaithe], op. cit.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hionstraimí agus dreasachtaí lena dtacaítear le hoibreoirí eangaí an acmhainneacht eangaí atá ar fáil a bhainistiú go héifeachtúil, lena n-áirítear trí sheirbhísí solúbthachta a fháil, d’fhonn riachtanais infheistíochta eangaí atá ar tí tarlú a laghdú; á thabhairt chun suntais go gcuireann comhaontuithe solúbtha nasctha, taraifí solúbtha gréasáin agus margaí solúbtha áitiúla le héifeachtúlacht na heangaí; á iarraidh ar NRAnna na taraifí solúbtha sin a chur chun cinn lena gcuirfear ar chumas tomhaltóirí freagairt go héasca do chomharthaí praghais agus teaghlaigh agus gnólachtaí leochaileacha a chosaint ar bhuaiceanna praghais ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go gníomhach ar scrogaill i dtaraifí, i dtáillí nasctha agus i rialacháin chun infheistíocht eangaí trasteorann agus hibrideach amach ón gcósta a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit creat dlíthiúil ábhartha an Aontais a chur chun feidhme chun solúbthacht ar thaobh an éilimh a scaoileadh trí dhlús a chur le húsáid méadar cliste, trí rochtain ar shonraí ó gach gaireas méadraithe a chumasú agus trí chomharthaí praghais éifeachtúla a áirithiú, chun ligean do thionscail agus do theaghlaigh a dtomhaltas a bharrfheabhsú agus a mbillí leictreachais a laghdú, agus ag an am céanna cabhrú le costais oibríochtúla agus an gá atá le hinfheistíocht bhreise eangaí a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfáth i gcás gur ann do mhaolú ar tharaifí gréasáin agus ar mhuirir áirithe, a bhféadfadh sé go mbeadh sé d’éifeacht acu praghsanna leictreachais a ísliú, mar a moladh sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, nach mór plean a bheith ag gabháil leis, chun roghanna malartacha a chur in ionad fhoinsí na gcistí is gá le haghaidh infheistíocht san eangach, chun tearcinfheistíocht na n-eangach amach anseo a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé íoslaghdú a dhéanamh ar na costais bhreise ar bhillí tomhaltóirí a eascraíonn as na hinfheistíochtaí is gá chun an nuachóiriú agus an leathnú eangaí is gá a bhaint amach chun spriocanna aeráide agus iomaíochais an Aontais a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú leis na Ballstáit chun sraith chomhordaithe dea-chleachtas a fhorbairt le haghaidh infheistíochtaí agus comhdhéanamh cothrom taraifí gréasáin, agus béim láidir á leagan ar thrédhearcacht a mhéadú agus muirir nach mbaineann le fuinneamh a bhaint de na taraifí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil bonneagar tarchurtha agus infhaighteacht acmhainneachtaí traschriosacha ríthábhachtach do mhargadh comhtháite agus do mhalartú fuinnimh inathnuaite ar imeallchostas íseal, agus slándáil an chórais á hurramú ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go leagtar síos le Rialachán EMD sprioc 70 % ar a laghad de na hacmhainneachtaí atá ar fáil don trádáil thraschriosach faoi 2025 ach go bhfuil na Ballstáit i bhfad ón sprioc a bhaint amach; ag tathant, dá bhrí sin, ar na Ballstáit agus ar a OCTanna dlús a chur lena n-iarrachtaí deiseanna trádála traslimistéir a uasmhéadú, chun margadh inmheánach éifeachtúil leictreachais, cinntí infheistíochta iomchuí agus comhtháthú fuinnimh in-athnuaite a áirithiú; á chur in iúl gur oth léi gur minic a bhí costais athsheolta mar thoradh ar an sprioc sin a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhfuil na sásraí comhroinnte costas atá ann cheana, amhail leithdháileadh costas trasteorann (CBCA), cúiteamh d’oibreoirí córais idir-tharchurtha (TSO) agus comhroinnt costas athsheolta, teoranta agus gur deacair iad a chur chun feidhme, rud nach spreagann infheistíochtaí trasteorann, amhail i gcás eangacha amach ón gcósta; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú iomlánaíoch a dhéanamh ar na sásraí sin agus feabhas a chur orthu chun a áirithiú go léireofar leo tairbhí comhroinnte an bhonneagair agus go dtabharfar aghaidh leo ar éagsúlacht na sreafaí leictreachais, bídís inmheánach nó trasteorann, lena n-áirítear sásra comhroinnte costais is tairbhe atá cóir agus cothrom do thionscadail bhonneagair trasteorann atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag