<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0156</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascálacha 2023 agus 2024 maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0108/2025 -  Rapóirtéir: Ondřej Kolář)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 ar thuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin (2025/2018(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chreat-Chomhaontú Ginearálta um Shíocháin sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ar cuireadh inisealacha leis in Dayton an 21 Samhain 1995 agus a síníodh i bPáras an 14 Nollaig 1995 (Comhaontú Síochána Dayton),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 164, 30.6.2015, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2015/997/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2015,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas ar bhallraíocht san Aontas ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin a tíolacadh an 15 Feabhra 2016,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 maidir le hiarratas na Boisnia agus an Heirseagaivéin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2019)0261),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 15 Nollaig 2022 lena ndeonaítear stádas mar thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 22 Márta 2024 maidir le tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19 agus an 20 Meitheamh 2003,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhuithe ó chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar an 6 Bealtaine 2020, an 13 Nollaig 2023 agus an 18 Nollaig 2024 sa Bhruiséil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/1923 ón gComhairle an 4 Samhain 2021 maidir le Beart Cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le fothú acmhainneachta Fhórsaí Armtha na Boisnia agus an Heirseagaivéin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 391, 5.11.2021, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1923/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2353 ón gComhairle an 1 Nollaig 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun acmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na Boisnia agus an Heirseagaivéin a neartú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 311, 2.12.2022, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2353/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans’</STRING> [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte de chuid an Aontais do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">An Economic and Investment Plan for the Western Balkans’</STRING> [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0641),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2023 Communication on EU Enlargement Policy’</STRING> [Teachtaireacht 2023 maidir le beartas an Aontais um Méadú] (COM(2023)0690), a raibh doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Bosnia and Herzegovina 2023 Report’</STRING> [Tuarascáil 2023 maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin] (SWD(2023)0691) ag gabháil léi,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">New growth plan for the Western Balkans’</STRING> [Plean nua fáis do na Balcáin Thiar] (COM(2023)0691),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Márta 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Report on progress in Bosnia and Herzegovina – March 2024’</STRING> [Tuarascáil ar an dul chun cinn sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin - Márta 2024] (COM(2024)0129),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais (COM(2024)0146),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2024 Communication on EU Enlargement Policy’</STRING> [Teachtaireacht 2024 maidir le beartas an Aontais um méadú] (COM(2024)0690), a raibh doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Bosnia and Herzegovina 2024 Report’</STRING> [Tuarascáil 2024 maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin] (SWD(2024)0691) ag gabháil léi,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhorléargas agus do mheasúnuithe tíre ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2023 agus an 13 Meitheamh 2024 ar Chlár Athchóirithe Eacnamaíoch na Boisnia agus an Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chúigiú cruinniú den Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an 19 Iúil 2023 agus do sheachtú cruinniú den Choiste Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an 19 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí an tríú, an cheathrú agus an chúigiú agus an séú cruinniú den Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, a tionóladh an 30 agus an 31 Deireadh Fómhair 2023, an 13 agus an 14 Márta 2024, an 30 Deireadh Fómhair 2024 agus an 12 agus an 13 Márta 2025 faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó shaineolaithe an 5 Nollaig 2019 maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhaontú polaitiúil na Comhairle Eorpaí an 12 Meitheamh 2022 maidir le prionsabail chun a áirithiú go mbeidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin feidhmiúil agus go rachaidh sí chun cinn ar an gconair Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do 63ú tuarascáil, do 64ú tuarascáil, do 65ú tuarascáil agus do 66ú tuarascáil ón Ardionadaí um Chur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Síochána maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 9 Bealtaine 2023, an 2 Samhain 2023, an 15 Bealtaine 2024, an 1 Samhain 2024 faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 2757 (2024) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 1 Samhain 2024, lena gcuirtear síneadh leis an bhfórsa faoi cheannas an Aontais (EUFOR) sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin go dtí an 2 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 78/282 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 23 Bealtaine 2024, lena n-ainmnítear an 11 Iúil mar Lá Idirnáisiúnta um Machnamh agus um Chomóradh Chinedhíothú 1995 in Srebrenica,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC), arna dhaingniú ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin an 6 Márta 1992, agus do na trí Phrótacal Roghnacha a ghabhann leis, eadhon: an Prótacal Roghnach maidir le Leanaí a Rannpháirtiú i gCoinbhleachtaí Armtha, a daingníodh an 10 Deireadh Fómhair 2003; an Prótacal Roghnach maidir le Díol Leanaí, Striapachas Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, a daingníodh an 4 Meán Fómhair 2001, agus an Prótacal Roghnach maidir le Nós Imeachta Cumarsáide, a daingníodh an 19 Deireadh Fómhair 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin UNESCO maidir leis an gceart chun oideachais sa mháthairtheanga, do Choinbhinsiún UNESCO an 17 Deireadh Fómhair 2003 maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe, chomh maith le Coinbhinsiún UNESCO an 20 Deireadh Fómhair 2005 maidir le hÉagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Bhunreacht na Boisnia agus an Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhlí Toghcháin leasaithe na Boisnia agus an Heirseagaivéin a d’fhorchuir Ardionadaí na Boisnia agus an Heirseagaivéin an 26 Márta 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuairteanna Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Leas-Uachtarán/Ardionadaí) Kaja Kallas agus Ardrúnaí ECAT Mark Rutte ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, chuig ceannairí polaitiúla na Boisnia agus an Heirseagaivéin i mí Aibreáin 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua an Aontais don mhéadú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil uaithi an 17 Eanáir 2024 maidir le ‘Ról na taidhleoireachta coiscthí chun dul i ngleic le coinbhleachtaí calctha ar fud an domhain — deis a cailleadh nó athrú don todhchaí?’