<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0189</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Todhchaí na talmhaíochta agus an comhbheartas talmhaíochta tar éis 2027</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0143/2025 -  Rapóirtéir:Carmen Crespo Díaz)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 maidir le todhchaí na talmhaíochta agus an comhbheartas talmhaíochta tar éis 2027 (2025/2052(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 13, 38 agus 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena mbunaítear an comhbheartas talmhaíochta (CBT) agus a chuspóirí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 40 agus 42 CFAE lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta (CEM) agus lena leagtar síos a mhéid atá feidhm ag rialacha iomaíochta maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 349 CFAE lena sainítear stádas na réigiún is forimeallaí agus lena leagtar síos na coinníollacha chun na Conarthaí a chur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Vision for Agriculture and Food – Shaping together an attractive farming and agri-food sector for future generations</STRING>’ [Fís don Talmhaíocht agus don Bhia – Earnáil tharraingteach feirmeoireachta agus agraibhia a mhúnlú le chéile do na glúnta atá le teacht] (COM(2025)0075),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Eorabharaiméadar 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">Europeans, agriculture and the CAP</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Rinneadh Eorabharaiméadar Earrach 2024 ó Pharlaimint na hEorpa idir an 7 Feabhra agus an 3 Márta 2024 i 27 mBallstát an Aontais.</FIELD></FOOTNOTE> [Eorpaigh, talmhaíocht agus CBT],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críoch feirmeoireachta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 221, 8.8.1998, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/58/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">A Competitiveness Compass for the EU</STRING> [Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach] (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach an Aontais a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness: A competitiveness strategy for Europe</STRING>’,[Todhchaí iomaíochas na hEorpa’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Sauli Niinistö an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">Safer Together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness</STRING> [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Enrico Letta in Aibreán 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">Much more than a market – Speed, Security, Solidarity</STRING> [Margadh thar an gCoitiantacht – Luas, Slándáil, Dlúthpháirtíocht:],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">Building the future with nature: Boosting Biotechnology and Biomanufacturing in the EU</STRING> [An todhchaí a thógáil leis an dúlra: Borradh a chur faoin mBiteicneolaíocht agus faoin mBithmhonaraíocht san Aontas] (COM(2024)0137),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1468 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leasaítear rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar phleananna straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1468, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1468/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj. Ceartúchán ar earráidí sa ghníomh críochnaitheach (32021R2115R (03)), IO L 227, 1.9.2022, lch. 136. Ceartúchán ar earráidí sa ghníomh críochnaitheach (32021R2115R (02)), IO L 181, 7.7.2022, lch. 35.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 262, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2117/oj. Ceartúchán ar an ngníomh críochnaitheach (32021R2117R (04)), IO L 192, 31.7.2023, lch. 34.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD><STRING ITALIC="on"> IO L 78, 20.3.2013, lch. 23,</STRING> ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/228/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">End The Cage Age</STRING>’ [Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta] agus do rún uaithi an 10 Meitheamh 2021 ina leith<FOOTNOTE><FIELD> IO C 67, 8.2.2022, lch. 131.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Bealtaine 2023 maidir le cur chun feidhme na scéime scoile um thorthaí, glasraí, bainne agus táirgí bainne dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1063, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1063/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 26 Márta 2025 dar teideal ‘an Straitéis Eorpach um Aontas na hUllmhachta’ (JOIN(2025)0130),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 dar teideal ‘Plean teagmhasach chun soláthar bia agus slándáil bia a áirithiú tráth géarchéime’ (COM(2021)0689),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 lena mbunaítear an grúpa saineolaithe maidir leis an Sásra Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia<FOOTNOTE><FIELD> IO C 461 I, 15.11.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Safeguarding food security and reinforcing the resilience of food systems</STRING>’ (COM(2022)0133), [Slándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Ensuring availability and affordability of fertilisers</STRING>’ [Infhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán a áirithiú] (COM(2022)0590);
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2024 ón Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta dar teideal <STRING ITALIC="on">The State of Food and Agriculture 2024</STRING><FOOTNOTE><FIELD> FAO, <STRING ITALIC="on">The State of Food and Agriculture 2024 - Value-driven transformation of agrifood systems</STRING> [Staid an Bhia agus na Talmhaíochta 2024 - Claochlú luachbhunaithe ar chórais agraibhia], an Róimh, 2024, https://doi.org/10.4060/cd2616en.</FIELD></FOOTNOTE> [Staid an Bhia agus na Talmhaíochta 2024],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an athnuachan ó ghlúin go glúin ar fheirmeacha an Aontais amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/2658, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2658/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A long-term Vision for the EU’s Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040</STRING>’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 35.</FIELD></FOOTNOTE> [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh - i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, níos nasctha, níos athléimneacha agus níos rathúla faoi 2040],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 dar teideal <STRING ITALIC="on">Putting people first, securing sustainable and inclusive growth, unlocking the potential of the EU’s outermost regions</STRING> [Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas] (COM(2022)0198),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">How post-27 LEADER and CLLD programming could contribute to better implementation of the long-term vision for the EU’s rural areas</STRING><FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/1703, 26.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1703/oj.</FIELD></FOOTNOTE> [An clár le haghaidh LEADER agus le haghaidh na forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail i ndiaidh 2027: an chaoi a bhféadfadh an clár sin rannchuidiú le cur chun feidhme feabhsaithe na físe fadtéarmaí le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2023 maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán a áirithiú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 283, 11.8.2023, lch. 51.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Meitheamh 2023 maidir leis an measúnú ar an teachtaireacht nua ón gCoimisiún maidir leis na réigiúin is forimeallaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/480, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/480/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meitheamh 2023 maidir le slándáil bia agus athléimneacht fhadtéarmach thalmhaíocht an Aontais a áirithiú<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/483, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/483/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Feabhra 2017 maidir le lotnaidicídí ísealriosca de thionscnamh bitheolaíoch<FOOTNOTE><FIELD> IO C 252, 18.7.2018, lch. 184.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 4 Meán Fómhair 2024 ón bPlé Straitéiseach faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach dar teideal <STRING ITALIC="on">A shared prospect for farming and food in Europe</STRING> [Féidearthacht chomhroinnte don fheirmeoireacht agus don bhia san Eoraip],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún dar teideal an 19 Meitheamh 2024 <STRING ITALIC="on">The Future of the Common Agricultural Policy</STRING><FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5363, 17.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5363/oj.</FIELD></FOOTNOTE> [Todhchaí an Chomhbheartais Talmhaíochta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Eanáir 2024 dar teideal ‘Táirgeadh bia uathrialach agus inbhuanaithe a chur chun cinn: straitéisí don Chomhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/2099, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2099/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí staidéar tacaíochta meastóireachta 2024 ón gCoimisiún ar scéimeanna tacaíochta an Aontais don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí (POSEI), lena ndeimhnítear éifeachtacht agus ábharthacht an chláir sin maidir le slándáil bia, comhtháthú críochach, sóisialta agus eacnamaíoch, agus gníomhaíocht talmhaíochta a chothabháil i réigiúin oileánacha atá an-leochaileach agus sna réigiúin is forimeallaí<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, ECORYS, EEIG AGROSYNERGIE agus METIS, ‘<STRING ITALIC="on">Evaluation support study of the EU support schemes for agriculture in the outermost regions (POSEI) and small Aegean islands (SAI)</STRING>’ [Staidéar tacaíochta meastóireachta ar scéimeanna tacaíochta an Aontais don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí (POSEI) agus na hoileáin bheaga Aeigéacha (SAI) - Tuarascáil chríochnaitheach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://data.europa.eu/doi/10.2762/926041.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 7 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The State of Regions and Cities in the European Union</STRING>’ [Staid na gcathracha agus na réigiúnsan Aontas Eorpach],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú ó Ghrúpa Comhordaithe an Chomhshocraithe Tuaithe an 18 Nollaig 2024 maidir le todhchaí na gceantar tuaithe agus an bheartais forbartha tuaithe san Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’anailís an Bhainc Ceannais Eorpaigh i mí an Mheithimh 2025 ar an méadú ar chostais táirgthe, ar chaillteanas fíorluacha agus ar réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir leis na rátaí boilscithe arna dtaifeadadh sa limistéar euro<FOOTNOTE><FIELD> An Banc Ceannais Eorpach, ‘Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann an Eurochórais i mí an Mheithimh 2025’, https://www.ecb.europa.eu/press/projections/html/ecb.projections202506_eurosystemstaff~16a68fbaf4.en.html.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0143/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur beartas bunúsach agus seanbhunaithe de chuid an Aontais é an comhbheartas talmhaíochta (CBT) a bhfuil ról tábhachtach straitéiseach aige sa chomhthéacs geopholaitiúil neamhchinnte atá ann faoi láthair agus atá ina chuid lárnach de shlándáil bia, cosaint agus uathriail straitéiseach an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí nach mór do chuspóirí CBT leanúint de bheith bunaithe ar tháirgeadh agus táirgiúlacht talmhaíochta mhéadaithe a áirithiú, ar rannchuidiú le caighdeán cóir maireachtála don phobal talmhaíochta trí ioncaim a mhéadú, ar thacú le cobhsaíocht, inbhuanaitheacht agus iomaíochas earnálacha talmhaíochta agus foraoiseachta an Aontais, agus ar rannchuidiú le forbairt tuaithe; de bhrí nach mór saintréithe speisialta na talmhaíochta a chur san áireamh, go háirithe i gcomhthéacs dúshláin a bhaineann leis an aeráid, géarchéimeanna agus cásanna coinbhleachta; de bhrí go rannchuidíonn CBT le táirgeadh bia agus go neartaíonn sé athléimneacht an táirgthe bia ó thaobh cainníochta, cáilíochta agus inacmhainneachta do thomhaltóirí de, chomh maith le táirgeadh amhábhar d’fheidhmeanna éagsúla a bhaineann leis an mbithgheilleagar;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Ullmhacht, gur gá an talmhaíocht a chur ar thús cadhnaíochta sa chlár oibre eacnamaíoch agus polaitiúil agus aitheantas a thabhairt dá ról mar chuid ríthábhachtach de bheartais slándála agus cosanta an Aontais; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le talamh talmhaíochta táirgiúil agus gur príomhthoisc é, in éineacht le cáilíocht na hithreach, an uisce, an aeir agus na bithéagsúlachta, sa táirgeadh talmhaíochta nach mór a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, an 14 Eanáir 2025, gur eisigh níos mó ná 150 buaiteoir Dhuais Nobel agus Dhuais Dhomhanda Bia litir oscailte inar iarradh ar cheannairí domhanda tosaíocht a thabhairt go práinneach do thaighde talmhaíochta chun freastal ar riachtanais bhia réamh-mheasta 9,7 billiún duine faoi 2050<FOOTNOTE><FIELD> Ciechanover, A., Yonath, A. E., Riess, A. G., Adesina, A. A., Heeger, A., Fert, A., Leggett, A. J., Zeilinger, A., Patapoutian, A., Warshel, A., McDonald, A. B., Hershko, A., Barish, B. C., Marshall, B. J., Kobilka, B. K., & eile, ‘<STRING ITALIC="on">Laureate letter 2025: Hunger’s tipping point – An urgent call to transform food and nutrition security</STRING>’ [Litir Laureate 2025: Pointe claochlaithe ocrais – Glao práinneach chun slándáil bia agus cothaithe a athrú ó bhonn], 2025.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go meastar go laghdóidh an tAontas Eorpach aschur talmhaíochta muna dtagann athrú ar an gcreat beartais atá ann faoi láthair<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, <STRING ITALIC="on">EU agricultural outlook 2024-2035</STRING> [Ionchas talmhaíochta an Aontais 2024-2035], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024, doi:10.2762/2329210.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a mhéadóidh na rioscaí a bhaineann le neamhshlándáil an tsoláthair bia agus leis an mbochtaineacht bia laistigh den Aontas agus a chuirfidh le ganntanais dhomhanda bia, agus faillí á déanamh go toilteanach ar a acmhainneacht agranamaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go dtagann earnáil na foraoiseachta faoi inniúlacht na mBallstát seachas faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí nach mór CBT a neartú, a shimpliú tuilleadh, a dhéanamh níos solúbtha agus níos nuachóirithe, agus ag an am céanna a struchtúr comhleanúnach a choinneáil agus inbhuanaitheacht tháirgeadh talmhaíochta an Aontais a áirithiú ar fud a ghnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha; de bhrí gur den ríthábhacht é a chur ar chumas earnáil talmhaíochta an Aontais freagairt níos fearr do riachtanais na bhfeirmeoirí gníomhacha agus d’ionchais shochaí na hEorpa maidir le slándáil bia, sábháilteacht agus cáilíocht, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, athléimneacht uisce, meabhairshláinte, athnuachan ó ghlúin go glúin agus comhionannas inscne; de bhrí gur den ríthábhacht ualaí maorlathacha a laghdú agus cistiú leormhaith a chur ar fáil d’fheirmeoirí, d’oibrithe feirme agus dá bpobail ionas gur féidir leo caighdeán cóir maireachtála a bheith acu agus dul in oiriúint ar bhealach níos éasca do dhúshláin nua;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur gá struchtúr dhá cholún CBT a choinneáil go soiléir; de bhrí gur cheart go n-áiritheofaí leis an struchtúr sin cothromaíocht idir an tacaíocht ioncaim faoi Cholún I lena gcuidítear le feirmeoirí fanacht, nó a bheith inmharthana agus táirgeadh don mhargadh, le híocaíochtaí díreacha 100 % arna maoiniú ag an Aontas, agus na gníomhaíochtaí agra-chomhshaoil agus an tacaíocht infheistíochta mar chuid den bheartas forbartha tuaithe dea-mhaoinithe faoi Cholún II, arna dtacú le bearta cómhaoinithe chun aghaidh a thabhairt ar chásanna sonracha ar bhealach níos fearr;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil cóineasú íocaíochtaí díreacha, laistigh de na Ballstáit agus eatarthu araon, bunriachtanach chun coinníollacha tacaíochta córa a ráthú d’fheirmeoirí agus chun iomaíocht chóir sa mhargadh aonair a áirithiú; á chur i bhfáth gur sciar cobhsaí agus intuartha den ioncam bliantúil feirme iad íocaíochtaí díreacha, agus go bhfuil a ndáileadh cothrom ar fud an Aontais fíor-riachtanach chun tréigean talún a chosc, chun tacaíocht shonrach a chur ar fáil d’fheirmeoirí nua agus óga, agus chun inmharthanacht eacnamaíoch na talmhaíochta agus an chomhtháthaithe réigiúnaigh a choimirciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, i bhfianaise an phlé atá ar siúl faoi láthair maidir le todhchaí an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI), gur den ríthábhacht cistí CBT a choinneáil scartha ó chistí eile agus gan iad a chumasc in aon chiste náisiúnta amháin chun cineál pobail CBT a chaomhnú agus chun coinníollacha comhionanna a áirithiú d’fheirmeoirí ar fud na mBallstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go léiríonn CBT éagsúlacht réigiúin, thraidisiúin agus chórais talmhaíochta an Aontais, lena n-áirítear raon leathan struchtúr feirme, cineálacha feirmeoireachta agus táirgí;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur cheart aon athruithe ar CBT reatha nó ar reachtaíocht nua a thabhairt isteach ar bhealach lena n-áirithítear cobhsaíocht san earnáil agus níos mó deimhneacht dhlíthiúil d’fheirmeoirí agus d’úinéirí foraoise, a éilíonn CBT níos simplí, lena soláthraítear tacaíocht ioncaim, lena seachadtar inbhuanaitheacht agus lena gcuirtear san áireamh srianta séasúracha agus riachtanais phleanála fhadtéarmacha an táirgthe talmhaíochta; de bhrí gur cheart bearta den sórt sin a fhorbairt i gcomhairle le geallsealbhóirí, ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a sheachaint, idirthréimhsí réasúnta a cheadú, agus tacú le buiséid oiriúnúcháin leormhaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil CBT, mar bhunchloch an chomhdhearcaidh Eorpaigh maidir le forbairt, níos ábhartha ná riamh i bhfianaise na ndúshlán reatha; de bhrí go dtacaíonn CBT le thart ar 9,1 milliún feirm ar fud na hEorpa, arb ionann é agus laghdú 37 % ar líon na bhfeirmeacha i gcomparáid leis an 14,4 milliún a taifeadadh in 2005, agus de bhrí gur tháinig laghdú 12 % in aghaidh an heicteáir ar ioncam feirmeoirí; de bhrí go n-aontaíonn 77 % de shaoránaigh an Aontais go bhfuil an tAontas, trí CBT, ag comhlíonadh a róil maidir le soláthar cobhsaí bia atá sábháilte, sláintiúil, inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán a áirithiú ar phraghsanna inacmhainne do 450 milliún tomhaltóir; de bhrí go gcumhdaíonn ceantair thuaithe 83 % de chríoch an Aontais agus go bhfuil 30 % de dhaonra an Aontais ina gcónaí iontu; de bhrí gurb ionann talamh talmhaíochta agus 40 % de chríoch an Aontais agus gurb ionann an earnáil agraibhia, ina bhfostaítear thart ar 17 milliún duine, agus thart ar 7 % de OTI an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, de réir Eurostat<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, <STRING ITALIC="on">Agriculture statistics - family farming in the EU</STRING> [Staidreamh talmhaíochta – feirmeoireacht teaghlaigh san Aontas], https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Agriculture_statistics_-_family_farming_in_the_EU.