cur sonrú i dtuarascáil Aibreán 2025 ó ENTSO-E maidir le cumraíochtaí malartacha criosanna tairisceana a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar ionsamhlúcháin praghsála imeallacha suímh arna soláthar ag OCTanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Teicneolaíochtaí feabhsaithe eangaí, digitiú, réitigh nuálacha agus athléimneacht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur féidir le teicneolaíochtaí feabhsaithe eangaí, réitigh dhigiteacha, seirbhísí coimhdeacha agus teicneolaíochtaí bainistithe sonraí, chomh maith le fearais chliste fuinnimh, lena ndéantar an intleacht shaorga a ghiaráil go minic, éifeachtúlacht na n-acmhainneachtaí eangaí atá ann cheana a mhéadú go suntasach agus úsáid na sócmhainní atá ann cheana a uasmhéadú, lena laghdaítear an ceanglas maidir le bonneagar nua, mar shampla trí fhaisnéis fíor-ama maidir le sreafaí fuinnimh a sholáthar; á áitiú, dá bhrí sin, nach mór na teicneolaíochtaí agus na réitigh nuálacha sin a fhiosrú; ag tathant ar NRAnna OCTanna agus OCDanna a dhreasú chun brath níos mó ar theicneolaíochtaí den sórt sin, na costais agus na tairbhí a bhaineann lena n-úsáid a chur san áireamh i gcomparáid le leathnú na heangaí agus trí úsáid a bhaint as scéimeanna luacha saothair atá bunaithe ar shochair seachas ar chostais, agus OCTanna agus OCDanna a thagarmharcáil maidir leis an nglacadh atá acu leis na teicneolaíochtaí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún teicneolaíochtaí nuálacha den sórt sin a chur chun cinn tuilleadh agus measúnú á dhéanamh aige ar thionscadail a dhéanann iarratas ar chistiú ón Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair a rinne ENTSO-E agus Eintiteas AE do OCDanna maidir le Technopedia OCT/OCD<FOOTNOTE><FIELD> Eintiteas AE DSO, ‘Cur chun feidhme Ghníomhaíocht 7 i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le hEangacha: Technopedia DSO/TSO, ENTSO-E & Eintiteas DSO’, 18 Nollaig 2024.</FIELD></FOOTNOTE> a fhorbairt go dtí seo, agus á iarraidh ar an gCoimisiún sainordú a thabhairt maidir le nuashonrú leathbhliantúil an Technopedia chun go léireofaí leibhéil ullmhachta teicneolaíochta (LUTanna) na dteicneolaíochtaí atá san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit digitiú chóras leictreachais na hEorpa a chumasú agus a mhéadú tuilleadh, rud a chumasóidh barrfheabhsú oibriú a chórais cumhachta agus a laghdóidh an brú ar an slabhra soláthair; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhroinnt sonraí agus idir-inoibritheacht sonraí bunriachtanach chun an eangach a phleanáil agus a bharrfheabhsú; ag spreagadh na mBallstát, na ÚRNanna, Eintiteas AE do OCDanna agus ACER leanúint de dhlús a chur lena gcuid oibre ar an gcóras faireacháin bunaithe ar tháscairí lena dtomhaistear feidhmíocht na n-eangach cliste (‘táscairí eangaí cliste’), mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Leictreachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le feabhas a chur ar shlándáil an bhonneagair leictreachais chriticiúil, lena n-áirítear idirnascairí agus cáblaí fomhuirí atá i mbaol sabaitéireachta, agus a athléimneacht in aghaidh teagmhais adhaimsire, an athraithe aeráide agus ionsaithe fisiciúla agus digiteacha a mhéadú; á thabhairt chun suntais gur gá an comhar a neartú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil méadú ag teacht ar an riosca a bhaineann le cibirionsaithe comhordaithe lena ndírítear ar ghréasán leictreachais iomlán an Aontais; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an chibearshlándáil agus cóid ghréasáin ghaolmhara eile agus an reachtaíocht ghaolmhar a chur chun feidhme go tapa, amhail Treoir NIS 2<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).