<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0158</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascálacha 2023 agus 2024 maidir leis an tSeoirsia</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0110/2025 -  Rapóirtéir:Rasa Juknevičienė)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 maidir le tuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún ar an tSeoirsia (2025/2024(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Teachtaireacht 2024 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú’ (COM(2024)0690), agus doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal ‘Georgia 2024 Report’ [Tuarascáil 2024 ar an tSeoirsia] (SWD(2024)0697),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt e<FOOTNOTE><FIELD> IO L 261, 30.8.2014,lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/494/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 78 de Bhunreacht na Seoirsia, airteagal lena gceanglaítear go ndéanfar gach beart is féidir chun comhtháthú iomlán na Seoirsia san Aontas Eorpach agus ECAT a áirithiú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach an 20 Nollaig 2024 ó mhisean breathnóireachta toghcháin de chuid na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) maidir le toghcháin pharlaiminteacha na Seoirsia a reáchtáladh an 26 Deireadh Fómhair 2024
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 27 Meitheamh 2024 maidir leis an tSeoirsia agus an 17 Nollaig 2024 maidir le méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an tSeoirsia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0110/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i mí na Nollag 2023, gur bhronn an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir ar an tSeoirsia ar an tuiscint go ndéanfaí na naoi gcéim ábhartha a leagtar amach i moladh ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 agus a bhaineann go príomhá le hathchóirithe i réimsí an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur tháinig meath suntasach ar an staid sa tSeoirsia ó foilsíodh tuarascáil 2024 ón gCoimisiún ar an tír an 30 Deireadh Fómhair 2024, go háirithe mar thoradh ar ghníomhaíochtaí rialtas na Seoirsia;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil cúlú daonlathach ar siúl sa tSeoirsia le blianta beaga anuas agus go háirithe ó thoghcháin pharlaiminteacha an 26 Deireadh Fómhair 2024, ar theip orthu caighdeáin dhaonlathacha idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus gealltanais ESCE na Seoirsia a chomhlíonadh, agus as ar eascair parlaimint neamhdhlisteanach nach raibh comhdhéanta ach d’aon pháirtí polaitiúil amháin, ‘Aisling na Seoirsia’; de bhrí gur chuir an Rúis isteach go córasach ar na próisis dhaonlathacha sa tSeoirsia; de bhrí go ndearnadh imeaglú vótálaithe, ceannach vótaí agus ciapadh breathnóirí toghcháin sna toghcháin chalaoiseacha i measc nithe eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, an 28 Samhain 2024, gur fhógair Irakli Kobakhidze go gcuirfeadh an tSeoirsia moill ar thús na gcainteanna aontachais leis an Aontas Eorpach agus go ndiúltódh sí dá chúnamh airgeadais go dtí deireadh 2028, ag tabhairt neamhairde ar thiomantas bunreachtúil na tíre do lánpháirtiú Eorpach agus ag baint an bhoinn go bunúsach d’uaillmhianta ceannasacha Eora-Atlantacha de chuid na Seoirsia, a dtacaíonn muintir na Seoirsia go láidir leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur spreag ábhair imní maidir leis an treo ina bhfuil an tír ag druidim, agus leis an gcinneadh chun stop a chur leis na hiarrachtaí chun tús a chur le caibidlíocht aontachais, agóidí mórscála ar fud na tíre, ina raibh agóideoirí ag éileamh toghcháin nua, shaora agus chóra, go bhfillfeadh na tíre ar a conair Eorpach, go gcuifí deireadh le foréigean polaitiúil agus cos ar bolg, go ndéanfaí imscrúduithe ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí i gcoinne agóideoirí, agus go scaoilfí príosúnaigh pholaitiúla saor; de bhrí go bhfuil agóidí ar siúl gach lá gan bhriseadh ón 28 Samhain 2024; de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha in 2025 ar agóidí ar son an Aontais ar fud na Seoirsia, leis na mílte saoránach ag léirsiú i gcoinne aistriú braite an rialtais ó lánpháirtiú leis an Aontas; de bhrí go gcuireann na hagóidí féineagraithe agus gan choinne sin a bhaineann le gach cuid de shochaí na Seoirsia béim ar thiomantas láidir mhuintir na Seoirsia do luachanna Eorpacha agus do rialachas daonlathach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, mar fhreagairt ar na hagóidí síochánta, gur chuir údaráis na Seoirsia tús le cniogbheartaíocht fhoréigneach gan fasach ar léirsithe, in éineacht le húsáid neamhdhleathach fornirt, céastóireachta agus drochíde eile ag na húdaráis <STRING ITALIC="on">de facto</STRING>; de bhrí, ó mhí na Samhna 2024, gur cúisíodh 62 dhuine ar a laghad go coiriúil i ndáil lena rannpháirtíocht in agóidí ar son na hEorpa agus go bhfuil 54 dhuine fós faoi choinneáil réamhthrialach; de bhrí gur coinníodh níos mó ná 500 duine faoi nósanna imeachta riaracháin, ar tuairiscíodh go ndearnadh céastóireacht ar thart ar 300 díobh nó go ndearnadh íde mhídhaonna nó tháireach orthu agus gur