</FIELD></FOOTNOTE>, gur feirmeacha teaghlaigh iad 93 % d’fheirmeacha san Aontas; de bhrí gur gá an tsamhail Eorpach uathúil sin a chaomhnú toisc go bhfuil ról ríthábhachtach aici i mbeogacht agus in inmharthanacht eacnamaíoch na gceantar tuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí nach post amháin í an fheirmeoireacht, ach gur bealach maireachtála í atá fréamhaithe sa dúlra, san oidhreacht stairiúil, chultúrtha agus thraidisiúnta agus sa phobal tuaithe a bhfuil tionchar dearfach aici ar an tsochaí agus ar cheart aitheantas níos fearr a thabhairt di; de bhrí go gcuireann ilfheidhmiúlacht na talmhaíochta san Aontas raon leathan deiseanna ar fáil d’fhostaíocht agus d’éagsúlú gnó i gceantair thuaithe, mar shampla trí sheirbhísí agrathurasóireachta, na tionscail agraibhia agus bhithgheilleagair, táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, turasóireacht inbhuanaithe, cuairteanna scoile agus díolacháin dhíreacha; de bhrí go rannchuidíonn an ilfheidhmiúlacht sin le fás cuimsitheach, le leas an phobail agus le soláthar seirbhísí sóisialta, oideachais agus sláinte i gceantair thuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur shroich boilsciú bia san Aontas beagnach 25 % in 2022 agus 2023, le hardú as cuimse go 50 % i roinnt tíortha, a raibh iarmhairtí móra eacnamaíocha agus sóisialta acu agus inar leagadh béim ar an ngá bunúsach atá le praghsanna talmhaíochta a chobhsú chun cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus slándáil eacnamaíoch a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil íocaíochtaí díreacha limistéir bunriachtanach d’inbhuanaitheacht eacnamaíoch thalmhaíocht na hEorpa, go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le táirgeadh inbhuanaithe a choinneáil ar bun agus a áirithiú go bhfaigheann feirmeoirí ioncam cothrom agus leormhaith, agus ar an gcaoi sin brabúsacht a fheabhsú, cobhsaíocht a sholáthar agus íosleibhéal slándála a ráthú; de bhrí gur cheart tacaíocht mhéadaithe a áirithiú do mhná, d’fheirmeoirí nua, óga agus teaghlaigh, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide – go háirithe iad siúd atá ag feidhmiú i limistéir faoi mhíbhuntáiste – agus d’earnálacha a dtacaítear leo ar fhorais shocheacnamaíocha nó chomhshaoil;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go ndíreofar íocaíochtaí cabhrach Cholún I CBT ar gach feirmeoir gairmiúil gníomhach a dhíorthaíonn a n-ioncam go páirteach nó go hiomlán ó tháirgeadh talmhaíochta, bíodh sin ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur cheart go rannchuideodh na híocaíochtaí díreacha sin le hiomaíochas a fheabhsú agus le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht earnáil talmhaíochta an Aontais a fheabhsú, agus riachtanais shonracha agus éagsúlacht réigiúnach á léiriú ag an am céanna; de bhrí nach mór táirgeadh bia fholláin a bheith ina phríomhspreagadh i gcónaí do bhrabúsacht feirmeoirí, agus an fhéidearthacht ann ioncam a chomhlánú trí ghníomhaíochtaí amhail giniúint fuinnimh, gabháil carbóin, nó turasóireacht inbhuanaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, faoi CAI 2021-2027, gur laghdaíodh leithdháiltí ar CBT i dtéarmaí ainmniúla agus réadacha araon i gcomparáid leis an CAI roimhe sin; de bhrí go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar chaiteachas foriomlán an Aontais ar CBT le blianta beaga anuas in ainneoin méadú suntasach ar uaillmhian chomhshaoil CBT; de bhrí go raibh tionchar suntasach ag an laghdú sin ar ioncam feirmeoirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar luaineacht praghsanna na bhfeirmeoirí mar gheall ar luaineachtaí i margaí domhanda agus i dtáirgeadh Eorpach, mar gheall ar chineál domhandaithe shlabhra an tsoláthair bia, mar a léirítear leis an insreabhadh gráin ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad le déanaí agus leis an méadú ar phraghsanna leasacháin; de bhrí go dtagann siad ar éiginnteacht mhaicreacnamaíoch agus gheopholaitiúil freisin, ar ghéarchéimeanna sláinte, ar ráigeanna de ghalair ainmhithe, ar threochtaí maidir le comhchruinniú an mhargaidh, ar bharrachais in earnálacha Eorpacha áirithe agus ar dhothuarthacht táirgeachta mar thoradh ar theagmhais adhaimsire agus tubaistí nádúrtha a bhaineann leis an aeráid níos minice;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí nach mór do thalmhaíocht na hEorpa aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus mhéadaitheacha agus tosaíochtaí an Aontais amhail slándáil bia agus athléimneacht aeráide a bhaint amach; de bhrí go n-éilíonn sé sin buiséad méadaithe do CBT sa chéad CAI eile i bpraghsanna tairiseacha, mar cheann de thosaíochtaí beartais an Aontais chun caillteanas i luach fíorthéarma íocaíochtaí a chosc agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh caillteanas suas le 54 % de CBT – arb ionann é agus EUR 250 billiún faoi 2034 – a bheith mar thoradh ar mhainneachtain CAI a choigeartú don bhoilsciú, rud a bhainfeadh an bonn go mór ó chumas an Aontais neamhthuilleamaíocht bia a choinneáil agus freagairt go héifeachtach d’éilimh inmheánacha agus dhomhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-ioncam talmhaíochta fós faoi bhun an mheáin don chuid eile den gheilleagar i mbeagnach gach Ballstát, arb ionann é agus 47 % den mheán-ollphá agus d’olltuarastail i ngeilleagar an Aontais agus de bhrí go mbíonn leibhéal ioncaim níos airde ag daoine atá ina gcónaí i gceantair uirbeacha de ghnáth ná iad siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, as a n-eascraíonn neamhionannais agus eisiamh; de bhrí go bhfuil na hioncaim is ísle ar an meán ag feirmeoirí a bhfuil 40 bliain nó níos lú acu ar leibhéal an Aontais; de bhrí nach mór do CBT a bheidh ann amach anseo luach saothair agus cosaint chothrom a áirithiú d’fheirmeoirí agus d’oibrithe feirme, rud a chuirfidh ar a gcumas gníomhaíochtaí táirgthe a choinneáil ar bun ar fud an Aontais, lena n-áirítear i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha ag bagairt orthu, agus caighdeáin cháilíochta agus ceanglais sábháilteachta bia a chomhlíonadh ar mhaithe leis na saoránaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil ar fheirmeoirí aghaidh a thabhairt ar ardleibhéil struis a bhaineann leis an obair mar gheall ar uaireanta fada oibre, leithlisiú sóisialta, éiginnteacht airgeadais, éilimh riaracháin agus rialála, teagmhais aimsire a bhaineann leis an aeráid nó galair plandaí agus ainmhithe atá ag teacht chun cinn; de bhrí go bhfuil rochtain theoranta fós ag feirmeoirí ar sheirbhísí meabhairshláinte;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur den ríthábhacht seasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair agraibhia a neartú, agus aitheantas cuí á thabhairt dá ról, agus dálaí iomaíochta córa, táirgiúlachta, athléimneachta agus éifeachtúlachta sa mhargadh aonair a áirithiú; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach comhlíonadh iomlán na reachtaíochta maidir le cleachtais éagóracha trádála a ráthú<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia (IO L 111, 25.4.2019, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/633/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, íocaíocht chóir do tháirgí talmhaíochta a áirithiú, mar aon le trédhearcacht níos fearr i bpraghasmhúnlú agus uirlisí níos fearr a chur chun cinn chun tionchair rioscaí agus géarchéimeanna a bhainistiú; de bhrí nach mór turraingí seachtracha agus tosca nach bhfuil smacht ag feirmeoirí orthu, amhail géarchéimeanna margaidh nó tubaistí nádúrtha, a dhéanann difear d’iomaíochas agus d’inbhuanaitheacht feirmeoirí feadh an tslabhra luacha, a mheas agus faireachán cuí a dhéanamh orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go neartaíonn comharchumainn talmhaíochta, arna gcruthú agus arna mbainistiú ag na feirmeoirí féin, chomh maith le heagraíochtaí táirgeoirí (POnna), comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí (APOnna), agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla seasamh na dtáirgeoirí príomhúla sa slabhra táirgeachta trí iarrachtaí a chomhcheangal, infheistíochtaí a chomhordú agus ilroinnt na hearnála a mhaolú; de bhrí go n-aithnítear san Fhís don Talmhaíocht agus don Bhia go bhfuil cómhargáil níos láidre sa talmhaíocht ríthábhachtach chun an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fós ag dul i ngleic le meath ó ghlúin go glúin in earnáil na feirmeoireachta; de bhrí, in 2020, go raibh tromlach (57,6 %) na bhfeirmeoirí san Aontas, gan beann ar inscne, os cionn 55 bliana d’aois, agus gurbh ionann iad siúd faoi bhun 35 bliana d’aois agus thart ar 6 % – nach raibh ach 1,7 % díobh ina mná – agus i roinnt mhaith Ballstát, go bhfuil cion an-ard feirmeoirí 65 bliana d’aois agus os a chionn;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil athnuachan ó ghlúin go glúin bunriachtanach do thodhchaí thalmhaíocht na hEorpa, do shlándáil bia, do rathúnas na gceantar tuaithe agus do chaomhnú mhodh maireachtála na tuaithe; de bhrí go bhfuil praghas agus infhaighteacht theoranta talún, brabúsacht gníomhaíochta talmhaíochta atá íseal ar an mórgóir, na dúshláin struchtúracha atá roimh cheantair thuaithe i ndáil leis na hinfheistíochtaí agus na rioscaí atá i gceist, na ceanglais riaracháin agus íomhá bhraite na hearnála i measc na bpríomhbhacainní ar a bheith i d’fheirmeoir; de bhrí gur cheart aird a tharraingt freisin ar thosca eile, amhail easpa caipitil dhílis, rochtain dheacair ar chreidmheas, go háirithe do mhná agus d’fheirmeoirí óga, an gá atá le seirbhísí teicniúla agus seirbhísí tionlacain agus bearta tacaíochta, éifeachtaí an athraithe aeráide, ard-ionchur agus costais táirgthe eile, agus iolrú galar veicteoir-iompartha, ar féidir leo uile a bheith ina mbacainní tábhachtacha ar rannpháirtíocht daoine óga, ban agus feirmeoirí nua in earnáil na talmhaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag daoine óga, mná agus feirmeoirí nua smaointe nua gnó a thabhairt isteach, teicneolaíochtaí nua a ghlacadh agus modhanna feirmeoireachta inbhuanaithe a chur chun feidhme; de bhrí gur cheart scéimeanna lena gcomhcheanglaítear inbhuanaitheacht, glacadh teicneolaíochta agus comhpháirtíochtaí idirghlúine a chur chun cinn chun comharbas feirme a éascú; de bhrí go bhfuil sineirgí níos láidre idir tionscnaimh fostaíochta don aos óg, CBT agus beartais forbartha tuaithe bunriachtanach chun tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin agus chun a áirithiú go bhfanfaidh daoine óga i gceantair thuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí gur mó na dúshláin atá roimh mhná maidir le dul isteach in earnáil na feirmeoireachta agus de bhrí go bhfuil rátaí fostaíochta na mban i gceantair thuaithe i gcónaí níos ísle ná rátaí fostaíochta na bhfear; de bhrí go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir líon na bhfeirmeacha arna mbainistiú ag mná sna Ballstáit; de bhrí gur bunphrionsabal de chuid an Aontais é an comhionannas inscne agus go mbraitheann srian a chur ar dhídhaonrú na tuaithe den chuid is mó ar chomhionannas deiseanna a áirithiú do mhná agus do dhaoine óga; de bhrí, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá roimh mhná sa talmhaíocht, gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go léireofar a riachtanais sonracha i bpleananna straitéiseacha náisiúnta CBT trí idirghabhálacha spriocdhírithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go gcuireann slabhraí luacha tuaithe nua sa bhithgheilleagar deiseanna nua gnó ar fáil chun foinsí ioncaim d’earnáil na talmhaíochta a éagsúlú, lena gcothaítear cruthú post agus fiontraíocht tuaithe, agus úsáid níos fearr fotháirgí talmhaíochta á cur chun cinn ag an am céanna; de bhrí go n-áirítear ar shamplaí den dara ceann táirgeadh fuinnimh trí tháirgeadh bithgháis ar an bhfeirm nó táirgeadh agus próiseáil olla agus snáithíní nádúrtha eile; de bhrí, sa chomhthéacs sin, go bhfuil sé tábhachtach freisin aird a tharraingt ar na deiseanna breise ioncaim atá ar fáil d’fheirmeoirí trí tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite ó fhoinsí atá i gcomhréir leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (RED), amhail bithbhreoslaí, a rannchuidíonn freisin le neamhthuilleamaíocht fuinnimh an Aontais a neartú; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag an bhfeirmeoireacht carbóin tacú le cuspóirí aeráide an Aontais trí cheapadh carbóin in ithreacha agus i mbithmhais a chur chun cinn; de bhrí gur cheart, áfach, tosaíocht a thabhairt do bhia agus beatha thar úsáidí eile táirgí talmhaíochta agus talún;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go gcabhraíonn slabhraí táirgeachta gearra, ina ndéantar táirgeadh, próiseáil agus pacáistiú sa réigiún céanna, le breisluach a choinneáil ar léibhéal áitiúil agus, ar an gcaoi sin, níos mó post a dhaingniú sa cheantar; de bhrí go laghdaíonn córais agraibhia áitbhunaithe, leabaithe go críochach, athléimneacha agus inbhuanaithe an spleáchas ar ionchuir sheachtracha, go dtreisíonn siad slándáil bia an Aontais agus go rannchuidíonn siad le hathbheochan na gceantar tuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí gur den ríthábhacht tionchair dhiúltacha ar tháirgeadh talmhaíochta an Aontais a sheachaint trí uirlisí solúbtha agus éifeachtacha a chur chun cinn chun tacú leis na hearnálacha is leochailí agus is straitéisí agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin a eascraíonn as athruithe struchtúracha, tubaistí nádúrtha agus meitéareolaíocha, go háirithe i gcomhthéacs an athraithe aeráide, míchothromaíochtaí margaidh, glacadh comhaontuithe trádála<STRING BOLD="on">, </STRING>chomh maith leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann d’earnáil talmhaíochta an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bheartais nua an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí díreacha a bheith ag na dúshláin sin ar shlándáil bia agus ar gheilleagair agus ar phobail tuaithe, agus dá bhrí sin go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar chosc, ar bhainistiú agus ar oiriúnú rioscaí, lena n-áirítear trí shásraí agus bonneagar feabhsaithe agus oiriúnaithe a fhaigheann tacaíocht ó acmhainní airgeadais lasmuigh de CBT;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí gur cheart go n-aithneofaí in CBT na tairbhí suntasacha comhshaoil a bhaineann le talmhaíocht inbhuanaithe agus feirmeoireacht beostoic, lena rannchuidíonn cleachtais agus barra amhail foraoiseacht, agrafhoraoiseacht, beachaireacht, próitéin agus barra adhmadacha, feirmeoireacht orgánach, snáithíní teicstíle agus earnálacha atá ag teacht chun cinn amhail an bithgheilleagar freisin; de bhrí gur cheart straitéisí earnála do thorthaí agus glasraí, fíon, ola olóige, ológa boird, prátaí, biatas siúcra agus beachaireacht a choinneáil agus a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, go bhfuil triomaigh ina gcúis le caillteanais eacnamaíocha bhliantúla suas le EUR 9 mbilliún san Aontas agus go bhféadfadh an figiúr sin a bheith suas le EUR 28,6 billiún faoi 2100, sa bhreis ar chaillteanais arb iad éifeachtaí eile an athraithe aeráide is cúis leo; de bhrí go mbíonn tionchar díreach ag an athrú aeráide ar fheirmeoirí ar fud an Aontais, agus go bhfeiceann siad fairsingiú fásaigh atá ag dul i méid agus caillteanas táirgiúlachta talmhaíochta, agus go bhfuil dúshláin ar leith ann do réigiúin na Meánmhara; de bhrí go gcuireann teagmhais