<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0188</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Na féidearthachtaí maidir le cistí comhtháthaithe a shimpliú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0138/2025 -  Rapóirtéir: Vladimir Prebilič)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 ar na féidearthachtaí maidir le cistí comhtháthaithe a shimpliú (2024/2106(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 4, 162, 174 go 178, agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán na bhForálacha Coiteanna’ – CPR),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1056/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1059/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 99, 31.3.2020, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/460/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2025 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/925, 19.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/925/oj.</FIELD></FOOTNOTE>;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005<FOOTNOTE><FIELD> IO L 347, 20.12.2013, lch. 487, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1305/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 maidir leis an gCód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO L 74, 14.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/240/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Cód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2024 maidir le forbairt chríochach a chur chun feidhme (CPR, Teideal III, Caibidil II) agus a cur i bhfeidhm i gClár Oibre Críochach Eorpach 2030<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5704, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5704/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 24 Eanáir 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU budget and place-based policies</STRING>: <STRING ITALIC="on">proposals for new design and delivery mechanisms in the MFF post-2027</STRING>’ [Buiséad an Aontais agus beartais áitbhunaithe: tograí le haghaidh sásraí nua deartha agus seachadta in CAI tar éis 2027],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Feabhra 2025 dar teideal ‘Treoshuíomh torthaí an bheartais comhtháthaithe tar éis 2027 a neartú - dúshláin, rioscaí agus deiseanna’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/2018, 30.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2018/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal An Bóthar i dtreo an Chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil Eile (COM(2025)0046),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 5 Nollaig 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Review of the Territorial Agenda 2030 - Towards a more integrated and civic approach with stronger links with the cohesion policy’</STRING><FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/773, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/773/oj.</FIELD></FOOTNOTE> [Athbhreithniú ar Chlár Oibre Críochach 2030 - I dtreo cur chuige níos comhtháite agus níos sibhialta le naisc níos láidre leis an mbeartas comhtháthaithe],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha bliantúla Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbliain airgeadais 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’athbhreithniú 03/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 8 Iúil 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">An overview of the assurance framework and the key factors contributing to errors in 2014-2020 cohesion spending</STRING>’ [Forbhreathnú ar an gcreat dearbhaithe agus ar na príomhthosca a chuireann le hearráidí i gcaiteachas comhtháthaithe 2014-2020],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 22/2024 an 21 Deireadh Fómhair 2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Cistiú dúbailte ó bhuiséad an Aontais – Níl eilimintí bunriachtanacha sna córais rialaithe trína ndéanfaí an riosca méadaithe a eascraíonn as samhail maoiniúcháin STA nach bhfuil nasctha le costais a mhaolú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 13/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Ionsú cistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ag déileáil le moilleanna, ach tá rioscaí fós ann a mhéid a bhaineann le bearta a chríochnú agus le cuspóirí STA a bhaint amach’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Rialú Buiséadach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim i bhfoirm litreach ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A10-0138/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb é an beartas comhtháthaithe an uirlis infheistíochta is tábhachtaí de chuid an Aontais chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha a laghdú, agus nár cheart a chineál fadtéarmach a chur i mbaol le bearta éigeandála nó leasuithe atá dírithe ar chistí comhtháthaithe a athrú le haghaidh tosaíochtaí eile; de bhrí nach mór cistí an bheartais chomhtháthaithe a chur i leataobh i gcónaí dá bpríomhchuspóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur féidir leis an gcomhar réigiúnach gníomhú mar chatalaíoch don nuálaíocht agus don athléimneacht, agus gur cheart go gcuirfeadh ionstraimí beartais chomhtháthaithe ar chumas an chomhair sin a bheith faoi bhláth thar theorainneacha críochacha agus riaracháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, a phlean gníomhaíochta, agus na príomhspriocanna atá dírithe ar dhul i ngleic leis an mbochtaineacht, ar fhostaíocht a mhéadú agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn; de bhrí gur den ríthábhacht an choinníollacht a bhaineann leis an smacht reachta, chomh maith le caighdeáin shóisialta agus chearta an duine, agus nár cheart go mbainfí an bonn díobh trí iarrachtaí simplithe; de bhrí nach mór cosaint agus cuimsiú gach duine ina réigiúin a áirithiú le rochtain ar chistiú an bheartais chomhtháthaithe, gan beann ar inscne, aois, náisiúntacht, stádas sláinte, aicme shóisialta, eitneacht, gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gurb ionann cistiú an bheartais chomhtháthaithe agus thart ar 30 % de bhuiséad iomlán an Aontais agus go bhfeidhmíonn sé mar phríomhcholún chun tacú le réigiúin na hEorpa, agus gur cheart go leanfadh sé de bheith éagsúil agus nár cheart é a chomhthiomsú le cistí eile sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) a bheidh ann amach anseo chun a éifeachtacht a áirithiú maidir le héagothromaíochtaí críochacha a laghdú agus cóineasú eacnamaíoch a chothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil beartas comhtháthaithe simplithe ríthábhachtach chun athléimneacht na hEorpa, aistriú glas agus digiteach atá cóir agus inbhuanaithe, ceart fanachta do shaoránaigh uile an Aontais agus chun iomaíochas an Aontais