fhulaing 157 díobh ar a laghad comharthaí sofheicthe de mhórdhíobháil choirp;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go gcuireann na húdaráis <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> ‘Aisling na Seoirsia’ an tsochaí shibhialta agus na meáin neamhspleácha faoi bhrú, faoi shrianta dlíthiúla agus faoi fhoréigean fisiciúil go córasach; de bhrí gur doiciméadaíodh 138 dteagmhas ar a laghad de sháruithe ar shaoirse na meán i gcomhthéacs agóidí ar son na hEorpa nó imeachtaí gaolmhara ó mhí na Samhna 2024 i leith, agus go bhfuil 174 ghairmí sna meáin san iomlán dírithe ar chur faoi chois an stáit; de bhrí gur fhulaing 30 tuairisceoir ar a laghad sáruithe arís agus arís eile, lena n-áirítear ionsaithe fisiciúla, damáiste do threalamh gairmiúil, fíneálacha riaracháin, cúisimh choiriúla agus ciapadh breithiúnach; de bhrí go bhfuil an t-iriseoir Mzia Amaglobeli faoi choinneáil réamhthrialach faoi láthair ar chúisimh bhréige;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil athstruchtúrú nó díothú déanta ag údaráis na Seoirsia ar struchtúir laistigh de státseirbhís na Seoirsia atá freagrach as athchóirithe ar son na hEorpa agus as gairmithe agus státseirbhísigh a dhífhostú <STRING ITALIC="on">en masse</STRING>, go háirithe iad siúd a cháin beartais rialtais, a chuir tuairimí ar son na hEorpa in iúl agus a cháin foréigean i gcoinne léirsitheoirí síochánta;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil Coimisiún Imscrúdaitheach Parlaiminteach Sealadach um Ghníomhaíochtaí an Chórais agus na bhFigiúirí Polaitiúla, 2003-2012, bunaithe ag parlaimint neamhdhlisteanach na Seoirsia, arbh é sin an tréimhse ina raibh an tUachtarán Mikheil Saakashvili i gceannas agus an bealach á réiteach d’uaillmhianta Eora-Atlantacha na Seoirsia; de bhrí gur uirlis é an coimisiún sin chun tuilleadh géarleanúna a dhéanamh ar an bhfreasúra polaitiúil, go háirithe ceannairí gluaiseachtaí freasúra; de bhrí, ó bunaíodh an Coimisiún parlaiminteach, mar a thugtar air, go bhfuil an staid pholaitiúil sa tSeoirsia tar éis dul in olcas tuilleadh toisc gabhálacha treallacha, géarleanúint bhreithiúnach agus pianbhreith ar cheannairí polaitiúla mór le rá an fhreasúra, lena n-áirítear Zurab Japaridze, Mamuka Khazaradze, Badri Japaridze, Giorgi Vashadze, Nika Gvaramia agus Nika Melia, ar chúiseanna polaitiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur ghlac an páirtí rialaithe Aisling na Seoirsia athruithe ar an gcóras toghcháin bardasach do na toghcháin do na comhairlí cathrach i mí Dheireadh Fómhair 2025, ar mhaithe lena ghreim ar an gcumhacht a choinneáil agus a mhéadú tuilleadh; de bhrí gur mhol Coimisiún na Veinéise de Chomhairle na hEorpa go n-aisghairmeofaí na hathruithe sin agus gur fhógair ceannairí phríomhpháirtithe an fhreasúra nach mbeidh a bpáirtithe rannpháirteach sna toghcháin sin; de bhrí go gcuireann na hathchóirithe ar phróiseas foirmithe an Choimisiúin Lárnaigh Toghcháin sláine toghcháin i mbaol tuilleadh, go gcuireann siad teorainn le rannpháirtíocht na saoránach agus srian ar chumas breathnóirí agus cumas na meán faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an bpróiseas toghcháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta i dtreo sochaí níos cothroime agus níos cuimsithí, go bhfuil neamhionannais agus steiréitíopaí seanbhunaithe fós ann, rud a fhágann go bhfuil leibhéil arda foréigin inscnebhunaithe, srianta tromchúiseacha ar dhaoine faoi mhíchumas agus foréigin agus ciaptha i gcoinne an phobail LADTI; de bhrí, mar gheall ar neamhshlándáil sa bhaile, go roghnaíonn go leor daoine LADTI teitheadh ón tír; de bhrí nach gcomhlíonann sainmhíniú dlíthiúil na Seoirsia ar éigniú na caighdeáin a leagtar síos i gCoinbhinsiún Iostanbúl;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Lánpháirtiú na Seoirsia leis an Aontas Eorpach a chur ar fionraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú a dlúthpháirtíocht le muintir na Seoirsia agus go dtacaíonn sí go daingean lena n-uaillmhianta dlisteanacha Eorpacha agus Eora-Atlantacha agus leis an mian atá acu maireachtáil i dtír rathúil agus daonlathach, mar a léiríodh in ollagóidí a leanann ar aghaidh in ainneoin cniogbheartaíocht brúidiúil ó na húdaráis; á chur in iúl go bhfuil sí réidh i gcónaí chun cabhrú le muintir na Seoirsia na spriocanna sin a bhaint amach; á cháineadh go láidir an cos ar bolg fhoréigneach, an choinneáil threallach a bhfuil údar polaitiúil agus nach bhfuil forais dhlíthiúla leordhóthanacha léi, agus céasadh sistéamach agóideoirí síochánta, gníomhaithe na sochaí sibhialta, lucht freasúra polaitiúil agus ionadaithe na meán atá á thuairisciú; á éileamh go staonfadh údaráis na Seoirsia ó fhorneart a úsáid, go n-urramódh siad an tsaoirse comhthionóil agus an tsaoirse cainte agus go ndéanfaí an reachtaíocht dhanartha a glacadh le déanaí a chur ar neamhní, arb é is aidhm di agóidí an phobail a shrianadh,go háirithe trí fhineálacha sracaidh; á chur in iúl gur cúis bhuartha ar leith di an méadú atá ag teacht ar líon na bpríosúnach polaitiúil agus á iarraidh an athuair go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll iad go léir; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú éifeachtach agus iontaofa ar gach gníomh foréigin agus go dtabharfaí na daoine atá freagrach as sin chun cuntais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa neamhspleáchais laistigh de na breithiúna, agus go bhfuil nasc ag breithiúna mór le rá le Aisling na Seoirsia a dhéanann maoirseacht ar imeachtaí cúirte a bhfuil údar polaitiúil leo i gcoinne agóideoirí síochánta agus daoine a cháineann an rialtas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór an fíorais gur theip ar Pháirtí Aisling na Seoirsia an deis stairiúil a tugadh don Seoirsia, mar thír is iarrthóir, dul chun cinn a dhéanamh ar a bealach go lánpháirtiú Eorpach, ag tabhairt dá haire go dtacaíonn formhór an daonra le lánpháirtiú Eorpach fós; á mheabhrú gur deonaíodh stádas mar iarrthóir don tSeoirsia le sochar an amhrais, in ainneoin chonair imníoch ghníomhaíochtaí rialtas Aisling na Seoirsia, a bhí ag teacht salach níos mó agus níos mó ar luachanna Eorpacha agus ar phrionsabail dhaonlathacha; á chur i bhfios go láidir nár bhog an tSeoirsia, faoi rialú Aisling na Seoirsia ar aghaidh, agus go bhfuil sí tar éis dul ar gcúl fiú, maidir le príomhfhorálacha na naoi gcéim arna léiriú ag an gCoimisiún, in ainneoin go maíonn na húdaráis a mhalairt; á chur i bhfáth gur cuireadh próiseas lánpháirtithe na Seoirsia leis an Aontas ar fionraí go héifeachtach mar thoradh ar an gcúlú daonlathach leanúnach sa tír agus ar thoghcháin pharlaiminteacha rigeáilte mhí Dheireadh Fómhair 2024, arb ionann iad agus cor soiléir i dtreo réimeas forlámhach, gabháil aindleathach na n‑institiúidí stáit agus coimircí daonlathacha ina dhiaidh sin, agus glacadh sraith gníomhartha reachtacha frithdhaonlathacha atá contrártha leis na luachanna agus na prionsabail ar a bhfuil an tAontas fothaithe; ag aontú leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024 go gcuirtear conair na Seoirsia i dtreo an Aontais i mbaol mura n-aisiompaítear an cur chuige reatha agus ag tathant ar Aisling na Seoirsia filleadh ar chúrsa na n-athchóirithe daonlathacha agus an chomhtháthaithe Eora-Atlantaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi gur dífhostaíodh thart ar 700 státseirbhíseach ó mhí na Nollag 2024 mar gheall ar a rannpháirtíocht in agóidí atá ar son na hEorpa nó mar gheall ar a dtacaíocht dóibh; á chur i bhfáth go gcreimeann frithbheart den sórt sin muinín an phobail in institiúidí daonlathacha, go sáraíonn sé an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse comhlachais, agus go gcuireann sé le treochtaí forlámhacha an réimis atá ann faoi láthair; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia cloí le caighdeáin dhlí an tsaothair agus cead a thabhairt do státseirbhísigh ceardchumann a chlárú chun iad a chosaint ar shrian gan údar ar a gcearta saothair; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an polaitiú méadaitheach ar cheapacháin státseirbhíse, agus á iarraidh go n-aisghairfí na leasuithe ar an Dlí maidir leis an tSeirbhís Phoiblí a glacadh i mí na Nollag 2024 lena gcuirtear deireadh le riail na hiomaíochta maidir le ceapadh státseirbhíseach agus, ina ionad sin, lena ndeonaítear cumhachtaí ceapacháin dhírigh do cheannairí na n-institiúidí poiblí; á athdhearbhú gurb ionann na leasuithe sin agus cúlú ó athchóiriú rathúil na seirbhíse poiblí a chuir an tSeoirsia chun feidhme faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia agus á iarraidh go n-aisghairfí iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiniúchadh láithreach agus cuimsitheach ar bheartas an Aontais i leith na Seoirsia i bhfianaise an chúlaithe dhaonlathaigh leanúnaigh agus na timpeallachta polaitiúla agus reachtaí atá ag éirí níos diansmachtúla agus arb ionann é agus cúlchéimniú i gcás go leor d’éachtaí daonlathacha na Seoirsia agus d’athchóirithe rathúla an Aontais, lena lagaítear institiúidí daonlathacha go bunúsach agus lena gcomhdhlúthaítear tuilleadh cumhachta i lámha an pháirtí rialaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis an méid sin, athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia i bhfianaise shárú follasach oibleagáidí na Seoirsia maidir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 2, eadhon meas ar phrionsabail dhaonlathacha, ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha; á athdhearbhú go bhféadfadh fionraí choinníollach an chomhair eacnamaíoch agus na pribhléidí a thugtar leis an gComhaontú a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin; á iarraidh, i bhfianaise an tsáraithe shoiléir ar na prionsabail faoi Airteagal 2 chun Airteagail 421 agus 422 den Chomhaontú Comhlachais idir AE agus an tSeoirsia a bhain le réiteach díospóidí agus neamhchomhall oibleagáidí a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go scaipeann oifigigh ardleibhéil na bpáirtithe rialaithe, feisirí agus na meáin atá cleamhnaithe leis an rialtas, go scaipeann siad go rialta insintí sleamhna, bréagaisnéis agus teoiricí comhcheilge faoin Aontas Eorpach, faoi na Ballstáit, a gceannairí agus a bpolaiteoirí, agus faoi lánpháirtiú Eorpach chomh maith; á chur i bhfáth go leanann réimeas an pháirtí rialaithe dá dhioscúrsa mealltach agus débhríoch d’aon ghnó, rud