</STRING></FIELD></FOOTNOTE> agus an Gníomh um Chibearshlándáil<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, agus molann sí don Choimisiún stádas trealaimh eangaí fisiciúla a cheartú, sna hathbhreithnithe reachtacha atá ar na bacáin, lena n-áirítear trealamh eangaí atá inrialaithe go cianda, amhail inbhéartóirí, nach bhfuil caighdeán cibearshlándála ard go leor aige faoi láthair, go háirithe i gcásanna ina gceanglaítear ar an monaróir, faoi dhlínse tíre nach tír den Aontas í, faisnéis maidir le leochaileachtaí bogearraí nó crua-earraí a thuairisciú d’údaráis na tíre sin nach bhfuil san Aontas; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann ar leibhéal an Aontais idir na páirtithe uile chun ullmhacht agus athléimneacht a neartú; á mheas gur cheart do NRAnna aitheantas a thabhairt do na costais arna dtabhú ag oibreoirí agus bearta cibearshlándála agus athléimneachta á nglacadh acu, agus dreasachtaí a chur ar fáil d’infheistíochtaí a bhaineann le hathléimneacht an bhonneagair fuinnimh a mhéadú i leith cibearbhagairtí, agus bagairtí fisiciúla agus hibrideacha, lena n-áirítear bearta oiriúnaithe aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí chun bonneagar criticiúil fuinnimh faoin bhfarraige agus ar tír atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a chosaint; á mheas gur cheart go mbeadh ról níos leithne ag AE maidir le teagmhais a chuireann an bonneagar sin i mbaol a chosc, maidir le faireachas a chur chun cinn agus maidir le haon bhonneagar a ndearnadh damáiste dó a athchóiriú trí theicneolaíochtaí úrscothacha a úsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit teacht ar réitigh chun cosaint agus athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a mhéadú, lena n-áirítear réitigh chun na bearta agus na teicneolaíochtaí sin a mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á aithint go dtugann tionscadail nua eangaí leictreachais ardvoltais deis ilfheidhmeach agus chostéifeachtúil chun bearta slándála breise (i.e. braiteoirí, sonóir, etc.) agus réitigh chomhshaoil (i.e. sraonairí éan, brathadóirí dóiteáin, conairí dúlra, etc.) a chomhtháthú má dhéantar iad a phleanáil ar bhealach iomlánaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a fhorbairt do NRAnna chun a áirithiú go ndéanfar pleanáil tosaigh agus maoiniú ar thionscadail eangaí agus aird á tabhairt ar na gnéithe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún, ar OCDanna agus ar OCTanna Spás Coiteann Eorpach Sonraí Fuinnimh atá faoi úinéireacht AE a fhorbairt, bunaithe ar shaineolas teicniúil agus ar chleachtas teicniúil maidir le h-úsáid a bhaint as na sonraí atá ar fáil<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, Institiúid Fraunhofer um Thaighde Córas agus Nuálaíochta ISI, Guidehouse, McKinsey & Company, TNO, Trinomics, Ollscoil Utrecht, Berkhout, V., Villeviere, C., Bergsträßer, J., Klobasa, M., Regeczi, D., Dognini, A., Singh, M., Stornebrink, M., Hülsewig, T., Seigeot, V., Lenzmann, F.Breitschopf, B., Spás Coiteann Eorpach Sonraí Fuinnimh, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023.</FIELD></FOOTNOTE> agus bunaithe ar shraith choiteann rialacha lena n-áirithítear iniomparthacht shlán, thrédhearcach agus idir-inoibritheacht sonraí fuinnimh, ina ndéantar sonraí comhchuibhithe a bhainistiú, a mhalartú agus a stóráil go sábháilte san Aontas Eorpach; á chur i bhfáth gur cheart go n-éascódh an Spás Coiteann Eorpach Sonraí Fuinnimh sin comhthiomsú agus comhroinnt sonraí trí struchtúir rialachais iomchuí agus seirbhísí comhroinnte sonraí, lena dtacófaí le hoibríochtaí criticiúla fuinnimh lena n-áirítear tarchur agus dáileadh; á chur i bhfios go láidir nach mór OCTanna, OCDanna Eorpacha agus gníomhaithe eile eangaí leictreachais a ndearnadh scagadh orthu roimhe sin a bheith in ann an eangach a oibriú go slán agus go cliste, agus a húsáid a bharrfheabhsú trí sholúbthacht agus teicneolaíochtaí nuálacha a chomhtháthú, i gcomhréir le príomhphrionsabail na hidir-inoibritheachta, na muiníne, an luacha sonraí agus an rialachais; ag tabhairt dá haire nach mór idirghníomhaíochtaí le páirtithe neamh-AE a chur san áireamh freisin sna socruithe maidir le malartú sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á aithint acmhainneacht na solúbthachta mar uirlis riachtanach chun oibríochtaí córais a bharrfheabhsú, chun cobhsaíocht an chórais a chothabháil agus chun tomhaltóirí a chumhachtú trína ndreasú chun a bpatrúin tomhaltais a athrú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearta iomchuí a chur chun feidhme chun comharthaí praghais éifeachtúla a ráthú lena ndreasaítear solúbthacht, lena n-áirítear ó gach tomhaltóir deiridh, agus a áirithiú go