<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0165</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Todhchaí earnáil bhith-theicneolaíochta agus bhithmhonaraíochta an Aontais: taighde a ghiaráil, borradh a chur faoin nuálaíocht agus iomaíochas a fheabhsú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0123/2025 -  Rapóirtéir: Hildegard Bentele)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2025 maidir le todhchaí earnáil bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta an Aontais: taighde a ghiaráil, borradh a chur faoin nuálaíocht agus iomaíochas a fheabhsú (2025/2008(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 9, 151, 152, 153(1) agus (2) de, chomh maith le hAirteagail 173 agus 179 de, a bhaineann le beartas tionsclaíoch agus taighde an Aontais agus a thagraíonn do, mar shampla, iomaíochas thionscal an Aontais agus neartú ar bhoinn eolaíocha agus theicneolaíocha an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe d’Airteagal 5(3) de agus do Phrótacal Uimh. 2 de maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Building the future with nature:Boosting Biotechnology and Biomanufacturing in the EU’</STRING>[Úsáid an dúlra chun ullmhú don todhchaí: Borradh a chur faoin mBith-theicneolaíocht agus faoin mBithmhonaraíocht san Aontas Eorpach] (COM(2024)0137),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness: A competitiveness strategy for Europe’</STRING>,[Todhchaí iomaíochas na hEorpa’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Competitiveness Compass for the EU’</STRING>[‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’] (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Clean Industrial Deal</STRING> [‘Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: <STRING ITALIC="on">A joint roadmap for competitiveness and decarbonisation’</STRING> Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’] (COM(2025)0085),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The European Green Deal’</STRING> [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil le Enrico Letta an 10 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market’</STRING> [Margadh thar an gCoitiantacht],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Vision for Agriculture and Food – Shaping together an attractive farming and agri-food sector for future generations’</STRING> [Fís don Talmhaíocht agus don Bhia – Earnáil tharraingteach feirmeoireachta agus agraibhia a mhúnlú le chéile do na glúnta atá le teacht] (COM(2025)0075),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 55 agus 148(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A10-0123/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta an Aontais aitheanta mar cheann de 10 n-earnáil straitéiseach teicneolaíochta d’iomaíochas, slándáil eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht na hEorpa; de bhrí go bhfuil táirgiúlacht, fás agus fostaíocht an-ard ina saintréith den earnáil, agus go soláthraíonn sí réitigh cheannródaíocha atá iomaíoch ar bhonn domhanda i gcúram sláinte, sna heolaíochtaí beatha, i dtáirgeadh agus claochlú tionsclaíoch, i mbithmhonaraíocht inbhuanaithe, i bhfuinneamh agus i slándáil bia; de bhrí gur cumasóirí tábhachtacha den bhithgheilleagar i gcoitinne iad an bhith-theicneolaíocht agus an bhithmhonaraíocht; de bhrí gur féidir leis an mbith-theicneolaíocht agus an bhithmhonaraíocht cabhrú le huathriail straitéiseach, athléimneacht agus ciorclaíocht an Aontais a fheabhsú trí spleáchas an tionscail ar ionchur iontaise-bhunaithe agus spleáchais sheachtracha eile in earnálacha éagsúla a laghdú; de bhrí go bhfuil constaicí rialála agus airgeadais agus margadh inmheánach neamhiomlán fós roimh an earnáil bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta; de bhrí go meastar go dtíolacfaidh an Coimisiún gníomh de chuid an Aontais um an mbith-theicneolaíocht, straitéis bhithgheilleagair nuashonraithe de chuid AE, straitéis eolaíochtaí beatha de chuid AE, gníomh nuálaíochta de chuid AE agus gníomh de chuid AE um an ngeilleagar ciorclach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), go sainmhínítear an bhith-theicneolaíocht mar chur i bhfeidhm na heolaíochta agus na teicneolaíochta ar orgánaigh bheo, chomh maith le codanna, táirgí agus samhlacha díobh, chun ábhair bheo nó neamhbheo a athrú ar mhaithe le heolas, earraí agus seirbhísí a tháirgeadh; de bhrí nach bhfuil an bhithmhonaraíocht sainithe go soiléir agus gur cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, an sainmhíniú sin a mholadh; de bhrí gur cheart go mbeadh sainmhíniú ar bhithmhonaraíocht a sheasfaidh an aimsir, atá oscailte d’fhorbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha, agus atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, chun úsáid na bith-theicneolaíochta nó teicneolaíochtaí eile a chuimsiú go forleathan chun táirgí agus réitigh ábhair bhithbhunaithe a tháirgeadh lena n-áirítear próisis cheimiceacha, mheicniúla nó theirmeacha, ach gan bheith teoranta dóibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go raibh na tionscail bhith-theicneolaíochta agus bhithmhonaraíochta chun tosaigh agus nuálaíochtaí ceannródaíocha á bhforbairt agus á gcur in úsáid i gcúram sláinte, amhail vacsaíní mRNA; de bhrí gur féidir próisis bhith-theicneolaíochta a úsáid chun comhábhair ghníomhacha chógaisíochta agus príomh-ionchuir mhonaraíochta le haghaidh cógas a mhonarú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, le paindéim COVID-19, gur leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé slabhraí luacha láidre amhábhar agus cumais mhonaraíochta a bheith ann laistigh den Eoraip, chun slándáil