<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0191</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Athléimneacht na Moldóive i gcoinne bhagairtí hibrideacha agus thrasnaíocht mhailíseach na Rúise a neartú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(B10-0355, 0357, 0359 agus 0361/2025)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 maidir le mianach na Moldóive a neartú i gcoinne bagairtí hibrideacha agus bac urchóideach na Rúise (2025/2811(RSP))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Moldóiv, go háirithe rún uaithi an 18 Meitheamh 2025 maidir le tuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún ar an Moldóiv<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0131.</FIELD></FOOTNOTE> agus do rún uaithi an 9 Deireadh Fómhair 2024 maidir le mianach na Moldóive a neartú i gcoinne bhac na Rúise roimh an toghchán uachtaránachta atá ar na bacáin agus reifreann bunreachtúil maidir le lánpháirtiú AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/204, 14.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/204/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 260, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/492/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, ina bhfuil Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an Moldóiv an 27 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuairt trí Cinn Stáit nó Rialtais AE (ón bhFrainc, ón nGearmáin agus ón bPolainn) ar an Moldóiv an 27 Lúnasa 2025 agus do chuairt Uachtarán na Rómáine ar an Moldóiv an 31 Lúnasa 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuairt Uachtarán Phoblacht na Moldóive ar Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach tar éis an chéad Chruinniú Mullaigh idir Poblacht na Moldóive agus AE an 4 Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuairt an Choimisinéara um Méadú ar an Moldóiv an 9 Bealtaine 2025 (Lá na hEorpa),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 136(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go dtionólfaidh Poblacht na Moldóive toghcháin pharlaiminteacha an 28 Meán Fómhair 2025 a chinnfidh comhdhlúthú daonlathach leanúnach na tíre agus tuilleadh dul chun cinn i dtreo aontachas AE, chomh maith lena todhchaí mar dhaonlathas saor agus ceannasach laistigh de AE; de bhrí go dtarlaíonn na toghcháin pharlaiminteacha sin i ndrochstaid toisc bhac leanúnach na Rúise agus iarrachtaí chun tírdhreach polaitiúil agus próisis thoghchánacha dhaonlathacha na tíre a dhíchobhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur thionóil an Mholdóiv reifreann an 20 Deireadh Fómhair 2024, ar dheimhnigh a thoradh go gcumhdófaí aontachas AE i mbunreacht na Moldóive, d’ainneoin bac ionramhálach gan fasach ón Rúis chun an tír a dhíchobhsú, lena n‑áirítear maoiniú aindleathach gníomhaithe polaitiúla, feachtais bhréagaisnéise agus cibirionsaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil go leor tuarascálacha ann ar iarrachtaí athnuaite agus treisithe ar bhréagaisnéis, ar dhíchobhsú agus ar bhac ón Rúis agus ó ionadaithe na Rúise agus é mar aidhm leo próiseas athchóirithe dhaonlathaigh agus lánpháirtíochta Eorpaí na Moldóive a chur ó bhonn, smacht polaitiúil air a athdhearbhú agus oirbhearta hibrideacha i gcoinne na Moldóive, na hÚcráine agus tíortha Eorpacha eile a bheachtú tuilleadh, amhail sa Rómáin le déanaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, tar éis chruinniú na hArdchomhairle Slándála an 30 Iúil 2025, gur thíolaic an tUachtarán Maia Sandu torthaí ó institiúidí speisialaithe na Moldóive ar mhodhanna cogaíochta hibridí, ina sainaithnítear 10 bpríomhionstraim baic eachtraigh i bpróisis pholaitiúla agus toghcháin na Moldóive;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur fhorchuir an