<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0145</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0112/2025 -  Rapóirtéir: Francisco Assis)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2025 ar ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2024 (2024/2053(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 15, 126, 174, 175, 177, 208, 209, 271, 308 agus 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus do Phrótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 41 go 43 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil 2024 ar Ghníomhaíochtaí Ghrúpa BEI an 30 Eanáir 2025 dar teideal [Tosaíochtaí don rathúnas],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Infheistíochta 2024/2025 ó BEI an 5 Márta 2025 dar teideal [Nuálaíocht, lánpháirtiú agus simpliú san Eoraip],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threochlár Straitéiseach 2024-2027 Ghrúpa BEI an 21 Meitheamh 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Oibríochtúil 2024-2026 Ghrúpa BEI an 9 Feabhra 2024 agus do Phlean Oibríochtúil 2025-2027 Ghrúpa BEI an 30 Eanáir 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don athbhreithniú a choimisiúnaigh G20 ar chreataí leordhóthanachta caipitil na mBanc Forbartha Iltaobhach (Athbhreithniú CAF),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2025/504 ón gComhairle an 11 Márta 2025 lena leasaítear Prótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/504, 14.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/504/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh ó Bhord BEI an 21 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threosuíomh um Comhtháthú 2021-2027 BEI an 13 Deireadh Fómhair 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheoladh Thionscnamh um Sheaimpíní Teicneolaíochta Eorpacha BEI (ETCI) an 13 Feabhra 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tríú tuarascáil bhliantúil ó Ghrúpa BEI an 15 Iúil 2024 ar ghníomhaíochtaí Ghrúpa BEI i réigiúin chomhtháthaithe an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do Chaighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta BEI an 2 Feabhra 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil 2023 Ar Dhul Chun Cinn ó Ghrúpa BEI ar Threochlár an Bhainc Aeráide an 25 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ‘Príomhthorthaí ó anailís agus ó chomhairliúchán Ghrúpa BEI le geallsealbhóirí’, a tíolacadh ag seimineár BEI maidir le tithíocht an 18 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phreaseisiúint BEI an 6 Márta 2025 dar teideal ‘Déanann an Coimisiún Eorpach agus grúpa BEI bonn a leagan d’ardán nua infheistíochta uile-Eorpach le haghaidh tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ó Uachtarán BEI, Nadia Calviño, chuig ceannairí an Aontais an 4 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta um Shlándáil agus Cosaint Ghrúpa BEI a tíolacadh ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais i Lucsamburg an 12 Aibreán 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do liosta nuashonraithe BEI an 14 Iúil 2022 maidir le hincháilitheacht, gníomhaíochtaí eisiata agus earnálacha eisiata,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil 2023-2024 ar an Tionchar Domhanda ó BEI an 13 Meitheamh 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Tríthaobhach idir an Coimisiún Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Banc Eorpach Infheistíochta, a síníodh an 11 Samhain 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Nósanna Imeachta Sásra Gearán Ghrúpa BEI an 13 Samhain 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don doiciméad dar teideal ‘Éagsúlacht, Cothromas agus Cuimsiú ag Grúpa BEI’ an 14 Deireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa dar teideal ‘Méadú ar an mbreisluach Eorpach i ré na ndúshlán domhanda – Costas na neamh-Eorpa a mhapáil (2022-2032)’, a foilsíodh i mí Feabhra 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Global Gateway’</STRING> (JOIN(2021)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún Eorpach a foilsíodh an 11 Eanáir 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Access to equity financing for European defence SMEs’</STRING> [Rochtain ar mhaoiniú cothromais do FBManna cosanta na hEorpa]<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um an Tionscal Cosanta agus an Spás <STRING ITALIC="on">Access to equity financing for European defence SMEs</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://data.europa.eu/doi/10.2889/698738</FIELD></FOOTNOTE> ,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 17 Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘Margadh Thar an gCoitiantacht’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 25 Aibreán 2024 ó Christian Noyer dar teideal ‘Margaí caipitil na hEorpa a fhorbairt chun an todhchaí a mhaoiniú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 30 Deireadh Fómhair 2024 ó Sauli Niinistö dar teideal ‘Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Clár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025’ (COM(2025)0045),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Bóthar i dtreo an Chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil Eile’ (COM(2025)0046),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’ (COM(2025)0085),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne: Leas a bhaint as fíorluach ár nAontais Fuinnimh chun fuinneamh glan éifeachtúil inacmhainne a sholáthar do mhuintir uile na hEorpa’ (COM(2025)0079).
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don phreasráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, maidir leis an bpacáiste cosanta (Plean Rearm Europe) an 4 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas Coigiltis agus Infheistíochta – Straitéis chun Rachmas agus Iomaíochas Eacnamaíoch na Saoránach a Chothú san Aontas Eorpach’ (COM(2025)0124),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017<FOOTNOTE><FIELD> IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1056/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1229 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir<FOOTNOTE><FIELD> IO L 274, 30.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1229/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/1153 a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht ráthaíocht an Aontais a mhéadú faoi Rialachán (AE) 2021/523 agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú (COM(2025)0084),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2025 ar an bpáipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0034.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0112/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) mar chuid de Ghrúpa BEI; de bhrí gurb é BEI, atá faoi úinéireacht iomlán na mBallstát, an institiúid airgeadais iltaobhach is mó ar domhan, a oibríonn i margaí caipitil idirnáisiúnta agus a thairgeann téarmaí iomaíocha do chliaint ar choinníollacha fabhracha chun rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach agus chun tacú le beartais agus tionscadail an Aontais laistigh agus lasmuigh den Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 309 CFAE; de bhrí go bhfuil CEI faoi úinéireacht BEI (59,8 %), faoi úinéireacht an Aontais (29,7 %) agus faoi úinéireacht institiúidí airgeadais (10,5 %) ó na Ballstáit, ón Ríocht Aontaithe agus ón Tuirc;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil clár comhardaithe ag Grúpa BEI a bhfuil beagnach EUR 600 billiún i gceist leis; de bhrí go luann BEI gur shroich a infheistíocht iomlán EUR 88.8 billiún, an leibhéal is airde riamh, in 2024, agus gur bhain EUR 50,7 billiún den mhéid sin leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, EUR 16,2 billiún le FBManna agus le fiontair mheánchaipitlithe, EUR 14,4 billiún leis an digitiú agus an nuálaíocht teicneolaíochta agus EUR 1 billiún le slándáil agus cosaint na hEorpa a fheabhsú; de bhrí gur méadaíodh cóimheas giarála BEI go 290 %, rud a thugann deis bhreise do BEI infheistíocht a dhéanamh agus tacú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach agus tacú le beartais an Aontais; de bhrí go meastar go dtiocfaidh méadú go EUR 95 bhilliún ar infheistíocht iomlán Ghrúpa BEI in 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbíonn buntosca láidre airgeadais ag BEI i gcónaí agus go bhfuil rátáil ‘A triarach’ aige, atá ina bhunchloch dá chreidiúnacht airgeadais agus