an tsoláthair táirgí criticiúla a áirithiú agus chun ganntanais a mhaolú, mar shampla ganntanais cógas riachtanach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur féidir leis an intleacht shaorga (IS) cabhrú le nuálaíocht bhith-theicneolaíochta a spreagadh – e.g. i leigheas pearsantaithe agus i bhfionnachtain drugaí – rud as a n-eascraíonn tairbhí sláinte agus comhshaoil; de bhrí gur féidir dúshláin agus rioscaí eiticiúla a bheith ag baint le húsáid IS sa bhith-theicneolaíocht freisin, a bhaineann le cosaint sonraí príobháideacha, ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun muinín agus glacadh an phobail a choinneáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go gcuirtear an bhith-theicneolaíocht i bhfeidhm i ngnéithe éagsúla den talmhaíocht atá bunaithe ar ainmhithe agus ar phlandaí agus go hindíreach freisin, trína húsáid i ngníomhaíochtaí amhail bainistiú dramhaíola;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur féidir leis an mbith-theicneolaíocht athléimneacht foraoisí a neartú agus, i gcás na bithmhonaraíochta, gur féidir le hearnáil na foraoiseachta amhábhair in-athnuaite agus in-athchúrsáilte a tháirgtear go hinbhuanaithe a chur ar fáil is féidir a úsáid i dtáirgí, ábhair agus feidhmeanna nuálacha ardluacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas ar thús cadhnaíochta sa domhan maidir le hacmhainneacht taighde agus bithmhonaraíochta, ach go bhfuil a acmhainneacht fós gan saothrú mar gheall ar easpa creata beartais atá comhordaithe go leordhóthanach lena gcumasaítear uas-scálú éifeachtúil na nuálaíochta, mealladh infheistíochta agus tráchtálú teicneolaíochtaí nua; de bhrí go n-áirithítear leis an gcur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ go ndéantar gach ualach a thugtar isteach le tionscnaimh an Choimisiúin a mheas agus go ndéantar ualaí riaracháin a fhritháireamh trí ualaí ar luach coibhéiseach a bhaint sa réimse beartais céanna ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát; de bhrí gur iarr an Pharlaimint go ndéanfaí buiséad taighde AE a mhéadú faoi dhó; de bhrí go bhfuil infheistíocht phríobháideach AE sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht ag titim chun deiridh ar mhórgheilleagair eile; de bhrí gur féidir dlús a chur le tráchtálú nuálaíocht AE sna tionscail bhithbhunaithe trí infheistíocht a chur chun cinn i ngléasraí taispeána ceannródaíocha agus táirgthe tráchtála;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur gá gníomhaíocht phráinneach, chomhleanúnach agus chomhsheasmhach a dhéanamh sna blianta amach romhainn chun go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta sa domhan maidir leis an mbith-theicneolaíocht, an bhithmhonaraíocht agus na heolaíochtaí beatha a mbeidh leibhéal misniúil athraithe ag baint leo, i gcomhréir leis an bpróis chuí agus le tacaíocht ó sheiceálacha iomaíochais agus ó chistiú leormhaith;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil nósanna imeachta údarúcháin atá fada agus casta, go háirithe maidir le hamanna formheasa, ina míbhuntáiste iomaíoch d’oibreoirí AE agus go mbrúnn siad forbróirí tionscadail as AE, agus go gcuireann siad bac ar imscaradh tionsclaíoch agus ar fhás tionsclaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach bhfreastalaíonn creataí rialála reatha AE go beacht ar shainiúlachtaí táirgí bithbhunaithe; de bhrí gur gá aghaidh a thabhairt go práinneach ar na próisis údaraithe rialála atá ann cheana do tháirgí bith-theicneolaíochta chun a áirithiú go leanfaidh AE de bheith iomaíoch ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil creat rialála éifeachtach chun taighde cliniciúil a dhéanamh bunriachtanach d’iomaíochas na ngnéithe is déine ó thaobh nuálaíochta de d’earnálacha cógaisíochta agus bith-theicneolaíochta an Aontais; de bhrí gur cheart don Choimisiún creataí rialála tíortha nach tíortha den iontas Eorpach iad atá ar thús cadhnaíochta in earnáil na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta a chur san áireamh, i gcomhthéacs reachtaíocht AE atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo lena gcumhdaítear an tionscal, chun comhoiriúnacht a áirithiú gan caighdeáin sábháilteachta agus chomhshaoil AE atá ann cheana a ísliú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil infheistíocht bhith-theicneolaíochta agus bhithmhonaraíochta agus éiceachóras chaipiteal fiontair an Aontais fós ilroinnte de bhrí go bhfuil praghsanna arda fuinnimh, ualaí rialála, bacainní, agus easpa príomh-bhunábhair, amhábhar agus comhpháirteanna atá ar fáil ag cur teorainn le cumas gnólachtaí nuathionscanta agus le cumas fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) eile uas-scálú a dhéanamh, agus le himscaradh ar mórscála; de bhrí go bhfuil acmhainneacht bhithmhonaraíochta AE agus athléimneacht an tslabhra soláthair, lena n-áirítear infhaighteacht bunábhair, bunriachtanach chun spleáchas ar ghníomhaithe nach den Aontas iad a laghdú; de bhrí go bhfuil slabhraí soláthair domhanda éifeachtacha – lena n-áirítear comhpháirtíochtaí straitéiseacha le gníomhaithe domhanda iontaofa – tábhachtach freisin chun rochtain chobhsaí ar acmhainní criticiúla a áirithiú, suaitheadh soláthair a sheachaint agus nuálaíocht leanúnach i dteicneolaíochtaí bunriachtanacha a chothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí bunábhair bhithbhunaithe, amhail bithmhais a fhoinsítear go hinbhuanaithe, dramhaíl athchúrsáilte agus CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> a ghabhtar ó fhoinsí bithghineacha, a úsáid mar bhunábhair mhalartacha chun, mar shampla, polaiméirí, plaistigh, tuaslagóirí, péinteanna, glantaigh, cosmaidí agus cógaisíocht