a spreagann an creideamh bréagach i measc codanna de phobal na Seoirsia go bhfuil an réimeas fós i bhfabhar an lánpháirtithe Eorpaigh; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil timpeallacht na meán agus na faisnéise á cur faoi chois agus faoi cheannas ag eagraíochtaí teilifíse agus meán a fhaigheann tacaíocht ó Aisling na Seoirsia, a scaipeann insintí bréagacha faoi lánpháirtiú leis an Aontas, lena ndéantar aithris ar agus a thugann buntáiste do bholscaireacht atá spreagtha ag an Rúis agus lena n-éascaítear polarú sa tsochaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht ar Bidzina Ivanishvili agus ar oifigigh agus ceannairí polaitiúla eile, lena n-áirítear Irakli Kobakhidze, Shalva Papuashvili, Vakhtang Gomelauri, Méara Tbilisi agus Ardrúnaí Aisling na Seoirsia Kakha Kaladze agus a iar-chathaoirleach Irakli Garibashvili, as meath an phróisis pholaitiúil sa tSeoirsia trí chúlú daonlathach a chumasú a bhfuil comhdhlúthú uathlathach na cumhachta ann mar thoradh air agus trí ghníomhú i gcoinne chuspóir bunreachtúil na tíre maidir le lánpháirtiú Eora-Atlantach; á iarraidh, dá bhrí sin, go bhforchurfaí smachtbhannaí láithreacha agus pearsanta agus spriocdhírithe ina choinne Bidzina Ivanishvili láithreach, i gcoinne a theaghlaigh agus i gcoinne a chuideachtaí, agus á iarraidh ar an Aontas, i gcomhar le dlínsí eile, go háirithe an Ríocht Aontaithe, a shócmhainní airgeadais a reo; á mheabhrú do Rialtais na hUngáire agus na Slóvaice prionsabal an chomhair dhílis lena gceanglaítear go staonfadh na Ballstáit ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh baint amach chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt; ag tathant ar Rialtais na hUngáire agus na Slóvaice, dá bhrí sin, a mbeartas eachtrach a athailíniú le seasaimh agus prionsabail an Aontais agus deireadh a chur lena gcros i gcoinne smachtbhannaí a fhorchur i gcoinne daoine aonair atá freagrach as cúlú daonlathach sa tSeoirsia agus as an gcos ar bolg i gcoinne na n-agóidí dlisteanacha; ag cáineadh ghníomhaíochtaí aontaobhacha Rialtas na hUngáire atá ag iarraidh Aisling na Seoirsia a dhlisteanú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cúlú leanúnach maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta agus comhdhlúthú uathlathach na cumhachta </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh nach féidir an ghéarchéim pholaitiúil agus bhunreachtúil atá ann faoi láthair sa tSeoirsia a réiteach ach amháin trí thoghcháin pharlaiminteacha nua, gur cheart iad a reáchtáil sna míonna amach romhainn i dtimpeallacht toghcháin níos fearr, go ndéanfadh riarachán toghcháin neamhspleách agus neamhchlaonta maoirseacht orthu agus go ndéanfaí faireachán trí bhreathnóireacht dhícheallach idirnáisiúnta agus trí bhreathnóireacht neamhspleách intíre chun próiseas atá fíorchothrom, fíorshaor agus fíorthrédhearcach a áirithiú a léireodh toil mhuintir na Seoirsia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth nach n-aithníonn sí na húdaráis fhéincheaptha a bhunaigh Páirtí Aisling na Seoirsia tar éis thoghcháin rigeáilte pharlaiminteacha an 26 Deireadh Fómhair 2024 agus go measann sí gur stát í an tSeoirsia atá gafa ag an réimeas neamhdhlisteanach Aisling na Seoirsia; ag diúltú, dá thoradh sin, d’aon chinneadh a rinne an comhlacht a bhfuil an tír faoi smacht aige, amhail leasuithe ar an gCód um Chionta Riaracháin, ar an gCód Coiriúil agus ar an Dlí maidir le Comhthionóil agus Fógálacha a ghlacadh go mear; á chur in iúl gur oth léi an fíoras nach bhfuil, a bheag nó a mhór, ach páirtí amháin i bparlaimint na Seoirsia a cruthaíodh ar bhonn toghcháin chalaoiseacha, rud nach bhfuil ag luí le daonlathas parlaiminteach iolraíoch agus na caighdeáin a bhfuiltear ag dréim leo ó thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas; á chur in iúl gur geal léi diúltú dhintiúir Aisling na Seoirsia i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa, as ar eascair tarraingt siar thoscaireacht na Seoirsia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag páirtí rialaithe Aisling na Seoirsia géarleanúint a dhéanamh ar an bhfreasúra polaitiúil, lena n-áirítear trína ngabháil agus trína gcoinneáil neamhdhleathach, trí bhagairtí agus trí ionsaithe fisiciúla; á iarraidh an athuair go gcuirfí deireadh leis an naimhdeas arb í an pholaitíocht is cúis leis, go gcuirfí feabhas ar an timpeallacht pholaitiúil agus go ndéanfaí muinín agus idirphlé traspháirtí a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cáineadh ionchúiseamh neamhdhleathach lucht freasúra polaitiúil ag coiste imscrúdaitheach pharlaimint de facto na Seoirsia faoi cheannaireacht pháirtí Aisling na Seoirsia, a dhíríonn go díréireach ar ghníomhaíochtaí an rialtais a chuir deireadh lena shainordú níos mó ná 12 bhliain ó shin; á thabhairt chun suntais nádúr polaitiúil an ‘imscrúdaithe’, ag tabhairt dá haire go bhfuil an páirtí Aisling na Seoirsia i gcumhacht ó 2012 ach gur sheol sé an coiste imscrúdaitheach i gcomhthráth lena iarrachtaí na fíorpháirtithe freasúra a thoirmeasc; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na ráitis ó chathaoirleach an choiste imscrúdaithe, Tea Tsulukiani, ag scaipeadh insintí na