<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0175</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascálacha 2023 agus 2024 maidir leis an Úcráin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0154/2025 -  Rapóirtéir:Michael Gahler)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025 ar thuarascáil 2023 agus tuarascáil 2024 ón gCoimisiún ar an Úcráin (2025/2026(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin dar teideal ‘Tuarascáil 2024 ar an Úcráin’ (SWD(2024)0699) a ghabhann le teachtaireacht 2024 ón gCoimisiún maidir le beartas an Aontais um méadú (COM(2024)0690),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin dar teideal ‘Tuarascáil 2023 ar an Úcráin’ (SWD(2023)0699) a ghabhann le teachtaireacht 2023 ón gCoimisiún maidir le beartas an Aontais um méadú (COM(2023)0690),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Meitheamh 2022 lena dtugtar stádas iarrthóra don Úcráin, an 15 Nollaig 2023 lena moltar oscailt na caibidlíochta maidir le haontachas, agus an 20 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) in 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">OECD Review of the Corporate Governance of State-Owned Enterprises: Ukraine</STRING> agus do na dialóga leantacha ina dhiaidh sin in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ochtú athbhreithniú ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar Shaoráid Fhadaithe Chistiúcháin 2023–2026 don Úcráin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairimí Choimisiún na Veinéise de chuid na Comhairle Eorpaí, go háirithe don tuairim phráinneach leantach ar na tuairimí ar Dhlí an 9 Deireadh Fómhair 2023 maidir le leasuithe ar ghníomhartha reachtacha áirithe na hÚcráine chun na forálacha maidir le roghnú iomaíoch iarrthóirí ar ról an bhreithimh do Chúirt Bhunreachtúil na hÚcráine a shoiléiriú, agus don tuairim leantach ar an tuairim ar dhlí an 9 Deireadh Fómhair 2023 maidir le mionlaigh náisiúnta (pobail),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha ón nGrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) maidir leis an Úcráin, go háirithe an Ceathrú Babhta Measúnaithe agus an t-aguisín a ghabhann leis an dara tuarascáil um chomhlíonadh maidir le héillitheacht a chosc i ndáil le comhaltaí den pharlaimint, breithiúna agus ionchúisitheoirí san Úcráin an 22 Samhain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil arna tíolacadh ag an Úcráin de bhun Airteagal 68(1) de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Tuarascáil Bhunlíne) an 3 Iúil 2025 agus don fhaisnéis bhreise arna bhfáil ag an nGrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Úcráin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha <STRING ITALIC="on">Human Rights Watch</STRING> maidir leis an Úcráin, lena n-áirítear tuarascáil an 5 Nollaig 2024 uaidh dar teideal <STRING ITALIC="on">All She Did Was Help People” – Flawed Anti-Collaboration Legislation in Ukraine</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2025 ar an bpáipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/3151, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3151/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis ó cheannairí na Fionlainne, na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, na Ríochta Aontaithe agus na hÚcráine i ndiaidh an chruinnithe le hUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump in Washington DC an 18 Lúnasa 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy i ndiaidh a gcruinnithe sa Bhruiséil an 17 Lúnasa 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach a d’eisigh ceannairí na Fraince, na hIodáile, na Gearmáine, na Ríochta Aontaithe, na Fionlainne, na Polainne, Uachtarán na Comhairle Eorpaí António Costa agus Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen an 16 Lúnasa 2025 i ndiaidh an chruinnithe idir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin in Anchorage, Alasca an 15 Lúnasa 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhuithe roimhe seo, lena n-áirítear an ráiteas comhpháirteach ó cheannairí na Fraince, na Gearmáine, na Polainne, na Ríochta Aontaithe agus na hÚcráine i ndiaidh chruinniú an 10 Bealtaine 2025 i gCív agus ráiteas comhpháirteach an 12 Bealtaine 2025 ó Weimar+ maidir leis an Úcráin agus an tslándáil Eora-Atlantach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach a d’eisigh roinnt Feisirí Eorpacha an 11 Lúnasa 2025 maidir leis na gcaibidlíocht i dtreo síochána córa don Úcráin bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta agus ar thoil mhuintir na hÚcráine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0154/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go gcáineann an Pharlaimint go láidir an ionsaí neamhdhleathach gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin agus go dtacaíonn sí le ceart na hÚcráine ar cheannasacht, ar neamhspleáchas agus ar iomláine chríochach laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; de bhrí go ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin agus dá bhrí sin gurb é an bealach is dírí agus an t-aon bealach cóir atá ann chun síocháin a bhaint amach san Úcráin ná má tharraingíonn an Rúis a fórsaí siar go hiomlán ó chríoch na hÚcráine agus má dhíolann sí cúiteamh as an damáiste atá déanta aici le linn a cogaidh fhoghaigh neamhdhleathaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil cogadh foghach neamhdhleathach gan chúis gan údar á chur ag an Rúis, le tacaíocht pholaitiúil, ábharach agus mhíleata á soláthar di ag a comhghuaillithe – go háirithe an Bhealarúis, an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh – in aghaidh na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022; de bhrí gur cuireadh tús le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, áfach, in 2014 le forghabháil agus ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus le forghabháil codanna de réigiúin Donetsk agus Luhansk ina dhiaidh sin; de bhrí gur sárú follasach agus neamhnáireach é an cogadh foghach sin ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta, mar a bunaíodh le Coinbhinsiúin na Ginéive 1949;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur tháinig méadú ollmhór ar líon na n-ionsaithe diúracán agus na n-ionsaithe le haerárthaí gan foireann arna ndéanamh ag an Rúis i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2025, ag díriú ar bhonneagar sibhialta, lena n-áirítear ospidéil, scoileanna, foirgnimh chónaithe agus institiúidí cultúrtha, rud ba chúis leis an líon is airde taismigh shibhialtacha ó mhí na Bealtaine 2022; de bhrí, de réir sonraí ó Mhisean Faireacháin na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine san Úcráin, gur maraíodh 232 shibhialtach ar a laghad agus gur gortaíodh 1 343 i mí an Mheithimh 2025, agus gur taifeadadh 286 bhás sibhialtach agus 1 388 gortaithe i mí Iúil 2025, arb ionann é agus an líon míosúil is airde de thaismigh shibhialtacha ó mhí na Bealtaine 2022;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Rúis ag déanamh feallmharuithe agus sabaitéireachta i gcoinne pearsana poiblí Úcránacha mór le rá, saighdiúirí Úcránacha agus bonneagair ríthábhachtach na hÚcráine; de bhrí gur feallmharaíodh Andriy Parubiy, iar-Spéicéir an Verkhovna Rada agus iar-Rúnaí na Comhairle Náisiúnta Slándála agus Cosanta, go brúidiúil in Lviv an 30 Lúnasa 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil coireanna cogaidh agus díbirt déanta ag an Rúis, agus a bhfuil fianaise leo, i ngach críoch Úcránach atá á bhforghabháil go neamhdhleathach aici, agus go bhfuil sí ag brath go mór ar ionramháil faisnéise, bréagaisnéis agus scaipeadh bolscaireachta chun an fhaisnéis mhícheart a thabhairt don daonra agus iad a choinneáil aineolach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur sheol an Rúis ionsaí dróin agus diúracán eile thar a bheith brúidiúil ar roinnt foirgneamh i gCív an 28 Lúnasa 2025, inar maraíodh 23 duine ar a laghad agus inar gortaíodh níos mó ná 63 duine, lena n-áirítear leanaí; de bhrí go ndearnadh damáiste tromchúiseach d’áitreabh Thoscaireacht an Aontais chun na hÚcráine san ionsaí, rud a léiríonn sárú tromchúiseach ar Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta; de bhrí gur buaileadh oifigí Chív Chomhairle na Breataine le linn na n-ionsaithe freisin, gur baineadh damáiste tromchúiseach astu agus gur gortaíodh duine amháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise, gur seoladh an Croíghrúpa chun Binse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin a bhunú i mí Eanáir 2023; de bhrí gur bunaíodh an Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha sa Háig i mí an Mhárta 2023 faoi Eurojust; de bhrí gur thug an Croíghrúpa an creat dlíthiúil don Bhinse chun críche i mí an Mhárta 2025; de bhrí gur fhormhuinigh os cionn 40 tír a chruthú trí ráiteas chomhpháirteach chruinniú na nAirí Eachtracha an 9 Bealtaine 2025 maidir le tabhairt i gcrích obair an Chroíghrúpa (Ráiteas Lviv); de bhrí, an 25 Meitheamh 2025, gur shínigh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, agus Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, Alain Berset, an comhaontú foirmiúil in Strasbourg lena mbunaítear an Binse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur tionóladh cruinniú mullaigh déthaobhach idir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin in Anchorage, Alasca an 15 Lúnasa 2025; de bhrí gur lean cruinnithe idir an tUachtarán Trump agus an tUachtarán Zelenskyy mar aon le ceannairí Eorpacha an 18 Lúnasa 2025 in Washington DC an cruinniú mullaigh seo;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil athléimneacht agus tiomantas den scoth léirithe ag an Úcráin dá conair Eorpach agus go bhfuil dul chun cinn follasach déanta aici ina leith sin in ainneoin chogadh foghach na Rúise fúithi atá fós ar siúl, ar de thoradh air a fhuair na mílte bás, a fágadh tráma domhan ar iarshaighdiúirí agus ar a dteaghlaigh, a fágadh go leor cathracha agus bonneagar sibhialta ríthábhachtach ina bhfothrach, agus a tharla forghabháil leantach i gcodanna dá críoch ag fórsaí na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, mar thoradh ar ionradh na Rúise, go bhfuil os cionn 4 mhilliún Úcránach ina gcónaí faoi láthair i mBallstáit den Aontas faoin sásra cosanta sealadaí agus go mbaineann siad tairbhe as cearta cónaithe, rochtain ar an margadh saothair, tithíocht, cúram leighis, cúnamh leasa shóisialta agus oideachas dá leanaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur rannchuidiú agus bealach tábhachtach é próiseas aontachais na hÚcráine leis an Aontas i dtreo na síochána agus an rathúnais don Úcráin, freagairt straitéiseach ar fhogha na Rúise agus ráthaíocht slándála inchreidte don Úcráin, lena ndéantar athléimneacht gheopholaitiúil an Aontais a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go léiríonn na hathchóirithe reachtacha a bhfuil tús curtha ag an Úcráin leo go bhfuil sí meáite ar ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go leanann GRECO de bheith ag aithint an tiomantais láidir a léirigh an Úcráin i ndáil leis an obair chun an t-éillitheacht a chomhrac le linn tréimhse an-deacair don tír; de bhrí gur aithin GRECO go háirithe dul chun cinn na hÚcráine maidir le héillitheacht a chosc i measc parlaiminteoirí, breithiúna agus ionchúisitheoirí; de bhrí, in ainneoin dul chun cinn i réimsí amhail neamhspleáchas na mbreithiúna agus éilliú sistéamach, go bhfuil dúshláin fós ann nach mór aghaidh a thabhairt orthu trí chuntasacht rialtasach feabhsaithe, acmhainneachtaí institiúideacha a neartú agus maoirseacht idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur thug ECFE dá haire go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Úcráin maidir lena creat frith-éillitheachta a athchóiriú le 10 mbliana anuas trí thrédhearcacht, cuntasacht agus sláine a fheabhsú trí shonraí oscailte, digitiú, agus neamhspleáchas comhlachtaí frith-éillitheachta a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí, i lár mhí Iúil 2025, go ndearna údaráis na hÚcráine iarracht an bonn a bhaint de neamhspleáchas Bhiúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine (NABU) agus Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe Frith-Éillitheachta (SAPO) trí Dhlí 12414 a ghlacadh, lenar tugadh cumhachtaí fairsinge don Phríomh-Ionchúisitheoir cur isteach ar a n-imscrúduithe; de