<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0185</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Infheistíochtaí agus athchóirithe d'iomaíochas Eorpach agus Aontas Margaí Caipitil a chruthú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0124/2025 -  Rapóirtéir: Aurore Lalucq)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 maidir le maoiniú infheistíochtaí agus athchóirithe a éascú chun borradh a chur faoi iomaíochas Eorpach agus chun Aontas Margaí Caipitil a chruthú (Tuarascáil Draghi) (2024/2116(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán an 18 Iúil 2024 ó Ursula von der Leyen, dar teideal Rogha na hEorpa: treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING>’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 17 Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market</STRING>’ [ Margadh Thar an gCoitiantacht] (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 25 Aibreán 2024 ó Christian Noyer dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Developing European capital markets to finance the future’</STRING> [Margaí caipitil na hEorpa a fhorbairt chun an todhchaí a mhaoiniú] (Tuarascáil Noyer),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireachtaí ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Competitiveness Compass for the EU’</STRING> [Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach] (COM(2025)0030) agus an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Clean Industrial Deal: A joint roadmap for competitiveness and decarbonisation’</STRING> [Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’] (COM(2025)0085),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do litir ón Uachtarán von der Leyen maidir le cosaint chuig an gComhairle Eorpach roimh a cruinniú an 6 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025 maidir le cosaint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Savings and Investments Union. A Strategy to Foster Citizens’ Wealth and Economic Competitiveness in the EU’</STRING> [Aontas Coigiltis agus Infheistíochta – Straitéis chun Rachmas na Saoránach agus Iomaíochas Eacnamaíoch a Chothú san Aontas] (COM(2025)0124),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas an 11 Márta 2024 ón nGrúpa Euro i bhformáid chuimsitheach maidir lena bhfuil i ndán d’Aontas na Margaí Caipitil (CMU),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threochlár ardleibhéil mhí na Bealtaine 2024 maidir le hobair leantach ar an ráiteas ón nGrúpa Euro maidir lena bhfuil i ndán d’Aontas na Margaí Caipitil i bhformáid chuimsitheach an Ghrúpa Euro,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 agus an 18 Aibreán 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thústuairim ECO/665 ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Investments and reforms to boost European competitiveness and creating a Capital Markets Union’</STRING> [Infheistíochtaí agus athchóirithe chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa agus Aontas Margaí Caipitil a chruthú], a glacadh an 30 Aibreán 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) an 25 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">How European insurers and pension funds can contribute to further strengthen the Capital Markets Union’</STRING> [Conas is féidir le hárachóirí Eorpacha agus cistí pinsin rannchuidiú le hAontas na Margaí Caipitil a neartú tuilleadh], do pháipéar foirne uaidh an 11 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A simple and long-term European savings product: the future Pan-European Pension Product’</STRING> [Táirge coigiltis Eorpach simplí agus fadtéarmach: an Táirge Pinsin Uile-Eorpach a bheidh ann amach anseo], dá chostais agus do thuarascáil feidhmíochta uaidh roimhe seo an 15 Aibreán 2025, agus do thuarascáil uaidh an 7 Samhain 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Prudential Treatment of Sustainability Risks’</STRING> [Cóireáil Stuamachta Rioscaí Inbhuanaitheachta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar seasaimh ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) an 22 Bealtaine 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Building more effective and attractive capital markets in the EU’</STRING> [Margaí caipitil níos éifeachtaí agus níos tarraingtí a thógáil san Aontas], do thuarascáil mhargaidh ESMA an 18 Nollaig 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Costs and Performance of EU Retail Investment Products 2023’</STRING> [Costais agus Feidhmíocht Tháirgí Infheistíochta Miondíola an Aontais, 2023], agus do thuairim ESMA an 24 Iúil 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Sustainable investments: Facilitating the investor journey – A holistic vision for the long term’</STRING> [Infheistíochtaí inbhuanaithe: Turas an infheisteora a éascú – Fís iomlánaíoch don fhadtéarma],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ESMA an 21 Meán Fómhair 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The EU securitisation market – an overview’</STRING> [Margadh urrúsúcháin AE – forléargas],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas ó Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 7 Márta 2024 maidir le hAontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le timthriall socraíochta níos giorra san Aontas (COM(2025)0038),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thionscnamh um Sheaimpíní Teicneolaíochta Eorpacha a seoladh i mí Feabhra 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil óna Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha an 17 Meitheamh 2025 maidir le gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil (CMU) a fhorbairt tuilleadh: rochtain ar mhaoiniú an mhargaidh caipitil a fheabhsú, go háirithe ag FBManna, agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a chumasú tuilleadh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 395, 29.9.2021, lch. 89.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Iúil 2015 maidir le hAontas na Margaí Caipitil a Thógáil<FOOTNOTE><FIELD> IO C 265, 11.8.2017, lch. 76.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0124/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur léiríodh i dtuarascáil Draghi easnaimh thromchúiseacha maidir le hiomaíochas ginearálta gheilleagar na hEorpa agus easpa fáis táirgiúlachta, agus gur tugadh le tuiscint gurb é an réiteach atá ann infheistíocht a mhealladh, lena n-áirítear trí chaipiteal príobháideach a scaoileadh, trí aontas coigiltis agus infheistíochta a chruthú; de bhrí gur measadh i dtuarascáil Draghi go bhfuil gá le hinfheistíocht bhliantúil bhreise EUR 750 go 800 billiún ar a laghad chun fás inbhuanaithe a spreagadh arís, táirgiúlacht AE a athbhunú, tacú le hiomaíochas, nuálaíocht a chothú, tacú le haistriú fuinnimh AE, a cheannaireacht sa teicneolaíocht dhigiteach a fheabhsú, cuspóirí comhshaoil agus sóisialta AE a bhaint amach agus cosaint agus slándáil a mhéadú, agus spleáchais a laghdú; de bhrí gur chomhfhreagair an méid sin do 4,4-4,7 % de OTI AE in 2023<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Draghi.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go dtugtar faoi deara sa tuarascáil nár cruthaíodh aon chuideachta san Aontas a bhfuil caipitliú margaidh os cionn EUR 100 billiún aici mar eintiteas nua le 50 bliain anuas, agus sa tréimhse chéanna, gur cruthaíodh 6 chuideachta sna Stáit Aontaithe ar luach os cionn trilliún dollar;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil cúig cholún sa phlean ReArm Europe atá dírithe ar shlándáil agus cosaint na hEorpa a mhaoiniú, lena gcumhdaítear infheistíochtaí poiblí agus an t-aontas coigiltis agus infheistíochta araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil na cogaí trádála agus na díospóidí taraife leanúnacha ina gcúis le héiginnteacht shuntasach sna margaí domhanda, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar fhás, ar bhoilsciú agus ar réamhaisnéisí fostaíochta, agus a dhéanann difear go háirithe d’infheistíochtaí trasteorann agus a chuireann isteach ar shlabhraí soláthair seanbhunaithe; de bhrí go mbaineann forchur taraifí agus bacainní trádála an bonn ó thairbhí na trádála agus na margaí iomaíocha; de bhrí go gcruthaíonn teannas geopholaitiúil den sórt sin rioscaí breise d’infheisteoirí, rud a laghdaíonn muinín agus a chuireann bac ar shreabhadh an chaipitil phríobháidigh thar theorainneacha, atá ríthábhachtach chun nuálaíocht, gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí fáis a chistiú; de bhrí gur baolach go gcuirfidh an éagobhsaíocht a eascraíonn as na coinbhleachtaí trádála sin moill ar fhorbairt Aontas na Margaí Caipitil trí infheistíocht sa mhargadh Eorpach a dhíspreagadh, go háirithe in earnálacha ardriosca a bhraitheann go mór ar líonraí trádála domhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go mbíonn tionchar ag na héiginnteachtaí geopholaitiúla leanúnacha ar tháscairí maicreacnamaíocha, go méadaíonn siad luaineacht sna margaí airgeadais agus go lagaíonn siad dollar na Stát Aontaithe; de bhrí go bhféadfadh sé sin áit an euro mar airgeadra domhanda níos suntasaí a threisiú, rud a neartódh ceannasacht eacnamaíoch agus athléimneacht na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, go stairiúil san Eoraip, gur rannchuidigh an earnáil phríobháideach le thart ar cheithre chúigiú den infheistíocht tháirgiúil, agus gur rannchuidigh an earnáil phoiblí leis an gcuid eile<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Draghi.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go raibh leibhéil fhoriomlána na n-infheistíochtaí táirgiúla in AE i bhfad níos ísle ná mar a bhí sna Stáit Aontaithe le fiche bliain anuas;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach bhfuil ardleibhéal litearthachta airgeadais ach ag 18 % de shaoránaigh na hEorpa, mar a léiríodh leis an bhfaireachán ar litearthacht airgeadais arna ullmhú ag an gCoimisiún; de bhrí go bhfuil meánleibhéal eolais airgeadais ag an tromlach, 64 %, agus leibhéal íseal litearthachta airgeadais ag 18 %, rud a chruthaíonn bearna shuntasach i gcumais airgeadais shaoránaigh na hEorpa; de bhrí nach bhfuil ach ceithre Bhallstát ann a bhfuil ardleibhéil eolais airgeadais iontu, eadhon an Ísiltír, an Danmhairg, an tSualainn agus an tSlóivéin; de bhrí, dá ndéanfaí litearthacht airgeadais a mhéadú, go bhféadfaí a chur ar chumas daoine aonair cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le coigilteas, infheistíochtaí agus pleanáil scoir, agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar a ndea-bhail airgeadais fhadtéarmach; de bhrí go bhfuil gá le hoideachas airgeadais a neartú ar fud AE chun na scileanna is gá a thabhairt do shaoránaigh chun bealach a aimsiú trí mhargaí airgeadais atá ag éirí níos casta agus chun leas iomlán a bhaint as deiseanna infheistíochta, rud a chuirfidh le fás an gheilleagair;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, de réir thuarascáil Draghi, gurbh ionann coigilteas teaghlaigh san Aontas in 2022 agus EUR 1 390 billiún i gcomparáid le EUR 840 billiún sna Stáit Aontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gurb ionann urrúis airgeadais (scaireanna liostaithe, bannaí, cistí frithpháirteacha agus díorthaigh) atá ina seilbh dhíreach ag teaghlaigh agus 43 % de shaibhreas teaghlaigh SAM faoi láthair, ach nach bhfuil iontu ach 17 % de shaibhreas teaghlaigh AE;<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Draghi.</FIELD></FOOTNOTE>