a chur chun cinn a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (LRAanna) is fearr atá in ann dúshláin agus deiseanna áitiúla a shainaithint, agus gur príomh-chomhpháirtithe iad maidir le clár oibre polaitiúil agus beartas comhtháthaithe an Aontais a chur i gcrích toisc gurb iad atá freagrach as 54 go 58 % de mhéid iomlán na n-infheistíochtaí poiblí a dhéanann rialtais;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur minic nach mbíonn cur chuige comhordaithe ag baint le forbairt príomhchreataí straitéiseacha amhail comhaontuithe comhpháirtíochta, pleananna um aistriú cóir agus cláir athchóirithe náisiúnta, agus nach mbíonn baint fhóinteach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha inniúla leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil liosta laghdaithe cuspóirí beartais sa chlárthréimhse reatha 2021-2027, a chuireann leis na tionscnaimh a bhí ann roimhe seo le tuilleadh leathnaithe ar roghanna costais simplithe, agus go bhfuil loighic idirghabhála níos soiléire ann trí tháscairí, ceanglais tuairiscithe níos éadroime agus socrú iniúchóireachta aonair;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil an beartas comhtháthaithe fós ar cheann de na siombailí is infheicthe agus is inláimhsithe de dhlúthpháirtíocht na hEorpa, agus de bhrí gur cheart an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú’ a chur i bhfeidhm don todhchaí, chun a áirithiú go leanfaidh an beartas comhtháthaithe de bheith dírithe ar a phríomh-mhisean - éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta a chothú ar fud an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, áfach, go bhfuil ualaí agus dúshláin shuntasacha riaracháin le sárú ag údaráis bhainistíochta, comhlachtaí idirghabhála, tairbhithe agus saoránaigh a dhéanann difear ní amháin do ráta cur chun feidhme na dtionscadal ach a bhaineann an bonn freisin d’éifeachtacht, d’inchreidteacht, de thionchar, d’infheictheacht agus do bhraistint an bheartais chomhtháthaithe ina iomláine;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an ualach riaracháin ar thairbhithe iarratas a dhéanamh ar thionscadail a fhaigheann tacaíocht ó chistí comhtháthaithe agus iad a chur chun feidhme le gach tréimhse chistiúcháin, rud a chruthaíonn éifeacht dhíspreagthach atá ag dul i méid, agus de bhrí gur minic a bhíonn ríomh costais is tairbhe mar thoradh ar chastacht agus ar chineál fadálach an phróisis iarratais, rud a dhíspreagann tairbhithe iarratas a dhéanamh, rud a chuireann teorainn le héifeachtacht agus inrochtaineacht fhoriomlán an bheartais chomhtháthaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur cheart simpliú chistí an bheartais chomhtháthaithe a bheith comhlántach le hionstraimí eile chun tuilleadh comhchuibhithe agus comhtháthaithe a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil na rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair ar cheann de na príomhfhoinsí costas agus ualaí riaracháin, a eascraíonn go páirteach as cleachtais rórialála sna Ballstáit uile, eadhon ceanglais bhreise arna bhforchur ar thairbhithe ag údaráis náisiúnta agus fhonáisiúnta seachas iad siúd a eascraíonn as forálacha dhlí AE, agus as léirmhíniú agus cur i bhfeidhm deacair Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/651/oj).</FIELD></FOOTNOTE> i gcomhthéacsanna críochacha éagsúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur thosaigh tréimhsí cistiúcháin a bhí ann roimhe seo don bheartas comhtháthaithe ródhéanach arís agus arís eile, go háirithe an tréimhse chistiúcháin reatha 2021-2027, as a n-eascraíonn brú ollmhór riaráiste agus eis-sreabhadh mall cistí comhtháthaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go raibh ról cinntitheach ag sraith tosca, lena n-áirítear moilleanna maidir leis an bpacáiste reachtach agus na comhaontuithe agus na cláir chomhpháirtíochta a thabhairt chun críche, cur chun feidhme comhuaineach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), agus an timpeallacht rialála atá ag athrú agus casta i ráta íseal reatha cur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe sna Ballstáit uile;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur chuir an timpeallacht rialála atá ag athrú agus casta bac tromchúiseach ar chur chun feidhme tráthúil, éifeachtúil agus éifeachtach an bheartais comhtháthaithe, agus de bhrí go bhfuil rochtain ar chistiú an bheartais comhtháthaithe thar a bheith dúshlánach d’údaráis áitiúla bheaga, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fud an Aontais mar gheall ar an gcastacht sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur cheart do bhearta simplithe cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le rochtain níos éasca agus níos fearr ar chistí, ar thaobh amháin, chun torthaí inbhuanaithe a bhaint amach, agus ar an taobh eile, buiséad an Aontais a chosaint, agus aird chuí á tabhairt ar ábhair imní agus ar rannchuidithe na ngeallsealbhóirí institiúideacha agus neamhinstitiúideacha, agus nár cheart an bonn a bhaint díobh uair amháin trí chastacht a thabhairt isteach arís faoi mheirge na gceanglas náisiúnta iniúchóireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear leis an Rialachán Airgeadais<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ar an gCoimisiún bearta ceartaitheacha a dhéanamh, amhail simpliú na bhforálacha is infheidhme, feabhsú na gcóras rialaithe agus athdhearadh an chláir nó na gcóras seachadta, más rud é, le linn chur chun feidhme bhuiséad an Aontais, go bhfuil leibhéal na hearráide ard i gcónaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí nach léiríonn an eochair leithdháilte athbhreithnithe, dar teideal ‘foirmle Bheirlín’, ina foirmliú reatha in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán na bhForálacha Coiteanna, lena gcuirtear eilimintí suntasacha eile le OTI, go leordhóthanach fós na héagsúlachtaí atá ann i ndáiríre;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí nach mór a chur san áireamh in aon iarracht a dhéanfaidh an Coimisiún an beartas comhtháthaithe a shimpliú go bhféadfadh athruithe ar chleachtais cur chun feidhme atá ann cheana a bheith ina n-ualach breise ar údaráis riaracháin agus ar thairbhithe ar dtús;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur cheart go bhfanfadh bainistíocht chomhpháirteach, prionsabal na comhpháirtíochta, rialachas il-leibhéil, coimhdeacht agus cur chuige áitbhunaithe mar bhunchloch in aon athchóiriú agus simpliú ar an mbeartas comhtháthaithe; de bhrí gur léiríodh gur colún bunúsach den bheartas comhtháthaithe í samhail na bainistíochta comhroinnte, lena n-áirithítear go gcuirfear cistí an Aontais in oiriúint do riachtanais shonracha na réigiún agus na limistéar áitiúil agus úinéireacht agus cuntasacht á gcothú ag an am céanna ar gach leibhéal rialachais; de