bhrí, an 31 Lúnasa 2025, mar thoradh ar bhrú fairsing inmheánach agus seachtrach, gur ghlac an Verkhovna Rada Dlí 13533 chun an status quo ante a athbhunú, agus ar an gcaoi sin na bearta is gá a dhéanamh neamhspleáchas NABU agus SAPO a bhunú arís go hiomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, cé go bhfuair an Úcráin scór 35 as 100 pointe agus gur rangaíodh í sa 105ú háit as 180 tír ar Innéacs 2024 na Braistinte i dtaca le hÉillitheacht de chuid <STRING ITALIC="on">Transparency International</STRING>, agus cé go bhfuil tiomantas láidir ann d’iarrachtaí frith-éillitheachta, go bhfuil gá fós le hathchóirithe iarbhír chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme; de bhrí gur príomhchoinníollacha d’aontachas leis an Aontas iad athchóiriú cuimsitheach ar riarachán poiblí, an comhrac i gcoinne na héillitheachta, cur chun cinn na gceart bunúsach agus feidhmiú éifeachtach na n-institiúidí daonlathacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Úcráin i leith an chomhair réigiúnaigh agus i leith athchóirithe socheacnamaíocha chun a beartais a chur i gcomhréir le caighdeáin an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gur léirigh institiúidí daonlathacha na hÚcráine inoiriúnaitheacht trína thaispeáint, fiú i bhfianaise chogadh foghach leanúnach na Rúise agus faoin dlí míleata, go bhfuil an Úcráin fós ina stát atá inmharthana go hinstitiúideach, go daonlathach agus go heacnamaíoch; de bhrí, fad a bhíonn Úcráin i mbun cogaidh agus faoin dlí míleata, go bhfuil toirmeasc dlíthiúil ar thoghcháin agus go bhfuil siad neamhphraiticiúil; de bhrí gur geal le Parlaimint na hEorpa na tásca go bhféadfaí tús a chur le hullmhúcháin do thoghcháin a luaithe a bheidh deireadh leis an dlí míleata;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta i leith athchóiriú ar an riarachán poiblí, ach go bhfuil gá fós le breis fothú acmhainneachta agus ceapadh beartais fianaisebhunaithe, agus go gcaithfear i gcónaí tuilleadh feabhais a chur ar bhainistiú acmhainní daonna;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil príomhfheidhmeanna á ndéanamh athuair ag na breithiúna, lena n-áirítear grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar bhreithiúna agus bearta frith-éillitheachta a chur chun feidhme, siúd is nach mór caighdeáin ionracais agus trédhearcachta a neartú agus gur cheart formhaoirseacht leantach a bheith ann ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur baineadh tairbhe, le linn neartú neamhspleáchas na mbreithiúna, as cúnamh ó shaineolaithe idirnáisiúnta i gcoimisiúin roghnúcháin bhreithiúnaigh, rud a chothaigh muinín an phobail sa chóras breithiúnach freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur tháinig deireadh le rannpháirtíocht saineolaithe idirnáisiúnta i roghnú an Ard-Choimisiúin maidir le Cáilíocht na mBreithiúna (HQCJ) an 1 Meitheamh 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil léirithe ag an Úcráin, in ainneoin scriosadh leantach a saoráidí fuinnimh ag an Rúis, go bhfuil sí tiomanta don chlár oibre glas trí reachtaíocht maidir le fuinneamh in-athnuaite agus trí ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go raibh iarmhairtí tubaisteacha ag an damáiste a rinne an Rúis don chomhshaol ar acmhainní nádúrtha na hÚcráine, ar éiceachórais chriticiúla agus ar shláinte, slite beatha agus slándáil daoine; de bhrí gurb é atá i gceist leis an téarnamh glas an damáiste sin a leigheas agus an Úcráin a chur ar chonair nua inbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta atá ailínithe leis na dlíthe comhshaoil in <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; de bhrí gur scoir an Úcráin de bheith ag feidhmiú mar thír idirthurais do ghás na Rúise an 1 Eanáir 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil infheisteoirí coigríche agus corparáidí ilnáisiúnta tar éis a smacht ar acmhainní nádúrtha na hÚcráine a leathnú go suntasach, lena n-áirítear talamh talmhaíochta, mianraí agus bonneagar criticiúil; de bhrí go bhfuil an baol ann leis na forbairtí sin go mbainfí an bonn den cheannasacht náisiúnta, den tslándáil bia agus den fhéinchinntiúchán eacnamaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gurbh ionann ceannacháin bhreoslaí iontaise na Rúise in 2024 agus EUR 21,9 billiún san iomlán, figiúr a sháraigh an EUR 18,7 billiún i gcabhair airgeadais a tugadh don Úcráin an bhliain chéanna sin; de bhrí, ó thús an ionraidh iomláin, go bhfuil níos mó ná EUR 200 billiún caite ag an Aontas ar bhreoslaí iontaise na Rúise, rud a rannchuidíonn le ciste cogaidh na Rúise a chistiú; de bhrí gur fhógair an Coimisiún go gcuirfí deireadh le hallmhairí gháis na Rúise faoi 2027; de bhrí, dá leanfadh an tAontas d’fhuinneamh na Rúise a allmhairiú ag an ráta a rinne sé in 2024, go n-íocfadh sé EUR 57,4 billiún breise leis an Rúis roimh dheireadh 2027;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tsochaí shibhialta fós ina colún athléimneachta agus daonlathais san Úcráin; de bhrí, in ainneoin na srianta arna gcur leis an dlí míleata, go leanann ENRanna d’fheidhmiú gan mórán bacainní, siúd is go bhfuil imní ann faoi bhrú a bheith á chur ar ghníomhaithe agus go gcaithfidh an rialtas gníomhaíocht a dhéanamh ina leith; de bhrí go raibh iarmhairtí tubaisteacha ag ciorruithe tobanna ar chistiú SAM le déanaí do shochaí shibhialta na hÚcráine;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin ann ó thaobh na saoirse cainte agus neamhspleáchas na meán de, go háirithe faoin dlí airm; de bhrí go gcaithfear bearta a dhéanamh chun an t-iolrachas a athbhunú, iriseoirí a chosaint agus timpeallacht chumasaithe ó thaobh an airgeadais de a chruthú; de bhrí go bhfuil sé intuigthe go bhfuil gá le srianta áirithe le linn an dlí mhíleata;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí gur chuir Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC) in iúl gur cúis mhór imní í an meath atá tagtha ar chearta saothair san Úcráin, lena n-áirítear sáruithe ar shaoirsí ceardchumainn agus ar idirphlé sóisialta; de bhrí go bhfuil saoirse comhlachais, cómhargáil, agus an ceart dul ar stailc faoi chosaint faoi choinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ar páirtí iontu an Úcráin, agus gur príomhghnéithe iad d’acquis an Aontais agus de chritéir Chóbanhávan;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go dtacaíonn muintir agus institiúidí na hÚcráine leis an bpróiseas chun an Úcráin a lánpháirtiú isteach an Aontas, rud a léiríonn go bhfuil dúil láidir ann sa tsochaí i mballraíocht san Aontas in ainneoin na ndeacrachtaí atá ann faoi láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go bhfuil gné shlándála ar leith ag baint le haontachas leis an Aontas agus go bhfuil tábhacht láidir shiombalach ag baint leis don tír agus dá daonra, i gcomhthéacs chogadh eiseach na hÚcráine i gcoinne ionsaí leanúnach na Rúise; de bhrí nach bhfuil tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais do cheannasacht, d’iomláine chríochach agus do neamhspleáchas na hÚcráine ag brath ar luas lánpháirtiú na tíre san Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil ballraíocht san Aontas fós ina spreagadh ríthábhachtach d’fhorbairt dhaonlathach na hÚcráine agus go mbeidh sí ina príomhthoisc chun slándáil, cobhsaíocht agus neamhspleáchas na tíre san am atá le teacht a áirithiú; de bhrí gur infheistíocht straitéiseach í ballraíocht na hÚcráine san Aontas sa tsíocháin, sa tslándáil, sa daonlathas agus sa rathúnas don mhór-roinn ar fad toisc go neartóidh sí an tAontas trí rannchuidiú lena athléimneacht gheopholaitiúil, trína acmhainneacht eacnamaíoch a fheabhsú, agus trína thiomantas do luachanna comhroinnte an daonlathais, an smachta reachta agus na saoirse a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-aontachas fós ina phróiseas atá bunaithe ar fiúntas agus nach mór measúnú críochnúil agus cúramach a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an athchóirithe, rud atá chun leasa na hÚcráine freisin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cogadh foghach na Rúise mar chomhthéacs d’ullmhúcháin aontachais na hÚcráine leis an Aontas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cáineadh go láidir chogadh foghach leanúnach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha na Rúise ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach; ag athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir chróga na hÚcráine, a d’íoc an praghas ó 2014 i leith, chun ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine a chosaint, agus chun an Eoraip agus ár luachanna daonlathacha comhroinnte agus ár bprionsabail dhaonlathacha chomhroinnte a chosaint; á chur in iúl go ndéanann sí comhbhrón ó chroí le teaghlaigh na laochra a fuair bás agus le híospartaigh shibhialtacha neamhchiontacha fhogha na Rúise, lena n-áirítear níos mó ná 600 leanbh a maraíodh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cáineadh go láidir feallmharuithe eagraithe na Rúise ar phearsana poiblí Úcránacha mór le rá agus ar shaighdiúirí Úcránacha agus a sabaitéireacht ar bhonneagar ríthábhachtach na hÚcráine; á chur in iúl gur cúis uafáis agus feirge di feallmharú gránna, an 30 Lúnasa 2025 in Lviv, Andriy Parubiy, iar-Spéicéir an Verkhovna Rada agus iar-Rúnaí na Comhairle Náisiúnta Slándála agus Cosanta, a léirigh tiomantas láidir d’uaillmhianta Eorpacha na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur cúis feirge di na hionsaithe treisithe drón agus diúracán a rinne an Rúis i gcoinne spriocanna sibhialtacha, lena n-áirítear an t-ionsaí ar Chív an 28 Lúnasa 2025, nuair a díríodh go díreach ar Thoscaireacht AE chun na hÚcráine agus ar Chomhairle na Breataine; á chur i bhfáth gur coir chogaidh é an t-ionsaí a rinneadh le déanaí, chomh maith le gach ionsaí eile lena ndírítear ar bhonneagar sibhialtach, agus go gcuirtear i láthair arís neamhaird fhollasach na Rúise ar bheatha an duine, ar an dlí idirnáisiúnta, ar iarrachtaí na Stát Aontaithe i dtreo na síochána agus ar na bunphrionsabail lena rialaítear cosaint sibhialtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á dhearbhú go bhfuil sí go tiomanta go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; ag athdhearbhú a beartais gan aitheantas a thabhairt do chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach ag an Rúis, lena n-áirítear an Chrimé; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ceart bunúsach chun féinchosanta ag an Úcráin, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe, lena mbaineann an ceart chun ionsaí a dhéanamh ar spriocanna míleata ar chríoch na Rúise; ag athdhearbhú thiomantas an Aontais do shíocháin chóir mharthanach san Úcráin ar théarmaí atá inghlactha ag an Úcráin agus ag muintir na hÚcráine, lena n-áirithítear caomhnú a ceannasachta agus a hiomláine críochaí, agus ionchúiseamh na ndaoine atá freagrach as coireanna cogaidh, chomh maith le cúiteamh a íoc; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit oibriú go gníomhach chun an tacaíocht idirnáisiúnta is leithne is féidir don Úcráin a choinneáil agus a bhaint amach agus chun réiteach síochánta ar an gcogadh a shainaithint nach mór a bheith bunaithe ar lánurraim don dlí idirnáisiúnta agus do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine, agus ar chuntasacht as coireanna cogaidh agus as coir an fhogha, chomh maith le híocaíochtaí ón Rúis as an damáiste ollmhór a rinneadh san Úcráin; á chur i bhfáth nach mór d’aon réiteach síochánta toil mhuintir na hÚcráine a urramú agus nár cheart d’aon ghníomhaí idirnáisiúnta eile é a fhorchur agus nár cheart go dtabharfadh sé aitheantas d’fhogha ná an bonn a bhaint ó shlándáil na hÚcráine amach anseo; á mheas gur cruthúnas breise é an cur chuige uafásach i leith na caibidlíochta agus na dtograí neamhdháiríre ó cheannairí na Rúise le roinnt míonna anuas go bhfuil sé ar intinn ag an Rúis síneadh a chur lena cogadh ar chríoch iomlán na hÚcráine chomh fada agus is féidir agus a cheadaítear di; á chur i bhfáth nach mór sos cogaidh neamhchoinníollach a bheith ann sula ndéanfar caibidlíocht síochána; á iarraidh go leanfadh an tAontas de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na hÚcráine agus d’iarrachtaí idirnáisiúnta chun doiciméadú agus imscrúdú coireanna cogaidh arna ndéanamh ag fórsaí na Rúise a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an t-athrú atá tagtha