a mhonarú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le laghdú astaíochtaí AE, éifeachtúlacht acmhainní agus uathriail straitéiseach; de bhrí go bhféadfadh AE éileamh an mhargaidh agus glacadh an mhargaidh le haghaidh táirgí agus ábhair bhithbhunaithe inbhuanaithe a dhreasú tuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach úsáid amhábhar bithbhunaithe inbhuanaithe a mhéadú mar chuid de na bealaí chun spriocanna aeráide 2050 AE a bhaint amach; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag an mbith-theicneolaíocht an tionscal scaglainne agus tionscal na gceimiceán a chlaochlú i dtreo na bithmhonaraíochta, agus, ar an gcaoi sin, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, i gcomhréir le cuspóirí aeráide AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go ndéantar an bhith-theicneolaíocht agus an bhithmhonaraíocht a rialáil ar fud go leor creataí rialála éagsúla; de bhrí go bhfuil creataí rialála agus reachtaíochta an Aontais don bhith-theicneolaíocht agus don bhithmhonaraíochta neamhréireach thar earnálacha, rud a chruthaíonn éiginnteacht dhlíthiúil agus a chuireann moill ar rochtain ar an margadh do réitigh nuálacha; de bhrí gur gá aghaidh a thabhairt go práinneach ar na próisis fhada údaraithe, go háirithe maidir le hamanna formheasa, agus feabhas a chur orthu, agus cur chuige rioscabhunaithe agus eolaíochtbhunaithe á choinneáil ag an am céanna, chun dul in iomaíocht le tréimhsí ama comhfhreagracha lasmuigh de AE; de bhrí gur cheart úsáid boscaí gainimh rialála a leathnú chun a áirithiú go bhfuil conair forbartha shoiléir ann do theicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn; de bhrí gur cheart údar cuí a bheith le rialachán uile-Aontais i bhfoirm gníomh de chuid an Aontais um an mbith-theicneolaíocht bunaithe ar shamplaí de bhearnaí nithiúla agus d’easnaimh i reachtaíocht reatha agus i gcur chun feidhme, ag díriú ar shainiúlachtaí an tionscail;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach creat maoine intleachtúla (IP) a bheith ann atá comhleanúnach, láidir agus a sheasfaidh an aimsir, agus tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha mar thoradh air más féidir;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur cheart feasacht an phobail in AE ar an mbith-theicneolaíocht agus ar tháirgí bithmhonaraithe a neartú tuilleadh, chun borradh a chur faoina nglacadh i measc an phobail; de bhrí gur cheart gnéithe eiticiúla na bith-theicneolaíochta a chur san áireamh; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag comhairliúchán le geallsealbhóirí maidir le beartais bhith-theicneolaíochta fhreagracha agus eiticiúla a mhúnlú; de bhrí gur féidir ról ríthábhachtach a bheith ag an tsochaí shibhialta maidir le muinín an phobail a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go ndéantar innealtóireacht ADN agus orgánach níos mó agus níos mó i mbithbhunaíochtaí uathoibrithe, a tháirgeann saibhreas sonraí agus dearaí agus eolas feabhsaithe ar fheidhmeanna bitheolaíocha;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur gá do chreat rialála AE aghaidh a thabhairt go leormhaith ar rioscaí, deiseanna agus freagrachtaí atá ag teacht chun cinn agus a bhaineann le hábhar bitheolaíoch a láimhseáil, a thrádáil agus a shintéisiú, go háirithe i gcomhthéacs na bitheolaíochta sintéisí; de bhrí gur gá do AE aghaidh a thabhairt ar bhearnaí bithshlándála atá ann cheana agus trí chomhar idirnáisiúnta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Critéir do ghníomh cuimsitheach de chuid an Aontais um an mbith-theicneolaíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur béim ar acmhainneacht fáis earnáil bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta na hEorpa agus ar an ngá atá le AE a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain sa réimse sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí tiomanta do phrionsabail na rialála agus na reachtóireachta níos fearr, don simpliú agus do laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin; á chur i bhfios go láidir nár cheart go gcuirfeadh simpliú reachtaíocht an Aontais aon cheann de chearta bunúsacha na saoránach, na n-oibrithe agus na ngnólachtaí i mbaol ná go mbeadh baol éiginnteachta rialála ag gabháil leis; á chreidiúint nár cheart aon togra maidir le simpliú a dhéanamh faoi dheifir agus a mholadh gan breithniú cuí, comhairliúchán cuí agus measúnuithe tionchair; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, má mholann sé rialachán nua uile-Aontais i bhfoirm gníomh de chuid an Aontais um an mbith-theicneolaíocht, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus easnaimh nithiúla sa reachtaíocht agus sa chur chun feidhme atá ann faoi láthair, agus reachtaíocht a thíolacadh is féidir a athbhreithniú, a shimpliú, a chuíchóiriú, a aisghairm agus lena laghdaítear ualaí maorlathacha, lena ndírítear ar shainiúlachtaí an tionscail agus lena gcoinnítear caighdeáin sábháilteachta agus slándála ábhartha; á iarraidh, le gníomh de chuid an Aontais um an mbith-theicneolaíocht, go nglacfaí raon feidhme trasearnála cuimsitheach agus go mbeadh measúnú tionchair agus costais, seiceálacha iomaíochais chomh maith le measúnú cuimsitheach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála ag gabháil leis, agus aird chuí á tabhairt ar an tionchar ar FBManna, ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí atá i mbun fáis, chomh maith leis an idirghníomhaíocht le tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha ábhartha eile, lena n-áirítear tograí atá faoi réir an nós imeachta chomhreachtaigh faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú, de réir ECFE, go