gComhairle smachbhannaí an 15 Iúil 2025ar sheacht nduine aonair agus ar thrí eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí arb é an aidhm atá leo ceannasacht agus neamhspleáchas na Moldóive agus daonlathas, smacht reachta agus cobhsaíocht na tíre a dhíchobhsú, an bonn a bhaint díobh nó iad a chur i mbaol. de bhrí go ndíríonn na smachtbhannaí sin ar dhlúthchomhlaigh Ilan Shor agus ar pháirtí toirmiscthe ȘOR, ar dhaoine atá rannpháirteach go gníomhach i scéimeanna ceannaithe vótaí agus ar pholaiteoirí cama;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag sochaí shibhialta na Moldóive agus ag meáin neamhspleácha le linn bréagaisnéis a nochtadh, athléimneacht a neartú agus luachanna daonlathacha a chosaint; de bhrí gur éirigh le Poblacht na Moldóive a daonlathas a chomhdhlúthú go suaithinseach, leanúint dá conair athchóirithe agus a caidreamh le AE a fhorbairt; de bhrí gur léiríodh na feabhsuithe ar chóras daonlathach na tíre ina dul chun cinn in innéacsanna idirnáisiúnta éagsúla; de bhrí go bhfuil dul chun cinn suaithinseach déanta ag an Moldóiv maidir le hathchóirithe breithiúnacha, lena n‑áirítear grinnfhiosrúchán agus athstruchtúrú na mbreithiúna, a neamhspleáchas a neartú agus rialacháin frithchaimiléireachta a fheabhsú; de bhrí go bhfuil muinín an phobail as institiúidí daonlathacha bunriachtanach do chobhsaíocht agus do mhianach na Moldóive i gcoinne bac mailíseach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur léiríodh in imscrúdú iriseoireachta a rinneadh le déanaí, bunaithe ar insíothlú líonra an pháirtí ȘOR ag tuairisceoir faoi cheilt ag tosú in 2024, gur bunaíodh na céadta cuntas bréige, arna mbainistiú ag gníomhaithe ón mbloc polaitiúil ‘Victory’ atá faoi rialú Ilan Șor ó Mhoscó, chun bolscaireacht na Rúise a scaipeadh ar TikTok agus ar Facebook; de bhrí go ndearnadh faireachán agus comhordú córasach ar an ábhar frith-Eorpach sin, atá ailínithe go hiomlán le hinsintí na Creimile, trí ghrúpaí agus bealaí rúnda Telegram<FOOTNOTE><FIELD> https:/www.zdg.md/en/kremlins-digital-army-an-undercover-investigation-its-paid-let-me-tell-you-its-paid-directly-from-moscow/.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé tábhachtach dlúthpháirtíocht bhuan a léiriú go poiblí le muintir na Moldóive, atá buailte go mór ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le bagairtí hibrideacha leanúnacha spriocdhírithe na Rúise arb é is aidhm dóibh an tír a dhíchobhsú go polaitiúil, an bonn a bhaint de rathúnas eacnamaíoch agus an comhtháthú sóisialta a lagú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil os cionn EUR 200 milliún infheistithe ag an Rúis cheana féin, is ionann agus níos mó ná 1 % de OTI na Moldóive, in oibríochtaí bolscaireachta agus faisnéise i bPoblacht na Moldóive, de réir mheastacháin na Moldóive;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go léiríonn rannpháirtíocht toscaireachta ó Pharlaimint na hEorpa i Misean Idirnáisiúnta Breathnóireachta Toghchán na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) den Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) do thoghcháin pharlaiminteacha na Moldóive an 28 Meán Fómhair 2025 tiomantas na Parlaiminte tacú le sláine na bpróiseas toghchánach agus institiúidí daonlathacha sa Mholdóiv a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur athdhearbhaíodh i gconclúidí an Mheithimh 2025 ón gComhairle Eorpach gur thacaigh sí go hiomlán le conair na Moldóive i dtreo AE agus gur iarradh ar an gComhairle na chéad bhearta eile a dhéanamh sa phróiseas aontachais; de bhrí go mbunaítear méadú AE ar choinníollacht dhocht agus ar an bprionsabal go ndéantar gach tír is iarrthóir a mheasúnú ar a fiúntas féin agus ar dhul chun cinn athchóirithe;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le