<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0153</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh: Iarratas EGF/2025/000 TA 2025 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0115/2025 -  Rapóirtéir: Jean-Marc Germain)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh EGF/2025/000 TA 2025 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún (COM(2025)0680 – C10-0103/2025 – 2025/0135(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0680 – C10‑0103/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE> a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0115/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur bhunaigh an tAontas ionstraimí reachtacha agus buiséadacha chun tacaíocht bhreise a sholáthar d’oibrithe a bhfuil an domhandú agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil tar éis difear a dhéanamh dóibh, amhail athruithe ar phatrúin trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó comhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, agus an t-aistriú ionsar gheilleagar ísealcharbóin, nó mar thoradh ar an digitiú nó ar an uathoibriú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cheart cúnamh an Aontais d’oibrithe iomarcacha a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe arb é is aidhm leo tairbhithe a athimeascadh go mear i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe, agus iad a ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití, ag féachaint go cuí do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 i dtaca le cinntí a ghlacadh chun an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) a shlógadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur leathnaigh an tAontas raon feidhme CED ar dtús chun tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcás aon mhórtheagmhais athstruchtúraithe, agus, ar an gcaoi sin, chun éifeachtaí eacnamaíocha ghéarchéim COVID-19 a chumhdach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go leathnaíodh raon feidhme CED a thuilleadh le glacadh Rialachán CED nua in 2021 chuig mórtheagmhais athstruchtúraithe a tharla mar thoradh ar an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin nó mar thoradh ar an digitiú nó ar an uathoibriú, agus ag an am céanna an tairseach is gá do ghníomhachtú CED a laghdú ó 500 oibrí iomarcach go dtí 200;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go laghdaíonn an t-athbhreithniú CAI an t-uasmhéid bliantúil CED ó EUR 186 milliún go EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) 2020/2093 arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765; de bhrí nach mór do na hinstitiúidí uile a áirithiú, in ainneoin na laghduithe sin, gur féidir le hoibrithe ar cuireadh ar iomarcaíocht iad brath ar dhlúthpháirtíocht an Aontais trí thacaíocht ó CED;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán CED gur féidir 0,5 % den mhéid sin a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh caiteachas teicniúil agus riaracháin a bheith i gceist le cúnamh teicniúil do chur chun feidhme CED, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, mar aon le bailiú sonraí, lena n-áirítear i dtaca le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, gníomhaíochtaí cumarsáide agus na gníomhaíochtaí sin a chuireann le infheictheacht CED ina cháil mar chiste nó maidir le tionscadail shonracha agus bearta cúnaimh theicniúil eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gurb ionann an méid atá beartaithe de EUR 170 000 agus thart ar 0,49 % den bhuiséad bliantúil uasta atá ar fáil le haghaidh CED in 2025;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú le EUR 170 000 a shlógadh agus leis na bearta arna mholadh ag an gCoimisiún le bheith maoinithe mar chúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus (4) chomh maith le hAirteagal 12(2), (3) agus (4) de Rialachán CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair leanúnach ar nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh iarratais CED agus le haghaidh bhainistíocht CED ag úsáid nafheidhmeanna an chórais um malartú sonraí leictreonacha (an Comhchóras um Bainistíocht Cistí Comhroinnte - SFC), lenar féidir próiseáil na n-iarratas a éascú agus a dhéanamh níos tapúla, agus tuairisciú níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-úsáidfidh an Coimisiún an buiséad atá ar fáil faoin tacaíocht riaracháin chun cruinnithe a thionól de Shainghrúpa Daoine Teagmhála CED (beirt chomhaltaí ó gach Ballstát) agus seimineár amháin le rannpháirtíocht na gcomhlachtaí cur chun feidhme CED agus na gcomhpháirtithe sóisialta chun líonrú i measc Ballstát a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chuireadh a thabhairt go córasach don Pharlaimint go dtí na cruinnithe agus na seimineáir seo, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chreat-Chomhaontaithe maidir leis an gcaidreamh idir an Pharlaimint agus an Coimisiún.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na dea-chleachtais a forbraíodh le linn thréimhse phaindéim COVID-19 a oiriúnú, go háirithe bearta a d’fhéadfadh cabhrú le dlús a chur le haistriú cuimsitheach glas agus digiteach agus tacú le príomhthosaíochtaí an Aontais, amhail comhionannas inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios gur gá feasacht ghinearálta agus infheictheacht CED a neartú tuilleadh; á chur i bhfios gur féidir an sprioc sin a bhaint amach trí CED a chumhdach i bhfoilseacháin éagsúla agus i ngníomhaíochtaí closamhairc éagsúla an Choimisiúin dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán CED; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, suíomh gréasáin tiomnaithe a bheith curtha ar bun le haghaidh CED agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a nuashonrú agus a leathnú go rialta, chun infheictheacht dlúthpháirtíochta Eorpaí a léiríonn CED don phobal i gcoitinne agus trédhearcacht ghníomhaíocht an Aontais a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú do na Ballstáit is iarratasóirí go bhfuil ról lárnach acu i bhfógraíocht a dhéanamh go forleathan faoi na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag CED do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal i gcoitinne, mar a leagtar amach in Airteagal 12 de Rialachán CED; á iarraidh ar an gCoimisiún seiceáil chórasach a dhéanamh ar na Ballstáit do chomhlíonadh Rialachán CED, go háirithe Airteagal 12(1);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (EGF/2025/000 TA 2025 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2025/1524.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>