dá chumas iasachtaithe, rud atá bunriachtanach chun muinín infheisteoirí a chaomhnú agus chun costais ísle iasachtaíochta a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go dtacaíonn BEI le beartais agus tionscadail an Aontais agus gurb é an príomh-chomhpháirtí cur chun feidhme é chun leas a bhaint as sainorduithe agus ráthaíochtaí bhuiséad an Aontais agus, dá bhrí sin, chun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ar mhórscála a shlógadh; de bhrí go luann BEI go bhfuil thart ar 90 % dá infheistíocht bhliantúil tiomanta do thionscadail laistigh den Aontas agus 10 % dá infheistíocht bhliantúil imscartha in infheistíochtaí lasmuigh den Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur eintiteas é CEI, mar chuid de Ghrúpa BEI, atá speisialaithe chun tacú le cuspóirí beartais an Aontais, lena n-áirítear i réimsí na fiontraíochta, an chruthaithe post agus an chomhtháthaithe eacnamaíoch, agus go bhfuil ról lárnach aige chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) trína rochtain ar mhargaí airgeadais a fheabhsú, ó chaipiteal fiontair go micreamhaoiniú; á thabhairt chun suntais go dtacaíonn Grúpa BEI le cuideachtaí ag céimeanna uile na forbartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, amhail ó mhí an Mheithimh 2024 i leith, go meastar go bhfuil thart ar EUR 280 billiún d’infheistíochtaí breise slógtha trí InvestEU, arb ón earnáil phríobháideach a tháinig EUR 201 bhilliún de; de bhrí go bhfuil imchlúdach InvestEU beagnach ídithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go n-iarrtar sna tuarascálacha is déanaí maidir le todhchaí an Aontais iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a neartú, béim a leagan ar ról ríthábhachtach chomhtháthú an mhargaidh agus ar an ngá atá le dlús a chur le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon chun Eoraip níos láidre, níos sláine, níos uathrialaithí agus níos cothroime a thógáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go ndéantar na riachtanais infheistíochta bhreise chomhcheangailte san Eoraip a mheasúnú ag EUR 750-800 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030 i dtuarascáil Draghi ar iomaíochas na hEorpa; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag Grúpa BEI chun cuidiú leis an mbearna a dhúnadh trína acmhainneacht iasachtaithe féin agus trí chaipiteal príobháideach a ‘phlódú isteach’ chun na riachtanais infheistíochta sin a mhaoiniú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, de réir thuarascáil Draghi, go gcaitheann cuideachtaí an Aontais níos lú ar thaighde agus nuálaíocht (T&N) ná mar a chaitheann a gcontrapháirtithe sna Stáit Aontaithe agus go dteipeann de shíor ar an Eoraip T&N a aistriú go tráchtálú, go háirithe in earnálacha amhail an bhith-theicneolaíocht, an intleacht shaorga agus an fuinneamh in-athnuaite, i gcomhthéacs easpa scála agus mhargadh aonair neamhiomlán an Aontais, an aontais baincéireachta agus aontas na margaí caipitil; de bhrí go leagtar béim i dtuarascáil Draghi ar bhearna táirgiúlachta 30 % idir AE agus na Stáit Aontaithe in 2023 agus go léirítear go bhfuil an Eoraip ag cailleadh amach ar an réabhlóid dhigiteach – arna spreagadh ag an idirlíon agus ag na gnóthachain táirgiúlachta ghaolmhara – mar phríomhthoisc, ag tabhairt dá haire nach cuideachtaí Eorpacha ach ceithre cinn den 50 cuideachta teicneolaíochta is mó ar domhan;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go meastar i dtuarascáil Letta nach ndéantar EUR 300 billiún de choigilteas na hEorpa a infheistiú san Eoraip, ach gur sna Stáit Aontaithe a dhéantar an infheistiú den chuid is mó, mar gheall ar easpa aontas comhtháite na margaí caipitil (CMU); de bhrí go measann Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh go bhféadfadh cuideachtaí in AE thart ar EUR 470 billiún breise in aghaidh na bliana a thiomsú i gcistiú ó na margaí caipitil dá gcuirfí CMU i gcrích<FOOTNOTE><FIELD> Focail tosaigh ón Uachtarán von der Leyen ag an bpreasagallamh comhpháirteach leis an Uachtarán Michel i ndiaidh cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 18 Aibreán 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go measann Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa go bhféadfadh tairbhí suas le EUR 159 mbilliún in aghaidh na bliana a bheith i gceist le margadh airgeadais an Aontais atá níos comhtháite agus níos rialáilte ar bhealach níos éifeachtaí san fhadtéarma chomh maith leis an tairbhe a bhaineann le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i gcomhtháthú earnáil baincéireachta an Aontais a mbeadh suas le EUR 114 bhilliún in aghaidh na bliana i gceist leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur cheart d’oibríochtaí BEI rannchuidiú le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna), agus tacú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; de bhrí go bhfuil BEI á chur féin chun cinn mar bhanc aeráide an Aontais, i bhfianaise na n-infheistíochtaí breise is gá chun an t-aistriú glas a bhaint amach; de bhrí go measann an Coimisiún gur gá do AE a infheistíochtaí bliantúla san fhuinneamh, sa nuálaíocht thionsclaíoch agus san uas-scálú agus i gcórais iompair a mhéadú thart ar EUR 480 billiún i gcomparáid leis na deich mbliana roimhe sin<FOOTNOTE><FIELD> An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú (COM(2025)0085),</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, go bhfuil an fhorbairt ar bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na Eorpa ag éirí níos tábhachtaí laistigh den mhargadh inmheánach; de bhrí go sainaithnítear sa pháipéar bán ón gCoimisiún maidir le todhchaí chosaint na hEorpa go bhfuil gá le hinfheistíocht bhreise EUR 800 billiún in earnáil na cosanta thar thréimhse 4 bliana; de bhrí gur fhógair BEI go ndéanfadh sé a chistiú le haghaidh na slándála agus na cosanta a dhúbailt ó EUR 1 bhilliún in 2024 go EUR 2 bhilliún in 2025, agus a stádas rátála creidmheasa ‘A triarach’ á choimirciú aige ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur tháinig méadú 48 % ar an meán ar phraghsanna tithíochta in AE idir 2015 agus 2023, agus go bhfuil tionchar ag an ngéarchéim tithíochta ar an Eoraip ar fad nach mór, lena méadaítear ar an tionchar a imrítear ar an meánaicme agus ní hamháin ar na daoine is leochailí; de bhrí go léirítear i sonraí BEI go bhfuil gá bliantúil le 1,5 milliún teach nua a thógáil agus cúig mhilliún eile a athchóiriú, rud a éilíonn infheistíocht bhliantúil EUR 300-400 billiún; de bhrí go bhfuil leas ginearálta ag baint leis an earnáil tithíochta ach go mbíonn uirthi dul i ngleic le hinfheistíocht phoiblí laghdaithe, rud a fhágann go bhfuil infheistíocht leanúnach BEI ríthábhachtach don earnáil sin; de bhrí go mbeartaítear i bplean nua gníomhaíochta BEI infheistíocht EUR 10 mbilliún a dhéanamh sa dá bhliain atá le teacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil brainse iasachtaithe BEI Domhanda, a seoladh in 2022, ríthábhachtach ó thaobh sheasamh na hEorpa de ar domhan; de bhrí go meastar go n-éascóidh BEI Domhanda ar a laghad aon trian den EUR 300 billiún d’infheistíocht a bhfuil sé mar aidhm ag Global Gateway a ghiniúint faoi dheireadh 2027;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé iarrtha go mion minic ag Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí an comhaontú idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus BEI a thabhairt chun críche; de bhrí go bhfuil comhaontuithe sínithe ag Parlaimint na hEorpa le comhlachtaí éagsúla an Aontais; de bhrí go bhfuil stair fhada de dhianchomhar idir Parlaimint na hEorpa agus BEI, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí reachtacha agus idirphlé (neamh-)reachtach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go bhfuil BEI ullamh chun oiriúnú do cheanglais bheartais an Aontais atá ag athrú, agus a chuspóirí fadtéarmacha á n-urramú aige; á chur in iúl gur geal léi Treochlár Straitéiseach 2024-2027 Ghrúpa BEI, ina léirítear tosaíochtaí polaitiúla an Aontais; á chur i bhfios gurb iad seo a leanas na hocht réimse tosaíochta a leagtar amach sa treochlár straitéiseach: ról BEI mar bhanc aeráide, digitiú agus imscaradh teicneolaíochtaí nua, tionscal slándála agus cosanta, beartas comhtháthaithe nua-aimseartha, an talmhaíocht agus an bithgheilleagar, bonneagar sóisialta na hEorpa, infheistíochtaí ardtionchair lasmuigh den Aontas, agus aontas na margaí caipitil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur iarradh go