ar sheasamh na Stát Aontaithe maidir le cogadh foghach na Rúise, lena n-áirítear dul i dteagmháil go díreach leis an Rúis gan brú fóinteach a chur uirthi, giaráil mhór a thréigean go poiblí, diúltú do smachtbhannaí breise a bhaint agus plé a dhéanamh ar bhaint na smachtbhannaí, agus iarracht a dhéanamh iallach a chur ar an Úcráin lamháltais chríochacha a dhéanamh agus scaradh lena ceart dlisteanach chun féinchosanta; á chur i bhfáth, i bhfianaise na bhforbairtí sin, nach mór don Aontas agus dá Bhallstáit leanúint de bheith ina gcomhghuaillithe straitéiseacha príomhúla den Úcráin agus gur cheart dóibh a ról ceannaireachta a threisiú maidir le tacú le streachailt na hÚcráine ar son na ceannasachta, na síochána agus an cheartais; á aithint gur cuid ríthábhachtach de shlándáil AE í slándáil na hÚcráine; ag tabhairt dá haire gur sháraigh tacaíocht an Aontais don Úcráin tacaíocht na Stát Aontaithe, agus béim á leagan ar ról ríthábhachtach an Aontais maidir le hathléimneacht agus téarnamh na hÚcráine a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór don Aontas agus dá Bhallstáit éifeachtacht sheachadadh an chúnaimh mhíleata, ábharach agus airgeadais a sholáthraíonn siad a mhéadú agus dlús a chur leis chun seasamh le ceart na hÚcráine chun féinchosanta; á áitiú nach mór don Aontas agus dá Bhallstáit, i dteannta na gcomhpháirtithe agus na gcomhghuaillithe, rannchuidiú le ráthaíochtaí láidre slándála don Úcráin chun an Rúis a chosc ar bhreis ionsaithe a dhéanamh agus chun an Úcráin a chumasú díriú go hiomlán ar shaothrú na n-athchóirithe is gá maidir leis an gconair i dtreo aontachas leis an Aontas; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé slándáil chliathán thoir an Aontais agus ECAT a neartú go buan mar fhreagairt ar bhagairtí ón Rúis; á iarraidh go bhforbrófaí an bonneagar míleata agus lóistíochta i dtíortha comharsanachta na hÚcráine; ag aithint cheart ceannasach na hÚcráine a comhghuaillíochtaí míleata a roghnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire an cruinniú a bhí ann le déanaí idir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus Vladimir Putin, agus á chur i bhfáth go bhfuil sé i gcodarsnacht go follasach leis an ngéarú ollmhór atá tagtha ar ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a chruthaíonn arís nach spéis leis an Rúis an tsíocháin ar chor ar bith, ach, ina ionad sin, an Úcráin a chur faoi chois; á chur i bhfios go láidir go bhfuil Vladimir Putin ag dul i dteagmháil go bréagach le hiarrachtaí síochána na Stát Aontaithe agus nach bhfuil sé ach ag baint fad as chun leanúint de chogadh foghach na Rúise; á iarraidh ar an Uachtarán Trump gníomhú ar a fhógra go nglacfadh na Stáit Aontaithe smachtbhannaí eacnamaíocha daingne breise i gcoinne na Rúise agus i gcoinne na dtíortha sin atá ag cur lena meaisín cogaidh; á chur i bhfáth nach féidir aon tsíocháin mharthanach agus chóir a chaibidliú san Úcráin gan rannpháirtíocht iomlán cheannaireacht na hÚcráine agus tacaíocht a muintire, chomh maith le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh; á thabhairt dá haire gur geal léi gur tionóladh cruinniú idir an tUachtarán Trump agus an tUachtarán Zelenskyy agus roinnt ceannairí Eorpacha an 18 Lúnasa 2025; á athdhearbhú a tiomantas diongbháilte ráthaíochtaí slándála a sholáthar agus gach beart is gá a dhéanamh chun fórsaí armtha agus tionscal cosanta na hÚcráine a neartú; ag diúltú d’aon mhaíomh ón Rúis a bheith ina ráthóir ar shocruithe slándála don Úcráin amach anseo agus d’aon iarrachtaí coinníoll a chur ar cheannasacht uimhriúil agus oibríochtúil fhórsaí armtha na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú gur thacaigh an Eoraip cheana féin leis an Úcráin le EUR 50 billiún i gcabhair mhíleata ach á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh cúnaimh agus go bhfuil an tacaíocht sin ag brath go mór anois ar an Eoraip féin; ag tathant ar na Ballstáit airm agus armlóin bhreise a sholáthar don Úcráin sula dtabharfar aon chaibidlíocht i gcrích, agus comhroinnt faisnéise leis an Úcráin a threisiú go suntasach; á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais, ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus ar chomhghuaillithe ECAT deireadh a chur leis na srianta uile ar úsáid chórais arm an Iarthair a sheachadtar chuig an Úcráin i gcoinne spriocanna míleata i gcríoch na Rúise; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na hÚcráine a bonn tionsclaíoch cosanta intíre a neartú, lena n-áirítear dróin agus teicneolaíochtaí criticiúla eile a tháirgeadh; á áitiú a ríthábhachtaí atá comhar leis an Úcráin agus comhtháthú na hÚcráine i dtionscnaimh chosanta an Aontais, lena n-áirítear tionscal cosanta na hÚcráine a chomhtháthú i mBonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí chun uathriail straitéiseach an Aontais a neartú; á mholadh go ndéanfaí tionscadail chomhpháirteacha monaraíochta arm a fhorbairt le comhpháirtithe an Aontais agus ECAT; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis na tionscnaimh sin tríd an Straitéis um Thionscal Cosanta na hEorpa agus trí ionstraimí ábhartha, chun cumais fhadtéarmacha féinchosanta na hÚcráine a threisiú; á thabhairt chun suntais a phráinní atá sé an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin de chuid chlár an tionscail cosanta Eorpaigh a mhaoiniú i gceart, ionstraim nach bhfuil aon chiste leithdháilte uirthi go fóill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit den Aontas samplaí na Danmhairge agus na hÍsiltíre a leanúint chun dul i gcomhpháirtíocht le tionscal cosanta na hÚcráine agus chun tacú lena n-acmhainneachtaí táirgeachta ar an mbealach is éifeachtúla agus is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méid atá bainte amach ag Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM), a chuir oiliúint ar phearsanra míleata na hÚcráine; ag tacú le cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2024 síneadh 2 bhliain a chur le sainordú an mhisin; á iarraidh go ndéanfaí acmhainní airgeadais, lóistíochta agus daonna EUMAM a leathnú agus a chur in oiriúint do riachtanais oiliúna míleata athraitheacha Fhórsaí Armtha na hÚcráine, chomh maith le hiarrachtaí athchóirithe fadtéarmacha i gcomhréir leis na gealltanais chomhpháirteacha slándála idir an tAontas agus an Úcráin; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do EUMAM gníomhú freisin mar ardán chun dea-chleachtais a mhalartú, lena n-áirithítear go mbainfidh fórsaí na hEorpa tairbhe as taithí Fhórsaí Armtha na hÚcráine ar an láthair chatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cáineadh go láidir ghníomhaíochtaí foréigneacha na Rúise, agus comhpháirteachas na Bealarúise, i ndrochíde a thabhairt do leanaí Úcránacha, lena n-áirítear dúnmharú, aistriú éigeantach, díbirt agus uchtú neamhdhleathach agus i bhféiniúlacht na hÚcráine a scriosadh trí Rúisiú forfheidhmithe; á iarraidh ar an Aontas comhoibriú go dlúth le húdaráis na hÚcráine, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le ENRanna agus tacú leo chun gach leanbh atá ar iarraidh agus a díbríodh a dhoiciméadú, a bhfilleadh sábháilte agus a n-athimeascadh a áirithiú, agus an tacaíocht dhlíthiúil, shíceolaíoch agus shóisialta is gá a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cáineadh na híde mídhaonna atá á tabhairt ag an Rúis do phríosúnaigh chogaidh na hÚcráine, lena n-áirítear céasadh agus bású, a sháraíonn Coinbhinsiúin na Ginéive go mór, agus go bhfuil na cearta uile a thugtar faoin dlí idirnáisiúnta ag príosúnaigh chogaidh na Rúise san Úcráin, lena n-áirítear cuairteanna agus cúnamh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (CICD); á chur in iúl gur geal léi an malartú príosúnach is mó go dtí seo, a tharla i mí na Bealtaine 2025, agus á iarraidh ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta tuilleadh malartuithe a éascú agus an brú is gá a chur chun a áirithiú go leanfar leo; á chur in iúl gur saoth léi príosúnacht neamhdhleathach shibhialtaigh na hÚcráine ag an Rúis, atá á gcoinneáil ar leithlis agus faoi dhálaí mídhaonna, lena n-áirítear céasadh agus maruithe seachbhreithiúnacha; á iarraidh go méadófaí an brú idirnáisiúnta chun a áirithiú go scaoilfear saor na hÚcránaigh uile atá faoi choinneáil; á iarraidh ar CICD a áitiú go gcuirfidh údaráis na Rúise rochtain gan bhac ar fáil d’ionadaithe idirnáisiúnta CICD ar gach suíomh ina gcoinnítear príosúnaigh chogaidh na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sásraí cuimsitheacha cuntasachta agus ceartais; á chur in iúl gur geal léi gur dhaingnigh an Úcráin Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus na leasuithe comhfhreagracha ar an gCód Coiriúil; á chur in iúl gur geal léi Ráiteas Comhpháirteach Chroíghrúpa na nAirí Eachtracha (Ráiteas Lviv) an 9 Bealtaine 2025 maidir le Binse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin a bhunú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ionchúiseamh choir an fhogha bunriachtanach chun seasamh leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus chun saoirse ó phionós a chosc; á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt do bhunú agus d’fheidhmiú an Bhinse Speisialta faoi chuimsiú Chomhairle na hEorpa; ag spreagadh na bpáirtithe uile chun a ráthú gur féidir le heagraíochtaí sochaí sibhialta na hÚcráine agus íospartaigh an chogaidh ról fóinteach a bheith acu in obair an bhinse; á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach féidir síocháin chóir bhuan a bheith ann ach amháin nuair a dhéantar leanaí Úcránacha, sibhialtaigh eile a díbríodh nó a choinníodh go héigeantach, agus príosúnaigh chogaidh, a scaoileadh saor agus a athaontú lena dteaghlaigh, agus nuair a thugtar na daoine atá freagrach os comhair na cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 9 Iúil 2025 sa chás idir an Úcráin agus an Ísiltír v. an Rúis, inar cuireadh an fhreagracht ar an Rúis as mí-úsáidí forleathana agus neamhnáireacha ar chearta an duine san Úcráin – lena n-áirítear tabhairt anuas MH17, céastóireacht, éigniú mar arm cogaidh, bású achomair, coinneáil neamhdhleathach threallach, agus aistriú eagraithe leanaí chun na Rúise agus a n-uchtú ansin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil smachtbhannaí, mar aon le himchéimniú smachtbhannaí a chosc agus a chomhrac, fós ina n-ionstraimí ríthábhachtacha chun an bonn a bhaint ó acmhainneacht na Rúise leanúint dá cogadh foghach agus bagairtí ar shlándáil na hEorpa a neodrú; á iarraidh go leathnófaí na smachtbhannaí lena ndírítear ar gheilleagar na Rúise, lena n-áirítear sna hearnálacha miotalóireachta, núicléacha, ceimiceacha, fuinnimh agus airgeadais; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh 18 bpacáiste smachtbhannaí i gcoinne Chónaidhm na Rúise agus á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit pacáistí smachtbhannaí breise a ghlacadh, lena ndírítear go háirithe ar imchéimniú beart atá ann cheana; á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme agus forfheidhmiú dian smachtbhannaí bunriachtanach chun acmhainní a bhaint d’acmhainn cogaíochta na Rúise agus chun athléimneacht na hÚcráine a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú chun rannpháirtíocht leanúnach na Stát Aontaithe i gcur chun feidhme smachtbhannaí i gcoinne na Rúise a áirithiú chun an brú ar gheilleagar agus ar bhuiséad stáit na Rúise a choinneáil; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór síneadh a chur leis na smachtbhannaí agus leanúint díobh go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus go n-íocfaidh sí cúiteamh cogaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tathant go gcuirfí dlús le céimniú amach tháirgí hidreacarbóin na Rúise san Aontas chun toirmeasc iomlán a bhaint amach ar deireadh; á athdhearbhú go bhfuil sé ríthábhachtach deireadh a chur le spleáchas fuinnimh an Aontais ar hidreacarbóin na Rúise do shlándáil fuinnimh na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme éifeachtach thrádbhac iomlán an Aontais ar ghual na Rúise, rud a chuir deireadh le spleáchas an Aontais ar ghual na Rúise; ag meabhrú faoi thrádbhac an Aontais ar ola na Rúise ach á chur in iúl gur oth léi gur roghnaigh rialtas na hUngáire agus rialtas na Slóvaice leanúint de bheith ag brath uirthi agus ag tathant orthu deireadh a chur go pras leis an spleáchas díobhálach sin, i gcás inar gá, le bearta tacaíochta