bhrí go dtreisíonn an creat rialachais il-leibhéil an comhar idir an tAontas, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirithítear go ndéantar beartais a dhearadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach ar bhealach lena léirítear éagsúlacht chríochach agus lena n-uasmhéadaítear an tionchar ar an láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí prionsabal na coimhdeachta a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr maidir le cistiú comhtháthaithe, mar shampla, trí luachanna tairsí a thabhairt isteach faoina bhféadfaí oibleagáidí agus ceanglais áirithe a tharscaoileadh, mar is amhlaidh i gcás cistí eile de chuid an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil simplithe teicniúla ar uirlisí forbartha críochacha (amhail Infheistíocht Chríochach Chomhtháite (ITI), agus Forbairt Áitiúil faoi Stiúir an Phobail (CLLD)) lánpháirtithe cheana féin sa chreat beartais comhtháthaithe don chlárthréimhse 2021-2027, ach go bhfuil ualaí riaracháin níos airde fós ag tionscadail bheaga (do thairbhithe) agus costais riaracháin (i gcás údaráis cláir) ná tionscadail níos mó; de bhrí nach mór aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in iúl maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail - go háirithe na costais riaracháin dhíréireacha i gcomparáid le buiséid na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí, i bhfianaise na ndúshlán geopholaitiúil atá ann faoi láthair, gur féidir ról a bheith ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le príomhbhonneagar dé-úsáide a fhorbairt a fhreastalaíonn ar riachtanais shibhialtacha tráth na síochána, agus athléimneacht chríochach agus freagairt ar ghéarchéimeanna á bhfeabhsú ag an am céanna, agus de bhrí nach féidir le tosaíochtaí nua a bheith chun dochair do laghdú ar infheistíocht fhadtéarmach i gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais ná nach féidir laghdú ar infheistíocht fhadtéarmach i gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a bheith mar thoradh orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé léirithe go comhsheasmhach ag an mbeartas comhtháthaithe go bhfuil sé d’acmhainneacht aige beagnach gach ciste de chuid an Aontais a leithdháiltear air a ionsú agus a infheistiú go héifeachtach; de bhrí gur gné bhunúsach de chláir ilbhliantúla é an méadú de réir a chéile ar íocaíochtaí i dtreo na coda deiridh den tréimhse phleanála - agus dá bhrí sin, gur féidir a bheith ag súil go réadúil le toradh dearfach den chineál céanna faoi dheireadh na clárthréimhse reatha;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur cheart prionsabal an iniúchta aonair a choinneáil agus a neartú in éineacht le hiniúchtaí rialta an Choimisiúin, agus gur cheart bearta a chur chun feidhme chun laghdú a dhéanamh ar rialuithe agus iniúchtaí dúbailte a bhfuil forluí eatarthu le formhaoirseacht náisiúnta ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais don tionscadal agus don tairbhí céanna, trí léirmhíniú comhsheasmhach rialachán a áirithiú agus ualaí riaracháin ar thairbhithe agus ar údaráis bhainistíochta a íoslaghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais nósanna imeachta iniúchóireachta neamhspleácha chun comhlíonadh rialacha an Aontais a áirithiú; de bhrí go bhféadfadh neamhréireachtaí san fhorfheidhmiú agus san fhaireachán a bheith mar thoradh ar spleáchas ar fhormhaoirseacht náisiúnta amháin, rud a bhainfeadh an bonn de chur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialuithe airgeadais ar fud na mBallstát uile agus, ar deireadh, a chuirfeadh cosaint leasanna airgeadais an Aontais i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach sásraí iniúchóireachta láidre a áirithiú chun cuntasacht, inrianaitheacht agus éifeachtacht a choinneáil in úsáid chistí an Aontais, rud a chuideoidh le calaois, míbhainistiú agus neamhréireachtaí i gcórais náisiúnta formhaoirseachta a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí nach mór an beartas comhtháthaithe a bheith athléimneach i gcónaí in aghaidh na calaoise agus an éillithe, agus in aghaidh aon iarrachta a dhéantar chun a chistiú a atreorú óna misean bunaidh agus ó thosaíochtaí comhaontaithe an chláir i dtreo infheistíochtaí a fhónann do leasanna polaitiúla pearsanta nó páirtí ar leith; de bhrí, chun na críche sin, nach mór neart a chur i gcoinníollachtaí agus sásraí ionsuite chun neamhrialtachtaí - lena n-áirítear calaois - a chosc, a bhrath agus a cheartú; de bhrí go bhfuil cur i bhfeidhm cuí phrionsabal na comhpháirtíochta, na gceanglas trédhearcachta agus na mbeartas frithchalaoise bunriachtanach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go nochtar ilroinnt i gcistiú an Aontais le tosaíochtaí forluiteacha idir STA agus an beartas comhtháthaithe agus go leagtar béim leo ar an ngá atá le cur chuige simplithe agus comhsheasmhach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go gceadaítear cheana féin le hAirteagal 20 RFC bearta sealadacha a ghníomhachtú mar gheall ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur béim ar an ról ríthábhachtach a bhí ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar éigeandálaí ilghnéitheacha agus ar dhúshláin shocheacnamaíocha le cúig bliana anuas ar bhealach atá solúbtha agus lena neartaítear an dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát; á mheas, áfach, go bhfuil athruithe leanúnacha ar an gcreat rialála tar éis a fhócas straitéiseach a chreimeadh; á chur i bhfáth gur gá uaillmhianta arda a choinneáil maidir lena infheistíocht fhadtéarmach agus maidir lena réasúnaíocht agus tosaíochtaí áitbhunaithe, prionsabal na neamhdhíobhála don chomhtháthú a chomhlíonadh agus díriú ar an bhfás, ar chruthú post agus ar sheirbhísí sóisialta, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le míchothromaíochtaí i measc réigiúin an Aontais, feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, an t-aistriú cóir, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, cruthú post ardcháilíochta, díothú na bochtaineachta, agus béim á leagan ar bhochtaineacht leanaí, agus an ghéarchéim tithíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt rabhadh i gcoinne cistí comhtháthaithe a atreorú go córasach chun freagairt do ghéarchéimeanna, ós rud é go mbaineann sé sin an bonn dá bpríomhchuspóir comhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta an Aontais a neartú, éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus forbairt inbhuanaithe a chothú, ós rud é go bhfuil an cistiú teoranta chun na críche sin; á iarraidh, ina ionad sin, go bhforbrófaí ionstraim éigeandála bhuan, threisithe agus thiomnaithe laistigh de bhuiséad an Aontais, lena n-áiritheofar freagairt thapa chomhordaithe ar ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo gan sláine struchtúrach