sainmhínítear an bhith-theicneolaíocht mar chur i bhfeidhm na heolaíochta agus na teicneolaíochta ar orgánaigh bheo, chomh maith le codanna, táirgí agus samhlacha díobh, chun ábhair bheo nó neamhbheo a athrú ar mhaithe le heolas, earraí agus seirbhísí a tháirgeadh; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil an bhithmhonaraíocht sainithe go soiléir agus á iarraidh ar an gCoimisiún an sainmhíniú sin a mholadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí tionscnaimh atá ann cheana agus tionscnaimh atá ar na bacáin a bhaineann leis an mbith-theicneolaíocht agus leis an mbithmhonaraíocht a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú, agus é mar chuspóir ann tionscal na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta a neartú trí inniúlachtaí soiléire tionsclaíocha agus taighde agus forbartha (T&F);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú ar fud na dtionscnamh agus na mbeart reachtach uile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don bhith-theicneolaíocht agus do nuálaíochtaí agus cuideachtaí bithmhonaraíochta, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh raon feidhme leathan go leor ag aon tionscnaimh reachtacha ábhartha a bheidh ann amach anseo chun leithead thionscal na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta agus a raon iomlán feidhmeanna a chumhdach; á mholadh go n-éascófaí glacadh tapa agus éifeachtúil na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta trí chreataí rialála soiléire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a chur chun feidhme laistigh dá struchtúir chun comhordú, comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú ar fud a ardstiúrthóireachtaí ábhartha, agus chun méadú agus tráchtálú níos éifeachtúla ar thorthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a chumasú; ag cur suntas i dtábhacht na n-iarrachtaí chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar chomhordú beartais ar an leibhéal náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creataí rialála tíortha nach tíortha den iontas Eorpach iad atá ar thús cadhnaíochta in earnáil na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta a chur san áireamh, i gcomhthéacs reachtaíocht AE atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo lena gcumhdaítear an tionscal, comhoiriúnacht a áirithiú, i gcás inar féidir agus gan sábháilteacht tomhaltóirí a chur i mbaol, agus cothrom iomaíochta a áirithiú do chuideachtaí bith-theicneolaíochta AE atá in iomaíocht go hidirnáisiúnta, agus foghlaim ó dhea-chleachtais ó lasmuigh de AE gan caighdeáin AE atá ann cheana a ísliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta reatha i réimse na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta, lena n-áirítear bearnaí féideartha agus bacainní rialála a shainaithint a chuireann bac ar fhás na dtionscal a chuireann na teicneolaíochtaí agus na próisis mhonaraíochta sin i bhfeidhm, lena n-áirítear bacainní ar neamhthuilleamaíocht AE i bpríomh-bhunábhair, in amhábhair agus i bpríomh-chomhpháirteanna a fheabhsú; ag meabhrú phrionsabal an réamhchúraim a leagtar síos in Airteagal 191 CFAE; ag tathant ar an gCoimisiún réamhthorthaí a staidéir ar an ualach rialála, i ndáil leis sin, agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le hathbhreithniú ar reachtaíocht a bhaineann leis an mbith-theicneolaíocht agus leis an mbithmhonaraíocht a roinnt leis an bParlaimint; á iarraidh go ndéanfaí simpliú ar na ceanglais atá ann faoi láthair don earnáil ar fud na gcreataí rialála chun nósanna imeachta formheasa agus rochtain níos tapúla ar an margadh a chumasú, agus cur chuige rioscabhunaithe agus eolaíochtbhunaithe á choinneáil agus éiginnteacht rialála á seachaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Mol Bith-theicneolaíochta agus Bithmhonaraíochta a seoladh le déanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir bhreise a chur ar fáil do chuideachtaí bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta AE agus do na Ballstáit maidir leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724, (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus maidir leis an gComhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan ó thaobh ceadaithe agus maoinithe de, agus machnamh a dhéanamh ar mhoil tacaíochta a chruthú, chun feabhas a chur ar an treoir agus ar an gcomhairle do chuideachtaí agus bealach tríd an gcreat rialála á aimsiú acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cuíchóiriú, simpliú agus giorrú a dhéanamh go práinneach ar an am is gá le haghaidh nósanna imeachta údarúcháin, go háirithe tréimhsí ama formheasa, le haghaidh ábhair agus táirgí bith-theicneolaíochta ar feadh a dtimthriallta monaraíochta agus a saolréanna, agus glacadh sa mhargadh le réitigh bhithbhunaithe a éascú, lena n-áirítear treoir réamhúdaraithe a sholáthar, agus cur chuige rioscabhunaithe agus eolaíochtbhunaithe á choinneáil ag an am céanna, go háirithe i gcomhthéacs a athbhreithnithe rialta ar ghníomhaireachtaí AE amhail an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag gníomhaireachtaí ábhartha de chuid AE, chun feabhas a chur ar a n‑acmhainneacht nósanna imeachta údarúcháin a sheoladh go tráthúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht nós imeachta simplithe formheasa a bheith ann do tháirgí bith-theicneolaíochta atá formheasta cheana féin ag comhlachtaí rialála iontaofa i dtíortha atá ar aon intinn le caighdeáin choibhéiseacha AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar chleachtais lipéadaithe a shimpliú, amhail cóid QR a úsáid, agus dálaí cothroma margaidh a áirithiú idir an bhith-theicneolaíocht agus táirgí