rannchuidíonn na hacmhainní uile le slándáil an chórais, lena n-áirítear trí dhlús a chur le himscaradh méadar cliste, foirgneamh cliste atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, agus trí rochtain ar shonraí ó gach gaireas méadraithe a chumasú; á iarraidh ar NRAnna nuálaíochtaí solúbthachta agus treoirthionscadail sa chóras a aithint, a mhéid nach mbíonn tionchar diúltach acu sin ar chothromaíocht agus cobhsaíocht fhoriomlán na heangaí, chun leanúint den nuálaíocht a dhreasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh ar NRAnna oibriú go dlúth le OCTanna agus OCDanna chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht solúbthachta, agus ar riachtanais na gcóras náisiúnta sa phleanáil atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus láithreacht tionscail, tomhaltóirí móra, gineadóirí móra agus stórála á gcur san áireamh; á thabhairt chun suntais go háirithe an ról ríthábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag sócmhainní stórála, lena n-áirítear stóráil leictreachais fhadtréimhseach, atá in ann suas le 100 uair an chloig leictreachais a sholáthar, maidir le seirbhísí bainistithe ar phlódú a sholáthar don eangach; ag tabhairt dá haire, chun na seirbhísí córais riachtanacha sin a sholáthar, go bhfuil samhlacha ioncaim cobhsaí fadtéarmacha de dhíth ar infheisteoirí i sócmhainní stórála, cosúil leis an gcaoi ar éirigh le scéimeanna tacaíochta cinnteacht ioncaim a sholáthar do shócmhainní giniúna in-athnuaite;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Slabhra soláthair, amhábhair agus an gá atá le scileanna</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an fás domhanda ar an éileamh ar theicneolaíochtaí eangaí tar éis brú a chur ar shlabhraí soláthair agus ar infhaighteacht cáblaí, claochladán, comhpháirteanna agus teicneolaíochtaí criticiúla; á thabhairt chun suntais na torthaí i dtuarascáil na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh i mí Feabhra 2025, ‘Building the Future Transmission Grid’<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, ‘<STRING ITALIC="on">Building the Future Transmission Grid – Strategies to navigate supply chain challenges</STRING>’[An Eangach Tarchurtha a Thógáil Amach Anseo — Straitéisí chun dul i ngleic le dúshláin sa slabhra soláthair], Feabhra 2025, https://iea.blob.core.windows.net/assets/a688d0f5-a100-447f-91a1-50b7b0d8eaa1/BuildingtheFutureTransmissionGrid.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>[An Eangach Tarchurtha a Thógáil Amach Anseo], go dtógann sé idir 2 bhliain agus 3 bliana anois cáblaí a fháil agus suas le 4 bliana chun claochladáin mhóra chumhachta a dhaingniú, agus go bhfuil méadú faoi dhó beagnach tagtha ar mheán-agaí tionscanta do cháblaí agus do chlaochladáin mhóra chumhachta ó 2021 i leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hagaí tionscanta fada do go leor comhpháirteanna teicneolaíochta eangaí agus go bhfuil sí fós meáite ar cheannaireacht teicneolaíochta na hEorpa a choinneáil i dteicneolaíocht na heangaí, agus béim á leagan aici ar an ngá atá le nuálaíocht chun teicneolaíochtaí eangaí ardacmhainneachta Eorpacha agus teicneolaíochtaí nuálacha feabhsaithe eangaí a fhorbairt, a léiriú agus a scálú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha bunriachtanach do bhonneagar eangaí, agus go dtiocfaidh méadú 33 % agus 35 % faoi seach ar an éileamh ar alúmanam agus ar chopair faoi 2050<FOOTNOTE><FIELD> KU Leuven, Eurometaux, ‘<STRING ITALIC="on">Study quantifies metal supplies needed to reach EU’s climate neutrality goal</STRING>’[Staidéar na soláthairtí miotail is gá chun sprioc aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach], 25 Aibreán 2022, https://www.eurometaux.eu/media/hxdhepyp/press-release-study-quantifies-metal-supplies-needed-to-reach-eu-s-climate-neutrality-goal.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>; ag cur sonrú sa chinneadh ón gCoimisiún lena n-aithnítear tionscadail amhábhar criticiúil áirithe mar thionscadail straitéiseacha faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/2024-05-03).