<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0155</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascálacha 2023 agus 2024 maidir leis an Albáin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0106/2025 -  Rapóirtéir: Andreas Schieder)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 ar thuarascáil 2023 agus tuarascáil 2024 ón gCoimisiún ar an Albáin (2025/2017(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 107, 28.4.2009, lch. 166, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2009/332/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas na hAlbáine ar bhallraíocht a ghlacadh san Aontas, arna chur isteach an 24 Aibreán 2009,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans’</STRING> [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte an Aontais do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2023 Communication on EU Enlargement Policy’</STRING> [Teachtaireacht 2023 maidir le Beartas an Aontais um Méadú] (COM(2023)0690), lena ngabhann an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Albania 2023 Report’</STRING> [Tuarascáil 2023 ar an Albáin] (SWD(2023)0690),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘Plean fáis nua do na Balcáin Thiar’ (COM(2023)0691),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais (COM(2024)0146),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 dar teideal ‘Tuarascáil 2024 ar an Smacht Reachta’ (COM(2024)0800), lena ngabhann an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2024 Rule of Law Report – Country Chapter on the rule of law situation in Albania’</STRING> [Tuarascáil 2024 ar an Smacht Reachta – Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta san Albáin] (SWD(2024)0828),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2024 Communication on EU enlargement policy’</STRING> [Teachtaireacht 2024 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú] (COM(2024)0690), lena ngabhann an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Albania 2024 Report’</STRING> [Tuarascáil 2024 ar an Albáin] (SWD(2024)0690),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Athchóirithe na hAlbáine a tíolacadh faoi Shaoráid Athchóirithe agus Fáis an Aontais, arna fhormheas ag an gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach an 29 Meán Fómhair 2023 ó Mhisean Breathnóireachta Toghcháin na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) san Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) ar thoghcháin áitiúla sin na hAlbáine a reáchtáladh an 14 Bealtaine 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach an 26 Iúil 2021 ó Mhisean Breathnóireachta Toghcháin ESCE/ODIHR maidir le toghcháin pharlaiminteacha sin na hAlbáine a bhí ar siúl an 25 Aibreán 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuairim Chomhpháirteach ó Choimisiún na Veinéise agus ó ESCE/ODIHR an 11 Nollaig 2020 maidir leis na leasuithe a rinneadh an 30 Iúil 2020 ar bhunreacht na hAlbáine agus na leasuithe a rinneadh an 5 Deireadh Fómhair 2020 ar chód toghcháin na hAlbáine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Shóifia a glacadh le linn an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a bhí ar siúl an 17 Bealtaine 2018, agus do Chlár Oibre Tosaíochtaí Shóifia san Iarscríbhinn a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Shágrab a glacadh le linn an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a bhí ar siúl an 6 Bealtaine 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na dearbhuithe a rinneadh le linn na gCruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a tionóladh sa Bhruiséil an 13 Nollaig 2023 agus an 18 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs Domhanda na dTuairisceoirí gan Teorainneacha i leith Shaoirse an Phreasa, 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú, 2024, arna chur i dtoll a chéile ag Transparency International,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil 2024 ar an mBearna Dhomhanda idir na hInscní a d’fhoilsigh an Fóram Eacnamaíoch Domhanda,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Albáin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0106/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb é an méadú an ionstraim beartais eachtraigh is éifeachtaí de chuid an Aontais agus gurb ionann é agus infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin fhadtéarmach, sa daonlathas, sa chobhsaíocht agus sa tslándáil ar fud na mór-roinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas príomh-chomhpháirtí polaitiúil agus eacnamaíoch thíortha na mBalcán Thiar i gcónaí; de bhrí gurb é an tAontas an comhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó go mór fada atá ag an Albáin i gcónaí agus gurb é is mó a sholáthraíonn cúnamh di;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur próiseas fiúntas-bhunaithe é an méadú atá bunaithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha; de bhrí go bhfuil aontachas na hAlbáine leis an Aontas ag brath ar athchóirithe buana, doimhne agus do-aisiompaithe i réimsí bunúsacha, ag tosú leis an smacht reachta agus feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Albáin ina tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas ó 2014 i leith, gur chuir sí tús le caibidlíocht aontachais i mí Iúil 2022 agus gur thug sí an próiseas scagtha chun críche i mí na Samhna 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur chuir an Albáin tús leis an gcaibidlíocht ar ‘Cnuasach 1: Bunphrionsabail’ an 15 Deireadh Fómhair 2024 ar ‘Cnuasach 6: An Caidreamh Seachtrach’ an 17 Nollaig 2024, ar Chnuasach: An margadh inmheánach’ an 14 Aibreán 2025 agus ar ‘Chnuasach 3: Iomaíochas agus Fás Cuimsitheach’ an 22 Bealtaine 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur comhpháirtí iontaofa beartais eachtraigh í an Albáin agus go bhfuil sí ailínithe go hiomlán le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go ndearnadh iarracht ar thionchar mailíseach eachtrach a imirt ar an Albáin d’fhonn easaontas a chothú, teannas agus foréigean a ghriogadh agus an réigiún ina iomláine a dhíchobhsú, lena n-áirítear bréagaisnéis de chuid na Rúise agus an Rúis a bheith ag cur isteach ar thoghcháin, mar aon le hinfheistíochtaí amhrasacha ó ghníomhaithe nach bhfuil san Aontas amhail an tSín; de bhrí gur chuir cibirionsaithe de chuid na Rúise agus na hIaráine ar an Albáin in 2022 agus 2023 isteach ar fheidhmeanna criticiúla an rialtais, rud atá ina léiriú ar na bagairtí hibrideacha atá á gcur ar an Albáin agus í ag gluaiseacht ionsar lánpháirtiú san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil easnaimh toghcháin agus leochaileachtaí tromchúiseacha fós i gcóras toghcháin na hAlbáine; de bhrí nár tugadh aghaidh go hiomlán fós ar mholtaí sin ESCE/ODIHR chun breis feabhais a chur ar reáchtáil na dtoghchán san Albáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go nglacann an Albáin páirt i misin agus oibríochtaí chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais, lena n-áirítear in oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh tíortha ar mian leo a bheith ina mBallstáit den Aontas mionlaigh náisiúnta agus eitneacha a chosaint; de bhrí go ndearnadh an reachtaíocht cur chun feidhme maidir le féinaithint shaor agus úsáid teangacha mionlaigh a ghlacadh san Albáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ina léiriú ar a thábhachtaí atá próiseas méadaithe an