adhaimsire, amhail tuilte agus triomaigh atá ag éirí níos déine, slándáil bia an Aontais i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir an talmhaíocht, an t-uisce agus an ithir; de bhrí go bhfuil infhaighteacht agus bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha sin ríthábhachtach chun táirgeadh bia leordhóthanach agus ar ardchaighdeán a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí go bhfuil úsáid éifeachtúil cothaitheach bunriachtanach chun spleáchas an Aontais ar leasacháin cheimiceacha a laghdú, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun sláinte ithreach a fheabhsú; de bhrí go gcuireann an Treoir maidir le Níotráití<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, san fhoirm ina bhfuil sí faoi láthair, srian ar úsáid aoiligh phróiseáilte ainmhithe, lena n-áirítear táirgí RENURE, in ainneoin fianaise eolaíoch a thacaíonn lena n-úsáid shábháilte; de bhrí gur tháinig an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ar an gconclúid nach mbeidh méadú ar chaillteanais níotráite san uisce mar thoradh ar RENURE a chur in ionad leasacháin mhianracha shintéiseacha; de bhrí go gcruthaíonn sé sin bacainní rialála nach bhfuil gá leo d’fheirmeoirí arb é is aidhm dóibh timthriallta cothaitheach a dhúnadh agus tionchair chomhshaoil a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí go bhfágann an éagobhsaíocht mhéadaitheach sa trádáil dhomhanda gur gá beartas trádála agus rialacha trádála idirnáisiúnta an Aontais a oiriúnú, go háirithe faoi chreat na hEagraíochta Domhanda Trádála, chun córais agraibhia an Aontais a choimirciú trí dhálaí iomaíochta cothroma agus inbhuanaithe a áirithiú, bunaithe ar chómhalartacht agus ar chosaint éifeachtach trádála;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí go bhfuil allmhairiú táirgí talmhaíochta isteach san Aontas a tháirgtear ar chaighdeáin níos ísle agus a bhfuil costais táirgthe níos ísle acu ná na cinn a tháirgtear san Aontas – a bhfuil na caighdeáin is airde mar shaintréith acu – ina bhac ar chumas ár dtáirgeoirí praghsanna cothroma agus brabúsacht a fháil ar an margadh; de bhrí go bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leis sin don tsláinte phoiblí, do shláinte plandaí agus do shláinte ainmhithe, lena n-áirítear ó leathadh lotnaidí agus galar; de bhrí gur gá cómhalartacht a áirithiú i gcomhaontuithe trádála idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí gur gá nuachóiriú a dhéanamh ar an mbonneagar fisiceach agus digiteach atá mar bhonn taca le honnmhairiú éifeachtúil tháirgí agraibhia an Aontais chun athléimneacht thalmhaíocht an Aontais a neartú trí mhargaí onnmhairiúcháin éagsúlaithe a chruthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AQ.</NO.P>de bhrí go molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte léagúim, torthaí agus glasraí a áireamh, chomh maith le tomhaltas measartha próitéine, lena n-áirítear de bhunadh ainmhíoch, mar chuid d’aiste bia éagsúil agus chothrom; de bhrí gur foinse luachmhar de phróitéin ardluacha bhitheolaíoch agus de mhicreachothaithigh riachtanacha iad feoil agus táirgí eile ainmhithe; de bhrí go gcuireann feirmeoireacht beostoic inbhuanaithe go mór le cosaint na bithéagsúlachta, cosc dóiteáin foraoise, cothabháil tírdhreacha, soláthar cothaitheach ithreach agus slándáil bia, chomh maith le cultúir agus oidhreacht náisiúnta; de bhrí gur aithin an Coimisiún, ina theachtaireacht maidir leis an bhfís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais, a thábhachtaí atá sé straitéis fhadtéarmach a fhorbairt d’earnáil an bheostoic agus gur fhógair sé go seolfaí sruth oibre tiomnaithe maidir leis an tsaincheist sin; de bhrí gur féidir le hinfheistíochtaí spriocdhírithe i dteicnící pórúcháin agus i réitigh nuálacha eile astaíochtaí ó bheostoc a laghdú agus táirgiúlacht agus leas ainmhithe á gcosaint ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>AR.</NO.P>de bhrí nach mór thart ar 70 % de na hamhábhair is gá chun an bheatha ar mhórán próitéine a theastaíonn san Aontas a mhonarú a allmhairiú ó thíortha nach bhfuil san Aontas toisc go bhfuil easnamh suntasach san Aontas maidir le táirgeadh próitéine plandaí; de bhrí gur iarr an Pharlaimint agus na Ballstáit arís agus arís eile go mbeadh straitéis fhónta próitéine an Aontais ann chun táirgeadh barr próitéine san Aontas a mhéadú chun an leibhéal ard spleáchais sin a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AS.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le sineirgí treisithe le hionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail Fís Eorpach agus an beartas comhtháthaithe, chun comhtháthú aschur taighde i réitigh talmhaíochta phraiticiúla atá saincheaptha go háitiúil a éascú, chun nuálaíocht a chur chun cinn agus chun forbairt eacnamaíoch a chothú; de bhrí go bhfuil nascacht fheabhsaithe, scileanna digiteacha feabhsaithe agus imscaradh teicneolaíochtaí uathrialacha i gceantair thuaithe bunriachtanach chun iomaíochas agus athléimneacht aeráide na hearnála a fheabhsú agus chun ceantair thuaithe a dhéanamh níos tarraingtí do na glúnta óga agus do ghairmithe cáilithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AT.</NO.P>de bhrí go ndéantar an chuid is mó den taighde biteicneolaíochta lasmuigh den Aontas faoi láthair; de bhrí gur minic a dhíríonn taighde den sórt sin ar shaincheisteanna agra-eacnamaíocha nach bhfuil ábhartha ach go páirteach do chomhthéacs an Aontais, rud a fhágann go bhféadfadh caillteanais infheistíochta agus deiseanna a bheith ann d’fheirmeoirí an Aontais; de bhrí gur cheart don Aontas, dá bhrí sin, infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt na biteicneolaíochta atá oiriúnaithe dá riachtanais talmhaíochta féin; de bhrí, le tarraingt siar údaruithe margaíochta le haghaidh táirgí cosanta plandaí, gan roghanna malartacha éifeachtacha a bheith ar fáil, go nochtar feirmeoirí do lotnaidí agus galair, go laghdaítear a mbrabúsacht agus a n-iomaíochas, go méadaítear cur amú bia agus gur bagairt é don tslándáil bia;
</CONS><CONS>
<NO.P>AU.</NO.P>de bhrí go bhfuil sraith clár spáis (EGNOS agus Galileo) agus cláir um fhaire na cruinne (Copernicus) forbartha ag an Aontas, a bhfuil acmhainneacht shuntasach acu tacú le faireachán ar chur chun feidhme CBT chun feirmeoirí agus foraoiseoirí a chumhachtú le sonraí cruinne ar an talamh a bhainistíonn siad agus, i gcás inarb iomchuí, chun ualaí riaracháin a shimpliú agus a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AV.</NO.P>de bhrí gurb ionann ceantair thuaithe an Aontais agus 83 % dá chríoch agus go bhfuil 137 milliún duine ina gcónaí iontu; de bhrí go bhfuil todhchaí agus rathúnas na gceantar tuaithe ríthábhachtach do shlándáil bia, neamhspleáchas agus athléimneacht na hEorpa; de bhrí gur cheadaigh córais agraibhia rochtain leanúnach ar bhia sábháilte agus ar ardchaighdeán le linn na ngéarchéimeanna a bhí ann le déanaí, in ainneoin gur chuir boilsciú brú ar inacmhainneacht bia; de bhrí gur gá do bheartais tacú leis an talmhaíocht mar phríomhghníomhaíocht agus mar éagsúlú eacnamaíoch trí thurasóireacht tuaithe inbhuanaithe, gnólachtaí beaga, ceardaíocht agus seirbhísí áitiúla a fhorbairt, chun go mbeidh réigiúin tuaithe inmharthana agus tarraingteach; de bhrí gur féidir le táirgeadh fuinnimh sruthanna ioncaim breise a chruthú d’fheirmeoirí ach nár cheart aon tionchar a bheith aige ar tháirgeadh bia; de bhrí go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil uirlisí luachmhara ag LEADER agus ag an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD) don fhorbairt inbhuanaithe agus go bhfuil siad i gcroílár bheartais an Aontais; de bhrí nach féidir le CBT amháin réitigh a sholáthar ar na riachtanais agus na dúshláin uile atá os comhair na gceantar tuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AW.</NO.P>de bhrí gur cheart ról a bheith ag CBT i bhforbairt chomhchuí an Aontais trí chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, agus nach mór, dá bhrí sin, leanúint de limistéir a bhfuil srianta nádúrtha orthu a chúiteamh, amhail na réigiúin shléibhtiúla, thura, oileánacha, teorann, na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin faoi mhíbhuntáiste, as na costais bhreise a bhaineann lena srianta geografacha nó déimeagrafacha, chun tréigean gníomhaíochta talmhaíochta agus dídhaonrú mar thoradh air sin sna limistéir sin a sheachaint; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag feirmeoirí sna críocha sin, lena n-áirithítear seirbhísí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AX.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin shonracha roimh na réigiúin is forimeallaí mar gheall ar a suíomh geografach; de bhrí go gcuireann clár POSEI idirghabhálacha Cholún I CBT i bhfeidhm, arna n-oiriúnú do shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí; de bhrí go bhfuil POSEI ríthábhachtach chun gníomhaíocht talmhaíochta a choinneáil ar bun agus chun soláthar bia agus táirgí talmhaíochta a áirithiú sna réigiúin sin; de bhrí go bhfuil cur chun feidhme POSEI tábhachtach agus gur éirigh go maith leis, go háirithe ó thaobh táirgeadh atá beartaithe do thomhaltas áitiúil a mhéadú, mar a léiríodh sna tuarascálacha cur chun feidhme ón gCoimisiún idir 2006 agus 2014 agus idir 2015 agus 2019; de bhrí, áfach, nach ndearnadh athbhreithniú ar leithdháiltí buiséid POSEI ó 2007, rud a fhágann dímheas carnach 36 % ar a laghad mar gheall ar bhoilsciú; de bhrí gur chuir sé sin teorainn shuntasach le leibhéal na tacaíochta ón Aontas atá ar fáil d’fheirmeoirí sna réigiúin is forimeallaí agus de bhrí gur léir gur gá leithdháiltí airgeadais POSEI a athchalabrú chun an dímheas sin a chúiteamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AY.</NO.P>de bhrí gur féidir le hearnálacha iomaíocha talmhaíochta, bia agus foraoiseachta leanúint de ról tábhachtach a bheith acu maidir le cuspóirí na slándála bia, na sláinte poiblí agus chosaint an chomhshaoil a bhaint amach, i gcomhréir le beartais an Aontais, ina ndreasófar feirmeoirí agus ina dtabharfar luach saothair dóibh as a rannchuidiú agus ina dtabharfar cúnamh dóibh trí ualaí rialála agus riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú sna bearta a dhéanann siad;
</CONS><CONS>
<NO.P>AZ.</NO.P>de bhrí, trí CBT, go bhfuil iarrachtaí suntasacha déanta ag feirmeoirí na hEorpa cuspóirí comhshaoil agus aeráide a chomhtháthú atá comhoiriúnach leis na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais chun earnáil na talmhaíochta a chur in oiriúint do na dúshláin agus na géarchéimeanna atá ag dul i méid mar thoradh ar an athrú aeráide; de bhrí go bhfuil feirmeoirí ar an líne thosaigh cheana féin agus go bhfuil ról lárnach acu maidir leis an gcomhshaol agus an ithir a chosaint i bhfianaise an athraithe aeráide agus, de réir meastachán, idir 2005 agus 2023, gur lean astaíochtaí gás ceaptha teasa talmhaíochta san Aontas treocht anuas fhoriomlán de 7 %<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, <STRING ITALIC="on">Greenhouse gas emissions from agriculture in Europe</STRING> [Astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht san Eoraip], https://www.eea.europa.eu/en/analysis/indicators/greenhouse-gas-emissions-from-agriculture.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>BA.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear éagsúlacht na talmhaíochta san Aontas san áireamh i gceanglais choinníollachta CBT agus i ngealltanais chomhshaoil agus nach gcuirfear ualaí riaracháin díréireacha ar fheirmeoirí, go háirithe na feirmeoirí is leochailí; de bhrí gur gá cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir cineál éigeantach beart áirithe agus córas dreasachtbhunaithe lena gcuirtear ar chumas feirmeoirí cleachtais feirmeoireachta níos inbhuanaithe a ghlacadh go deonach, gan laghdú ar tháirgeadh bia a bheith mar thoradh air, agus ar an gcaoi sin a n-iomaíochas agus a mbrabúsacht a áirithiú agus dóthain solúbthachta a thabhairt chun réitigh iomchuí áitiúla a cheadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>BB.</NO.P>de bhrí gur gá meastóireacht charnach a dhéanamh ar reachtaíocht a bhaineann leis an gComhaontú Glas chun measúnú a dhéanamh ar a tionchar foriomlán ar an earnáil agraibhia, lena n-áirítear comhleanúnachas rialála, ualach riaracháin, iomaíochas agus cumas na hearnála slándáil bia agus athléimneacht straitéiseach a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>BC.</NO.P>de bhrí gur cheart réigiúin ina bhfuil iomaíocht láidir idir forbairt uirbeach agus talmhaíocht a chur san áireamh in CBT agus srianta breise á bhforchur ar rochtain ar thalamh, chun talmhaíocht a choinneáil sna limistéir sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>BD.</NO.P>de bhrí go mbraitheann rath na nuálaíochta sa talmhaíocht ní hamháin ar dhul chun cinn teicneolaíoch, ach freisin ar mhalartú éifeachtach eolais agus ar rannpháirtíocht ghníomhach feirmeoirí i bpróisis taighde agus nuálaíochta; de bhrí gur léirigh uirlisí amhail na Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS), Grúpaí Oibríochtúla faoi EIP-AGRI, agus tionscadail ilghníomhaithe a fhaigheann tacaíocht ó Fhís Eorpach luach an chomhchruthaithe, an oiriúnaithe áitiúil agus na nasc níos láidre idir feirmeoirí, taighdeoirí agus comhairleoirí;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An bealach i dtreo talmhaíocht iomaíoch agus inbhuanaithe </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha chun CBT a athchóiriú an 16 Iúil 2025, mar aon lena thogra le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil nua don tréimhse 2028-2034; á áitiú, áfach, go bhfuil seasamh na Parlaiminte maidir le todhchaí CBT agus talmhaíocht san Aontas fós i gcomhréir leis an seasamh a leagtar amach sa rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur sonrú sa tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal <STRING ITALIC="on">A Vision for Agriculture and Food</STRING> [Fís don Talmhaíocht agus do Bhia] mar threochlár a bhfuil gealladh faoi do CBT tar éis 2027, ina bhfuil rannchuidithe tábhachtacha bunaithe ar athnuachan ó ghlúin go glúin, iomaíochas, inbhuanaitheacht, athléimneacht, simpliú agus cómhalartacht níos fearr na gcaighdeán sa trádáil, agus béim á leagan ar an nuálaíocht chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a bhaint amach, ar thosaíocht a thabhairt do dhreasachtaí thar shrianta agus ar thacaíocht CBT a spriocdhíriú ar bhealach níos cothroime; ag aithint, mar chuid den chur chuige sin, go leagtar béim athnuaite ar chroíaidhmeanna traidisiúnta CBT mar a chumhdaítear in Airteagal 39 CFAE; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé buiséad aonair CBT a áirithiú chun na haidhmeanna sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról bunúsach ag an talmhaíocht maidir le slándáil bia a áirithiú don Aontas agus níos faide i gcéin, sláinte an duine a chosaint, an bhithéagsúlacht agus ithir agus uisce sláintiúil a chothabháil, agus comhtháthú sóisialta; á chur i bhfios go láidir gur cheart don CBT a bheidh ann amach anseo rochtain ar bhearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus ar bhearta maolaithe a shimpliú agus gur cheart feirmeoirí a chúiteamh as a n-iarrachtaí i ndáil leis sin; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag feirmeoirí maidir le hinbhuanaitheacht tháirgeadh talmhaíochta na hEorpa a áirithiú ar fud a ghnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, agus ag an am céanna rannchuidiú le slándáil bia agus neamhspleáchas straitéiseach agus gur cheart, dá bhrí sin, tacú leo; á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe tionchair lena gcuirfear san áireamh impleachtaí ar leibhéal na feirme sula molfar aon rialacháin nua lena mbaineann ceanglais nua agus ualaí maorlathacha ar fheirmeoirí, agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na hoibleagáidí uile atá ann cheana; á áitiú go leanfaidh an talmhaíocht de bheith ina beartas de chuid an Aontais agus nach n-áireofar í i gciste aonair, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i measc na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh go mbeadh buiséad méadaithe agus tiomnaithe ann do CBT, atá innéacsaithe don bhoilsciú trí athmheastóireachtaí bliantúla, sa chéad CAI eile chun slándáil an tsoláthair bia a áirithiú gan beann ar na neamhchobhsaíochtaí tráchtála a eascraíonn as luaineacht na timpeallachta geopholaitiúla; á chur i bhfáth, in éagmais na n-acmhainní leormhaithe, nach mbeidh CBT in ann a bheith ina phríomhspreagadh a thuilleadh chun inbhuanaitheacht thalmhaíocht na hEorpa a áirithiú ó thaobh an gheilleagair, an chomhshaoil agus na sochaí de, agus ioncam cothrom agus dálaí cothroma á ráthú ag an am céanna dóibh siúd atá rannpháirteach in earnáil na feirmeoireachta agus i margadh aonair lánfheidhmiúil; á iarraidh go bhfanfadh na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear ar CBT i leataobh sa bhuiséad chun na críche sin, go háirithe íocaíochtaí díreacha; ag cur go láidir i gcoinne an smaoinimh gur cheart cead a bheith ag na Ballstáit buiséad CBT a úsáid mar chuid d’imchlúdach iomlán chun críoch eile seachas an talmhaíocht; á chur i bhfáth go gcuideoidh buiséad leormhaith lena áirithiú go leanfar le comhbheartas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí tacaíocht ioncaim sheasta agus imfhálaithe a choinneáil mar phríomhghné de CBT tar éis 2027, agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá aige maidir le táirgeadh bia a áirithiú, le hardchaighdeáin sláinte agus ardchaighdeáin sláinte do thomhaltóirí an Aontais, lena gcuirtear cobhsaíocht ar fáil d’fheirmeoirí i bhfianaise luaineacht an mhargaidh agus teagmhais adhaimsire, lena n-áirithítear caighdeán cóir maireachtála d’fheirmeoirí, lena ráthaítear slándáil an tsoláthair agus lena bhforbraítear neamhspleáchas bia agus beatha; á mheas nach mór staid reatha na réigiún atá suite ag teorainneacha seachtracha an Aontais a chur san áireamh freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an t-ollchóiriú buiséadach a d’fhéadfadh a bheith ann i mbuiséad an Aontais tar éis 2027, lena n-áirítear an lárú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar shruthanna cistiúcháin; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh comhtháthú CBT le réimsí cistiúcháin eile amhail comhtháthú, forbairt réigiúnach agus iascach an bonn a bhaint de ról ar leith an bheartais talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do CBT a sheasamh dlíthiúil agus institiúideach féin a choinneáil sa tréimhse tar éis 2027. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé buiséad CBT a choinneáil mar bhuiséad neamhspleách, leithleach agus tiomnaithe, atá saincheaptha do riachtanais shonracha earnáil talmhaíochta na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún ualaí riaracháin a laghdú chun a áirithiú gur féidir le feirmeoirí rochtain dhíreach a fháil ar thacaíocht gan spleáchas iomarcach ar chomhairleoirí seachtracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé CBT a choinneáil mar bheartas ar leith, a fheidhmeoidh mar chomhpháirtíocht idir an talmhaíocht agus an tsochaí, agus idir an Eoraip agus a feirmeoirí, lena gcuirfear tacaíocht iontaofa ar fáil dóibh d’fhonn slándáil bia a fheabhsú; ag diúltú go láidir d’aon togra chun buiséad CBT a áireamh i gciste aonair le beartais nó cistí eile, ós rud é go laghdódh cur chuige den sórt sin éifeachtacht na n-idirghabhálacha agus go gcuirfeadh sé cuspóirí straitéiseacha an Aontais i mbaol ó thaobh slándáil bia agus forbairt tuaithe de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios, sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, go bhfuil rochtain shlán agus leanúnach ar bhia anois ina hábhar slándála straitéisí, agus gur féidir spleáchas ar allmhairí a shaothrú mar bhealach chun brú a chur; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, gur cheart níos mó béime a chur ar chroíaidhmeanna traidisiúnta CBT .i. tacú le slándáil agus athléimneacht bia, ioncam cothrom a áirithiú d’fheirmeoirí, agus cobhsaíocht agus iomaíochas an mhargaidh a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról straitéiseach méadaithe ag táirgeadh inbhuanaithe bia agus talmhaíochta, arna threisiú ag an gcomhthéacs geopholaitiúil nua, mar chuid bhunriachtanach de shlándáil, cobhsaíocht agus ceannasacht na hEorpa chomh maith le huathriail straitéiseach, agus nach mór méid agus creat bhuiséad CBT a léiriú; á áitiú gur cheart feirmeoireacht an Aontais a aithint ní hamháin mar earnáil eacnamaíoch, ach freisin mar bhunchloch gheopholaitiúil, mar uirlis don chobhsaíocht shóisialta agus chríochach, agus mar chomhpháirt ríthábhachtach de bheartais slándála agus cosanta an Aontais; ag tabhairt dá haire, ar an leibhéal domhanda, cé is moite den Aontas Eorpach, go bhfuil dlús curtha ag tíortha a bhfuil ról lárnach acu in earnáil na talmhaíochta lena mbearta caiteachais agus cosanta don earnáil ó ghéarchéim praghsanna bia 2007-2008; á mheabhrú go bhfuil táirgiúlacht agus athléimneacht talmhaíochta ag brath ar bhainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach ár gcóras bia a ráthú; á thabhairt chun suntais gur gá do CBT tar éis 2027 rannchuidiú le hullmhacht agus athléimneacht fhoriomlán an Aontais a neartú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit bia a áireamh ina bpleananna slándála agus iomaíochais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar shaoráidí stórála straitéiseacha a bhunú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta d’fhonn slándáil bia a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go gcuireann táirgeadh éifeachtúil talmhaíochta go mór le hinbhuanaitheacht na hearnála, tríd an táirgeacht a bharrfheabhsú leis an líon is lú ionchur is féidir; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór a áireamh in CBT ionstraimí agus infheistíochtaí lena gcuirfear feabhas ar acmhainneacht na bhfeirmeacha agus na gceantar tuaithe a bheith ullamh do thurraingí, a ionsú agus téarnamh uathu; á áitiú gur cheart gurb é príomhchuspóir CBT riachtanais bhia dhaonra na hEorpa a chomhlíonadh agus go gciallaíonn sé sin tacaíocht níos éifeachtaí a thabhairt d’fheirmeoirí chun borradh a chur faoi shlándáil bia agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur béim, ina leith sin, ar ról straitéiseach na margaí mórdhíola, struchtúir chreidiúnaithe ar mhaithe le leas an phobail, lenar féidir comhlíonadh phrionsabail na hinbhuanaitheachta, an laghdaithe dramhaíola agus na trédhearcachta praghsanna a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil comhar, comhiomlánú agus idirphlé, chomh maith le heagrú níos fearr feirmeoirí trí chomharchumainn, eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí sa slabhra luacha agraibhia, mar aon le maoluithe ó dhlí na hiomaíochta agus tacaíocht shonrach, ríthábhachtach chun staid na bhfeirmeoirí a fheabhsú, chun dáileadh níos cothroime corrlach a chur chun cinn agus chun éifeachtúlacht na ngníomhaithe uile a mhéadú; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur féidir leis an athchóiriú ar CEM agus ar an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’), ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/29/2022-05-28.</FIELD></FOOTNOTE> a bheith ina dheis chun seasamh na bhfeirmeoirí i slabhraí soláthair agraibhia náisiúnta agus trasnáisiúnta a neartú, lena n-áiritheofar go bhfaighidh táirgeoirí praghas cothrom ar a dtáirgí agus ar a gcuid oibre, trí shásraí bainistithe géarchéime a threisiú agus trí fheabhas a chur ar fhorfheidhmiú trasteorann i gcoinne cleachtais tráchtála éagóracha trí chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, gan na straitéisí agus na cleachtais náisiúnta is fearr atá ann cheana a chur i mbaol ná tionchar diúltach a imirt orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht ionstraimí nua a bhunú ionas nach bhfaighidh feirmeoirí praghsanna ar a dtáirgí atá faoi bhun na gcostas táirgthe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, go háirithe, a thábhachtaí atá sé comhar trasteorann idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit a neartú, lena n-áiritheofar forfheidhmiú éifeachtach, comhordaithe agus comhsheasmhach rialacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh, chun iompar mí-úsáideach a chomhrac, cothroime feadh an tslabhra soláthair a áirithiú agus iomaíocht éagórach a chosc; ag cur béim ar an bhfíoras gur comhpháirteanna ríthábhachtacha den neamhspleáchas straitéiseach iad an tslándáil bia agus an bhiacheannasacht agus nach mór don chéad CAI eile leanúint de bheith ag tacú go héifeachtach le hiomaíochas agus athléimneacht earnáil na feirmeoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacaíocht ioncaim dhíreach a chosaint agus a threisiú chun freastal ar riachtanais gach feirmeora ghníomhaigh, gairmiúla faoi CBT, go lánaimseartha agus go páirtaimseartha araon, gan beann ar a méid ná ar a gcineál táirgthe<STRING BOLD="on">; </STRING>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feirmeoirí ilghníomhacha a áireamh, ós rud é go gcuireann gach feirmeoir go mór le creatlach shocheacnamaíoch na gceantar tuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go ngineann íocaíochtaí díreacha san fhoirm ina bhfuil siad faoi láthair breisluach soiléir an Aontais agus á mheabhrú a thábhachtaí atá samhail limistéarbhunaithe, agus tacaíocht á méadú ag an am céanna do na feirmeoirí is leochailí, lena n-áirítear feirmeacha teaghlaigh, feirmeacha beaga agus meánmhéide, feirmeoirí óga agus baineanna, feirmeacha i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu agus iad siúd a ghlacann cleachtais níos inbhuanaithe; ag moladh samhail lena gcuirtear cobhsaíocht ar fáil agus lena rannchuidítear go héifeachtach le hioncam feirmeoirí agus lena gcoinnítear inmharthanacht eacnamaíoch, iomaíochas agus inbhuanaitheacht an táirgthe bia i réigiúin agus críocha uile an Aontais; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach cothroime a áirithiú i ndáileadh íocaíochtaí díreacha i measc na mBallstát agus laistigh díobh araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chreidiúint, chun feabhas a chur ar spriocdhíriú thacaíocht CBT orthu siúd atá i mbun gníomhaíocht talmhaíochta, gur gá an sainmhíniú ar chreat ar leibhéal an Aontais ar fheirmeoir a bheachtú tuilleadh agus, ar bhonn an tsainmhínithe sin, gur cheart do na Ballstáit a shainiú cé na feirmeoirí atá incháilithe le haghaidh tacaíochta; á áitiú nár cheart go bhfágfadh an sainmhíniú sin go mbeadh bac ar thacaíocht d’fheirmeoirí ilghníomhacha atá go gníomhach i mbun feirmeoireachta ach atá ag gabháil de ghníomhaíochtaí thalmhaíochta lasmuigh den fheirm chomh maith, ós rud é gur minic a neartaítear bonn socheacnamaíoch na gceantar tuaithe leis an ilghníomhaíocht sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá trédhearcacht i leithdháileadh chistí CBT agus á iarraidh go ndéanfaí tairbhithe deiridh agus cuideachtaí idirnasctha a shainaithint go córasach; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí rialaithe a thabhairt isteach chun comhchruinniú cabhrach a chosc trí struchtúir chasta úinéireachta nó trí ilroinnt shaorga feirmeacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheas, fad a urramaítear machaire comhréidh sa mhargadh inmheánach, gur cheart íocaíochtaí tacaíochta cúpláilte deonacha a choinneáil nó a mhéadú, le leithdháileadh buiséadach leordhóthanach agus níos mó solúbthachta maidir lena n-úsáid, mar uirlis shimplí chun táirgeadh a choinneáil ar bun in earnálacha leochaileacha agus chun gníomhú in aghaidh deacrachtaí sonracha, go háirithe na deacrachtaí sin a eascraíonn as míbhuntáiste struchtúrach iomaíoch na limistéar mídheisiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cineál deonach na n-éiciscéimeanna a choinneáil agus iad a dhéanamh níos simplí agus níos solúbtha in CBT tar éis 2027; á iarraidh ar na Ballstáit liosta soiléir agus simplí a chur ar fáil dá bhfeirmeoirí de roghanna éiciscéime éifeachtúla agus éifeachtacha ar féidir rogha a dhéanamh astu, in éineacht le luach saothair iomchuí agus tarraingteach chun iad a dhreasú, agus gan an bonn a bhaint de na cistí a leithdháiltear le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus infheistíochtaí ná an rómhaorlathas a mhéadú ag an am céanna; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in oiliúint chun tacú le feirmeoirí úsáid éifeachtach a bhaint as éiciscéimeanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag aithint a bhfuil bainte amach cheana féin tríd an gcoinníollacht shóisialta; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ar an gcoinníollacht shóisialta in CBT agus go ndéanfaí cur chun feidhme comhréireach, éifeachtach agus sainithe go soiléir chun dúbláil rialachán i measc na mBallstát agus ualaí riaracháin díréireacha ar fheirmeoirí a sheachaint, agus chun cearta oibrithe a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí staidéar cuimsitheach chun a mheas an bhfeabhsófaí cothroime dá dtabharfaí isteach sásraí éigeantacha, amhail athdháileadh nó teorannú íocaíochtaí díreacha faoi CBT trí uasteorannú agus céimlaghdaitheacht; á chur i bhfáth gur cheart anailís a dhéanamh air sin roimh thíolacadh tograí le haghaidh CBT nua chun ionstraimí iomchuí a fhorbairt lena bhféadfar tacú i ndáiríre le hinmharthanacht feirmeacha ar fud an Aontais, lena n-áirítear feirmeoirí óga agus baineanna agus feirmeacha beaga agus meánmhéide; á chur i bhfáth gur cheart anailís a dhéanamh sa staidéar sin freisin ar neamhchur i bhfeidhm uasteorannú ar íocaíochtaí sonracha, amhail éiciscéimeanna agus íocaíochtaí agra-chomhshaoil nó íocaíochtaí a bhaineann leis an aeráid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh go saothrófaí dáileadh cothrom an luacha a tháirgtear san earnáil agraibhia, trí bhíthin dlíthe réime agus idirghabhálacha arb é is aidhm dóibh na torthaí ón bhfiontraíocht agus ó ioncaim talmhaíochta a mhéadú, tríd an gcaidreamh laistigh den slabhra a athchothromú i dtreo dáileoirí agus táirgeoirí; á iarraidh, go háirithe, go mbeadh dreasachtaí agus infheistíochtaí ann do shamhlacha nua gnó agraibhia lena soláthraítear inbhuanaitheacht airgeadais fhadtéarmach agus go ndéanfaí an caidreamh tráchtála idir feirmeoirí, dáileoirí agus táirgeoirí a athchothromú lasmuigh de chur chuige reatha an Aontais maidir le cleachtais thoirmiscthe, trí chreat reachtaíochta tagartha a dhearadh arna spreagadh ag dlí ‘EGAlim’ na Fraince;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh go mbeadh an dara colún de CBT neamhspleách agus láidir – ar leithligh ó bheartais chomhtháthaithe, ach comhordaithe go dlúth leo – lena gcuirfí comhleanúnachas beartais chun cinn chun, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, comhtháthú críochach a éascú, agus chun sineirgí agus tacaíocht éifeachtach a áirithiú d’earnáil na talmhaíochta laistigh de chreat comhleanúnach lena ráthaítear úsáid éifeachtúil chistí agus infheistíochtaí an Aontais i dtionscadail; á áitiú go sroichfidh na cistí sin na tairbhithe go tráthúil; á chreidiúint gur cheart cistiú forbartha tuaithe a leithdháileadh go príomha ar ghníomhaíochtaí talmhaíochta, agus gur cheart gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le críocha nó bonneagar a mhaoiniú ó na cistí comhtháthaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le clár forbartha tuaithe dea-mhaoinithe faoin dara colún de CBT chun tacú le ceantair thuaithe, le ranníocaíocht láidir airgeadais ón Aontas, arna chomhlánú le cómhaoiniú náisiúnta chun éifeachtacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach an chláir a áirithiú; ag cur béim, dá réir sin, ar ról ríthábhachtach na rialtas áitiúil agus na ngeallsealbhóirí áitiúla, amhail comharchumainn agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla, maidir leis na hiarrachtaí faoi Cholún II CBT a chuíchóiriú; á áitiú nach mór do na réigiúin a bheith in ann bearta forbartha tuaithe a dhearadh, a chur chun feidhme agus a bhainistiú go neamhspleách, agus sainiúlachtaí bunreachtúla gach Ballstáit á n-urramú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh go méadófaí an buiséad a leithdháiltear ar chlár LEADER, lena rannchuidítear le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta agus le grúpaí gníomhaíochta áitiúla a chur chun cinn trí chuir chuige CLLD a neartú, atá ríthábhachtach chun naisc thuaithe-uirbeacha níos láidre a thógáil; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag LEADER maidir le ceantair thuaithe atá tarraingteach, rathúil, athléimneach agus idirnasctha a chur chun cinn trí thacú le tionscnaimh lena ngintear breisluach áitiúil, lena spreagtar fiontraíocht, lena gcothaítear nuálaíocht agus lena neartaítear creatlach eacnamaíoch agus shóisialta na gcríoch, ar nithe iad uile atá bunriachtanach chun caipiteal daonna a choinneáil agus a mhealladh, go háirithe daoine óga agus mná, agus lena rannchuidítear leis an gcothromaíocht dhéimeagrafach agus chríochach, agus leis an athnuachan ó ghlúin go glúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á aithint gur príomhionstraimí iad bearta deonacha agra-chomhshaoil agus aeráide, agus bearta maidir le leas ainmhithe agus sláinte ainmhithe agus plandaí faoi Cholún II, agus úsáid á baint as cuir chuige shimplithe atá bunaithe ar dhreasachtaí agus ar chomhlíontacht araon, chun an comhshaol a chosaint agus chun cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn, agus ag an am céanna rannchuidiú le hioncam cuibhiúil do na feirmeoirí a chuireann chun feidhme iad; á mheas go bhfuil scéimeanna Cholún II sin níos éifeachtaí ná éiciscéimeanna, nach bhfuil na torthaí inmhianaithe bainte amach acu i roinnt mhaith Ballstát mar gheall ar an ardleibhéal castachta a bhaineann leo d’fheirmeoirí, agus á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go bhfaigheadh na scéimeanna sin de chuid Cholún II sciar méadaithe cistiúcháin in CBT amach anseo; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go rannchuideoidh bearta agra-chomhshaoil agus aeráide le táirgeadh bia a chothabháil agus a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí tacaíocht airgeadais CBT níos simplí agus níos inrochtana do thionscadail bheaga, ar minice ná a mhalairt a spreagann na tionscnaimh is nuálaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid roghanna costais simplithe a chur chun cinn agus a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bearta nithiúla a ghlacadh chun a ráthú go gcoinneofar allmhairí táirgí agraibhia ó thíortha nach bhfuil san Aontas ar na caighdeáin chéanna sábháilteachta bia, chomhshaoil, shóisialta agus leasa ainmhithe agus a cheanglaítear ar tháirgeoirí an Aontais, chun machaire comhréidh agus ardleibhéal sábháilteachta bia, inrianaitheachta agus táirgthe inbhuanaithe san Aontas a áirithiú; á áitiú go bhfuil sé sin bunriachtanach chun nach gcuirfear iomaíochas tháirgeadh agraibhia an Aontais i mbaol i ndáil le táirgí allmhairithe; á áitiú, chun iomaíocht éagórach d’fheirmeoirí an Aontais a sheachaint, nach mór don Choimisiún a bheith réidh chun clásail choimirce a ghníomhachtú ina chomhaontuithe le tíortha nach bhfuil san Aontas, i gcás inar gá, chun cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ina