an bheartais chomhtháthaithe a chur i mbaol chun a áirithiú gur féidir í a úsáid dá phríomhchuspóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á áitiú nach mór d’aon athchóirithe a dhéanfar amach anseo seasamh leis an mbainistíocht chomhroinnte, leis an rialachas il-leibhéil agus le cur chuige áitbhunaithe chun éifeachtacht a áirithiú; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh beartas comhtháthaithe nua-aimseartha, díláraithe agus treisithe ann trí dhaoine a chur i gcroílár an bheartais sin agus trí chomhpháirtíochtaí láidre a chothú ar gach leibhéal, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach aontacht an Aontais a choinneáil agus a chothú agus dúshláin gheopholaitiúla ag dul i méid; á áitiú go ndéanfaí prionsabal na comhpháirtíochta a chur i bhfeidhm go ceangailteach mar a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna, agus go ndéanfadh an Coimisiún dian-fhíorú air sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag aithint na mbearta tábhachtacha simplithe a tugadh isteach cheana sa chlárthréimhse 2021-2027, agus go háirithe na huirlisí digiteacha feabhsaithe le haghaidh ríomh-chomhtháthú, comhchuibhiú níos leithne ar rialacha ar fud cistí iomadúla, solúbthacht mhéadaithe i mbainistiú clár, agus cuíchóiriú na rialacha incháilitheachta; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá aistriú ó riarachán hibrideach agus páipéarbhunaithe go próisis atá go hiomlán digiteach, agus ar an gcaoi sin éifeachtúlacht a fheabhsú, agus cumarsáid leictreonach idir tairbhithe agus údaráis bhainistíochta a éascú; á mheas gur chuir roinnt tosca, lena n-áirítear ualaí oibre a eascraíonn as moilleanna i gclársceidealú na tréimhse cistiúcháin 2021-2027, athruithe rialta ar rialacháin le linn na tréimhse sin, rialacháin ilsrathacha chasta maidir le hiniúchóireacht agus rialuithe, chomh maith le rórialáil, i gcás ina bhforchuirtear ualaí a théann thar cheanglais an Aontais ar thairbhithe, bac ar na hiarrachtaí simplithe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil digitiú bhainistiú, thuairisciú, fhaireachán agus iniúchadh chistí an Aontais bunriachtanach chun rochtain a fheabhsú do thairbhithe ionchasacha agus chun bainistiú cistí a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart an simpliú a bheith ina threoirphrionsabal sa bheartas comhtháthaithe; á chur i bhfáth nach mór iarrachtaí simplithe a dhíriú, thar aon ní eile, ar an ualach ar thairbhithe a laghdú, ar rochtain na dtairbhithe ar na cistí a éascú, agus ar obair riaracháin a laghdú, agus ar dheireadh a chur le dúbailt neamhriachtanach na bpróiseas; i ndáil leis an méid sin, á iarraidh ar na Ballstáit rórialáil (rialacha náisiúnta neamhriachtanacha a chur le ceanglais an Aontais) a sheachaint, rud a chruthaíonn ualaí breise do thairbhithe; ag tabhairt dá haire gur féidir le cur chun feidhme na rialacha maidir le státchabhair ar fud na mBallstát, i gcásanna áirithe, sraith castachta a chur leis, agus á chur i bhfáth gurb iad na tosca eile a chuireann le moilleanna ná an forluí idir clárthréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027 chomh maith le bunú STA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil rialáil shimplithe an bheartais comhtháthaithe ríthábhachtach chun cur chun feidhme feabhsaithe a áirithiú; á chreidiúint go bhfuil moill ar an gcur chun feidhme le linn na gclárthréimhsí roimhe seo mar thoradh ar ghlacadh déanach na reachtaíochta earnála agus an phróisis fhada chun doiciméid chlársceidealaithe a ghlacadh agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún tograí tráthúla a dhéanamh don tréimhse chistiúcháin 2028-2034, ionas gur féidir na cláir réigiúnacha a fhormheas go pras tar éis thús an chéad CAI eile; á mholadh go scrúdófaí an bhféadfaí rialacháin agus ceanglais theicniúla áirithe a bhaint de RTF agus a ionchorprú i sraith treoirlínte nó lámhleabhair, chun cinnteacht agus gnáthamh a chruthú ó thaobh na n-údarás bainistíochta agus na dtairbhithe de; á mheabhrú gur minic a bhíonn údaráis riaracháin i dtreo léirmhíniú níos sriantaí ar fhorálacha doiléire mar thoradh ar an easpa cinnteachta maidir le cur chun feidhme ionstraimí cistiúcháin, i gcomhréir le prionsabal na stuamachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa comhlántachtaí i gcistiú an Aontais, agus os cionn 50 clár ilbhliantúil in 2021-2027 agus an sciar méadaitheach - 40 % faoi láthair - á bhainistiú go lárnach faoin CAI reatha, agus á mheas gur cheart an buiséad iomlán atá dírithe ar an mbeartas comhtháthaithe a choinneáil nó fiú a mhéadú chun go bhfreastalóidh an beartas comhtháthaithe go hiomchuí ar riachtanais infheistíochta amach anseo; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le comhordú éifeachtach ar chistiú an Aontais agus ar chistiú náisiúnta, agus á chur i bhfáth nach mór measúnú críochnúil ar a thionchar riaracháin a áireamh in aon chreat rialála a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún dea-chleachtais a chur chun cinn, measúnú a dhéanamh ar chórais náisiúnta na mBallstát, agus gníomhaíocht a dhéanamh chun deireadh a chur le cleachtais a chruthaíonn castacht nach bhfuil gá léi; á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa maidir le héagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus inrochtaineacht chríochach agus nascacht chríochach a fheabhsú, go háirithe i limistéir faoi mhíbhuntáiste amhail réigiúin thuaithe, oileánacha, shléibhtiúla, fhorimeallacha agus thoir na teorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige ón mbun aníos agus díláraithe a chur chun cinn agus a chur i gcrích sna tograí atá ar na bacáin chun dearadh an bheartais chomhtháthaithe nua a shimpliú agus chun comhairliúchán agus rannpháirtíocht éigeantach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na gcomhpháirtithe a áirithiú, mar a shainmhínítear in Airteagail 3 agus 4 den Chód Iompair Eorpach maidir le Comhpháirtíocht, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheas go bhféadfadh comhordú níos fearr idir cistí, arna bhainistiú le creat níos soiléire, níos comhleanúnaí, níos comhordaithe agus níos comhchuibhithe do na cistí comhtháthaithe éagsúla, an bealach a réiteach do bheartas comhtháthaithe níos éifeachtúla agus níos solúbtha, lena n-áirítear tacar aonair rialacha agus rian iniúchóireachta amháin le haghaidh cur chun feidhme, faireacháin agus rialaithe; á chreidiúint go bhféadfadh comhéadan TF aontaithe, comhtháite i ngach Ballstát do thairbhithe, lena gcumhdófaí gach céim de thimthriall an chláir, lena gceadófaí malartuithe simplí leictreonacha sonraí agus doiciméad, le tacaíocht ó uirlis tuairiscithe uathoibrithe, agus faoi réir measúnú tionchair críochnúil, breisluach a chur ar fáil ina leith sin agus trédhearcacht a fheabhsú trí nuashonruithe rialta a bhfuil