</FIELD></FOOTNOTE>, chun rochtain ar na príomhábhair sin a dhaingniú agus chun foinsí soláthair a éagsúlú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit athchúrsáil a fheabhsú, agus tacú le comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus comhaontuithe trádála chun na críche sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá slabhraí soláthair eangaí a neartú chun soláthar teicneolaíochtaí eangaí a mhéadú ar chostais inacmhainne, agus ar an gcaoi sin teorainn a chur leis na costais a íocann tomhaltóirí trí mhuirir ghréasáin; á iarraidh go mbeadh cur chuige straitéiseach ann maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh, comhpháirteanna nó ábhair chriticiúla a bhaineann le heangacha a fháil, ionas nach bhforbrófar spleáchais ar sholáthróirí aonair lasmuigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil gá le pleanáil eangaí iomlánaíoch, chomhordaithe agus fhadtéarmach ar fud chóras fuinnimh na hEorpa ina iomláine chun scrogall acmhainneachta an tslabhra soláthair a réiteach, agus go gcuireann pleanáil den sórt sin trédhearcacht agus intuarthacht riachtanach ar fáil do mhonaróirí chun méaduithe ar an acmhainneacht mhonaraíochta a phleanáil go leormhaith; á mheas nach mór don phleanáil sin a bheith iontaofa agus samhlacha nua gnó a chumasú, amhail creat-chomhaontuithe fadtéarmacha agus conarthaí áirithinte acmhainneachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tathant go ndéanfaí caighdeánú uasta ar phríomhthrealamh eangaí leictreachais, a mhéid is féidir go teicniúil, trí mheasúnú teicniúil comhpháirteach ón gCoimisiún, ó OCDanna, ó OCTanna agus ón tionscal, lena gcumhdaítear gach leibhéal voltais chun táirgeadh a mhéadú, praghsanna agus amanna seachadta a laghdú, agus idir-inoibritheacht na gcóras a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair in earnáil an fhuinnimh; ag tabhairt dá haire gur thuar an Coimisiún gur gá méadú suntasach a dhéanamh ar an lucht saothair fuinnimh chun fuinnimh in-athnuaite a imscaradh, eangacha a uasghrádú agus a leathnú, agus éifeachtúlacht fuinnimh, eangach agus teicneolaíochtaí ábhartha eile a mhonarú; á chur in iúl gur oth léi na ganntanais meicneoirí agus feisteoirí leictreacha a tuairiscíodh i 15 cinn de na Ballstáit, rud a mhéadaíonn riachtanais foirne OCDanna agus OCTanna; á thabhairt chun suntais nach mór go mbeadh méadú 50% ar lucht saothair fuinnimh faoi 2030 chun tacú le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas na Scileanna’ (COM(2025)0090).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, leathnú na heangaí agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus meastar go mbeidh gá le 2 mhilliún post breise i ndáileadh leictreachais faoi 2050; á iarraidh go mbeadh tionscnaimh oiliúna, uas-scilithe agus athscilithe ann, agus tús áite á thabhairt do scileanna a bhaineann leis an eangach chun bearnaí scileanna a dhúnadh; á chur in iúl gur geal léi comhpháirtíochtaí idir ollscoileanna agus gnólachtaí agus acadaimh scileanna spriocdhírithe AE d’earnálacha straitéiseacha, lena n-áirítear eangacha; ag spreagadh OCDanna agus OCTanna a lucht saothair a éagsúlú, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na mban a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart do na Ballstáit agus don Aontas oibriú i gcomhar le chéile chun na cláir scileanna ábhartha a oiriúnú agus chun dea-chleachtais a fhorbairt chun an t-éileamh méadaitheach ar scileanna ar gach leibhéal oideachais a chomhlíonadh, agus béim láidir á leagan ar chothromaíocht inscne a spreagadh san earnáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag FBManna agus ag gnólachtaí AE maidir leis an earnáil teicneolaíochta a sholáthar don eangach leictreachais; á chur i bhfios gur gá rochtain a fháil ar leictriú inacmhainne, lena ndéantar teorainn a chur leis na costais a bhaineann leis an slabhra soláthair agus lena n-áirithítear lucht saothair oilte;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Offshore</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á aithint ábharthacht straitéiseach na forbartha amach ón gcósta chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach maidir le neamhspleáchas fuinnimh, úsáid mhéadaithe fuinnimh in-athnuaite, córas leictreachais athléimneach agus costéifeachtach agus aeráidneodracht faoi 