láidir ar BEI ról méadaithe a bheith aige chun bearna infheistíochta na hEorpa a dhúnadh, rud a mheas Mario Draghi a bheith cothrom le EUR 800 billiún, a bhfuil EUR 450 billiún de ag teastáil don aistriú fuinnimh amháin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BEI leas iomlán a bhaint as acmhainneacht BEI chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thosaíochtaí coiteanna an Aontais agus a ról ríthábhachtach a chomhlíonadh chun an infheistíocht is gá a chur chun cinn le haghaidh fás inbhuanaithe cothrom agus cuimsitheach, agus gnóthachain nuálaíochta i bpríomhréimsí beartais an Aontais á n-uasmhéadú ag an am céanna; á iarraidh go ndéanfaí rannchuidiú Ghrúpa BEI a neartú tuilleadh sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (CAI), go háirithe trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha, a bhfuil sé cruthaithe ina leith go bhfuil siad thar a bheith éifeachtach chun príomhchuspóirí beartais an Aontais a chur chun cinn; ag tathant ar na Ballstáit cistiú leordhóthanach chun na críche sin a chur ar fáil trí shainorduithe a shannadh do BEI agus trí mhéadú ionchasach ar chaipiteal, lena gcuirtear ar chumas BEI, dá bhrí sin, infheistíochtaí a shlógadh a chomhlíonann riachtanais uile-Eorpacha i ndáiríre agus a dhéanann ábharthacht an Aontais mar ghníomhaí domhanda a neartú; á mheabhrú go bhfuil sprioc leagtha síos ag an gCoimisiún nua dó féin chun bheith ina ‘Choimisiún infheistíochta’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil rátáil ‘A triarach’ BEI bunriachtanach agus ina príomhshócmhainn nach mór a choimeád; ag tathant ar na gníomhaithe ábhartha uile an rátáil sin a chosaint agus a ráthú agus beartas agus sainordú iasachtaithe BEI á n-oiriúnú acu; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an rátáil bunaithe, as measc tosca eile, ar a staid láidir cuntais caipitil, ar cháilíocht agus feidhmíocht sócmhainní den scoth, ar acmhainneacht chreidmheasa na mBallstát mar a ráthóirí deiridh, agus ar an bhfíoras go raibh BEI freagrúil do chuspóirí beartais an Aontais; ag tabhairt dá haire, le rátáil láidir ‘A triarach’ agus creat láidir bainistithe riosca, go bhfuil an neart airgeadais is gá ag Grúpa BEI chun a infheistíochtaí bliantúla a mhéadú go seasta; á thabhairt chun suntais go gcuireann rátáil agus staid airgeadais BEI ar a chumas freisin coinníollacha fabhracha maoiniúcháin a áirithiú chun tionscadail leasa phoiblí a chistiú i gcomparáid le bainc thráchtála phríobháideacha, lena n-áirithítear deimhneacht agus éifeachtacht costais, agus a lamhálann dó luaineachtaí ionchasacha i dtorthaí a ionsú, muinín infheisteoirí a choimeád agus costais iasachtaíochta a shrianadh; á chur i bhfios go láidir gur cheart do BEI tuilleadh leasa a bhaint as a stádas pribhléide chun rioscaí níos mó a ghlacadh chun earraí poiblí Eorpacha agus infheistíochtaí straitéiseacha Eorpacha a chistiú; ag tabhairt dá haire gur chinn Bord Gobharnóirí BEI teorainn chóimheas giarála BEI a mhéadú ó 250 % go 290 %; á chur i bhfáth gur cheart do BEI a idirghabháil a chalabrú go leormhaith chun a áirithiú nach ndéanfaidh sé infheistíocht phríobháideach a phlódú amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méid infheistíochta BEI i gcoibhneas le OTI i measc thíortha na hEorpa idir 0,1 %<FOOTNOTE><FIELD> Baineann na cóimheasa is ísle le hÉirinn, leis an Laitvia agus leis an Ungáir.</FIELD></FOOTNOTE> agus 1,4 % do 2024; á iarraidh ar Ghrúpa BEI dáileadh geografach níos cothroime infheistíochtaí a áirithiú arb é is aidhm dóibh a thionchar a uasmhéadú ar fud réigiúin uile an Aontais chun fás comhtháite agus cuimsitheach a chur chun cinn ar fud an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar cheantair atá faoi ghannionadaíocht agus ar cheantair bheagfhorbartha; á iarraidh ar BEI leanúint de bheith ag díriú ar phleananna infheistíochta atá dírithe ar an mbearna a dhúnadh idir réigiúin níos forbartha an Aontais agus limistéir oileánacha, limistéir intíre, na réigiúin is forimeallaí, limistéir atá faoi bhrú eacnamaíoch agus limistéir uile an Aontais atá faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar thosca nádúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá próisis agus sainorduithe BEI atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a shimpliú, a chuíchoiriú, a bharrfheabhsú agus a chomhdhlúthú chun sineirgí, éifeachtacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú; á mholadh go ndéanfaí leabhar rialacha aonair a fhorbairt agus a thabhairt isteach, ina mbeadh sraith aonfhoirmeach rialacha airgeadais, chun feidhmiú mar chreat aontaithe ar fud chláir iomadúla an Aontais agus chun cur chun feidhme a shimpliú do chomhpháirtithe, rud a rannchuideoidh le feabhas a chur ar oibríochtaí BEI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-ualach riaracháin agus na costais tuairiscithe a laghdú chomh maith le nósanna imeachta a shimpliú do thionscadail atá maoinithe ag BEI, go háirithe i gcás FBManna agus tionscnaimh atá dírithe ar nuálaíocht ar scála níos lú; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh próiseas níos cuíchóirithe tionchar agus freagrúlacht BEI a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, bunú na n-ionad ilfhreastail chun tacaíocht airgeadais chomhordaithe agus treoir theicniúil a thairiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag aithint thiomantas BEI d’athchóirithe chun an t-am a thógann sé seirbhís a chur ar an margadh a ghiorrú, le sprioc laghdaithe 30 % faoi dheireadh 2024 agus laghdú 50 % le linn na tréimhse 2024-2026; ag tabhairt dá haire go bhfuil dlús á chur le cur chun feidhme na n-athchóirithe sin chun maorlathas a laghdú, chun sineirgí laistigh den Ghrúpa a fheabhsú, chun nósanna imeachta inmheánacha a uathoibriú agus a chuíchóiriú agus chun éifeachtúlacht costais a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BEI measúnú breise a dhéanamh ar chonas dlús a chur leis an am a thógann sé ar BEI seirbhís dá chuid a chur ar an margadh chomh maith le sainorduithe maoiniúcháin a shimpliú gan caighdeáin iniúchóireachta ná trédhearcacht a chur i mbaol; á iarraidh ar BEI dlús a chur lena iarrachtaí maidir lena oibríochtaí a dhigitiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An bhearna infheistíochta a dhúnadh agus iomaíochas a chothú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag Grúpa BEI mar chomhlacht infheistíochta uile-Eorpach agus idirnáisiúnta chun maoiniú poiblí agus príobháideach araon a shlógadh do thosaíochtaí an Aontais agus tacaíocht á tabhairt aige do na Ballstáit chun infheistíochtaí bunriachtanacha agus straitéiseacha a mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú, áfach, go bhfuil oibríochtaí BEI teoranta ó thaobh cineáil de agus nach féidir leo ach ról tacaíochta a imirt chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna shuntasach infheistíochta; á athdhearbhú go dtacódh aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos comhtháite agus ollstruchtúr eacnamaíoch neartaithe agus comhordú éifeachtach le hoibríochtaí BEI; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí dul chun cinn mear agus suntasach maidir le haontas na margaí caipitil, go háirithe trí chéimeanna nithiúla maidir leis an aontas coigiltis agus infheistíochta a seoladh le déanaí, tríd an aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, agus, i gcás inarb iomchuí, trí ionstraimí agus uirlisí infheistíochta ar leibhéal an Aontais a bhunú atá ceaptha chun an costas do cháiníocóirí an Aontais a íoslaghdú agus éifeachtúlacht i soláthar earraí poiblí Eorpacha a uasmhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á dhearbhú gur bunchlocha bunriachtanacha freisin d’oibríochtaí BEI iad margaí caipitil níos comhtháite agus margadh aonair níos doimhne; á chur in iúl gur geal léi treochlár straitéiseach BEI, lena gcuirtear aontas na margaí caipitil go hard ar a chlár oibre; á mheas go rachaidh aontas coigiltis agus infheistíochtaí atá tugtha chun críche go leormhaith chun tairbhe do thomhaltóirí agus do FBManna araon trí dheiseanna infheistíochta ardtáirgeachta a chur ar fáil san fhíorgheilleagar, agus go neartóidh sé ar deireadh an margadh caipitil fiontair, a meastar a bhfuil riosca níos mó ag baint leis ná cineálacha eile infheistíochta, trí rochtain ar fhoinsí cistiúcháin níos éagsúlaithe a éascú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do ghníomhaithe ábhartha poiblí Eorpacha rannchuidiú leis an aontas