rochtain éasca orthu a chur ar fáil maidir le torthaí thionscadail an bheartais chomhtháthaithe; á mheas gur cheart cruthú cistí nua beaga ar leithligh a sheachaint ionas nach gcothófar tuilleadh ilroinnte ar uirlisí cistiúcháin agus nach mbunófar struchtúir chomhthreomhara; á mheas gur féidir le cistí, atá ilroinnte ó thaobh raon feidhme agus scála de, a bheith níos éifeachtaí i gcásanna áirithe maidir le réitigh ar dhúshláin straitéiseacha an Aontais a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag aithint na hacmhainneachta a bhaineann le hardán Eorpach aonair a chruthú sa chéad athbhreithniú eile tar éis 2027, ardán a bheidh comhtháite le hardáin náisiúnta, lena gcuirfear ar chumas tairbhithe, go háirithe tairbhithe ar mhionscála, rochtain thapa a bheith acu ar chistí éagsúla de chuid an Aontais; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil do thairbhithe chun rochtain a fháil ar chistí an Aontais tríd an ardán sin, lena n-áiritheofar freisin malartú sonraí fíor-ama maidir le faighteoirí deiridh cistí, lena n-áirítear bailiú sonraí níos fearr agus deaiseanna faireacháin coiteanna a bhunú ar fud chláir an bheartais chomhtháthaithe; á mheas go bhféadfadh sé sin a bheith riachtanach chun glacadh agus feasacht i measc tairbhithe a fheabhsú, agus go bhféadfadh sé trédhearcacht a fheabhsú, cistiú dúbailte a chosc agus rialú airgeadais a neartú, lena n-áirítear brath calaoise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á áitiú gur cheart do gach córas TF nua nó gach ardán digiteach eile a tugadh isteach faoin gclárthréimhse tar éis 2027 cabhrú le hiarrataí ar bhailiú sonraí a chuíchóiriú, agus gan éilimh bhreise ná atriallacha ar shonraí ar iarratasóirí a chur leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, nár cheart go rachadh solúbthacht mhéadaithe chun dochair do phleanáil straitéiseach fhadtéarmach agus do chobhsaíocht infheistíochtaí comhtháthaithe, agus nár cheart éiginnteacht airgeadais agus castacht mhéadaithe do thairbhithe deiridh a bheith mar thoradh uirthi; á iarraidh go n-áiritheofaí go leanfaidh aon choigeartuithe ar thosaíochtaí cistiúcháin le linn na clárthréimhse tar éis 2027 de bheith ailínithe le cuspóirí forbartha réigiúnaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sé le Rialachán BRIDGEforEU agus á chur i bhfios go láidir gur gá tuilleadh simplithe a dhéanamh, go háirithe i gcláir trasteorann, le réitigh shaincheaptha lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin uathúla eacnamaíocha, shóisialta agus gheopholaitiúla na réigiún trasteorann; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don bheartas comhtháthaithe leanúint de chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach a chur chun cinn agus a shimpliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheas gur cheart príomhshruthú inscne agus comhtháthú ghné na hinscne a chur chun cinn ag gach céim de cheapadh agus de chur chun feidhme na gclár sa chéad chreat beartais comhtháthaithe eile; á iarraidh go mbainfeadh na Ballstáit uile úsáid níos comhsheasmhaí as an uirlis rianaithe buiséadaithe inscne, agus á chur i bhfáth nár cheart do bhearta simplithe an bonn a bhaint d’iarrachtaí príomhshruthaithe inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheas go gcuireann an sainmhíniú reatha ar ‘gnóthas atá i gcruachás’ ualach míréasúnta ar eagraíochtaí agus go mbaineann castacht neamhriachtanach leis don nuálaíocht, don iomaíochas agus do thairbhithe deiridh na gcistí comhtháthaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, agus gur cheart, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur réamhchoinníoll bunúsach do shimpliú rathúil agus shaincheaptha é rannpháirtíocht ghníomhach agus éigeantach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in ullmhú, i gclárú, i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail sna réimsí a riarann siad; á chur i bhfáth, in éagmais comhpháirtíocht láidir leis an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus gan a n-acmhainneacht riaracháin a neartú, go bhfuil an baol ann go dtiocfaidh an beartas comhtháthaithe chun bheith ina phróiseas ró-láraithe gan mórán tionchair ar fhorbairt chothrom réigiúin na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí measúnú tionchair críochach agus rialachais a áireamh sa Seimeastar Eorpach; á chur i bhfáth gur cheart don Seimeastar Eorpach cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe faoi Airteagail 174 agus 175 CFAE a chomhlíonadh agus á iarraidh go mbeadh na réigiúin rannpháirteach i gcomhlíonadh na gcuspóirí sin, agus go mbeadh cur chuige críochach níos láidre ann; á chur i bhfáth nach mór OTI réigiúnach <STRING ITALIC="on">per capita</STRING> a bheith ina phríomhchritéar i gcónaí chun leithdháiltí na mBallstát a chinneadh faoin mbeartas comhtháthaithe agus á mheas go bhféadfaí OTI réigiúnach <STRING ITALIC="on">per capita</STRING> a chomhlánú le táscairí socheacnamaíocha réigiúnacha eile (e.g. táscairí sóisialta, déimeagrafacha, etc.) a chabhraíonn le staid shocheacnamaíoch na réigiún a léiriú ar bhealach níos cruinne, agus é mar aidhm leis sin éagothromaíochtaí sóisialta agus críochacha a laghdú a thuilleadh - lena n-áirítear laistigh de na réigiúin - agus infheistíochtaí spriocdhírithe níos éifeachtaí a chumasú sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chreidiúint gur cheart pointí teagmhála náisiúnta (NCPanna) ó chláir bhainistíochta dírí a chomhtháthú i gclársceidealú náisiúnta agus réigiúnach na gcistí comhtháthaithe agus forbartha tuaithe chun sineirgí a chothú agus fothú acmhainneachta a neartú ar fud cláir a bhainistítear go lárnach agus go comhpháirteach agus atá ag feidhmiú sna críocha agus sna réimsí beartais céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mholadh go n-úsáidfí uirlisí comhtháite forbartha réigiúnaí amhail ITI agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, agus á mholadh go bhféachfaí ar roghanna atá dírithe ar leithdháileadh sciar an bheartais chomhtháthaithe ar ITI, forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nó ionstraimí críochacha eile do na réigiúin uile - agus riachtanais shonracha na gceantar tuaithe agus iargúlta, agus réigiúin teorann thoir an Aontais á gcur san áireamh freisin, ag díriú ar thionscadail atá in ann aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais chríochacha iarbhír; á mholadh go bhféachfaí ar thograí maidir le réiteach fadhbanna agus cúnamh teicniúil chun straitéisí a chur chun feidhme agus chun staidéir a aibiú; á chreidiúint gur minic nach mbíonn naisc nithiúla le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ag baint le líon méadaitheach na dtionscnamh comhtháite forbartha críochaí - laistigh den bheartas comhtháthaithe agus forbartha tuaithe agus lasmuigh de - rud a d’fhéadfadh