sonracha; á iarraidh ar an gComhairle smachtbhannaí a fhorchur ar gach soitheach a oibríonn laistigh de scáthchabhlach na Rúise agus teagmháil a dhéanamh leis na stáit bhrataí chun na soithí sin a dhíliostú óna gclár long, rud a fhágfaidh go mbeidh siad ‘neamh-inárachais’ do chuideachtaí árachais; ag tathant go méadófaí na hiarrachtaí chun imchéimniú smachtbhannaí atá ann cheana i gcoinne ola na Rúise a chosc; ag tathant ar an Aontas agus ar chomhghuaillíocht G7 an chaidhp phraghais ar ola a ísliú chun cumas airgeadais na Rúise maidir le fearadh cogaidh a laghdú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi an Plean <STRING ITALIC="on">Re-Power EU</STRING> a d’fhógair an Coimisiún le déanaí; ag tathant ar an gCoimisiún, áfach, amlínte don mhéid sin a chur chun cinn nuair is féidir agus bearta eatramhacha a dhéanamh, i gcás inar gá, amhail an chaidhp phraghais ar ola a ísliú agus caidhp phraghais agus cuóta allmhairiúcháin a chur chun feidhme do ghás nádúrtha leachtaithe; ag diúltú go láidir d’iarrataí ar thionscadail amhail <STRING ITALIC="on">Nord Stream 1</STRING> agus <STRING ITALIC="on">Nord Stream 2</STRING> a atosú; á chur in iúl gur oth léi go mór nár ghlac an Chomhairle trádbhac iomlán ar ghás na Rúise níos mó ná trí bliana tar éis thús an ionraidh iomláin; á iarraidh go nglacfaí an beart sin go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi iompraíocht bhacúil na rialtas san Aontas a bhagair bearta sriantacha i gcoinne na Rúise a chrosadh nó an bonn a bhaint díobh; ag tacú leis an rún sárú agus imchéimniú smachtbhannaí san Úcráin a choiriúlú, mar a mholtar i ndréachtdlí práinneach Uimh. 12406; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé bunriachtanach an reachtaíocht sin a fhorfheidhmiú chun lúba ar lár, lena gceadaítear sócmhainní atá faoi smachtbhannaí a tharraingt siar le linn na céime blocála, a dhúnadh agus chun cumasóirí chogadh foghach na Rúise a thabhairt chun an dlí; ag tathant ar an Úcráin an dréachtdlí sin a ghlacadh i gcomhréir le dea-chleachtais ábhartha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sócmhainní blocáilte na Rúise a choigistiú agus iad a chur ar fáil do chosaint agus atógáil na hÚcráine agus do chúiteamh d’íospartaigh, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabal fhreagracht an stáit; á chur i bhfáth, chun an chéad cheann acu sin a bhaint amach, a ríthábhachtaí atá sé a áirithiú go leanfaidh sócmhainní ceannasacha na Rúise de bheith blocáilte laistigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún ceannaireacht láidir a úsáid chun teacht ar réiteach inbhuanaithe maidir le sásra cosanta sealadach an Aontais do bhreis agus 4 mhilliún Úcránach, ar cuireadh síneadh leis go dtí mí an Mhárta 2026; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cóir chomhionann a áirithiú agus ilroinnt ar fud an Aontais a chosc; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé seasamh le cearta mhuintir na hÚcráine nach féidir leo filleadh agus ar mian leo fanacht san Aontas, agus ag an am céanna tacú leo siúd a roghnaíonn filleadh agus a saol a atógáil san Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag spreagadh na hÚcráine agus na mBallstát comhoibriú go dlúth le chéile d’fhonn rannpháirtíocht eacnamaíoch fhéideartha dhaonra dídeanaithe agus diaspóra na hÚcráine a uasmhéadú chun athléimneacht agus cuimsitheacht théarnamh agus atógáil eacnamaíoch na hÚcráine atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar fhórsaí polaitiúla san Úcráin leanúint de bheith aontaithe agus leanúint de bheith á dtreorú ag braistint aontachta agus comhtháthaithe pholaitiúil dhaingean, rud a bhfuil sé léirithe go gcuireann sé le hathléimneacht na hÚcráine i bhfianaise na bagartha eisí leanúnaí ar shaoirse agus ar neamhspleáchas na tíre; á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile san Úcráin, go háirithe iad siúd atá i gcumhacht faoi láthair, a gcumhachtaí cogaidh a úsáid chun aontacht pholaitiúil agus ceapadh beartas comhleanúnach agus cuimsitheach a chothú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tiomantas d’Aontachas leis an Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mór tiomantas daingean na hÚcráine na ceanglais maidir le ballraíocht den Aontas a chomhlíonadh, lena n-áirítear comhlíonadh <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, in ainneoin chogadh foghach brúidiúil na Rúise gan staonadh agus an ghéaraithe a rinneadh uirthi le déanaí; ag tathant ar an Úcráin a tiomantas agus luas a athchóirithe a choinneáil; á thabhairt chun suntais go bhfuil fuinneamh láidir i gcur chun feidhme na n-athchóirithe san Úcráin agus á chur in iúl gur geal léi ráta méadaitheach ailínithe na hÚcráine le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, arbh ionann é agus 95 % in 2024; ag tabhairt dá haire go dtacaíonn os cionn 70 % de mhuintir na hÚcráine le héilimh athchóirithe an Aontais faoin bpróiseas aontachais, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá giaráil leanúnach, coinníollacht struchtúrtha agus cumarsáid phoiblí an Aontais le linn na tréimhse sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An daonlathas, an smacht reachta agus an comhrac i gcoinne na héillitheachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag moladh iarrachtaí urghnácha na hÚcráine ar institiúidí daonlathacha a neartú le linn an chogaidh; ag spreagadh na hÚcráine agus a rialtais na hathchóirithe a choinneáil ar bun; á mheabhrú, de réir prionsabail dhaonlathacha a aithnítear go forleathan agus Bhunreacht na hÚcráine, nach féidir toghcháin a reáchtáil le linn cogaidh agus faoin dlí míleata; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn toghcháin dhaonlathacha am leordhóthanach chun faisnéis a ullmhú agus chun rochtain a fháil uirthi chun caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh; á iarraidh ar údaráis na hÚcráine staonadh ó imeachtaí breithiúnacha agus smachtbhannaí míthráthúla agus polaitiúla i gcoinne ionadaithe an fhreasúra, agus seasamh le hiolrachas parlaiminteach agus idirphlé cuiditheach a chothú ar fud na bhfaicsean polaitiúil in <STRING ITALIC="on">Verkhovna Rada</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag athdhearbhú an mholta, i gcomhthéacs an aontachais leis an Aontas, deireadh a chur leis na srianta uile ar thaisteal eachtrach a bhaineann le sainordú agus ar thaisteal eachtrach polaitiúil do chomhaltaí <STRING ITALIC="on">Verkhovna Rada</STRING>; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ról institiúideach <STRING ITALIC="on">Verkhovna Rada</STRING> a urramú agus a threisiú, agus ag tacú leis na hiarrachtaí leanúnacha athchóirithe chun feabhas a chur ar a chumas reachtach, ar a mhaoirseacht ar an bhfeidhmeannas agus ar a chuntasacht don phobal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Dlí maidir le Reachtóireacht, a ndearna an Coimisiún measúnú air mar chéim bhunúsach i dtreo próiseas reachtach níos struchtúrtha agus níos éifeachtaí san Úcráin tar éis deireadh a chur leis an dlí míleata faoi dheireadh agus gur geal léi iarrachtaí Choimisiún Lárnach Toghchán na hÚcráine an clár náisiúnta vótálaithe a thabhairt cothrom le dáta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag moladh na forbartha a rinne an Úcráin, i gcomhar leis an gCoimisiún, ar 3 threochlár athchóirithe lena gcumhdaítear an smacht reachta, athchóiriú an riaracháin phoiblí agus feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha, agus iarrachtaí frith-éillitheachta leabaithe ar fud na dtreochlár sin; ag tabhairt dá haire go mbeidh na treochláir sin, a luaithe a fhormheasfaidh an Coimisiún iad, ina dtagarmharc criticiúil chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn athchóirithe na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear iarrachtaí in aghaidh na héillitheachta mar ghné lárnach de na 3 threochlár; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé athchóirithe a dhaingniú laistigh de chlaochluithe sochaíocha agus polaitiúla forleathana chun a marthanacht fhadtéarmach, a gcur chun feidhme éifeachtach agus feidhmiú neamhspleách na n-institiúidí poiblí a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cultúr polaitiúil cuiditheach a chothú agus comhar muinínbhunaithe a chothú i measc na bpáirtithe polaitiúla san Úcráin; ag tabhairt dá haire go dearfach go bhfuil parlaiminteoirí na hÚcráine rannpháirteach go gníomhach in Idirphlé Jean Monnet agus ag spreagadh dea-chleachtais Eorpacha a chur i bhfeidhm chun comhar traspháirtí a chur chun cinn i bhfianaise dúshláin chomhroinnte ar an gconair i dtreo ballraíocht san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta san athchóiriú breithiúnach le linn na tréimhse tuairiscithe agus ag spreagadh na hÚcráine trédhearcacht ina próisis reachtacha a fheabhsú tuilleadh agus acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla méadaithe a leithdháileadh uirthi chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag cur bac ar fhorbairt bhreithiúnach, neamhspleáchas breithiúnach a mhéadú agus an comhrac i gcoinne na héillitheachta a neartú, agus ar an gcaoi sin ailíniú le caighdeáin an Aontais a áirithiú agus bearta dromchlacha a d’fhéadfadh bac a chur ar aontachas leis an Aontas á seachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in ainneoin an chreata reachtaigh fheabhsaithe, go bhfuil na breithiúna fós ar cheann de na hearnálacha atá is leochailí i leith na héillitheachta agus an chur isteach pholaitiúil, mar is léir ó chásanna leantacha d’éillitheacht ar mhórscála agus de thionchar míchuí in oibríochtaí cúirte agus institiúidí breithiúnacha, lena n-áirítear Cúirt Bhunreachtúil na hÚcráine (CCU) agus HQCJ; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil CCU reoite ar bhonn leanúnach, agus ag tathant go gceapfaí go pras na breithiúna atá fágtha agus go líonfar folúntais ag an Ard-Chomhairle Ceartais; á iarraidh, thairis sin, ar <STRING ITALIC="on">Verkhovna Rada</STRING> Dlí maidir leis an gCúirt Bhunreachtúil a ghlacadh i gcomhréir le tuairimí Choimisiún na Veinéise agus, ina theannta sin, á iarraidh ar an Úcráin plean gníomhaíochta agus athchóirithe inmheánacha a ghlacadh chun cur isteach míchuí a chosc agus chun eitic bhreithiúnach a neartú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas institiúideach HQCJ a chosaint freisin i bhfianaise na ngealltanas a tugadh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta agus le leasanna dílsithe sna breithiúna, rud atá fíor-riachtanach chun muinín an phobail a chothú agus chun próiseas aontachais na hÚcráine a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá próisis roghnúcháin thrédhearcacha atá bunaithe ar fhiúntas do chomhlachtaí rialachais bhreithiúnaigh agus do phoist bhainistíochta, lena n-áirítear rannpháirtíocht saineolaithe neamhspleácha náisiúnta agus idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le ceapacháin bhreithiúnacha dhípholaitithe, coimircí sláine feidhmiúla, trédhearcacht, sláine, cuntasacht agus faireachán idirnáisiúnta feabhsaithe chun ceartas roghnaitheach a chosc agus muinín an phobail as na breithiúna a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb ann do ghanntanas criticiúil breithiúna, d’ualaí iomarcacha cásanna i bhformhór na gcúirteanna, d’easnaimh shuntasacha chistiúcháin agus do dháileadh míchothrom na hoibre breithiúnaí, agus go mbaineann gach ceann acu an bonn de cháilíocht agus de thráthúlacht na n-imeachtaí agus a chuireann bac ar rochtain na saoránach ar cheartas; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as sásraí idirghabhála agus scagtha nós imeachta chun an brú ar na breithiúna a mhaolú; ag tabhairt dá haire gur chuir <STRING ITALIC="on">Transparency International</STRING> an Úcráin san 105ú háit as 180 tír in Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú 2024, ina bhfuair sí scór 35 as 100 pointe, lena gcuirtear scála na ndúshlán leanúnach i rialachas frith-éillitheachta i bhfios go láidir; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach d’athchóiriú breithiúnach forleathan na hÚcráine feabhas a chur ar an oideachas breithiúnach agus digitiú chúirteanna na hÚcráine a thabhairt chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh ceann nua ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Éilliú a Chosc (NACP) mar aon le tosú iniúchtaí neamhspleácha chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine (NABU) i ndáil le héillitheacht a chomhrac; ag moladh theacht i bhfeidhm an Chóid Choiriúil leasaithe agus an Chóid Nós Imeachta Choiriúil, a bhfuiltear ag dréim leis go bhfeabhsóidh siad éifeachtúlacht an fhorfheidhmithe frith-éillitheachta, go háirithe trí fheabhsuithe ar an gcreat margála pléadála; ag aithint an mhéadaithe ar na fíoraisc bhliantúla arna dtabhairt ag an Ard-Chúirt Frith-Éillitheachta (HACC) agus an mhéadaithe ar dhíotálacha a chuir NABU agus Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe Frith-Éillitheachta (SAPO) isteach, lena léirítear dul chun cinn rialta i ngníomhaíocht ionchúisimh; á chur in iúl gur geal léi athbhunú na nósanna imeachta um dhearbhú sócmhainní agus na rochtana poiblí, neartú na rialachán maidir le coinbhleacht leasa, agus na bhfeabhsuithe ar neamhspleáchas Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe Frith-Éillitheachta; ag moladh ghlacadh an phlean gníomhaíochta chun an straitéis um aisghabháil sócmhainní le haghaidh 2024-2025 agus bearta gaolmhara a chur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú práinneach ar an nGníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistiú Sócmhainní agus ag tacú le glacadh pras dhréachtdlí Uimh. 12374-d chun a feidhmiú a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi leathnú na foirne laistigh d’Oifig an Ionchúisitheora Comhshaoil Speisialaithe in Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora agus ag tathant go leanfaí d’fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar bheartais frith-éillitheachta i rialachas acmhainní nádúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag cur sonrú sa ghanntanas leanúnach breithiúna ag HACC agus á chur i bhfáth a phráinní atá sé comórtas trédhearcach nua a sheoladh chun folúntais phoist a líonadh, lena n-áiritheofar go mbeidh pearsanra agus áitreabh leordhóthanach ag an gCúirt chun feidhmiú go héifeachtach; á thabhairt chun suntais gur gá folúntas an Phríomh-Ionchúisitheora a líonadh gan mhoill agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas institiúideach na hoifige a threisiú, agus seiceálacha cuí ar a cumhachtaí á n-áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag spreagadh na hÚcráine neamhspleáchas agus éifeachtacht na n-institiúidí frith-éillitheachta a choimirciú, lena n-áirítear SAPO agus NABU, trí nósanna imeachta ceapacháin trédhearcacha a áirithiú, na comhlachtaí sin a chosaint ar chur isteach polaitiúil, agus a neamhspleáchas institiúideach a threisiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas níos mó a thabhairt do SAPO ar Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora agus na modhanna a thabhairt do NABU chun rochtain thráthúil a fháil ar shaineolas fóiréinseach agus ar acmhainneacht chúléisteachta uathrialach chun imscrúduithe éifeachtacha a dhéanamh; ag moladh na hÚcráine as líon foirne SAPO a mhéadú agus á chur i bhfios go láidir gur gá an fás sin a mheaitseáil le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais agus teicniúla chun acmhainneacht oibríochtúil a áirithiú; ag spreagadh na hÚcráine machnamh a dhéanamh ar athchóiriú struchtúrach a dhéanamh ar Bhiúró Stáit na nImscrúduithe, chun a neamhspleáchas agus a héifeachtacht a neartú chun cosc a chur ar mhí-úsáid na hÚcráine i gcomhthéacs na bhforbairtí polaitiúla iarchogaidh san Úcráin, go háirithe i ndáil le feachtais toghcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di iarracht ar theip uirthi údaráis na hÚcráine an bonn a bhaint de neamhspleáchas na n-institiúidí frithéillithe; á chur in iúl gur geal léi an freasúra láidir ón tsochaí shibhialta i gcoinne na n-iarrachtaí do-ghlactha sin, rud a chuir iallach ar na húdaráis cúlú a dhéanamh ina leith seo; á mheas gur iarracht chontúirteach é an beart seo ag na húdaráis chun an bonn a bhaint d’éachtaí a bhaineann le fíor-throid i gcoinne an éillithe; á chur i bhfios go láidir – dá mba rud é go raibh sé rathúil – nach rachfadh an chéim seo ach chun leasa naimhde na hÚcráine; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé seo ina mheabhrúchán neamhbhalbh dóibh siúd go léir san Úcráin nach seachnaíonn, de bharr leasanna cúngaigeanta, todhchaí na tíre a chur i mbaol; á athdhearbhú go n-éilíonn an comhrac i gcoinne an éillithe tiomantas fadtéarmach agus iarrachtaí cuimsitheacha chun dea-rialachas a bhunú le srianta agus ceartúcháin dhea-fheidhmiúla; ag tacú le seasamh an Choimisiúin go bhfuil na hinstitiúidí seo ríthábhachtach do chlár oibre athchóirithe na hÚcráine agus nach mór dóibh oibriú go neamhspleách chun an éilliú a chomhrac agus muinín an phobail a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Dlí ‘Maidir le Brústocaireacht’ mar chuid de chlár oibre na hÚcráine maidir le dí-olagarcú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le straitéis athnuaite agus chuimsitheach chun dul i ngleic le tionchar olagarcaí, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht geallsealbhóirí náisiúnta, saineolaithe idirnáisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta; ag spreagadh údaráis na hÚcráine leanúint de bheith ag obair ar rialachas na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a athchóiriú i gcomhréir le treoirlínte ECFE, chun féidearthacht na pátrúnachta a íoslaghdú agus chun éillitheacht a chosc, lena n-áirítear trí na sonraí uile maidir le húinéireacht thairbhiúil na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a fhoilsiú, agus a áirithiú go mbeidh boird neamhspleácha atá cothrom ó thaobh inscne de ag gach mórfhiontar faoi úinéireacht stáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé athchóiriú breise a dhéanamh ar rialú airgeadais, lena n-áirítear feabhas a chur ar fheidhmíocht faireacháin na Seirbhíse Iniúchóireachta Stáit agus cur chun feidhme cuí athchóiriú an tSeomra Cuntasaíochta chun caiteachas náisiúnta a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag aithint thátal an aguisín a ghabhann leis an Dara Tuarascáil maidir le Comhlíonadh arna glacadh ag Grúpa Stát Chomhairle na hEorpa i gcoinne na hÉillitheachta an 22 Samhain 2024, ar dá réir atá 18 gcinn den 31 mholadh atá ar áireamh sa tuarascáil curtha chun feidhme go sásúil ag an Úcráin nó atá aghaidh tugtha aici orthu ar bhealach sásúil; ag spreagadh na hÚcráine chun na moltaí atá fágtha a chur chun feidhme go hiomlán, go háirithe trí chóras a thabhairt isteach chun cásanna a leithdháileadh go randamach ar ionchúisitheoirí, trí na sainmhínithe ar chionta araíonachta a shoiléiriú, agus trí raon na smachtbhannaí araíonachta a leathnú chun comhréireacht agus éifeachtacht a áirithiú, agus imthosca sonracha na hÚcráine á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tathant ar an Úcráin tús áite a thabhairt do neartú an smachta reachta, an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne na héillitheachta, agus á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an tacaíocht do na hiarrachtaí sin, ós rud é go bhfuil dul chun cinn sna réimsí sin ríthábhachtach ní hamháin do bhallraíocht san Aontas ach freisin d’atógáil rathúil agus do mhuinín eacnamaíoch; á mholadh go nglacfaí dlí láidir maidir le cosaint do sceithirí i gcomhréir le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; ag tabhairt dá haire go dtéann creat beartais frith-éillitheachta reatha na hÚcráine in éag in 2025 agus á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le Clár Frith-Éillitheachta Stáit athnuaite lena léirítear ionchur na sochaí sibhialta agus lena leagtar síos spriocanna uaillmhianacha, critéir intomhaiste agus amlínte soiléire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an Úcráin a áireamh i mbosca uirlisí an Aontais maidir leis an smacht reachta chun cur chun feidhme an athchóirithe dhaonlathaigh a neartú roimh an aontachas; ag spreagadh acmhainneacht fheabhsaithe forfheidhmithe dlí le haghaidh imscrúduithe airgeadais trí threoir mhodheolaíoch a fhorbairt agus freagrachtaí a shoiléiriú, lena n-áirítear freagairtí níos fearr ar scéimeanna coiriúla amhail miúileanna airgid a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt dá haire go gcuireann cogadh foghach na Rúise brú ollmhór ar chóras breithiúnach na hÚcráine, lena n-áirítear mar thoradh ar an líon ard cásanna ‘comhoibrithe’; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí an reachtaíocht maidir le ‘comhoibriú’ a chur i bhfeidhm go cúramach, cearta bunúsacha agus cothroime bhreithiúnach a choimirciú, agus ag spreagadh cur chuige aontaithe ionchúisimh bunaithe ar shoiléireacht dhlíthiúil agus mionchúis fhíorasach, atá ríthábhachtach d’athimeascadh críoch a saoradh; ag spreagadh údaráis na hÚcráine, i ndáil leis sin, tosaíocht a thabhairt d’ionchúisimh bunaithe ar a thromchúisí atá siad agus ar a n-ábharthacht do shlándáil an stáit, i gcomhréir le Ceathrú Coinbhinsiún na Ginéive; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar thrédhearcacht agus ar rochtain phoiblí ar shonraí maidir leis na hionchúisimh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tathant ar an Úcráin sócmhainní fíorúla a rialáil trí reachtaíocht chuimsitheach a ghlacadh, trí údarás maoirseachta a ainmniú, trí mheasúnú riosca a dhéanamh, agus trí thacú le coireanna airgeadais a bhaineann le sócmhainní fíorúla a bhrath; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur ghlac <STRING ITALIC="on">Verkhovna Rada</STRING> dréacht-dlí Uimh. 11290 le déanaí agus ag tathant go nglacfaí dréacht-dlí Uimh. 12207, lena dtugtar isteach, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus lena ndírítear ar reachtaíocht na hÚcráine a ailíniú le caighdeáin an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag moladh na hÚcráine as a mheáite atá sí ar chearta bunúsacha a chaomhnú i gcomhthéacs agus in ainneoin chogadh foghach leanúnach na Rúise; ag cur i bhfios go láidir ról ríthábhachtach na sochaí sibhialta i bpróisis athchóirithe agus aontachais an Aontais; ag cur i bhfáth an gá atá le timpeallacht shábháilte, chumasúcháin agus rannpháirtíochta a choinneáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear cosantóirí agus gníomhaithe chearta an duine; á iarraidh go ndéanfar an Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine a thabhairt cothrom le dáta go práinneach agus go ndéanfar plean cuimsitheach cur chun feidhme; ag spreagadh idirphlé sibhialta fóinteach i ngach réimse den saol poiblí agus polaitiúil agus á thathant go mbeadh aontacht pholaitiúil leanúnach ann maidir le conair na hÚcráine i dtreo an Aontais; ag spreagadh ailiniú na reachtaíochta lena sainmhínítear sainordú Ombudsman na hÚcráine le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag aithint na ndúshlán a bhaineann le meáin iolraíocha a chothabháil i ndálaí cogaidh, lena n-áirítear cliseadh margaidh, srianta slándála agus ganntanas acmhainní daonna; á chur in iúl go gcreideann sí gurb ionann spás faisnéise bríomhar agus saoirse na meán san Úcráin agus ceann de phríomhláidreachtaí na tíre maidir le cur i gcoinne ionradh na Rúise agus a bolscaireacht; á iarraidh go ndéanfaí craoltóireacht iomlán ar fud na tíre a athbhunú do sholáthraithe meán mar ábhar beartais, ag diúltú go daingean do shleamhnú breise i dtreo cinsireacht pholaitiúil agus srianta cogaidh á gcur i bhfeidhm de réir mar is gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag moladh obair chróga chosantóirí chearta an duine agus iriseoirí na hÚcráine a dhoiciméadaíonn sáruithe ar chearta an duine i réigiúin atá faoi fhorghabháil shealadach; ag aithint seasamh straitéiseach na hÚcráine i dtús cadhnaíochta na cogaíochta faisnéise agus á chur in iúl gur geal léi a rannpháirtíocht i dtionscnaimh Eorpacha amhail an Sciath Eorpach don Daonlathas agus na Gealltanais Chomhpháirteacha Slándála chun dul i ngleic le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI); á aithint gur comhpháirtí lárnach de chuid an Aontais í an Úcráin sa chomhrac i gcoinne FIMI agus ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit an comhrac i gcoinne bhréagaisnéis agus bhagairtí hibrideacha na Rúise a dhianú; á iarraidh go gcuirfí litearthacht dhigiteach chun cinn, go bhforfheidhmeofaí an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha ar ardáin na meán sóisialta, agus go neartófaí cumarsáid straitéiseach an Aontais féin chun cur isteach na Rúise a chomhrac agus chun tacaíocht shuntasach an Aontais don