<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0152</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh: cúnamh don Ostair, don Pholainn, don tSeicia, don tSlóvaic agus don Mholdóiv a bhaineann le tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024 agus don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a bhaineann le tuilte a tharla i mí Dheireadh Fómhair 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0114/2025 -  Rapóirtéir: Andrzej Halicki)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ostair, don Pholainn, don tSeicia, don tSlóvaic agus don Mholdóiv i ndáil le tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024 agus don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin i ndáil le tuilte a tharla i mí Dheireadh Fómhair 2024 (COM(2025)0250 – C10-0102/2025 – 2025/0138(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0250 – C10‑0102/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe pointe 10 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 27 Feabhra 2024 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0082.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do thuairisc ón gCoiste um Fhostaíocht agus Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A10-0031/2024), laistigh de chreat an nós imeachta reachtach chun Rialachán (AE) 2024/3236 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 maidir le Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil (RESTORE)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3236, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3236/oj.</FIELD></FOOTNOTE> a ghlacadh, agus go háirithe don mheasúnú buiséadach ón gCoiste um Buiséid atá i gceangal leis an tuairisc sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Uimh. 1/2024 ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil - Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide (EUCRA)<FOOTNOTE><FIELD> https://www.eea.europa.eu/publications/european-climate-risk-assessment</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0114/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur thit leibhéil arda eisceachtúla báistí san Ostair i mí Mheán Fómhair 2024, rud ba chúis le tuilte tromchúiseacha as ar eascair damáistí díreacha iomlána arna meas ag údaráis na hOstaire ag EUR 1711,6 milliún;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur tharla báisteach throm in iardheisceart na Polainne i mí Mheán Fómhair 2024, as ar eascair tuilte roinnt aibhneacha as ar eascair damáistí díreacha iomlána arna meas ag údaráis na Polainne ag EUR 3,04 billiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, i mí Mheán Fómhair 2024, gur bhuail gaotha fíorláidre agus báisteach throm an tSeicia ar fad as ar eascair tuilte a chúisigh damáistí díreacha iomlána arna meas ag údaráis na Seice ag EUR 2,82 billiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, amhail ón 15 Meán Fómhair 2024, go raibh tuilte móra sa tSlóvaic, go háirithe sa Bhratasláiv agus sna réigiúin máguaird, rud a d’fhág gur tháinig méadú suntasach ar leibhéil aibhneacha na Danóibe agus na Moráive, as ar eascair damáistí díreacha iomlána arna meas ag údaráis na Slóvaice ag EUR 84,3 milliún;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, i mí Mheán Fómhair 2024, gur bhuail báisteach throm agus na tuilte a d’eascair as sin roinnt ceantar sa Mholdóiv, rud a d’fhág damáistí díreacha iomlána arna meas ag údaráis na Moldóive ag EUR 7,8 milliún;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2024, go raibh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin buailte ag báisteach throm a bhí ina cúis le tulcaí tubaisteacha, sciorrthaí talún agus tuilte i roinnt codanna den tír as ar eascair damáistí díreacha iomlána arna meas ag na húdaráis ag EUR 841,85 milliún;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil tarluithe thuasluaite arb iad tubaistí nádúrtha tromchúiseacha is cúis leo mar thoradh ar an athrú aeráide domhanda; de bhrí go ndeimhníonn Staid Aeráide na hEorpa 2024 gurbh é 2024 an bhliain ba theo a taifeadadh riamh san Eoraip agus gur sháraigh 30 % de ghréasán aibhneacha na mór-roinne an tairseach ‘ard’ tuilte agus gur sháraigh 12 % an tairseach ‘thromcúiseach’ tuillte, rud a d’fhág go raibh na tuilte is forleithne ann ó 2013 i leith;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht iomlán leis na híospartaigh uile, lena dteaghlaigh agus leis na daoine uile a buaileadh ag na tuilte millteacha san Ostair, sa Pholainn, sa tSeicia, sa tSlóvaic, sa Mholdóiv agus sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá páirteach sna hiarrachtaí fóirithinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar fhoirm inbhraite agus infheicthe de dhlúthpháirtíocht an Aontais lena shaoránaigh agus leis na réigiúin sna limistéir a buaileadh, lena n-áirítear iad siúd i dtíortha comhpháirtíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé na sochair nithiúla a eascraíonn as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a chur in iúl don phobal, agus feasacht na saoránach ar uirlisí agus cláir an Aontais a mhéadú tuilleadh sna Ballstáit agus i dtíortha atá i mbun caibidlíocht aontachais leis an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtubaistí nádúrtha tromchúiseacha, millteacha agus marfacha san Eoraip agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i mbearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin chun caillteanais dhaonna agus eacnamaíocha a sheachaint; á chur i bhfios go láidir go raibh éifeacht ag stoirmeacha agus tuilte in 2024 ar thart ar 413 000 duine, rud a d’fhág go bhfuair 335 duine ar a laghad bás agus go meastar gur chosain an damáiste ó stoirmeacha agus ó thuilte ar fud na hEorpa le linn na bliana EUR 18 mbilliún ar a laghad<FOOTNOTE><FIELD> Seirbhís Copernicus um an Athrú Aeráide (C3S) agus an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO), 2025: Staid Aeráide na hEorpa 2024, climate.copernicus.eu/ESOTC/2024, doi.org/10.24381/14j9-s541.