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5744, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5744/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0108/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an méadú ar cheann de na hionstraimí beartais eachtraigh is éifeachtaí de chuid AE agus gur infheistíocht gheostraitéiseach é sa tsíocháin, sa daonlathas, sa chobhsaíocht, sa tslándáil agus sa rathúnas ar mhór-roinn na hEorpa, agus go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí, go háirithe i gcomhthéacs mórathruithe geopholaitiúla tapa agus iomaíocht mhéadaitheach le réimis fhorlámhacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndéantar gach tír a mheas ar a fiúntas féin agus critéir Chóbanhávan á gcomhlíonadh aici, lena n-áirítear lánurraim don daonlathas, don smacht reachta agus do luachanna bunúsacha AE, do chearta an duine, cearta mionlach agus saoirsí na meán;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas príomh-chomhpháirtí polaitiúil agus eacnamaíoch thíortha na mBalcán Thiar i gcónaí; de bhrí go bhfuil AE fós ina chomhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin (BiH), arb ionann é agus formhór a shreafaí trádála eachtraí agus go bhfuil ról lárnach aige ina phróiseas comhtháthaithe eacnamaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur tír is iarrthóir í an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus go bhfuil tromlach mór a saoránach ag iarraidh lánpháirtiú Eora-Atlantach a bhaint amach ar mhaithe le síocháin, daonlathas agus rathúnas inbhuanaithe; de bhrí gurb é 2025 comóradh 30 bliain Chomhaontú Síochána Dayton, atá fós mar bhonn le leagan amach institiúideach na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus a bhí beartaithe mar choimirce do chomhionannas a thrí bhunphobal;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil tacaíocht phoiblí fós leochaileach mar gheall ar insintí frith-AE arna gcur chun cinn ag gníomhaithe neamhliobrálacha ón réigiún agus níos faide i gcéin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, in ainneoin na n-easnamh atá ann, gur chothaigh Comhaontú Síochána Dayton an tsíocháin agus an cobhsú ina dhiaidh sin sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin trí na príomhinstitiúidí a chruthú a chuir ar chumas na tíre dul chun cinn a dhéanamh ar chonair lánpháirtiú AE agus ECAT;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, 30 bliain tar éis dheireadh an chogaidh, go bhfuil an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin fós mífheidhmiúil agus go bhfuil sí i ngéarchéim dhomhain pholaitiúil agus slándála arís, le hiarrachtaí ar scaradh, agus ardleibhéal éillithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go dtacaíonn AE go láidir le hiomláine chríochach agus ceannasacht na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus nach nglacfaidh sé le haon iarrachtaí chun an bonn a bhaint di; de bhrí gur luadh sa Chompás Straitéiseach, mar ábhar slándála agus cobhsaíochta, gur díol spéise ar leith é tacú le ceannasacht, aontacht agus iomláine chríochach na Boisnia agus an Heirseagaivéin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur thionscain Uachtarán eintiteas Republika Srpska (RS), Milorad Dodik, agus polaiteoirí ó Chomhghuaillíocht na nDaonlathaithe Sóisialta Neamhspleách (SNSD) gníomhaíochtaí míbhunreachtúla chun dlíthe stáit laistigh d’eintiteas RS a neamhniú agus go ndearna siad ionsaí ar phríomhinstitiúidí an stáit, eadhon Oifig an Ardionadaí, Cúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus an Heirseagaivéin, agus na breithiúna; de bhrí gur ghlac údaráis eintiteas RS páirt sa ‘Tionól Uile-Sheirbeach’ a tionóladh an 8 Meitheamh 2024 i mBéalgrád faoin mana ‘Daonra amháin, tionól amháin’; de bhrí gur tionscnaíodh próiseas chun tromlach nua ar son AE a bhunú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur misean CBSC de chuid an Aontais é EUFOR Althea lena gcabhraítear leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin timpeallacht chobhsaí agus shlán a choinneáil sa tír agus go bhfuil sé ag tacú le hiarrachtaí na bhfórsaí armtha ailíniú le caighdeáin ECAT, agus é ina dhíspreagadh i gcoinne aon bhagairtí eachtracha ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil gníomhaithe eachtracha urchóideacha ag díriú níos mó agus níos mó ar chonair AE na Boisnia agus an Heirseagaivéin, go háirithe Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht na Síne, a dhéanann dúshaothrú ar dheighiltí eitneacha agus as leochaileacht institiúideach chun bac a chur ar athchóirithe, an bonn a bhaint den ord bunreachtúil agus muinín an phobail as an Aontas a chreimeadh; de bhrí go leanann meáin na Rúise atá faoi rialú an stáit, lena n-áirítear Sputnik Serbia agus RT Balkan, de bheith ag feidhmiú sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, go háirithe in eintiteas RS, ag scaipeadh bréagaisnéise agus insintí ar son na Creimile de shárú ar smachtbhannaí AE ar eagraíochtaí bolscaireachta Rúiseacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur stát il-eitneach í an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ar ina chríoch atá grúpaí éagsúla reiligiúnacha agus eitneacha ina gcónaí leis na céadta bliain, rud a léiríonn gur féidir le daoine a bhfuil tuairimí éagsúla acu maireachtáil taobh le taobh i dtimpeallacht caoinfhulaingthe agus urraime frithpháirtí; de bhrí go bhfuil an éagsúlacht teanga agus chultúrtha ar cheann de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh, mar a chumhdaítear in Airteagail 21 agus 22 den Chairt um Chearta Bunúsacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, i gcás olltoghcháin 2022, gur chinn Misean Breathnóireachta Toghchán na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE/ODIHR) de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE/ODIHR) go raibh an próiseas toghcháin fós leochaileach do chur isteach seachtrach, lena n-áirítear mí-úsáid acmhainní riaracháin agus clúdach claonta sna meáin a bhfuil tionchar ag ardáin a fhaigheann tacaíocht eachtrach orthu, agus gur iarr sé go mbeadh cosaintí feabhsaithe ann i gcoinne na bréagaisnéise, na trédhearcachta i maoiniú feachtais, agus coimircí d’iriseoirí agus don tsochaí shibhialta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tiomantas d’Aontachas leis an Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí le haontachas na Boisnia agus an Heirseagaivéin leis an Aontas trí phróiseas fiúntasbhunaithe bunaithe ar chritéir Chóbanhávan, atá bunaithe ar aontacht, ar cheannasacht, ar iomláine chríochach, agus ar chomhionannas i measc a saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i gcomhthéacs na réaltachta geopholaitiúla athraithe tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh roinnt príomhdhlíthe roimh an gcinneadh sin, ach á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an dinimic dhearfach athchóiriúcháin ina stad, agus ag tabhairt dá haire cur chun feidhme agus forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe a glacadh; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an próiseas reachtach loite ag easpa trédhearcachta agus rochtain theoranta do phríomh-gheallsealbhóirí; ag tabhairt dá haire gur glacadh le déanaí na Dlíthe maidir le Rialú Teorann agus Cosaint Sonraí Pearsanta, agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go críochnúil iad; á iarraidh go ndéanfaí ullmhúcháin chun an bonn institiúideach agus airgeadais a bhunú don mhéadú sin chun lánpháirtiú inbhuanaithe AE a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tathant ar cheannairí polaitiúla dlisteanach na Boisnia agus an Heirseagaivéin ar gach leibhéal na céimeanna ábhartha uile a leagtar amach i moladh ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 a ghlacadh, agus lánurraim á tabhairt do nósanna imeachta cuí atá daonlathach, trédhearcach agus cuimsitheach d’fhonn go nglacfaidh an Chomhairle an creat caibidlíochta a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha sin, agus dlús a chur leis na hiarrachtaí chun na 14 phríomhthosaíocht a leag an Coimisiún amach in 2019 a bhaint amach; á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile seasamh le haontacht, ceannasacht agus iomláine chríochach na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus staonadh ó reitric agus ó gach gníomh scoilteach, lena n-áirítear reitric scarthach agus gníomhartha scarthacha, gríosú chun éadulaingt eitneach, reiligiúnach agus chiníoch a ghríosú, cinedhíothú agus coireanna cogaidh eile a dhiúltú, agus coireanna cogaidh agus déantóirí coireanna cogaidh a ghlóiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á athdhearbhú gur gá próiseas aontachais na Boisnia agus an Heirseagaivéin a bheith fréamhaithe in institiúidí daonlathacha feidhmiúla, sa smacht reachta, sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe, chomh maith le hurraim do chearta bunúsacha agus neamh-idirdhealú do gach saoránach, lena n-áirítear pobail na tíre, gan beann ar chleamhnachtaí eitneacha reiligiúnacha nó cleamhnachtaí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag cáineadh go láidir go bhfuil úsáid á baint arís agus arís eile as reitric ghríosaitheach agus go bhfuil dlíthe agus beartais scarthacha á nglacadh ag Milorad Dodik, Uachtarán eintiteas RS, páirtí SNSD, agus Tionól eintiteas RS, lena n-áirítear ceiliúradh ‘Lá Republika Srpska’ mar a thugtar air agus Lá Stát Phoblacht na Seirbia; ag cur béim ar an bhfíoras go mbaineann gníomhaíochtaí den sórt sin an bonn d’ord bunreachtúil, d’iomláine chríochach agus de cheannasacht na Boisnia agus an Heirseagaivéin, agus go bhfuil siad ar neamhréir lena próiseas aontachais leis an Aontas agus go mbaineann siad an bonn de Chomhaontú Síochána Dayton;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit uile — agus á iarraidh go mbeadh aontacht eatarthu — chomh maith leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus an Coimisiún, gníomhú ar bhealach níos cinntithí chun freagairt do na bagairtí díreacha sin ar shlándáil na hEorpa agus á iarraidh an athuair go mbeadh smachtbhannaí spriocdhírithe ann i gcoinne na ngníomhaithe díchobhsaitheacha uile, go háirithe Milorad Dodik, chomh maith le heintiteas ardchéime RS eile agus oifigigh na Seirbia a chuireann tacaíocht pholaitiúil agus ábhartha ar fáil do bheartais scarthacha; á iarraidh ar na Ballstáit uile a áirithiú gur féidir leis an gComhairle smachtbhannaí den sórt sin a ghlacadh agus iad a fhorchur go déthaobhach nó i gcomhar le Ballstáit eile mura féidir iad a ghlacadh sa Chomhairle; ag cáineadh ról Rialtas na hUngáire maidir le smachtbhannaí a bhlocáil; ag tacú leis na ráitis a rinne Ard-Rúnaí ECAT Mark Rutte an 10 Márta 2025 i Sairéavó agus an Leas-Uachtarán/Ardionadaí Kaja Kallas an 8 Aibreán i Sairéavó agus á iarraidh go ndéanfaí an chobhsaíocht sa tír a choimirciú; á chreidiúint nár cheart d’oifigigh ardleibhéil AE dul i dteagmháil le gníomhaithe a bhaineann an bonn d’ord bunreachtúil na Boisnia agus an Heirseagaivéin ionas nach ndéanfar dochar d’inchreidteacht AE maidir le tacú le hinstitiúidí stáit na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus á chur in iúl gur geal léi na toirmisc taistil a d’fhorchuir roinnt Ballstát ar dhaoine RS ardchéimiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag cur sonrú sa rialú ó Chúirt na Boisnia agus an Heirseagaivéin i gcás Milorad Dodik an 26 Feabhra 2025 agus á chur in iúl gur cúis mhór imní di an teannas atá ag dul in olcas agus na gníomhaíochtaí a raibh sé i gceannas orthu ó shin, lena n-áirítear ionsaithe gan fasach ar institiúidí na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus imeaglú an fhreasúra in RS; á chur in iúl gur saoth léi an tacaíocht a thugann údaráis na Rúise agus na Seirbia do bheartais den sórt sin, agus á iarraidh ar na gníomhaithe inmheánacha, réigiúnacha agus idirnáisiúnta uile ceannasacht agus iomláine chríochach na Boisnia agus an Heirseagaivéin a urramú; á iarraidh go ndéanfaí leithlisiú idirnáisiúnta ar Milorad Dodik; ag cáineadh chinneadh rialtas eintiteas RS le déanaí a dhearbhú go raibh oifigeach sinsearach aireachta gnóthaí eachtracha de chuid na Gearmáine ina persona non grata; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur dhiúltaigh Interpol Fógra Dearg a eisiúint le haghaidh barántas idirnáisiúnta agus á iarraidh ar EUFOR tacaíocht nithiúil a chur ar fáil d’údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin chun deireadh a chur leis na hiarrachtaí leanúnacha chun an bonn a bhaint de chobhsaíocht dhlíthiúil agus pholaitiúil na tíre, agus chun tiomantas agus cumas AE agus EUFOR a léiriú maidir leis an tsíocháin a chaomhnú, an smacht reachta a fhorfheidhmiú, agus sláine na n-institiúidí dlíthiúla a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil beartais agus gníomhaíochtaí Milorad Dodik, lena n‑áirítear bacanna a chuirtear go minic ar chomhlachtaí ar leibhéal an Stáit agus ar chinnteoireacht agus maolú institiúidí na Boisnia agus an Heirseagaivéin atá riachtanach don obair theicniúil maidir le hailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, ina dtoisc mhór i gconair dheacair aontachais na Boisnia agus an Heirseagaivéin leis an Aontas agus gur sárú soiléir iad ar chomhaontú polaitiúil an 12 Meitheamh 2022; á chur in iúl gur geal léi obair institiúidí inniúla na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus á iarraidh orthu nósanna imeachta cuí a leanúint agus gach cinneadh a fhorghníomhú agus a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt don smacht reachta; ag tathant ar na gníomhaithe polaitiúla uile, go háirithe in eintiteas RS, diúltú do na céimeanna scarthacha uile a bhaineann an bonn d’aontacht, de cheannasacht, d’iomláine chríochach agus de shlándáil na tíre; ag tathant ar Thionól Náisiúnta RS a áirithiú go léiríonn a Iris Oifigiúil cinntí Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus an Heirseagaivéin maidir le reachtaíocht RS, a bhfuarthas go mbaineann sí an bonn den ord bunreachtúil agus a ndearnadh a aisghairm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear Oifig an Ardionadaí, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus Comhairle na hEorpa, breithniú a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh le 15 bliana anuas de rannpháirtíocht Eorpach sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus a straitéis a athchalabrú dá réir, agus béim as an nua á leagan ar dhul chun cinn agus athchóirithe nithiúla a chur ar fáil lena gcuirtear dlús le conair na tíre i dtreo bhallraíocht AE, agus ar an gcaoi sin tiomantas daingean AE do lánpháirtiú iomlán na Boisnia agus an Heirseagaivéin san Aontas a athdhearbhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ailíniú iomlán foirmiúil na Boisnia agus an Heirseagaivéin le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, lena n-áirítear bearta sriantacha mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus ag tathant go gcuirfí na bearta sin chun feidhme go héifeachtach; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht leanúnach na Boisnia agus an Heirseagaivéin i misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime AE; ag cáineadh an tseasaimh atá ag ceannaireacht eintiteas Republika Srpska ar son na Rúise agus na gcruinnithe rialta a bhíonn aici le Vladimir Putin agus le hoifigigh eile de chuid na Rúise; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na rioscaí slándála a bhaineann leis na naisc sin; ag tathant ar AE imscrúdú a dhéanamh ar úsáid eintiteas RS mar thairseach d’oibríochtaí faisnéise na Rúise agus d’ionsaithe hibrideacha ar Bhallstáit AE; á iarraidh go dtacófaí leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin chun feachtais bhréagaisnéise de thionscnamh na Rúise a chomhrac mar chuid d’iarracht chomhpháirteach i gcoinne bagairtí hibrideacha; ag tacú go láidir le mianta leanúnacha na Boisnia agus an Heirseagaivéin maidir le lánpháirtiú Eora-Atlantach agus ballraíocht ECAT agus á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile gníomhaíocht pholaitiúil nithiúil a dhéanamh chun iad a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí le hOifig an Ardionadaí agus le hOibríocht EUFOR Althea chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Chomhaontú Síochána Dayton i gcomhréir lena sainorduithe bunaithe ar neodracht pholaitiúil agus lánurraim do Bhunreacht na Boisnia agus an Heirseagaivéin, go dtí go mbeidh an ‘clár oibre 5+ 2’ comhlíonta ag an tír agus go dtí go dtiocfaidh deireadh lena maoirseacht idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi an athnuachan a rinneadh ar shainordú Oibríocht EUFOR Althea; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin fós ag brath go mór ar shainordú Oifig an Ardionadaí, agus ar láithreacht EUFOR Althea, ach ag aithint