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur shábháil teaghlaigh AE 14,79 % dá n-ioncam indiúscartha (níos mó ná trí oiread leibhéal 4,7 % na Stát Aontaithe)<FOOTNOTE><FIELD> Biúró na Stát Aontaithe um Anailís Eacnamaíoch, <STRING ITALIC="on">Personal Income and Its Disposition, Monthly</STRING> [Ioncam Pearsanta agus a Diúscairt, Míosúil], 2025</FIELD></FOOTNOTE>agus go raibh 31,01 % dá gcoigilteas (EUR 11,63 trilliún) ag saoránaigh AE in airgeadra agus i dtaiscí (i gcomparáid le 12,1 % sna Stáit Aontaithe), nach saothraítear ach brabús teoranta astu; de bhrí go raibh 36 % (EUR 13,42 trilliún) i seilbh acu i scaireanna cothromais agus cistí infheistíochta (49,1 % sna Stáit Aontaithe) agus 27 % (EUR 10,06 trilliún) in árachas, pinsin agus ráthaíochtaí caighdeánaithe<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, Financial flows and stocks, 2023, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/NASA_10_F_BS__custom_13650774/default/table?lang=en</FIELD></FOOTNOTE> (27,5 % sna Stáit Aontaithe);
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí suas le EUR 8 dtrilliún a aistriú i dtreo ionstraimí infheistíochta margadhbhunaithe – nó sreabhadh thart ar EUR 350 billiún in aghaidh na bliana<FOOTNOTE><FIELD> An Banc Ceannais Eorpach,<STRING ITALIC="on">Follow the money: channelling savings into investment and innovation in Europe</STRING> [Lean an t-airgead: coigilteas a dhíriú ar infheistíocht agus nuálaíocht san Eoraip], óráid ó Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, an 22 Samhain 2024.</FIELD></FOOTNOTE> – dá ndéanfadh teaghlaigh AE a leithdháileadh idir taiscí agus sócmhainní airgeadais a choigeartú chun an struchtúr a breathnaíodh i dteaghlaigh SAM a léiriú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go n-infheistíonn teaghlaigh Eorpacha thart ar EUR 300 billiún<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Letta</FIELD></FOOTNOTE> in aghaidh na bliana lasmuigh de AE, go príomha sna Stáit Aontaithe; de bhrí go bhfuil an méid sin inchomparáide leis an gcaipiteal breise a d’fhéadfaí a shlógadh laistigh de AE faoi choinníollacha atá níos margadh-dhírithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil thart ar 70 % den mhaoiniú corparáideach in AE i bhfoirm iasachtaí ó bhainc, i gcodarsnacht leis na Stáit Aontaithe, ina ndéantar thart ar 77 % den chistiú corparáideach a mhaoiniú trí mhargaí caipitil;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí, de réir thuarascáil Draghi, idir 2008 agus 2021, gur bunaíodh 147 ‘aonbheannach’ Eorpacha – gnólachtaí nuathionscanta a raibh luach USD 1 bhilliún nó os a chionn orthu – ar athlonnaigh 40 díobh a gceanncheathrú thar lear, go príomha chuig na Stáit Aontaithe; de bhrí go meastar gurb ionann ualach riaracháin an Aontais agus thart ar EUR 150 billiún (1,3 % de OTI bliantúil), go ndéantar bacainní inmheánacha, de réir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), a chur i láthair mar tharaif 100 % sa mhargadh inmheánach agus nach cuideachtaí Eorpacha iad ach 4 cinn de na 50 cuideachta teicneolaíochta is mó ar domhan;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gurbh ionann caiteachas ar thaighde agus forbairt agus 2,2 % de OTI san Aontas in 2023, ach go raibh 3,4 % i gceist sna Stáit Aontaithe agus 2,6 % i gceist sa tSín, cé go ndearnadh cuspóir caiteachais 3 % maidir le taighde agus forbairt a leagan síos i straitéis Liospóin 2000; de bhrí, as an gcaiteachas uile ar thaighde agus ar fhorbairt laistigh de AE, gurbh ionann an earnáil phríobháideach agus sciar 66 %, i gcomparáid le 78 % sna Stáit Aontaithe agus 77,7 % sa tSín;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí, de réir CAI, go meastar go bhfuil na bacainní neamhtharaife atá fós ann lena gcuirtear srian ar thrádáil laistigh de AE ag leibhéal taraife thart ar 45 % don mheánearnáil monaraíochta (3 oiread an leibhéil a mheastar i measc stáit SAM) agus ag 110 % don mheánearnáil seirbhísí<FOOTNOTE><FIELD> An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ‘<STRING ITALIC="on">Europe’s Declining Productivity Growth: Diagnoses and Remedies’</STRING>[Fás Táirgiúlachta atá ag Laghdú san Eoraip: Diagnóis agus Leigheasanna], <STRING ITALIC="on">Regional Economic Outlook Notes – Europe</STRING>, Samhain 2024, https://www.elibrary.imf.org/supplemental/book/9798400287312/9798400287312.xml/REOEUREA2024002-S001_SOURCE_PDF.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, i measc na mbacainní a tuairiscíodh sa mhargadh aonair, gur leag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) béim ar CBL ag 17 %, rochtain ar an margadh ag 12 %, maoiniú ag 10 % agus ceanglais an mhargaidh ag 6 %;<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Annual Single Market and Competitiveness Report’</STRING> [An Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas] (COM(2025)0026).</FIELD></FOOTNOTE>
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil margaí caipitil na hEorpa an-ilroinnte, agus go bhfuil líon suntasach ionad trádála ag feidhmiú ar fud na mór-roinne agus go háirithe, amhail i mí an Mhárta 2023, go raibh 295 n-ionad trádála, 14 Chontrapháirtí Lárnacha (CPLanna) agus 32 Thaisclann Lárnach Urrús (CSDanna) in AE; de bhrí go ndearnadh 56-68 % den trádáil ar an ionad in 2023 ar an malartú intíre do na 5 mhórinnéacs cothromais in Iarthar na hEorpa (AEX 25, CAC 40, DAX 40, IBEX 35 agus MIB 40)<FOOTNOTE><FIELD> Sraith Páipéar Ócáideach BCE, Uimh. 369.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí nach leor ann féin comhtháthú na margaí caipitil, cé gur gá sin, chun an méadú spriocdhírithe ar infheistíocht a bhaint amach; de bhrí go bhfuil córais chánach agus dócmhainneachta ar fud na mBallstát fós neamhailínithe go substaintiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, de réir thuarascáil Letta, go bhfuil ilroinnt chánach fós ina bacainn mhór ar ghnólachtaí agus FBManna AE go háirithe, agus go bhfuil ailíniú níos fearr trí chreat cánach AE níos comhordaithe ríthábhachtach chun saorghluaiseacht oibrithe, earraí agus seirbhísí a éascú agus chun tacú le fás agus infheistíocht phríobháideach<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Letta, lgh. 91-111.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur príomhthoisc í an easpa deiseanna scoir d’infheisteoirí maidir le tearcfhorbairt cistí caipitil fiontair agus fáis in AE; de bhrí go mbraitheann AE go hiomarcach ar mhaoiniú bainc<FOOTNOTE><FIELD> B’ionann iasachtaí bainc agus 50.43 % de mhaoiniú corparáidí neamhairgeadais (ESTAT, BCE, ríomhanna AS FISMA 2023); féach Glao an Choimisiúin ar fhianaise i bhfianaise na Teachtaireachta maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta Eorpach.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur cheart, i mbuiséad an Aontais, go mbeadh an iomaíochas ar cheann amháin dá phríomhréimsí fócais, tosaíochtaí straitéiseacha arna gcomhaontú go comhchoiteann a chur chun cinn agus earraí poiblí Eorpacha a chistiú, agus, ar an gcaoi sin, táirgiúlacht fíorard a chothú agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach á áirithiú ag an am céanna; de bhrí go gcaithfidh comhordú níos láidre a bheith ann idir buiséad an Aontais agus buiséid na mBallstát chun ilroinnt sa mhargadh aonair a sheachaint agus chun tionchar foriomlán infheistíochtaí poiblí a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil sócmhainní sábháilte eisithe ar leibhéal an Aontais ag eisitheoirí Eorpacha amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus, ó 1976 i leith, Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus ansin an tAontas féin<FOOTNOTE><FIELD> Príomhoifigeach Airgeadais an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, Developing European safe assets, <STRING ITALIC="on">Intereconomics</STRING>, Nollaig 2023, https://www.esm.europa.eu/articles-and-op-eds/developing-european-safe-assets-article-intereconomics.