Rúise; ag cáineadh go neamhbhalbh gabháil Zurab ‘Girchi’ Japaridze, Mamuka Khazaradze, Badri Japaridze, Giorgi Vasadze, Nika Melia, Nika Gvaramia agus polaiteoirí freasúra eile agus pianbhreith a chur orthu ar chúiseanna polaitiúla agus á mheas gur príosúnaigh pholaitiúla iad na daoine sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na dearbhuithe a rinne ceannairí an pháirtí rialaithe Aisling na Seoirsia le déanaí ina gcuirtear in iúl go bhfuil sé ar intinn acu páirtithe freasúra, go príomha an Ghluaiseacht Náisiúnta Aontaithe, a dhearbhú go míbhunreachtúil; á mheabhrú go raibh ról lárnach ag an nGluaiseacht Náisiúnta Aontaithe maidir le próiseas lánpháirtíochta na Seoirsia san Eoraip a thionscnamh agus a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire go bhfuil cosúlachtaí idir iompar údaráis <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> Aisling na Seoirsia agus córas reatha na Creimile, lenar daingníodh a riail trí pháirtithe freasúra a eisreachtú; ag cáineadh an dréachtleasuithe ar an Dlí Orgánach maidir le Comhlachais Pholaitiúil na Saoránach agus ar an Dlí maidir leis an gCúirt Bhunreachtúil a glacadh an 13 Bealtaine 2025, lena dtabharfaí de chumhacht don Chúirt Bhunreachtúil toirmeasc éifeachtach agus treallach a chur ar gach páirtí freasúra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag athdhearbhú go láidir a héilimh go scaoilfear saor láithreach an t-iar-Uachtarán Mikheil Saakashvili ar fhorais dhaonnúla chun an chóir leighis is gá a lorg thar lear; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an fhreagracht iomlán ar údaráis na Seoirsia as a shláinte agus a fholláine agus nach mór iad a thabhairt chun cuntais as aon dochar a tharlaíonn dó; á iarraidh, thairis sin, ar údaráis Aisling na Seoirsia a áirithiú go dtabharfar rochtain gan bhac d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa ar Mikheil Saakashvili;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfaí ar aghaidh leis an mbeartas maidir le neamhaitheantas dhlisteanacht na parlaiminte aon-pháirtí agus an uachtaráin arna cheapadh aici, go dtí go bhfuil athrú follasach ann ar chúrsa polaitiúil na Seoirsia agus go dtí go reáchtálfar toghcháin pharlaiminteacha shaora agus chóra; á iarraidh ar ionadaithe agus ar fheisirí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát staonadh ó chruinnithe le hionadaithe an chórais, ag tosú leis an uachtarán atá ann faoi láthair; ag leanúint d’aitheantas a thabhairt do Salome Zourabichvili mar Uachtarán dlisteanach na Seoirsia agus mar ionadaí mhuintir na Seoirsia; ag moladh a hiarrachtaí an tír a stiúradh go síochánta ar ais i dtreo conair forbartha dhaonlathach agus Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go mbeidh na toghcháin bhardasacha atá ar na bacáin i bhfómhar 2025 ar siúl i dtimpeallacht dlí atá ag dul in olcas tar éis leasuithe nua ar Dhlí Orgánach na Seoirsia agus ar an gCód Toghcháin a ghlacadh i mí na Nollag 2024 agus faoi choinníollacha ina bhfuil méadú ag teacht ar an gcos ar bolg polaitiúil agus ar an ngéarleanúint atá á déanamh ag réimeas na Seoirsia ar lucht freasúra polaitiúil; á mheas, faoi na coinníollacha polaitiúla agus dlí reatha, go bhfuil dúshláin ollmhóra ag baint leis na toghcháin bhardasacha d’aon rannpháirtí féideartha atá ag súil le comórtas saor agus cothrom agus, thairis sin, go n-úsáidfidh na húdaráis fhéincheaptha an rannpháirtíocht sin mar aitheantas ar an status quo nua; á chreidiúint nach dtugann na toghcháin sin atá ar na bacáin deis chun rogha dhaonlathach mhuintir na Seoirsia a léiriú mura scaoilfear saor ceannairí an fhreasúra pholaitiúil atá i bpríosún agus faoi choinneáil agus go dtionóltar na toghcháin i dtimpeallacht toghcháin fheabhsaithe, go ndéanann riarachán toghcháin neamhspleách agus neamhchlaonta maoirseacht orthu agus go ndéantar faireachán orthu trí bhreathnú idirnáisiúnta dhícheallach chun fíorphróiseas cothrom, saor agus trédhearcach a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cáineadh go láidir scriosadh leanúnach agus lántoiliúil an chomhshaoil do shochaí shibhialta bhríomhar na Seoirsia, le glacadh roinnt píosaí reachtaíochta sriantaí de chineál na Rúise, lena n-áirítear maidir le trédhearcacht tionchair eachtraigh, bagairtí agus stiogmatú ó na húdaráis; ag cáineadh go láidir an tionscnaimh reachtaigh nua lena n-éilítear gach deontas ó eagraíocht na sochaí sibhialta leis an rialtas a chlárú agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar dheontóirí eachtracha formheas feidhmiúcháin a fháil chun deontais a eisíoc le heagraíochtaí áitiúla; á chur in iúl gur oth léi an cinneadh a rinne na húdaráis le déanaí chun reo a dhéanamh ar na cuntais bhainc ar thionscnaimh agus ar fheachtais sluachistiúcháin chun tacú le príosúnaigh pholaitiúla agus lena dteaghlaigh; á iarraidh ar na húdaráis deireadh a chur leis an imeaglú, na bagairtí, na hionchúisimh arb ú an pholaitíocht is cúis leo, agus na hionsaithe fisiciúla ar ionadaithe na sochaí sibhialta, ar cheannairí polaitiúla, ar ghníomhaithe sibhialta, ar iriseoirí agus ar oibrithe sna meáin sa tSeoirsia; á cháineadh gur diúltaíodh go treallach agus gan údar do roinnt iriseoirí Eorpacha teacht isteach sa tSeoirsia; Ag athdhearbhú go scaoilfaí saor Mzia Amaghlobeli láithreach agus gan choinníoll agus go ndéanfaí gach cúiseamh ina coinne a tharraingt siar, ar cúisimh pholaitiúla iad, ag cur in iúl gur cúis mhór imní di an meath criticiúil ar radharc na súl agus í faoi choinneáil agus ag moladh rochtain phráinneach ar chúram leighis iontaofa.