</FIELD></FOOTNOTE>; á mheas gur cheart buiséad CDAE nó a choibhéis a leathnú go suntasach i bhfianaise an togra ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua agus na caibidlíochta idirinstitiúidí ina dhiaidh sin agus nach mór do CDAE nó dá choibhéis cúnamh a thabhairt do shaoránaigh atá i gcomhréir le méid na dtubaistí sin; ag tabhairt dá haire, dá méadófaí CDAE go suntasach, go gcuirfí ar chumas na mBallstát freagairt ar thubaistí ar bhealach níos éifeachtaí agus níos tapa agus ionstraimí eile á gcaomhnú ag an am céanna, go háirithe cistí comhtháthaithe nach é an príomhchuspóir atá leo freagairt ar thubaistí; ag tathant ar an gCoimisiún freisin féachaint ar na bealaí uile is féidir chun dlús a chur le slógadh CDAE, go háirithe trí na rialacha reatha a leasú agus réamhíocaíochtaí níos airde a dheonú do thíortha iarrthacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún ionstraimí tiomnaithe freagartha géarchéime a fhorbairt don tréimhse tar éis 2027, á aithint go bhfuil gá le sásraí airgeadais níos solúbtha agus níos saincheaptha ar leibhéal an Aontais mar gheall ar mhinicíocht agus déine mhéadaitheach tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte, éagobhsaíochta geopholaitiúla agus suaití eacnamaíocha; á chur i bhfios go láidir gur gá comhordú feabhsaithe le córais náisiúnta cosanta sibhialta agus le sásraí luathrabhaidh, lena n-áiritheofar freagairt do thubaistí atá níos comhtháite agus sonraíbhunaithe ar fud an Aontais; ag cur béim ar a thábhachtaí atá tacaíocht thiomnaithe don chomhar trasteorann agus réigiúnach maidir le hiarrachtaí ullmhachta, maolaithe agus téarnaimh, go háirithe i limistéir leochaileacha nó ardriosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfuil in CDAE ach ionstraim leigheasach agus gur cheart don Aontas leanúint d’aghaidh a thabhairt ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar mhaolú ar an athrú sin trí thacú le beartais Eorpacha agus náisiúnta chun tubaistí nádúrtha a chosc; á chur i bhfios go láidir gur tugadh rabhadh i dTuarascáil Uimh. 1/2024 ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">European Climate Risk Assessment’</STRING> [Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide] nach bhfuil an tAontas ullamh d’éifeachtaí an athraithe aeráide fiú má éiríonn leis an domhan an t-ardú teochta domhanda a choinneáil go 1.5 céim Celsius, mar a leagtar amach i gComhaontú Pháras, agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht chun a áirithiú nach sroichfidh na rioscaí aeráide sainaitheanta leibhéil chriticiúla; á mheabhrú go bhfuil gá le sineirgí éifeachtacha le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais agus á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna cistiúcháin, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus na cláir forbartha tuaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh go pras ar aon iarraidh réasúnaithe ó na Ballstáit cistí laistigh de na pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a ath-leithdháileadh ar chúnamh i gcás tubaistí nádúrtha, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj</STRING>).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth freisin go bhfuil gá le bearta coisctheacha, ní hamháin chun damáiste amach anseo a mhaolú ach freisin chun géarú ar dhálaí riosca i ndiaidh teagmhais thurraingeacha a chosc, amhail tuilte, falscaithe, sciorrthaí talún nó triomú lochanna agus aibhneacha; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór go mbeadh an atógáil uile a mhaoinítear le CDAE athléimneach ó thaobh na haeráide de; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá solúbthacht leormhaith idir na cláir éagsúla; á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh an cúnamh a sholáthraítear faoi CDAE dochar do chistiú an Aontais a fhaigheann na Ballstáit faoi bheartais nó cláir eile de chuid an Aontais; á mheabhrú gur féidir leis na Ballstáit Státchabhair a dheonú, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe do ghnólachtaí talmhaíochta a d’fhulaing damáistí de dheasca tubaistí nádúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann RESTORE agus na bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/3242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (AE) 2024/3242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit atá buailte ag tubaistí nádúrtha (IO L, 2024/3242, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3242/oj).</FIELD></FOOTNOTE> cúnamh breise ar fáil do na Ballstáit a bhuailtear le tubaistí nádúrtha trí sholúbthacht bhreise maidir le húsáid na gcistí; á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit leas a bhaint as na deiseanna nua; á chur i bhfios go láidir freisin go ndearna RESTORE solúbthacht theoranta a sholáthar do roinnt Ballstát toisc go bhfuil dul chun cinn mór déanta maidir le cur chun feidhme an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá measúnú tapa agus láidir ar dhamáiste lena dtugtar aird chuí ar na hiarmhairtí eacnamaíocha agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí oibríochtúla méadaithe ar mhaithe le laghdú a dhéanamh ar an meán-am chun réamhíocaíochtaí a scaoileadh chun cúnamh tráthúil a thairiscint do na réigiúin atá buailte ag tubaistí nádúrtha agus ag teagmhais adhaimsire agus buiséad an Aontais á chosaint ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit, i gcomhthéacs na mbeart freagartha agus téarnaimh do thubaistí, tosaíocht chuí a thabhairt do riachtanais an phobail lena mbaineann, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le cúnamh airgeadais láithreach a scaoileadh trí CDAE chun a áirithiú go dtabharfar tacaíocht, in am trátha, do na réigiúin dá ndearnadh difear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in I<STRING ITALIC="on">ris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ostair, don Pholainn, don tSeicia, don tSlóvaic agus don Mholdóiv i ndáil le tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024 agus don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i ndáil le tuilte a tharla i mí Dheireadh Fómhair 2024</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2025/1525.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>