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil acmhainneacht shuntasach neamhshaothraithe ag maoiniú cothromais chun tacú le fás agus nuálaíocht chuideachtaí AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gurb é an clár InvestEU an ionstraim roinnte riosca is mó atá ag an Aontas faoi láthair; de bhrí go bhfuil formhór na gcomhpháirtithe cur chun feidhme fós dírithe go príomha ar raon feidhme riosca níos ísle na hinfheistíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur chuir frithsheasmhacht pholaitiúil agus leasanna náisiúnta éagsúla cosc ar theacht ar chomhthoil maidir le hAontas na Margaí Caipitil a bhaint amach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fís chomhroinnte a chruthú do tháirgiúlacht na hEorpa agus an gá atá le fás inbhuanaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí na hacmhainní dlíthiúla, riaracháin agus airgeadais uile agus na hionstraimí uile atá ar fáil a shlógadh go ginearálta chun slándáil agus ceannasacht thionsclaíoch agus theicneolaíoch an Aontais a neartú, lena n-áirítear feabhas a chur ar athléimneacht agus ar chosaint an bhonneagair chriticiúil – amhail córais leictreachais, uisce agus cumarsáide – chun saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais a chosaint agus chun tionchar lándorchuithe agus mórshuaití eile a mhaolú, dlús a chur le haistrithe agus infheistíocht a dhéanamh iontu, iomaíochas a fheabhsú, fás eacnamaíoch marthanach a ghiniúint, poist ardcháilíochta a chruthú, tacú le FBManna agus rannchuidiú le cóineasú agus comhtháthú sóisialta aníos, i gcomhthéacs éagobhsaíocht gheopholaitiúil agus teannas idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais go bhfuil an Eoraip ag titim ar gcúl, agus gur baolach nach mbeadh ár réigiún ábhartha mura ndéanfaí aon ghníomhaíocht bhreise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil díospóireacht ar bun athuair ar an ngá atá le hiomaíochas agus táirgiúlacht agus fás eacnamaíoch AE a athbhunú, ar díospóireacht í a bhfuil borradh fúithi mar gheall ar thuarascálacha Draghi agus Letta; á mheabhrú go bhféadfaí gnóthachain táirgiúlachta a bhaint amach go príomha trí infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí nuálacha, lena n-áirítear sna haistrithe; á chur i bhfios gur féidir leis an iomaíocht táirgiúlacht, infheistíocht agus nuálaíocht a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag glacadh le tuarascálacha Draghi agus Letta mar cheann den iliomad oscailtí súl do chinnteoirí Eorpacha agus náisiúnta, agus mar thúsphointe le haghaidh gníomhaíochta chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí araon a chothú, agus go háirithe d’earnálacha na teicneolaíochta atá i mbun aistrithe, don earnáil mótarfheithiclí atá ag aistriú agus do thionscail throma amhail tionscail na cruach agus na gceimiceán; á chur in iúl gur geal léi go n-aithníonn an Coimisiún ról an airgeadais phoiblí maidir le maoiniú príobháideach a shlógadh agus maidir le tacú leis an nuálaíocht san Aontas; á chur i bhfios gur minic gurbh fhorchoimeádais ó na Ballstáit ba chúis le heaspa dul chun cinn maidir le margaí airgeadais AE a chomhtháthú; á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as an móiminteam atá ann cheana agus oibriú i gcomhar leis an bParlaimint chun comhtháthú mhargaí airgeadais AE a chur chun cinn go hiarbhír; á mheabhrú go bhfuil iarrachtaí an Aontais Eorpaigh Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt chun críche gan toradh cinntitheach ó 2015 ó leith; á mholadh do na bpáirtithe uile iarrachtaí a dhéanamh chun aontas coigiltis agus infheistíochta a bhaint amach a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go mbaineann rioscaí le suaití diúltacha ar an bhfás eacnamaíoch<FOOTNOTE><FIELD> CAI, <STRING ITALIC="on">World Economic Outlook </STRING>[Ionchas Eacnamaíoch Domhanda], Aibreán 2025.</FIELD></FOOTNOTE> agus an suaitheadh leanúnach sna margaí airgeadais agus éiginnteachtaí geopholaitiúla a d’fhéadfadh rathúnas shaoránaigh, oibrithe agus ghnólachtaí Eorpacha go háirithe a chur i mbaol; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú suntasach tagtha cheana féin ar luaineacht an mhargaidh airgeadais mar gheall ar éiginnteachtaí geopholaitiúla agus gur chuir siad le lagú dhollar na Stát Aontaithe, agus gur réamhchoinníoll í an tslándáil don fhás inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á aithint gur rannchuidigh creat rialála láidir AE lena chobhsaíocht airgeadais; á mheas go bhféadfadh an chobhsaíocht agus intuarthacht reachtach sin a bheith ina bhfíorbhuntáiste comparáideach agus iomaíoch, ós rud é go bhfuil na tosca sin ríthábhachtach do mhuinín infheisteoirí idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais go bhfuil nasc intreach idir an smacht reachta agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus iomaíoch; á thabhairt chun suntais gur príomhghné dá hiomaíochas é stóinseacht na hearnála airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag aithint na hoibre atá déanta chun aontas na margaí caipitil a thógáil go dtí seo, ag tosú leis an ‘Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a Thógáil’ i mí Mheán Fómhair 2015; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an dul chun cinn maidir le margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú teoranta ó shin i leith agus á iarraidh go gcuirfí dlús leis an bpróiseas sin; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur glacadh an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Aontas Coigiltis agus Infheistíochta – Straitéis chun Rachmas agus Iomaíochas Eacnamaíoch na Saoránach a Chothú san Aontas Eorpach’ ina leagtar amach tionscnaimh bheartais éagsúla agus arb é is aidhm di margaí airgeadais AE a chomhtháthú agus coigilteas a threorú go héifeachtach chuig infheistíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé muinín sa chóras baincéireachta a neartú, agus gur cuspóirí bunúsacha de chuid an Aontais iad cobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus margadh aonair éifeachtúil a chur chun cinn; á aithint nach mór tabhairt chun críche an Aontais Baincéireachta a bheith ina thosaíocht straitéiseach chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú; á iarraidh ar an gComhairle dlús a chur le glacadh na reachtaíochta atá fágtha chun a creat cobhsaíochta airgeadais a dhaingniú agus chun bailchríoch a chur ar an Aontas Baincéireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á áitiú go bhfuil sé práinneach gníomhaíocht a dhéanamh, dlús a chur leis an gcinnteoireacht, moilleanna ar chur chun feidhme a laghdú agus dlús a chur le cinntí maidir le hionstraimí agus sásraí tacaíochta AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheas nach mór don Aontas dul chun cinn a dhéanamh lena Aontas Margaí Caipitil chun infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a ghiaráil; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh tacaíocht ón earnáil phoiblí ag teastáil uaithi freisin chun an infheistíocht bhreise bhliantúil íosta is gá a sholáthar chun earnáil thionsclaíoch inbhuanaithe agus nuálach a athbhunú agus chun rathúnas an Aontais a dhaingniú; á thabhairt chun suntais dá ndéanfaí méadú ar tháirgiúlacht go nginfí spás fioscach níos mó freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an iomarca caipitil ann nach n-úsáidtear go táirgiúil in AE; á thabhairt chun suntais nach bhfuil gnólachtaí, go háirithe FBManna, in ann leas iomlán a bhaint as na margaí caipitil atá ann cheana san Eoraip le haghaidh maoinithe agus infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mbraitheann go leor fiontraithe atá bunaithe san Aontas gur gá dóibh athlonnú chun rochtain níos éasca a fháil ar mhaoiniú agus ar acmhainní; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, mar gheall ar an easpa cistí caipitil fiontair ar mórscála agus deiseanna scoir atá inmharthana ó thaobh airgeadais de in AE, go gcuirtear iallach orthu uas-scálú a dhéanamh le hinfheistíochtaí coigríche agus i margaí eachtracha; ag tabhairt dá haire gurb é is cúis leis sin nach bhfuil Aontas na Margaí Caipitil comhtháite in AE agus nach bhfuil margaí AE in ann a riachtanais a chomhlíonadh go fóill; á mheabhrú go ngintear níos mó gnólachtaí nuathionscanta in aghaidh na bliana san Aontas ná na Stáit Aontaithe agus go mbíonn an brabús ar infheistíochtaí caipitil fiontair thart ar 6 % níos airde san Aontas ná sna Stáit Aontaithe<FOOTNOTE><FIELD> An Lárionad um Staidéar ar Bheartas na hEorpa, <STRING ITALIC="on">It’s finally time to leverage pension funds to foster EU productivity and benefit pensioners</STRING> [Tá sé in am faoi dheireadh cistí pinsin a ghiaráil chun táirgiúlacht agus pinsinéirí sochair an Aontais a chothú], an 10 Feabhra 2025, https://www.ceps.eu/its-finally-time to-leverage-pensionfunds-to-foster-eu-productivity-and-benefit-pensioners/.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a leagan béim ar an ngá atá ann go gcothódh institiúidí AE timpeallacht níos tarraingtí agus níos tacúla don nuálaíocht agus don fhás; ag aontú le tuarascálacha Draghi agus Letta gur cheart don Aontas a mhargaí caipitil fiontair a fhorbairt tuilleadh, agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé éiceachóras láidir a fhorbairt do chaipiteal fiontair agus d’infheistíocht san Aontas agus á iarraidh go gcruthófaí caipiteal fiontair agus riosca do chuideachtaí chun infheistíocht a fháil inár margaí, amhail fás Eorpach atá mór go leor agus cistí ceannaigh thar barr amach; á thabhairt chun suntais gur cheart, le tacaíocht phoiblí do mhargaí caipitil fiontair, tosaíocht a thabhairt do thionscadail atá ailínithe le tosaíochtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach mór do mhargaí airgeadais na hEorpa a bheith tarraingteach agus éasca le rochtain d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí araon; á chur i bhfios go láidir go bhfuil feidhm aige sin maidir le margaí príomhúla agus tánaisteacha araon; á thabhairt chun suntais gur minic a bhaineann ceanglais bhreise do chuideachtaí leis an gcinneadh liostú ar mhargadh rialáilte, chun infheisteoirí a chosaint freisin; ag tabhairt dá haire gur féidir a mheas go bhfuil na ceanglais sin ina míbhuntáiste don phobal; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar na costais riaracháin agus chomhlíontachta do chuideachtaí atá liostaithe go poiblí agus na costais sin a laghdú, go háirithe do chuideachtaí beaga agus meánmhéide; á chur in iúl gur geal léi an Gníomh um Liostú ar an Stocmhalartán a glacadh le déanaí mar chéad chéim i ndáil leis sin, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca do chuideachtaí de gach méid, lena n-áirítear FBManna, liostú ar stocmhalartáin Eorpacha; á iarraidh go ndéanfaí an Gníomh um Liostú ar an Stocmhalartán a chur chun feidhme go pragmatach agus á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tionscnamh sin, go háirithe maidir le taighde cothromais do FBManna agus trí mhargaí