Aontais chun slándáil agus cobhsaíocht a áirithiú ar ár mór-roinn;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas buanseasmhach na hAlbáine do lánpháirtiú san Aontas, rud atá ina léiriú ar chomhdhearcadh a bheith ann i measc na bpáirtithe polaitiúla uile, páirtithe an rialtais agus páirtithe an fhreasúra araon, agus ar an-tacaíocht a bheith ann i measc na saoránach, agus ag moladh na hAlbáine as a bheith ailínithe go hiomlán agus go comhsheasmhach le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais agus le cur chun cinn an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, lena n-áirítear a freagairt an-soiléir ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trína hailíniú le bearta sriantacha an Aontais i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise; ag aithint go bhfuil ról gníomhach ag an tír sa réigiún agus i dtionscnaimh réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé d’uaillmhian ag an Albáin an chaibidlíocht aontachais a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2027 agus go bhfuil dul chun cinn tapa déanta le blianta beaga anuas, go háirithe tús a bheith curtha le dhá chnuasach caibidlí caibidlíochta in 2024 agus an dá chnuasach breise go dtí seo in 2025; á mheabhrú go ndéanann tíortha is iarrthóirí athruithe ó thalamh d’fhonn na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh le linn na caibidlíochta aontachais, caibidlíocht a mhaireann chomh fada agus is gá chun na hathchóirithe riachtanacha a chur chun feidhme; á chur i bhfáth gur gá trédhearcacht, cuntasacht agus cuimsitheacht an phróisis aontachais a neartú, lena n-áirítear a ghné pharlaiminteach; ag tabhairt rabhadh gan aon ghníomhaíochtaí a dhéanamh a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón gcóras srianta agus ceartúchán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcinntear luas an aontachais leis an Aontas leis an dul chun cinn arna dhéanamh ag an tír is iarrthóir i leith ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, lena cuntas teiste maidir lena chur chun feidhme agus le feidhmiú cuí institiúidí uile na tíre, agus go bhfuil sé bunaithe ar an smacht reachta, ar an dea-rialachas agus ar chearta bunúsacha; ag tathant ar an Albáin dlús a chur leis na hathchóirithe chun an smacht reachta agus an fás eacnamaíoch a neartú, chun éilliú agus coireacht eagraithe a chomhrac, chun gáinneáil ar dhaoine a chosc, chun a áirithiú go gcosnófar cearta bunúsacha agus chun dul chun cinn a dhéanamh i leith na saoirse chun tuairimí a nochtadh, i leith na saorála faisnéise agus i leith iolrachas agus neamhspleáchas na meán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Saoráid Athchóirithe agus Fáis nua an Aontais le haghaidh na mBalcán Thiar, trína soláthrófar EUR 922 mhilliún i ndeontais agus in iasachtaí don Albáin nuair a chomhlíonfaidh sí na coinníollacha a leagtar amach ina Clár Oibre uaillmhianach don Athchóiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Albáin an Plean Náisiúnta um Lánpháirtiú Eorpach, 2024-2026; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na comhlachtaí atá i gceannas ar an bpróiseas lánpháirtithe bunaithe ag an Albáin; á iarraidh go ndéanfaí breis iarrachtaí ar thrédhearcacht a mhéadú agus ar chumarsáid phoiblí faoi lánpháirtiú san Aontas a scaipeadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh cinneadh oifig allamuigh Pharlaimint na hEorpa do na Balcáin Thiar a oscailt i dTiorána; ag tabhairt dá haire go mbeidh an oifig ina príomhphointe teagmhála idir Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe áitiúla ó gach cearn de réigiún na mBalcán Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal gur ghlac 18 rannpháirtí Albánacha páirt sa tionscnamh ‘Comhaltaí as na Tíortha is Iarrthóirí’ arna sheoladh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, a bhfuil sé d’aidhm aige naisc níos dlúithe a chothú le tíortha is iarrthóirí agus a lánpháirtiú de réir a chéile san Aontas a éascú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Institiúidí daonlathacha, na meáin agus an tsochaí shibhialta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag áitiú go bhfuil an-tábhacht le plé polaitiúil cuiditheach agus iompar parlaiminteach ordúil mar phríomhghnéithe den rialachas daonlathach; á athdhearbhú go bhfuil freagracht chomhpháirteach ar fhórsaí polaitiúla na hAlbáine idirphlé polaitiúil cuiditheach agus cuimsitheach a neartú agus an mhórdheighilt pholaitiúil leanúnach sa tír a shárú; á chur in iúl gur saoth léi an t-achrann leanúnach idir polaiteoirí ó na páirtithe uile, agus an reitric ghríosaitheach uathu, agus na caismirtí idir an tromlach atá i gceannas agus an freasúra; á chur i bhfios go láidir gur gá cultúr polaitiúil a chothú atá bunaithe ar urraim fhrithpháirteach agus ar noirm dhaonlathacha a chomhall, rud lena n‑áiritheofaí nach mbainfeadh iomaíocht pholaitiúil an bonn ón gcobhsaíocht institiúideach, agus gur gá urraim iomlán a léiriú do ról an pharlaiminteachais, trí dheireadh a chur le hionsaithe polaitiúla; á iarraidh go mbeadh fíor-idirphlé ann chun an chobhsaíocht pholaitiúil agus an dul chun cinn polaitiúil a chur chun cinn, agus béim á leagan ar an ngá atá le comhdhearcadh traspháirtí ar an gclár oibre um lánpháirtiú san Aontas agus le rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta; ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfear formhaoirseacht pharlaiminteach níos éifeachtaí a dhéanamh agus feabhas a chur ar fheidhmiú na n-institiúidí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag aithint go bhfuil bagairt an tionchair mhailísigh eachtraigh agus na trasnaíochta hibridí ar institiúidí daonlathacha na hAlbáine ag dul i méid; á thabhairt chun suntais go bhfuil iarracht déanta ag an gCreimil ar insintí a scaipeadh d’fhonn an bonn a bhaint ó mhuinín an phobail as institiúidí daonlathacha agus meon frith-Iarthair a chur chun cinn; á iarraidh ar an Albáin feabhas a chur ar athléimneacht na n-institiúidí i gcoinne cistiú polaitiúil ceilte, ionramháil na meán agus cibearbhagairtí a mbíonn tionchar díreach acu ar a próiseas aontachais leis an Aontas; á iarraidh ar institiúidí an Aontais dlúthfhaireachán a dhéanamh ar neamhchosaint na hAlbáine ar thionchar mailíseach eachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Albáin bac ar réimsí bréagaisnéise de chuid na Rúise ach á chur i bhfáth go bhfuil gá le sásra freagartha bréagaisnéise comhordaithe de chuid an Aontais agus na hAlbáine, a mbeadh ardán EUvsDisinfo ina bhonn leis, chun insintí de chuid na Creimile a bhréagnú agus a chomhrac go tapa; ag moladh go mbeadh comhar réigiúnach méadaithe ann i measc thíortha na mBalcán Thiar chun dea-chleachtais a chomhroinnt agus straitéisí comhpháirteacha a fhorbairt chun bréagaisnéis agus trasnaíocht eachtrach a chomhrac; ag tabhairt rabhadh faoi lorg méadaitheach mheáin státbhunaithe na Síne san Albáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cur béim ar dhualgas Pharlaimint na hAlbáine rialuithe na Cúirte Bunreachtúla a urramú gan mhoill; á chur i bhfáth go bhfuil ról bunúsach agus thar a bheith tábhachtach ag an bparlaimint maidir le srianta agus ceartúcháin a choimirciú; á iarraidh ar an Albáin fíorchuntasacht dhaonlathach agus rialachas níos láidre agus níos trédhearcaí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur sonrú sna leasuithe a rinneadh i mí Iúil 2024 ar chód toghcháin na hAlbáine, a