teorainn a chur lena dtionchar marthanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur i gcoinne aon chineál láraithe ón mbarr anuas nó athchóiriú athnáisiúnaithe ar chlársceidealú an bheartais comhtháthaithe, agus á athdhearbhú nach mór an rialachas il-leibhéil, an choimhdeacht, an bhainistíocht chomhroinnte agus cur chuige áitbhunaithe a bheith ina dtreoirphrionsabail bhunúsacha i gcónaí; á mheas, cé gur ceapadh STA chun freagairt thapa a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha, go raibh saincheisteanna suntasacha ag baint lena cur chun feidhme, lena n-áirítear rátaí ionsúcháin ísle, moilleanna ar eisíocaíocht cistí, agus easpa trédhearcachta sa phróiseas leithdháilte; ag aithint, mar sin féin, forbairtí dearfacha áirithe laistigh de STA, go háirithe bunú caighdeán infheistíochta glaise agus an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’; ag tarraingt aird ar an bhfíoras nach gá go léiríonn eisíocaíocht cistí leis na Ballstáit cainníocht agus tábhacht na ngarspriocanna agus na spriocanna atá leagtha síos i gcláir atá faoi bhainistíocht dhíreach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth gur nocht an tsamhail láraithe roinnt laigí, go háirithe maidir le hinrianaitheacht, cuntasacht, éifeachtúlacht agus tionchar fadtéarmach chistiú an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 114, 29.3.2023, lch. 5. IO C, C/2024/5471, 10.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5471/oj, (míreanna 53-56).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt chun suntais go n-áirítear orthu sin rannpháirtíocht neamhleor na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na sochaí sibhialta, chomh maith le moilleanna, trédhearcacht theoranta agus rioscaí nach gcuirfear bearta i gcrích; ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn d’inchreidteacht agus de thionchar fadtéarmach ionstraimí airgeadais an Aontais in éagmais sásraí faireacháin láidre agus ceanglais shoiléire iniúchóireachta; á iarraidh go ndéanfaí formhaoirseacht níos láidre ar eisíocaíochtaí agus ar thorthaí fíoraithe, agus go mbeadh ailíniú níos fearr eatarthu, chun a áirithiú go mbeidh tairbhí nithiúla ag baint le cistí an Aontais do shaoránaigh, agus do ghníomhaithe sóisialta agus eacnamaíocha; á thabhairt chun suntais gur féidir réitigh shaincheaptha a fhorbairt do gach réigiún leis an rialachas il-leibhéil, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá próisis chomhdhearaidh chuimsitheacha a bhfuil baint ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cur i gcoinne an choincheapa maidir le clár náisiúnta aonair, ós rud é nach bhfuil ról cuí ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ann agus ós rud é go bhfuil sé i bhfad ó na réaltachtaí ar an láthair, agus ós rud é go gcuirfeadh sé i mbaol, nó fiú go gcuirfeadh sé deireadh, cumas an bheartais chomhtháthaithe riachtanais éagsúla na mbeartas earnála, cuspóirí agus sainiúlachtaí na n-ionstraimí macrairéigiúnacha, náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a chur san áireamh; á áitiú go raibh úsáid clár áitbhunaithe arna mbainistiú ó leibhéal réigiúnach NUTS 2<FOOTNOTE><FIELD> Is é atá in NUTS (ainmníocht na n-aonad críche maidir le staidreamh) córas aicmithe an Aontais chun tagairt a dhéanamh do réigiúin tíortha chun críocha staidrimh. Tagraíonn ‘NUTS 2’ do réigiúin bhunúsacha (le haghaidh beartais réigiúnacha).</FIELD></FOOTNOTE> ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais iarbhír ar an láthair agus ar laghdú éifeachtach na ndifríochtaí socheacnamaíocha réigiúnacha san am a chuaigh thart, agus nach mór, dá bhrí sin, leanúint de bheith ina gcnámh droma ag an mbeartas comhtháthaithe amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar, malartú eolais agus fothú acmhainneachta do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear infheistíocht ina n-acmhainneachtaí teicniúla agus riaracháin; ag tabhairt rabhaidh, gan comhpháirtíocht láidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go bhfuil an baol ann go mbeidh an beartas comhtháthaithe ró-láraithe agus nach mbeidh sé chomh héifeachtach céanna maidir le forbairt réigiúnach chothrom a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn leis na hiarrachtaí simplithe, ról atá ríthábhachtach chun tionscadail arna gcistiú ag an Aontas a chur chun feidhme go rathúil, go háirithe faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), faoin gCiste Comhtháthaithe, agus faoi chláir Interreg; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a threisiú, lena n-áirítear i gcéim an chlársceidealaithe, chun éifeachtacht, ábharthacht chríochach agus athléimneacht an bheartais chomhtháthaithe a áirithiú; á iarraidh go mbeadh cur chuige cothrom ann lena ndéanfaí nósanna imeachta a chuíchóiriú, agus rialachas il-leibhéil agus breisluach críochach na rannpháirtíochta áitiúla agus réigiúnacha á gcaomhnú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á aithint gur féidir le sásraí feidhmíochtbhunaithe a bheith ríthábhachtach chun an beartas comhtháthaithe a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos dírithe ar thorthaí; ag tabhairt rabhaidh, áfach, i gcoinne fhorchur docht nó forchur a oireann do chách den tsamhail sin i gcomhthéacs chlárthréimhse 2028-2034; ag cur béim ar an bhfíoras, cé gur féidir le sásraí den sórt sin éifeachtacht a spreagadh, nach mór dóibh sainiúlachtaí na n-earnálacha caiteachais éagsúla agus ilchineálacht na dtairbhithe deiridh a chur san áireamh - go háirithe i réimsí amhail taighde, beartais shóisialta agus bonneagar áitiúil, ina bhféadfadh sé nach ngabhfadh torthaí gearrthéarmacha intomhaiste tionchar fadtéarmach iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh gur minic a bhíonn na samhlacha feidhmíochtbhunaithe atá ann faoi láthair ag brath ar struchtúir bhainistíochta láraithe, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar acmhainneacht na n-údarás réigiúnach agus áitiúil aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais chríochacha shonracha; á chur i bhfáth nár cheart go rachadh aon chur i bhfeidhm cur chun feidhme feidhmíochtbhunaithe amach anseo chun dochair do chroíphrionsabail an bheartais comhtháthaithe, amhail rialachas il-leibhéil, coimhdeacht agus cur chuige áitbhunaithe, agus nach mór coimircí i bhfad níos láidre a bheith ag gabháil leis chun bainistiú fónta chistí an Aontais a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creat cistiúcháin solúbtha agus cothrom a ghlacadh lena gcomhcheanglaítear cistiú bunaithe ar thorthaí agus cistiú traidisiúnta costasbhunaithe, lena bhféadfar réitigh shaincheaptha a chur in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla; ag tacú le méadú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as íocaíochtaí cnapshuime bunaithe ar gharspriocanna, mar