fáis FBManna a neartú, rud a chuidigh le cuideachtaí iompú ina gcuideachtaí poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag infheistíocht phoiblí maidir le hinfheistíocht phríobháideach a chomhlánú; ag tathant ar an gCoimisiún tograí a eisiúint agus é d’aidhm acu caipiteal breise a shlógadh chun tacú freisin leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE); á chreidiúint gurb ionann ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha agus úsáid éifeachtúil acmhainní chun príomhchuspóirí beartais AE a chur chun cinn; á athdhearbhú go bhfuil feidhm a bhaint as ráthaíochtaí buiséadacha agus ionstraimí airgeadais dea-cheaptha, nuair atá siad bunaithe ar riachtanais an mhargaidh, ina shlí an-éifeachtúil le húsáid a bhaint as acmhainní buiséadacha teoranta de chuid an Aontais chun infheistíochtaí a dhí-rioscú agus chun caipiteal príobháideach a charnadh isteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart acmhainní poiblí a dhíriú ar cháilíocht, éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht agus inrochtaineacht seirbhísí poiblí agus bonneagair phoiblí a áirithiú, go háirithe iad siúd a bhaineann le seirbhísí leasa ghinearálta, agus infheistíocht phríobháideach i dteicneolaíochtaí agus tionscail nuálacha agus ghlana á spreagadh ag an am céanna faoi choinníollacha dea-shainithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach é amháin atá i gceist leis an mbearna infheistíochta a dhúnadh méideanna móra airgeadais a shlógadh, ach a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann cistí a dhíriú ar infheistíochtaí táirgiúla; á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht institiúideach, soiléireacht rialála agus cáilíocht tionscadail ríthábhachtach chun caipiteal poiblí agus príobháideach a úsáid go héifeachtach; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, mar gheall ar roinnt tosca, lena n-áirítear rochtain theoranta ar phunann mhargaidh níos leithne, cáilíocht táirgí agus táillí, nach leordhóthanach na brabúis a ghabhann le roinnt mhaith táirgí de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheabhrú go bhféadfaí gnóthachain táirgiúlachta a bhaint amach go príomha trí infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí nuálacha; á mheabhrú go bhfuil an sprioc 3 % de OTI a infheistiú sa taighde agus sa nuálaíocht fós i bhfad ó bheith bainte amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit maoiniú agus uirlisí leordhóthanacha a áirithiú chun an sprioc sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur dúshlán suntasach roimh neamhspleáchas eacnamaíoch na saoránach agus roimh fhorbairt geilleagair láidir agus iomaíoch é leibhéal íseal an oideachais airgeadais i roinnt mhaith Ballstát; á mheabhrú go gcuireann drochoideachas airgeadais bac ar chumas an phobail cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le coigilt, infheistíocht agus pleanáil scoir; á dhearbhú go gcuireann an bhearna sin san oideachas airgeadais bac ar chultúr infheistíochta a fhorbairt atá ríthábhachtach don fhás eacnamaíoch; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá straitéis uaillmhianach, intomhaiste agus dhiongbháilte de chuid an Aontais chun litearthacht airgeadais a chur chun cinn san Eoraip, chun saoránaigh a chumhachtú chun a gcoigilteas a chosaint agus a shlógadh ar bhealach níos fearr agus chun tógáil ar mhargadh caipitil níos tarraingtí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Infheistíocht phríobháideach a shlógadh agus rochtain ar mhaoiniú a éascú</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">trí aontas coigiltis agus infheistíochta a fhorbairt</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi sprioc féin-fhorchurtha an Choimisiúin a bheith ina ‘Choimisiún infheistíochta’ agus leas a bhaint as an maoiniú is gá le haghaidh na n-aistrithe glasa, digiteacha agus sóisialta, chun sineirgí idir infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a uasmhéadú, agus chun caipiteal príobháideach a ghiaráil agus a dhí-rioscú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chreidiúint go méadófar tarraingteacht mhargaí caipitil an Aontais trí mhargadh inmheánach an Aontais a chomhtháthú tuilleadh ar bhealach a chothaíonn iomaíocht i measc chuideachtaí AE, trí dheiseanna eacnamaíocha a chruthú d’infheistíochtaí príobháideacha agus trí shimpliú a dhéanamh, rud a fhágfaidh go mbeidh brabúis níos airde ann do shaoránaigh agus do chuideachtaí; á chur i bhfios go láidir, áfach, go mbaintear an bonn ó bhrabúis mar gheall ar na costais arda a bhaineann le hinfheistíochtaí i margaí airgeadais Eorpacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit réitigh a fhorbairt, bíodh siad reachtach nó eile, chun cruthú margaidh caipitil ar fud an Aontais a chothú ag a bhfuil méid, leachtacht, doimhneacht agus trédhearcacht leordhóthanach chun infheisteoirí atá bunaithe san Aontas agus infheisteoirí idirnáisiúnta araon a mhealladh agus cobhsaíocht airgeadais á cosaint ag an am céanna; á mheabhrú gur príomhdhreasacht do rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola i margaí caipitil é an t-ionchas go mbeidh brabúis nfheistíochta níos airde acu; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, nach mbeidh Aontas na Margaí Caipitil indéanta gan an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil margaí caipitil na hEorpa fós an-ilroinnte, agus go bhfuil cistí infheistíochta Eorpacha fós beagnach seacht n-oiread níos lú ná cistí na Stát Aontaithe<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Noyer, lch. 62.</FIELD></FOOTNOTE>; á mheas go ndéanann sé sin dochar d’iomaíochas earnáil chistí infheistíochta AE <STRING ITALIC="on">vis-à-vis</STRING> iomaitheoirí domhanda, ós rud é gur príomhthoisc é méid an chiste a imríonn tionchar ar na costais a ghearrtar ar infheisteoirí deiridh; á chreidiúint, le himeacht ama, go bhféadfadh méideanna méadaithe cistí agus gnóthachain éifeachtúlachta a bheith mar thoradh ar mhargadh cistí trasteorann níos comhtháite in AE, a d’fhéadfadh, dá gcuirfí ar aghaidh chuig infheisteoirí miondíola iad, cabhrú le costais a laghdú agus luach níos fearr ar airgead a sholáthar d’infheisteoirí deiridh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chreidiúint go rachaidh Aontas na Margaí Caipitil chun tairbhe do thomhaltóirí agus do FBManna trí dheiseanna infheistíochta ardtáirgeachta a thairiscint san fhíorgheilleagar agus, ar deireadh, go gcuirfidh sé borradh faoin margadh caipitil fiontair trí rochtain ar fhoinsí cistiúcháin éagsúlaithe a fheabhsú; á chreidiúint gur cheart tús áite a thabhairt le caipiteal Eorpach do mhaoiniú gnólachtaí Eorpacha atá i mbun fáis, mar a léiríodh leis an Tionscnamh um Sheaimpíní Teicneolaíochta Eorpacha a seoladh i mí Feabhra 2023 chun cuideachtaí teicneolaíochta Eorpacha a bhfuil gealladh fúthu a mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheas gur cheart go mbeadh rochtain níos forleithne ag cuideachtaí ar chaipiteal fiontair mar mhalairt ar iasachtú traidisiúnta bainc chun foinsí cistiúcháin a éagsúlú; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun feabhas a chur ar an gcineál sin maoinithe do chuideachtaí AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil éagsúlacht mhór idir méid, doimhneacht agus leachtacht na margaí caipitil ó Bhallstát go Ballstát, agus gur éirigh i bhfad níos fearr le roinnt Ballstát margaí tarraingteacha príomhúla agus tánaisteacha a sholáthar do ghnólachtaí agus saoránaigh a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh sna margaí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún dea-chleachtais a shainaithint agus iad a chomhtháthú i sruth oibre an aontais coigiltis agus infheistíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheas go mbeidh caipiteal príobháideach ríthábhachtach chun an bhearna infheistíochta a sainaithníodh i dtuarascáil Draghi a dhúnadh ar an mbealach is éifeachtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tacú le creataí institiúideacha agus struchtúir mhargaidh a chomhtháthú; ag athdhearbhú a hiarrata próiseas an chóineasaithe maoirseachta faoi stiúir ESMA a chothú, lena n-áirítear trí chumhachtaí maoirseachta díreacha a dheonú do ESMA i gcás ina dtugann sé sin breisluach Eorpach – mar shampla, thar bhonneagair mhargaidh uile-Eorpacha – chun iomaíochas na margaí liostaithe Eorpacha a fheabhsú agus chun éifeachtúlacht an tírdhreacha maoirseachta agus an comhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta (NCAnna) a fheabhsú; á mheabhrú go bhfuil cumhachtaí díreacha maoirseachta ag ESMA cheana féin ar roinnt eintiteas airgeadais, amhail gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, stórtha trádála agus Contrapháirtithe Lárnacha Leibhéal 2 atá lonnaithe lasmuigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á aithint freisin nach gá i gcónaí maoirseoir aonair a bheith ann chun maoirseacht chomhchuibhithe a bheith ann ach gur féidir í a bhaint amach freisin trí chleachtais mhaoirseachta náisiúnta a chóineasú, i gcás ina bhfuil sé sin níos iomchuí; ag tacú, dá bhrí sin, le rún an Choimisiúin bearta a mholadh chun uirlisí cóineasaithe maoirseachta a neartú agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí, agus maoirseacht dhíreach níos aontaithe ar mhargaí caipitil a bhaint amach trí chúraimí áirithe a aistriú chuig leibhéal AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfios gur cheart go mbeadh aon mhéadú ar chumhachtaí na n-údarás maoirseachta Eorpach (ÚMEnna) fite fuaite le méadú comhréireach ar leibhéal chuntasacht ÚMEnna; á mheas gur cheart rialachas ESMA a athbhreithniú chun éifeachtúlacht agus neamhspleáchas chinntí ESMA a ráthú; ag tacú leis an togra i dtuarascáil Draghi chun struchtúr rialachais níos Eorpaí a thabhairt do ESMA agus chun comhar láidir a bhunú leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ag tarraingt ar shamhail an tSásra Aonair Maoirseachta nó an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheas gur cheart na ÚMEanna a chistiú go leormhaith chun go mbeidh siad in ann a ndualgais a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí pháirt a thabhairt d’institiúidí airgeadais agus do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ó ghnólachtaí faoi mhaoirseacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról láidir don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) chun maoirseacht a dhéanamh ar bhonneagair mhargaidh a bhfuil tábhacht shistéamach leo, i gcomhréir lena fhreagrachtaí faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus faoi Rialachán SIPS<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 795/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 3 Iúil 2014 maidir le ceanglais formhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (IO L 217, 23.7.