fhágann gur féidir le diaspóra na hAlbáine vótáil lasmuigh den tír agus liostaí iarrthóirí atá oscailte i bpáirt a bheith ann; ag cur sonrú i dtoghcháin pharlaiminteacha an 11 Bealtaine 2025 agus á chur i bhfios go láidir, bunaithe ar réamhchonclúidí ESCE/ODIHR, go raibh na toghcháin iomaíoch agus gur reáchtáladh go gairmiúil iad ach gur reáchtáladh iad i dtír atá an-deighilte agus nach raibh cothrom iomaíochta ann do na hiomaitheoirí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur bhain an páirtí rialaithe tairbhe as úsáid fhorleathan acmhainní riaracháin; ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag dréim le foilsiú thuarascáil chríochnaitheach ESCE/ODIHR, lena n-áireofar an measúnú deiridh agus na moltaí atá le cur chun feidhme, sna míonna amach romhainn; á iarraidh ar na páirtithe uile toil pholaitiúil a léiriú i leith athchóiriú toghchánach críochnúil agus cuimsitheach chun na moltaí uile ó ESCE/ODIHR agus ó Choimisiún na Veinéise a chur chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil, lena n-áirítear iad siúd maidir le creat maoinithe na dtoghchán agus na bpáirtithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil cruachás na meán saor agus na n-iriseoirí neamhspleácha ag dul in olcas le blianta beaga anuas; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil tionchar fós ar neamhspleáchas agus iolrachas na meán san Albáin ag comhdhlúthacht ard margaidh, ag forluí leasanna gnó agus polaitiúla, ag easpa trédhearcachta maidir le cistiú agus úinéireacht, ag imeaglú agus ag dálaí oibre forbhásacha d’iriseoirí; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir Innéacs Domhanda na dTuairisceoirí gan Teorainneacha i leith Shaoirse an Phreasa, 2024, atá an Albáin sa 99ú háit, rud atá ina léiriú ar dheacrachtaí leanúnacha a bheith ann a bhaineann le comhchruinniú úinéireacht na meán, cur isteach polaitiúil agus bagairtí ar iriseoirí; á thabhairt chun suntais go bhfágann an easpa trédhearcachta maidir le maoiniú na meán agus struchtúir úinéireachta na meán baol na claontachta eagarthóireachta agus na bolscaireachta eachtraí a bheith níos géire agus go mbaintear an bonn ó iontaoibh an phobail as an iriseoireacht; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine trédhearcacht maidir le húinéireacht na meán a áirithiú agus beartas neamhfhulaingthe a fhorfheidhmiú i leith imeaglú iriseoirí; á iarraidh ar Rialtas na hAlbáine tacú le hardáin neamhspleácha seiceála fíricí chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chruinn agus chun sláine an spáis faisnéise a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheabhrú gur cheart aon athbhreithniú ar dhlíthe na meán a bheith i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise agus gur cheart é a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus cuimsitheach i gcomhairle le heagraíochtaí meán. D’fhonn feabhas a chur ar shaoirse na meán agus ar an bhféinrialúchán; á chur in iúl gur geal léi an tArdán chun cosaint na hiriseoireachta agus sábháilteacht iriseoirí a chur chun cinn arna seoladh ag Comhairle na hEorpa, in éineacht leis an Aontas agus líonra d’eagraíochtaí mór le rá um shaoirse an phreasa; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon dul chun cinn déanta i leith an creat reachtach a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus le caighdeáin an Aontais, lena n‑áirítear an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á mheabhrú gur gá an iriseoireacht iniúchach, seiceáil fíricí agus litearthacht sna meáin a neartú agus gur gá dul i ngleic le fuathchaint, bréagaisnéis agus bréagnuacht; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an reitric ghríosaitheach leanúnach i gcoinne na meán, lena n-áirítear ó pholaiteoirí mor le rá, oifigigh phoiblí agus pearsana poiblí eile, a ghéaraíonn cultúr an imeaglaithe; ag cáineadh na n-ionsaithe ó bhéal atá á ndéanamh mó sa mhó ar iriseoirí a bhíonn ag tuairisciú ar ábhair a bhaineann leis an smacht reachta agus le héilliú, mar aon le ciapadh frithbhanda ar líne atá dírithe ar iriseoirí mná, feachtais chlúmhillte, foréigean agus círéibeacha, agus á iarraidh go n-áiritheofaí go ndéanfaí na hionsaitheoirí a chiontú ar deireadh; á chur in iúl gur oth léi nach dtugann an cód coiriúil cosaint d’iriseoirí ar bhagairtí ná ar fhoréigean, á iarraidh ar na húdaráis creat dlíthiúil a ghlacadh lena ndéanfaí iriseoirí, cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe comhshaoil agus geallsealbhóirí eile a chosaint go héifeachtúil ar an méadú imníoch ar chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí (SLAPPanna), clúmhilleadh a dhíchoiriúlú agus ról na hiriseoireachta neamhspleáiche mar shrian ríthábhachtach ar chumhacht a urramú agus dul i dteagmháil leis na meáin ar bhealach lena gcaomhnófaí prionsabail dhaonlathacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag meabhrú go bhfuil freagracht ar na húdaráis náisiúnta agus áitiúla feabhas a chur ar an trédhearcacht, ar an gcuntasacht agus ar an gcuimsitheacht trí dhul i mbun comhairliúcháin phoiblí fhóinteacha agus rialta leis na geallsealbhóirí; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil cur chun feidhme an chreata dhlíthiúil um chomhairliúcháin phoiblí ag Parlaimint na hAlbáine fós foirmiúil den chuid is mó; á chur i bhfáth go dteastaíonn breis trédhearcachta maidir le sonraí poiblí agus maidir le príomhthionscadail reachtacha; á áitiú gur cheart feabhas a chur ar acmhainní airgeadais, acmhainneacht riaracháin agus neamhspleáchas fioscach na n-údarás áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi sochaí shibhialta bhríomhar agus chuiditheach na hAlbáine, a bhfuil ról ríthábhachtach agus dearfach aici sa phróiseas athchóirithe; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil feabhas tagtha ar fhaireachán ar thoghcháin agus go bhfuil ról níos lárnaí ag an tsochaí sibhialta i ndáil le maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas daonlathach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tsochaí shibhialta ríthábhachtach maidir le daonlathas agus iolrachas a chothú agus maidir le dea-rialachas agus dul chun cinn sóisialta a chur chun tosaigh; ag moladh do Rialtas na hAlbáine ról na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí um chearta na mban, sa phróiseas um aontachas leis an Aontas, a neartú ó chéim luath agus i bpróiseas reachtach trédhearcach; á chur in iúl gur oth léi go mbíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag obair i dtimpeallacht dhúshlánach agus gur beag cistiú poiblí a fhaigheann siad; á áitiú go réiteofaí an bealach do chóras éifeachtach um dhíolúine ó CBL i gcomhréir leis na gealltanais arna dtabhairt ag an Albáin faoin gComhaontú Comhair idir an tAontas agus an Albáin agus IPA III; ag tathant ar na húdaráis dlús a chur le dréachtú threochlár 2024-2027 le haghaidh bheartas sin an rialtais ionsar thimpeallacht níos cumasaithe d’fhorbairt na sochaí sibhialta agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an treochláir sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh post nua an Aire Stáit um an Riarachán Poiblí agus um Frith-Éilliú agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh sé éifeachtach agus go ndéanfaí athchóirithe ar an riarachán poiblí agus athchóirithe frith-éillithe a chur i gcrích; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí, áfach, gur beag dul chun cinn atá déanta i leith athchóiriú