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cáineadh ghlacadh na reachtaíochta le déanaí, gan comhairliúchán poiblí cuí, lena gcumasaítear tuilleadh géarleanúna polaitiúla, lena gcuirtear teorainn leis an gceart comhthionóil, agus lena laghdaítear tuilleadh an spás don tsochaí shibhialta, do na meáin neamhspleácha agus don fhreasúra oibriú gan bhac, lena n-áirítear dlí na ngníomhairí eachtracha de chineál na Rúise, na leasuithe ar an Dlí maidir leis an tSeirbhís Phoiblí, na leasuithe ar an Dlí maidir le Deontais, an tAcht um Chlárú Gníomhairí Eachtracha, chomh maith le leasuithe sriantacha nua ar an Dlí Craolacháin; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia na hathruithe reachtacha sin a aisghairm; á chur i bhfáth go bhfuil iompar polaitiúil Aisling na Seoirsia, lena n-áirítear a ailíniú straitéiseach le Cónaidhm na Rúise agus glacadh luathaithe uirlisí atá ina saintréithe de réimis fhorlámhacha, ar aon dul leis na forbairtí sin laistigh den Rúis féin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an rabharta ionsaithe is déanaí ar eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus an t-éileamh ó institiúidí stáit áirithe, amhail an Biúró Frith-Éillithe, ar ENRanna do sholáthar na faisnéise mionsonraithe airgeadais, dlíthiúla agus oibríochtúla le bliain go leith anuas laistigh de thrí lá oibre; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an t-éileamh sin dodhéanta d’aon ghnó agus, dá réir sin, go bhfuil baol ann go mbacfaí obair na n-eagraíochtaí spriocdhírithe agus go bhfionrófaí a ngníomhaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag moladh an obair atá déanta ag sochaí shibhialta na Seoirsia le míonna anuas, lena gcuirtear cúnamh dlíthiúil saor in aisce ar fáil, lena ndéantar sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a dhoiciméadú agus lena dtugtar ceannaireacht ar dhlíthíocht intíre agus idirnáisiúnta chun ceartas agus cuntasacht a lorg i gcomhthéacs ionsaithe leanúnacha, choiriúlú an spáis shibhialta, agus feachtais bhréagaisnéise i gcoinne obair na sochaí sibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá tacú le sochaí shibhialta agus meáin neamhspleácha na Seoirsia i bhfianaise an bhrú faoi chois atá ag dul i méid agus i bhfianaise ghníomhaíochtaí Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) a bheith curtha ar fionraí, agus dá bhrí sin ag tathant ar an gCoimisiún cur leis an tacaíocht airgeadais agus í a scaipeadh gan a thuilleadh moille; á iarraidh go ndéanfaí sásraí cistiúcháin an Aontais a choigeartú chun na riachtanais a thagann chun cinn i dtimpeallacht níos naimhdí agus níos frithdhaonlathaí a chur san áireamh agus chun cistí a ath-leithdháileadh chun tacú go díreach le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, leis na meáin neamhspleácha agus le cosantóirí chearta an duine; á chur i bhfáth go láidir, i ndáil leis an méid sin, gur cheart do na Ballstáit a bheith réidh chun eagraíochtaí sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamhspleácha meán na Seoirsia a fháil agus tacú leo ionas gur féidir leo leanúint dá gcuid oibre ar deoraíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth, lasmuigh den diúltú ó Aisling na Seoirsia i dtaobh lánpháirtiú na Seoirsia san Aontas Eorpach, go ndiúltaíonn sé don dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus do chaighdeáin dhaonlathacha ar bhonn níos ginearálta, agus ag an am céanna go bhfuil sé ag bogadh sí go tapa feadh na conaire diúltaí a chonacthas roimhe sin sa Rúis; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, go sonrach, go mbeidh éifeachtaí breise aige sin ar chearta agus ar fholláine na mban, na mionlach, na n-imirceach, na ndaoine faoi mhíchumas, na ndaoine LADTI, na ndaoine atá ag maireachtáil faoi bhun thairseach na bochtaineachta, agus grúpaí leochaileacha nó grúpaí atá i mbaol; ag cáineadh go láidir gur ghlac parlaimint na Seoirsia reachtaíocht frith-LADTI i mí Dheireadh Fómhair 2024, ar reachtaíocht í atá ar aon dul le beartais fhorlámhacha de chineál na Rúise agus a sháraíonn Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus á iarraidh go ndéanfaí an reachtaíocht sin a aisghairm; á iarraidh go n-athbhunófaí cuótaí inscne ar chuir parlaimint na Seoirsia deireadh leo i mí Aibreáin 2024; á iarraidh ar na Ballstáit, agus measúnú á dhéanamh acu ar iarratais ar thearmann, a chur san áireamh go leormhaith go bhfuil ceann de na dlíthe frith-LADTI is diansmachtúla san Eoraip ag an tSeoirsia anois; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa cosanta do mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha sa tSeoirsia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á athdhearbhú, leis na bearta a rinne an tAontas go dtí seo mar fhreagairt don chúlú daonlathas follasach agus don chúlú ar ghealltanais a tugadh roimhe