iarrachtaí margaí nua a oscailt agus margaí atá ann cheana a chomhdhlúthú, measúnú tionchair córasach a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann le hearnáil na talmhaíochta i ngach ceann dá chomhaontuithe trádála, inar cheart na páirtithe leasmhara uile a chur san áireamh chun a dtionchar carnach a chinneadh, agus straitéisí sonracha a chur ar fáil chun machaire comhréidh agus cómhalartacht a áirithiú ar gach leibhéal, go háirithe maidir le táirgeadh, cáilíocht agus caighdeáin shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá comhsheasmhacht a choinneáil idir beartais trádála agus inbhuanaitheachta an Aontais agus rialuithe ag an bhfoinse agus ag teorainneacha ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit a neartú agus trí ghníomhaireacht rialaithe an Aontais, ós rud é go dtabharfadh sé sin ráthaíochtaí níos mó ó thaobh iomaíocht chóir de do tháirgeoirí Eorpacha; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar bheartas trádála an Aontais chun a áirithiú go dtacóidh sé go héifeachtach le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht thalmhaíocht na hEorpa; á chur i bhfáth nár cheart an bonn a bhaint d’inbhuanaitheacht agus d’iomaíochas earnáil talmhaíochta an Aontais agus comhaontuithe trádála amach anseo á ndaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar shineirgí, ar chomhlántachtaí agus ar chomhordú i measc ionstraimí cistiúcháin an Aontais, amhail an Ciste Comhtháthaithe, ionstraim théarnaimh NextGenerationEU agus an Ciste um Aistriú Cóir, agus le hionstraimí náisiúnta, chomh maith le línte díreacha comhair a oscailt le húdaráis áitiúla maidir leis na cistí a bhainistiú agus a chur chun feidhme; á iarraidh, thairis sin, go gcuirfí feabhas ar chomhtháthú le cláir ábhartha eile, chun tionchar na gcuspóirí nuálaíochta, digitithe, inbhuanaitheachta agus athléimneachta sa talmhaíocht agus i gceantair thuaithe a uasmhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún nós imeachta inmheánach a chur ar bun, ag tús gach tréimhse cláraithe airgeadais, chun comhlántacht agus comhsheasmhacht a áirithiú ar leibhéal an Aontais idir na hionstraimí tacaíochta éagsúla atá beartaithe i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil rochtain ar mhaoiniú d’fheirmeoirí agus do ghníomhaithe eile san earnáil agraibhia ríthábhachtach chun infheistíochtaí a chur chun feidhme, chun rochtain ar thalamh a éascú agus chun leanúnachas na gníomhaíochta talmhaíochta ar fheirmeacha a áirithiú; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart don nuálaíocht agus don teicneolaíocht san earnáil agraibhia leanúint de thairbhe a bhaint as tacaíocht infheistíochta spriocdhírithe mar thosaíocht, chun a chur ar chumas an Aontais a bheith ina mhol digiteach domhanda, borradh a chur faoi ghnólachtaí nuathionscanta agus daoine óga tréitheacha a mhealladh agus a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil rioscaí atá ag dul i méid agus atá éagsúil roimh na Ballstáit; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil méadú iomchuí agus athchóiriú ar an gcúlchiste comhchoiteann géarchéime talmhaíochta mar aon le cruthú ionstraimí airgeadais nua agus sonracha, le hacmhainní lasmuigh de CBT, bunriachtanach chun tacú le feirmeoirí, i bhfianaise saobhadh margaidh agus athraithe aeráide nach féidir a thuar amhail triomach agus tuilte, stoirmeacha, galair plandaí agus ainmhithe, chomh maith le hathruithe ar iompraíocht tomhaltóirí agus ar theannais gheopholaitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún a straitéis bainistithe géarchéime <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> a bhunú ar bhonn táirge ar tháirge, d’fhonn an cúlchiste géarchéime talmhaíochta a úsáid ar bhealach lena n-uasmhéadaítear éifeachtúlacht agus breisluach pobail; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit freagairtí tapa, éifeachtacha agus comhréireacha ar riachtanais na bhfeirmeoirí i gcásanna géarchéime a áirithiú, rud a chuirfidh ar a gcumas an caipiteal a theastaíonn uathu a fháil go pras chun a ngníomhaíochtaí talmhaíochta a athbhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag sásraí idirghabhála poiblí CBT maidir le margaí talmhaíochta a chobhsú agus feirmeoirí a chosaint ar luaineachtaí praghsanna; á mheabhrú nach ndearnadh athmheasúnú ar na tairseacha tagartha le roinnt blianta anuas agus gur cheart iad a athbhreithniú a luaithe is féidir chun athruithe ar phraghsanna a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhordú agus simpliú níos fearr ann idir na hionstraimí uile atá ar fáil, lena n-áirítear an Ciste Dlúthpháirtíochta, chun a chur ar chumas feirmeoirí, chomh maith le pobail tuaithe agus údaráis áitiúla, a ndéanann tubaistí nádúrtha agus tubaistí a bhaineann leis an aeráid difear dóibh, rochtain níos tapúla agus níos spriocdhírithe a fháil ar chabhair; á iarraidh, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha, go gcruthófaí sásra truicir uathoibríoch chun dlús a chur le teacht uirlisí sonracha le haghaidh maolú agus bainistiú riosca bunaithe ar bhearta gníomhacha agus éighníomhacha atá inacmhainne d’fheirmeoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar a bpleananna straitéiseacha náisiúnta a chur chun feidhme go tráthúil agus i gceart, ar fud an dá cholún, agus ar an gcaoi sin filleadh cistí a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth, cé go rannchuidíonn an talmhaíocht trí CBT le beartais agus straitéisí eile, amhail an comhshaol, fuinneamh, trádáil, aeráid, bithéagsúlacht, sláinte agus leas ainmhithe, sláinte phoiblí agus forbairt réigiúnach, go bhfuil sé ábhartha agus sásúil go leanann beartais eile de rannchuidiú le hinbhuanaitheacht na talmhaíochta agus le forbairt tuaithe agus le soláthar seirbhísí lasmuigh de tháirgeadh bia agus acmhainní bithghineacha; á chur i bhfáth, go háirithe, a thábhachtaí atá forbairt an bhithfhuinnimh agus an bhithgheilleagair chun tacú le hathléimneacht earnáil na talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún sásra um promhadh leas na tuaithe ar fud an Aontais a chur chun feidhme ar fud na réimsí beartais uile agus pobal an Chomhshocraithe um an Tuath, chomh maith le Coiste na Réigiún, a áireamh i ngach gníomhaíocht a bhaineann leis an gcreat forbartha tuaithe; á chur in iúl gur oth léi, cé gur chuir an Coimisiún an sásra um promhadh leas na tuaithe san áireamh ina fhís do cheantair thuaithe i dtreo 2040, gur cosúil sa chleachtas nár cuireadh chun feidhme é ach go pointe teoranta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil na caighdeáin is airde ar domhan ag an Aontas maidir le sábháilteacht bia, leas ainmhithe agus cosaint chomhshaoil agus shóisialta, ar bunchlocha iad d’iomaíochas tháirgí talmhaíochta ardcháilíochta an Aontais, agus nach mór a urramú agus a chosaint; á éileamh, dá bhrí sin, go mbeadh aon reachtaíocht atá beartaithe sna réimsí sin bunaithe ar an eolaíocht agus go mbeadh measúnú tionchair dian agus cuimsitheach ann roimhe sin, agus go ndearfaí í chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht fheirmeacha an Aontais a neartú; á chreidiúint go bhfuil sé bunriachtanach feirmeoirí a dhreasú agus a chúiteamh as aon chostais bhreise a thabhaíonn siad chun an aidhm sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach amháin gur riachtanas eiticiúil é feabhas a chur ar leas ainmhithe, ach gur bealach é freisin chuig córais beostoic níos athléimní agus níos brabúsaí; á chur i bhfios go láidir gur gnách go n-éilíonn ainmhithe níos sláintiúla a bhfuil leibhéil struis níos ísle acu níos lú idirghabhála tréidliachta, go bhfuil rátaí torthúlachta níos airde acu agus go bhfeidhmíonn siad ar bhealach níos fearr, rud a fhágann go mbíonn éifeachtúlacht eacnamaíoch níos fearr ann; á iarraidh go leanfaidh bearta CBT de thacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí agus d’oiliúint i gcaighdeáin leasa ainmhithe níos airde, i gcomhréir le hionchais an mhargaidh agus le moltaí eolaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis uaillmhianach agus chuimsitheach próitéine a thíolacadh ina thograí reachtacha don chéad CBT eile, ar cheart go n-áireofaí inti bearta agus ionstraimí iomchuí chun táirgeadh barr próitéine ar ardchaighdeán a chur chun cinn, lena n-áirítear barra léagúmacha amhail olashíolta, piseánaigh agus foráiste glas áirithe, agus barra neamhléimneacha amhail lus na gréine agus síol ráibe chun críocha bia agus beatha, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin, agus é mar aidhm leis sin easnamh próitéine an Aontais a laghdú go suntasach agus neamhspleáchas straitéiseach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag cur béim ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann le feirmeoireacht inbhuanaithe beostoic don fhorbairt tuaithe, do chaomhnú na bithéagsúlachta, do bhainistiú tírdhreacha agus d’inbhuanaitheacht an chomhshaoil, go háirithe i limistéir mhídheisiúla agus i dtírdhreacha a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra orthu, agus á chur i bhfáth gur gá tacaíocht airgeadais leormhaith a chur ar fáil don earnáil chun a hinbhuanaitheacht a áirithiú; á chur i bhfios go láidir nach amháin go bhfuil luach cothaitheach ag baint le táirgí ainmhithe, ach go bhfuil ról ríthábhachtach ag a dtáirgeadh maidir le tírdhreacha cultúrtha traidisiúnta, torthúlacht ithreach agus stóráil carbóin a chaomhnú; á iarraidh ar an gCoimisiún grúpa ardleibhéil a chruthú maidir le feirmeoireacht beostoic ina mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach chun cuir chuige nua a fhorbairt chun todhchaí na hearnála a choimirciú agus chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanas forchéimnitheach beostoic san Aontas, borradh a chur faoin athnuachan ó ghlúin go glúin, leas ainmhithe agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn – lena n-áirítear úsáid díleáiteáin mar bhithleasachán luachmhar a rannchuidíonn le hathchúrsáil cothaitheach agus sláinte ithreach – agus rannchuidiú dearfach na feirmeoireachta beostoic inbhuanaithe maidir le caomhnú agus athbhunú an dúlra, bithéagsúlacht agus sláinte agus torthúlacht na hithreach a uasmhéadú, agus infheistíochtaí a chur chun cinn chun iomaíochas na hearnála a chothú; á mheas go gcruthódh tabhairt isteach córais nua trádála astaíochtaí talmhaíochta (ETS) castacht iomarcach gan aon ráthaíocht éifeachtachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt chun suntais na ráigeanna de ghalair ainmhithe a tharla le déanaí i roinnt Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta coisctheacha agus díothaithe a neartú agus leithdháiltí cistiúcháin CBT atá tiomnaithe do bhainistiú riosca agus d’infheistíochtaí feabhsaithe bithshlándála ar an bhfeirm a mhéadú; ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta sláinte ainmhithe a neartú in earnáil talmhaíochta an Aontais trí thaighde, ceannach agus soláthar vacsaíní tréidliachta a chomhordú ar leibhéal an Aontais trí shásra ullmhachta agus luathbhraite, agus trí fhorbairt na vacsaíní sin san Aontas a chothú; á iarraidh go mbeadh cistiú leormhaith ann don sásra sin lasmuigh de CBT; ag tathant ar na Ballstáit tacú agus oibriú leis na réigiúin i dtaca le pleananna um chosc, um vacsaíniú agus um maolú a fhorbairt agus a chur chun feidhme i leith na ngalar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi nach leor cistiú beart chun galair áirithe ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú trí Chlár an Mhargaidh Aonair chun tacú le feirmeoirí agus leis na Ballstáit i ndáil le galair amhail galar crúb agus béil; á chur i bhfáth, san Aontas, i gcás nach ndéanann Ballstát amháin galair ainmhithe a chosc ná a rialú, go bhféadfadh iarmhairtí láithreacha a bheith aige sin ar na Ballstáit eile, agus go dteastaíonn freagairt chomhordaithe; á iarraidh go dtabharfaí isteach dianchaighdeáin maidir le sláinte ainmhithe ar leibhéal an Aontais chun an fheirmeoireacht beostoic a chosaint, lena n-áirítear forálacha maidir le pobail ainmhithe fiáine a bhfuil rioscaí galar ionfhabhtaíoch ag baint leo a bhainistiú agus maidir le vacsaíniú spriocdhírithe ainmhithe, i gcás inar gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfáth gur bagairt mhór do shláinte an duine í an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus nach mór tús áite a thabhairt do laghdú a dhéanamh ar úsáid antaibheathach i bhfeirmeoireacht ainmhithe; ag cur sonru sa chistiú atá ar fáil cheana féin in CBT chun soghabháltacht agus tarchur galar ainmhithe a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á athdhearbhú gur gá straitéis uileghabhálach bia a fhorbairt don Aontas bunaithe ar thurgnamh eolaíoch, lena n-ionchorpraítear feirmeoireacht arúil agus beostoic agus, ag an am céanna, lena ráthaítear cóir chothrom do gach earnáil talmhaíochta; ag tacú le measúnuithe comhshaoil eolaíochtbhunaithe lena gcuirtear saolré iomlán táirgí bia san áireamh; ag tacú le cothú bunaithe ar mheastóireachtaí eolaíocha lena ndeimhnítear a thábhachtaí atá bianna de bhunadh ainmhíoch do shláinte an duine, go háirithe do phobail leochaileacha amhail leanaí, daoine scothaosta agus mná;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit dálaí oibre agus sóisialta agus pá d’fheirmeoirí nó d’aon fhostaithe talmhaíochta a chur chun cinn agus a fheabhsú agus cumhdach agus athsholáthar cuí oibrithe a áirithiú i gcás breoiteachta nó tionóiscí is cúis le neamhláithreacht shealadach; á iarraidh freisin go gcuirfí oiliúint agus saoire bhliantúil agus saoire teaghlaigh ar fáil chun aire a thabhairt do bhaill teaghlaigh, chun poist ardcháilíochta agus cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a áirithiú d’fheirmeoirí agus d’oibrithe feirme; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an talmhaíocht mar phríomh-rannchuiditheoir le freagracht shóisialta agus le dálaí oibre cuibhiúla i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na leithdháiltí airgeadais do POSEI a thabhairt cothrom le dáta chun boilsciú carnach a léiriú, ar a laghad, sa chéad CAI eile, le himchlúdaigh arna gcoigeartú go bliantúil, agus á chur in iúl gur oth léi nár breithníodh an díbhoilsceoir 2 % a cuireadh i bhfeidhm ar íocaíochtaí díreacha do POSEI sa CAI reatha freisin; á chreidiúint, áfach, nach mór don Choimisiún dul níos faide agus méadú suntasach ar bhuiséad POSEI a mholadh sa chéad CAI eile chun tacaíocht chomhlántach a chur ar fáil do tháirgeadh talmhaíochta, agus ar an gcaoi sin neamhthuilleamaíocht bia a áirithiú sna réigiúin is forimeallaí; á mheas go bhfuil sé sin bunriachtanach do leanúnachas na gníomhaíochta talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí, chun tacú le hinfheistíochtaí agus chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a áirithiú, i gcomhréir iomlán le hAirteagal 349 CFAE, lena n-aithnítear cineál sonrach na réigiún sin agus an gá atá le bearta difreáilte a ghlacadh chun freagairt dá srianta buana; á áitiú gur cheart go gcuirfí san áireamh le cistiú méadaithe POSEI riachtanais talmhaíochta iarbhír agus shonracha na réigiún sin, lena n-áirítear athruithe ar chostais táirgthe, neamhchosaint ar theagmhais adhaimsire atá ag dul i méid agus ar an athrú aeráide, ilroinnt chríochach, luaineacht sa mhargadh agus an gá atá le hinmharthanacht eacnamaíoch feirmeacha agus ioncaim chothroma d’fheirmeoirí a áirithiú; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé sásra sonrach a chruthú, eadhon clár iompair POSEI, a chuideoidh leis na costais bhreise iompair do tháirgí laistigh de na réigiúin is forimeallaí agus a iompraítear uathu chuig an margadh aonair agus tosca táirgeachta sna réigiúin is forimeallaí a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfios gur cheart maoiniú Cholún II don bheachaireacht a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr agus a dhéanamh níos éifeachtaí agus gur cheart foráil a dhéanamh sa chreat reachtach nua maidir le scéim tacaíochta Cholún I do bheachairí a nuachóiriú agus a shimpliú lena gcuirtear gnéithe agus leochaileachtaí sonracha na hearnála san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá rochtain ar bhonneagar fisiciúil agus digiteach le seirbhís leathanbhanda ardluais iontaofa agus úsáid teicneolaíochta satailíte d’obair agus do cháilíocht saoil na bhfeirmeoirí i gceantair thuaithe agus chun leithlisiú sóisialta a shárú; á áitiú, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé digitiú na talmhaíochta a bhaint amach de réir a chéile, lena mbaineann rochtain leanúnach ar an idirlíon, ar eolas digiteach, ar nuálaíocht, ar rochtain agus úinéireacht ar shonraí feirmeoirí, ar oideachas agus ar dheiseanna oiliúna chun daoine a mhealladh agus a choinneáil sna réimsí sin, go háirithe daoine óga, lena dtabharfar an deis dóibh fanacht sna réimsí sin más mian leo é sin a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oiliúint a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus do bhainisteoirí foraoise chun scileanna digiteacha a fháil a d’fhéadfadh cabhrú leo an úsáid is fearr a bhaint as buntáistí an digitithe agus na feirmeoireachta beaichte agus oibriú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe, agus aird á tabhairt ar an bhfíoras go bhfuil cumarsáid phearsanta agus ó bhéal fós bunriachtanach do go leor feirmeoirí faoi láthair; ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag eagraíochtaí feirmeoirí maidir le claochlú digiteach na talmhaíochta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ailíniú iomlán a áirithiú idir an Clár don Eoraip Dhigiteach, beartais maidir le leathanbhanda a chur in úsáid agus CBT tar éis 2027; á dhearbhú gur gá seirbhísí