<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0160</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Costas daonna chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an géarghá atá le deireadh a chur le fogha na Rúise: staid na sibhialtach agus na bpríosúnach cogaidh atá á gcoinneáil go neamhdhleathach, agus buamáil leanúnach na sibhialtach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(B10-0304, 0305, 0306, 0307 agus 0308/2025)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 maidir le costas daonna chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an géarghá atá le deireadh a chur le fogha na Rúise: staid na sibhialtach agus na bpríosúnach cogaidh atá á gcoinneáil go neamhdhleathach, agus buamáil leanúnach na sibhialtach (2025/2710(RSP))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus maidir leis an Rúis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiúin na Háige, do Chairt na Náisiún Aontaithe, do Choinbhinsiúin na Ginéive agus do na prótacail bhreise a ghabhann leo, don Choinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú, don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta, do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 161, 29.5.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/295/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus don Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas agus an Úcráin a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais sin, a síníodh in 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin ábhartha uile ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go háirithe Rún ES-11/7 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe a glacadh an 25 Feabhra 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Chruinniú Mullaigh Washington ó ECAT an 10 Iúil 2024 agus do Dhearbhú Chruinniú Mullaigh na Háige an 25 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 136(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil cogadh foghach iomlán bagrach, neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 i leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí nach i mí Feabhra 2022 a thosaigh fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ach in 2014, le forghabháil agus ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus codanna de réigiúin Donetsk agus Luhansk, rud lenar bhain iarmhairtí tromchúiseacha daonnúla, eacnamaíocha agus éiceolaíocha agus a raibh éagobhsaíocht réigiúnach mar thoradh air; de bhrí go bhféadfadh an Rúis deireadh a chur leis an gcogadh foghach brúidiúil gan údar ag aon am;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndearna Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i rún uaidh an 2 Márta 2022, cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháiliú láithreach mar ghníomh foghach de shárú ar Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, agus, i rún uaidh an 14 Samhain 2022, gur aithin sé gur gá an Rúis a thabhairt chun cuntais as a cogadh foghach, agus an fhreagracht dhlíthiúil agus airgeadais a chur uirthi as a gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chúiteamh a thabhairt i leith na ndíobhálacha agus an damáiste a rinneadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, go dtí seo in 2025, go bhfuil os cionn 20 000 ladrann imscartha ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine, nó thart ar 3 500 ladrann in aghaidh na míosa, arb ionann é agus méadú 350 % i gcomparáid leis an meán míosúil in 2024; de bhrí gur mharaigh an Rúis os cionn 1 050 sibhialtach agus go bhfuil 4 300 sibhialtach eile gortaithe aici, ar fianaise shoiléir é go bhfuil sí dírithe go gníomhach ar shibhialtaigh, lena n-áirítear otharchairr agus pearsanra tarrthála, i gcodarsnacht le gníomhaíochtaí cosanta na hÚcráine; de bhrí gurbh ionann an t-ionsaí a rinneadh le déanaí ar Chív agus ar Dnipro an dara hionsaí ba mharfaí agus an t-ionsaí ba mharfaí ar fad a rinneadh ar na cathracha sin ó thús ionradh na Rúise, ag teacht salach go mór ar mhaímh na Rúise gur spéis léi an tsíocháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil 17 bpacáiste smachtbhannaí glactha ag an Aontas a bhfuil raon feidhme gan fasach acu i gcoinne na Rúise agus go bhfuil sé ag leanúint de smachtbhannaí a ghlacadh i gcoinne na Rúise d’fhonn an bonn a bhaint go cinntitheach dá cumas leanúint dá cogadh foghach neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil an teacht timpeall ar smachtbhannaí, lena n-áirítear trí scáthchabhlach na Rúise agus cur chun feidhme neamhiomlán smachtbhannaí, fós ina chumasóir mór do chogadh foghach na Rúise; de bhrí, in ainneoin na smachtbhannaí sin agus smachtbhannaí eile, go leanann an Rúis dá cogadh foghach a fhearadh ar an Úcráin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur chuir na Stáit Aontaithe stop arís le soláthairtí cúnaimh mhíleata ríthábhachtaigh don Úcráin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurbh é fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine ba chúis leis an easáitiú éigeantach sibhialtach is mó san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus 10 milliún Úcránach – mná agus leanaí den chuid is mó – easáitithe, lena n-áirítear 7 milliún duine a fuair tearmann thar lear<FOOTNOTE><FIELD> https://www.peopleinneed.net/the-ukrainian-refugee-crisis-current-situation-9539gp.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go leanann an Rúis de choireanna cogaidh gránna a dhéanamh gan staonadh i gcoinne sibhialtaigh neamhurchóideacha; de bhrí, de réir údaráis na hÚcráine, gur fios go bhfuil thart ar 16 000 sibhialtach Úcránach á gcoinneáil faoi láthair sa Rúis agus i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach, cé gur dócha go bhfuil na fíorfhigiúirí i bhfad níos airde; de bhrí go bhfuil níos mó ná 70 000 Úcránach – lena n-áirítear sibhialtaigh, leanaí agus pearsanra míleata – liostaithe go hoifigiúil mar dhaoine atá ar iarraidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil údaráis na Rúise tar éis fuadach forfheidhmithe a dhéanamh go córasach i gcoinne líon mór sibhialtach de chuid na hÚcráine, agus go bhfuil daoine aonair nach bhfuil aon chleamhnacht mhíleata acu á gcoinneáil acu ar chúiseanna gan bhunús agus cumtha, agus go bhfuil a gcinniúint agus an áit a bhfuil siad fós anaithnid, rud a fhágann go bhfuil a dteaghlaigh i bpianpháis na héiginnteachta; de bhrí gur cuid d’ionsaí forleathan, córasach agus comhordaithe i gcoinne phobal sibhialtach na hÚcráine iad fuadaigh fhorfheidhmithe ag an Rúis;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, de réir Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, go bhfuair 29 sibhialtach ar a laghad bás faoi choimeád i saoráidí coinneála na Rúise, agus gur cuireadh 170 díobh chun báis i limistéir atá faoi rialú na Rúise ó mhí Feabhra 2022;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, le linn phróiseas na bhfuadach forfheidhmithe, gur mhainnigh údaráis na Rúise go leanúnach teaghlaigh a chur ar an eolas faoi chinniúint nó suíomh a ndaoine muinteartha; de bhrí, ar an gcaoi chéanna, gur theip ar roinnt freagraí ó údaráis éagsúla aon fhaisnéis fhóinteach a sholáthar;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil céasadh agus cineálacha eile íde atá mídhaonna agus táireach úsáidte go córasach ag údaráis na Rúise i gcoinne go leor sibhialtach de chuid na hÚcráine atá faoi choinneáil go neamhdhleathach; de bhrí gur aimsigh Coimisiún Neamhspleách Idirnáisiúnta Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe ar an Úcráin fianaise gur bhain an Rúis úsáid as éigniú agus foréigean gnéasach mar mhodh céastóireachta i gcoinne fir agus mná araon atá á gcoinneáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go ndiúltaíonn an Rúis líon na bpríosúnach cogaidh de chuid na hÚcráine atá á gcoinneáil ansin faoi láthair a nochtadh; de bhrí go bhfuil ag teip go follasach ar údaráis na Rúise a n-oibleagáidí faoi Choinbhinsiúin na Ginéive a chomhlíonadh maidir le ligean d’ionadaithe idirnáisiúnta Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (CICD) cuairt a thabhairt