a dhéanamh ar an riarachán poiblí; á áitiú go ndéanfadh údaráis na hAlbáine forálacha maidir le hearcaíocht fhiúntas-bhunaithe a chur chun feidhme go héifeachtach agus go ndéanfaidís athbhreithniú ar éifeachtacht na struchtúr faireacháin atá ann faoi láthair i leith na n-athchóirithe úra ar an riarachán poiblí agus i leith na n-athchóirithe úra frithéillithe; á chur i bhfios go láidir gur gá cultúr cuntasachta, rochtain neamh-chlaonpháirteach ar fhaisnéis phoiblí agus grinnscrúdú ar institiúidí poiblí a chothú, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre don Athchóiriú; ag tabhairt dá haire go gcaithfidh eintitis phoiblí feabhas a chur ar a mhéid a chomhlíonann siad ceanglais trédhearcachta agus freagra níos fearr a thabhairt faoi iarrataí ar fhaisnéis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur beag dul chun cinn atá déanta i leith an creat dlíthiúil um sholáthar a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na díolúintí sealadacha a tugadh isteach le déanaí sa dlí soláthair phoiblí; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine feabhas a chur ar na nósanna imeachta soláthair iomaíocha i gcomhréir le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Albáin i leith feabhas a chur ar tharchur sonraí chuig Eurostat;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta bunúsacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil creat dlíthiúil na hAlbáine maidir le foréigean inscnebhunaithe ailínithe go hiomlán le Coinbhinsiún Iostanbúl go fóill; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil an foréigean in aghaidh na mban fós ina shaincheist phráinneach, agus go bhfuil líon na bhfeimeamharuithe fós ard; á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an tOmbudsman faireachán ar fheimeamharaithe; ag áitiú go bhfeabhsófaí seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh, go háirithe cúram sláinte, cistiú dídine, cúnamh dlíthiúil saor in aisce, agus athimeascadh agus athshlánú íospartach; á chur i bhfáth gur gá tacaíocht airgeadais agus institiúideach mhéadaithe a thabhairt do chláir choisc, d’fheachtais feasachta poiblí, agus d’oiliúint speisialaithe d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha chun cur chuige íospartach-lárnach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na heasnaimh leanúnacha, amhail neamhailíniú nó ailíniú páirteach le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, maidir le daoine faoi mhíchumas agus maidir leis an gcomhionannas inscne; á aithint go gcaithfidh an Albáin a creat dlíthiúil ar an bhforéigean inscnebhunaithe a ailíniú go hiomlán le Coinbhinsiún Iostanbúl; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir Thuarascáil 2024 ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda ar an mBearna Dhomhanda idir na hInscní, a thit an Albáin sé áit i dtreo is go bhfuil sí sa 23ú háit ar fud an domhain, rud a léiríonn go bhfuil an bhearna inscne inti ag dul i méid; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil an foréigean in aghaidh na mban fós ina shaincheist phráinneach, agus go bhfuil líon na bhfeimeamharuithe fós ard; á iarraidh go ndéanfaí an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach, lena n-áirítear bearta cosanta a chur i bhfeidhm ar bhealach níos doichte agus freagrúlacht bhreithiúnach fheabhsaithe do chásanna foréigin inscnebhunaithe, mar a léirítear i dtuarascáil 2024 ón gCoimisiún Eorpach ar an Albáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh plean gníomhaíochta náisiúnta nua, a bhfuil breis maoinithe ann lena aghaidh, i leith daoine LADTI+; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach ndearnadh aon dul chun cinn i leith an reachtaíocht is gá a thionscnamh sa réimse sin agus á iarraidh ar na húdaráis an reachtaíocht is gá maidir le haitheantas don fhéiniúlacht inscne agus do shaintréithe gnéis, agus maidir le lánúineacha / póstaí comhghnéis freisin, a ghlacadh; á chur in iúl gur saoth léi bagairtí a bheith á gcur i gcónaí ar dhaoine LADTI+ agus feachtais dhímheasúla a bheith á reáchtáil ina n‑aghaidh i gcónaí sna meáin, agus gan cosaint leormhaith a bheith á tabhairt ag na hinistitiúidí poiblí dóibh; ag tabhairt dá haire go bhfuil rochtain theoranta fós ag mná a mhaireann i gceantair thuaithe agus iargúlta, ag mná Romacha agus Éigipteacha agus ag daoine LADTI+ ar chúram sláinte príomhúil; ag tathant ar na hinstitiúidí poiblí tiomantas láidir a léiriú do chearta daoine LADTI+ a chosaint agus gníomhú go cinntitheach i gcoinne teanga idirdhealaitheach agus gránna i leith an phobail LADTI+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an Albáin neamhspleáchas Eaglais Fhéinrialaitheach Cheartchreidmheach na hAlbáine a urramú go hiomlán agus staonadh ó aon ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn óna saoirse chun tuairimí a nochtadh nó óna cearta maoine; á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an gcur isteach ar cheapacháin eaglasta agus go ndéanfaí idirphlé le húdaráis reiligiúnacha chun iolrachas reiligiúnach a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an reachtaíocht cur chun feidhme a bhí ar feitheamh maidir le cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, go háirithe maidir le féinaithint agus úsáid teangacha mionlaigh, lena n-áirítear ar leibhéal na n-aonad féinrialtais áitiúil, agus á chur i bhfios go láidir nach mór na fodhlíthe sin a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach chun go bhféadfar cearta mionlaigh agus oideachais a fheidhmiú sa chleachtas; á iarraidh ar na húdaráis cur chun feidhme éifeachtach na bhfodhlíthe a áirithiú, go háirithe trí acmhainní leormhaithe a leithdháileadh ar ghníomhaireachtaí lárnacha agus ar rialtas áitiúil; á iarraidh ar na húdaráis a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú ar nósanna imeachta chun comhaltaí an Choiste um Mionlaigh Náisiúnta a roghnú i gcomhréir le moltaí an Choimisiúin agus an Choiste Chomhairligh maidir leis an gCreat-Choinbhinsiún chun Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint; á iarraidh ar na húdaráis acmhainneacht an Choiste Stáit um Mionlaigh Náisiúnta a mhéadú agus a áirithiú go bhfuil sé lánfheidhmiúil agus go bhfuil acmhainní leormhaithe ar fáil dó; á chur in iúl gur cúis bhuartha di fadhb leanúnach an idirdhealaithe agus an eisiaimh shóisialta a dhéanann difear do ghrúpaí mionlaigh san Albáin; á iarraidh ar Rialtas na hAlbáine cearta an duine a urramú go hiomlán agus a chosaint, lena n-áirítear cearta mionlach, agus a áirithiú go ndéanfar imscrúdú pras agus críochnúil ar na líomhaintí uile ar sháruithe a bheith déanta ar chearta an duine, lena n-áirítear fuathchaint; ag tathant ar údaráis na hAlbáine na sásraí institiúideacha a fheabhsú chun idirdhealú a chosc agus rannpháirtíocht pholaitiúil fhóinteach na bpobal uile a áirithiú, i gcomhréir leis na moltaí i dtuarascáil 2024 ón gCoimisiún ar an Albáin; á iarraidh ar an Albáin oidhreacht chultúrtha, teangacha agus traidisiúin a mionlach náisiúnta a chosaint agus a chur chun cinn; á iarraidh ar an Albáin oideachas a chur ar fáil do mhionlaigh náisiúnta ina máthairtheanga, lena n-áirítear bunscolaíocht agus meánscolaíocht leormhaith sa Ghréigis i réigiúin ina bhfuil mionlach náisiúnta na Gréige ina gcónaí riamh anall, agus rochtain neamhshrianta ar bhunoideachas, meánoideachas agus ardoideachas an stáit a áirithiú dá saoránaigh uile ar fud na tíre, agus ar an gcaoi sin