pobal Phoblacht na Moldóive agus á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na tíre, chomh maith lena hiarrachtaí chun sláine a próiseas daonlathach, ceannasacht chinntí a beartais eachtraigh agus ionchais shocheacnamaíocha a muintire a chosaint; á iarraidh, mar sin, ar an Rúis neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na Moldóive a urramú agus scor dá hiarrachtaí an bonn a bhaint d’ord bunreachtúil agus d’institiúidí daonlathacha na Moldóive;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cáineadh na n-iarrachtaí go mion minic ag an Rúis, ag olagarcaí atá ar son na Rúise agus ag seachfhórsaí áitiúla atá urraithe ag an Rúis chun Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú, deighiltí a chothú i sochaí na Moldóive agus an bonn a bhaint de dhaonlathas na tíre agus dul chun cinn i dtreo aontachais AE trí ionsaithe hibrideacha, ionramháil soláthairtí fuinnimh chun torthaí polaitiúla a bhaint amach, maoiniú mídhleathach gníomhaithe polaitiúla, agus feachtais bréagaisnéise, ionramhála agus imeaglaithe a dhíríonn ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar na meáin neamhspleácha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cáineadh oibríochtaí hibrideacha treisithe na Rúise agus iarrachtaí baic roimh na toghcháin pharlaiminteacha an 28 Meán Fómhair 2025 arb é is aidhm dóibh go soiléir an tír a dhíchobhsú agus a cúrsa daonlathach agus a cinntí ceannasacha a aisiompú, go háirithe i ndáil le ballraíocht AE amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag moladh tiomantas eiseamláireach agus dul chun cinn seasta na Moldóive in athchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas d’ainneoin dúshláin shuntasacha inmheánacha agus sheachtracha – lena n-áirítear mórchogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus bagairtí hibrideacha na Rúise dírithe ar an Moldóiv – rud a d’fhág gurbh fhéidir an chaibidlíocht aontachais a thosú i an Meitheamh 2024, , sé mhí amháin tar éis an chinnidh ábhartha ón gComhairle Eorpach an 14 Nollaig 2023 agus níos lú ná dhá bhliain tar éis don tír iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht AE an 3 Márta 2022; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún seasamh leis an bprionsabal fiúntasbhunaithe trí mheasúnú aonair a dhéanamh ar gach tír is iarrthóir, ina n-áirithítear go gcinnfear an dul chun cinn ar bhearta aontachais, lena n-áirítear caibidlí caibidlíochta a oscailt, trína héachtaí agus a himthosca féin; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go buan le hionchais na Moldóive i leith bhallraíocht AE; ag tathant ar an gComhairle, thairis sin, tús a chur go pras le caibidlíocht aontachais ar Bhraisle 1 (bunphrionsabail) mar aitheantas ar dhul chun cinn suntasach na Moldóive le linn athchóirithe ríthábhachtacha a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar AE leanúint de thacaíocht a thabhairt do Phoblacht na Moldóive le linn a áirithiú go reáchtálfar toghcháin shaora, chothroma agus thrédhearcacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag breathnóirí idirnáisiúnta ní hamháin i bhfaireachán a dhéanamh ar an bpróiseas toghchánach, ach freisin i bhfaireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar bhac eachtrach mailíseach, lena n-áirítear bréagaisnéis, maoiniú aindleathach agus cibearoibríochtaí comhordaithe nó oibríochtaí tionchair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl go gcreideann sí go láidir go bhfuil an Mholdóiv ábalta breis dul chun cinn a dhéanamh in athchóirithe a bhaineann le haontachas le AE agus leanúint dá luas mear ionsar bhallraíocht AE, ar gá tromlach sa pharlaimint tacú léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, iarrachtaí AE tacaíocht pholaitiúil a chur ar fáil don Mholdóiv ar an