eile, amhail margaíocht agus fógraíocht, gan baint de shábháilteacht tomhaltóirí ná den rochtain ar fhaisnéis ábhartha do thomhaltóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé bunriachtanach rialacha a bheith ann atá comhchuibhithe, intuartha, a sheasfaidh an aimsir agus atá iomaíoch go hidirnáisiúnta maidir le maoin intleachtúil agus cosaint sonraí don bhith-theicneolaíocht agus do phaitinní bithmhonaraíochta, chun an tionscal, slabhraí soláthair athléimneacha agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar rialacha cosanta maoine intleachtúla trí théarmaí níos faide do theicneolaíochtaí paitinnithe chun iomaíochas an Aontais a neartú, nuálaíocht agus uathriail straitéiseach an Aontais a chothú, teicneolaíochtaí ceannródaíocha a chosaint, infheistíochtaí fadtéarmacha a chúiteamh, agus tacú le taighde ardriosca; á mheas go bhfuil sé bunriachtanach creat MI a bheith ann atá comhleanúnach, láidir agus a sheasfaidh an aimsir; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, córas aonadach paitinne AE a bunaíodh le déanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh go mbeadh creat coiteann trialacha cliniciúla ann le nósanna imeachta formheasa cuíchóirithe ar fud na mBallstát chun ualaí agus moilleanna riaracháin a íoslaghdú, agus lenar féidir fíorfhianaise a úsáid le haghaidh teiripí bith-theicneolaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún an staid reatha a thíocaladh i ndáil leis an méid sin, chomh maith le feabhsuithe féideartha; á iarraidh go ndéanfar an Rialachán maidir le Trialacha Cliniciúla<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/536/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme go pras agus go n-úsáidfear Córas Faisnéise an Aontais maidir le Trialacha Cliniciúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá éiceachóras láidir bith-theicneolaíochta don Aontas chun tacú le T&F, monaraíocht, agus rochtain othar ar chógais nuálacha; á chur i bhfios gur féidir próisis bhith-theicneolaíochta a úsáid chun comhábhair ghníomhacha chógaisíochta agus príomhionchuir mhonaraíochta a mhonarú le haghaidh cógais iarphaitinne agus nuálacha araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mholadh go n-úsáidfear an chéad ghlúin eile de bhoscaí gainimh rialála chun measúnú a dhéanamh ar thionchair shonracha agus féidearthachtaí d’fheidhmeanna bith-teicneolaíochta agus bithmhonaraíochta atá ag teacht chun cinn, chun a áirithiú gur féidir teicneolaíochtaí nua a thriail i dtimpeallacht rialála atá faoi rialú, ach atá solúbtha agus a sheasfaidh an aimsir; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear forbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha san áireamh i mbeartas AE chun iomaíochas domhanda AE a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mholadh go bhforbrófaí straitéis chun tacú le cuideachtaí bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta aistriú ó chóras na mboscaí gainimh rialála go rochtain iomlán ar an margadh; á iarraidh go n-áireofaí sa straitéis sásraí tacaíochta, cúnamh rialála agus treoir maidir le comhlíonadh reachtaíocht AE, ach nach mbeadh sí teoranta dóibh sin amháin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An gá buntáistí agus sainiúlachtaí thionscal na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta a chur chun cinn</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil uas-scálú éifeachtach na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta in AE ag brath ar bhithgheilleagar láidir, iomaíoch agus ciorclach; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis bhithgheilleagair nuashonraithe a thíolacadh, lena gcuirfear na dúshláin atá ann faoi láthair san áireamh agus lena dtreiseofar gné thionsclaíoch an bhithgheilleagair agus a naisc leis an mbith-theicneolaíocht agus leis an mbithmhonaraíocht, lena ndreasófar forbairt agus táirgeadh ábhar, táirgí agus réiteach bithbhunaithe inbhuanaithe, nuálach, ard-bhreisluacha, chun rannchuidiú le hiomaíochas agus uathriail straitéiseach AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag bithmhais sa bhithmhonaraíocht; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé cur chuige a ghlacadh atá oscailte do theicneolaíochtaí éagsúla bithmhaise inbhuanaithe atá bunaithe ar anailís láidir, agus arb é is aidhm dó feabhas a chur ar rochtain ar bhunábhair agus ar úsáid bunábhar, chomh maith le leas a bhaint as slabhraí soláthair idirnáisiúnta, agus é mar aidhm dó seachtrachtaí comhshaoil neamhbheartaithe a sheachaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá sainiúlachtaí an charbóin bhithghinigh, na dtáirgí bithbhunaithe agus na bpróiseas bithbhunaithe a chur san áireamh, agus iad a idirdhealú ó tháirgí peitriceimiceacha agus iontaise-bhunaithe, i gcomhthéacs reachtaíocht cheimiceach, ábhair agus chomhshaoil AE agus náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil an baol ann go ndéanfar comhpháirteanna bunriachtanacha, amhail einsímí, baictéir aigéid lachtaigh agus miocrorgánaigh eile, a thoirmeasc nó a dhídhreasú go míchuí le rialacháin an Aontais a dheartar go príomha le haghaidh substaintí peitriceimiceacha agus sintéiseacha, amhail Rialachán REACH<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé go ndiúltófaí rochtain ar chistiú d’ábhair agus tionscadail bhithbhunaithe mar thoradh ar léirmhíniú an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) ar chritéir inbhuanaitheachta faoi chreat ailínithe Pháras de Ghrúpa BEI; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar shainmhínithe ábhartha dá réir sin agus léirmhínithe atá fabhrach don bhith-theicneolaíocht agus don bhithmhonaraíocht a spreagadh; á