coigiltis agus infheistíochta agus á chur in iúl gur geal léi toilteanas BEI treoirthionscadail agus tionscnaimh nithiúla eile sa réimse sin a sheoladh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Ghrúpa BEI feabhas a chur ar iarrachtaí chun an clár oibre don Chompás Iomaíochais agus an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a bhaint amach trí chaipiteal príobháideach a shlógadh le haghaidh infheistíochtaí táirgiúla, lena dtacaítear leis an nuálaíocht le linn saolré cuideachtaí, trí mhaoiniú caipitil fiontair agus trí mhaoiniú cothromais níos ardriosca do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú; á chur i bhfios go láidir nach mór ionstraimí ardriosca amhail cothromas agus fiachas fiontair a úsáid le creataí riosca soiléire agus le táscairí feidhmíochta intomhaiste; ag moladh do BEI maoiniú a leathnú do ghnólachtaí atá faoi úinéireacht na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>áaithint go bhfuil ról lárnach atá ag FBManna, mar chnámh droma gheilleagar na hEorpa, chun fás eacnamaíoch a spreagadh, nuálaíocht a chothú, fostaíocht a chruthú agus comhtháthú críochach a chur chun cinn; á mheabhrú, ina leith sin, gurb ionann na 24 mhilliún FBM atá san Aontas agus 99 % de na gnólachtaí uile, go gcuireann siad thart ar dhá thrian de na poist uile ar fáil agus go ngineann siad os cionn 50 % den bhreisluach iomlán a tháirgeann gnólachtaí an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur príomhchuspóir do Ghrúpa BEI é tacú le FBManna agus gur féidir tionchar dearfach forleathan a bheith ag rochtain níos fearr ar chreidmheas, ag cruthú ionstraimí airgeadais saincheaptha, agus ag infheistíochtaí spriocdhírithe in FBManna trí rannchuidiú le hathléimneacht eacnamaíoch an Aontais, le hiomaíochas slabhraí táirgthe áitiúla, agus leis an aistriú digiteach agus an aistriú inbhuanaithe i ngeilleagair réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag moladh do BEI a ról a choimeád agus a neartú chun rochtain ar mhaoiniú do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta a éascú, ar minic bacainní a bheith rompu agus cistiú á lorg acu ó institiúidí airgeadais traidisiúnta, lena gcuirtear maoiniú spriocdhírithe ar fáil chun acmhainní leordhóthanacha a áirithiú chun fás agus rath a bhaint amach; á chur i bhfios go bhfuil dúshláin fós roimh FBManna mar gheall ar rátaí arda úis agus amhábhair agus costais fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ról CEI chun gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú san Eoraip a mhaoiniú, lena n-áirítear trína ghníomhaíochtaí i margadh caipitil fiontair na hEorpa; á chur i bhfáth nach mór rochtain éasca a bheith ag iarratasóirí beaga ar ionstraimí CEI, agus á iarraidh ar CEI a nósanna imeachta iarratais a chuíchóiriú dá réir sin; á iarraidh go méadófaí buiséad CEI atá tiomnaithe d’éiceachóras caipitil fiontair an Aontais, i gcomhréir leis an moladh i dtuarascáil Draghi; á iarraidh freisin go dtabharfaí isteach ráthaíochtaí céadchaillteanais agus ionstraimí in-chomhshóite atá dírithe ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí atá ag méadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur béim ar ról Ghrúpa BEI mar phríomh-ranncuiditheoir le héiceachóras caipitil fiontair agus cothromais phríobháidigh na hEorpa a fhorbairt, ach ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le tuilleadh oibre chun tacú leis an nuálaíocht Eorpach tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta chun uas-scálú a dhéanamh agus rochtain a fháil ar chistiú ar feadh a saolré; ag tabhairt dá haire, cé go sreabhann sciar d’infheistíocht phríobháideach cheana féin trí chistí caipitil fiontair, nach leor fós é agus go bhfuil sé dáilte go míchothrom ar fud na mBallstát; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh aontas na margaí caipitil cabhrú le haghaidh a thabhairt ar an éagothroime sin agus feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú ar fud na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé cruthaithe gur cumhachtach na huirlisí iad ionstraimí dí-rioscaithe agus ráthaíochtaí buiséadacha a chuireann an tAontas ar fáil; á mheas gur cheart leanúint ar aghaidh go héifeachtach leis an dí-rioscú, go háirithe i gcás infheistíochtaí in earnálacha nuálacha agus straitéiseacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir na meastóireachta eatramhaí ar chlár InvestEU, go bhféadfadh sé go rachadh imchlúdaigh le haghaidh go leor táirgí airgeadais in éag faoi dheireadh 2025 gan treisithe buiséadacha; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an togra ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 chun cistiú breise a chur ar fáil do InvestEU; á iarraidh go ndéanfaí maoiniú a dháileadh go cothrom ar bhonn geografach faoi InvestEU, go háirithe maidir le Ballstáit bheaga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil cistí cáiníocóra mar bhonn agus mar thaca faoi ráthaíochtaí buiséadacha an Aontais agus go bhféadfadh tionchar díreach a bheith ag na mainneachtana ar thionscadail a fhaigheann tacaíocht ó BEI ar bhuiséad an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi leathnú leanúnach líonra BEI de bhainc Eorpacha le haghaidh spreagadh agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile chun cabhrú le tuilleadh leasa a bhaint as infheistíocht phoiblí agus phríobháideach, agus chun cumhdach leathan geografach agus earnála a áirithiú; á mheabhrú go ndéanann BEI InvestEU a chur chun feidhme 75 %; á iarraidh go ndéanfadh comhpháirt ionstraime airgeadais an Chiste Iomaíochais úsáid a bhaint as saineolas na mbanc agus na n-institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh (BINSanna), go háirithe an t-eolas atá acu ar ghníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha; sa chomhthéacs sin, á iarraidh go ndéanfaí an cumasc ar ionstraimí idir BEI agus BINSanna a fhiosrú tuilleadh, lena n-áiritheofaí nach ndéanfadh na hionstraimí sin na cistí atá tiomnaithe cheana do BINSanna a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar BEI a iasachtaí lamháltais d’idirghabhálaithe airgeadais áitiúla agus náisiúnta a mhéadú, lena n-áirítear do chuibhreannais ráthaíochtaí creidmheasa, d’institiúidí micreamhaoiniúcháin, do bhainc eiticiúla agus do struchtúir ráthaíochta comhchoiteanna atá ag obair chun rochtain ar chreidmheas do FBManna a éascú, agus béim ar leith á leagan ar cheantair thuaithe, ar limistéir intíre agus oileánacha, ar na réigiúin is forimeallaí, agus ar limistéir a bhfuil aistrithe eacnamaíocha agus comhshaoil á ndéanamh orthu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ról BEI mar bhanc aeráide an Aontais a chomhdhlúthú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag aithint ról BEI mar bhanc aeráide agus a ailíniú le creat airgeadais inbhuanaithe an Aontais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, comhtháthú critéar tacsanomaíochta<FOOTNOTE><FIELD> An Banc Eorpach Infheistíochta, <STRING ITALIC="on">Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht Comhshaoil an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – Liosta na n-earnálacha incháilithe agus na gcritéar incháilitheachta</STRING>, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>, tacú leis an aistriú trí mhaoiniú a chur ar fáil i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe agus glana agus tacú le hiarrachtaí an Aontais geilleagar an Aontais a dhícharbónú; á mheabhrú nach mór do shreafaí airgeadais BEI a bheith comhsheasmhach le sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht faoi 2050 agus le cuspóirí aeráide do 2030; ag tabhairt dá haire go gceanglaítear go conarthach ar chliaint chorparáideacha uile mhaoiniú BEI straitéis inchreidte ailínithe Pháras a fhoilsiú (‘pleananna dícharbónaithe’)<FOOTNOTE><FIELD> Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, <STRING ITALIC="on">Creat Ailínithe Pháras – Ísealcharbóin</STRING>, <STRING ITALIC="on">Leagan 1.1,</STRING> 2023; Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, <STRING ITALIC="on">Treochlár Bhanc Aeráide Ghrúpa BEI 2021-2025</STRING>, Samhain 2020.