bonneagair dhigitigh a chur ar fáil do cheantair thuaithe agus borradh a chur faoi na scileanna is gá don chianobair, don fheirmeoireacht bheacht agus don fhiontraíocht dhigiteach; á chur i bhfios go láidir nach mór seirbhísí bonneagair dhigitigh a bheith inacmhainne do shaoránaigh tuaithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil infheistíocht den sórt sin ríthábhachtach chun dídhaonrú tuaithe a laghdú agus chun cur le tarraingteacht na talmhaíochta agus na beatha tuaithe do na glúnta óga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go mbeadh feasacht níos fearr ann ar a thábhachtaí atá meabhairshláinte na bhfeirmeoirí agus na n-oibrithe talmhaíochta i bhfianaise an ráta ard féinmharaithe san earnáil sin; ag cur béim ar an bhfíoras gur feiniméan scanrúil é sin arb é is cúis leis, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, ardleibhéil struis, éiginnteachta, ualaí riaracháin dochraideacha, chomh maith le leochaileacht, leithlisiú sóisialta, easpa saoire, fiachas agus cruatan eacnamaíoch atá roimh fheirmeoirí; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go gcuireann nósanna imeachta diana cigireachta feirme brú breise ar fheirmeoirí a ngabháltais a bhainistiú agus á iarraidh ar na Ballstáit sásraí a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt air sin; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhar a chothú chun straitéis chuimsitheach mheabhairshláinte a fhorbairt d’fheirmeoirí agus chun a áirithiú go n-áireofar bearta tacaíochta iomchuí sa chéad CBT eile; ag cur béim ar luach na gcur chuige atá saincheaptha do chúinsí áitiúla, agus cineálacha éagsúla seirbhísí tacaíochta á n-úsáid, lena n-áirítear líonraí comhairleacha feirme atá ann faoi láthair agus grúpaí tacaíochta pobail tuaithe eile; á mheas gur gá cláir tacaíochta síceolaíche a fhorbairt, chomh maith le bearta lena gcuirtear simpliú riaracháin agus cothromaíocht oibre is saoil chun cinn, lena gcuirfear feabhas ar cháilíocht saoil fheirmeoirí agus oibrithe an Aontais; á athdhearbhú gur gá d’fheirmeoirí praghsanna cothroma a fháil dá dtáirgí margaidh agus dá dtáirgí neamh-mhargaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth go mbunaíonn os cionn 70 % de thomhaltóirí san Aontas a gcinntí ceannaigh ar an bhfaisnéis atá ar an bpacáistíocht agus ag tarraingt aird ar an bhfíorbhaol go gcuirfí tomhaltóirí amú; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí lipéadú comhchuibhithe an Aontais a chomhdhlúthú chun córas cothrom agus cothrom a áirithiú, lena gcuirfear trédhearcacht ar fáil maidir leis an tír thionscnaimh, dearbhuithe cáilíochta agus caighdeáin táirgthe, lena n-áirítear leas ainmhithe agus caighdeáin orgánacha, do tháirgí agraibhia an Aontais; á mheas gur gá inrianaitheacht agus iomaíochas a ráthú sa mhargadh aonair agus ar fud an domhain trí rialacha soiléire chun saobhadh agus cleachtais mhíthreoracha a sheachaint chun sláine chórais bhia an Aontais a chosaint, cur chun cinn na gcóras sin a fheabhsú agus faisnéis agus feasacht tomhaltóirí a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag moladh bearta cosanta feabhsaithe do tháirgí réigiúnacha, lena n-áirítear córais na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, na dtásc geografach faoi chosaint agus na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a neartú trí nósanna imeachta cuíchóirithe lena gcosnaítear ar mhí-úsáid agus ar ghóchumadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún deireadh a chur le córais lipéadaithe shimplí ar aghaidh an phacáiste amhail Nutri-Score mar gheall ar an easpa comhthola eolaíoch leathan agus an baol go n-athródh tionscal an bhia na paraiméadair chun freastal ar a leasanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí oideachas cothaithe chun cinn i scoileanna agus i gceaintíní scoile, d’fhonn cabhrú le leanaí tuiscint a fháil ar a thábhachtaí atá aiste bia iomlán agus cothrom ó aois óg, d’fhonn cabhrú le leanaí bunús an bhia a thuiscint; ag spreagadh nósanna ithe sláintiúla agus roghchláir scoile a fhorbairt lena n-áirítear bianna éagsúla vitimíní, snáithín agus cothaitheach chun rannchuidiú le folláine fhisiciúil agus mheabhrach na ndaltaí a neartú; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá gastranómachas náisiúnta, áitiúil agus séasúrach a urramú agus a chur chun cinn mar oidhreacht chultúrtha luachmhar, atá léirithe go maith i samhail Aiste Bia na Meánmhara; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar acmhainní breise do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh scéimeanna atá dírithe ar na gníomhaíochtaí sin agus á chur i bhfáth gur gá an soláthar poiblí a bheith á threorú ag cáilíocht, seachas ag praghas, agus tomhaltas táirgí orgánacha, áitiúla agus séasúracha a bhfuil tásca geografacha acu a chur chun cinn, i gcás inar féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá scéim an Aontais chun bainne, torthaí agus glasraí a dháileadh ar leanaí trí chláir scoile mar phríomhuirlis chun réim bia shláintiúil a chur chun cinn, go háirithe do leanaí ó chúlraí leochaileacha ar féidir le béilí scoile a bheith ar cheann den bheagán foinsí cothaithe chothroim; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil roinnt Ballstát ag baint úsáid as na cistí a leithdháiltear ar an gclár sin, rud a fhágann nach mbaintear úsáid leordhóthanach as an mbuiséad atá ar fáil; ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt d’fheirmeoirí agus do ghníomhaithe ar fud an tslabhra luacha agraibhia maidir le hoideachas bia a sholáthar, agus naisc dhíreacha idir táirgeoirí agus scoileanna a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cistiú iomchuí a choinneáil do tháirgeadh ola olóige agus olóige boird mar gheall ar na tairbhí suntasacha sláinte agus cothaitheacha a bhaineann leo do mhuintir uile na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá tagtha ar thionscadail chun feoil a fhástar sa tsaotharlann a tháirgeadh; á thabhairt chun suntais gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar chreat reachtach an Aontais maidir le húdarú na dtáirgí sin ionas go dtabharfar aird níos iomláine ann ar impleachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil an chineáil sin nuálaíochta, chomh maith leis na breithnithe eiticiúla gaolmhara;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag spreagadh polaiteoirí, scoileanna, na meán, feirmeoirí agus comhlachais áitiúla oibriú le chéile chun íomhá dhearfach den fheirmeoireacht a chur chun cinn, chun cur lena mealltacht do dhaoine óga, agus chun ról an fheirmeora i dtáirgeadh inbhuanaithe bia agus i seirbhísí comhshaoil a chur in iúl ar bhealach níos fearr; á iarraidh go dtabharfaí aitheantas forleathan don obair bhunriachtanach a dhéanann feirmeoirí agus oibrithe feirme i ndáil le sábháilteacht bia agus dá dtiomantas do chleachtais inbhuanaithe trí fheachtais atá dírithe ar fheasacht tomhaltóirí a mhúscailt maidir leis na roghanna a dhéanann siad agus iad ag ceannach agus ar an gcaidreamh idir tomhaltóirí agus feirmeoirí an Aontais a neartú, agus tuiscint níos fearr á cur chun cinn ar an gcaoi a dtáirgeann siad na táirgí agraibhia a cheannaíonn tomhaltóirí; á thabhairt chun suntais gur gá gníomhú in aghaidh mífhaisnéise agus teachtaireachtaí míthreoracha, earráideacha agus gan údar chun feabhas a chur ar íomhá dhiúltach na bhfeirmeoirí sa tsochaí; ag tathant ar na Ballstáit an t-aitheantas sin a áireamh ina bpleananna oideachais chun gníomhaíocht eacnamaíoch tharraingteach a dhéanamh den talmhaíocht; á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil feirmeoirí agus cónaitheoirí tuaithe tar éis dul i ngleic le blianta fada de dhíbheartú tosaíochta agus de thearcinfheistíocht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">CBT a shimpliú tar éis 2027: I dtreo bainistíocht níos éifeachtúla</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tacú, agus súil ar an todhchaí, le cuspóir an Choimisiúin do thréimhse 2024-2029 maidir le hualaí riaracháin ar fheirmeoirí a laghdú agus reachtaíocht a shimpliú mar thosaíocht straitéiseach thrasearnálach, d’fhonn rochtain ar thacaíocht CBT a éascú agus cur chun feidhme ar an láthair a dhéanamh níos éifeachtaí; á áitiú nach mór é sin a bheith ar cheann de na treoirphrionsabail atá mar bhonn taca leis na gníomhaíochtaí uile atá dírithe ar inbhuanaitheacht shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíoch thalmhaíocht an Aontais a bhaint amach, gan an bonn a bhaint de chúig phríomhchuspóir CBT mar a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE; á chur i bhfáth nár cheart go gcuirfeadh simpliú CBT isteach ar chreat rialála láidir ar leibhéal an Aontais, ós rud é go bhfuil sé sin ríthábhachtach chun comhchoiteann CBT a chaomhnú agus chun tacaíocht phoiblí a áirithiú do na hacmhainní airgeadais is gá; ’
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le níos mó solúbthachta agus struchtúr cistiúcháin níos simplí do CBT nua a rachaidh chun tairbhe an fheirmeora ghníomhaigh; á chur i bhfios go bhfuil dálaí luaineacha, rialacháin mhéadaitheacha agus ionchais shochaíocha atá ag dul i méid ina gcúis le frustrachas i measc feirmeoirí agus go ndéanann siad difear do tharraingteacht na gairme, go háirithe i measc feirmeoirí óga agus na ndaoine is leochailí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, agus ailtireacht CBT amach anseo á ceapadh aige, díriú ar chritéir níos soiléire, nósanna imeachta digitithe, treoirlínte caighdeánaithe, cur in iúl tráthúil athruithe agus tacaíocht theicniúil inrochtana a sholáthar; á thabhairt chun suntais go gcuireann rórialáil le castacht d’fheirmeoirí agus do thairbhithe, rud a laghdaíonn éifeachtacht agus glacadh beart tábhachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á éileamh go mbeadh comhordú níos fearr ann idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha maidir le hoibleagáidí doiciméadachta agus tuairiscithe a laghdú; ag cur béim ar an ngá atá le rannpháirtíocht réamhghníomhach idir an Coimisiún, údaráis na mBallstát, feirmeoirí agus eagraíochtaí feirme sula ndéanfar pleananna straitéiseacha náisiúnta CBT a tharraingt suas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le níos mó solúbthachta do na Ballstáit laistigh de phleananna straitéiseacha CBT, lena gceadaítear dóibh gnéithe sonracha a oiriúnú gan gá le formheas roimh ré ón gCoimisiún, nuair is gá; á iarraidh go mbunófaí córas tuairiscithe láraithe leictreonach, ‘ionad ilfhreastail CBT’, inar féidir le feirmeoirí iarratais, tuarascálacha agus an doiciméadacht uile is gá a chur isteach in aon áit amháin, agus riarachán nach bhfuil gá leis agus atá dúbailte á sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á iarraidh go mbeadh córas réalaíoch ann d’fheirmeoirí atá bunaithe ar dhreasachtaí, lena léirítear an gealltanas ama a léirigh an tairbhí, seachas córas atá bunaithe go hiomlán ar oibleagáidí chun cuspóirí uaillmhianacha comhshaoil agus sóisialta a bhaint amach, agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí na limistéar geografach; á chreidiúint go mbíonn an toradh is fearr ar chineálacha cur chuige atá bunaithe ar dhreasachtaí ó thaobh inbhuanaitheacht na talmhaíochta san Aontas a fheabhsú; á chur i bhfáth go bhfuil sé bunriachtanach, nuair a bheidh an luach saothair atá dlite do sheirbhísí á ríomh ar choinníoll go dtéann an mhodheolaíocht thar an lionsa cúng ‘costais a thabhaíonn an feirmeoir agus ioncam a chailltear’, toisc gur féidir leis na caillteanais shocheacnamaíocha don phobal i gcoitinne a bheith i bhfad níos mó mar gheall ar chaillteanas gníomhaíochta eacnamaíche réamhtheachtacha agus iartheachtacha sa cheantar áitiúil. á chreidiúint gur cheart go dtiocfadh cistiú do na híocaíochtaí sin ó CBT nó ó chistí náisiúnta ionas gur féidir le cistiú poiblí an nuálaíocht ghlas agus an t-aistriú glas a dhreasú i ndáiríre; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar fhoinsí cistiúcháin breise lasmuigh de CBT chun tacú le feirmeoirí samhlacha gnó inbhuanaithe atá oiriúnaithe go háitiúil a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór cleachtais úsáide talún agus feirmeoireachta atá ann faoi láthair a chur san áireamh agus ceanglais maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil á gcur chun feidhme; á chur i bhfáth nach mór d’fheirmeoirí gníomhacha an ceart a choinneáil leanúint dá ngníomhaíochtaí talmhaíochta reatha, lena n-áirítear oibríochtaí cothabhála riachtanacha, gan aghaidh a thabhairt ar shrianta breise riaracháin ná oibríochtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar cheanglais choinníollachta CBT chun ualaí riaracháin, bacainní nó bacainní eacnamaíocha a laghdú, costais a laghdú agus ceanglais iomarcacha cur chun feidhme d’fheirmeoirí a sheachaint; á áitiú go bhfuil gá le solúbthacht agus simplíocht ag feirmeoirí, agus ag an am céanna leanúint de chleachtais fhreagracha feirmeoireachta a chur chun cinn, trí dhreasachtaí, machaire comhréidh agus tacaíocht phoiblí a choinneáil don bheartas, i gcur chuige lena ngintear breisluach níos mó agus níos mó infheistíochta sa nuálaíocht; ’
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún feirmeoirí a spreagadh chun freagracht a ghlacadh trí mhéid áirithe lamháltais a cheadú agus trína áirithiú go mbeidh smachtbhannaí cothrom agus comhréireach, go háirithe maidir le ceanglais choinníollachta, chomh maith le héiciscéimeanna deonacha agus bearta agra-chomhshaoil agus aeráide; á chur i bhfáth gur gá go mbeadh idirthréimhsí leordhóthanacha agus simplithe riaracháin ag gabháil leis na ceanglais reachtacha nua uile faoi CBT tar éis 2027 chun deimhneacht dhlíthiúil agus pleanála a áirithiú d’fheirmeoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór Rialachán CEM<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle <STRING ITALIC="on">IO L 347, 20.12.2013, lch. 671,</STRING> ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.</FIELD></FOOTNOTE> a shimpliú, agus ar an gcaoi sin dlús a chur le nósanna imeachta chun cabhair eisceachtúil a dheonú d’fheirmeoirí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an ról ríthábhachtach atá ag comharchumainn, ETanna, APOnna, eagraíochtaí táirgeoirí torthaí agus glasraí, eagraíochtaí idirchraoibhe agus eintitis eile a rannchuidíonn leis an slabhra luacha agraibhia, lena n-áirítear an earnáil orgánach, a chur chun cinn agus a fheabhsú, agus an slabhra luacha agraibhia a dhéanamh níos cothroime, agus ar an gcaoi sin luach saothair níos fearr a áirithiú d’fheirmeoirí; ag tathant ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir a gcomhar a spreagadh agus tacú leis tuilleadh trí Rialachán CEM;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar na huirlisí, lena n-áirítear faireachlanna margaidh, arb é is aidhm dóibh athléimneacht i gcoinne luaineacht an mhargaidh agus clistí i bpraghsanna an mhargaidh a fheabhsú; á áitiú gur gá na hionstraimí bainistithe riosca atá ann faoi láthair a nuashonrú agus a neartú agus comhar idir comharchumainn, ETanna agus APOnna a fheabhsú d’fhonn a ról i mbainistiú uirlisí eacnamaíocha agus bainistithe riosca a neartú; á áitiú gur gá cur i bhfeidhm na ndíolúintí ó rialacha iomaíochta a éascú tuilleadh d’fheirmeoirí chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna margaidh agus chun iad a shárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin líontáin sábhála éifeachtúla a chur ar fáil sa Rialachán maidir le CEM, lena n-áirítear athbhreithniú ar na praghsanna idirghabhála poiblí atá ann faoi láthair agus na tairseacha tagartha chun na dálaí agus na réaltachtaí eacnamaíocha atá ann faoi láthair a léiriú go cruinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi pacáiste nua an Choimisiúin d’earnáil an fhíona agus á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní airgeadais a leithdháileadh tuilleadh chun na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme agus chun athbheochan inbhuanaithe fhadtéarmach a dhéanamh ar earnáil an fhíona;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á mheabhrú, thairis sin, gur cheart do Rialachán CEM aghaidh a thabhairt ar éileamh na dtáirgeoirí agus na dtomhaltóirí maidir le hainmneacha díolacháin táirgí talmhaíochta áirithe, amhail iad siúd a bhaineann le feoil, nach mór a chosaint ar an mbaol go mbainfí úsáid mhíthreorach astu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh go ráthófar go ndéanfar measúnú tionchair carnach mionsonraithe, cuimsitheach agus fianaise-bhunaithe roimh aon togra reachtach a dhéanfaidh difear don talmhaíocht, seachas in imthosca eisceachtúla, agus béim ar leith á leagan ar ghnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta, arb é is aidhm dó deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’fheirmeoirí; á mholadh go ndéanfaí measúnú ar thionchair eacnamaíocha na mbeart beartais atá beartaithe ar leibhéal na feirme agus ar na hacmhainní airgeadais is gá chun iad a chur chun feidhme, chomh maith le faireachán leanúnach a dhéanamh ar na bearta; á chur i bhfáth go bhfuil frustrachas i measc feirmeoirí mar thoradh ar an méadú leanúnach ar ualaí rialála a chuirtear ar an earnáil agus go raibh costais bhreise shuntasacha ar leibhéal na feirme mar thoradh air, agus go bhfuil sé ar cheann de na tosca a dhéanann difear do tharraingteacht na gairme d’iontrálaithe nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aitheantas a thabhairt d’éagsúlacht thalmhaíocht na hEorpa, lena n-áirítear gairneoireacht ceaptha teasa agus barra buana, maidir le bearta tacaíochta, ceanglais rialála agus straitéisí nuálaíochta a ainmniú; á iarraidh go ndéanfaí