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/795/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chreidiúint gur cheart do BCE rannchuidiú go gníomhach le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht, athléimneacht agus comhtháthú na gcóras trádála agus iarthrádála ar fud AE, go háirithe tríd an maoirseacht a dhéanann sé ar ardáin amhail Urrúis TARGET2;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfaí aghaidh a thabhairt cheana féin ar an ualach riaracháin agus ar na costais chomhlíonta a bhíonn ann i gcomhthéacs trasteorann trí chomhordú agus comhar níos fearr i measc na n-údarás maoirseachta náisiúnta, e.g. i réimse na comhroinnte sonraí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na ÚMEnna bogadh i dtreo córas ‘ná tuairiscigh ach aon uair amháin’; á mheas gur tionscnamh tábhachtach i ndáil leis sin é an Pointe Rochtana Aonair Eorpach agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go tráthúil é; á mholadh go bhféadfadh ESMA a bheith ina mhol lárnach sonraí freisin, lena ndéanfaí tuairisciú na n-eintiteas atá faoi réir ceanglais tuairiscithe faoi MiFiR<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/oj)<STRING ITALIC="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> agus EMIR<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/648/oj).</FIELD></FOOTNOTE>a lárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún tograí a fhorbairt chun tacú le hathlonnú gníomhaíochtaí imréitigh chuig an Aontas; á chur in iúl gur oth léi an staid reatha, ina ndéantar formhór ghnó imréitigh AE lasmuigh de AE; ag tnúth le gníomh tarmligthe uaillmhianach maidir le cuntais ghníomhacha faoi EMIR 3.0; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach measúnú leanúnach a dhéanamh ar fhorbairt na ngníomhaíochtaí imréitigh agus ar thionchar an rialacháin, agus tuilleadh tograí reachtacha a chur ar aghaidh chun éiceachóras imréitigh an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún maidir le pacáiste uaillmhianach tograí reachtacha chun an t-éiceachóras trádála agus iarthrádála san Aontas Eorpach a neartú, chun bacainní ar ghníomhaíocht trasteorann a bhaint agus chun an creat a chur in oiriúint do theicneolaíochtaí nua; ag dréim leis go bhféadfadh togra den sórt sin cabhrú le haghaidh a thabhairt ar ilroinnt an mhargaidh san Aontas; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart go mbeadh formhór na dtionscnamh a dhéanfar i dtreo comhdhlúthú margaidh faoi thionchar an mhargaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á aithint go bhfuil gá le margaí caipitil éifeachtúla agus leachtacha chun borradh a chur faoi infheistíochtaí, lena n-áirítear bonneagar iomaíoch margaidh iarthrádála; á chur in iúl gur geal léi an togra reachtach ón gCoimisiún chun leasú spriocdhírithe a thabhairt isteach ar an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1,<STRING UNDERLINE="on"> ELI: </STRING>http://data.europa.eu/eli/reg/2014/909/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (CSDR) agus é mar aidhm leis an timthriall socraíochta san Aontas a ghiorrú ó dhá lá (‘T+2’) go dtí lá amháin (‘T+1’) le haghaidh idirbhearta urrús inaistrithe a fhorghníomhaítear ar ionaid trádála; á chur i bhfios go gcuireann an tionscnamh seo ar chumas an Aontais teacht suas le dlínsí eile a bhfuil an t-aistriú go T+1 curtha i gcrích acu cheana féin agus go seachnaíonn sé mí-ailíniú; ag dréim leis go méadóidh an togra éifeachtúlacht agus athléimneacht mhargaí caipitil an Aontais, lena n-áirítear trí rioscaí níos ísle maidir le teipeanna socraíochta, infhaighteacht níos tapúla urrús agus cistí agus ceanglais éarlaise níos ísle; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil dlínsí eile, amhail na Stáit Aontaithe agus an India, ag féachaint ar thimthriallta socraíochta T+0 nó á bpíolótú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú teicniúil agus rialála a thionscnamh go práinneach ar a indéanta atá sé aistriú chuig socraíocht T+0, i ndlúthchomhar le bonneagair mhargaidh, le bainc cheannais agus le rannpháirtithe sa mhargadh; á thabhairt chun suntais go laghdófaí an riosca sistéamach dá ndéanfaí an timthriall socraíochta a ghiorrú tuilleadh, go bhfeabhsófaí éifeachtúlacht an mhargaidh agus go neartófaí tarraingteacht mhargaí caipitil an Aontais ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir feabhas a chur ar tharraingteacht an Aontais mar cheann scríbe infheistíochta trí nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú; á mheas gur cheart go mbeadh ailíniú chreataí reachtacha na mBallstát, agus inniúlachtaí náisiúnta agus íoschaighdeáin á gcaomhnú ag an am céanna, mar chuid den chlár oibre simpliúcháin chun gníomhaíochtaí trasteorann a éascú; á mheabhrú, dá mbeifí ag brath ar rialacháin seachas ar threoracha, go laghdófaí éagsúlachtaí i gcur chun feidhme reachtaíocht AE, lena n-áirítear rórialáil, agus, ar an gcaoi sin, go dtacófaí leis an mbeart leanúnach simpliúcháin; á iarraidh ar an gCoimisiún an prionsabal maidir le Rialáil Níos Fearr a chur i bhfeidhm, rud lena ráthófaí comhchuibhiú i gcás ina léiríonn measúnuithe tionchair breisluach soiléir agus lena rachfaí i ngleic le hilroinnt; ag leagan béim ar na gnóthachain a d’fhéadfaí a bhaint as Creat Airgeadais Inbhuanaithe an Aontais a chuíchóiriú, mar a léiríodh i dtuarascáil Draghi, go háirithe trí shoiléireacht, comhsheasmhacht agus treoir fheabhsaithe; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, Pacáiste Omnibus an Choimisiúin um an Inbhuanaitheacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á mheas gur reachtaíocht éifeachtúil atá sa chéad chéim i dtreo an tsimplithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ÚMEnna rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta do shainorduithe Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 chun a ráthú go mbeidh na sainorduithe sin fianaisebhunaithe, comhréireach agus saincheaptha do riachtanais na hearnála airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na ÚMEnna meastóireacht a dhéanamh freisin ar conas líon agus castacht na ngníomhartha tarmligthe, na ngníomhartha cur chun feidhme, na gceisteanna agus na samplaí atá ar na bacáin a laghdú; á chur i bhfáth gur cheart do ÚMEnna cloí go docht leis an sainordú arna sholáthar ag an reachtóir Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Gníomh um Liostú ar an Stocmhalartán le déanaí, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí de gach méid, lena n-áirítear FBManna, liostú ar stocmhalartáin Eorpacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart go rannchuideodh forálacha Leibhéal 2 an Ghnímh um Liostú ar an Stocmhalartán le timpeallacht liostaithe níos inrochtana agus níos costéifeachtaí ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar ilroinnt na gcreataí náisiúnta dócmhainneachta agus sásraí éifeachtacha a bhunú chun díospóidí trasteorann a réiteach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cóineasú dlíthiúil agus soiléireacht nós imeachta níos fearr bunriachtanach chun bacainní ar infheistíocht trasteorann a laghdú agus chun tacú le comhtháthú níos doimhne ar mhargaí caipitil an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta go fóill do chuspóirí foriomlána an chreata airgeadais inbhuanaithe a bhaint amach agus d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a shlógadh sna haistrithe; á mheabhrú go mbeidh ioncam ón gCóras Trádála Astaíochtaí ríthábhachtach chun tacú le hinfheistíochtaí chun críoch a bhaineann leis an aeráid agus le fuinneamh faoi bhuiséid na mBallstát agus an Aontais araon; ag tabhairt dá haire gur athdhearbhaigh an Coimisiún a uaillmhian leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le maoiniú inbhuanaithe ag tús a théarma reatha; ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnú criticiúil á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar gach gné den chreat airgeadais inbhuanaithe agus go bhféadfadh sé tograí simpliúcháin a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún togra a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2088/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (RNAI), lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar rioscaí glas-snasaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth go mbíonn tionchar diúltach ag praghsanna arda fuinnimh ar iomaíochas an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an togra a rinneadh i dtuarascáil Draghi; á iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm an phrionsabail ‘riail na gníomhaíochta céanna’ agus go ndéanfaí athbhreithniú ar an díolúine ó ghníomhaíocht choimhdeach lena gcuirtear ar chumas cuideachtaí neamhairgeadais trádáil a dhéanamh ar mhargaí na ndíorthach fuinnimh gan a bheith faoi réir an ghrinnscrúdaithe chéanna le heintitis airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á thabhairt chun suntais go mbíonn fás suntasach ar chuideachtaí a dhéanann margaí caipitil a rochtain, ós rud é go gcuireann sé sin ar a gcumas a dtionscadail leathnaithe, nuálaíochta agus forbartha a chistiú; á áitiú, trí acmhainní a fháil ó bhonn níos leithne infheisteoirí, gur féidir leis na cuideachtaí sin a bhfoinsí cistiúcháin a éagsúlú; á chreidiúint go spreagadh tairiscintí tosaigh don phobal (IPOnna) buntábhachtach d’fhás ghnólachtaí na hEorpa agus do chomhtháthú breise mhargaí caipitil an Aontais; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme bearta lena laghdaítear bacainní rialála agus lena bhfeabhsaítear rochtain ar chaipiteal, á áirithiú gur féidir le FBManna rochtain a fháil go héasca ar mhargaí caipitil gan costais iomarcacha ná castacht iomarcach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go leanfaidh líon na IPOnna san Aontas de bheith teoranta mura mbeidh straitéis shoiléir chomhordaithe ann, rud a chuirfidh bac ar acmhainneacht fáis chuideachtaí Eorpacha agus a laghdódh tarraingteacht mhargaí an Aontais d’infheisteoirí domhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil dul chun cinn déanta ag rialacháin de chuid AE, amhail an Rialachán maidir le Réamheolairí agus MiFID II, maidir le trédhearcacht agus éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú, cé gur féidir níos mó a dhéanamh chun próisis a chuíchóiriú do chuideachtaí atá ag iarraidh iompú ina gcuideachtaí poiblí; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le cleachtais mhargaidh a chomhchuibhiú tuilleadh ar fud na mBallstát chun fíormhargadh caipitil aonair a chruthú; ag cosaint chur i bhfeidhm na ndea-chleachtas ar leibhéal an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir le creat cánach reatha an Aontais, ina bhfuil 27 gcóras cánach corparáide éagsúla, bacainní a chruthú do ghnólachtaí agus d’infheistíocht trasteorann sa mhargadh inmheánach;<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT) (COM(2023)0532), meabhrán míniúcháin, lch. 8.