<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0151</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2025: iontráil bharrachas na bliana airgeadais 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0116/2025 -  Rapóirtéir:Victor Negrescu)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 ar an seasamh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2025 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2025 lena n-iontráiltear barrachas na bliana airgeadais 2024 (09619/2025 – C10-0125/2025 – 2025/0091(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 106(a) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 44 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2025, arna ghlacadh go cinntitheach an 27 Samhain 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/31, 27.2.2025<STRING ITALIC="on">,</STRING> http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2025, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 9 Aibreán 2025 (COM(2025)0350),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don seasamh ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2025 a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 16 Meitheamh 2025 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2025 (09619/2025 – C10-0125/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 96 agus 98 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0116/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2025 an barrachas a eascraíonn as cur chun feidhme na bliana airgeadais 2024, arb ionann é agus EUR 1 345 mhilliún, a iontráil i mbuiséad 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb iad na príomh-chomhpháirteanna den bharrachas sin ná toradh dearfach ar ioncaim EUR 1 072 milliún agus tearc-chaitheamh arb ionann é agus EUR 272.5 milliún;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, ar thaobh an ioncaim, gurb é príomhspreagadh do mhéid an bharrachais ná EUR 1 211 mhilliún in ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha; de bhrí go bhfuil olltoradh na n-acmhainní dílse i dTeideal 1 fós an-ghar do na méideanna arna mbuiséadú i mbuiséad 2024 (lena n-áirítear Buiséid leasaitheacha Uimh. 1-5);
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, ar thaobh an chaiteachais, gurbh ionann tearc-cur chun feidhme in íocaíochtaí ag na hinstitiúidí uile, lena n-áirítear leithreasuithe a tugadh anonn a chur ar ceal, agus EUR 273 mhilliún (arb ionann é agus 0.02 % de leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí údaraithe);
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur sonrú i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2025 mar a thíolaic an Coimisiún é, atá chun an barrachas ó 2024 a bhuiséadú, le haghaidh mhéid EUR 1 345 mhilliún, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) den Rialachán Airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil barrachas 2024 á spreagadh go príomha ag an méadú ar an éagsúlacht i dTeideal 4 (Ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha), cé go bhfuil an barrachas caiteachais fós an-réasúnta ag EUR 273 mhilliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go laghdaíonn buiséadú an bharrachais ranníocaíocht iomlán acmhainní dílse OIN-bhunaithe na mBallstát le maoiniú bhuiséad 2025 faoi mhéid comhréireach; á chur i bhfáth, tráth a bhfuil riachtanais mhaoiniúcháin fós ard, go háirithe do chostais ‘sháraithe’ EURI, agus go bhfuil an tsolúbthacht laistigh de bhuiséad an Aontais fós thar a bheith teoranta, gur cheart go gcoimeádfadh an buiséad leibhéal leordhóthanach solúbthachta chun a chur ar chumas an Aontais déileáil le himeachtaí gan choinne agus le tosaíochtaí nua a thagann chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil solúbthacht bhuiséad an Aontais ar cheann de na príomh-shaincheisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu sa chaibidlíocht don chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún freisin ollstruchtúr fónta agus marthanach a cheapadh don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile lena gcumasófar bainistiú inbhuanaithe na gcostas agus na ndliteanas neamhroghnach uile, lena gcaomhnófar go hiomlán cláir an Aontais agus solúbthacht agus acmhainneacht freagartha an bhuiséid, go háirithe maidir le tubaistí nádúrtha agus éigeandálaí sláinte, d’fhonn Straitéis Ullmhachta an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag meabhrú a seasaimh sheanbhunaithe gur cheart gnóthachain amhantair a eascraíonn as fíneálacha agus táillí, nó méideanna coibhéiseacha díobh, a úsáid mar ioncam forlíontach do bhuiséad an Aontais chun críocha freagairt ar ghéarchéimeanna nó riachtanais gan choinne agus nár cheart laghdú comhfhreagrach ar ranníocaíochtaí OIN-bhunaithe a bheith mar thoradh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur sonrú sa mhír ioncaim dhiúltaigh faoin Airteagal 425 nua, arb ionann í agus EUR 534 mhilliún agus á chur in iúl gur geal léi an modh sin chun costais a ionchorprú don bhuiséad a eascraíonn as íocaíochtaí a dhéantar faoi chomhaontú socraíochta lena mbaineann ús cúiteach agus cúiteamh ar ús mainneachtana a bhaineann le haisíoc fíneálacha iomaíochta a neamhníodh nó a laghdaíodh i gcomhréir le breithiúnais ábhartha na Cúirte Breithiúnais; á mheabhrú gur áitigh an Pharlaimint, nuair a bhí athmhúnlú an Rialacháin Airgeadais á chaibidliú aici, go gcuirfí an cur chuige sin i bhfeidhm ós rud é go mbeadh an réiteach malartach ina leithreasuithe caiteachais breise i gCeannteideal 7 a bhí faoi bhrú cheana féin; á mheabhrú go dtiocfaidh deireadh leis an réiteach sin an 31 Nollaig 2027; á iarraidh ar an gCoimisiún réiteach cinntitheach a mholadh le haghaidh an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile lena mbaintear amach an cuspóir céanna, mar atá, aon tionchar ar thaobh caiteachais an bhuiséid a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag cur béim ar an ngá atá le hioncam inbhuanaithe do bhuiséad an Aontais; á chur in iúl gur saoth léi, dá bhrí sin, nach bhfuil aon dul chun cinn déanta sa Chomhairle ar athchóiriú chóras na n-acmhainní dílse i gcomhréir le meon an treochláir atá ceangailteach ó thaobh dlí i gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020; ag meabhrú a seasaimh chun tacú leis na tograí leasaithe ón gCoimisiún agus ag tathant ar an gComhairle na tograí sin a ghlacadh mar ábhar práinne chun na hacmhainní dílse atá ar fáil do bhuiséad an Aontais a éagsúlú agus a chomhdhlúthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún leanúint de na hiarrachtaí chun fíoracmhainní dílse nua agus nuálacha breise a shainaithint mar aon le foinsí ioncaim eile sa bhreis orthu sin a shonraítear i gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020; á chur i bhfáth go bhfuil acmhainní dílse nua bunriachtanach ní hamháin chun aisíoc chostais iasachtaíochta NextGenerationEU a chumasú, ach chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann a riachtanais chaiteachais níos airde a chumhdach, go háirithe i gcomhthéacs na ndúshlán iomadúil atá roimh an Aontas faoi láthair, lena n-áirítear an comhthéacs geopholaitiúil nua; á mheas nach mór acmhainní nua airgeadais agus acmhainní úra breise a bheith i gceist le beartais agus dúshláin nua uile an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad leasaitheach Uimh. 1/2025 glactha go cinntitheach agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>