agus ag meas gur institiúid ríthábhachtach í ní hamháin chun an tsíocháin a choimirciú, ach feidhmiú lom na tíre freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag Oibríocht EUFOR Althea maidir le slándáil, iomláine chríochach, cobhsaíocht, ceannasacht agus neamhspleáchas polaitiúil na Boisnia agus an Heirseagaivéin a choimirciú, agus á áirithiú ag an am céanna go ngníomhóidh geallsealbhóirí áitiúla i gcomhréir leis na bunphrionsabail sin mar a leagtar amach i gComhaontú Síochána Dayton agus i rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; ag tathant ar EUFOR an sainordú sin a chur in iúl go haonchiallach do shaoránaigh na Boisnia agus an Heirseagaivéin mar bheart cothaithe muiníne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an cinneadh ón gComhairle maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána ar fiú EUR 10 milliún é chun tairbhe Fhórsaí Armtha na Boisnia agus an Heirseagaivéin (AFBiH) agus an Chonartha Comhair agus Oiliúna do 2023 idir AFBiH agus EUFOR; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí a chur ar chumas na mBallstát incháilithe uile páirt a ghlacadh i misin síochánaíochta AE, amhail Oibríocht EUFOR Althea sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin, ECAT agus EUFOR Althea tús a chur le próiseas athchóirithe fhórsaí armtha na Boisnia agus an Heirseagaivéin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí trasnaíocht eachtrach urchóideach agus feachtais bhréagaisnéise ag gníomhaithe eachtracha sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, go háirithe sa Rúis agus sa tSín, chomh maith lena dtarchur trí na meáin áitiúla agus trí struchtúir pholaitiúla, go háirithe ag eintiteas RS; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tacaíocht na Creimile do reitric scarthach, iarrachtaí chun institiúidí stáit a dhídhlisteanú, agus cur isteach ar ábhair bhreithiúnacha agus toghcháin; á thabhairt chun suntais iarrachtaí na Rúise le déanaí ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun gníomhaíochtaí míbhunreachtúla údaráis eintitis RS a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí céimeanna breise, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING> reachtaíocht na Boisnia agus an Heirseagaivéin a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE, agus tacaíocht AE chun cur i gcoinne trasnaíocht eachtrach urchóideach agus feachtais bhréagaisnéise go héifeachtach; á iarraidh ar SEGS agus ar Thoscaireacht AE chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin dlús a chur leis na hiarrachtaí chun na tairbhí a bhaineann le lánpháirtiú níos dlúithe a chur chun cinn agus infheistíocht a dhéanamh i bhfeachtais chumarsáide chun insintí frithdhaonlathacha agus cineálacha eile tionchair eachtraigh a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi rannpháirtíocht údaráis eintiteas RS sa ‘Tionól Uile-Sheirbeach’ a tionóladh an 8 Meitheamh 2024 i mBéalgrád faoin mana ‘Daonra amháin, tionól amháin’ agus ag diúltú dá dhearbhú a bhaineann an bonn de cheannasacht na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus thíortha eile na mBalcán Thiar agus a mhainníonn dea-chaidreamh comharsanachta a chur chun cinn; ag cáineadh chur isteach Uachtarán na Seirbia, Aleksandar Vucic, ar ghnóthaí na Boisnia agus an Heirseagaivéin, lena n‑áirítear trí thacaíocht a chur in iúl do ghníomhaíochtaí neamhdhlisteanacha Milorad Dodik agus trí ‘Tionól Uile-Sheirbeach’, a bhfuil tacaíocht na Rúise aige, a bhaineann an bonn de cheannasacht agus d’iomláine chríochach na Boisnia agus an Heirseagaivéin a eagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cáineadh an mhéadaithe atá tagtha ar thionchar mailíseach na hIaráine sa tír agus sna Balcáin Thiar, ar bagairt é don tslándáil don Aontas agus dá Bhallstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht athnuaite agus leanúnach na Boisnia agus an Heirseagaivéin sa Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais idir AE agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin chun ceann de na 14 phríomhthosaíocht atá leagtha amach ag an gCoimisiún a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tathant ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin athchóiriú a dhéanamh ar an sásra comhair do chúrsaí AE, ar léir go bhfuil sé neamhéifeachtach agus neamhéifeachtúil maidir le haghaidh a thabhairt ar chúraimí a bhaineann le lánpháirtiú AE; á iarraidh ar na húdaráis clár náisiúnta a thíolacadh chun <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE (NPAA) a ghlacadh i gcomhréir le barúlacha an Choimisiúin agus ailíniú comhordaithe le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE a áirithiú ar fud na tíre; á thabhairt chun suntais gur gá struchtúr caibidlíochta oibríochtúil a bhunú tar éis chinneadh na Comhairle Eorpaí tús a chur le caibidlíocht aontachais, lena n-áirítear foireann chaibidlíochta agus príomh-idirbheartaí a ainmniú atá údaraithe go hiomlán seasamh na tíre a chur i láthair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Daonlathas agus an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár achtaigh gníomhaithe polaitiúla fós na hathruithe is gá ar an mbunreacht agus ar an dlí toghcháin chun iad a ailíniú leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus chun rialuithe ábhartha ó Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a chur chun feidhme chun deireadh a chur le gach cineál neamhionannais agus idirdhealaithe sa phróiseas toghcháin agus chun neamh-idirdhealú, cosaint ceart bunúsach, agus comhionannas a áirithiú do shaoránaigh uile na Boisnia agus an Heirseagaivéin chun ‘aistriú ó Dayton go dtí an Bhruiséil’; á athdhearbhú go bhfuil mainneachtain na rialuithe sin a chur chun feidhme ar neamhréir le luachanna AE agus le lánpháirtiú na Boisnia agus an Heirseagaivéin san Aontas; á chur i bhfáth gur gá gach próiseas athchóirithe bunreachtúil agus toghcháin a bheith cuimsitheach, bunaithe ar chomhairliúcháin chuimsitheacha le saoránaigh, leis an tsochaí shibhialta agus le saineolaithe neamhspleácha agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile sa tír, agus i gcomhréir le caighdeáin agus prionsabail Eorpacha; á athdhearbhú nár cheart d’aon athchóiriú toghcháin deighilt eitneach a dhoimhniú ná a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach raibh údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin in ann an tsochaí a aontú ná córas cóir agus feidhmiúil a chruthú sa tír, ach gur rannchuidigh siad den chuid is mó le deighiltí a dhoimhniú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tús a chur le próiseas athchóirithe trédhearcach agus cuimsitheach lena bhféadfaí Comhaontú Síochána Dayton a chlaochlú ina bhunreacht ar bhealach inbhuanaithe, i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin agus prionsabail Eorpacha, d’fhonn córas rialachais feidhmiúil, cuntasach, ionadaíoch agus dlisteanach a áirithiú don phobal i gcoitinne, chun deighiltí eitneanáisiúnacha a shárú agus chun dul chun cinn inbhuanaithe a bhaint amach ar an mbealach i dtreo an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an tArdionadaí athruithe ar an Dlí Toghcháin i mí an Mhárta 2024 lenar tugadh isteach caighdeáin thábhachtacha sláine agus bearta cothaithe muiníne, arb é is aidhm dóibh muinín na vótálaithe sa phróiseas foriomlán toghcháin a athbhunú; á iarraidh ar Thionól Parlaiminteach na Boisnia agus an Heirseagaivéin aghaidh a thabhairt go práinneach ar na moltaí uile atá fós gan réiteach ó ESCE/ODIHR, ó Choimisiún na Veinéise agus ón nGrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) go háirithe maidir le hábhair a bhaineann le riarachán toghcháin, pobalbhreith agus comhaireamh a dhéanamh, feachtasaíocht agus maoiniú feachtais, toirmeasc sainráite ar cheannach indíreach vótaí, réiteach díospóidí toghcháin, cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na trasnaíochta eachtraí, cosaint iriseoirí a mhéadú agus smachtbhannaí a fhorchur ar mhí-úsáid acmhainní riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fíoras go raibh toghcháin áitiúla an 6 Deireadh Fómhair 2024 iomaíoch agus go ndearnadh bainistiú éifeachtach orthu; á chur in iúl gur oth léi gur reáchtáladh na