<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0173</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Athnuachan pháirteach Chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí - ainmní NL</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0149/2025 -  Rapóirtéir :Tomáš Zdechovský)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025 maidir le Stef Blok a cheapadh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C10-0108/2025 – 2025/0804(NLE))</STRING></TI><NOTE>(Comhairliúchán)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C10‑0108/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0149/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i litir dar dáta an 2 Meitheamh 2025, go ndeachaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Stef Blok a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndearna an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa meastóireacht a ar dhintiúir Stef Blok, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí, mar chuid den mheastóireacht sin, go bhfuair an coiste curriculum vitae ó Stef Blok chomh maith lena chuid freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a cuireadh chuige;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur thionóil an coiste sin ina dhiaidh sin éisteacht le Stef Blok an 15 Iúil 2025, ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ina dhiaidh sin ceisteanna ó chomhaltaí an choiste;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt tuairim fhabhrach ar an togra ón gComhairle maidir le Stef Blok a cheapadh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>