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi infheistíochtaí aeráide agus comhshaoil BEI, arbh ionann iad agus EUR 50,7 billiún san iomlán in 2024, lena sáraítear an sprioc 50 % ar a laghad den mhaoiniú iomlán a dhíriú chuig gníomhú ar son na haeráide agus chuig inbhuanaitheacht comhshaoil; á iarraidh ar BEI seasamh lena ardleibhéal uaillmhéine, agus béim á leagan ag an am céanna go bhfeabhsaíonn an gealltanas sin iomaíochas, slándáil fuinnimh agus athléimneacht thionsclaíoch an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú nach mór don aistriú aeráide a bheith cuimsitheach, cothrom agus iomaíoch agus nach mór infheistíochtaí glasa a bheith inmharthana; ag dréim leis, dá bhrí sin, go ndéanfaidh BEI leas a bhaint as a iasachtú, a ionstraimí airgeadais, a chúnamh teicniúil agus a sheirbhísí comhairleacha chun tacú le saoránaigh agus le gnólachtaí a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha rompu a eascraíonn as a n-iarrachtaí aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050; á chur i bhfáth gur gá tacú le hathstruchtúrú tionsclaíoch, le hathsciliú an lucht saothair, agus le deiseanna nua fostaíochta sna réigiúin atá buailte a chruthú; á iarraidh ar BEI tacú le tionscadail lena soláthraítear rochtain inacmhainne ar fhuinneamh in-athnuaite, ar thithíocht agus ar sheirbhísí poiblí, ar thionscnaimh faoi stiúir an phobail, agus ar thionscadail bheaga ina ndírítear go háirithe ar an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac mar thosaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi infheistíochtaí BEI san fhuinneamh in-athnuaite, san éifeachtúlacht fuinnimh, in idirnascairí agus in eangacha agus stóráil leictreachais, lena n-áirítear a thacaíocht do REPowerEU; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé díriú ar thionscadail a bhfuil ardtionchar eacnamaíoch agus buntáistí intomhaiste ó thaobh na haeráide de acu; á iarraidh ar BEI ról a bheith aige chun caipiteal príobháideach a shlógadh le haghaidh infheistíochtaí eangaí chun tacú le praghsanna fuinnimh níos ísle; ag aithint, go háirithe, na hinfheistíochta méadaithe i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn le haghaidh leictriú tionsclaíoch agus dícharbónú, lena n-aithnítear an ról atá acu chun tacú leis an aistriú chuig aeráidneodracht trí astaíochtaí ó earnálacha tionsclaíocha a bhfuil sé deacair srian a chur leo a laghdú, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an soláthar uisce i réigiúin áirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar chostais arda fuinnimh san Aontas chun iomaíochas na gcuideachtaí Eorpacha a fheabhsú; á chur i bhfios go bhfuil soláthar cobhsaí fuinnimh ar phraghsanna iomaíocha ar cheann de bhunchlocha beartais thionsclaíoch rathúil; á iarraidh ar Ghrúpa BEI tacú go háirithe le FBManna a bhfuil brú costais a bhaineann le fuinneamh os a gcomhair, lena n-áirítear trí mhaoiniú spriocdhírithe agus seirbhísí comhairleacha chun éifeachtúlacht agus athléimneacht fuinnimh a fheabhsú; á iarraidh ar BEI leanúint de thacaíocht a thabhairt do thionscail dianfhuinnimh, chun a áirithiú go mbeidh an earnáil thar a bheith straitéiseach sin ábalta an t-aistriú fuinnimh a bhainistiú go rathúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ról formhaoirseachta inmheánaí ag Coiste Iniúchóireachta BEI; á chur i bhfios nach ndéantar aon mhaoirseacht stuamachta sheachtrach i gcomhréir le caighdeáin mhaoirseachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, seachas i réimse an bhainistithe leachtachta; ag moladh dá Bhord Gobharnóirí, i bhfianaise mhéid, chastacht agus shainiúlachtaí shamhail ghnó BEI, socruithe iomchuí a dhéanamh leis na caighdeáin is airde maoirseachta stuamachta seachtraí a chomhlíonadh, agus fós na hoiriúnuithe is gá arna n-eascairt as samhail ghnó uathúil BEI a chur i gcuntas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i ndomhan ina bhfuil an neamhchinnteacht i dtreis, gur cheart infheistíochtaí a dhíriú ar ullmhacht an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar shuaití; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíocht mhéadaithe san oiriúnú don athrú aeráide agus san athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide; á mholadh go ndéanfaí tuilleadh taighde agus forbartha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nuálacha, ar mhaithe le hullmhacht don aeráid; á iarraidh go bhfeabhsófaí rochtain ar mhaoiniú do FBManna i dteicneolaíochtaí glasa nuálacha; á mheabhrú go neartaíonn an teicneolaíocht ghlan ceannasacht an Aontais agus go bhfuil sí bunriachtanach don iomaíochas, ach go bhfuil dúshláin chistiúcháin níos mó fós le sárú aici mar gheall ar an bpréimh ghlas i gcomparáid leis na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair; á thabhairt chun suntais gur iarradh i dtuarascáil Draghi go mbeadh níos mó scéimeanna ráthaíochta poiblí agus frithráthaíochta ann chun na rioscaí infheistíochta a bhaineann le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glaine a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mheabhrú gurbh é BEI an chéad eisitheoir bannaí glasa agus gurb é anois an t‑eisitheoir ilairgeadra is mó a eisíonn bannaí glasa; á chur in iúl gur geal léi gur eisigh BEI a chéad Bhanna um Fheasacht Aeráide an 2 Aibreán 2025 atá ailínithe le Rialachán Chaighdeán Bannaí Glasa an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag BEI maidir le margadh na mbannaí glasa a fhorbairt, lena gcuirtear réitigh mhaoiniúcháin ar fáil do chuideachtaí inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Ghrúpa BEI ceannaireacht an Aontais i mbannaí glasa agus digiteacha a choimeád;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag meabhrú thiomantas BEI don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus don Chreat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020 agus ag tacú le hinfheistíochtaí BEI i gcosaint na bithéagsúlachta agus i gcaomhnú acmhainní nádúrtha; á chur in iúl gur geal léi comhaontú BEI agus na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil chun a gcomhar maidir leis an mbithéagsúlacht agus gníomhaíochtaí ar son na haeráide a dhoimhniú; ag cur béim ar an bhfíoras, chun na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le hathbhunú, caomhnú agus cosaint na bithéagsúlachta agus an dúlra a bhaint amach, gur cheart scéimeanna maoiniúcháin tarraingteacha a chur ar fáil do thairbhithe ionchasacha chun bheith rannpháirteach sna cleachtais sin ar bhonn deonach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tsíocháin, an tslándáil agus an chosaint a mhaoiniú </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chuige réamhghníomhach BEI i réimse na slándála agus na cosanta; á thabhairt chun suntais gur mhéadaigh an infheistíocht san earnáil sin faoi dhó in 2024 go EUR 1 bhilliún, agus go bhfuil sé beartaithe le plean 2025 BEI í a dhúbailt arís go EUR 2 bhilliún, an leibhéal is airde riamh; á chur i bhfáth gur féidir le hinfheistíocht mhéadaithe BEI in earnáil na cosanta infheistíocht na mbanc tráchtála san earnáil a spreagadh; ag tabhairt dá haire, áfach, gurb ionann na méideanna sin agus níos lú ná 1,1 % d’infheistíochtaí BEI do 2024 (EUR 88,8 billiún), agus 2,2 % dá chuspóirí maoiniúcháin do 2025 (EUR 95 bhilliún) agus ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir leo ach ról comhlántach a bheith acu maidir le haghaidh a thabhairt ar an maoiniú nua a mheastar a bheith idir EUR 33,6 billiún agus EUR 48 mbilliún i maoiniú nua a éilítear faoi 2030 do chuideachtaí cosanta chun freastal don mhéadú ar orduithe a bhfuiltear ag dréim leis faoin bplean ReArm Europe / Readiness 2030; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá cistiú ar an leibhéal Eorpach chun freastal do riachtanais shuntasacha chistiúcháin na mBallstát; á chur i bhfios go láidir nach mór aon chistiú struchtúrach cosanta Eorpach a bheidh ann amach anseo a cheapadh le coinníollacha soiléire agus formhaoirseacht láidir, agus leas á bhaint as na ceachtanna atá foghlamtha ó ionstraimí atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tacú le ról leanúnach agus neartaithe BEI chun slándáil na hEorpa a neartú trí infheistíochtaí spriocdhírithe i mbonneagar cosanta agus sibhialtach araon, agus á chur i bhfáth gur gá infheistíochtaí straitéiseacha a dhíriú ar thionscadail lena soláthraítear breisluach Eorpach agus ar theicneolaíochtaí dé-úsáide a rannchuidíonn le cuspóirí sibhialta agus cosanta araon, i gcomhréir le spriocanna uileghabhálacha an Aontais chun nuálaíocht a chothú agus slándáil agus athléimneacht an Aontais a fheabhsú; á chur i bhfáth go mbraitheann nuálaíocht éifeachtach cosanta ar dhlúthchomhar idir an saol acadúil, institiúidí taighde agus an tionscal príobháideach, agus ag moladh do BEI gníomhú mar chatalaíoch chun comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí fadtéarmacha a struchtúrú trí ionstraimí airgeadais spriocdhírithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi plean BEI chun athbhreithniú a dhéanamh ar a chreat oibríochtúil, lena mbunaítear sprioc thiomnaithe idirdhisciplíneach beartais phoiblí chun síocháin agus slándáil na hEorpa a fheabhsú, le tacaíocht ó leithdháileadh uaillmhianach airgeadais agus caipitil<FOOTNOTE><FIELD> Litir ó Uachtarán BEI, Nadia Calviño, chuig ceannairí an Aontais an 4 Márta 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tacú, dá bhrí sin, le cinneadh Bhord BEI an 21 Márta 2025 chun Tionscnamh Straitéiseach um Shlándáil na hEorpa (SESI) 2022 BEI a chomhtháthú i gcuspóir beartais phoiblí trasearnála, lena gcomhlánaítear na spriocanna beartais phoiblí atá ann cheana; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach mór aon ghníomhaíocht i réimse na cosanta a bheith faoi réir paraiméadair airgeadais iomchuí, nach mór measúnú riosca rialta agus formhaoirseacht thrédhearcach a dhéanamh orthu agus nach mór nósanna imeachta láidre bainistithe riosca a bheith ag gabháil leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh comhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ghrúpa BEI chun ciste cistí ar a dtugtar an tSaoráid Cothromais Cosanta a chur ar bun, trína fhochuideachta CEI, ag a mbeidh buiséad EUR 175 mhilliún idir 2024 agus 2027, chun tacú le hinfheistíocht phríobháideach i FBManna Eorpacha atá ag forbairt teicneolaíochtaí nuálacha cosanta dé-úsáide, agus chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar riachtanais maoiniúcháin cothromais cuideachtaí i mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta an Aontais, a mheastar a bheith idir EUR 6,8 billiún agus EUR 20 billiún faoi 2030, chun freastal don mhéadú ar orduithe a bhfuiltear ag súil leis faoin bplean ReArm Europe / Readiness 2030;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag aithint chinneadh Bhord BEI an 21 Márta 2025 chun critéir incháilitheachta Ghrúpa BEI le haghaidh infheistíochtaí slándála agus cosanta a leathnú, lena dteorannaítear gníomhaíochtaí eisiata, i gcomhréir leis na tograí atá formheasta ag ceannairí an Aontais ag an gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025, chomh maith le formheas Phlean Gníomhaíochta Slándála agus Cosanta Ghrúpa BEI i mí na Bealtaine 2024, arbh é ab aidhm dó tacaíocht do thionscal slándála agus cosanta an Aontais a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, faoin bplean sin, go gcuireann Grúpa BEI maoiniú ar fáil do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha atá ag feidhmiú in earnáil na slándála agus na cosanta i gcomhréir le prionsabal na dé-úsáide, lena gcoimeádtar an ceanglas maidir le ‘húsáid shibhialta inchreidte’ agus deireadh á chur leis an tástáil ioncaim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag cur sonrú sa chinneadh ó Bhord BEI an 21 Márta 2025 nach mbeidh aon uasteorainn sheasta ann le haghaidh infheistíochtaí slándála agus cosanta, agus go gcinnfear méideanna cistiúcháin go bliantúil i bPlean Oibríochtúil Ghrúpa BEI; á iarraidh ar BEI soiléiriú a dhéanamh ar na himpleachtaí ionchasacha atá ag an gcinneadh sin do réimsí beartais eile agus d’oibríochtaí foriomlána BEI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á mholadh gur cheart do BEI machnamh agus meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar a ról, chomh maith le raon feidhme na n-infheistíochtaí incháilithe, chun rannchuidiú le síocháin agus slándáil na hEorpa mar a leagtar amach sa pháipéar bán ón gCoimisiún ar thodhchaí chosaint na hEorpa, go háirithe i bhfianaise an ghá phráinnigh atá ann earnáil cosanta na hEorpa a mhéadú agus slándáil fhadtéarmach agus uathriail straitéiseach fhadtéarmach a áirithiú; ag tabhairt rabhaidh nach mór d’aon choigeartú ar chritéir incháilitheachta nó cistiú Ghrúpa BEI chun ailíniú le tosaíochtaí nua staid airgeadais an Ghrúpa a choimirciú agus maoiniú éifeachtach ar thosaíochtaí straitéiseacha eile an Aontais a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit liosta eisiaimh BEI a leasú chun maoiniú arm agus armlóin a chumasú a théann níos faide ná teicneolaíochtaí dé-úsáide amháin, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le tionscal cosanta na hEorpa a fhorbairt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa bhonneagar sóisialta, sa bheartas comhtháthaithe agus sa tithíocht </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi croíthosaíochtaí straitéiseacha BEI chun bonneagar sóisialta na hEorpa agus beartas comhtháthaithe nua-aimseartha a threisiú le haghaidh fás cuimsitheach agus inbhuanaithe ar fud na hEorpa; á chur in iúl gur mór aici gur gheall BEI ina Threoshuíomh Comhtháthaithe 2021-2027, 40 % ar a laghad dá mhaoiniú iomlán san Aontas a thiomnú idir 2022 agus 2024 do thionscadail i réigiúin chomhtháthaithe, agus in 2024, gurbh ionann an maoiniú sin agus 48 % d’iasachtú iomlán an Aontais; á iarraidh ar BEI leanúint de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an bhonneagair, lena n-áirítear infheistíochtaí in iarnróid, i gcúram sláinte agus i mbonneagar sóisialta, atá ríthábhachtach don chomhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch, don athléimneacht agus don fhás cuimsitheach; á chur i bhfios go láidir, as measc na n‑éiginnteachtaí geopholaitiúla agus eacnamaíocha, gur féidir le BEI réitigh fhadtéarmacha a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim an chostais maireachtála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag forbairt scileanna chun fás inbhuanaithe fadtéarmach, fostaíocht agus iomaíochas a chur chun cinn san Aontas; á chur i bhfios go láidir nach é amháin go ndéanann tionscnaimh mhaoiniúcháin atá dírithe ar bhorradh a chur faoin gcaipiteal daonna an nuálaíocht agus an táirgiúlacht a chothú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhargadh an tsaothair ach go ndéantar leo an comhtháthú sóisialta agus an athléimneacht eacnamaíoch a neartú freisin; á iarraidh ar BEI dlús a chur le hinfheistíochtaí san oideachas, san oiliúint, san uas-sciliú agus san athsciliú, agus sa tsláinte, i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhoibriú le tionscnaimh na mBallstát sna réimsí sin, arb é is aidhm dóibh a dtionchar a chomhlánú agus a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gealltanas BEI aghaidh a thabhairt ar dhúshlán chliseadh dúbailte an mhargaidh san earnáil tithíochta, lena n-áirítear an soláthar neamhleor tithíochta inacmhainne agus fuinneamhéifeachtúla, chomh maith le cliseadh an mhargaidh éifeachtúlacht fuinnimh an stoic tithíochta atá ann faoi láthair a mhéadú; ag cur sonrú sna difríochtaí atá idir na Ballstáit sa dá bheartas agus méid na dteipeanna margaidh réamhluaite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ‘Plean Gníomhaíochta BEI maidir le Tithíocht Inacmhainne agus Inbhuanaithe’ ina bhfuil infheistíochtaí EUR 10 mbilliún beartaithe sa dá bhliain atá amach romhainn; ag tarraingt aird ar an toradh a bhí ar anailís Ghrúpa BEI agus ar chruinniú na ngeallsealbhóirí, inar léiríodh bearna mheasta bhliantúil infheistíochta poiblí agus príobháidí ó EUR 300 billiún go EUR 400 billiún a bhfuil gá léi chun 1,5 milliún aonad tithíochta nua a thógáil agus chun cúig mhilliún aonad breise a athchóiriú gach bliain; ag moladh do BEI chun níos mó maoinithe a shlógadh do thionscadail tithíochta inacmhainne ar fud na mBallstát; á iarraidh ar BEI díriú ar fhorbairt uirbeach inbhuanaithe trína áirithiú go gcomhlíonfar riachtanais tithíochta agus bhonneagair an Aontais ar mhaithe le hEoraip níos láidre, níos inbhuanaithe, níos comhtháite agus níos rathúla a bheith ann, lena n-áirítear infheistíochtaí chun an bonneagar atá ann cheana a athshlánú, agus béim á leagan ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail athghiniúna uirbí agus do thionscadail lena ndéantar seanfhoirgnimh nó foirgnimh thréigthe a thiontú ina dtithíocht shóisialta nua-aimseartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar BEI ualach difreáilte na gcostas tithíochta ar ghrúpaí ioncaim agus ar struchtúir teaghlaigh éagsúla a chur i gcuntas, go háirithe ós rud é go bhfuil roinnt grúpaí ar ioncam íseal i mbaol imeallaithe; ag moladh do BEI comhoibriú le bainc infheistíochta poiblí Eorpacha eile, le hinstitiúidí airgeadais poiblí áitiúla, le rialtais áitiúla, agus le cuideachtaí tithíochta comhoibrithí agus sóisialta