a chleachtar i gclár Eoraip na Cruthaitheachta, agus á áirithiú ag an am céanna go gcoinneoidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla an neamhspleáchas is gá chun an beartas comhtháthaithe a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á aithint, go sonrach, nár cheart d’údaráis, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ná do FBManna a bheith thíos le tabhairt isteach samhlacha feidhmíochtbhunaithe, go háirithe agus teorainneacha a meánacmhainní airgeadais á gcur san áireamh chun bearta a réamh-mhaoiniú nó caillteanais fhéideartha a mhaolú i gcás nach mbaintear spriocanna amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á aithint go ndíspreagann fadhbanna leachtachta tairbhithe féideartha, lena n-áirítear údaráis áitiúla, atá thíos le heaspa neamhspleáchais fhioscaigh agus bhuiséadaigh i roinnt Ballstát, ó iarratas a dhéanamh ar thionscadail arna gcistiú ag an mbeartas comhtháthaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí méadú suntasach agus saincheaptha ar réamh-mhaoiniú i gcásanna den sórt sin agus i limistéir thuaithe, trasteorann agus oileánacha freisin chun tacú le heisíocaíocht thapa chistí an bheartais comhtháthaithe, mar aon le simpliú ar na rialacha cómhaoinithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi moladh an Choimisiúin, ina athbhreithniú meántéarmach ar bheartas comhtháthaithe 2021-2027, gur cheart cláir faoin sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh post agus fáis’, á gcur i gcrích i réigiúin NUTS 2 a bhfuil teorainneacha acu leis an Rúis, leis an mBealarúis nó leis an Úcráin, gur cheart dóibh a thairbhiú den fhéidearthacht go ndéanfaí réamh-mhaoiniú aonuaire 9,5 % ar leithdháileadh an chláir mar aon le maoiniú 100 % ón Aontas; ag tathant ar an gCoimisiún bearta breise a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais réigiúin teorann Oirthear an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuarascálacha rialta ó gheallsealbhóirí ar easpa chur i bhfeidhm na bprionsabal cothrománach ag na Ballstáit agus comhaontuithe comhpháirtíochta á n-ullmhú; á mholadh gur cheart Cód Iompair Eorpach athbhreithnithe maidir le Comhpháirtíocht a chomhtháthú go díreach in RFC, chun a chineál ceangailteach a áirithiú agus chun cláir bhainistíochta dírí a bhfuil tionchar críochach acu a chumhdach; á iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm phrionsabal na comhpháirtíochta a fhorfheidhmiú go docht, féachaint ar bhearta chun feabhas a chur ar chumhachtaí maoirseachta agus faireacháin na Parlaiminte maidir le comhaontuithe comhpháirtíochta agus cláir chomhpháirtíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit maoirseacht rialta, lena n-áirítear maoirseacht ar chomhpháirtithe le linn faireacháin agus roghnú saineolaithe chun inniúlacht a ráthú agus calaois a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé rialacha airgeadais an Aontais a chur i bhfeidhm go docht i ngach clár agus ar gach tairbhí, chun gach cineál calaoise, coinbhleachta leasa, éillithe, cistiúcháin dhúbailte agus sciúrtha airgid a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta breise a mholadh chun cistiú dúbailte a chosc agus a sheachaint, chun deiseanna do thionscadail chomhtháite a mhéadú, chun idir-inoibritheacht uirlisí mianadóireachta sonraí a áirithiú agus chun oibleagáidí coinneála sonraí d’údaráis bhainistíochta a íoslaghdú; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún úsáid uirlisí TF, amhail an córas luathbhraite agus eisiaimh (EDES) agus ARACHNE, a dhéanamh éigeantach do chistí uile an Aontais, lena n-áirítear iad siúd atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, agus a áirithiú go mbainfear úsáid níos fearr as teicneolaíocht nua chun rialuithe a mhéadú agus buiséad an Aontais a chosaint ar chalaois agus ar mhí-úsáid cistí; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cothromaíocht a áirithiú idir simpliú agus cosaint bhuiséad an Aontais; á mheabhrú gur cheart go gcomhlíonfadh iarrachtaí simplithe prionsabail an dea-riaracháin, an tsoláthair phoiblí agus an rialaithe phoiblí, a bhfuil gach ceann acu bunriachtanach chun coinníollachtaí sóisialta agus comhshaoil, agus an smacht reachta a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún staidéir a dhéanamh ar an tsineirge idir cistí comhtháthaithe agus cláir earnála, mar atá déanta aige don chlár Fís Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh go mbeadh rochtain níos dírí ar chistiú an Aontais ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le cathracha agus údaráis uirbeacha, trí úsáid ITI a leathnú, i measc nithe eile, agus trí dhíriú ar thionscadail atá dírithe ar chomhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha; ag iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí breise chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, an tsochaí shibhialta agus tairbhithe eile leanúint de thairbhe a bhaint as cistiú ón Aontas i gcás sáruithe ar an smacht reachta ag rialtais náisiúnta gan cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta a lagú<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir nár cheart cistiú a ath-leithdháileadh ar chláir eile, ionas go gcaomhnófar sláine an chinnidh maidir le fionraí, go dtí go mbainfear a chuspóirí amach agus go gcomhlíonfar na coinníollacha uile maidir le rochtain ar chistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á mholadh, thairis sin, go mbunófaí buanlíonra comhairleach, a dhéanfadh a chuid oibre a chomhordú le cláir nó struchtúir atá ann cheana chun cabhrú le bardais dul i ngleic le castachtaí chur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi uirlisí amhail bosca uirlisí an Aontais do na ceantair thuaithe, arb é is aidhm dó tairbhithe a threorú trí na cláir atá ar fáil; á chur i bhfáth, áfach, go dtugtar chun suntais ann leis an ngá atá le hionaid ilfhreastail den sórt sin a róchasta atá na struchtúr atá ann faoi láthair, fós neamh-inrochtana do go leor tairbhithe, go háirithe údaráis phoiblí bheaga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le hinfheistíocht a mhéadú chun acmhainneacht riaracháin éifeachtach agus leordhóthanach a fhorbairt, le hacmhainní airgeadais tiomnaithe agus cúnamh teicniúil, go háirithe do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha - lena n-áirítear iad siúd i gceantair oileánacha agus iargúlta, agus béim ar leith á leagan ar na réigiúin sin ina bhfuil ráta ionsúcháin níos ísle ná riamh - chun tacú le bainistiú agus cur chun feidhme díláraithe agus éifeachtúil chistí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí ionstraimí cúnaimh theicniúil a threisiú i gcreat an bheartais chomhtháthaithe, amhail na hionstraimí sin a forbraíodh i gcomhar idir an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Coimisiún, chun