rialacháin an Aontais arna bhforbairt go sonrach a thabhairt isteach agus a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na deiseanna a bhaineann le feirmeoireacht ceaptha teasa, uirbeach agus ingearach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le haistriú chuig córais dhigiteacha chomhtháite agus idir-inoibritheacha chun faireachán a dhéanamh ar CBT; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé bailiú sonraí agus faisnéise a chur chun cinn faoi chreat reachtach aonair a bhraitheann, go háirithe, ar íomhánna satailíte chun córais chomhtháite bhainistíochta agus rialaithe a fhorbairt; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na córais sin cigireachtaí aghaidh ar aghaidh nó cigireachtaí fisiciúla ar an láthair a laghdú, i gcás inarb indéanta, agus ualaí agus costais riaracháin feirmeoirí a íoslaghdú; á áitiú nach mór cosaint agus úinéireacht shonraí na bhfeirmeoirí a ráthú go hiomlán; á mheabhrú, áfach, i bhfianaise na srianta atá ann faoi láthair maidir le húsáid na teicneolaíochta satailíte, go háirithe maidir le dáileachtaí beaga, cúnga, go bhfuil sé fós riachtanach córais eile a choinneáil idir an dá linn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit cur chuige na hiniúchóireachta aonair a chur chun feidhme chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a chaill feirmeoirí mar gheall ar rialuithe tionlacain; á mholadh don Choimisiún nuachóiriú a dhéanamh ar an gcóras comhtháite bainistithe agus rialaithe d’íomhánna satailíte, amhail Copernicus agus Galileo, chun teicneolaíochtaí atá ann cheana agus teicneolaíochtaí nua a chomhtháthú chun cruinneas, iontaofacht agus simpliú níos fearr a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á mholadh go gceadófaí níos mó solúbthachta do na Ballstáit chun tacú le hinfheistíocht i bpríomhnuálaíochtaí agus i bpríomhtheicneolaíochtaí, amhail úsáid satailítí, idirlíon na rudaí nithiúla agus teicneolaíochtaí comhchosúla chun sonraí oibríochtúla a ghabháil; á chreidiúint go n-áiritheofar leis sin trédhearcacht agus comhlíonadh gan costais bhreise a fhorchur ar fheirmeoirí, lena n-éascófar an t-aistriú i dtreo córas iontaoibhbhunaithe inar féidir le feirmeoirí iontaofa féindeimhniú a dhéanamh ar a gcomhlíontacht, arna gcomhlánú le hiniúchtaí spriocdhírithe rioscabhunaithe seachas gnáthchigireachtaí leathana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá straitéisí nuálaíochta agus aistrithe digiteacha a cheapadh ar bhealach a bheidh rannpháirteach agus inrochtana do gach feirm, lena n-áiritheofar go rannchuideoidh an dul chun cinn teicneolaíoch le comhtháthú tuaithe, le rannpháirtíocht dhaonlathach agus le forbairt inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach deis a thabhairt do na Ballstáit a aithníonn go bhfuil ról reachtúil ag réigiúin i mbainistiú CBT ionstraimí bainistíochta a athbhunú ar an leibhéal réigiúnach i gcomhthéacs bearta forbartha tuaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Uisce agus an geilleagar ciorclach a bheith mar bhonn do CBT tar éis 2027</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún cur chuige straitéiseach iomlánaíoch maidir le hacmhainní uisce a chomhtháthú in CBT tar éis 2027 agus a shineirgí le cistí eile de chuid an Aontais a mhéadú, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, chun an nasc idir uisce agus bia a neartú mar phríomhghné chun slándáil bia a neartú agus chun ceantair thuaithe a fhorbairt; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe i bhfeabhsú na hathléimneachta uisce trí nuachóiriú agus forbairt a dhéanamh ar choinneáil uisce, ar dháileadh, ar stóráil agus ar bhonneagar rialála inbhuanaithe, chomh maith le réitigh dhúlrabhunaithe, rud atá ríthábhachtach chun earnáil talmhaíochta níos éifeachtúla agus níos iomaíche a bhaint amach.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain ar uisce a ráthú le haghaidh uisciú inbhuanaithe; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht in íonú agus cóireáil fuíolluisce a chur chun cinn, chomh maith le húsáid foinsí neamhghnácha uisce, amhail uisce athshlánaithe agus díshalannaithe d’earnáil na talmhaíochta, gan beann ar mhéid na feirme, ar phraghsanna iomaíocha, agus idirnaisc iompair uisce a bheith chomh tábhachtach céanna chun an t-uisce sin a iompar; á iarraidh ar an gCoimisiún na difríochtaí agus na dúshláin shuntasacha sna Ballstáit a chur san áireamh chomh maith leis na dea-chleachtais arna gcur chun feidhme ag gach Ballstát chun táirgeadh talmhaíochta a choimirciú; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i gcláir oiliúna d’fheirmeoirí maidir le héifeachtúlacht úsáide uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do chur chun cinn teicneolaíochtaí nuálacha agus uisciú cliste agus do dhigitiú bonneagair chun úsáid uisce a bharrfheabhsú agus an lorg uisce a laghdú, go háirithe i réigiúin a ndéanann triomach agus gaineamhlú difear dóibh, agus táirgeadh cobhsaí á áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil go leor córas uiscithe imithe i léig agus neamhéifeachtúil, rud is cúis le caillteanas suntasach uisce agus, dá bhrí sin, gur gá iad a ionadú nó a nuachóiriú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún dreasachtaí airgeadais don nuachóiriú sin a áireamh i measc a thosaíochtaí agus ag tacú lena n-áireamh mar infheistíochtaí incháilithe i bpleananna straitéiseacha CBT agus in ionstraimí comhtháthaithe ábhartha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á thabhairt chun suntais a chasta atá sé cistí CBT a úsáid, go háirithe iad siúd ó Cholún II, chun bonneagar uiscithe a mhaoiniú, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí athbhreithniú ar na sásraí deartha agus maoinithe don bhonneagar sin chun infhaighteacht agus úsáid acmhainní uisce ag feirmeoirí a fheabhsú, lena léirítear fíorchostais agus breisluach na seirbhísí comhshaoil agus tírdhreacha a chuireann siad ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht spriocdhírithe agus éifeachtach d’fheirmeoirí agus d’fhoraoiseoirí an Aontais chun borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach agus chun iad a chomhtháthú sa bhithgheilleagar atá ag teacht chun cinn, trí dhreasachtaí chun bithmhais, dramhaíl talmhaíochta agus comhtháirgí a aisghabháil, rud a thacódh freisin le neamhspleáchas fuinnimh feirmeacha agus a laghdódh a spleáchas ar ionchuir sheachtracha; á chur i bhfios gur gá an úsáid is fearr is féidir a bhaint as amhábhair agus as táirgí tánaisteacha a ghineann seachtháirgí amhail díleáiteán agus foinsí nua fuinnimh, lena n-áirítear bithghás inbhuanaithe agus bithbhreoslaí inbhuanaithe, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar an ngá atá le tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh bia; á chur i bhfios go láidir go rannchuideoidh na bearta sin, nach bhféadfaidh ualaí riaracháin méadaithe ar leibhéal na feirme a bheith mar thoradh orthu, le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a neartú, le foinsí breise ioncaim d’fheirmeoirí a threisiú agus le deiseanna nua fostaíochta a chruthú; ag spreagadh an Choimisiúin, sa chomhthéacs sin, aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis na gnéithe sin sa Straitéis Bhithgheilleagair do 2025 atá le teacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch chun an talmhaíocht a dhícharbónú agus á iarraidh go dtabharfaí spreagadh agus dreasachtaí iomchuí, lena n-áirítear chun bithmhais a aisghabháil agus ceapadh carbóin in ithreacha a chúiteamh, chomh maith le cistiú leordhóthanach d’fheirmeoirí chun réitigh agus cleachtais a ghlacadh lena laghdaítear lorg carbóin na mbarr agus lena gcoinnítear a n-iomaíochas ag an am céanna, ionas nach orthusan amháin a thitfidh ualach an dícharbónaithe agus an ualaigh oibre sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhtháthú na talmhaíochta agus an fhuinnimh in-athnuaite a spreagadh agus a fheabhsú, agus aitheantas á thabhairt d’acmhainneacht na sineirge sin cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe a chur chun cinn, athléimneacht áitiúil in aghaidh an athraithe aeráide a neartú agus an geilleagar ciorclach a fheabhsú; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag an talmhaíocht sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus san aistriú fuinnimh trí fhuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh san earnáil; á iarraidh ar an gCoimisiún forálacha CBT a shoiléiriú chun comhoiriúnacht foinsí fuinnimh in-athnuaite agus inbhuanaithe, amhail agraisolar agus bithghás, le gníomhaíochtaí talmhaíochta a ailíniú agus a mhéadú ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar an Treoir maidir le Níotráití chun í a ailíniú leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí agus leis na dea-chleachtais talmhaíochta is déanaí, agus cáilíocht an uisce á cosaint ag an am céanna; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún oibriú leis na Ballstáit chun togra eolaíochtbhunaithe a ghlacadh go pras lena gceadófar leasacháin RENURE a úsáid faoi choinníollacha atá sainithe go soiléir ionas gur féidir le feirmeoirí a spleáchas ar leasacháin shintéiseacha a laghdú agus dlús a chur leis an aistriú i dtreo córais bainistithe cothaitheach atá níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á iarraidh go n-éascófaí malartú struchtúrtha eolais agus comhar idir córais táirgthe inchomparáide ar fud na mBallstát, chun tacú leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann go sonrach le réigiún – amhail iad siúd a mbíonn ar limistéir dhiantáirgthe aghaidh a thabhairt orthu – agus chun dlús a chur le haistrithe inbhuanaithe atá saincheaptha do réaltachtaí sonracha gach earnála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ionstraimí bainistithe riosca a neartú in CBT tar éis 2027 trí thacaíocht airgeadais a mhéadú d’árachas talmhaíochta, do chistí frithpháirteacha agus don uirlis cobhsaithe ioncaim; á áitiú gur gá árachas a dhéanamh níos inrochtana agus níos inmharthana ó thaobh airgeadais de d’fheirmeoirí; á chur i bhfios gur gá sásra a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais chun scéimeanna náisiúnta árachais talmhaíochta a threisiú a bheidh le gníomhachtú go huathoibríoch chun déileáil le haimsir fhoircneach agus le géarchéimeanna sláintíochta agus margaidh nach féidir a thuar; á chur i bhfáth gur cheart na bearta sin a bheith sa bhreis ar na huirlisí bainistithe margaidh atá ann faoi láthair agus nár cheart dóibh an bonn a bhaint de na scéimeanna náisiúnta atá ann faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bearta bainistithe riosca a threisiú, lena n-áirítear scéimeanna árachais, athárachais agus cistí comhlántacha eile a mbainfear leas astu i gcás tairseacha damáiste níos airde, le haghaidh bearta coisctheacha agus cúiteamh d’fheirmeoirí araon i ndáil le tubaistí nádúrtha, ráigeanna eipeasótacha agus galair plandaí; á mheas gur gá, sa chomhthéacs sin, infheistíocht i gcosc, i gcórais luathrabhaidh agus i bhforbairt bonneagair athléimneachta nua a chur san áireamh lena gcuirfear ar chumas na hearnála rioscaí méadaitheacha a bhaineann leis an aeráid a réamh-mheas agus téarnamh uathu; á chur i bhfios go láidir gur gá do na Ballstáit úsáid níos mó a bhaint as uirlisí bainistithe riosca atá tearcúsáidte faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá acmhainneacht airgeadais an chúlchiste talmhaíochta a athchóiriú agus a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar shuaití gan choinne ar an margadh agus ar theagmhais a bhaineann leis an aeráid amhail triomaigh agus tuilte; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach féidir gurb é an cúlchiste talmhaíochta an t-aon ionstraim amháin, agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé raon níos leithne uirlisí bainistithe riosca agus mearfhreagartha a fhorbairt, lena n-áirítear scéimeanna árachais talmhaíochta níos éifeachtaí, cistí frithpháirteacha, cistí éigeandála aeráide agus tacaíocht leachtachta urghnách d’earnáil feirmeoireachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>ag tarraingt aird ar an easpa modheolaíochtaí comhsheasmhacha atá éasca le húsáid chun astaíochtaí earnálacha talmhaíochta aonair a ríomh; ag cur go láidir i gcoinne, dá bhrí sin, aon iarrachtaí talmhaíocht a áireamh in CTA nó in aon scéimeanna cánachais ghlais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tionchar ag iarmhairtí an athraithe aeráide ar réigiúin uile an Aontais; á chur i bhfios, áfach, go bhfuil réigiúin an deiscirt níos leochailí, agus iad thíos le fairsingiú fásaigh, triomach, salannú uiscíoch, dóiteáin foraoise, chomh maith le báisteach agus tuilte leanúnacha, rud is cúis le lotnaidí agus galair nua, a chuireann earnáil na talmhaíochta i mbaol; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go bhfuil bearta agus ionstraimí tacaíochta sonracha de dhíth ar fheirmeoirí ar fud an Aontais chun dlús a chur lena n-iarrachtaí a ngníomhaíochtaí a chur in oiriúint don athrú aeráide agus chun a éifeachtaí diúltacha a chosc agus a mhaolú; ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá sé tacaíocht chuimsitheach a chur ar fáil do phobail tuaithe agus d’údaráis áitiúla chun na spriocanna sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach do theicnící nuálacha feirmeoireachta, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear san fheirmeoireacht orgánach agus i gcleachtais agrai-éiceolaíocha eile, i gcórais orgánacha agus i ngnáthchórais araon, chun úsáid ionchur agus spleáchas seachtrach sa talmhaíocht a laghdú go suntasach agus chun neamhspleáchas agus slándáil bia a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á áitiú nach mór forbairt earnáil orgánach an Aontais amach anseo a bheith dírithe ar an margadh agus á iarraidh go leanfaidh CBT nua de dhreasachtaí a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus d’iontrálaithe nua chun páirt a ghlacadh san fheirmeoireacht orgánach; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar bhealaí nua chun déileáil le géarchéimeanna sa mhargadh orgánach; á mheabhrú gur gá tomhaltas orgánach a chur chun cinn freisin trí sholáthar poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí cur amú agus caillteanas bia a íoslaghdú feadh an tslabhra agraibhia ina iomláine, lena n-áirítear táirgeoirí príomhúla, chun úsáid éifeachtúil, nuálach agus inbhuanaithe na n-acmhainní uile a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh ar gach leibhéal chun caillteanais a chosc agus chun tiontú barrachais ina dtáirgí breisluacha a chur chun cinn; á áitiú gur gá luach níos mó a thabhairt don bhia a tháirgeann feirmeoirí agus an iarracht mhór a dhéantar chun é a bhaint amach; ag spreagadh an Choimisiúin, i ndáil leis sin, réitigh a chur chun cinn, amhail athbhreithniú ar na dátaí is fearr roimhe agus úsáid leasaitheach bithbhunaithe nádúrtha, chun síneadh a chur le seilfré táirgí bia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach téarnaimh cothaitheach a fhorbairt feadh an tslabhra agraibhia, le tacaíocht spriocdhírithe don nuálaíocht maidir le cothaithigh ó shruthanna dramhaíola ó phróiseáil bia, ó mhiondíol agus ó thomhaltas a dheighilt, a chóireáil agus a athúsáid;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Earnáil tharraingteach do na glúnta nua</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach athnuachan ó ghlúin go glúin agus fiontraíocht na mban araon a áirithiú chun todhchaí thalmhaíocht an Aontais agus struchtúr socheacnamaíoch na gceantar tuaithe a chaomhnú; ag aithint na n-iarrachtaí trí bhearta CBT chun athnuachan ó ghlúin go glúin a chothú, go háirithe i gceantair thuaithe níos forimeallaí, agus á chur i bhfáth gur gá iad a threisiú; á chur i bhfios, áfach, nach féidir le CBT a bheith ar an aon uirlis amháin chun daoine óga agus mná a thabhairt isteach san fheirmeoireacht, ach nach mór straitéisí náisiúnta a bheith mar thaca leis, lena mbaineann foinsí príobháideacha maoinithe, lena n-áirítear bainc, socruithe agus comhpháirtíochtaí comhoibríocha feirmeoireachta, agus ionstraimí airgeadais lena mbaineann ceanglais chómhaoinithe laghdaithe nó gan ceanglais chómhaoinithe ar bith; á áitiú nach mór bearta struchtúracha a bheith ag gabháil leis an gcuspóir ríthábhachtach athnuachan glúine a áirithiú i dtalmhaíocht an Aontais, go háirithe maidir le nuálaíocht, digitiú, nascacht dhigiteach agus rochtain ar thalamh; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth, i ndáil leis an méid sin, le foilsiú straitéis an Choimisiúin maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit straitéisí comhleanúnacha, inbhuanaithe agus intuartha a fhorbairt chun cur le tarraingteacht na hoibre sa talmhaíocht, lena n-áiritheofar comhoiriúnacht le beartais an Aontais agus réigiúnacha, lena n-áirítear a bpleananna straitéiseacha náisiúnta; á áitiú gur gá acmhainní airgeadais CBT a mhéadú agus a shlógadh i bhfabhar athnuachan ó ghlúin go glúin, lena n-áirítear faoi láthair íocaíocht bhreise Cholún I agus an tacaíocht don infheistíocht agus don chabhair suiteála atá ar fáil faoi Cholún II, chomh maith le hionstraimí airgeadais nua a chruthú lasmuigh de CBT; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go n-áireofaí leis na hionstraimí sin díolúintí agus dreasachtaí cánach méadaithe, iasachtaí ar ús íseal, scéimeanna ráthaíochta creidmheasa talmhaíochta, fóirdheontais le haghaidh uirlisí feirmeoireachta beaichte agus seirbhísí oiliúna, lena n-áirítear maidir le samhlacha gnó inbhuanaithe, atá dírithe ar bhrabúsacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé seirbhísí comhairleacha éagsúlaithe, saincheaptha