seo, nach léirítear leo a dhéine atá an staid sa tSeoirsia agus a hiarmhairtí ar fud an réigiúin; á chur in iúl gur oth léi an easpa beart réamhghníomhach a glacadh agus an fhreagairt theoranta agus mhoillithe go ginearálta ón gComhairle agus ón gCoimisiún; á chur i bhfáth nár cheart go gcuirfeadh easpa aontoilíochta i measc na mBallstát cosc orthu siúd atá toilteanach bearta iomchuí agus éifeachtacha a dhéanamh; á iarraidh ar cheannaireacht an Aontais na Ballstáit atá ar aon intinn a chothú chun gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh go práinneach agus ar an gcaoi sin dul i ngleic leis na bacainní polaitiúla a bhaineann le glacadh na smachtbhannaí uile-Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí pearsanta a thabhairt isteach, ar bhonn déthaobhach agus comhordaithe, i gcoinne príomhcheannairí polaitiúla Aisling na Seoirsia, oifigigh agus cumasóirí an réimis sa riarachán, sa ghnó, sna meáin, sa chóras ceartais, i ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus sa choimisiún toghchán, atá freagrach as cúlú daonlathach, calaois toghcháin, sáruithe ar chearta an duine agus géarleanúint ar an bhfreasúra polaitiúil agus ar ghníomhaithe polaitiúla; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí smachtbhannaí a leathnú chuig oifigigh phoiblí mheánleibhéil agus níos ísle atá freagrach as bearta diansmachta a chur chun feidhme i gcoinne lucht freasúra an réimis agus iad a choinneáil go dtí go ndéanfar daonlathas na Seoirsia a athbhunú go leormhaith; á chur in iúl gur geal léi gur fhorchuir an Liotuáin, an Eastóin, an Laitvia, an tSeicia, an Ghearmáin agus an Pholainn smachtbhannaí déthaobhacha, chomh maith le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo amhail na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, Ceanada agus an Úcráin, agus á iarraidh ar Bhallstáit eile de chuid an Aontais déanamh amhlaidh; á iarraidh go ndéanfaí breithniú ar bhearta sriantacha breise, amhail scoitheadh SWIFT nó smachtbhannaí earnála, lena ndírítear ar shreafaí airgeadais agus foinsí ioncaim réimeas Aisling na Seoirsia a chiorrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle taisteal gan víosa a chur ar fionraí do thaidhleoirí agus d’oifigigh de chuid na Seoirsia mar chéad chéim den fhreagairt ar na forbairtí diúltacha leanúnacha sa tSeoirsia; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar stádas gan víosa na Seoirsia, agus an fhéidearacht ann go gcuirfí ar fionraí é mura gcomhlíontar na tagarmharcanna agus na caighdeáin ábhartha maidir le rialachas daonlathach agus saoirsí daonlathacha mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an pháirtí rialaithe; á chur i bhfáth go bhfuil Aisling na Seoirsia freagrach go hiomlán as aon iarmhairtí a eascraíonn as an gcóras taistil gan víosa a d’fhéadfaí a chur ar fionraí do shaoránaigh na Seoirsia; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá taisteal gan víosa do ghníomhaithe sochaí sibhialta na Seoirsia, do ghníomhaithe chearta an duine agus d’iriseoirí, i measc nithe eile, chun taisteal chuig an Aontas chun gníomhaithe Eorpacha a chur ar an eolas faoi fhorbairtí sa tSeoirsia, ach freisin chun a chur ar a gcumas an tír a fhágáil go tapa, ós rud é go bhfuil géarleanúint pholaitiúil á déanamh ag na húdaráis ar go leor acu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ailíniú maidir le cúrsaí beartais eachtraigh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth gur saoth léi go bhfuil Aisling na Seoirsia ag cur blianta fada de dhul chun cinn i dtreo an daonlathais, an smachta reachta agus lánpháirtiú Eora-Atlantach, agus go bhfuil cúl á thabhairt aige dá chomhghuaillithe, a thacaigh leis le linn an phróisis; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an tSeoirsia i ndáil le moltaí ón Aontas Eorpach maidir leis an mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta agus gur fíoríseal i gcónaí leibhéal ailínithe na Seoirsia le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais (CBES), ar 49 %, rud a léiríonn a heaspa tiomantais do lánpháirtiú Eorpach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hailíniú iomlán le CBES an Aontais Eorpaigh chun dul chun cinn a dhéanamh i bpróiseas aontachais an Aontais, i gcomhréir leis na hionchais do na tíortha uile is iarrthóirí; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an tSeoirsia rannpháirteach i misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil féinleithlisiú ag tarlú mar thoradh ar mhí-ailíniú bheartas eachtrach na Seoirsia agus go bhfuil an éagobhsaíocht i réigiún Chugas Theas agus sa Mhuir Dhubh ag dul in olcas mar gheall ar réimeas diansmachtúil na Seoirsia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an tSeoirsia, faoin rialtas reatha, ag dul i dtreo lena gcuirtear i mbaol í a bheith ina stát díola Rúiseach amhail an Bhealarúis; á chur in iúl gur oth léi, tráth a bhfuil an domhan daonlathach ag seasamh go láidir leis an Úcráin i gcoinne chogadh foghach gan chúis Chónaidhm na Rúise, go bhfuil údaráis reatha na Seoirsia ag teacht níos mó agus níos mó le beartais agus reitric na Creimile, rud a chuireann le hathbhreithniúchas stairiúil; ag tabhairt dá haire nach