Úcráin a phoibliú go soiléir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh reachtacha chun comhionannas a chur chun cinn do dhaoine LADTIA+ agus do ghrúpaí imeallaithe eile, go háirithe dréacht-dlíthe 5,488 (coireanna fuatha), 12,252 (comhpháirtíochtaí sibhialta), agus 9,103 (comhpháirtíochtaí cláraithe); á thathant go nglacfar na dlíthe seo go pras chun a áirithiú go gcomhlíontar caighdeáin na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine; á iarraidh go nglacfar Dlí nua i gcoinne an Idirdhealaithe lena gcumhdaítear claonadh gnéasach, féiniúlacht inscne agus míchumas, agus go neartófar creat dlíthiúil na hÚcráine i gcoinne an idirdhealaithe tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi leasuithe mhí Iúil 2024 ar an Dlí maidir le Mionlaigh Náisiúnta lena dtugtar isteach conairí oideachais dátheangacha, agus ag spreagadh cur chun feidhme pras na n-athchóirithe seo trí chistiú leordhóthanach agus oiliúint múinteoirí; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh Comhairle na Mionlach Náisiúnta agus gur glacadh an Plean Gníomhaíochta chun Cearta na Mionlach Náisiúnta a Chosaint go dtí 2027, a bhfuil sé d’aidhm aige reachtaíocht na hÚcráine a chur i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha; á iarraidh go ndéanfaí idirphlé struchtúrtha agus substaintiúil le pobail mhionlaigh agus go gcuirfí moltaí Choimisiún na Veinéise chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag moladh cumas na hÚcráine leanúnachas agus athchóiriú oideachais a áirithiú, go háirithe trí uirlisí digiteacha, cláir a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, agus forbairt bonneagair phoiblí athléimneach; ag spreagadh don Choimisiún tacaíocht a leathnú do mhic léinn agus d’institiúidí Úcránacha faoi chláir Erasmus+, Fís Eorpach agus EU4Youth;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur dhaingnigh an Úcráin Coinbhinsiún Iostanbúl agus gur bunaíodh ionaid tacaíochta do mharthanóirí; ag spreagadh don Úcráin cistiú leanúnach a sholáthar chun foréigean inscnebhunaithe a chosc agus chun tacú le híospartaigh, go háirithe i bhfianaise na rioscaí méadaithe le linn cogaidh; ag spreagadh don Úcráin an Dlí ‘Maidir leis na Prionsabail chun Idirdhealú san Úcráin a Chosc agus a Chomhrac’ agus Cód Coiriúil na hÚcráine maidir le coireanna fuatha a fheabhsú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, agus na hathruithe reachtaíochta is gá a thabhairt isteach chun Coinbhinsiún Iostanbúl a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag aithint na rioscaí méadaithe a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine, go háirithe do mhná agus do leanaí, i suíomhanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta; ag iarraidh ar údaráis na hÚcráine, le tacaíocht ón Aontas, sásraí braite a neartú, agus comhoibriú leis an tsochaí shibhialta chun cosaint agus athshlánú íospartach a áirithiú i gcomhréir le Treoir an Aontais um Chomhrac na Gáinneála<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (IO L, 2024/1712, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1712/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tacú le cúnamh feabhsaithe ón Aontas don Úcráin i réimse an athshlánúcháin fhisiciúil agus an chúraim phróistéitigh, go háirithe do shaighdiúirí gortaithe, d’íospartaigh mianach agus do dhaoine ar baineadh géag leo; ag cur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le córas náisiúnta próistéiseach agus athshlánúcháin a fhorbairt le tacaíocht ón Aontas agus ó na Ballstáit; ag spreagadh comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí leighis Eorpacha chun acmhainn, oiliúint agus rochtain ar threalamh nua-aimseartha a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire glacadh an dlí a cheadóidh do pharóistí Ceartchreidmheacha ón Úcráin dícheangal ó dhlínse Phatrarcacht Mhoscó agus cinneadh a dhéanamh go saor maidir lena gcleamhnacht ordlathach nua; ag cáineadh leithreasú agus baint neamhdhleathach earraí oidhreachta cultúrtha ó chríocha Úcránacha atá faoi fhorghabháil go sealadach ag fórsaí na Rúise; á thathant go ndéanfaí oidhreacht reiligiúnach agus chultúrtha a urramú i limistéir atá faoi fhorghabháil shealadach, lena n-áirítear 485 láithreán, áit adhartha agus láithreán naofa atá scriosta cheana féin; ag cur i bhfios go láidir freagracht na bpáirtithe uile oidhreacht chultúrtha a chosaint i gcomhréir le coinbhinsiúin idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag iarraidh ar an Úcráin leanúint de chomhfhogasú a dhéanamh ar chaighdeáin saothair, go háirithe a mhéid a bhaineann le saoirse tionóil agus idirphlé sóisialta, agus ag spreagadh don Úcráin leanúint dá reachtaíocht náisiúnta saothair agus shóisialta a ailíniú le caighdeáin an Aontais, go háirithe i réimsí na fostaíochta, an bheartais shóisialta agus na gcomhdheiseanna; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht bhreise a sholáthar chun an dul chun cinn seo a thabhairt chun cinn; ag cur béim ar an ngá atá le comhairliúcháin leathana le ceardchumainn agus leis an tsochaí shibhialta agus á mholadh go gcuirfí saineolas na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair ar an ábhar san áireamh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar réigiúnach agus dea-chaidreamh comharsanachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach na hÚcráine i dtionscnaimh réigiúnacha, amhail a ceannaireacht i bhFóram Sochaí Sibhialta Chomhpháirtíocht an Oirthir agus comhordú tionscadal trasteorann le Ballstáit an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht chomhpháirteach le déanaí ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal ‘Cur chuige straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith réigiún na Mara Duibhe’<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 28 Bealtaine 2025 dar teideal ‘Cur chuige straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith réigiún na Mara Duibhe’ (JOIN(2025)0135).</FIELD></FOOTNOTE> agus go háirithe na deiseanna atá ann don Úcráin rannchuidiú go fóinteach laistigh den chreat seo; ag spreagadh rannpháirtíocht ghníomhach leanúnach na hÚcráine i gComhpháirtíocht an Oirthir agus i dTionól Parlaiminteach Euronest mar ‘cheannaire comhtháthaithe’ a chuireann luachanna agus athchóirithe Eorpacha chun cinn ar fud an réigiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi aon iarrachtaí a bheith á ndéanamh ag an Úcráin agus ag Ballstáit an Aontais, agus ag spreagadh dóibh iarrachtaí a dhéanamh, ar aghaidh a thabhairt ar ghnéithe den chaidreamh déthaobhach agus réigiúnach stairiúil atá fós gan réiteach, mar shampla ár Volhynia, de mheon an athmhuintearais fhíor agus dhílis, agus le hurraim do luachanna AE na dínite daonna agus an dea-chaidrimh comharsanachta, chomh maith le measúnú criticiúil ar imeachtaí stairiúla; á chreidiúint gurb amhlaidh, le dea-thoil na bpáirtithe uile lena mbaineann, go dtabharfar aghaidh go cuiditheach, trí phróiseas athmhuintearais foighneach, agus é mar aidhm aige tuiscint fhrithpháirteach a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, go bhfuil cainteanna ar bun idir údaráis na Polainne agus údaráis na hÚcráine, arb amhlaidh, mar thoradh orthu, a tosaíodh ar uaigheanna saoránach Polannach atá ar chríoch na hÚcráine a thochailt athuair i mí Aibreáin 2025; á chur in iúl go bhfuil súil aici go leanfar den phróiseas agus é d’aidhm shoiléir na híospartaigh a adhlacadh agus a chuimhneamh go díniteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di fionnachtain le déanaí ar ghníomhaíochtaí bailithe faisnéise ag gníomhaireachtaí slándála na hUngáire i réigiún thiar theas Zakarpattia san Úcráin; á chur in iúl gur oth léi beartais chórasacha Rialtas na hUngáire atá dírithe ar an mbonn a bhaint d’iarrachtaí féinchosanta na hÚcráine agus ar theacht i dtír ar shaincheisteanna a bhaineann leis an mionlach Ungárach san Úcráin ar mhaithe le buntáiste polaitiúil, rud a chuireann bac ar dhul chun cinn na hÚcráine i dtreo lánpháirtiú san Aontas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Úcráin an Plean Gníomhaíochta Tosaíochta le haghaidh 2023-2024 a chur chun feidhme agus gur glacadh an reachtaíocht is gá chun Biúró Slándála Eacnamaíche na hÚcráine a athchóiriú, rud a chuireann ar a chumas imghabháil cánach agus coireacht eacnamaíoch a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á mheabhrú gur glacadh an Dlí maidir leis an tSeirbhís Phoiblí Áitiúil in 2023 agus ag moladh do Rialtas na hÚcráine cur chuige córasach a ghlacadh i leith na n-athchóirithe sin ar an riarachán poiblí atá ar na bacáin trí fhís shoiléir agus straitéis cur chun feidhme struchtúrtha a bhunú; ag cur béim ar an ngá atá le tógáil ar an acmhainneacht institiúideach agus riaracháin is gá chun rath agus tionchar fadtéarmach na n-athchóirithe a bhaineann le haontachas a áirithiú, ní hamháin sa reachtaíocht, ach sa chleachtas freisin; á chur in iúl gur geal léi glacadh le déanaí ag an Verkhovna Rada Dréacht-Dlí Uimh. 8222, lena gcaighdeánaítear an córas luach saothair do státseirbhísigh, arb é is aidhm dó éifeachtúlacht rialachais a fheabhsú agus é a ailíniú le caighdeáin Eorpacha maidir le bainistíocht na seirbhíse poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag moladh don Úcráin dul chun cinn a dhéanamh maidir le formheas na leasuithe ar an dlí maidir le riarachán stáit áitiúil, lena n-áirítear Dréacht-Dlí Uimh. 4298 d’fhonn athchóirithe rialachais áitiúil a ailíniú le caighdeáin an Aontais; á iarraidh go mbeadh creat dlíthiúil cothrom ann le haghaidh maoirseachta riaracháin a urramaíonn prionsabal na comhréireachta agus Cairt Eorpach an Fhéinriail Áitiúil, agus inniúlachtaí, sainchumais agus feidhmeanna féinrialaithe na n-údarás áitiúil á gcosaint ag an am céanna; á athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí pearsantacht dhlítheanach a thabhairt isteach go foirmiúil d’údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh go leanfar de dhul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóiriú an díláraithe agus go neartófar an féinrialachas ar an leibhéal áitiúil; á chur in iúl gur geal léi sheoladh Chéim III de U-LEAD, atá á thacú ag an Aontas agus ag na Ballstáit, atá dírithe ar fhéinriail áitiúil a fheabhsú agus téarnamh athléimneach a chothú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; ag cur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le háirithiú a dhéanamh go ndéanfar aon athchóirithe bunreachtúla nó institiúideacha amach anseo, lena n-áirítear athchóirithe toghcháin agus díláraithe, ar bhealach trédhearcach, cuimsitheach, agus i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bhain an Úcráin amach príomh-garspriocanna agus ag iarraidh ar an Úcráin leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh i gcur chun feidhme Phlean na hÚcráine, de bhun Rialachán (AE) 2024/792, agus na luachanna agus na caighdeáin ar a bhfuil sé bunaithe á gcomhlíonadh aici ag an am céanna; á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún coinníollacht a choinneáil, go háirithe maidir le Colún III den tSaoráid, chun inbhuanaitheacht agus cuntasacht a áirithiú sa phróiseas athchóirithe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an móiminteam láidir i gcur chun feidhme athchóirithe á thiomáint ag an gcomhthuiscint shochaíoch leathan agus coinníollacht Shaoráid na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht leanúnach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta trí Fhuinneog Shochaí Shibhialta na Saoráide don Úcráin agus ag moladh don Úcráin a áirithiú nach gcuireann riachtanais tuairiscithe airgeadais srian míchuí ar ghníomhaíochtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannpháirtíocht fhóinteach leis an tsochaí shibhialta agus le húdaráis áitiúla chun a áirithiú go ndéantar cur chun feidhme éifeachtach agus athchóirithe ardcháilíochta faoi Phlean na hÚcráine; ag moladh d’údaráis bhreithiúnacha na hÚcráine sásraí atá ann cheana a neartú, lena n-áirítear trí ghníomhaíocht bhreithiúnach, chun gníomhaithe na sochaí sibhialta a chosaint; ag tathant ar an Úcráin a áirithiú nach ndéanann riachtanais tuairiscithe airgeadais agus rialáil úinéireachta tairbhiúil eintitis dhlíthiúla difear míchuí d’fheidhmiú agus do neamhspleáchas eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht leanúnach a thugtar d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta trí Fhuinneog Sochaí Shibhialta na Saoráide don Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá athchóiriú na hÚcráine a nascadh go dlúth lena hathchóirithe aontachais AE agus gur gá prionsabail na cothroime sóisialta, na hinbhuanaitheachta, na trédhearcachta agus na húinéireachta áitiúla a threorú; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá athchóiriú na hÚcráine a bheith fréamhaithe i smacht láidir reachta, rialachas trédhearcach agus cuimsiú daonlathach; ag cur béim ar an bhfíoras nach coinníollacha le haghaidh aontachais AE amháin iad athchóiriú breithiúnach, iarrachtaí frithéillithe agus feabhsuithe ar an riarachán poiblí ach go bhfuil siad bunúsach freisin chun infheistíocht a mhealladh agus muinín a athbhunú i measc chomhpháirtithe agus shaoránaigh na hÚcráine; á iarraidh go ndéanfaí cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de a chomhtháthú i ngach iarracht atógála, lena n-áirítear ionadaíocht mhéadaithe do mhná agus do mhionlaigh i bpróisis chinnteoireachta; ag iarraidh ar Rialtas na hÚcráine trédhearcacht a áirithiú i gcur chur feidhme ‘RebuildUkraine’, agus maidir le comhairliúchán agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus grúpaí atá i mbaol sa tsochaí, go háirithe a mhéid a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha agus don smacht reachta, chomh maith le dáileadh agus úsáid neamh-idirdhealaitheach chistí AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt chun suntais an ról ríthábhachtach atá ag Saoráid an Aontais don Úcráin agus ag an gclár um Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách, a sholáthraíonn os cionn EUR 30 billiún le chéile in 2025 chun tacú le seirbhísí poiblí, cobhsaíocht mhacrairgeadais agus clár oibre athchóirithe na hÚcráine; á iarraidh go gcuirfí tacaíocht airgeadais leanúnach agus fheabhsaithe ar fáil don Úcráin in 2026 agus 2027, lena n-áirítear trí phacáiste nua cúnaimh mhacrairgeadais chun freastal ar easnamh buiséid EUR 39 mbilliún a bhfuiltear ag súil leis san Úcráin; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur réamhriachtanas lárnach fós é athléimneacht airgeadais agus eacnamaíoch na hÚcráine chun a cumas cosanta agus a próiseas athchóirithe a chothú; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbreithneofar réitigh chun ualach fiachais eachtraigh na hÚcráine a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag tabhairt dá haire an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche idir SAM agus an Úcráin maidir le mianraí criticiúla agus ag aithint dearbhú an chomhaontaithe ar thacaíocht fhadtéarmach SAM do shlándáil agus d’athchóiriú na hÚcráine, agus ag tabhairt dá haire an rún, a léirítear sa chomhaontú, chun próiseas aontachais na hÚcráine san Aontas Eorpach agus oibleagáidí gaolmhara a choimirciú, agus comhoiriúnacht le gealltanais na hÚcráine d’institiúidí airgeadais idirnáisiúnta nó do chreidiúnaithe oifigiúla eile a áirithiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún cuireadh a thabhairt don dá pháirtí soiléiriú breise a thabhairt ar an gcaoi a gcuirfear chun feidhme na forálacha atá beartaithe chun conair lánpháirtíochta na hÚcráine san Aontas Eorpach a choimirciú, agus chun tuairisciú go tráthrialta ar a gcomhoiriúnacht le dlí an Aontais; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go n-urramófar caighdeáin arda shóisialta agus éiceolaíocha go hiomlán agus mianraí á saothrú faoin gcomhaontú seo agus go n-áiritheofar comhlíonadh trí shásraí rialaithe láidre; á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis, ina theannta sin, go ndéanfaidh an Úcráin reachtaíocht chomhshaoil ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Treoir Réime maidir le hUisce<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus an Treoir maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 102, 11.4.2006, lch. 15, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2006/21/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, a ionchorprú go hiomlán ina creat dlíthiúil náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á mheabhrú nach mór a áirithiú le méadú an Aontais nach mbíonn saothrú acmhainní nádúrtha na dtíortha is iarrthóirí mar thoradh ar an aontachas ná nach gcuireann sé le neamhionannas sóisialta agus le díghrádú an chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi dul chun cinn na hÚcráine maidir le reachtaíocht leasa ainmhithe a ghlacadh go páirteach, cé go bhfuil moilleanna suntasacha ann maidir leis na gealltanais a tugadh faoin Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála; ag spreagadh don Úcráin tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE agus Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/1/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair a ghlacadh, agus athbhreithniú leanúnach na reachtaíochta seo laistigh den Aontas á chur san áireamh, rud atá ríthábhachtach chun caighdeáin táirgthe an Aontais a chomhlíonadh agus chun onnmhairí méadaithe táirgí ainmhithe chuig an Aontas a éascú; ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cúnamh airgeadais agus teicniúil a sholáthar don Úcráin ina leith seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt chun suntais athléimneacht agus tábhacht na hearnála talmhaíochta (19 % de OTI, 53 % d’onnmhairí earraí) ach ag cur i bhfios go láidir an gá atá le slabhraí luacha a éagsúlú agus an tairbhe a bhaineann le caighdeáin fíteashláintíochta AE a ghlacadh go pras; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh coimircí comhshaoil ann chun téarnamh glas na hÚcráine a áirithiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú tuilleadh leis an Úcráin maidir le cur chun feidhme nósanna imeachta Measúnaithe Tionchair Timpeallachta, go háirithe in earnálacha na foraoiseachta agus na talmhaíochta, agus nósanna imeachta Measúnaithe Straitéisigh Chomhshaoil; ag iarraidh, ina theannta sin, ar an gCoimisiún tacú tuilleadh leis an Úcráin chun acmhainneacht riaracháin a thógáil chun <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> comhshaoil an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht, agus chun a reachtaíocht a ailíniú leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe na critéir inbhuanaitheachta le haghaidh bithfhuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag iarraidh ar an Verkhovna Rada agus ar Rialtas na hÚcráine Dlí Uimh. 12089 a leasú, rud a cheadaíonn úinéireacht talún a tarraingíodh siar go mídhleathach ón stát, lena n-áirítear foraoisí agus comhlachtaí uisce, a dhéanamh dleathach do dhaoine príobháideacha, rud nach bhfuil i gcomhréir le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais toisc go bhfuil éiginnteachtaí dlíthiúla sa dlí ina fhoirm reatha a fhágfaidh nach féidir an talamh sin a thabhairt ar ais don stát;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh, an comhshaol, an fhorbairt inbhuanaithe agus nascacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh i leith athchóirithe ar an earnáil fuinnimh agus i leith ailíniú na hÚcráine le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus ag moladh don Úcráin gan cúlú a dhéanamh ina leith seo; ag cur i bhfios an gá atá le slándáil fuinnimh na hÚcráine a neartú tuilleadh trína chomhtháthú i margadh fuinnimh an Aontais a dhoimhniú – lena n-áirítear trí shioncrónú eangach leictreachais na hÚcráine le hilchríoch na hEorpa agus trí chomhar feabhsaithe maidir le stóráil agus soláthar gáis – chomh maith le luasghéarú a dhéanamh ar chur in úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite agus ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh; á chur i bhfáth go bhfuil neartú athléimneachta an bhonneagair fuinnimh chriticiúil fós ríthábhachtach do chobhsaíocht eacnamaíoch agus uathriail straitéiseach na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag an Úcráin mar sholáthraí fuinnimh agus táirgí atá dian ar fhuinneamh don chuid eile den Eoraip; ag spreagadh, dá bhrí sin, don Úcráin leanúint de bheith ag forbairt idirnasc fuinnimh le Ballstáit chomharsanachta agus le comhpháirtithe réigiúnacha, amhail Poblacht na Moldóive, d’fhonn comhtháthú breise i margadh fuinnimh an Aontais a dhéanamh; á aithint gur dhírigh cogadh foghach na Rúise ar líonraí agus ar ghléasraí ábhartha agus gur scriosadh iad dá bharr; ag tathant, dá bhrí sin, ar an Úcráin atógáil a úsáid chun atógáil chun feabhais, ag baint úsáide as na teicneolaíochtaí agus na próisis is neamhdhíobhálaí don aeráid i gcás inar féidir, ag infheistiú i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus in éifeachtúlacht fuinnimh, agus ag íoslaghdú an tionchair ar an gcomhshaol ar fud an tslabhra táirgthe; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht leanúnach an Choimisiúin sa réimse seo chun tacú le hathchóiriú earnáil fuinnimh na hÚcráine, lena n-áirítear atógáil agus an t-aistriú glas; á iarraidh go ndéanfar dul chun cinn i gcur chun feidhme na ngealltanas atá ann cheana faoi Phlean na hÚcráine agus faoi phacáistí an Chomhphobail Fuinnimh, lena n-áirítear díchuacadh chuideachtaí dáileacháin fuinnimh réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag moladh don Úcráin na réitigh is cost-éifeachtaí agus is iontaofa a fhiosrú d’earnáil fuinnimh na hÚcráine, i ndiaidh ionsaithe na Rúise ar a bonneagar fuinnimh, mar shampla trína gléasraí cumhachta breosla iontaise a athsholáthar, a mhéid is féidir i bhfianaise an chogaidh leanúnaigh, le teicneolaíochtaí fuinnimh díláraithe agus inbhuanaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis na hÚcráine na cistí faoin tSaoráid don Úcráin a úsáid go straitéiseach chun tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, atá ríthábhachtach chun slándáil fuinnimh fhadtéarmach, inbhuanaitheacht chomhshaoil agus athléimneacht eacnamaíoch a áirithiú san Úcráin agus sa chuid eile den mhór-roinn araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tionchar díobhálach na Rúise laistigh den Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA), in ainneoin a sáruithe arís agus arís eile ar phríomhphrionsabail IAEA maidir le sábháilteacht núicléach agus neamhthrasnaíocht; ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit moladh a dhéanamh go ndéanfaí grinnscrúdú níos mó ar ról na Rúise laistigh de IAEA agus athchóirithe a iniúchadh chun a áirithiú nach féidir le stáit ionsaitheacha neodracht agus inchreidteacht na maoirseachta núicléiche idirnáisiúnta a lagú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb ionann cogadh foghach na Rúise agus éiceamharú a rinne damáiste tromchúiseach agus fadtéarmach do thimpeallacht na hÚcráine, lena n-áirítear scrios éiceachóras, éilliú uisce agus ithreach, agus díriú ar bhonneagar tionsclaíoch agus fuinnimh; á mheas gur ríthábhachtach a n-aitheantas idirnáisiúnta mar choireanna cogaidh chun cuntasacht dhlíthiúil iomlán a áirithiú don Rúis agus cúiteamh dá bharr sin don Úcráin agus á iarraidh go dtacóidh an tAontas le straitéis chuimsitheach téarnaimh chomhshaoil mar chuid d’atógáil na hÚcráine; ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tacaíocht iomlán a thabhairt do gach tionscnamh lena ndoiciméadaítear an scrios comhshaoil a rinne cogadh na Rúise agus tacú le hiarrachtaí chun cuntasacht agus cúiteamh a dhéanamh i ndlínsí eachtracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>ag moladh na hÚcráine as a plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide a ghlacadh, agus as beartais fuinnimh agus aeráide a chomhordú agus a phleanáil faoi 2030, le spriocanna sonracha lena n-áirítear laghdú suntasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus méadú ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite; ag tacú le hiarrachtaí leanúnacha an Chiste Éifeachtúlachta Fuinnimh agus an Chiste Dícharbónaithe atá nuabhunaithe; ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit inbhuanaitheacht airgeadais na n-ionstraimí seo a áirithiú, go háirithe i gcomhthéacs atógála agus chomhtháthú fuinnimh in-athnuaite i dtithíocht; ag moladh don Úcráin prionsabal an aistrithe chóir a chomhtháthú in athchóirithe fuinnimh chun tionchar sóisialta a mhaolú agus chun tacú le grúpaí leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sábháilteacht núicléach a áireamh mar chuid lárnach de straitéis téarnaimh agus lánpháirtíochta AE na hÚcráine, agus ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais maidir le fuinneamh núicléach agus cosaint ar radaíocht faoi chreat Euratom á áirithiú; ag tacú le neartú acmhainneachtaí práinnfhreagartha raideolaíche agus sábháilteachta núicléiche na hÚcráine mar chuid lárnach de straitéis téarnaimh agus lánpháirtíochta an Aontais na hÚcráine, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil agus airgeadais ón Aontas agus ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta; á iarraidh go mbunófaí tionscnamh faoi stiúir an Aontais chun slándáil núicléach a neartú, bonneagar criticiúil a chosaint, agus teagmhais raideolaíocha a eascraíonn as fogha na Rúise a chosc; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di iarrachtaí Chónaidhm na Rúise bonneagar criticiúil na hÚcráine a ionghabháil de facto, lena n-áirítear tuarascálacha poiblí inchreidte go bhfuil sé beartaithe aici Gléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia (ZNPP) a scaradh ó eangach leictreachais na hÚcráine agus é a chomhtháthú go héigeantach i gcóras fuinnimh na Rúise, rud a sháródh ceannasacht agus dlí idirnáisiúnta na hÚcráine agus a bhféadfadh a bheith ina riosca suntasach don tsábháilteacht núicléach; á thathant go ndéanfaí gach pearsanra agus trealamh míleata na Rúise a tharraingt siar láithreach agus go neamhchoinníollach ó áitreabh ZNPP agus ó gach láithreán núicléach eile san Úcráin agus ag iarraidh ar IAEA cur i gcoinne aon phleananna den sórt sin go poiblí agus go haonchiallach; á chur i bhfáth nach saincheist náisiúnta amháin atá i sláine agus athléimneacht bhonneagar núicléach na hÚcráine, ach gur freagracht chomhroinnte Eorpach í; á iarraidh go mbeadh pleanáil theagmhasach chomhordaithe agus méadú ar chomhar trasteorann ann i measc Bhallstáit an Aontais chun freagairt do bhagairtí núicléacha féideartha a eascraíonn as gníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag tathant ar an Úcráin dul i ngleic go héifeachtach le lománaíocht neamhdhleathach i gcomhréir le caighdeáin bainistíochta foraoiseachta inbhuanaithe agus um chosaint an chomhshaoil, amhail lománaíocht neamhdhleathach in óghfhoraoisí Cairp; ag iarraidh ar an Aontas rannchuidiú le cosc a chur ar lománaíocht neamhdhleathach i ndáil le tionscadal ionaid sciála neamhdhleathach Svydovets; ag spreagadh don Úcráin infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar turasóireachta atá sábháilte ó thaobh na héiceolaíochta agus an chomhshaoil de agus atá inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú leis an Úcráin dul chun cinn a dhéanamh i dtreo ardleibhéal leordhóthanachta a Líonra Smaragaide maidir leis na Limistéir Leasa Caomhantais Speisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gurbh ionann onnmhairí atá dírithe ar an Aontas agus 63 % d’onnmhairí iomlána in 2024, suas ó 42 % in 2021, rud a léiríonn athdhíriú rathúil ar thrádáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag tabhairt dá haire an tábhacht straitéiseach a bhaineann le conairí iarnróid a fhorbairt agus a leathnú a nascann an Úcráin leis an Aontas tríd an nGréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T), rud a fhreastalaíonn ar chuspóirí lóistíochta sibhialta agus míleata araon mar chuid de straitéis bonneagair dé-úsáide níos leithne; ag spreagadh iarrachtaí leanúnacha chun caighdeáin dhigiteacha agus iompair na hÚcráine a ailíniú le caighdeáin an Aontais, rud a éascóidh trádáil, soghluaisteacht agus cumarsáid shlán; á chur i bhfáth go dtacóidh nascacht fheabhsaithe le téarnamh eacnamaíoch agus lánpháirtiú na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na cistí riachtanacha go léir a leithdháileadh chun an nascacht agus an athléimneacht iompair atá beartaithe san Úcráin a fheabhsú go dtí 2050, lena n-áirítear léarscáileanna TEN-T a nuashonrú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi forbairt agus cur chun feidhme rathúil na Lánaí Dlúthpháirtíochta, rud a chuir ar chumas na hÚcráine imshuí na Mara Duibhe ar an Rúis a sheachaint agus réimse earraí a onnmhairiú chuig margaí domhanda trí Bhallstáit chomharsanachta an Aontais agus an Mholdóiv; ag moladh an fhíorais, in ainneoin na n-ainghníomhartha cogaidh a tharla agus an laghdú suntasach ar a táirgeadh gráin, gur imir an Úcráin ról lárnach i gcosc géarchéime bia domhanda, toisc gur soláthraíodh níos mó ná 170 000 tonna cruithneachta do thíortha a bhfuil na géarchéimeanna bia is measa acu, go háirithe san Afraic, tríd an gclár bia daonnúil ‘Gráin ón Úcráin’, a sheol an tUachtarán Zelenskyy in 2022; á thabhairt dá haire go bhfuil formhór mór d’onnmhairí gráin na hÚcráine ceaptha do thíortha i mbéal forbartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>ag aithint dul chun cinn lánpháirtiú na hÚcráine i dtionscnaimh iompair agus nascachta digiteacha an Aontais agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais sna réimsí seo; á chur in iúl gur geal léi go háirithe na céimeanna a glacadh chun an Úcráin a áireamh i limistéar fánaíochta saor in aisce AE, agus deireadh a chur le muirir fánaíochta soghluaiste idir an Úcráin agus an tAontas do shaoránaigh agus do ghnólachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag cur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le nascacht, idir-inoibritheacht agus acmhainneacht córas digiteach agus TF a neartú idir an tAontas agus an Úcráin i gcomhréir leis an gComhaontú Comhlachais; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí leanúnacha chun beartais dhigiteacha a chomhchuibhiú, comhar cibearshlándála a leathnú, agus bonneagar digiteach athléimneach agus slán a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis seo, tabhairt i gcrích socrú oibre i mí na Nollag 2023 idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus údaráis chibearshlándála na hÚcráine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An chaibidlíocht maidir le haontachas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag meabhrú cinneadh na Comhairle Eorpaí an 14–15 Nollaig 2023 chun tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin, rud a mharcálann cloch mhíle stairiúil ar chonair na hÚcráine i dtreo ballraíocht san Aontas; ag moladh tionól pras an chéad Chomhdháil Aontachais Idir-rialtasach idir an tAontas agus an Úcráin an 25 Meitheamh 2024, rud a sheol an próiseas caibidlíochta go hoifigiúil agus á chur in iúl gur geal léi measúnú an Choimisinéara Kos go bhféadfaí an próiseas scagtha ar fad a chríochnú faoi fhómhar 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>ag aithint athchóirithe agus gealltanas na hÚcráine agus á mholadh, dá bhrí sin, go seolfadh an Coimisiún cnuasaigh chaibidlíochta go pras leis an Úcráin chun dul chun cinn a dhéanamh, a ghasta is féidir, i leith iarraidh na tíre ar bhallraíocht a ghlacadh san Aontas, faoi réir í a leanúint de <STRING ITALIC="on">acquis </STRING>an Aontais a chur chun feidhme agus na hathchóirithe arna ndéanamh aici a thabhairt chun críche; á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh caibidlíocht aontachais conair shoiléir agus thrédhearcach, faoi threoir critéir oibiachtúla agus intomhaiste; á chur i bhfáth nach mór athchóirithe doimhne i ngach réimse bunúsach agus feidhmiú institiúidí cobhsaí a chosnaíonn an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, agus go háirithe meas ar mhionlaigh agus cosaint dóibh a bheith san áireamh leis seo; ag cur i bhfios go láidir moltaí an Choimisiúin don bhliain atá le teacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag iarraidh ar Rialtas na hUngáire agus ar na Ballstáit gníomhú de mheon macánta agus aon saincheisteanna cosúil leo siúd a bhaineann le Dlí na hÚcráine maidir le Mionlaigh Náisiúnta á réiteach acu, agus staonadh ó shaincheisteanna den sórt sin a úsáid mar chúis chun bac a chur ar aontachas na hÚcráine leis an Aontas; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar Rialtas na hUngáire gan bac a chur a thuilleadh ar thús na chéad chnuasach caibidlíochta agus ligean don Úcráin agus dá comharsa an Mholdóiv leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh le chéile ar a gconair i dtreo bhallraíocht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á mheabhrú nach mór an próiseas méadaithe a ionstraimiú chun díospóidí déthaobhacha a réiteach ná cur chuige bunaithe ar fhiúntas a chur ar athló, agus gur cheart saincheisteanna den sórt sin a réiteach go neamhspleách ón gconair aontachais agus trí idirphlé cuiditheach agus fíorchomhar; á mheabhrú go bhfuil baol ann go mbainfeadh moilleanna iomarcacha ar an gconair i dtreo ballraíocht iomlán san Aontas an bonn den tacaíocht phoiblí agus den rún polaitiúil laistigh den tír is iarrthóir araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á iarraidh, mar ullmhúchán don chaibidlíocht, go mbeadh tacaíocht leanúnach ón Aontas ann, go háirithe i bhfoirm cúnaimh ó shaineolaithe chun aon easnaimh riaracháin a eascraíonn as fogha leanúnach i gcoinne na hÚcráine a fhritháireamh; ag tathant ar an Aontas, ina theannta sin, cúnamh teicniúil a sholáthar chun cabhrú leis an Úcráin na ceanglais aontachais go léir a chomhlíonadh go héifeachtúil; á chur in iúl gur oth léi cinneadh Rialtas na Stát Aontaithe cistiú a tharraingt siar ó Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID), rud a rinne difear díreach cheana féin do thacaíocht san Úcráin do phróisis athchóirithe ríthábhachtacha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an smacht reachta, frithéilliú, bainistíocht airgeadais phoiblí, forbairt eacnamaíoch, slándáil fuinnimh agus seachadadh cúnaimh dhaonnúil; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta ag an gCoimisiún agus ag comhpháirtithe idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí is práinní atá ann mar gheall ar tharraingt siar an chistithe seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>ag cur i bhfáth, roimh aontachas na hÚcráine leis an Aontas, an gá atá le tacaíocht mhéadaithe ón Aontas chun dlús a chur le lánpháirtiú na hÚcráine trí chláir chúnaimh airgeadais agus theicniúil spriocdhírithe agus á chur i bhfios go láidir go mbainfeadh an Úcráin agus an tAontas leas as comhtháthú de réir a chéile na tíre i mbeartais agus i gcláir an Aontais, mar aon leis an gcaibidlíocht fhoirmiúil aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á thabhairt dá haire go gcruthaíonn castacht lánpháirtiú na hÚcráine san Aontas Eorpach, mar gheall ar a méid agus an cogadh leanúnach, dúshláin i réimsí tábhachtacha amhail an talmhaíocht, agus go bhfuil gá le hathchóirithe suntasacha institiúideacha agus airgeadais laistigh den Aontas chun a chumas an Úcráin a ionsú a áirithiú; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar a Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo go réamhghníomhach, buntáistí lánpháirtiú na hÚcráine a chur in iúl go soiléir do shaoránaigh an Aontais, réitigh inbhuanaithe agus chothromasacha a aimsiú d’earnálacha íogaire, agus athchóirithe inmheánacha riachtanacha a shaothrú i gcomhthráth leis an gcaibidlíocht aontachais leanúnach; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na hearnálacha is mó atá neamhchosanta do thionchair an léirscaoilte trádála i gcomhthéacs aontachas na hÚcráine; á thabhairt dá haire, ag an am céanna, i ndiaidh thaithí bhabhtaí méadaithe roimhe seo, go bhféadfadh gá a bheith le tréimhsí idirthréimhseacha i réimsí sonracha áirithe nach bhfuil feidhm ag an <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> iomlán iontu fós chun go mbeidh na Ballstáit reatha in ann oiriúnú; á athdhearbhú a hiarrata go ndéanfadh na Ballstáit gealltanas polaitiúil soiléir agus aonchiallach a léiriú i leith phróiseas an mhéadaithe agus gan mí-úsáid a bhaint as chun díospóidí déthaobhacha a réiteach, ar cheart iad a réiteach go neamhspleách ón gconair aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á iarraidh an athuair go bhfeabhsófaí cumas an Aontais gníomhú trí athchóiriú a dhéanamh ar a chinnteoireacht, lena n-áirítear trí vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach sa Chomhairle maidir leis na céimeanna idirmheánacha sa phróiseas aontachais, go háirithe ag tús na caibidlíochta agus trí chnuasaigh agus caibidlí caibidlíochta aonair a sheoladh agus a dhúnadh;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an Uachtarán, chuig Rialtas agus chuig Parlaimint na hÚcráine, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>