</FIELD></FOOTNOTE> á chreidiúint go bhféadfadh cuideachtaí nuálacha tairbhe a bhaint as sraith aonair rialacha uile-Aontais, i gcás inarb ábhartha, agus as cleachtais choiteanna; ag cur suntas, ina leith sin, sa togra ‘Gnó san Eoraip: creat le haghaidh cánachas ioncaim’ lena mbunaítear tacar aonair rialacha chun boinn cánach corparáide cuideachtaí a ríomh; á mheabhrú go bhfuil roinnt tionscnaimh reachtacha i réimse an chánachais fós ar feitheamh agus go bhfuil sé tábhachtach deimhneacht, intuarthacht agus cobhsaíocht a ráthú; ag cur suntas sa soiléiriú a thug an Coimisiún ar cé na tionscnaimh atá le tarraingt siar i réimse an chánachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á mheabhrú go dtagann formhór na n-ábhar cánachais faoi inniúlacht náisiúnta na mBallstát; á chur i bhfáth, áfach, go bhféadfadh creat níos comhordaithe don chánachas corparáideach cabhrú le costais chomhlíonta a laghdú agus an t-ualach riaracháin a laghdú, agus freisin cothrom iomaíochta a chruthú do ghnólachtaí atá ag feidhmiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, leathnú a spreagadh, deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus infheistíochtaí agus fás a spreagadh san Aontas; ag tathant ar na Ballstáit dlús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le rialacha dímheasa, go háirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar na tairbhí agus na míbhuntáistí a bhaineann le rogha an 28ú córas agus measúnú a dhéanamh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a chur chun feidhme lena ndreasófar infheisteoirí intíre agus seachtracha araon chun páirt a ghlacadh i margaí caipitil Eorpacha; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit chun beartais chánach lena spreagtar infheistíocht a dhearadh agus a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur moladh i dtuarascáil Draghi dreasachtaí cánach a chur ar fáil chun tacú le hearnálacha straitéiseacha a fhorbairt; á mheas gur cheart do dhreasachtaí cánach atá nasctha le táirgí infheistíochta tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí a dhéantar san Eoraip chun tacú le hiomaíochas na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, mar chéad chéim agus chun castacht agus ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a laghdú, treoirlínte ón gCoimisiún maidir le dreasachtaí cánach a dhearadh, agus inniúlachtaí náisiúnta na mBallstát á n-urramú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann cheana ar infheistíochtaí miondíola trasteorann, amhail nósanna imeachta atá róchasta chun cánacha siarchoinneálacha a aisghabháil agus an easpa íoschaighdeán uile-Aontais do chruinnithe ginearálta scairshealbhóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur colún riachtanach de straitéis infheistíochta an Aontais é comhtháthú an mhargaidh caipitil, ar féidir, i gcás inarb éifeachtúil, é a chomhlánú le dreasachtaí atá deartha go cúramach maidir le táirgí fadtéarmacha chun an tionchar a uasmhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a fhorbairt a bheidh dírithe ar choigilteas a threorú trí tháirgí coigiltis fadtéarmacha chuig infheistíochtaí táirgiúla, ag tógáil ar thaithí náisiúnta lenar léiríodh glacadh láidir miondíola; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar réitigh agus staidéar a dhéanamh ar smaointe amhail cuntas coigiltis infheistíochta AE a chruthú a mbeadh rochtain ag saoránaigh uile AE air nó lipéad ar leibhéal AE le haghaidh táirgí infheistíochta atá oiriúnach d’infheisteoirí miondíola ar bhonn critéir choiteanna nó gnéithe comhchoiteanna amhail ‘táirgí neamhchasta’, costais chomhréireacha, fócas fadtéarmach infheistíochta, leithdháileadh sócmhainní agus teicnící maolaithe riosca; ag tathant ar an gCoimisiún deighleog chomhairle shimplithe agus chuíchóirithe nó deighleog threoraithe forghníomhaithe amháin a thabhairt isteach do tháirgí atá lipéadaithe mar tháirgí bunúsacha agus simplí; á iarraidh, go háirithe, ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhreisluach agus éifeachtacht lipéid le haghaidh infheistíochtaí lena gcuirtear deiseanna luaíochta ar fáil d’infheisteoirí ar fud an domhain nó atá inbhuanaithe agus atá lonnaithe den chuid is mó san Aontas (an lipéad ‘Infheistigh san Eoraip’ nó ‘Déanta san Eoraip’) agus ar fhonn na gcuideachtaí agus na saoránach an lipéad sin a ghlacadh; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag tionscnamh den sórt sin coigilteas breise a ghiniúint agus éagsúlacht táirgí, dáileoirí agus struchtúr margaidh ar fud an Aontais á cosaint agus, i gcás inar féidir, á feabhsú ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt Ballstát ag bogadh ar aghaidh le ‘Eoraip na dtoilteanach’; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a bheith chomh huaillmhianach agus is féidir agus bogadh ar aghaidh mar bhloc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh seacht mBallstát an lipéad Eorpach ‘<STRING ITALIC="on">Finance Europe</STRING>’ maidir le Coigilteas Fadtéarmach<FOOTNOTE><FIELD> Aireacht Geilleagair, Airgeadais agus Ceannasachta Tionsclaíche agus Digití na Fraince, Seoladh an Lipéid ‘<STRING ITALIC="on">Finance Europe</STRING>’:<STRING ITALIC="on"> creating investment opportunities for financing the European economy</STRING>[deiseanna infheistíochta a chruthú chun geilleagar na hEorpa a mhaoiniú], preaseisiúint, an 6 Meitheamh 2025, https://presse.economie.gouv.fr/lancement-du-label-europeen-finance-europe-pour-que-lepargne-des-europeens-contribue-au-financement-de-leconomie-europeenne/.</FIELD></FOOTNOTE> i gcomhar lena dtionscail airgeadais náisiúnta; ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na critéir le haghaidh an lipéid sin leithdháileadh punainne ina n-infheistítear 70 % ar a laghad de shócmhainní i gcuideachtaí Eorpacha, íostréimhse infheistíochta cúig bliana, a ndéantar cuid shuntasach díobh a infheistiú i gcothromas agus dreasachtaí cánach a d’fhéadfadh a bheith deartha go náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á mheabhrú go raibh deacrachtaí go dtí seo ag táirgí uile-Eorpacha a bhí ann cheana, amhail cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna) agus táirgí pinsin phearsanta uile-Eorpacha (PEPPanna), tarraingt fhóinteach a fháil i measc infheisteoirí miondíola; ag aithint go bhfuil athchóirithe leanúnacha á ndéanamh atá dírithe ar iad a dhéanamh níos tarraingtí, ach á chur i bhfáth go léirítear le taithí a fuarthas nach leor an dearadh rialála amháin chun glacadh a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil cosaint láidir tomhaltóirí bunriachtanach chun muinín a chothú agus chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht i dtáirgí infheistíochta Eorpacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le nochtaí soiléire, struchtúir táille thrédhearcacha agus ísle, rochtain ar sheirbhísí bunúsacha airgeadais chun cuimsiú airgeadais a chur chun cinn, rialáil láidir ar uirlisí digiteacha amhail an intleacht shaorga (IS) arna n-úsáid ag institiúidí airgeadais agus táirgí airgeadais Eorpacha á ndíol agus comhairle á cur ar fáil acu ina leith agus rialáil agus caighdeánú láidir ar tháirgí airgeadais, arna gcomhlánú le tionscnaimh spriocdhírithe ar oideachais airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún tacú le Fine Innéacs Eorpach d’Aontas na Margaí Caipitil<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, <STRING ITALIC="on">Feasibility study for the creation of a CMU Equity Market Index Family</STRING>[Staidéar féidearthachta maidir le Fine Innéacs Margaidh Cothromais CMU a chruthú], 2020, https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/1562efbd-cbc6-11ea-adf7-01aa75ed71a1/language-en/.