ar na príosúnaigh agus an fhaisnéis ábhartha a tharchur chuig CICD, chuig údaráis stáit agus chuig teaghlaigh príosúnach cogaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go ndéantar céasadh ar phríosúnaigh chogaidh de chuid na hÚcráine agus ar shibhialtaigh de chuid na hÚcráine atá i mbraighdeanas, lena n-áirítear ocras, bascadh, cineálacha éagsúla comhéigin, foréigean fisiciúil, gnéasach agus síceolaíoch agus séanadh cúraim leighis agus ionadaíochta dlíthiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil doiciméadú déanta ag an Úcráin agus ag comhlachtaí idirnáisiúnta ar na céadta príosúnach cogaidh de chuid na hÚcráine ar chuir fórsaí na Rúise chun báis iad ó mhí Feabhra 2022 i leith; de bhrí go bhfuil imscrúdú á dhéanamh ag Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir na hÚcráine ar na 268 bpríosúnach cogaidh de chuid na hÚcráine ar cuireadh chun báis iad (208 díobh ar láthair an chatha agus 59 díobh i bpríosún ‘Olenivka’); de bhrí go léiríonn an méadú ar líon na mbásuithe, agus an fhianaise atá ar fáil, nach teagmhais aonair iad na coireanna sin ach gur cuid de bheartas córasach agus d’aon ghnó iad, ar sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chearta an duine iad, agus ar coireanna cogaidh faoi Choinbhinsiúin na Ginéive agus faoi Reacht na Róimhe iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go ndearna an Úcráin agus an Rúis 65 mhalartú príosúnach ó mhí Feabhra 2022 i leith, rud a d’fhág gur scaoileadh saor 5 757 nduine, lena n-áirítear trí mhalartú mórscála i mí na Bealtaine 2025, agus gur scaoileadh saor 469 nduine aonair sa bhreis lasmuigh de shásraí malartaithe foirmiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí, ó fhorghabháil agus ionghabháil na Crimé in 2014, go bhfuil an Rúis tar éis díriú go córasach ar Thataraigh na Crimé le hionchúisimh ar chúiseanna polaitiúla, fuadaigh, imeaglú agus ciapadh; de bhrí go raibh cur faoi chois díréireach ar cheannairí Tataracha na Crimé, ar iriseoirí, ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus ar dhaoine reiligiúnacha, lena n-áirítear faoi scáth cúiseamh frith-antoisceachais agus frithsceimhlitheoireachta; de bhrí gurb ionann na gníomhaíochtaí sin agus sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil agus go bhfuil sé mar aidhm acu céannacht agus láithreacht phobal Tatarach dúchasach na Crimé a scriosadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí, agus an Rúis ag ligean uirthi gur cosantóir ar an gcreideamh Críostaí agus ar luachanna Críostaí í, go bhfuil sáruithe ollmhóra córasacha á ndéanamh aici ar chearta reiligiúnacha i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, agus toirmeasc iomlán curtha aici ar an Eaglais Chaitliceach Ghréagach de chuid na hÚcráine, gur maraíodh ar a laghad 47 gceannaire reiligiúnacha Úcránacha agus go ndearnadh céasadh ar an gcuid eile acu, agus gur dhírigh fórsaí na Rúise ar mhaoin reiligiúnach agus gur scrios siad d’aon toil í; de bhrí, ag an am céanna, go n-úsáideann an Rúis Eaglais Cheartchreidmheach Phatrarcacht Mhoscó mar arm chun pobail reiligiúnacha agus pobal na hÚcráine a chur faoi chois agus a rialú ar bhonn níos leithne;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go dtugann céasadh agus marú an iriseora Viktoriia Roshchyna ón Úcráin i mbraighdeanas na Rúise chun suntais na contúirtí tromaí méadaitheacha atá roimh iriseoirí na hÚcráine atá á gcoimeád ag fórsaí na Rúise; de bhrí go bhfuil daoine eile, Iryna Danylovych, Dmytro Khyliuk, Iryna Levchenko agus Heorhiy Levchenko ina measc, fós faoi choimeád faoi dhálaí lena mbaineann baol báis;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, de réir an tionscnaimh‘Bring Kids Back UA’ agus Shaotharlann Taighde Dhaonnúil Yale, ó mhí Feabhra 2022 i leith, go ndearnadh ar a laghad 20 000 leanbh de chuid na hÚcráine, agus b’fhéidir suas le 35 000 díobh, a dhíbirt go héigeantach chun na Rúise agus chun na Bealarúise nó a choinneáil i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach, agus nár fhill ach 1 366 leanbh agus