an reachtaíocht ábhartha á gcur chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an Albáin oidhreacht reiligiúnach agus chultúrtha mhionlach Cheartchreidmheach na Gréige a chosaint agus a chaomhnú, lena n-áirítear trí eaglaisí agus reiligí a athbhunú agus a aithint go dlíthiúil; á iarraidh ar na húdaráis staonadh ó mhaoin a bhfuil tábhacht stairiúil nó chultúrtha ag baint leo do mhionlach na Gréige a dhíshealbhú nó a scartáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheabhrú gur cheart don Albáin an ceart ar mhaoin a choimirciú, go háirithe trí dhul chun cinn cinntitheach a dhéanamh i leith an chéad chlárúcháin agus i leith cúitimh, trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht chlár talún an stáit agus ar cháilíocht shonraí an chláir talún, agus trína áirithiú go n-urramófar an ceart ar thriail chóir a fháil agus an ceart ar leigheas éifeachtach agus maoin á díshealbhú agus á baint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag moladh do rialtas na hAlbáine aghaidh a thabhairt ar na héagóracha a rinneadh ar na sainchreidimh reiligiúnacha uile mar chuid de réimeas na gCumannaithe agus iad a chur i gceart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di aiseag mall na maoine reiligiúnacha a choigistigh na cumannaithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina chúis bhuartha di, in ainneoin go leor iarrataí ó shainchreidimh reiligiúnacha, nár thug rialtas na hAlbáine gach réad naofa, taise, íocón ná cartlann a coigistíodh le linn réimeas na gCumannaithe ar ais<FOOTNOTE><FIELD> https://www.state.gov/reports/2023-report-on-international-religious-freedom/albania/.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht bhreise i nuachóiriú an chórais oideachais, rud lena n-áiritheofaí go mbeadh sé ina chóras ar fónamh agus cuimsitheach; á iarraidh ar an Albáin bearta a chur chun feidhme chun deiseanna san fhostaíocht agus san oideachas do dhaoine faoi mhíchumas a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi reáchtáil dhaonáireamh 2023 san Albáin; á iarraidh ar na húdaráis na sonraí mionsonraithe agus an anailís théamach a fhoilsiú i gcomhréir leis an moladh ón gCoimisiún ina thuarascáil 2024 maidir leis an Albáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an dlí maidir le cosaint sonraí pearsanta, atá dírithe ar ailíniú iomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais a bhaint amach; ag moladh údaráis na hAlbáine as an reachtaíocht cur chun feidhme ar an nós imeachta agus cúiteamh cóir as saothair dhílleachtacha agus bunachar sonraí na saothar cóipchirt a úsáid, ach á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di láimhseáil sonraí pearsanta agus na laigí i gcórais TF; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine coimircí i gcoinne sáruithe ar shonraí a neartú, cosc, mar aon le feasacht an phobail, a fheabhsú, agus feabhas a chur ar an acmhainneacht institiúideach chun an Dlí nua maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta a chur chun feidhme go héifeachtach; á iarraidh ar an Albáin comhoibriú tuilleadh le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag aithint go bhfuil comhar níos dlúithe ann idir an Albáin agus an tAontas maidir le sreabha imirce agus próisis rialaithe teorann a bhainistiú, go háirithe tríd an straitéis náisiúnta nua maidir leis an imirce don tréimhse ó 2024 go 2026 agus trí chomhar le Frontex; ag cur sonrú sa Mheabhrán Tuisceana idir an Iodáil agus an Albáin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag moladh na hAlbáine as dul chun cinn a dhéanamh i leith na hathchóirithe ar an gceartas, a bhfuil sé d’aidhm acu neamhspleáchas, trédhearcacht agus cuntasacht na mbreithiúna a neartú, a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir leis an bpróiseas grinnfhiosrúcháin, a tugadh chun críche ar an gcéad ásc; á chur in iúl gur geal léi an próiseas athchóirithe nua ‘Dea-rialachas, an smacht reachta agus frithéilliú don Albáin, 2030’ arna sheoladh ag Parlaimint na hAlbáine; á chur i bhfáth nach mór aon tionscnamh chun rialachas, an smacht reachta agus iarrachtaí frithéillithe a neartú a bheith bunaithe ar chuimsitheacht, trédhearcacht agus comhar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cur isteach polaitiúil leanúnach ar an gcóras breithiúnach agus an brú leanúnach air; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easnaimh ann i gceapacháin fhiúntas-bhunaithe comhaltaí nach breithiúna iad den Ard-Chomhairle Bhreithiúnach agus den Ard-Chomhairle Ionchúisimh agus a n‑ionracas; á chur in iúl gur oth léi na dúshláin leanúnacha maidir le feidhmiú na mbreithiúna a tugadh faoi deara i dtuarascáil 2024 ó SPAK;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí bearta práinneacha chun neamhspleáchas na mbreithiúna agus ionracas na n-institiúidí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur rangaíodh an Albáin sa 80ú háit in Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú, 2024, arna chur i dtoll a chéile ag Transparency International, rud a léiríonn go gcaithfear dul chun cinn suntasach a dhéanamh i leith éilliú ardleibhéil a chomhrac agus i leith neamhspleáchas na mbreithiúna a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil obair thábhachtach á déanamh ag Struchtúr Speisialaithe Frith-Éillithe agus Coireachta Eagraithe (SPAK) na hAlbáine chun cuntas teiste a fhorbairt maidir le cásanna éillithe ardleibhéil, mar aon le cásanna a bhaineann le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a chiontú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas iomlán na n-institiúidí frithéillithe a áirithiú agus ag moladh go ndéanfaí a n-acmhainneacht oibríochtúil agus imscrúdaitheach a neartú; á chur in iúl gur geal léi imscrúduithe agus imeachtaí a bheith á ndéanamh i leith éilliú ardleibhéil; á chur i bhfáth gur tosaíocht thábhachtach i gcónaí é líon ciontuithe deiridh oifigeach ardleibhéil a mhéadú; ag tathant ar na gníomhaithe uile staonadh ó aon ghníomhaíochtaí a dhéanamh a bhainfeadh an bonn ó obair institiúidí neamhspleácha amhail SPAK; á chur in iúl gur oth léi imeagla a bheith á cur ar na breithiúna agus iad ag obair, agus brú míchuí a bheith orthu ar uairibh, ar bagairt thromchúiseach é ar neamhspleáchas na mbreithiúna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfágann na hinstitiúidí gan a bheith ag tacú le giúistísí a bhfuil bagairtí á gcur orthu go dtéann muinín an phobail i laghad agus go gcuirtear an smacht reachta agus an próiseas um lánpháirtiú na hAlbáine san Aontas go mór i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag cur sonrú sna dúshláin a bhaineann le cáilíocht agus éifeachtúlacht an chórais ceartais, lena n-áirítear líon ard na bhfolúntas breithiúnach, foireann chúirte neamhleor, cáilíocht na hoiliúna breithiúnaí tosaigh agus leanúnaí, comhsheasmhacht an chásdlí agus córas comhtháite bainistithe cásanna nua-aimseartha gan a bheith ann; ag tabhairt dá haire nach leor leithdháiltí buiséid, go háirithe i leith ghné na cúirte; á chur i bhfios go láidir gur cheart é a bheith ina thosaíocht i gcónaí an riaráiste comhad neamhphróiseáilte sa chóras breithiúnach a laghdú; á chur in iúl gur geal léi, áfach, gur chuir Cúirt Bhunreachtúil na hAlbáine feabhas ar a héifeachtúlacht trína riaráiste a laghdú agus go leanann sí de bheith ag seasamh le srianta agus ceartúcháin institiúideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh reachtaíocht