</FIELD></FOOTNOTE> a fhorbairt bunaithe ar shonraí a chuirfear ar fáil faoin Teilitéip Chomhdhlúite uile-Aontais a bheidh ann amach anseo, rud a thabharfadh infheictheacht níos fearr do mhargaí náisiúnta beaga san Aontas ar lú a leachtach, agus a chuirfeadh ar chumas shaoránaigh na hEorpa infheistíocht a dhéanamh go héasca i gcothromais lárchaipitlithe agus i gcothromais bheaga ar fud Bhallstáit uile an Aontais; á mheas gur cheart go gcumhdófaí leis an bhfine innéacs sin na stoic uile atá liostaithe go poiblí in AE agus gur cheart go gceadófaí léi d’fho-innéacsanna do thíortha, réigiúin agus earnálacha aonair freastal ar riachtanais éagsúla infheisteoirí, eisitheoirí agus a malartuithe; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh forbairt agus bainistiú na n-innéacsanna, chomh maith lena n-úsáid ag rannpháirtithe sa mhargadh, costéifeachtach chun an t-ualach ar rannpháirtithe sa mhargadh a íoslaghdú agus chun éifeachtaí dearfacha dara babhta a uasmhéadú, amhail liostú méadaithe stoic agus táirgí airgeadais nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá rochtain níos fearr ar phraghsáil cothrom le dáta agus ar fhaisnéis faoi tháirgí d’infheisteoirí miondíola, agus ar dheiseanna le haghaidh tairiscintí saincheaptha; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun an fhaisnéis sin a dhéanamh níos inrochtana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á mheabhrú go mbraitheann córais phinsin agus a samhlacha maoinithe den chuid is mó ar shainiúlachtaí náisiúnta; á chur i bhfáth go gcuidíonn pinsin le pinsinéirí a chosaint, margaí caipitil a thógáil agus córais infheistíochta a shlógadh, agus nach mór dóibh tosaíocht a thabhairt don chobhsaíocht, don dlúthpháirtíocht agus do sholáthar ioncaim leormhaith agus intuartha do dhaoine ar scor; á thabhairt chun suntais gur cheart coimircí láidre cosanta do choigilteoirí miondíola a mheas agus táirgí pinsin cholún 2 agus cholún 3 á bhforbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chreidiúint gur féidir le córais rianaithe pinsean forléargas níos soiléire a thabhairt do shaoránaigh Eorpacha ar na teidlíochtaí pinsin ar féidir leo a bheith ag súil leo agus iad ar scor; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfaidh na Ballstáit uile isteach córais rianaithe pinsin atá simplí agus trédhearcach agus a bhfuil rochtain éasca agus shaor ag saoránaigh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag idirghabhálaithe amhail cistí pinsin agus gnóthais árachais maidir le coigilteas príobháideach a dhíriú ar infheistíochtaí táirgiúla; ag dréim leis go nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe uaillmhianach maidir le ráthaíochtaí fadtéarmacha agus cothromais fhadtéarmacha faoi Shócmhainneacht II lena léirítear go hiomlán an comhaontú ar tháinig na comhreachtóirí air maidir le treoir leasaitheach Shócmhainneacht II agus lena gcuirtear san áireamh moltaí ábhartha ÚEÁPC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag dréim leis go bhforbróidh an Coimisiún réitigh lena gcuirfear ar chumas cuideachtaí, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, micrifhiontair agus FBManna atá ag dul i méid, uas-scálú agus liostú a dhéanamh laistigh den Aontas; á iarraidh, dá bhrí sin, go n-áireofaí caibidil maidir le maoiniú i straitéis AE amach anseo do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú, go háirithe maidir le caipiteal fiontair, ina leagfar amach na dreasachtaí cearta do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha agus do ghnólachtaí Eorpacha atá i mbun fáis gan athlonnú chuig tíortha lasmuigh de AE agus lena ndíreofar ar thimpeallacht infheistíochta tharraingteach agus oscailte a chruthú ina gcuirfear fáilte roimh infheisteoirí AE agus domhanda araon ar mian leo infheistíocht a dhéanamh san Aontas; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tallann a mhealladh chuig an Aontas chun fás eacnamaíoch fadtéarmach, nuálaíocht agus iomaíochas domhanda a áirithiú; á thabhairt chun suntais gur gá comhtháthú phríomh-mhargaí an Aontais a dhoimhniú trí chóineasú rialála a chur chun cinn agus trí liostú trasteorann a éascú; á aithint gur pointe iontrála ríthábhachtach i margaí caipitil do FBManna iad margaí fáis FBManna agus gur cheart iad a dhéanamh níos inrochtana trí cheanglais chuíchóirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht spriocdhírithe ar leibhéal na Aontais chun a áirithiú go sroichfidh torthaí taighde an margadh ar bhealach níos éifeachtaí, go háirithe sna Ballstáit a bhfuil éiceachórais nuálaíochta níos laige iontu; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé institiúidí taighde a nascadh le gnólachtaí nuathionscanta agus leis an tionscal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tacú le himeacht infheisteoirí ó chuideachtaí príobháideacha trí shásraí a chur chun cinn amhail trádáil eadrannach iltaobhach scaireanna atá i seilbh phríobháideach, agus, ar an gcaoi sin, leachtacht agus trédhearcacht a fheabhsú, agus a chur ar chumas infheisteoirí luathchéime brabúis a bhaint amach; á mheas gur cheart sásraí den sórt sin a cheapadh go sonrach chun trádáil trasteorann a éascú ar fud Bhallstáit an Aontais agus cearta scairshealbhóirí á gcaomhnú ag an am céanna, go háirithe do scairshealbhóirí mionlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do chlár oibre uaillmhianach maidir le haontas coigiltis agus infheistíochta lena ndreasaítear infheistíocht phríobháideach, lena gcothaítear cobhsaíocht airgeadais agus cosaint tomhaltóirí, lena dtugtar tús áite do rochtain ar chaipiteal fiontair agus ar infheistíocht chothromais chun cur ar chumas FBManna tairbhe a bhaint as comhtháthú margaidh níos fearr, lena n-áirithítear rochtain ar mhargaí d’infheisteoirí miondíola, lena gcuirtear borradh faoin litearthacht airgeadais, agus lena laghdaítear róspleáchas ar iasachtú bainc agus lena gcomhlánaítear é, agus dreasachtaí á gcur ar fáil ag an am céanna do ghníomhaíochtaí inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach feasacht agus muinín airgeadais a mhéadú chun Aontas rathúil Margaí Caipitil a chruthú agus chun infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil litearthacht airgeadais fós íseal ar fud an Aontais, gan ardleibhéal litearthachta airgeadais ach ag 18 % de shaoránaigh AE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir leibhéil eolais ar fud na mBallstát agus na ngrúpaí déimeagrafacha; á iarraidh go ndíreofar a bhealach níos soiléire ar an litearthacht airgeadais, ós rud é gur gá feabhas a chur ar leibhéal tuisceana shaoránaigh AE ar tháirgí infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á mheas gur cheart tionscnaimh oideachais airgeadais mhéadaithe a chothú laistigh den Aontas chun tuiscint na saoránach ar na tairbhí a bhaineann le rannpháirtíocht sa mhargadh caipitil a mhéadú agus chun cabhrú le hinfheisteoirí aonair cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh straitéis nua agus á iarraidh go mbeadh sé uaillmhianach go leor chun feabhas suntasach a chur ar leibhéil oideachais ar fud na hEorpa, agus athrú marthanach á áirithiú aige; á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le bearta a ghlacadh chun oideachas airgeadais níos inrochtana agus níos cothroime a chur chun cinn ar fud an Aontais, agus inniúlachtaí náisiúnta á n-urramú; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit cistiú a thabhairt do thionscnaimh ó eagraíochtaí tomhaltóirí, ó chomhlachais infheisteoirí aonair agus ó eagraíochtaí scairshealbhóirí a chuireann tuiscint chun cinn agus a chothaíonn rannpháirtíocht mhiondíola i margaí caipitil; ag tathant ar an gCoimisiún tacú le huirlisí digiteacha neamhspleácha, soláimhsithe a fhorbairt lena bhféadfaí saoránaigh a chumhachtú chun comparáid a dhéanamh go héasca idir gnéithe agus saintréithe éagsúla na dtáirgí infheistíochta atá ar fáil ar an margadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir tionscnaimh oideachais airgeadais a chur in ionad creata láidir cosanta infheisteoirí; á chur i bhfios go bhféadfadh tionchar teoranta a bheith ag tionscnaimh litearthachta airgeadais, i bhfianaise na dteorainneacha iompraíochta dosheachanta agus na gclaontachtaí cognaíocha a dhéanann difear d’infheisteoirí aonair, agus luas na nuálaíochta agus chastacht mhór na margaí airgeadais; á chreidiúint go bhféadfadh tionscnaimh ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát chun tacú le caighdeánú agus simplíocht táirgí airgeadais cur le tuiscint shaoránaigh AE ar tháirgí infheistíochta agus feabhas a chur ar a n-inchomparáideacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an bhéim a leagann siad ar dhigitiú in earnáil na seirbhísí airgeadais a mhéadú chun leas a bhaint as na deiseanna nua a chuireann IS, comhroinnt sonraí agus teicneolaíocht nua ar fáil, agus chun leanúint de bheith iomaíoch go hidirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíochtaí cothromais fadtéarmacha ó infheisteoirí institiúideacha a éascú, lena n-áirítear bainc, árachóirí, cistí pinsin agus cistí infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag tacú le scéim Eorpach árachais taiscí lánfheidhme a bhunú; ag aithint go bhfuil comhroinnt riosca agus laghdú riosca idirnasctha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearnadh athbhreithniú ar an gcreat urrúsaithe a thíolaic an Coimisiún an 17 Meitheamh 2025, a d’fhéadfadh rannchuidiú le comhtháthú airgeadais tríd an mbearna idir iasachtú bainc agus margaí caipitil a dhúnadh; á mheas gur cheart go ndíreodh gníomhaíocht atá dírithe ar urrúsú a athbheochan ar chuíchóiriú na gceanglas rialála maidir le nochtadh agus ar chritéir shimplí, thrédhearcacha agus chaighdeánaithe gan bac a chur ar chobhsaíocht airgeadais a lagú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An úsáid is fearr a bhaint as acmhainní poiblí chun an bhearna táirgiúlachta a dhúnadh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá maoláin fhioscacha chun tacú le hinfheistíocht phoiblí; á aithint, go háirithe, gur cheart do na Ballstáit, faoi chreat na rialacha fioscacha, leibhéal na hinfheistíochta poiblí arna maoiniú go náisiúnta a choinneáil, ar a laghad, ar feadh ré a bpleananna struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, i gcoibhneas leis an leibhéal meántéarmach roimh thús an phlean;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach dócha go mbeidh an earnáil phríobháideach in ann an sciar is mó den infheistíocht is gá a mhaoiniú chun an geilleagar a dhigitiú agus a dhícharbónú gan tacaíocht ón earnáil phoiblí; á chreidiúint go mbeidh gá le hinfheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a shlógadh go suntasach, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí i gcás inarb ábhartha, mar gheall ar phráinn na mbeart maidir le hiomaíochas, cosaint, fuinneamh agus dícharbónú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfios, áfach, go bhfuil leibhéil arda fiachais phoiblí ar fud AE agus go bhfuil an spás fioscach teoranta; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach mór aon bheart tacaíochta poiblí atá dírithe ar shlógadh infheistíochtaí