gur deimhníodh go raibh 637 leanbh marbh; de bhrí go nglactar leis go bhfuil na fíorfhigiúirí i bhfad níos airde, de réir mar a leanann na haistrithe agus an díbirt sin ar aghaidh; de bhrí go bhfuil laghdú maoinithe déanta ag riarachán Trump ar Fhaireachlann Choimhlinte na hÚcráine de chuid Shaotharlann Taighde Dhaonnúil Yale ón 1 Iúil 2025, rud atá ag cur leanúint a cuid oibre i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ag déanamh imscrúdú ar an staid san Úcráin ón 2 Márta 2022 i leith agus gur eisigh sí, an 17 Márta 2023, barántais ghabhála do Vladimir Putin, Uachtarán Chónaidhm na Rúise, agus do Maria Lvova-Belova, an Coimisinéir um Chearta Leanaí, mar a thugtar air, in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise, as coir chogaidh na díbeartha neamhdhleathaí a dhéanamh ar leanaí na hÚcráine, agus ina dhiaidh sin barántais ghabhála bhreise i gcoinne oifigigh Rúiseacha, a eisíodh an 24 Meitheamh 2024; de bhrí go dtacaíonn an tAontas leis an mBinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha atá á bhunú faoi chuimsiú Chomhairle na hEorpa;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag géarcháineadh chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise gan chúis gan údar ar an Úcráin. á éileamh ar an Rúis deireadh a chur láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin, tarraingt siar go hiomlán as críoch na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, deireadh a chur le díbirt éigeantais, na hÚcránaigh uile atá á gcoinneáil agus a díbríodh a scaoileadh saor, agus an Úcráin agus íospartaigh coireanna cogaidh a chúiteamh; á athdhearbhú go gcáineann sí rannpháirtíocht dhíreach na Bealarúise i gcogadh brúidiúil foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á dhearbhú go bhfuil sí tiomanta go daingean do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine, laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus ag athdhearbhú a beartais maidir le neamhaitheantas chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach ag an Rúis; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ceart bunúsach chun féinchosanta ag an Úcráin, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe, lena mbaineann an ceart chun ionsaí a dhéanamh ar spriocanna míleata ar chríoch na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine sa cosaint ghaisciúil atá á déanamh acu ar a náisiún, a dtalamh, agus ár luachanna comhroinnte Eorpacha; á athdhearbhú go gcreideann sí go bhfuil Úcráin láidir, neamhspleách agus dhaonlathach ríthábhachtach do shlándáil, do chobhsaíocht agus do rathúnas na hEorpa; á iarraidh ar AE agus ar gach ceann dá 27 mBallstát feabhas suntasach a chur ar éifeachtacht na tacaíochta míleata don Úcráin agus dlús a chur léi chun go mbeidh an Úcráin in ann í féin a chosaint go dlisteanach ar ionsaithe méadaitheacha na Rúise ar chathracha agus ar bhonneagar sibhialtach ar fud na tíre, agus an Úcráin a chur sa seasamh is láidre is féidir le haghaidh caibidlíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cáineadh reitric agus idé-eolaíocht athbhreithnitheach agus impiriúlach, agus bolscaireacht fealltach Vladimir Putin atá ar siúl faoi láthair; ag cáineadh iarrachtaí córasacha rialtas na Rúise stair, cultúr, teanga agus féiniúlacht na hÚcráine a scriosadh; ag cáineadh go láidir, i ndáil leis sin, na géarleanúna a dhéantar ar ealaíontóirí na hÚcráine, mar a léiríodh le príosúnacht agus céasadh bhaill cheolfhoireann mhíleata Mariupol agus le híde mhídhaonna a bheith á fulaingt acu, agus á iarraidh go scaoilfear saor láithreach agus gan choinníoll iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin tar éis an tsíocháin agus an chobhsaíocht san Eoraip a scriosadh agus an bonn a bhaint go mór den tslándáil dhomhanda; á chur i bhfios go láidir gurb í an Rúis fós an bhagairt is suntasaí agus is dírí ar shlándáil na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cáineadh go láidir go ndearna fórsaí na Rúise POWanna na hÚcráine a chur chun báis, bearta ar coireanna cogaidh agus