náisiúnta chun ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac; ag tabhairt dá haire gur gá oifig láidir um aisghabháil sócmhainní a bhunú agus feabhas a chur ar na nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin agus na próisis chun cásanna éillithe ardleibhéil a imscrúdú, a ionchúiseamh agus ciontuithe a dhaingniú ina leith, lena n-áirítear trí shócmhainní coiriúla a urghabháil agus a choigistiú go críochnaitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar an Albáin leanúint dá creat dlíthiúil, agus go háirithe an cód coiriúil, a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus maidir le trádáil drugaí agus arm tine, agus cibearchoireacht, antoisceachas agus bagairtí sceimhlitheoireachta a chomhrac freisin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí bagairt leanúnach agus éagsúlú ghníomhaíochtaí ghrúpaí maifia na hAlbáine san Eoraip; á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, in ainneoin na n-iarrachtaí arna ndéanamh ar a líonraí a réabadh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as sonraí ón tseirbhís teachtaireachtaí criptithe Sky-ECC agus imscrúduithe á ndéanamh, atá baint mhór fós ag na grúpaí coiriúla sin le gáinneáil ar dhrugaí agus ar airm, smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine agus sciúradh airgid i roinnt Ballstát, go háirithe san Ísiltír, sa Bheilg, san Iodáil agus sa Fhrainc; ag tabhairt dá haire gur ceapadh ionchúisitheoirí breise chuig an Oifig Ionchúisimh Speisialta agus gur bunaíodh aonad imscrúdaithe airgeadais; ag moladh na hAlbáine as páirt a ghlacadh in oibríochtaí comhpháirteacha, agus as comhar a dhéanamh, faoin Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) maidir le gáinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid agus cibearchoireacht; ag aithint, thairis sin, gur oibríodh i ndlúthchomhar le EUROPOL, EUROJUST, FRONTEX, INTERPOL agus Líonra CARIN maidir leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac agus maidir le líonraí coireachta trasnáisiúnta a dhíchóimeáil; ag moladh don Albáin a sásraí chun faisnéis a chomhroinnt le gníomhaireachtaí an Aontais a neartú chun an chobhsaíocht réigiúnach a fheabhsú; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí leanúnacha ar bheartais slándála na hAlbáine a ailíniú le straitéisí an Aontais, rud a d’fhágfadh go gcothófaí creat slándála réigiúnach níos comhtháite agus níos athléimní; á iarraidh ar an Albáin an comhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine a neartú i gcomhar leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí an Aontais; á chur i bhfáth gur gá trádáil aindleathach mionarm agus arm éadrom a chomhrac, ós rud é gur ceann scríbe agus tír idirthurais i gcónaí í an Albáin; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh straitéis úr chun íospartaigh coireachta a chosaint; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfí oiliúint leanúnach ar phearsanra rialaithe imirce chun a áirithiú go ndéanfaí rialacháin Eorpacha a chur chun feidhme go héifeachtach agus go dtabharfaí freagairt níos láidre ar líonraí gáinneála ar dhaoine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag moladh don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún cabhrú tuilleadh le borradh a chur faoi athléimneacht na hAlbáine i gcoinne bagairtí hibrideacha i réimse na cibearshlándála, na hionramhála ar fhaisnéis agus na cosanta do bhonneagar criticiúil; á iarraidh ar an Albáin measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an infheistíocht dhíreach choigríche agus scagadh a dhéanamh ar an infheistíocht sin, go háirithe in earnálacha straitéiseacha amhail an fuinneamh, an mhianadóireacht agus an teileachumarsáid, chun spleáchas eacnamaíoch agus gaistí fiachais a sheachaint agus leasanna náisiúnta a chosaint, slándáil a fheabhsú agus comhsheasmhacht le caighdeáin an Aontais a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh go leanfadh an tAontas agus na Balcáin Thiar de chreat um chomhar éifeachtach idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus na tíortha aontachais a bhunú d’fhonn dlúthchomhar agus ionchúiseamh mhí-úsáid chistí an Aontais a éascú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil socrú oibre déthaobhach tugtha i gcrích ag an Albáin le OIPE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na hAlbáine i gcur chun feidhme Phlean Fáis an Aontais do na Balcáin Thiar, lena gcuimsítear comhtháthú mhargadh aonair an Aontais, comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach, athchóirithe bunúsacha agus tacaíocht airgeadais mhéadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag cur béim athuair ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an mbonneagar poiblí i dtíortha na mBalcán Thiar agus naisc a fhorbairt le Ballstáit an Aontais; ag meabhrú go bhféadfadh an plean eacnamaíoch agus infheistíochta do na Balcáin Thiar an nascacht réigiúnach a fheabhsú trí bhonneagar na n-iarnród agus na mbóithre; ag tathant, ina leith sin, ar na húdaráis sna tíortha uile Conair VIII lena nasctar an Albáin, an Mhacadóin Thuaidh agus an Bhulgáir a chur i gcrích; ag cur béim athuair ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar na naisc eitiltí idir tíortha na mBalcán Thiar agus le Ballstáit an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Clár Oibre na hAlbáine don Athchóiriú lena dtugtar aghaidh ar an timpeallacht ghnó, ar an gcaipiteal daonna, ar an digitiú, ar an bhfhuinneamh agus ar an aistriú glas, ar chearta bunúsacha agus ar an smacht reachta; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur ghlac an Albáin páirt i gclár an Aontais don Eoraip Dhigiteach; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Albáin rangaithe mar cheannaire réigiúnach sa riarachán poiblí agus sa soláthar poiblí digiteach sa chlár maidir le Tacaíocht d’Fheabhsú sa Rialachas agus sa Bhainistíocht, a bhfuil an tAontas agus ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ina bhun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag moladh d’údaráis na hAlbáine baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a laghdú trí bhreis feabhais a chur ar rochtain ar oideachas agus tithíocht, mar aon le seirbhísí sóisialta agus cúraim sláinte, go háirithe do phobail atá faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí mionlaigh, lena n-áirítear na Romaigh agus na hÉigiptigh; á iarraidh go ndéanfaí Straitéis Náisiúnta na hAlbáine um Chosaint Shóisialta, 2024-2030, agus Straitéis Náisiúnta na hAlbáine um Fhostaíocht agus Scileanna, 2023-2030, a chur chun feidhme; á iarraidh ar an Albáin bearta breise a ghlacadh chun an dífhostaíocht i measc na hóige a chomhrac agus á iarraidh ar údaráis na hAlbáine an Clár Oibre Náisiúnta maidir le Cearta an Linbh a chur chun feidhme go héifeachtach trí chúnamh a thabhairt do leanaí atá á bhfágáil ar lár agus do leanaí bochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag moladh údaráis na hAlbáine as gníomhartha reachtacha a ghlacadh chun an t‑ardoideachas a athchóiriú agus as an Straitéis Náisiúnta um Oideachas, 2021-2026, a chur chun feidhme; á iarraidh ar an Albáin an litearthacht sna meáin a leathnú i riocht is go mbeadh sé ina hábhar lárnach i gcuraclaim scoile agus fós a áirithiú go gcuirfear oiliúint thiomnaithe ar mhúinteoirí agus go mbeidh acmhainní nua-aimseartha acu chun cláir ardcháilíochta a theagasc; ag moladh go n-oibreofaí i gcomhar le tionscnaimh oideachais an Aontais agus le líonraí réigiúnacha amhail Faireachlann na mBalcán Thiar um an Litearthacht sna Meáin chun dea-chleachtais i leith na smaointeoireachta criticiúla agus i leith an oideachais litearthachta digití a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an Albáin i leith comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích le Ballstáit an Aontais maidir leis an tslándáil shóisialta agus i leith oirchill a dhéanamh faoi chomhair a córais seirbhísí fostaíochta a nascadh le EURES, líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndeachaigh an Albáin isteach sa Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro i mí na Samhna 2024, rud a laghdaíonn na costais do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus a rannchuideoidh le comhtháthú breise na hAlbáine sa mhargadh aonair; ag moladh údaráis na hAlbáine as ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais maidir le híocaíochtaí (an Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le haistriú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/92/oj).