agus neamhspleácha a chur ar fáil chun tacú le feirmeoirí óga agus le hiontrálaithe nua, sula mbunófar iad agus sna blianta ina dhiaidh sin, go háirithe i scileanna boga, scileanna margaíochta digití agus díreacha, cuntasaíocht, gnéithe dlíthiúla, éagsúlú gnó, feirmeoireacht inbhuanaithe agus cumarsáid; á mholadh go mbainfí úsáid fhorleathan as gorlanna gnó talmhaíochta a chuireann ar chumas feirmeoirí ionchasacha tairbhe a bhaint as eolas feirmeoirí a bhfuil cúpla bliain taithí acu i dtimpeallacht struchtúrtha sula nglacann siad feirm neamhspleách ar láimh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil maidir le hionaid náisiúnta a bhunú chun oiliúint a chur ar fheirmeoirí óga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an spreagfaí níos mó daoine dul leis an talmhaíocht, lena n-áirítear trí athsciliú a dhéanamh, dá leathnófaí an incháilitheacht le haghaidh tacaíocht d’fheirmeoirí óga go dtí 45 bliana d’aois; á iarraidh ar an gCoimisiún athmheasúnú a dhéanamh freisin ar ghnéithe eile de na critéir incháilitheachta a d’fhéadfadh a bheith róshriantach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhaontú comhair le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) mar shamhail a bhfuil gealladh fúithi lenar féidir cruthú ionstraimí airgeadais a chothú le haghaidh go leor gnéithe de CBT, lena n-áirítear tacaíocht d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoirí baineanna, chomh maith le beartais uisce, margaidh agus athléimneachta aeráide sna Ballstáit uile; á chreidiúint gur cheart go ndíreodh ról BEI go príomha ar mhaoiniú ar chostas íseal a chur ar fáil do chistiú meaitseála d’ítimí caipitil agus do thionscadail bhonneagair ar féidir le feirmeoirí páirt a ghlacadh iontu mar chuid de chlár nuachóirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát sásraí a dhearadh lena n-éascófar an t-aistriú chuig scor díniteach agus pleanáilte; á iarraidh, go háirithe, go mbeadh scéimeanna luathscoir ann d’fheirmeoirí, a mhaoineofar le cistí ar leithligh; á iarraidh go ndéanfaí leathnú ar sheirbhísí lena nasctar feirmeoirí atá ag dul ar scor le feirmeoirí óga nó nua atá ag teacht chun cinn, lena ngabhfaidh, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, tacaíocht lóistíochta agus comhairle dlí chun aistriú feirmeacha a chumasú a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh agus chun leanúnachas an eolais agus na gníomhaíochta talmhaíochta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt, ina straitéisí athnuachana ó ghlúin go glúin, ar na bacainní sonracha atá roimh mhná, go háirithe mná óga, ar mian leo dul isteach in earnáil na talmhaíochta, lena n-áirítear saincheisteanna nach mbaineann go díreach leis an talmhaíocht, amhail cúram sláinte leormhaith agus seirbhísí sóisialta; ag aithint na n-iarrachtaí trí bhearta CBT chun tacú le mná sa talmhaíocht, ach á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht níos láidre agus níos saincheaptha, go háirithe i gceantair thuaithe fhorimeallacha, lena n-áirítear rochtain ar iasachtaí, oiliúint nó cúnamh airgeadais chun fíor-rannpháirtíocht agus comhdheiseanna a áirithiú; ag tathant ar na Ballstáit dálaí iomchuí a bhunú do rannpháirtíocht ghníomhach na mban in eagraíochtaí agraibhia ionadaíocha agus i gcomhlachtaí bainistíochta fiontar talmhaíochta agus comhlachas ban tuaithe; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, gur cruthaíodh ardán na mbanfheirmeoirí go luath mar spás le haghaidh idirphlé agus malartú dea-chleachtais chun rannpháirtíocht agus comhdheiseanna san earnáil agraibhia a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go práinneach ar fhadhb an chaillteanais agus an chomhchruinnithe talún talmhaíochta, lena n-áirítear an easpa trédhearcachta sa mhargadh sin; á chur i bhfáth gur rogha mhalartach ghearrthéarmach inmharthana é léasú talún faoi choinníollacha deimhneachta dlíthiúla chun rochtain ar thalamh a éascú, ós rud é go n-éilíonn sé níos lú acmhainní chun athnuachan ó ghlúin go glúin a chur ar bun agus a spreagadh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá seirbhísí meaitseála talún a fhaigheann tacaíocht phoiblí agus pleanáil comharbais struchtúrtha, go háirithe maidir le tarchur talún lena gceadaítear luathscor agus leanúnachas bhainistiú na feirme; ag moladh do na Ballstáit beartais a ghlacadh chun léasú talún cobhsaí fadtéarmach a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin slándáil tionachta agus ama a chur ar fáil chun infheistíocht a dhéanamh, go háirithe d’fheirmeoirí óga, do mhná agus d’fheirmeoirí nua, rud a d’fhéadfadh sláinte ithreach, feidhmíocht chomhshaoil agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún faireachlann an Aontais ar thalamh feirme a sheoladh, a mbeadh uirthi trédhearcacht i margadh na talún talmhaíochta san Aontas a fheabhsú agus comhchuibhiú sonraí talún feirme agus rochtain ar thalamh a éascú, comhar agus malartú dea-chleachtais a chumasú idir na Ballstáit, chomh maith le moltaí a chur ar fáil maidir le ceapadh beartas níos eolasaí de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach amháin go bhfuil tábhacht éiceolaíoch agus turasóireachta ag baint le tírdhreacha cultúrtha éagsúla an Aontais a chaomhnú, ach gur bunchloch den fhéiniúlacht réigiúnach agus d’athléimneacht fhadtéarmach na tuaithe é freisin; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí aitheantas sainráite dóibh agus go ndéanfaí a gcaomhnú a chomhtháthú mar chuspóir straitéiseach laistigh de CBT tar éis 2027.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>ag moladh cuir chuige maidir le hathchóiriú an dúlra a chur chun feidhme lena gcuirtear feirmeoirí agus úinéirí talún san áireamh, lena n-áirithítear lánurraim do chearta maoine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á mholadh don Choimisiún féachaint ar an gcaoi a bhféadfadh CBT tacú le samhlacha nua gnó d’fheirmeoirí i dtreo talmhaíocht níos inbhuanaithe agus níos iomaíche fós san Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún comhpháirtíochtaí a chur chun cinn chun dea-chleachtas agus smaointe nuálacha a mhalartú idir na Ballstáit i gcomhar le húdaráis áitiúla, ollscoileanna, ionaid taighde agus feirmeacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go ndíreodh comhar den sórt sin ar shimpliú, ar inrochtaineacht, ar inbhuanaitheacht a mhéadú agus ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann go sonrach le gach réigiún agus earnáil agus gur cheart tacú leis trí oiliúint iomchuí, agus ar an gcaoi sin saobhadh agus cineálacha éagsúla cur chuige a d’fhéadfadh feirmeoirí a chur faoi mhíbhuntáiste a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>ag spreagadh clár tacaíochta agus infheictheachta a chur chun cinn lena léirítear stíl mhaireachtála shaibhrithe shásúil gur féidir le hearnáil na feirmeoireachta a chur ar fáil, agus béim á leagan ar luach agus ar thiomantas feirmeoirí don dúlra, don tslándáil bia agus do na cáilíochtaí agus do na luachanna atá ina ndlúthchuid d’obair na ngairmithe faoin tuath; ag tarraingt aird ar luach na comhsheasmhachta beartais le himeacht ama mar rud atá bunriachtanach chun cuspóirí soiléire fadtéarmacha a chumasú d’earnáil na feirmeoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá beartas cur chun cinn de chuid an Aontais atá láidir agus dea-mhaoinithe, lena n-áirítear leithdháiltí buiséadacha CBT méadaithe, chun feasacht a mhúscailt maidir le cáilíochtaí tháirgí talmhaíochta agus bia an Aontais laistigh den Aontas agus ar fud an domhain araon, agus ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tábhacht níos mó fós ag baint leis sin le linn tréimhsí éiginnteachta eacnamaíche;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Nuálaíocht chun leanúint leis an talmhaíocht dul ar aghaidh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á iarraidh go mbeadh pacáiste uaillmhianach infheistíochta ann don nuálaíocht, don teicneolaíocht agus don taighde feidhmeach atá curtha in oiriúint do riachtanais na bhfeirmeoirí, arna mhaoiniú trí CBT, Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach agus sásraí tacaíochta eile, a mbeidh ról lárnach acu maidir le hearnáil talmhaíochta níos inbhuanaithe agus níos oiriúnaithe a chothú; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí sa chlár Fís Eorpach colún sonrach atá tiomnaithe don talmhaíocht, atá dírithe ar thaighde, nuálaíocht agus aistriú eolais a chur chun cinn san earnáil agraibhia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá a áirithiú gur féidir réitigh nuálacha agus dhigiteacha a úsáid le rochtain chothrom ar fud gach cineáil feirme agus críoch san Aontas agus go dtacóidh na réitigh sin leis an talmhaíocht inbhuanaithe, go gcuideoidh siad le héagsúlacht agus castacht na n-agrai-éiceachóras a bhainistiú, go rannchuideoidh siad le straitéisí maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide, go bhfeabhsófar ioncaim feirmeoirí, go laghdófar an t-ualach oibre riaracháin d’fheirmeoirí agus do riaracháin araon, go réamh-mheasfar dálaí táirgthe amach anseo agus go mbeidh siad i gcomhréir le hionchais na dtomhaltóirí agus na sochaí; á chur i bhfios go láidir gur cheart tacú le húsáid teicneolaíochtaí nua le creat dlíthiúil iomchuí chun leas iomlán a bhaint as a n-acmhainneacht agus a bheith faoi réir measúnuithe riosca láidre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á iarraidh go méadófaí an cistiú do thaighde feidhmeach ar roghanna malartacha inbhuanaithe agus éifeachtacha ar ghnáththáirgí cosanta plandaí agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na nósanna imeachta formheasa atá ann faoi láthair; á thabhairt chun suntais gur gá tarraingt siar bhreise ón margadh a sheachaint i gcás táirgí cosanta plandaí lena n-urramaítear teorainneacha sábháilteachta dlíthiúla bunaithe mura bhfuil roghanna malartacha ar fáil go fóill, chun a áirithiú gur féidir táirgeadh talmhaíochta a choinneáil ar bhealach sábháilte, inbhuanaithe; á chur i bhfios go bhféadfadh bithspreagthaigh feabhas a chur ar tháirgiúlacht plandaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ról shamhail AKIS a aithint agus a neartú mar uirlis straitéiseach agus thrasearnálach in CBT tar éis 2027, lenar féidir scaipeadh éifeachtach eolais agus nuálaíochta ar fheirmeoirí a áirithiú; á chreidiúint go bhfuil AKIS éifeachtúil agus comhordaithe lárnach chun príomhchuspóirí CBT a bhaint amach ó thaobh iomaíochais, táirgeadh inbhuanaithe bia, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus aistriú digiteach de agus nach mór é a chomhtháthú go hiomlán le pleananna straitéiseacha náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>ag aithint a thábhachtaí atá EIP-AGRI, a rannchuidigh le nuálaíocht a chur chun cinn in earnáil an agraibhia agus na foraoiseachta trí ghrúpaí oibríochtúla a chruthú agus trí thionscadail nuálacha a chur chun feidhme atá dírithe ar réitigh cheannródaíocha a fhorbairt, lena léirítear dea-chleachtas, lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht, athléimneacht agus iomaíochas na hearnála agraibhia; á iarraidh ar an gCoimisiún an tacaíocht don tionscnamh sin a neartú faoi chuimsiú CBT tar éis 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>á chur i bhfios gur gá beart sonrach a dhearadh laistigh den chreat forbartha tuaithe bunaithe ar phrionsabail na talmhaíochta inbhuanaithe comhtháite, chun úsáid níos mó a bhaint as bainistiú comhtháite lotnaidí, lena n-áirítear bithrialú, ladrainn agus ionteiripe, chun leathadh táirgí cosanta plandaí a bharrfheabhsú, agus na teorainneacha dlíthiúla agus sábháilteachta seanbhunaithe á n-urramú i gcónaí agus cúiteamh á sholáthar d’fheirmeoirí as aon chaillteanais airgeadais a fulaingíodh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feirmeoireacht chomhtháite a bhunú mar chóras a aithnítear go coitianta san Aontas agus a thábhachtaí atá sé tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe agus orgánacha a bhunú agus tacú leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé cistiú príobháideach a ghiaráil laistigh de CBT chun infheistíocht sa talmhaíocht agus san fhorbairt tuaithe a mhéadú trí níos mó acmhainní fadtéarmacha a shlógadh d’eagraíochtaí feirmeoirí, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, chomh maith le gnólachtaí teaghlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>123.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) ó 2025<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar dar teideal <STRING ITALIC="on">Animal welfare during transport: Update on the implementation of Council Regulation (EC) No 1/2005</STRING> [Leas ainmhithe le linn iompair: Nuashonrú ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle], EPRS, Aonad Meastóireachta Ex Post, Márta 2025, https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2025/765766/EPRS_STU(2025)765766_EN.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>, go bhfuil líon beag seamlas mór comhchruinnithe i réigiúin áirithe; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur gá tacú, trí chistí CBT, le seamlais a bhunú agus a fhorbairt chun an geilleagar áitiúil a spreagadh, poist a chruthú agus slabhraí soláthair gairide a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>124.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí teicnící pórúcháin nua, amhail CRISPR-Cas, a fhormheas agus a chur chun feidhme go pras ar fud cuideachtaí beaga agus móra araon, chun forbairt barr atá níos athléimní, níos tíosaí ar acmhainní agus níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>125.</NO.P>á iarraidh go mbeadh bearta ann lena n-áiritheofar go gcoinneoidh feirmeoirí úinéireacht agus smacht iomlán ar a gcuid sonraí, agus ar an gcaoi sin a gcearta a choimirciú agus trédhearcacht a chur chun cinn maidir le húsáid agus comhroinnt sonraí talmhaíochta i gcomhthéacs nuálaíochtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn agus atá á dtiomáint ag IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>126.</NO.P>ag aithint na dtairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcreat deonach uile-Aontais chun aistriú carbóin a dheimhniú agus ag tathant ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an rochtain ar na deiseanna sin d’earnáil na feirmeoireachta; á chur i bhfáth go bhféadfadh creidmheasanna carbóin agus dúlra dreasacht dhearfach agus luach saothair breise a chur ar fáil d’fheirmeoirí, go háirithe d’fheirmeoirí óga, trí luach saothair cothrom a thabhairt do chleachtais amhail agrafhoraoiseacht agus bainistiú ithreach athghiniúnach, a rannchuidíonn le gabháil carbóin agus laghduithe astaíochtaí ar fheirmeacha; á chur i bhfios go láidir nach mór creat deimhniúcháin den sórt sin a bheith oscailte agus ar fáil do gach feirmeoir atá toilteanach acmhainneacht stórála carbóin a n-ithreacha a choinneáil nó a mhéadú agus ag spreagadh an Choimisiúin dálaí a chruthú chun éileamh an mhargaidh ar dheimhnithe den sórt sin a áirithiú trí dhreasachtaí iomchuí agus intuarthacht fhadtéarmach an mhargaidh d’infheisteoirí san earnáil phríobháideach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don fheirmeoireacht carbóin táirgeadh talmhaíochta gníomhach agus inbhuanaithe a chomhlánú, seachas í a ionadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>127.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún táirgeadh grianfhuinnimh ar fheirmeacha a chur chun cinn ar bhealach lena n-áiritheofar go bhfanfaidh úinéireacht na suiteálacha agus na sochar fabhraithe ag an úinéir talún agus ag an bpobal áitiúil agus atá comhoiriúnach le gníomhaíocht talmhaíochta, d’fhonn feabhas a chur ar chumas feirmeoirí oiriúnú don athrú aeráide agus rannchuidiú le cobhsaíocht agus éagsúlú ioncam feirmeoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>128.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún na moltaí i dtuarascáil Niinistö a leanúint agus machnamh a dhéanamh ar a thábhachtaí atá sé stoic straitéiseacha bia a bheith ann; á iarraidh go mbunófaí stoic straitéiseacha bia go forleathan, bunaithe ar an taithí láidir a fuarthas san Fhionlainn agus sa Ghearmáin agus go ndéanfaí an coincheap ‘dé-úsáid trí dhearadh’ a ionchorprú i mbeartais chun táirgeadh bithbhreosla a fhorbairt; á mheas nach féidir biafhlaitheas a bheith ann gan stoic straitéiseacha bia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>129.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlíthiúlacht shaothrú, bhuaint, phróiseáil agus thráchtálú an ghléasra cnáibe ina iomláine a dheimhniú go sainráite chun críocha tionsclaíocha údaraithe ar fud an Aontais chun deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’fheirmeoirí, do phróiseálaithe, do rialtóirí agus do thomhaltóirí; ag tabhairt dá haire gur beag ionchur a theastaíonn chun cnáib a shaothrú, go háirithe leasacháin, táirgí cosanta plandaí agus uisce; ag cur béim ar an bhfíoras go rannchuidíonn sé freisin le sláinte agus bithéagsúlacht ithreach, lena gcuirtear deiseanna nua eacnamaíocha, ioncam breise agus nuálaíocht ar fáil do cheantair thuaithe trí amhábhair a sholáthar d’fheidhmeanna tionsclaíocha amhail snáithín teicstíle, agus úsáidí eile amhail don tsláinte, do bhia agus do bheatha; á iarraidh ar an gCoimisiún comhthairseach uile-Aontais de 0,5 % teitrihidreacannaibionól (THC) a bhunú le haghaidh aicmiú dlíthiúil cnáibe tionsclaíche, lena n-áiritheofar comhchuibhiú na reachtaíochta náisiúnta i gcomhréir le rialuithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí idirnáisiúnta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>130.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>