sáruithe tromchúiseacha ar Choinbhinsiúin na Ginéive iad; á chur in iúl gur cúis uafáis di fuadach, coinneáil ar leithlis, céasadh agus marú an iriseora de chuid na hÚcráine Viktoriia Roshchyna ag Cónaidhm na Rúise, rud a léiríonn an bhrúidiúlacht thromchúiseach agus an chruálacht chórasach a bhfuil Rúisigh ina mbun i gcoinne shibhialtaigh agus POWanna na hÚcráine; á éileamh go gcuirfeadh Cónaidhm na Rúise deireadh láithreach le horgáin ó choirp sibhialtach agus POWanna atá éagtha a chiorrú agus a bhaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á athdhearbhú gurb í an Rúis amháin atá freagrach as a cogadh foghach agus nach féidir aon saoirse ó phionós a bheith ann i leith sáruithe ar chearta an duine, coireanna cogaidh nó sáruithe eile ar an dlí idirnáisiúnta arna ndéanamh ag fórsaí agus oifigigh na Rúise; á chur in iúl gur cúis mhór uafáis di ionsaithe brúidiúla na Rúise ar shibhialtaigh agus an spriocdhíriú neamh-idirdhealaitheach a rinne sí ar bhonneagar sibhialtach; á chur i bhfáth go bhféadfadh spriocdhíriú córasach agus d’aon ghnó ar shibhialtaigh agus, go háirithe, díbirt leanaí, a bheith ina straitéis chinedhíothach arna heagrú agus arna cur i gcrích ag rialtas na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tacú go hiomlán le himscrúduithe leanúnacha na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna atá déanta ag an Rúis; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú a rinneadh le déanaí idir Comhairle na hEorpa agus an Úcráin ar Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin a bhunú; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór iad siúd go léir atá freagrach as coireanna cogaidh a rinneadh san Úcráin a thabhairt chun cuntais agus á chur i bhfáth go bhfuil an ceartas bunriachtanach chun go mbainfí aon tsíocháin inbhuanaithe amach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di smachtbhannaí na Stát Aontaithe ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, ar a hionchúisitheoirí, ar a breithiúna agus ar a foireann, lena mbaintear an bonn dá cuid oibre imscrúdaithe agus ionchúisimh atá ar siúl faoi láthair agus arb ionann iad agus ionsaí tromchúiseach ar an gcóras ceartais idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún an Reacht Blocála a ghníomhachtú go práinneach agus á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí taidhleoireachta go práinneach chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chosaint agus a choimirciú mar bhunchloch fhíor-riachtanach de chóras an cheartais idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí díbirt, coinneáil neamhdhleathach agus íde mhídhaonna na Rúise ar an iliomad sibhialtach de chuid na hÚcráine; á éileamh go gcuirfidh an Rúis faisnéis chruinn ar fáil láithreach do theaghlaigh maidir leis an áit ina bhfuil daoine atá á gcoinneáil agus maidir le staid sláinte na ndaoine atá á gcoinneáil agus á iarraidh go scaoilfí saor láithreach gach sibhialtach Úcránach atá i mbraighdeanas faoi láthair ag údaráis na Rúise; á chur i bhfios go láidir go léiríonn easáitiú éigeantach, coinneáil neamhdhleathach agus drochíde shibhialtaigh na hÚcráine brúidiúlacht intreach réimeas na Rúise agus a neamhaird neamhnáireach ar shaol an duine; ag cáineadh go láidir na dteaicticí déistineacha atá in úsáid ag údaráis na Rúise i gcoinne shibhialtaigh na hÚcráine agus na bpríosúnach cogaidh araon; á chur in iúl gur saoth léi úsáid fhorleathan agus chórasach an sceimhle i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, arb é is aidhm dóibh an pobal sibhialtach a imeaglú, srian a chur ar an bhfrithbheartaíocht agus ar an easaontas polaitiúil, gníomhaíochas sibhialta a chur faoi chois, agus teanga agus féiniúlacht náisiúnta na hÚcráine a dhíothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cáineadh na géarleanúna leanúnaí ar Thataraigh na Crimé sa Chrimé atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, lena n-áirítear coimeád, céasadh, fuadaigh agus srianta ar shaoirse reiligiúin, cainte agus comhlachais; á iarraidh go scaoilfí