chun réitigh tithíochta a mhaoiniú do ghrúpaí leochaileacha agus ar ioncam íseal; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag BEI a fhócas ar T&N i réimse na tithíochta a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar BEI tacaíocht airgeadais a mhéadú trí tháirgí airgeadais caighdeánaithe réamhdhéanta a chur in úsáid i bhfuinneamh agus in athchóiriú foirgneamh; á thabhairt chun suntais gur samhail nuálach í samhail BEI ‘tionscnamh go dáileadh’, lena dtreoraítear coigilteas infheisteoirí institiúideacha, a d’fhéadfadh rannchuidiú le comhtháthú mhargaí caipitil an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag BEI tacaíocht airgeadais agus chomhairleach a leathnú do thithíocht inacmhainne, go háirithe do na glúnta óga; ag spreagadh dlúthshineirge agus dlúthmhalartú leis an gCoimisiún, leis na bardais agus leis na húdaráis áitiúla, le soláthraithe tithíochta comhoibrithí, le comhlachais tithíochta agus le hearnáil na tógála, lena ndéantar dea-chleachtas a mhalartú agus comhar uile-Eorpach a chur chun cinn; á iarraidh ar BEI tacú le tionscadail lena soláthraítear rochtain inacmhainne ar fhuinneamh in-athnuaite, ar thithíocht agus ar sheirbhísí poiblí, ar thionscnaimh faoi stiúir an phobail, agus ar thionscadail bheaga lena ndírítear go háirithe ar an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an talmhaíocht agus an bithgheilleagar i measc phríomhthosaíochtaí Ghrúpa BEI; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an talmhaíocht ina príomhspreagadh don fhás agus don fhorbairt i gceantair thuaithe agus go bhfuil ról suntasach ag feabhsú na tacaíochta agus ag cothú na nuálaíochta don earnáil ríthábhachtach sin maidir leis an tslándáil bia a áirithiú; ag cur béim ar na dúshláin airgeadais atá roimh fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí óga, ag tabhairt dá haire go mbíonn rátaí ratha níos ísle ag feirmeoirí agus ag na fiontair san earnáil sin agus iad ag cur isteach ar mhaoiniú; á iarraidh ar Ghrúpa BEI a rannpháirtíocht in earnáil na talmhaíochta a mhéadú trí rochtain ar chistiú a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar BEI dlús a chur lena iarrachtaí chun fostaíocht don aos óg a chur chun cinn, go háirithe trí thacú le tionscadail agus cláir a chothaíonn fiontraíocht i measc na hóige, rochtain ar fhostaíocht, gairmoiliúint agus nuálaíocht, chun rannchuidiú le forbairt chríochach níos cothroime agus níos cuimsithí agus chun cabhrú le himirce daoine oilte a shrianadh, go háirithe i réigiúin oileánacha an Aontais agus i limistéir atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An t-aistriú digiteach agus teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar BEI maoiniú do neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais sa réimse digiteach a neartú agus taighde a chur chun cinn, tacú le bonneagar digiteach Eorpach a fhorbairt, teicneolaíochtaí nua agus suaiteacha amhail IS agus ríomhaireacht chandamach a chothú, agus fás gnólachtaí nuathionscanta digiteacha a chumasú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé bearnaí digiteacha a dhúnadh, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain araon, chun rochtain chuimsitheach ar bhonneagar digiteach agus ar sheirbhísí digiteacha a áirithiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí digiteacha BEI a ailíniú le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais amhail spriocanna na Deacáide Digití, lena n-áirítear nascacht, scileanna digiteacha agus claochlú digiteach gnólachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tacú le leathnú an Tionscnaimh um Sheaimpíní Teicneolaíochta Eorpacha (TSTE) ag CEI chun caipiteal príobháideach a mhealladh chun gnólachtaí nuathionscanta nuálacha a uas-scálú ina gceannairí domhanda rathúla, lena n-áirithítear go bhfanann cuideachtaí agus teicneolaíochtaí a bhfuil bunús Eorpach leo san Aontas le linn chéim dhéanach an fháis; á thabhairt chun suntais gur gá dlús a chur le himscaradh TSTE atá ann faoi láthair chun coinneáil suas le luas na nuálaíochta agus na ngnólachtaí nuathionscanta; á iarraidh, thairis sin, go gcuirfí le taithí rathúil TSTE chun tionscnaimh chomhchosúla eile a fhorbairt chun leanúint de thacaíocht a thabhairt don aistriú digiteach agus d’earnálacha straitéiseacha eile, agus ag moladh do CEI féachaint an bhféadfaí an dara glúin den tionscnamh sin a chur ar bun chomh maith le féachaint an bhféadfaí infheistíocht a dhéanamh i gcistí cistí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh ról níos mó a bheith ag infheisteoirí institiúideacha san Eoraip chun tacú le caipiteal fiontair, go háirithe do ghnólachtaí atá i mbun fáis; ag tathant ar Ghrúpa BEI, dá bhrí sin, Fóram Teicneolaíochta Eorpach a chruthú, lena dtabharfar le chéile an t-éiceachóras caipitil fiontair, chun go mbeidh infheisteoirí institiúideacha rannpháirteach de réir shamhail thionscnamh Tibi<FOOTNOTE><FIELD> Tibi, P., ‘An Ceathrú Réabhlóid Thionsclaíoch a Mhaoiniú – An tsáinn mhaoiniúcháin a réiteach do chuideachtaí teicneolaíochta’, Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na Fraince, Iúil 2019.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar BEI deiseanna a thabhairt do na hinfheisteoirí sin chun cur lena saineolas agus chun roghnú a bheith rannpháirteach i scéimeanna comhinfheistíochta idir CEI agus infheisteoirí institiúideacha, ar théarmaí trédhearcacha agus réamhaontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’aidhm ag an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan clár TechEU a fhorbairt le BEI; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh sprioc shonrach leithdháilte ag an gciste sin do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar BEI tacú le cumais chibearshlándála a neartú san Aontas, chun an Eoraip a dhéanamh níos athléimní agus feabhas á chur ar an gcomhar atá ann cheana idir na Ballstáit agus chun eintitis chriticiúla agus seirbhísí bunriachtanacha a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil slándáil sholáthar na n-amhábhar criticiúil (CRManna) ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach, d’earnáil na cosanta agus do bhonn tionsclaíoch an Aontais i gcoitinne; ag meabhrú an róil atá ag BEI i gComhghuaillíocht Amhábhar an Aontais agus aidhm an Aontais chun bheith níos neamhspleáiche a mhéid a bhaineann le soláthar CRM; ag cur béim ar a thábhachtaí atá cur chuige an gheilleagair chiorclaigh i leith CRM, chun spleáchas an Aontais ar thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú agus chun borradh a chur faoina neamhspleáchas straitéiseach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar BEI tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in earnáil CRM chun athléimneacht in amhábhair a fheabhsú agus béim ar leith á leagan ar amhábhair thánaisteacha a athchúrsáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh ar BEI tacú le claochlú teicneolaíoch cuideachtaí Eorpacha, chomh maith le scileanna digiteacha a fhorbairt i measc fostaithe agus fiontraithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comharsanacht BEI agus Global Gateway</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tacaíocht ríthábhachtach BEI don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach iomlán, gan údar agus neamhdhleathach na Rúise; á iarraidh go méadófaí ráthaíochtaí buiséid an Aontais chun ligean do BEI leanúint d’oibríochtaí na hearnála poiblí agus príobháidí san Úcráin a chur i gcrích agus a neartú, lena dtacaítear le dúshláin eacnamaíocha láithreacha na hÚcráine, ach lena mbeartaítear freisin atógáil na tíre sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, chun spleáchas ar thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú, go bhfuil sé bunriachtanach bonneagar athléimneach atá faoi rialú na hEorpa a imscaradh, i réimsí na cumarsáide satailíte, an fhuinnimh agus na lóistíochta, as measc réimsí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag BEI maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus do thíortha lasmuigh den Aontas, go háirithe tíortha is iarrthóirí, chun rochtain a fháil ar mhargaí caipitil riosca, lena leathnaítear, dá bhrí sin, deiseanna infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur i bhfáth, mar chuid de bhosca uirlisí gníomhaíochta seachtraí an Aontais, go bhfuil Global Gateway ríthábhachtach do sheasamh domhanda na hEorpa agus go bhfuil sé d’aidhm aici an córas iltaobhach riailbhunaithe, an fhorbairt