príobháideacha a bheith spriocdhírithe go maith; á chur i bhfios gur éirigh le tionscnaimh dí-rioscaithe, e.g. trí ráthaíochtaí poiblí, an sprioc sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur i bhfáth go mbeadh costais ollmhóra ar an airgeadas poiblí mar thoradh ar thionchar méadaithe agus minicíocht mhéadaithe tubaistí nádúrtha; ag tabhairt dá haire nach gcuirtear na costais sin a bheidh ann amach anseo san áireamh faoi láthair san anailís ar inbhuanaitheacht fiachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit bearta uaillmhianacha agus nithiúla chun laghdú ar infheistíocht phoiblí tar éis 2026 a sheachaint, tráth, agus ionchas ann go mbeidh cogadh mór trádála ann a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar leithdháileadh infheistíochtaía, a bheith an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Clár InvestEU le dul in éag freisin; ag cur suntas i lochtanna bunúsacha RRF, amhail gan páirt a thabhairt d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla ón dearadh go dtí an gcur ar fáil trí chur chuige rialachais áitbhunaithe agus il-leibhéil; á thabhairt chun suntais gur gá infheistíochtaí poiblí a chothú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon chun infheistíocht phríobháideach a ghiaráil agus chun seirbhísí agus bonneagair phoiblí ardcháilíochta a mhaoiniú; á chreidiúint gur cheart an creat sin, i gcás inarb iomchuí, a neartú le hionstraimí agus uirlisí infheistíochta ar leibhéal an Aontais atá ceaptha chun an costas do cháiníocóirí AE a íoslaghdú agus chun éifeachtúlacht i soláthar earraí poiblí Eorpacha a uasmhéadú, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chéim i dtreo sócmhainn shábháilte choiteann freisin; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an togra maidir le pacáiste Omnibus do InvestEU, lena slógfar méid suntasach d’infheistíocht bhreise don chuid eile den chreat airgeadais ilbhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil gá le comhordú éifeachtach ar bheartais fhioscacha náisiúnta chun leibhéil leordhóthanacha infheistíochta poiblí a choinneáil do AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>ag tabhairt dá haire, chun creat fioscach AE a chomhlíonadh, go bhfuiltear ag dréim leis go saothróidh rialtais AE staid fhioscach shriantach in 2025 a d’fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar riachtanais infheistíochta AE; ag cur béim ar an bhfíoras, de réir mar a bhíonn rialtais AE ag streachailt lena n-ualaí fioscacha faoi seach, go bhfuil gá le hionstraimí infheistíochta uile-Aontais chun an bhearna infheistíochta a dhúnadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á mheabhrú gurb é ciste téarnaimh NextGenerationEU an pacáiste spreagtha is mó atá maoinithe ag an Aontas riamh chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach; á chur i bhfios go bhfuil ceisteanna lárnacha maidir le hathmhaoiniú NextGenerationEU fós gan réiteach; á iarraidh ar an gComhairle acmhainní dílse nua a ghlacadh mar ábhar práinne chun aisíoc inmharthana chostais iasachtaíochta NextGenerationEU a chumasú; á mheas gur cheart na hionstraimí agus na huirlisí uile a fhiosrú chun na hacmhainní is gá a sholáthar don Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfaí tagarmharc a shocrú trí shócmhainn shábháilte choiteann a eisiúint lena n-éascófaí baint amach Aontas na Margaí Caipitil, lena bhfeabhsófaí tarchur an bheartais airgeadaíochta ar fud an euro, lena dtreiseofaí ról idirnáisiúnta an euro agus lena dtabharfaí aghaidh ar chuid de na riachtanais infheistíochta a sainaithníodh i dtuarascáil Draghi; á athdhearbhú, i ndáil leis sin, gur rogha inmharthana í iasachtaíocht chomhpháirteach trí bhannaí AE a eisiúint chun a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an Aontas chun freagairt do ghéarchéimeanna tromchúiseacha uile-Aontais amhail an ghéarchéim atá ann go fóill i réimse na slándála agus na cosanta; á iarraidh ar an gCoimisiún an plé maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbearna shuntasach infheistíochta san Aontas a sainaithníodh i dtuarascáil Draghi a chur chun cinn, agus tograí nithiúla a thíolacadh le haghaidh réitigh mhaoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún feabhas a chur ar rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola i dtáirgí airgeadais Eorpacha i gcomhar le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus le bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh; á mholadh go ndéanfaí sócmhainní sábháilte arna n-eisiúint ar leibhéal AE a ionchorprú i dtáirgí coigiltis d’oibrithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais a shlógadh láithreach mar gheall ar riachtanais mhéadaithe chosanta a eascraíonn as teannas geopholaitiúil, gan dochar do chineál sonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe, go háirithe iad siúd a chloíonn le stádas neodrachta; á chur in iúl gur geal léi an togra atá le teacht ón gCoimisiún le haghaidh ionstraim airgeadais SAFE nua suas le EUR 150 billiún chun borradh a chur faoi chumais chosanta an Aontais mar chuid den phlean ReArm Europe; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur roghnaigh an Coimisiún a thogra reachtach a bhunú ar Airteagal 122 CFAE, lena n-eisiatar comhairliúchán leis an bParlaimint; á mheabhrú go mbraitheann forbairt éifeachtach na gcumas cosanta ar infheistíocht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais, lena n-áirithítear idir-inoibritheacht agus lena ngintear gnóthachain éifeachtúlachta, seachas a bheith ag brath go príomha ar chaiteachas náisiúnta ilroinnte trí chlásail éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun infheistíochtaí a bhaineann le cosaint a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh comhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ghrúpa BEI chun ciste cistí a chur ar bun ar a dtabharfaí an ‘tSaoráid Cothromais Cosanta’, ag a mbeadh buiséad EUR 175 mhilliún don tréimhse 2024-2027, chun tacú le hinfheistíocht phríobháideach in FBManna Eorpacha a mbíonn teicneolaíochtaí cosanta dé-úsáide nuálacha á bhforbairt acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas Ghrúpa BEI, a leagtar amach ina Threochlár Straitéiseach 2024–2027, cuidiú le hAontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn trí chaipiteal príobháideach a shlógadh le haghaidh infheistíochtaí táirgiúla agus trí thacú le gnóthachain i bpríomhréimsí beartais AE, nuálaíocht ar feadh shaolré cuideachtaí, maoiniú caipitil fiontair agus maoiniú cothromais ardriosca do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis; á mheabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar bhanc poiblí AE tacú le tionscadail fhadtéarmacha aistrithe a bhfuil deacracht acu cistiú a fháil ón earnáil phríobháideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá próisis agus sainorduithe BEI a shimpliú, a chuíchóiriú, a bharrfheabhsú agus a chomhdhlúthú chun sineirgí, éifeachtacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú, agus chun an t-ualach riaracháin, na costais tuairiscithe agus an chastacht do chuideachtaí agus do thionscadail a laghdú, a d’fhéadfaí a dhíspreagadh murach sin ó mhaoiniú a lorg mar gheall ar nósanna imeachta casta, costais arda chomhlíonta agus éiginnteacht rialála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag tacú leis an úsáid mhéadaithe a bhaineann BEI as ionstraimí ardriosca amhail cothromas díreach agus indíreach agus maoiniú cuasachothromais, lena n-áirítear tríd an gCiste Eorpach Infheistíochta, chun infheistíocht i gcuideachtaí agus i gcistí a chothú, go háirithe trí chaipiteal fiontair agus fiachas fiontair, agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna nach mór ionstraimí ardriosca a úsáid le creataí riosca soiléire agus táscairí feidhmíochta intomhaiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chreidiúint go mbaineann tacaíocht phoiblí d’infheistíocht le níos mó ná rochtain ar mhaoiniú agus gur cheart go gcuimseofaí léi freisin cúnamh teicniúil, bainistiú tionscadal, fothú acmhainneachta, tráchtálú taighde, tacú le rochtain a fháil ar mhaoiniú príobháideach agus comhar a chothú idir ollscoileanna agus caipiteal fiontair chun nuálaíocht agus iomaíochas a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún Uirlis um Chomhordú Iomaíochais a mholadh lena dtacófar freisin le riachtanais thionsclaíocha, ganntanais agus deiseanna margaidh Eorpacha a shainaithint, agus moltaí ábhartha a chur ar fáil; á chur i bhfáth gur cheart é a nascadh leis an gCiste Iomaíochais atá ar na bacáin chun réitigh éifeachtacha ar dhúshláin thionsclaíocha ar fud an Aontais a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún béim níos mó a leagan ar thosaíochtaí an aontais coigiltis agus infheistíochta sa Seimeastar Eorpach, ag áirithiú go spreagfar go comhsheasmhach athchóirithe agus bearta struchtúracha chun margaí caipitil an Aontais a dhoimhniú agus a chomhtháthú agus go ndéanfar faireachán agus meastóireacht chomhsheasmhach ar na hathchóirithe agus bearta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha a ionchorprú chun caipiteal fiontair a chur chun cinn sa Chiste Iomaíochais a bheidh ann amach anseo, sa Chlár TechEU agus in aon tionscnaimh chomhchosúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>ag aithint ról an bheartais iomaíochta agus na státchabhrach maidir le tacú le forbairt thionscal na hEorpa; á mheas, áfach, go bhféadfadh tuilleadh ilroinnte ar an margadh aonair a bheith mar thoradh ar an státchabhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfoilseoidh an Coimisiún athbhreithniú meántéarma ar an aontas coigiltis agus infheistíochta faoi R2 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an Pharlaimint rannpháirteach go leordhóthanach i gcur chun feidhme an aontais coigiltis agus infheistíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún páirt a ghlacadh i bplé luath i réimse Aontas na Margaí Caipitil agus na seirbhísí airgeadais sula gcuirfear tograí nua ar aghaidh agus sula ndéanfar aon choigeartuithe ar na cinn atá ann cheana;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>