iarraidh ar BEI ionstraimí dí-rioscaithe a mholadh don bhith-theicneolaíocht agus don bhithmhonaraíocht, chun caipiteal a thiomsú; á iarraidh, thairis sin, ar BEI feabhas a chur ar fhor-rochtain, ar thacaíocht chomhairleach agus ar fhaisnéis maidir le hionstraimí maoinithe agus maidir le deiseanna do thionscadail bhith-theicneolaíochta agus bhithmhonaraíochta incháilithe, go háirithe FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an tairbhe a bhaineann le táirgí agus próisis bhithbhunaithe maidir le cuspóirí an Aontais CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> a laghdú agus rannchuidiú na dtáirgí agus na bpróiseas sin leis na cuspóirí sin, ar gá, i bhfianaise acmhainneacht na dtáirgí sin inbhuanaitheacht a mhéadú agus lorg comhshaoil an Aontais a laghdú, iad a léiriú i measúnuithe saolré faoi seach, i bhfaisnéis do thomhaltóirí agus i soláthar poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheas, chun dlús a chur le hionadú bunábhar iontaise-bhunaithe, go bhféadfaí éileamh an mhargaidh agus glacadh táirgí bithbhunaithe inbhuanaithe sa mhargadh a dhreasú tuilleadh san Aontas; á mheas go bhféadfaí bunábhair bhithbhunaithe, amhail bithmhais a fhoinsítear go hinbhuanaithe, dramhaíl athchúrsáilte agus CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> a ghabhtar ó fhoinsí bithghineacha, a úsáid mar bhunábhair mhalartacha chun táirgí éagsúla a mhonarú, rud a chuirfeadh le laghdú astaíochtaí, éifeachtúlacht acmhainní agus uathriail straitéiseach an Aontais; sa chomhthéacs sin, ag meabhrú an ghealltanais a thugtar i gCompás Iomaíochais an Aontais beartais a fhorbairt chun luach saothair a thabhairt do luath-thionscnóirí; á mheas gur cheart critéir inbhuanaitheachta chomhleanúnacha agus leormhaithe a áirithiú le haghaidh bithmhaise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ardchaighdeáin an Aontais maidir le sábháilteacht bia agus sábháilteacht tomhaltóirí a chaomhnú agus a thábhachtaí atá acmhainneacht na bhfeidhmeanna bith-theicneolaíochta agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmeanna bith-theicneolaíochta maidir le bia agus beatha chun sláinte tomhaltóirí a chosaint, chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar chiorclaíocht agus ar inbhuanaitheacht, agus chun gnéithe sóisialta, eiticiúla, eacnamaíocha, comhshaoil agus cultúrtha na nuálaíochta bia a mheas; á iarraidh ar an gCoimisiún bealaí réidhe chun an mhargaidh a shainaithint le haghaidh feidhmeanna sábháilte bith-theicneolaíochta i dtáirgí bia, agus á athdhearbhú ag an am céanna gur gá scrúdú cuí a dhéanamh ar na feidhmeanna bith-theicneolaíochta sin, sula ndéanfar aon údarú amach anseo agus sula gcuirfear ar mhargadh an Aontais iad ina dhiaidh sin, lena n-áirítear faisnéis thocsaineolaíoch agus staidéir chliniciúla agus réamhchliniciúla a bhailiú i gcás inarb ábhartha, agus inrianaitheacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar rioscaí bithshlándála, lena n‑áirítear breithnithe bitheiticiúla, i gcomhar leis an nuálaíocht bhith-theicneolaíochta agus bhithmhonaraíochta, lena n-áirithítear rochtain fhreagrach ar uirlisí bitheolaíochta sintéisí, ar theicneolaíochtaí modhnaithe ghéinitigh agus ar ábhair bhitheolaíocha agus úsáid fhreagrach na n-uirlisí, na dteicneolaíochtaí agus na n-ábhar sin; á iarraidh go mbunófaí clárlann bhithshlándála de chuid an Aontais le haghaidh ADN sintéiseach, trealamh sintéise barr binse agus d’uirlisí innealtóireachta géinití, lena bhfeabhsófar trédhearcacht agus sásraí measúnaithe riosca, i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, amhail an tionscal agus an tsochaí shibhialta, agus lena n-áiritheofar, ag an am céanna, go ndéanfar sonraí íogaire a chosaint go leormhaith; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá uathriail straitéiseach an Aontais i slabhraí soláthair na bith-theicneolaíochta, lena n‑áirithítear go bhfanfaidh ionchuir agus saineolas criticiúil bithmhonaraíochta laistigh den Eoraip; á iarraidh go mbeadh comhar idirnáisiúnta níos láidre ann maidir le caighdeáin bhithshlándála, lena n-áirítear caighdeáin scagtha idirnáisiúnta éigeantacha, lena n-áiritheofar go mbainfidh cuideachtaí bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta atá bunaithe san Aontas tairbhe as dea-chleachtas domhanda agus an t-iomaíochas á choinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar ábhair bhitheolaíocha agus teachtaireacht nuashonraithe agus plean gníomhaíochta maidir le rioscaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha a thíolacadh, go háirithe maidir le bithsceimhlitheoireacht agus bithrioscaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saincheisteanna cothrománacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé do shlándáil an tslabhra soláthair soláthar leordhóthanach, cobhsaí agus iomaíoch bunábhair, amhábhar agus comhpháirteanna bunriachtanacha a áirithiú, amhail bithmhais inbhuanaithe agus einsímí do chuideachtaí bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta; á iarraidh go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar rioscaí, bearnaí agus spleáchais a d’fhéadfadh a bheith ann agus sonraí cuideachta-íogaire agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á gcosaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé slabhraí luacha agus monaraíocht amhábhar an Aontais a fhorbairt, agus neamhthuilleamaíocht a fheabhsú i gcás inar féidir, agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus comhar á gcothú ag an am céanna le tíortha nach de chuid an Aontais iad atá ar aon intinn leis chun rochtain athléimneach agus éagsúlaithe a áirithiú ar ionchuir chriticiúla na dtionscal bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth, i gcomhthéacs geopholaitiúil ina bhfuil an teannas ag dul i méid de réir a chéile, gur cheart an bhith-theicneolaíocht agus an bhithmhonaraíocht a ghiaráil go hiomlán chun uathriail straitéiseach an Aontais a neartú, chun slándáil bia a fheabhsú agus chun spleáchas ar thíortha nach de chuid an Aontais iad a laghdú; á thabhairt chun suntais gur gá éileamh an mhargaidh agus glacadh táirgí bithbhunaithe a spreagadh chun borradh a chur faoi fhás, iomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dúshlán mór fós san Aontas é torthaí taighde a mhéadú agus a thráchtálú, agus á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar aistriú eolais agus teicneolaíochta idir an saol acadúil agus an tionscal chun a áirithiú go mbeidh feidhmeanna tráchtála agus imscaradh tionsclaíoch mar thoradh ar thaighde bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta arna chistiú ag an Aontas; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé comhar poiblí-príobháideach a neartú agus tacú le hollscoileanna agus le hinstitiúidí taighde ag a bhfuil ardleibhéil aistrithe teicneolaíochta, seach-chuideachtaí agus cruthaithe gnólachtaí nuathionscanta, mar shampla trí shamhail CERN a chur i bhfeidhm maidir le stiúideonna nuathionscanta a thógáil laistigh d’institiúidí taighde; á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí straitéiseacha i mbonneagar comhroinnte an Aontais – amhail saoráidí píolótacha, bithbhainc nó luasairí nuálaíochta – chun tacú le méadú fréamhshamhlacha agus le glacadh na réiteach bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta nuálach sa mhargadh; á chur i bhfios go láidir nach féidir a bheith i mbun na nuálaíochta ar mhaithe le tairbhe eacnamaíoch ghearrthéarmach, agus ar mhaithe leis sin amháin, agus gur cheart an nuálaíocht bhith-theicneolaíochta agus bhithmhonaraíochta a spreagadh trí chur chuige ón mbun aníos faoi chlár réime neamhspleách agus fadtéarmach; á iarraidh ar an gCoimisiún cruthú mol taighde den chéad scoth a éascú don bhith-theicneolaíocht agus don bhithmhonaraíocht chun nuálaíocht agus comhar idir an saol acadúil, an tionscal agus caipiteal fiontair a spreagadh; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le saoráidí láidre tástála fisiciúla in earnáil na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta chun nuálaíocht a spreagadh agus chun táirgeadh agus rochtain ar an margadh a éascú do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá rochtain ar fhuinneamh inacmhainne a áirithiú d’oibreoirí bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta, i bhfianaise ard-déine fuinnimh na bpróiseas táirgthe bhitheolaíoch ar mhórscála; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé údarú agus bailíochtú gléasraí móra tionsclaíocha a éascú, amhail bith-imoibreoirí, atá bunriachtanach don mhéadú ach a bhfuil rioscaí suntasacha tógála agus oibriúcháin os a gcomhair freisin; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú is déanaí ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus a forálacha chun nósanna imeachta ceadúcháin a shimpliú, agus á iarraidh ar na Ballstáit bearta ábhartha a chur chun feidhme go pras chun tacú le himscaradh bhonneagar na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le lucht saothair Eorpach oilte agus éagsúil in earnáil na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta agus le cur chun cinn scileanna fiontraíochta, i ndlúthchomhar leis an tionscal agus institiúidí taighde; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe san oideachas bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta agus san oiliúint ghairmiúil spriocdhírithe, lena n-áirítear i réimsí amhail comhlíonadh rialála, dearbhú cáilíochta agus innealtóireacht próiseas, ach gan a bheith teoranta dóibh; ag tacú le lárionaid inniúlachta agus tionscnaimh oiliúna phoiblí phríobháideacha a fhorbairt ar fud na mBallstát uile chun uas-sciliú, athsciliú agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chumasú chun tarraingteacht thionscal na bith-theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta a choimirciú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé curaclaim oideachais a chur in oiriúint do riachtanais athraitheacha na hearnála, agus ábhair eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar níos mó cailíní agus ban a mhealladh isteach i ngairmeacha bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta; á mholadh go méadófaí feasacht an phobail maidir leis na deiseanna gairme atá sa réimse chun tallann a mhealladh ó thíortha nach de chuid an Aontais iad agus á mholadh go bhféachfaí ar an acmhainneacht atá ann le haghaidh comhar trasatlantach; á chur in iúl gur geal léi an scéim phíolótach ‘Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht’ a seoladh le déanaí chun na taighdeoirí, eolaithe agus acadóirí is fearr nach taighdeoirí, eolaithe agus acadóirí de chuid an Aontais iad a mhealladh chun na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí aontas na margaí caipitil i gcrích go práinneach chun infheisteoirí institiúideacha a mhealladh chuig an tionscal bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta, lena n-áirítear caipiteal fiontair, cistí pinsin agus cothromas príobháideach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ardleibhéil riosca ina saintréithe den earnáil agus go bhfuil gá le costas teipe san Aontas a laghdú chun infheistíocht chaipitil ar mhórscála a mhealladh; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht thiomnaithe chun a áirithiú gur féidir le FBManna bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta, gnólachtaí