inbhuanaithe, an daonlathas, cearta an duine, an comhionannas inscne agus an smacht reachta a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi ról BEI, mar phríomhbhanc forbartha an Aontais, ina leith sin; á mheabhrú a thábhachtaí atá ráthaíochtaí intuartha ó bhuiséad an Aontais chun a chur ar chumas BEI leanúint d’oibríochtaí a chur i gcrích lasmuigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí feabhas ar chleachtais trédhearcachta agus nochta i gcomhréir le bainc forbartha ilnáisiúnta eile, mar aon le sásra neamhspleách gearán a bhunú lenar féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar chasaoidí agus iad a leigheas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le sásraí éifeachtacha chun rannpháirtíocht agus cuntasacht na bpobal a ndéanann tionscadail arna maoiniú ag BEI difear dóibh a áirithiú chun a áirithiú go mbeidh tionscadail Global Gateway freagrúil do riachtanais áitiúla, go mbeidh siad íogair ó thaobh inscne de agus go mbeidh torthaí forbartha fóinteacha orthu; ag cur béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht an phobail, go háirithe i bpróisis phleanála, bhreithmheasa agus faireacháin BEI do CRManna, lena n-áirítear Saorthoil Fheasach Roimh Ré (FPIC) na bpobal dúchasach, amhail dá bhforáiltear i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI Domhanda oibríochtaí measctha a dhíriú ar réimsí inar féidir leo luach a chur leis an ngeilleagar áitiúil agus plódú amach caipitil phríobháidigh á sheachaint agus a áirithiú nach n-úsáidfear maoiniú cumaiscthe le haghaidh seirbhísí poiblí bunriachtanacha, go háirithe an tsláinte, an t-oideachas agus an chosaint shóisialta; á mheabhrú gur cheart do spriocanna beartais forbartha an Aontais, agus go háirithe an sprioc maidir le rochtain uilíoch agus inacmhainne ar chúram sláinte a fheabhsú, infheistíochtaí BEI sa réimse a threorú, chun torthaí sláinte níos fearr do chách a áirithiú, agus go háirithe i gcás na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag dréim leis go bhfreagróidh gníomhaíochtaí domhanda BEI go mear freisin do réaltachtaí atá ag teacht chun cinn agus do riachtanais phráinneacha; ag cur béim ar an mbearna i maoiniú na cabhrach forbraíochta a eascraíonn as bac na Stát Aontaithe ar chabhair agus as laghdú an chistithe i dtreo an Domhain Theas; á iarraidh go mbeadh tionscnaimh nithiúla ann chun géarchéimeanna daonnúla nó sláinte a chosc, chun tacú le trádáil, bonneagar agus comhtháthú réigiúnach pan-Afracach, agus chun naisc leis an Eoraip a neartú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag BEI Domhanda oibríochtaí ardriosca a mhéadú, rud a chumasaítear le sainordú na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (ICFCI-an Eoraip Dhomhanda);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí go bhfuil roinnt tionscadal arna gcistiú ag an Aontas lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear faoi Global Gateway, á dtógáil ag cuideachtaí na Síne, agus go bhfuil níos mó conarthaí arna gcistiú ag BEI á mbuachan ag gnólachtaí na Síne ar uairibh ná mar atá ag gnólachtaí an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún cothrom iomaíochta a áirithiú trí oibriú le BEI chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht cuideachtaí Eorpacha; ag moladh cleachtais soláthair lena dtugtar tús áite don chóimheas praghais/cáilíochta is fearr thar an bpraghas is ísle chun iomaíocht chóir a chur chun cinn agus chun ailíniú le luachanna an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí BEI, in éineacht le naoi mbanc forbartha iltaobhacha eile, a gcomhar a neartú maidir leis an dul chun cinn i dtreo na SDGanna a chur chun cinn; á iarraidh ar BEI leanúint de bheith ag comhoibriú le hinstitiúidí déthaobhacha agus iltaobhacha eile chun modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le haghaidh anailís tionchair ar fhorbairt, d’fhonn tionchair dhearfacha fhadtéarmacha agus breisluach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fógra ó BEI dlús a chur leis an tacaíocht d’earnálacha amhail soláthairtí uisce, gnólachtaí beaga, fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith le comhpháirtíochtaí laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain a threisiú tuilleadh, lena n-áirítear le gníomhaithe príobháideacha, chun an tionchar is mó is féidir a bhaint amach ar an láthair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialachas: cuntasacht agus trédhearcacht </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart cuntasacht dhaonlathach agus trédhearcacht níos fearr a bheith ag gabháil le ról méadaitheach BEI; lena n-áirítear doiciméid a bhaineann leis an tionscadal a fhoilsiú ar bhealach níos tráthúla; ag athdhearbhú a hiarrata ar chomhaontú idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus BEI a bheith ann chun an comhar atá acu cheana a chur ar bhonn foirmiúil agus a fheabhsú, lena n-áirítear trí idirphlé struchtúrtha rialta, rochtain fheabhsaithe ag Parlaimint na hEorpa ar dhoiciméid agus ar shonraí BEI, agus an fhéidearthacht do Pharlaimint na hEorpa ceisteanna i gcomhair freagraí i scríbhinn a chur faoi bhráid BEI, mar a fhoráiltear cheana don Bhanc Ceannais Eorpach; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar BEI forléargas soiléir simplithe a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa ar ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais lena chlár comhardaithe, lena chuntas lasmuigh den chlár comhardaithe, agus lena chuntas brabúis agus caillteanais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go n-áiritheodh BEI trédhearcacht agus inrianaitheacht iomlán na dtionscadal a chistítear, lena n-áirítear faisnéis níos mionsonraithe, chun formhaoirseacht chuí ag na geallsealbhóirí ábhartha uile a chumasú, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, seachas ag na haireachtaí amháin atá freagrach; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ghinearálta ar fhaighteoirí uile chistiú an Aontais aitheantas a thabhairt dá bhunús agus infheictheacht aon chistithe ón Aontas a fhaightear a áirithiú; á iarraidh ar Ghrúpa BEI a áirithiú go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh coinníollacha infheictheachta thacaíocht airgeadais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh ar BEI borradh a chur faoi rannpháirtíocht cuideachtaí Eorpacha i bpróisis soláthair a sheoltar le haghaidh tionscadail arna maoiniú ag BEI; ag moladh do BEI comhairle a thabhairt d’iasachtaithe tosaíocht a thabhairt d’incháilitheacht chuideachtaí Eorpacha chun iomaíochas na hEorpa a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go seasfadh Grúpa BEI leis na caighdeáin is airde chun gach cineál calaoise, imghabhála cánach, seachanta cánach, sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé bunriachtanach sláine mhaoiniú Ghrúpa BEI a choimirciú chun muinín an phobail agus úsáid éifeachtach acmhainní a áirithiú; ag cur sonrú sna fiosrúcháin a chuir an tOmbudsman Eorpach i gcrích agus sna himscrúduithe leanúnacha ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, agus ag dréim le soiléireacht iomlán agus obair leantach iomchuí, lena n-áirítear aon iarmhairtí riachtanacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI breithniú a dhéanamh ar chomhroinnt an tsaothair laistigh den Choiste Bainistíochta a ailíniú le moltaí ó institiúidí an Aontais, chun cabhrú le coinbhleachtaí leasa ionchasacha a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi creat 2024 chun aitheantas a thabhairt do cheardchumainn ag an mBanc Eorpach Infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi prionsabail BEI maidir le héagsúlacht, cothromas agus cuimsiú, lena n-áirítear an sprioc go mbeidh 40 % ar a laghad de na poist bhainistíochta ag mná faoi dheireadh 2026; á iarraidh go ndéanfaí ionadaíocht chothrom ó thaobh geografaíochta de ar náisiúntachtaí an Aontais i measc na foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá beartais BEI maidir le cearta an duine a neartú, lena n‑áirítear creat agus straitéis díchill chuí shoiléir agus éifeachtach maidir le cearta an duine a bhunú; á chur i bhfáth gur cheart do shaineolaithe neamhspleácha measúnuithe tionchair comhshaoil agus sóisialta a dhéanamh, agus gur cheart sásraí neamhspleácha fíorúcháin a thabhairt isteach chun formhaoirseacht a dhéanamh ar an bhféinfhaireachán agus ar an bhféintuairisciú a dhéanann cliaint BEI;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>