</FIELD></FOOTNOTE>) agus as gníomhaíochtaí a dhéanamh a d’fhág gur baineadh an Albáin de liosta liath an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais; ag aithint go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an Albáin ar fheabhas a chur ar an iomaíochas eacnamaíoch agus á iarraidh ar an rialtas leanúint d’athchóirithe struchtúracha chun timpeallacht ghnó níos tarraingtí a chothú i gcomhréir le caighdeáin an Aontais; á chur in iúl gur oth léi go bhfágann an neamhéifeachtúlacht sa riarachán poiblí, creat rialála iomarcach, éilliú agus mórgheilleagar neamhfhoirmiúil go mbaintear an bonn ó timpeallacht ghnó agus go gcuirtear bac ar iomaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil feabhas tagtha ar fheidhmíocht fhioscach na hAlbáine; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine an anailís ar rioscaí fioscacha a fheabhsú tuilleadh tríd an roinn ábhartha den Aireacht Airgeadais a neartú; á iarraidh go mbeadh breis trédhearcachta agus cuntasachta ann i leith fiontair atá faoi úinéireacht an stáit trí thuarascálacha airgeadais bliantúla; á iarraidh ar an Albáin a rialú airgeadais inmheánach poiblí a neartú agus a áirithiú go gcuirfear moltaí na hUasfhorais Iniúchóireachta (ALSAI) chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an reachtaíocht a bheith ailínithe tuilleadh le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais maidir le cistí pinsin príobháideacha, téarnamh banc agus an creat réitigh; á iarraidh ar an Albáin ailíniú go hiomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais maidir le hárachas, margaí caipitil, margaí urrús, cistí infheistíochta agus bonneagar an mhargaidh airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thángthas ar chomhaontú ag Cruinniú Mullaigh Thiorána maidir le costais fánaíochta laghdaithe; á iarraidh, ina leith sin, ar na húdaráis, na gníomhaithe príobháideacha agus na geallsealbhóirí uile oibriú chun na spriocanna comhaontaithe, .i. muirir fánaíochta ar shonraí a laghdú go suntasach agus na praghsanna fánaíochta idir na Balcáin Thiar agus an tAontas a laghdú tuilleadh go leibhéil atá gar do na praghsanna baile faoi 2027, a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh an chéad chéim den treochlár fánaíochta idir na Balcáin Thiar agus an tAontas a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa dul chun cinn i leith na reachtaíochta maidir le dlí na gcuideachtaí san Albáin; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine an reachtaíocht maidir le dlí na gcuideachtaí a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol, an bhithéasgúlacht, an fuinneamh agus an t-iompar, an turasóireacht inbhuanaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun go ndéanfaidh an Albáin ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais maidir leis an gcomhshaol; á iarraidh go ndéanfaí í a ailíniú le Treoir an Aontais maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1 , ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/92/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus Treoir an Aontais maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/42/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir gur gá an comhrac i gcoinne na coireachta comhshaoil a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhairliúcháin phoiblí thrédhearcacha agus chuimsitheacha i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus, rud lena n-áiritheofaí rannpháirtíocht ghníomhach pobal áitiúil, ENRanna agus institiúidí eolaíocha i bpróisis chinnteoireachta maidir leis an gcomhshaol, go háirithe maidir le tionscadail a bhfuil iarmhairtí móra comhshaoil agus socheacnamaíocha acu; ag tabhairt rabhadh go mbaineann easpa na rannpháirtíochta cuí leis na geallsealbhóirí an bonn ó na caighdeáin rialachais agus óna mhéid a chomhlíonann an Albáin a hoibleagáidí faoi <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar tionscadal forbartha neamhiomaíocha, a fhaigheann cistiú eachtrach, ar an ngeilleagar agus ar an gcomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á mheabhrú go gcaithfear iarrachtaí suntasacha a dhéanamh chun go ndéanfaidh an Albáin na spriocanna a bhaineann le cosaint na haeráide, éifeachtúlacht fuinnimh, éagsúlú agus glasú an tsoláthair fuinnimh agus an iompair a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhfuil cáilíocht an aeir agus an uisce agus bainistiú dramhaíola fós thar a bheith dúshlánach don tír; ag tathant ar an rialtas láir agus ar na húdaráis áitiúla dlús a chur lena n-iarrachtaí ar fheabhas a chur ar cháilíocht an aeir agus ar thruailliú a d’fhéadfadh a bheith marfach a laghdú; ag tathant ar Rialtas na hAlbáine tosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme straitéisí um an oiriúnú don athrú aeráide, d’fhorbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite agus do nuachóiriú chóras bainistithe dramhaíola na tíre chun caighdeáin an Aontais a chomhlíonadh agus chun tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe; ag moladh d’údaráis na hAlbáine bearta agus infheistíochtaí a neartú chun na córais iompair phoiblí agus iarnróid a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chreidiúint go láidir nach mór cosaint an chomhshaoil agus forbairt na turasóireachta inbhuanaithe a bheith fite fuaite le chéile; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an chéad pháirc náisiúnta abhann fiáine riamh san Eoraip, Páirc Náisiúnta Abhainn Fhiáin Vjosa, agus á iarraidh go leithdháilfí acmhainní leordhóthanacha chun í a chosaint; á iarraidh ar na húdaráis sláine éiceolaíoch na páirce náisiúnta a urramú go hiomlán agus breithniú a dhéanamh athuair i dtaobh tionscadail bhonneagair a dhéanamh, go háirithe an tionscadal astarraingthe uisce ar abhainn Shushica, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta um chaomhnú na bithéagsúlachta, agus na dea-chleachtais ina leith, chun a áirithiú go ndéanfar bithéagsúlacht, gnáthóga agus feidhmeanna éiceolaíocha na páirce a chaomhnú; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di tógáil aerfort Vlora i Limistéar faoi chosaint Vjosa-Narta, de shárú ar na noirm náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le cosaint na bithéagsúlachta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist i gcaibidil 27 den chaibidlíocht