saor láithreach bonn Tataraigh uile na Crimé atá i bpríosún ar fhorais pholaitiúla agus ag tathant ar AE agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta faireachán agus ar abhcóideacht thar ceann phobal dúchasach na Crimé a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tathant ar an Rúis glacadh láithreach le malartú cuimsitheach príosúnach cogaidh ‘ar bhonn uile-uile’ leis an Úcráin agus é a chur i bhfeidhm láithreach, i gcomhréir lena hoibleagáidí faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta agus faoi Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Déileáil le Príosúnaigh Chogaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag géarcháineadh ghníomhaíochtaí foréigneacha na Rúise agus comhpháirteachas na Bealarúise as an drochíde do leanaí na hÚcráine, lena n-áirítear dúnmharú, céasadh agus ionchúiseamh coiriúil, aistriú éigeantach agus díbirt éigeantach, mí-úsáid ghnéasach agus dúshaothrú gnéasach, rúisiú éigeantach agus míleatú; ag cáineadh fhorchur éigeantach shaoránacht na Rúise ar na leanaí sin a díbríodh agus a n-uchtaithe státurraithe ag teaghlaigh na Rúise mar chuid de bheartas d’aon ghnó comhshamhlaithe éigeantaigh; á chur in iúl gur oth léi nach raibh AE in ann cabhrú le Saotharlann um Thaighde Daonnúil Ollscoil Yale (HRL) cistiú leordhóthanach a fháil; á iarraidh ar a Bhallstáit comhoibriú go dlúth le húdaráis na hÚcráine agus le heagraíochtaí áitiúla agus idirnáisiúnta eile agus tacú leo ina n-iarrachtaí leanaí uile na hÚcráine atá ar iarraidh agus a díbríodh a dhoiciméadú, agus chun a fháil amach an áit ina bhfuil siad agus iad a aisdúichiú d’fhonn iad a athaontú go pras lena dtuismitheoirí nó lena gcaomhnóirí dlíthiúla; á athdhearbhú gur sárú tromchúiseach ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta í díbirt leanaí na hÚcráine, go háirithe ar Airteagal 49 de Cheathrú Coinbhinsiún na Ginéive, agus gur coir chogaidh í; ag tathant ar an Aontas iad siúd atá freagrach a thabhairt chun cuntais agus smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá luaite leis na coireanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á éileamh, i gcomhréir le hoibleagáidí na Rúise faoi Choinbhinsiúin na Ginéive faoi seach, go dtabharfaidh an Rúis rochtain láithreach ar champaí príosúnach cogaidh agus ar láithreáin eile ina bhfuil saighdiúirí nó sibhialtaigh na hÚcráine á gcoinneáil i mbraighdeanas; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht shuntasach sa chaoi ar chaith an Úcráin agus an Rúis leis na príosúnaigh chogaidh atá faoi choinneáil acu, agus go ndearnadh pearsanra míleata na hÚcráine a chéasadh go dona, gur tugadh drochíde dóibh agus go ndearnadh míchothú orthu, de shárú ar dhlíthe an chogaidh agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag iarraidh an athuair ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cúnamh daonnúil agus athshlánúcháin a mhéadú d’íospartaigh atá á gcoinneáil ag an Rúis, lena n-áirítear rochtain ar chúram leighis agus síceolaíoch, seirbhísí ath-imeasctha agus cúnamh dlíthiúil; ag moladh eagraíochtaí sochaí sibhialta na hÚcráine agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta as tacú le teaghlaigh leanaí fuadaithe Úcránacha, teaghlaigh príosúnach cogaidh agus teaghlaigh sibhialtach atá á gcoinneáil go neamhdhleathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag athdhearbhú thiomantas diongbháilte an Aontais d’atógáil na hÚcráine agus á athdhearbhú go bhfuil sé réidh rannchuidiú le geilleagar agus bonneagar na hÚcráine a atógáil; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le Saoráid na hÚcráine maidir le hathléimneacht na hÚcráine a threisiú, dlús a chur lena téarnamh, agus tacú lena conair i dtreo na forbartha inbhuanaithe agus i dtreo bhallraíocht AE; á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir nach mór don Rúis íoc as an damáiste ollmhór atá déanta san Úcráin agus á iarraidh, dá bhrí sin, sócmhainní stáit na Rúise atá blocáilte faoi smachtbhannaí an Aontais a choigistiú nó iad a úsáid ar bhealach eile chun