toghcháin i dtimpeallacht ina raibh easpa comhtháthú sóisialta agus polaitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag cáineadh go láidir ghníomhaíochtaí eintiteas Republika Srpska lena ndéantar an bonn a bhaint ó ord bunreachtúil na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus ó inniúlachtaí comhlachtaí stáit, agus a bhacóireachta maidir le Cúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus an Heirseagaivéin; ag cáineadh na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha uile atá i gcoinbhleacht leis an gcreat bunreachtúil agus á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin cur chuige atá ar son na hEorpa a shaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag cur suntas sa dul chun cinn teoranta atá déanta maidir le hathchóirithe ceartais sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, go háirithe maidir le neamhspleáchas, gairmiúlacht, éifeachtúlacht agus cuntasacht an chórais bhreithiúnaigh; á iarraidh go ndéanfaí bearta práinneacha chun dlús a chur le hathchóirithe sna réimsí sin, lena n-áiritheofar ailíniú iomlán le caighdeáin AE agus lena neartófar cumas na mbreithiúna ceartas a bhaint amach go héifeachtach agus seasamh leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí an t-éilliú, go háirithe an t-éilliú ardleibhéil, sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, ar fadhb struchtúrach é atá leabaithe go domhain i gcóras rialachais na tíre atá thar a bheith casta, agus ag tathant ar na húdaráis ábhartha seasamh níos cinntithí, níos comhordaithe, níos trédhearcaí agus níos réamhghníomhaí a ghlacadh chun é a chomhrac, lena n-áirítear trí reachtaíocht frithéillithe a fheabhsú i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin agus moltaí idirnáisiúnta agus cur chun feidhme éifeachtach dlíthe a áirithiú, amhail iad siúd maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus sceithirí a chosaint; ag spreagadh na Boisnia agus an Heirseagaivéin páirt a ghlacadh i gcomhar struchtúrtha agus i malartú dea-chleachtas leis na Ballstáit; á chur in iúl gur geal léi Straitéis Frithéillithe 2024-2028 agus glacadh an phlean gníomhaíochta chun í a chur chun feidhme, chomh maith le hiarrachtaí leanúnacha comhair idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil na dlíthe maidir le soláthar poiblí, coinbhleacht leasa agus an Ardchomhairle Bhreithiúnach fós i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus ag tathant go nglacfaí dlí nua maidir leis an Ardchomhairle Bhreithiúnach agus Ionchúiseach (HJPC) i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise; á iarraidh go mbunófaí Roinn Dearbhuithe Sócmhainní a fheidhmíonn go neamhspleách laistigh de HJPC, agus á mholadh go ndéanfaí cásanna éillithe ardleibhéil a ionchúiseamh go neamhchlaonta agus go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá an córas chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú i measc daoine aonair a bhfuil na príomhfheidhmeanna feidhmiúcháin acu a neartú, go háirithe trína áirithiú go mbeidh ráitis leasanna faoi réir fíorú rialta agus substainteach; á chur i bhfios go láidir gur cheart do gach duine aonair a bhfuil na príomhfheidhmeanna feidhmiúcháin acu, bídís tofa nó ceaptha, a bheith faoi réir oibleagáidí aonfhoirmeacha maidir le nochtadh, agus gur cheart gach dearbhú den sórt sin a chur ar fáil go poiblí go córasach agus a bheith inrochtana go héasca ar líne, ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di leochaileachtaí i ndáil le hinsíothlú coiriúil sna córais pholaitiúla, dhlíthiúla agus eacnamaíocha; ag moladh údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin as Comhaontú Comhair maidir le Eurojust a shíniú an 24 Deireadh Fómhair 2024 chun éifeachtúlacht imscrúduithe agus ionchúisimh a mhéadú i réimsí na coireachta eagraithe, na sceimhlitheoireachta, na gáinneála ar dhaoine, na cibearchoireachta agus gníomhaíochtaí coiriúla eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór feabhas a chur ar an gcomhar le AE sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin gníomhaire comhfhreagrach a cheapadh mar chuid dá comhar le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Dlí nua maidir le Frithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin bearta a neartú sa réimse sin, lena n-áirítear na fodhlíthe is gá a ghlacadh chun an dlí a chur chun feidhme go héifeachtach, agus aird ar leith á tabhairt ar fhorfheidhmiú agus faireachán éifeachtach; á chur i bhfáth, go háirithe, gur gá an reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta a ailíniú go hiomlán le acquis AE agus leis an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh go mbunófaí smachtbhannaí níos déine i leith cionta sceimhlitheoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Dlí na Boisnia agus an Heirseagaivéin maidir le Rialú Teorann, arb é is aidhm dó comhlíonadh caighdeán Eorpach a fheabhsú, agus á iarraidh go ndéanfaí ailíniú iomlán le beartas víosaí an Aontais mar chuid de bheartas maidir le himirce rialaithe; á chur i bhfáth nach mór don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin seasamh leis an tslándáil ag a teorainneacha agus comhoibriú le Frontex agus le tíortha comharsanachta chun imirce neamhrialta a chosc agus rochtain leordhóthanach ar nósanna imeachta tearmainn a áirithiú dóibh siúd atá incháilithe do chosaint idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh ceapachán oifigeach póilíneachta sinsearach, go háirithe sna Póilíní Teorann agus sa Ghníomhaireacht Stáit um Imscrúdú agus um Chosaint (SIPA), bunaithe ar fhiúntas agus go ndéanfar é trí nósanna imeachta roghnúcháin oscailte, caighdeánaithe agus trédhearcacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil gá le státseirbhís ghairmiúil dhípholaitithe; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a glacadh in athchóiriú an riaracháin phoiblí; á iarraidh go laghdófaí an t-ualach riaracháin sa riarachán poiblí; á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin feabhas a chur ar fhreagrúlacht na n-údarás poiblí d’iarrataí ar fhaisnéis;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag géarcháineadh an idirdhealaithe, an fhoréigin agus na fuathchainte a dhéantar i gcoinne na mionlach uile; á iarraidh go ndéanfaí na teagmhais sin a ionchúiseamh go héifeachtach; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin cearta an duine, neamh-idirdhealú agus cosaint na mionlach uile a chur chun cinn agus a choimirciú; á iarraidh go mbeadh cur chun feidhme feabhsaithe ar shásraí frith-idirdhealaithe sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus béim ar leith á leagan ar éadulaingt, fuathchaint agus gach cineál neamhionannais a chomhrac; á iarraidh ar na húdaráis feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí sóisialta, tithíochta, oideachais agus cúraim sláinte do gach mionlach agus do gach grúpa leochaileach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé léiriú cultúrtha agus teanga na mionlach uile sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú mór atá tagtha ar an bhforéigean — lena n-áirítear cineálacha foréigin dhigitigh atá ag teacht chun cinn — in aghaidh na mban, leanaí, seanóirí agus grúpaí leochaileacha eile, lena n-áirítear an pobal LADTIA; ag tathant ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin a mbeartais, a reachtaíocht agus a gcleachtais maidir le foréigean gnéasach agus digiteach in aghaidh na mban agus na gcailíní a chomhrac a ailíniú le caighdeáin Chomhairle na hEorpa, go háirithe Coinbhinsiún Iostanbúl, cásdlí ábhartha ECtHR agus acquis AE; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht spriocdhírithe do phríomhinstitiúidí, go gcuirfí oiliúint ar ghairmithe chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil d’íospartaigh, agus go méadófaí feasacht an phobail agus acmhainneacht institiúideach chun gach cineál foréigin inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag comhlachais na mban maidir le teagmháil a dhéanamh leis na daoine is leochailí; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin córas oifigiúil láraithe bailithe sonraí a bhunú maidir le feimeamharú; á chur in iúl gur geal léi cinneadh rialtas Chónaidhm na Boisnia