aontachais; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine an reachtaíocht cur chun feidhme ar an Dlí maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha agus Músaeim a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na leasuithe a rinneadh le déanaí ar Dhlí na hAlbáine maidir le Limistéir faoi Chosaint a fhágann gur féidir dul i mbun mórthionscadail bhonneagair agus turasóireachta i limistéir atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de; á iarraidh go ndéanfaí na leasuithe reachtacha sin a chur ar ceal d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na creataí dlíthiúla agus na caighdeáin caomhnaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán agus go docht agus d’fhonn aghaidh a thabhairt ar thruailliú dramhaíola muirí a dhéanann difear do na tíortha comharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na hAlbáine príomhlimistéir faoi chosaint le haghaidh speiceas atá i mbaol criticiúil a chaomhnú, go háirithe lincse na mBalcán, a ainmniú agus a bhainistiú go héifeachtach, lena n-áirítear trí chláir chuimsitheacha um fhaireachán ar an mbithéagsúlacht, agus an reachtaíocht frithphóitseála a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go docht; ag tathant ar an Albáin éirí as na pleananna i leith ghléasra hidreachumhachta Skavica ar abhainn Drin Dhubh, toisc tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an éiceolaíocht, ar an tsochaí agus ar an gcultúr, lena n-áirítear easáitiú pobal áitiúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar réigiúnach agus an beartas eachtrach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta idir an tAontas agus an Albáin, a glacadh an 19 Samhain 2024, atá ina hardán le haghaidh idirphlé agus comhar feabhsaithe maidir le saincheisteanna slándála agus cosanta agus ina céim shuntasach chun cinn; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go n-eascróidh gníomhaíochtaí nithiúla as an gcomhpháirtíocht sin, lena n-áirítear tionscnaimh oiliúna chomhpháirteacha, cumais faisnéise chomhroinnte agus bearta slándála teorann feabhsaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála réigiúnacha agus dhomhanda; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhar slándála níos doimhne laistigh de na Balcáin Thiar, rud lena gcothófaí comhordú níos dlúithe i measc na gcomhpháirtithe réigiúnacha chun an choireacht eagraithe, cibearbhagairtí agus dúshláin hibrideacha a chomhrac; á iarraidh go neartófaí tacaíocht an Aontais do thionscnaimh slándála réigiúnacha lena bhfeabhsaítear an chobhsaíocht agus an athléimneacht ar fud na mBalcán Thiar; á aithint gur céim shuntasach chun cinn í an chomhpháirtíocht sin i ndáil le ról na hAlbáine mar chomhpháirtí slándála iontaofa de chuid an Aontais a neartú; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, go n-éascóidh an chomhpháirtíocht, i measc nithe eile, tionscnaimh chomhpháirteacha agus iarrachtaí fothaithe acmhainneachta, rud a fhágfaidh go rannchuideofar le hollstruchtúr slándála níos athléimní agus níos comhtháite sna Balcáin Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an straitéis slándála náisiúnta in 2024 chun bagairtí hibrideacha a chomhrac tuilleadh mar aon leis an dlí nua ar an gcibearshlándáil; á chur in iúl gur geal léi an dearbhú comhpháirteach a shínigh an Albáin, an Chosaiv agus an Chróit, a bhfuil sé d’aidhm aige comhar a fheabhsú agus an acmhainneacht cosanta a neartú, agus fós tacaíocht iomlán a thabhairt don chomhtháthú cosanta Eora-Atlantach agus réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar méadaitheach atá ag an Rúis i gcomharsanacht an Aontais; ag moladh na ngníomhaíochtaí a rinne Údarás Cumarsáide Leictreonaí agus Poist (AKEP) na hAlbáine i mí Dheireadh Fómhair 2024, as ar eascair dúnadh 155 chuntas ar líne arna n-oibriú ag an Rúis agus a raibh baint acu le bréagaisnéis a scaipeadh, chomh maith le hocht gcuntas a bhain le grúpaí cibirspiaireachta<FOOTNOTE><FIELD> https://politiko.al/english/e-tjera/-mbyll-155-llogari-ruse-ne-internet-per-dezinformimin-ne-tirane-i517028?.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir go léirítear leis na bearta sin iarrachtaí leanúnacha na hAlbáine cibearbhagairtí a mhaolú; ag tathant ar an Aontas a thacaíocht don Albáin a neartú chun tionchar díobhálach na Rúise a chomhrac agus cobhsaíocht réigiúnach a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag moladh na hAlbáine as ailíniú go hiomlán le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, lena n-áirítear a tacaíocht do smachtbhannaí de chuid an Aontais i gcoinne tríú tíortha, agus a rannchuidiú dearfach le misin an chomhbheartais slándála agus cosanta, go háirithe oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, rud atá ina léiriú ar an tír a bheith meáite ar rannchuidiú leis an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht réigiúnach agus idirnáisiúnta, agus á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na hAlbáine in oibríochtaí faoi stiúir an Aontais agus ECAT, agus a comhar le Europol agus Interpol; á iarraidh go mbeadh sí rannpháirteach tuilleadh in oibríochtaí bainistithe géarchéime faoi stiúir an Aontais agus i misin an chomhbheartais slándála agus cosanta amhail oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua; ag aithint thábhacht straitéiseach an Réigiúin Aidriadaigh agus Iónaigh do shlándáil agus cobhsaíocht eacnamaíoch na hEorpa; á iarraidh ar an Albáin a cumais slándála muirí a fheabhsú i gcomhar leis an Aontas agus le ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha Rialtas na hAlbáine ar dhea-chaidreamh comharsanachta a chur chun cinn; á mheabhrú, ina leith sin, go bhfuil tábhacht le gealltanas na hAlbáine aon díospóidí teorann a réiteach i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le réiteach síochánta ar dhíospóidí agus i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, lena n‑áirítear, más gá, trí bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta a leanúint; á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú gníomhach na hAlbáine le Próiseas Bheirlín; ag moladh, thairis sin, go mbeifí rannpháirteach go leanúnach agus go cuiditheach i dtionscnaimh um chomhar réigiúnach, i gcomhréir le luachanna an Aontais agus le cuspóirí an Aontais i leith an mhéadaithe, ós rud é go gcuireann sé sin leis an tsíocháin, leis an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht sna Balcáin Thiar; ag tabhairt rabhadh i gcoinne aon ghníomhaíochtaí a dhéanamh, amhail tionscnamh na mBalcán Oscailte, a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón gcómhargadh réigiúnach nó imeacht ó Phróiseas Bheirlín, sa mhéid go gcuireann siad baic ar lánpháirtiú agus comhtháthú an Aontais, rud a d’fhéadfadh dul chun cinn na hAlbáine i leith lánpháirtiú réigiúnach agus Eorpach níos doimhne a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur dhaingnigh an Albáin na comhaontuithe déthaobhacha maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta leis an gCróit, le Montainéagró agus leis an mBulgáir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag cur béim ar ról cuiditheach na hAlbáine maidir le cobhsaíocht agus comhar a chur chun cinn sna Balcáin Thiar, go háirithe trí idirphlé déthaobhach leis na tíortha comharsanachta agus trína rannpháirtíocht in eagraíochtaí réigiúnacha;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na hAlbáine.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>