tacú le cosaint agus atógáil na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí den tuairim go bhfuil bealaí dlíthiúla éagsúla ar fáil chun é sin a dhéanamh agus gur mainneachtain dhochosanta ar thaobh rialtais na hEorpa é an easpa gníomhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cáineadh phrótacal Dhúma Stáit na Rúise a glacadh an 24 Meitheamh 2025 lena gceadaítear ballstáit d’Eagraíocht Chonradh na Comhshlándála a dtrúpaí a imscaradh ar chríoch comhaltaí eile i gcás coinbhleacht armtha, bagairtí, cásanna géarchéime, agus freachnaimh mhíleata; ag cáineadh na céime sin mar iarracht shoiléir ón Rúis dlús breise a chur lena hionsaithe gan staonadh ar an Úcráin trí thrúpaí ó stáit chomharsanachta agus ó stáit chomhghuaillithe a shlógadh go héigeantach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cáineadh go láidir earcú agus imscaradh shaighdiúirí Chúba chomh maith le rannpháirtíocht thrúpaí na Cóiré Thuaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit uile cúnamh míleata breise a chur ar fáil láithreach agus dul i mbun soláthar comhpháirteach i dtaca le cumais bhreise, go háirithe córais aerchosanta, córais ionsaí fadraoin agus córais airtléire agus armlón; i ndáil leis sin, ag tathant ar na Ballstáit uile cuid shuntasach dá bPleananna Infheistíochta Cosanta (SAFE) a dhíriú ar chúnamh don Úcráin; ag tathant ar na Ballstáit agus ar a dtionscail chosanta infheistíocht a dhéanamh i dtionscal cosanta na hÚcráine agus dul i gcomhpháirt leis, lena n-áirítear trí infheistíochtaí breise agus trí chomhfhiontair a bhunú, chun acmhainneacht iomlán a gcumas táirgthe a uasmhéadú chun trealamh criticiúil a tháirgeadh ar an mbealach is éifeachtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag meabhrú na ráiteas misniúil ó roinnt Ceannairí Stáit agus Rialtais de chuid an Aontais go dtabharfaí aghaidh ar mhainneachtain na Rúise teacht ar chomhaontú leis an sos comhraic 30 lá atá beartaithe ag na Stáit Aontaithe trí smachtbhannaí atá feabhsaithe go mór agus, dá bhrí sin, ag tathant ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit obair leantach a dhéanamh ar a ndearbhuithe agus éifeachtacht agus tionchar na smachtbhannaí ar an Rúis a mhéadú go suntasach; á chur in iúl gur geal léi an 17ú pacáiste smachtbhannaí an 20 Bealtaine 2025, ach ag tathant ar na Ballstáit an chéad phacáiste smachtbhannaí eile a ghlacadh gan a thuilleadh moille; á chur i bhfios go láidir gur riachtanas straitéiseach é faoi láthair a bheith ag gníomhú go misniúil anois; á chur i bhfáth gur mó i bhfad iad na hiarmhairtí diúltacha domhanda ó thaobh na slándála agus an ghealleagair de a bhaineann le haon fhogha a dhéanfaidh an Rúis amach anseo ná an gealltanas míleata agus airgeadais is gá inniu chun deireadh cinntitheach a chur le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chun fogha sa bhreis ón Rúis a dhíspreagadh agus chun síocháin chóir, chothrom agus mharthanach a bhaint amach; á iarraidh go diongbháilte ar Bhallstáit AE stop a chur lena gcur chuige ‘gnó mar is gnách’, ar cur chuige uafásach é, agus gníomhú ina ionad sin le meon athnuaite práinne agus cuspóra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú do Rialtais na hUngáire agus na Slóvaice prionsabal an chomhair dhílis lena gceanglaítear go staonfadh na Ballstáit ó aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh baint amach chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt; ag tathant ar Rialtais na hUngáire agus na Slóvaice, dá bhrí sin, a mbeartas eachtrach a athailíniú le seasaimh agus prionsabail an Aontais agus deireadh a chur leis an mbacainn atá curtha acu arís agus arís eile ar iarrachtaí an Aontais na smachtbhannaí ar an Rúis a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chreidiúint, chun brú a chur ar an Rúis deireadh a chur lena cogadh foghach, ag tosú le sos cogaidh marthanach, nach mór don Aontas agus do chomhpháirtithe atá ar aon intinn iarrachtaí agus bearta míleata, eacnamaíocha, polaitiúla agus taidhleoireachta i bhfad níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm; á iarraidh go ndéanfaí gach beart is gá chun teacht timpeall ar smachtbhannaí a sheachaint, go háirithe trí dhíriú ar shoithí ‘scáthchabhlaigh’ na Rúise; á iarraidh go gcuirfí toirmeasc iomlán ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL), ola agus amhábhair na Rúise, agus go mbeidh bearta eatramhacha ann chun íoslaghdú a dhéanamh ar chumas na Rúise íoc as a cogadh foghach trí onnmhairí fuinnimh, lena n-áirítear caidhp phraghais níos ísle ar ola agus caidhp phraghais GNL a thabhairt isteach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an 18ú pacáiste smachtbhannaí a ghlacadh gan a thuilleadh moille; á iarraidh ar na Ballstáit atá ag cur bac ar ghlacadh an phacáiste smachtbhannaí is déanaí Ballstáit eile a leanúint a d’éirigh leo foinsí malartacha ola agus seachadtaí gáis a aimsiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé do-ghlactha, sa cheathrú bliain de chogadh iomlán na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil diúracáin Rúiseacha agus aerárthaí gan foireann a úsáidtear in ionsaithe fós ag brath go mór ar chomhpháirteanna a mhonaraítear san Iarthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú nach mór tacaíocht don Úcráin a bheith leordhóthanach chun deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise agus chun go mbeidh an Úcráin in ann muintir uile na tíre a shaoradh, smacht iomlán a bheith aici an athuair ar a críoch laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus an Rúis a dhíspreagadh ar bhreis ionsaithe a dhéanamh; á mheabhrú gur thacaigh an Eoraip cheana féin leis an Úcráin le EUR 50 billiún i gcabhair mhíleata ach á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh cúnaimh agus go bhfuil tacaíocht den sórt sin ag brath go mór anois ar an Eoraip féin; ag tathant ar na Ballstáit tuilleadh arm agus armlóin a chur ar fáil don Úcráin sula dtabharfar aon chaibidlíocht i gcrích; ag cáineadh aon iarrachtaí brú a chur ar an Úcráin críoch faoi fhorghabháil a ghéilleadh, ina bhfuil an daonra neamhchosanta ar chos ar bolg leanúnach, foréigean, fuadach éigeantach, coinneáil neamhdhleathach, díbirt agus cineálacha eile sceimhlitheoireachta sistéamaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar AE smachtbhannaí pearsanta a fhorchur ar oifigigh na Rúise atá freagrach as foréigean agus céasadh i gcoinne Úcránaigh atá i bpríosún agus atá faoi choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán le síocháin chóir agus bhuan san Úcráin, bunaithe ar théarmaí arna gcinneadh ag an Úcráin agus atá inghlactha ag a muintir; á chur i bhfáth nach mór d’aon chomhaontú ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine a chaomhnú, cosc a chur ar an Rúis í féin a atharmáil agus slándáil na hÚcráine a ráthú san fhadtéarma; á áitiú go mbeadh cuntasacht ann as coireanna cogaidh agus as cúiteamh; á chur i bhfios go láidir nach mór sos cogaidh neamhchoinníollach a bheith ann sula ndéanfar caibidlíocht síochána;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth, i bhfianaise an athraithe ar sheasamh na Stát Aontaithe maidir le cogadh foghach na Rúise, nach mór don Aontas agus dá Bhallstáit leanúint de bheith ina gcomhghuaillithe straitéiseacha príomhúla den Úcráin agus gur cheart dóibh a ról ceannaireachta a threisiú maidir le tacú le streachailt na hÚcráine ar son ceannasachta, síochána agus ceartais; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit oibriú chun an tacaíocht idirnáisiúnta is leithne is féidir a choinneáil don Úcráin, lena n-áirítear trí chomhghuaillíochtaí a fhorbairt le comhpháirtithe nach den Aontas iad atá ar aon intinn; á iarraidh an athuair go ndéanfaí córais arm, a fógraíodh roimhe seo, agus a bhfuil géarghá leo, amhail diúracáin Taurus, a sheachadadh láithreach, mar a gheall ceannaireacht nua na Gearmáine, i gcainníochtaí suntasacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Uachtarán, Rialtas agus parlaimint na hÚcráine, agus chuig údaráis na Rúise agus na Bealarúise.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>