agus an Heirseagaivéin (FBiH) an 9 Aibreán 2025 feimeamharú a áireamh sa chód coiriúil agus á iarraidh ar an bParlaimint an dlí nua sin a fhormheas go práinneach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil easpa cistithe agus faireacháin i bplean gníomhaíochta inscne 2023-2027 go dtí seo; á iarraidh go méadófaí rannpháirtíocht phoiblí agus pholaitiúil na mban sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; ag aithint na mbacainní agus an idirdhealaithe breise a bhíonn roimh mhná ó mhionlaigh eitneacha, go háirithe maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cáineadh leasuithe reachtacha lenar baineadh féiniúlacht inscne mar shaintréith chosanta, a bheith glactha ag eintiteas RS, agus na leasuithe sin nach ráthaíonn cosaint a thuilleadh do leanaí a bhfuil gnéaschlaonadh éagsúil agus féiniúlachtaí inscne éagsúla acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar údaráis ábhartha na Boisnia agus an Heirseagaivéin go ndéanfaí forbairt ar an bplean gníomhaíochta náisiúnta atá ar feitheamh maidir le cearta an linbh a chosaint, agus go ndéanfaí é a ghlacadh; á chur i bhfáth go ndéanann an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta difear do chéatadán ard leanaí sa tír, go háirithe leanaí ó ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear Romaigh, leanaí faoi mhíchumas, leanaí atá i gcoinbhleacht leis an dlí, agus leanaí ar gluaiseacht; á mheabhrú nach mór don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin seasamh lena gealltanais idirnáisiúnta ionas nach bhfágfar aon leanbh ar lár;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá oideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta, lena n‑áirítear an ceart chun oideachais sa mháthairtheanga, agus <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING> a thábhachtaí atá sé curaclaim scoilteacha a athchóiriú go córasach lena gcuirtear isteach go mór ar an tsoghluaisteacht inmheánach agus lena gcuirtear teorainn le scileanna smaointeoireachta criticiúla; á iarraidh an athuair go gcuirfí deireadh le cleachtas leithscartha an chórais ‘dhá scoil faoi aon díon amháin’, lena gcuirtear bac ar chomhtháthú sóisialta agus ar chomhionannas deiseanna, agus á chur i bhfáth gur gá tús áite a thabhairt don athmhuintearas agus don lánpháirtiú agus ceart gach pobail náisiúnta, lena n-áirítear mionlaigh, ar a gcultúr, a dteanga agus a bhféiniúlacht a chosaint; á iarraidh go nglacfaí curaclam coiteann i dtéacsleabhair staire bunaithe ar fhíorais chúirtbhunaithe a bhaineann leis an gcogadh mar bhealach chun athbhreithniúchán stairiúil a sheachaint agus ag spreagadh AE chun tacú leis an tionscnamh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí na Boisnia agus an Heirseagaivéin, mar a mhol Ombudsman na Boisnia agus an Heirseagaivéin, reachtaíocht a ghlacadh chun úsáid éifeachtach agus chomhionann na dtrí theanga oifigiúla a áirithiú, eadhon Cróitis, Boisnis agus Seirbis, chomh maith le script na Laidine agus an script Choireallach, i gcumarsáid sheachtrach leis na saoránaigh; ag cur béim ar an bhfíoras go sáraíonn an sárú ar an gceart chun úsáid chomhionann teanga agus scripte Bunreacht na Boisnia agus an Heirseagaivéin, Airteagal 2 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus Airteagal 14 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin saoirse comhthionóil, comhlachais agus cainte a ráthú, lena gcumasófar cuimsiú na sochaí sibhialta i gceapadh beartas; á iarraidh ar na húdaráis próisis chomhairliúcháin phoiblí atá fóinteach, córasach agus cuimsitheach a áirithiú; ag cáineadh gur thug eintiteas Republika Srpska dlí ar nós na Rúise isteach arís maidir le ‘gníomhairí eachtracha’ agus ag tathant ar na húdaráis é a aisghairm; ag cáineadh na húsáide a bhaineann údaráis eintiteas RS as dlíthe um chlúmhilleadh coiriúlaithe mar uirlis chun bac a chur ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus á iarraidh go ndéanfaí clúmhilleadh coiriúlaithe a athbhunú i réimse an dlí shibhialta amháin chun cosc a chur ar a mhí-úsáid chun srian a chur ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; á iarraidh ar an gCoimisiún coinníollacht dhocht a chur le cúlghairm na ndlíthe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag spreagadh Chomhairle Airí na Boisnia agus an Heirseagaivéin an Straitéis chun Timpeallacht Chumasúcháin a Fhorbairt don tSochaí Shibhialta a ghlacadh, lena n‑áiritheofar go ndíreofar go haonchiallach léi ar an gcreat reachtach a fheabhsú agus ar chistiú níos substaintiúla agus níos trédhearcaí a áirithiú do ESSanna; á iarraidh go dtabharfaí cosaint níos láidre do chosantóirí chearta an duine sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, lena n-áirítear gníomhaithe ar mná iad, iriseoirí agus ENRanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá na meáin neamhspleácha agus go n-urramófaí caighdeáin maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin inbhuanaitheacht airgeadais, agus béim á leagan ar ghéarchéim airgeadais phráinneach an chraoltóra phoiblí ar leibhéal an stáit BHRT, agus neamhspleáchas polaitiúil na gcraoltóirí poiblí agus Ghníomhaireacht Rialála Cumarsáide na Boisnia agus an Heirseagaivéin a áirithiú; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin reachtaíocht a ghlacadh maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán agus cistiú poiblí na meán; ag tathant ar an stát dlús a chur le glacadh an Dlí maidir le Cumarsáid Leictreonach, i gcomhréir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (GSD) agus le Gníomh nua an Aontais um Shaoirse na Meán<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh go n‑áiritheofaí iolrachas sna meáin phoiblí ar fud chríoch na Boisnia agus an Heirseagaivéin, lena n-áirítear ionadaíocht chomhionann ar gach mionlach; ag tabhairt dá haire gur ceapadh an Bord Craoltóirí Poiblí in FBiH tar éis 12 bhliain de bhaic agus á iarraidh air faisnéis neamhchlaonta agus oibiachtúil a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di bolscaireacht na Rúise i gcraoltóir poiblí eintiteas Republika Srpska agus á chur in iúl gur saoth léi craoladh chainéal RT (Russia Today roimhe seo), de shárú ar smachtbhannaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag cáineadh an bhrú pholaitiúil, na n-ionsaithe, an imeaglaithe, na mbagairtí, na ráiteas dímheasúil agus na gcásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPPanna) i gcoinne iriseoirí agus oibrithe na meán, go háirithe ó pholaiteoirí ardleibhéil nó óna n-eagraíochtaí ionadacha, agus ó ghníomhaithe atá ailínithe le codanna eile den domhan; á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a ráthú agus maidir leis na dlíthe coiriúla a leasú chun cosaint iriseoirí ar bhagairtí agus ar ionsaithe a neartú, i gcomhréir le ceanglais AE, agus á iarraidh ar na húdaráis dlíthe a ghlacadh lena gcosnaítear iriseoirí, ENRanna, cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe comhshaoil agus geallsealbhóirí eile go héifeachtach i gcoinne SLAPPanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé obair leantach bhreithiúnach iomchuí a áirithiú i gcásanna bagairtí agus foréigin i gcoinne iriseoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin dlíthe ábhartha maidir le cearta ginearálta an duine a áirithiú agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin coireanna idirdhealaitheacha a ionchúiseamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil gá le bainistiú imirce agus tearmainn atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus atá cothrom lena gcomhcheanglaítear cearta an duine a chaomhnú le rialú éifeachtach teorann; á iarraidh ar AE cabhrú leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin freagracht iomlán a ghlacadh as bainistiú na n-ionad glactha, ar minic iad a bheith ag an teorainn leis an Aontas, chun dálaí glactha leordhóthanacha a áirithiú, agus chun rochtain ar nósanna imeachta tearmainn éifeachtacha agus indéanta a ráthú agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta agus do chearta an duine; á chur in iúl gur cúis bhuartha di tuarascálacha maidir le dálaí glactha neamhleora san ionad atá maoinithe ag AE in Lipa; á chur i bhfáth gur gá trédhearcacht agus