2050; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leas iomlán a bhaint as acmhainneacht chúig imchuach farraige na hEorpa chun fuinneamh amach ón gcósta a ghiniúint; á thabhairt chun suntais an tábhacht ar leith a bhaineann leis na Mara Thuaidh (lena gcumhdaítear limistéar geografach na Mara Thuaidh, lena n-áirítear Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach), lena gcuirtear coinníollacha fabhracha agus an acmhainneacht is airde ar fáil, agus sprioc chomhaontaithe 300 GW de thoilleadh suiteáilte giniúna amach ón gcósta faoi 2050 faoi chuimsiú Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá eangach mhogallach amach ón gcósta a fhorbairt, lena n-áirítear idirnascairí hibrideacha, go háirithe sna Mara Thuaidh, chun leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht amach ón gcósta agus chun feabhas a chur ar chomhtháthú mhargadh an leictreachais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhar réigiúnach a neartú maidir le pleanáil eangaí agus comhar fuinnimh ar fud na n-imchuach farraige uile le tíortha comharsanachta AE, go háirithe an Ríocht Aontaithe agus an Iorua, go háirithe maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt agus eangacha leictreachais a phleanáil agus a mhonarú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le creat rialála cobhsaí agus intuartha lena n-áiritheofar na socruithe trádála is fearr chun an mhuinín is gá a chur ar fáil d’infheisteoirí chun tacú le forbairt agus idirnascadh tionscadal eangaí amach ón gcósta agus tionscadal gaoithe amach ón gcósta, lena n-áiritheofar éifeachtúlacht an mhargaidh agus sreabha trasteorann éifeachtúla, lena n-áirítear le tíortha nach bhfuil san Aontas; á chur i bhfios go láidir gur gá eangacha náisiúnta a neartú i gcás inar gá chun na tairbhí a bhaineann le fuinneamh amach ón gcósta a uasmhéadú; á aithint go mbeidh sé ina dhlúthchuid de chóras éifeachtúil líonra tarchur amach ón gcósta a chomhcheangal le sócmhainní giniúna (hibridí amach ón gcósta), ós rud é go mbaineann roinnt buntáistí leis sin do chóras fuinnimh na hEorpa ach nach bhfuil an creat rialála ceart aige fós chun an infheistíocht is gá a dhreasú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit comhar agus comhordú a mhéadú le tíortha neamh-AE atá ar aon intinn leo amhail an Iorua agus an Ríocht Aontaithe; á mheabhrú gur tosaíocht chomhroinnte don Aontas agus don Ríocht Aontaithe araon é bonneagar leictreachais a fhorbairt chun leas a bhaint as acmhainneacht gaoithe amach ón gcósta na Mara Thuaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le cur chuige pragmatach agus comhoibritheach maidir le trádáil leictreachais idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú go dlúth le riarachán na Ríochta Aontaithe chun teacht ar chomhaontú maidir le socrú trádála a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh lena neartófar slándáil an tsoláthair agus an chonair i dtreo glan-nialasacha don dá dhlínse; á chreidiúint, ina theannta sin, gur féidir éifeachtúlachtaí socruithe trádála a fheabhsú tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i dteagmháil lena chontrapháirtithe sa Ríocht Aontaithe ar bhealach cuiditheach maidir leis an ábhar sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Na réigiúin is forimeallaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil dúshláin uathúla roimh na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus roimh limistéir eile nach bhfuil nasctha le heangach leictreachais na hEorpa; á thabhairt chun suntais a spleáchas ar allmhairí agus ardleochaileacht i leith lándorchuithe leictreachais agus guaiseacha adhaimsire aeráide; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé córais fuinnimh athléimneacha agus uathrialaitheacha a fhorbairt trí eangacha áitiúla a fhorbairt agus trí fhuinneamh níos glaine a tháirgeadh; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na réigiún sin sa Phacáiste um na hEangacha Eorpacha agus tacaíocht airgeadais bhreise a mholadh chun neamhspleáchas a gcóras fuinnimh a fheabhsú, agus chun aghaidh a thabhairt ar a n-easpa idirnasctha agus easpa tairbhí níos leithne maidir le nascadh leis an eangach;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>