tacú le hacmhainneachtaí pleanála straitéisí le haghaidh infheistíochtaí críochacha, chomh maith le tacaíocht chomhairleach spriocdhírithe chun tionscadail a shainaithint, a phleanáil agus a ullmhú; ag aithint an róil lárnaigh atá ag ionstraimí airgeadais chun iomaíochas a chur chun cinn i réigiúin uile an Aontais agus chun cistí príobháideacha agus poiblí araon a ghiaráil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil rath an bheartais comhtháthaithe ag brath ar straitéisí réamhbhreathnaitheacha cuimsitheacha, ar rannpháirtíocht chuí na ngeallsealbhóirí agus na sochaí sibhialta, agus ar rialachas fónta; á aithint gur gá cineálacha cur chuige bainistithe atá bunaithe ar thorthaí a chur chun cinn, lena n-áirítear táscairí intomhaiste agus samhlacha teoiric an athraithe a úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar chláir; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé acmhainní sonracha a leithdháileadh d’fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta, agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun a ról i ndea-rialachas agus i gcur chun feidhme chistí an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh, sa chreat nua Státchabhrach, go ndéanfaí simpliú breise ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair i gcás cistiú trasearnála a bhaineann le comhtháthú lena gcomhcheanglaítear cistí an Aontais agus cistí náisiúnta (amhail cistí ilchistiúcháin faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus CFRE), agus é mar aidhm leis sin earráidí agus ualach riaracháin a laghdú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus éifeachtacht infheistíochtaí an bheartais chomhtháthaithe ar an láthair a fheabhsú agus saobhadh an mhargaidh a sheachaint ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfadh cláir bainistíochta comhroinnte tairbhe a bhaint i gcásanna áirithe as díolúintí ó rialacha maidir le státchabhair atá comhchosúil leo siúd atá faoi bhainistíocht dhíreach, amhail Fís Eorpach nó an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá le déanamh ar an Treoir maidir le Soláthar Poiblí Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, úsáid an chlásail shóisialta agus na cómhargála a chur chun cinn tuilleadh; á chur i bhfios go láidir nach mór d’údaráis chonarthacha oibreoirí eacnamaíocha a bhí ag gabháil do ghníomhaíochtaí coiriúla a eisiamh ó thairiscintí poiblí; á iarraidh, leis na rialacha lena rialaítear an beartas comhtháthaithe, nach lamhálfaí d’airgead poiblí a leithdháileadh ach ar na comhghnóthais sin a urramaíonn cearta oibrithe agus na rialacha is infheidhme maidir le dálaí oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á mheas gur cheart prionsabal na hiniúchóireachta aonair a neartú agus á mheabhrú, sa chleachtas, go bhfuil cur i bhfeidhm chur chuige na hiniúchóireachta aonair ag brath ar an obair iniúchóireachta stóinsithe iontaofa a dhéanann na comhlachtaí iniúchóireachta sna Ballstáit; á chur i bhfáth gur cheart cur chuige athbhreithnithe, neartaithe agus aontaithe maidir le hiniúchtaí agus rialuithe a thabhairt isteach sa chéad bheartas comhtháthaithe eile, agus gur cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an gcur chuige sin rátaí earráide agus calaoise araon a laghdú trí rialuithe coisctheacha (<STRING ITALIC="on">ex ante</STRING>) a threisiú ag tús na tréimhse buiséadaí, chun laigí agus rioscaí rialaithe a laghdú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an cur chuige sin a ailíniú leis na moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, go háirithe maidir le bainistiú airgeadais a neartú, éifeachtúlacht caiteachais a fheabhsú agus a áirithiú nach ndéanfar na botúin a sainaithníodh i gclárthréimhsí roimhe seo a athdhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí léirmhíniú níos comhsheasmhaí ar rialacháin ag comhlachtaí iniúchóireachta ar fud an Aontais agus ar na cistí uile, agus á mholadh go mbeadh straitéis iniúchóireachta níos rioscabhunaithe ann chun dúbailt neamhriachtanach a sheachaint agus maoirseacht airgeadais éifeachtach agus cosc calaoise á n-áirithiú ag an am céanna; á chur i bhfáth nach mór grinnscrúdú níos déine a dhéanamh ar na cláir atá á reáchtáil ag na Ballstáit a thagann faoin Sásra Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta, nó faoi nós imeachta Airteagal 7, nó nach bhfuil rannpháirteach in Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go ndéanfaí caighdeánú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe agus as maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, agus á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach acu maidir le hualaí riaracháin a laghdú, rátaí earráide a ísliú, agus seachadadh a fheabhsú; á mholadh go leathnófaí na sásraí sin, go háirithe trí cheanglais maidir le soláthar poiblí, fíorú agus tairseacha iniúchóireachta a mhaolú; ag cur béim ar a úsáidí atá siad i gcomhthéacsanna ina bhfuil cuspóirí infhíoraithe go soiléir, go háirithe do thairbhithe beaga amhail údaráis áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla, nó i dtionscadail lena mbaineann micrifhiontair agus gníomhaithe an gheilleagair shóisialta, chun maorlathas a laghdú agus dlús a chur leis an gcur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar roghanna atá dírithe ar nósanna imeachta simplithe tuairiscithe agus iniúchóireachta a thabhairt isteach d’údaráis áitiúla a bhfuil níos lú ná 100000 áitritheoir iontu, agus do thairbhithe atá lonnaithe i gceantair thuaithe, ar oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí san Aontas, agus é mar aidhm cothromaíocht a bhaint amach idir simpliú agus bainistíocht fhónta airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á mheas gur gá athrú a dhéanamh ar an gcur chuige i leith iniúchtaí agus rialuithe trí imeacht ó eachtarshuíomh staidrimh a úsáid le haghaidh ceartuithe airgeadais chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir earráidí neamhbheartaithe agus calaoisí, chun a áirithiú nach ndíreofar leis na ceartúcháin sin ach ar chásanna neamhrialtachtaí sistéamacha agus gníomhartha calaoise d’aon ghnó, agus chun ualach oibre iomarcach nó brú airgeadais ar thairbhithe agus ar údaráis bhainistíochta a sheachaint; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an t-ualach riaracháin agus airgeadais a bhaineann le rialú airgeadais agus obair iniúchóireachta, chomh maith leis an obair leantach orthu, a bheith comhréireach i gcónaí le méid na gcistí agus leis na rioscaí lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún roghanna éagsúla a fhiosrú chun comhlántachtaí idir cistí an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear trí idirghabhálacha forbartha pobalbhunaithe agus áitiúla CETFT a athimeascadh in CPR;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>