grinnscrúdú daonlathach a mhéadú ó thaobh leithdháileadh agus cur chun feidhme chistí AE de, i réimse na himirce; á chur in iúl gur geal léi comhaontú stádais uasghrádaithe na Boisnia agus an Heirseagaivéin le Frontex agus á iarraidh go síneofaí go pras é; á mheabhrú gur cheart go n-urramófaí go hiomlán cearta bunúsacha agus caighdeáin idirnáisiúnta le haon chomhaontú leis an ngníomhaireacht sin ar deireadh; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin dlús a chur lena cuid iarrachtaí i gcoinne na coireachta trasteorann, go háirithe gáinneáil ar dhaoine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athmhuintearas, comhar réigiúnach agus caidreamh maith idir comharsana </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á mheabhrú gur gnéithe ríthábhachtacha de phróiseas méadaithe an Aontais iad dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá athmhuintearas sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus ag tathant ar na húdaráis uile rochtain ar an bhfírinne, ar an gceartas agus ar shásamh cuimsitheach a chur chun cinn agus a ráthú go gníomhach, lena n-áirítear dlí ar leibhéal an stáit a ghlacadh lena mbunaítear cearta íosta d’íospartaigh cogaidh ar fud na tíre, agus cultúr cuimhneacháin na mban a chur chun cinn; á aithint gur féidir le cuntasacht chomh maith le meas frithpháirteach i measc daoine aonair agus pobal, agus cur chun cinn na comhthuisceana, go háirithe i measc daoine óga, tionchar dearfach a imirt i dtreo an athmhuintearais; ag tathant ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin straitéis náisiúnta um cheartas idirthréimhseach a ghlacadh; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na ndaoine atá ar iarraidh; ag tathant ar an gCoimisiún iarrachtaí breise a dhéanamh chun próisis athmhuintearais sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a chur chun cinn, tacú leo agus iad a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin dlús a chur le hionchúiseamh coireanna cogaidh i gcomhréir leis an Straitéis Stáit Athbhreithnithe chun Coireanna Cogaidh a Ionchúiseamh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhar réigiúnach feabhsaithe trí amhrastaigh a eiseachadadh, chomh maith le comhar idir údaráis bhreithiúnacha agus malartú i ngach gné fhoirmiúil ábhartha atá dírithe ar ionchúiseamh; ag spreagadh údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin a reachtaíocht a ailíniú chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag íospartaigh uile coireanna cogaidh ar chearta agus ar chosaintí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á aithint an ról thar a bheith tábhachtach atá ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Dhaoine atá ar Iarraidh (ICMP), lena n-áirítear tríd an gcumas institiúideach a áirithiú, trí thacú le teaghlaigh agus trí fhianaise a chur ar fáil do na Cúirteanna; ag tathant ar AE a áirithiú go mbeidh rochtain ag ICMP ar chistiú leordhóthanach chun leanúint dá ghníomhaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh an athuair go gcuirfí bearta breise agus cláir nithiúla chun feidhme maidir le filleadh inbhuanaithe dídeanaithe agus daoine easáitithe ina dtír féin, rochtain ar chúram sláinte agus ar fhostaíocht, cosaint shóisialta agus oideachas, agus lánurraim a thabhairt dá gcearta uile chun cúiteamh a fháil i leith maoin neamh-inaisíoctha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi gach cineál athbhreithniúchais stairiúil, séanadh cinedhíothaithe, iridinteachais, adhmholadh coireanna cogaidh agus coirpeacha cogaidh, agus conspóid fíorais nó neamhspleáchas agus neamhchlaontacht binsí idirnáisiúnta agus intíre, go háirithe ag ceannairí polaitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur glacadh an ‘Dearbhú maidir le Cearta Náisiúnta agus Polaitiúla a Chosaint agus Todhchaí Chomhchoiteann Phobal na Seirbia’ atá ina shárú ar roinnt gnéithe de Chomhaontú Síochána Dayton agus a bhaineann an bonn de cheannasacht, d’iomláine chríochach agus d’aontacht na Boisnia agus an Heirseagaivéin; ag tabhairt dá haire go bhfuil smaointe Srpski Svet ar neamhréir le mianta dul isteach san Aontas; á iarraidh ar an tSeirbia a bheith tiomanta go cuiditheach do chobhsaíocht agus d’iomláine chríochach na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus tacú go gníomhach le conair aontachais na Boisnia agus an Heirseagaivéin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá taidhleoireacht choisctheach sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; á iarraidh ar SEGS forbairt scileanna a neartú i measc na foirne chun feabhas a chur ar thuiscint AE ar na comhthéacsanna áitiúla stairiúla, cultúrtha agus reiligiúnacha, mar a cuireadh i dtábhacht sa tuarascáil maidir le ról na taidhleoireachta coiscthí a ghlac Parlaimint na hEorpa i mí Eanáir 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 11 Iúil a ainmniú mar Lá Idirnáisiúnta um Machnamh agus um Chomóradh Chinedhíothú 1995 in Srebrenica; á iarraidh ar na húdaráis slándáil Ionad Cuimhneacháin Srebrenica-Potocari a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras go raibh ar an Ionad Cuimhneacháin dúnadh go sealadach mar thoradh ar ábhair imní slándála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil comhar réigiúnach tríd an gcómhargadh réigiúnach ina ghné fhiúntach chun fás eacnamaíoch a chur chun cinn; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin na comhaontuithe soghluaisteachta réigiúnacha uile faoi Phróiseas Bheirlín a dhaingniú go pras agus an comhar eacnamaíoch a neartú tuilleadh tríd an margadh sin, i gcomhréir le cuspóirí mhéadú AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Plean Fáis do na Balcáin Thiar, lena n-áirítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar, lena mbeartaítear leithdháileadh táscach do níos mó ná EUR 1 bhilliún le haghaidh na Boisnia agus an Heirseagaivéin; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac Comhairle Airí na Boisnia agus an Heirseagaivéin dréachtchlár oibre athchóirithe; á iarraidh ar údaráis inniúla na Boisnia agus an Heirseagaivéin a áirithiú go nglacfar go pras a clár oibre don athchóiriú gan a thuilleadh moille chun nach ndéanfar a leithdháileadh cistiúcháin a dháileadh ar thíortha eile na mBalcán Thiar, agus sásra láidir a bhunú chun faireachán trédhearcach, cuimsitheach agus tráthúil a dhéanamh ar a chur chun feidhme; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tosaíocht a thabhairt do phríomhréimsí amhail an riarachán poiblí, an smacht reachta, frith-éilliú, dícharbónú, digitiú, nascacht agus forbairt caipitil dhaonna, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar dhúshláin shóisialta; á chreidiúint go gcuirfí feabhas ar gheilleagar na Boisnia agus an Heirseagaivéin dá nglacfaí le deiseanna an Phlean Fáis; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun comhoibriú le húdaráis réigiúnacha atá toilteanach agus tiomanta, agus úsáid níos solúbtha á baint as an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á mheabhrú gur cheart go bhfanfadh cistiú AE do thionscadail in eintiteas CC reoite go dtí go n-aisiompóidh eintiteas CC cúlú daonlathach agus go dtí go mbeidh sé ailínithe go hiomlán le CBES;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag spreagadh na Boisnia agus an Heirseagaivéin chun an leas is fearr a bhaint as tacaíocht airgeadais uile an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht airgeadais agus theicniúil a chur ar fáil do lánpháirtiú na Boisnia agus an Heirseagaivéin in AE bunaithe ar choinníollacht atá sainithe go soiléir agus ar fhaireachán dian ar chaiteachas agus ar thorthaí, i gcomhréir le cuspóirí AE maidir le bainistiú éifeachtúil agus cuntasach buiséid; á chreidiúint gur cheart go dtacódh na cistí ón Aontas ar bhealach níos fearr le hathchóirithe daonlathacha na tíre; sa chomhthéacs sin, á iarraidh go ndéanfaí cistiú ábhartha an Aontais a athchlárú chun tuilleadh cistí a atreorú chun tacú le cúnamh teicniúil chun na cistí, athchóirithe breithiúnacha agus bearta frith-éillithe a ionsú; á iarraidh, thairis sin, ar AE agus ar thíortha na mBalcán Thiar creat chun comhoibriú bisiúil le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bhunú, chun a