bhfuil an tSeoirsia ailínithe le formhór mór na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, na Bealarúise ná na hIaráine, ach gur mhaígh sí gur chomhoibrigh sí i ndlúthchomhar leis an Aontas chun an teacht timpeall ar smachtbhannaí a chosc; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, tuarascálacha ina líomhnaítear ról na Seoirsia maidir le seachaint smachtbhannaí ón Aontas i gcoinne na Rúise a éascú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar na líomhaintí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire freisin, agus é ina ábhar imní di, gur iompaigh rialtas Aisling na Seoirsia i dtreo na Síne le déanaí agus gur cúis bhuartha di freisin an comhar méadaitheach atá aige leis an Iaráin; ag tabhairt dá haire go bhfuil tacaíocht phoiblí á tabhairt ag Aisling na Seoirsia do thionscnaimh gheostraitéiseacha na Síne agus do chaidreamh eacnamaíoch déthaobhach neartaithe, lena n-áirítear tionscadal tógála calafoirt domhainfharraige Anaklia a bhronnadh ar chuibhreannas faoi stiúir na Síne; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil beart den sórt sin ag teacht salach ar thiomantas sonraithe na Seoirsia don chomhtháthú Eora-Atlantach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann anois go mbeidh tionscadal Anaklia ina bhealach chun giaráil pholaitiúil, airgeadais agus eacnamaíoch na Síne a mhéadú sa réigiún, agus ar an gcaoi sin, an tSeoirsia a scaradh tuilleadh óna comhpháirtithe straitéiseacha san Iarthar; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú do thionscadail nascachta réigiúnacha a athbhreithniú agus, más gá, an cistiú sin a chur ar fionraí nó a atreorú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di comhar méadaithe ilghnéitheach na Seoirsia le Teheran, a bhféadfadh leithlisiú breise na Seoirsia a bheith mar thoradh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh gur bagairt mhéadaitheach ar shlándáil na hEorpa é casadh leanúnach na Seoirsia i dtreo an údarásaíochais agus ailíniú méadaitheach leis an Rúis, go háirithe i bhfianaise shuíomh straitéiseach na Seoirsia agus rochtain ar an Muir Dhubh, atá ríthábhachtach don Rúis chun cumhacht a chur in iúl sa réigiún; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh sé tarlú go ndéanfaí straitéis an pháirtí Aisling na Seoirsia a mhacasamhlú in áiteanna eile mar eiseamleár bheartaíochta do ghabháil hibrideach stáit; á chur in iúl go bhfuil na hiarmhairtí réigiúnacha ina gcúis bhuartha di agus ag tabhairt rabhadh go bhfuil inchreidteacht ghníomhaíocht na hEorpa i gCugas Theas níos leithne i mbaol, go háirithe in oirchill Straitéis an Aontais um an Mhuir Dhubh atá ar na bacáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an comhoibriú, an t-athmhuintearas agus comhchlaonadh idé-eolaíoch atá ar siúl idir Aisling na Seoirsia agus an Rúis agus réimis fhorlámhacha eile, in ainneoin fhorghabháil mhéadaitheach na Rúise ar chríoch na Seoirsia; ag cáineadh go bhfuil Aisling na Seoirsia ag cur bréagaisnéis agus ionramháil na Rúise chun cinn agus rannpháirteach iontu, lena n-áirítear cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a úsáid mar uirlis troda agus uirlis bholscaireachta, rud atá ag teacht salach ar an tacaíocht phoiblí gan staonadh agus thar a bheith ard do lánpháirtiú Eora-Atlantach na tíre; á chur in iúl gur oth léi an easpa comhair leis an Aontas sa chomhrac i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí forghabháil leanúnach na Rúise ar réigiúin na hAbcáise agus na hOiséite Theas sa tSeoirsia go láidir, chomh maith le próiseas leanúnach ‘an teorannaithe’, arb ionann é agus sárú ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na Seoirsia; ag tathant ar rialtas na Seoirsia seasamh soiléir agus comhsheasmhach a choinneáil maidir le fogha na Rúise agus á iarraidh ar an Aontas leanúint de bheith rannpháirteach go gníomhach i réiteach coinbhleachta, i bhfaireachán ar chearta an duine agus i dtacaíocht do na pobail dá ndéantar difear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia a threisiú le hacmhainní méadaithe agus sainordú níos leithne chun faireachán a dhéanamh ar thrasnaíocht eachtrach agus ar dhíchobhsú teorann; ag tathant ar na Ballstáit cistiú agus pearsanra leormhaith a áirithiú do Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh chun freagairt don ghéarchéim pholaitiúil agus slándála atá ann faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cuireadh ar fionraí go dlisteanach in 2024 an tacaíocht ón tSaoráid Eorpach Síochána, ar fiú EUR 30 milliún é mar fhreagairt ar an gcúlú daonlathach sa tSeoirsia agus nach bhfuil aon tacaíocht beartaithe do 2025; á thabhairt chun suntais go mbeidh iarmhairtí díobhálacha ag an bhfionraí sin ar chobhsaíocht agus ar shlándáil náisiúnta na Seoirsia; á athdhearbhú nach féidir aon tacaíocht airgeadais amach anseo a údarú ach amháin leis an gcoinníoll go dtiocfaidh deireadh le réimeas féindearbhaithe na Seoirsia agus go dtionólfar toghcháin chothroma agus neamhchlaonta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Uachtarán na Seoirsia Salome Zourabichvili agus chuig údaráis fhéincheaptha na Seoirsia.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>