nuathionscanta bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta agus gnólachtaí bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta atá i mbun fáis rochtain a fháil ar chistiú leordhóthanach agus dul san iomaíocht ar fud an domhain; á chur i bhfáth nach mór bacainní infheistíochta trasteorann a laghdú chun infheistíocht i ngnólachtaí bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta atá i mbun fáis a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha agus straitéisí infheistíochta an Aontais atá dírithe ar mhisin, amhail an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, bunriachtanach chun dí-rioscú a dhéanamh ar nuálaíocht bhith-theicneolaíochta agus bhithmhonaraíochta agus chun an dóchúlacht go bhfanfaidh maoin intleachtúil agus acmhainneacht thionsclaíoch san Eoraip a mhéadú; ag tathant go neartófaí ionstraimí infheistíochta an Aontais, amhail clár InvestEU, chun tacú le tionscadail bhith-theicneolaíochta agus bhithmhonaraíochta a mheastar ardriosca a bheith ag baint leo ó thaobh infheistíochta de; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhchruinniú ard FBManna ina shaintréith den earnáil, ar FBManna iad a bhfuil bacainní díréireacha rompu maidir le rochtain a fháil ar chaipiteal in ainneoin go bhfuil siad ina spreagadh criticiúil don nuálaíocht; ag tacú le tionscadal tábhachtach bith-theicneolaíochta ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a fhiosrú chun imscaradh tionsclaíoch agus infheistíochtaí ceannródaíocha i gceimiceáin, ábhair, táirgí agus réitigh bhithbhunaithe a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cheart feasacht an phobail ar tháirgí bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraithe san Aontas a neartú tuilleadh chun borradh a chur faoi ghlacadh an phobail; á mholadh go rachfaí i dteagmháil le saoránaigh agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta chun na saintréithe, na tairbhí agus na himpleachtaí a bhaineann le láithreacht mhéadaitheach táirgí agus seirbhísí atá bunaithe ar bhith-theicneolaíocht i margadh na hEorpa a chur in iúl;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Taighde agus nuálaíocht a sheasfaidh an aimsir</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil infheistíocht phríobháideach Eorpach sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht ag titim chun deiridh ar mhórgheilleagair eile agus gur dúshlán mór fós san Eoraip é torthaí taighde a mhéadú agus a thráchtálú; á thabhairt chun suntais go bhfuil córais phoiblí Eorpacha agus náisiúnta le haghaidh cistiú T&F fós casta agus nach bhfuil siad comhordaithe go leordhóthanach, rud a fhágann go bhfuil dúbláil agus neamhéifeachtúlachtaí ann; á iarraidh go mbeadh cur chuige uile-Aontais ann maidir le comhordú a dhéanamh ar infheistíocht phoiblí in T&F don bhith-theicneolaíocht agus don bhithmhonaraíocht, agus é mar déchuspóir leis bearnaí barr feabhais agus nuálaíochta a dhúnadh agus dlús a chur le tráchtálú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhar Eorpach a neartú, eolas agus acmhainní a chomhthiomsú, agus cistiú poiblí a ghiaráil le hinfheistíocht phríobháideach; á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag cláir réime amhail Fís Eorpach maidir le barr feabhais eolaíoch, nuálaíocht agus forbairt theicniúil a chothú agus á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht spriocdhírithe i bhforéimsí straitéiseacha bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta, amhail bith-theicneolaíocht thionsclaíoch, chomhshaoil, mhuirí, sláinte agus agraibhia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata chun buiséad taighde an Aontais a dhúbailt agus chun an sprioc 3 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais a bheith dírithe ar T&F faoi 2030 a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil ról méadaitheach ag an mbitheolaíocht shintéiseach, ag an mbithfhaisnéisíocht, ag sonraí agus ag taighde ceannródaíoch bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta atá faoi thiomáint IS; á iarraidh ar an gCoimisiún an nuálaíocht bhith-theicneolaíochta agus bhithmhonaraíochta a chomhtháthú i straitéisí digiteacha agus IS an Aontais, lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht idir bonneagar sonraí bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta agus ardáin fionnachtana faoi thiomáint IS; ag tabhairt dá haire go bhfuil cumais IS ag brath ar úsáid éifeachtúil sonraí; á mheas go bhfuil sé tábhachtach spásanna sonraí tionsclaíocha a chruthú don bhith-theicneolaíocht agus don bhithmhonaraíocht chun sonraí a chomhroinnt go héifeachtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á aithint, cé gur féidir le córais IS agus ríomhaireacht chandamach dlús suntasach a chur leis an taighde agus gur féidir le nuálaíochtaí nua a bheith mar thoradh orthu, rud a chumasaíonn dearaí ríomhaireachtúla níos fearr de chórais bhitheolaíocha, gur féidir leo an riosca a bhaineann le bagairtí bitheolaíocha a mhéadú freisin; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá cur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm maidir le húsáid IS sa taighde eolaíoch agus sa mhonaraíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheas go bhfuil úsáid eiticiúil IS, bithfhaisnéisíochta agus bitheolaíochta sintéisí ríthábhachtach chun muinín a chothú agus chun go mbainfidh an tsochaí i gcoitinne tairbhe as na teicneolaíochtaí sin; á chur i bhfios go láidir gur gá príobháideachas sonraí, slándáil sonraí, trédhearcacht agus formhaoirseacht dhaonna ar úsáid córas IS in earnáil na bith-theicneolaíochta sláinte a choimirciú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>