áirithiú gur féidir le OIPE a inniúlachtaí i dtíortha aontachais a fheidhmiú go héifeachtach; á mholadh do Bhoisnia agus an Heirseagaivéin socruithe oibre déthaobhacha a thabhairt i gcrích go pras le OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go gcuireann an struchtúr rialachais agus easpa straitéisí ar fud na tíre i ngach réimse agus ar gach leibhéal bac freisin ar fheabhsú inbhuanaithe agus ar dhul chun cinn sa réimse sin; á iarraidh go gceapfaí comhordaitheoir IPA III go pras agus á iarraidh go n-ionsúfar cistí IPA III ar bhealach níos fearr sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; á iarraidh go neartófaí cumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach athchóirithe socheacnamaíocha a chur chun feidhme agus tionscadail arna gcómhaoiniú ó chistí an Aontais a bhainistiú, chun ionsú a mhéadú agus neamhionannais réigiúnacha a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin tosaíocht a thabhairt do bhearta atá dírithe ar fheabhas a chur ar an iomaíochas agus ar an timpeallacht ghnó, agus feabhas á chur ag an am céanna ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, borradh a chur faoin éagsúlú eacnamaíoch, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar an ngeilleagar neamhfhoirmiúil agus dul i ngleic leis an dífhostaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na treochtaí déimeagrafacha an-diúltach sa tír, arna spreagadh go háirithe ag an líon mór daoine óga atá ag fágáil, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearta breise a ghlacadh go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin; á iarraidh go ndíreofaí ar an óige mar cheann feadhna ar lánpháirtiú AE sa tír; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin bailchríoch a chur ar an Ráthaíocht don Aos Óg agus í a ghlacadh chun feabhas a chur ar rochtain ar fhostaíocht, ar oideachas, ar oiliúint agus ar phrintíseachtaí do dhaoine óga, chun aghaidh a thabhairt ar dhífhostaíocht ard i measc na hóige agus ar mhí-oiriúint scileanna agus chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag spreagadh institiúidí AE oibriú leis an tsochaí shibhialta agus le saineolaithe chun bealaí a fhorbairt chun sláinte agus cosaintí sóisialta a dhéanamh solúbtha agus iniompartha, chun comhionannas agus soghluaisteacht a áirithiú laistigh den Bhoisnia agus an Heirseagaivéin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrataí go ndéanfaí na Balcáin Thiar ar fad a chomhtháthú go pras i Margadh Aonair Digiteach AE roimh bhallraíocht iarbhír san Aontas, rud a rachadh chun tairbhe, thar aon ní eile, do thimpeallacht dhigiteach shábháilte, a chruthú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh, an comhshaol, bithéagsúlacht, forbairt inbhuanaithe agus nascacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag spreagadh na Boisnia agus an Heirseagaivéin chun dlús a chur le héagsúlú foinsí fuinnimh, go háirithe maidir le deireadh a chur lena spleáchas gáis ar an Rúis; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin slándáil agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú trína heangacha tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a neartú, trí chúpláil le margadh na hEorpa agus trí aistriú chuig foinsí in-athnuaite fuinnimh, go háirithe chuig an ngrianfhuinneamh agus an bhfuinneamh gaoithe , agus comhairliúcháin phoiblí fhóinteacha agus coimircí éifeachtacha comhshaoil á n-áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide atá i bhfad thar téarma a ghlacadh agus straitéisí cosanta comhshaoil ar fud na tíre a chur chun feidhme, lena n-áirítear trína láithreáin iarrthacha Smaragaide a chosaint go dlíthiúil, leormhaitheas a líonra Smaragaide a fheabhsú, agus cur chun feidhme iomlán na Treorach maidir le Gnáthóga<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7., ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, na Treorach maidir le hÉin<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7., ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus na Creat-Treorach Uisce<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a áirithiú, agus cáilíocht agus trédhearcacht infheistíochtaí comhshaoil á bhfeabhsú ag an am céanna; á athdhearbhú go bhfuil gá le cosaint agus feabhsú éifeachtach cháilíocht an aeir agus an uisce, agus le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i leith sáruithe ar dhlí an chomhshaoil; ag tabhairt dá haire go bhfuil an dul chun cinn i réimse chosaint an chomhshaoil agus na haeráide chomh maith le hailíniú le caighdeáin AE fós íseal, agus dá bhrí sin ag tathant ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin ailíniú níos fearr le caighdeáin agus cuspóirí beartais AE maidir le cosaint na haeráide agus fuinneamh a áirithiú i gcomhréir le Clár Oibre Glas 2020 agus le Comhaontú Pháras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin truailliú aeir trasteorann a laghdú, go háirithe i gcás scaglann ola Bosanski Brod; á mheabhrú gur páirtí sínitheach í an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den Choinbhinsiún maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (Espoo, 1991) agus go bhfuil sí faoi cheangal ag a hoibleagáidí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá measúnuithe straitéiseacha comhshaoil cuimsitheacha <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> a fheabhsú le rannpháirtíocht fhóinteach na bpobal áitiúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus saineolaithe neamhspleácha; á thabhairt chun suntais gur gá trédhearcacht na nósanna imeachta do thionscadail bhonneagair ar fud earnálacha éicíogaireacha a mhéadú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé príomhshruthú comhshaoil a mhéadú ar fud na mbeartas earnála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag tathant ar an tír bearta a chur chun feidhme chun bithéagsúlacht agus sláine éiceolaíoch aibhneacha a chosaint i gcomhréir le Coinbhinsiún Espoo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an tionchar díobhálach atá ag gníomhaíochtaí mianadóireachta, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann cuideachtaí eachtracha, ar an gcomhshaol sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus ar shláinte a saoránach; á iarraidh ar na heintitis mhianadóireachta uile atá ag feidhmiú sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán agus tosaíocht a thabhairt do chosaint an chomhshaoil agus don tsláinte phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfáth a phráinní atá sé go nglacfadh FBiH dlí cothrom, nua-aimseartha agus faoi stiúir saineolaithe maidir le foraoisí; á iarraidh, thairis sin, go dtabharfaí cosaint níos láidre d’fhoraoisí agus d’aibhneacha trí mhaoirseacht chigireachta fheabhsaithe agus trí dhianchreat dlíthiúil a chruthú i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil agus shistéamacha; á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an bhforáil sa rialachán ábhartha in FBiH lena gceadaítear fuíolluisce a scaoileadh isteach in aibhneacha gan mórán maoirseachta, agus ar an gcaoi sin a bheith ina bhagairt shuntasach don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ainmniú dlíthiúil Livanjsko Polje mar Thírdhreach Cosanta Chatagóir V a thabhairt chun críche agus a ghlacadh go práinneach agus faireachán iomchuí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag seasamh i ndlúthpháirtíocht leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus le híospartaigh uile na dtuilte tubaisteacha agus sciorrthaí talún an 3-4 Deireadh Fómhair 2024; á iarraidh ar údaráis Chónaidhm na Boisnia agus an Heirseagaivéin tacaíocht a mhéadú dóibh siúd a ndearnadh difear dóibh agus a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar aon easnaimh i bhforfheidhmiú an dlí agus i mbainistiú foraoisí a d'fhéadfadh sé go ndearna siad an tubaiste a dhéanamh níos measa;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Uachtaránacht, Comhairle Airí agus Tionól Parlaiminteach na Boisnia agus an Heirseagaivéin, chuig rialtais agus parlaimintí Chónaidhm na Boisnia agus an Heirseagaivéin, chuig eintiteas Republika Srpska agus Ceantar Brčko, agus chuig Oifig an Ardionadaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>