leibhéal is airde, go háirithe an chéad chruinniú mullaigh riamh idir AE agus an Mholdóiv in Chișinău an 4 Iúil 2025, cuairt Chinn Stáit nó Rialtais AE (na Fraince, na Gearmáine agus na Polainne) ar an Moldóiv an 27 Lúnasa 2025, agus cuairt Uachtarán na Rómáine ar an Moldóiv an 31 Lúnasa 2025, a chuir béim arís ar an ionchas soiléir go dtiocfaidh an Mholdóiv isteach in AE bunaithe ar fhiúntas agus ar urraim do phrionsabail dhaonlathacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar AE leanúint dá thacaíocht pholaitiúil a chomhlánú le tacaíocht airgeadais agus theicniúil mhéadaitheach d’iarrachtaí Rialtas na Moldóive bac eachtrach ar phróisis dhaonlathacha na tíre a chomhrac, lena n-áirítear trí liostuithe breise smachtbhannaí amhail cinn sin an 15 Iúil 2025, tacaíocht bhreise a dheonú do Mhisean Comhpháirtíochta AE (EUPM) sa Mholdóiv, malartú faisnéise faoi shreafaí amhrasacha airgeadais, lena n-áirítear criptea-airgeadraí, agus faoi líonraí cistiúcháin teimhneacha nó neamhdhleathacha, saineolas a chomhroinnt ar ionramháil agus ar bhac eachtrach ar fhaisnéis (FIMI), bagairtí hibrideacha a chomhrac agus mianach a neartú; á iarraidh an athuair ar an Moldóive agus ar AE tacú le meáin neamhspleácha agus le sochaí shibhialta atá ar son an daonlathais, chun go mbeidh iriseoirí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach ábalta ionramháil agus bac eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac agus litearthacht dhigiteach a neartú; á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún i dtaobh mol réigiúnach nua don Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) chun tacú leis an Moldóiv agus leis an Úcráin an bhréagaisnéis a chomhrac; ag tathant ar gach mórardán ar líne, go háirithe Meta, Google, Telegram, TikTok, Microsoft agus Rakuten, comhoibriú go dlúth le húdaráis na Moldóive, leis an tsochaí shibhialta agus le mol nua EDMO; á iarraidh ar an Moldóiv a reachtaíocht a ailíniú le Gníomh an Aontais um Margaí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> gan mhoill; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht thiomanta a chur ar fáil don Mholdóiv ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag spreagadh údaráis na Moldóive leas iomlán a bhaint as saineolas EUPM chun cur i gcoinne aon bhaic thoghchánaigh arís agus arís eile roimh thoghcháin pharlaiminteacha an 28 Meán Fómhair 2025; ag spreagadh na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí agus an Choimisiúin ionstraimí uile an Aontais atá ar fáil a úsáid chun tacú leis an Moldóiv bagairtí hibrideacha a chomhrac, lena n-áirítear tríd an bhFoireann Mearfhreagartha Hibrideach, tríd an bhFoireann Mearfhreagartha Cibirtheagmhas agus tríd an gCúltaca Cibearshlándála; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Ionad na Cumarsáide Straitéisí agus Chomhrac na Bréagaisnéise sa Moldóiv, agus á iarraidh ar AE a thacaíocht a mhéadú dóibh chun an comhrac i gcoinne bac eachtrach a chomhordú i measc institiúidí éagsúla na Moldóive, agus iarrachtaí na Gníomhaireachta Náisiúnta um Chibearshlándáil agus na hInstitiúide Náisiúnta um Nuálaíochtaí Cibearshlándála; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé comhroinnt faisnéise agus comhar faisnéise a fheabhsú i dtaobh bagairtí slándála idir an Mholdóiv agus AE agus a Bhallstáit; á iarraidh ar AE ceachtanna a fhoghlaim ón taithí a fuarthas sa Mholdóiv is féidir a chur i bhfeidhm chun próisis toghcháin agus institiúidí daonlathacha AE féin a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire ailíniú comhsheasmhach na Moldóive le seasaimh chomhbheartas eachtrach agus slándála AE agus cur chun feidhme a Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta le AE ó 2024 i leith agus a straitéis cosanta náisiúnta nua, 2024-2034; á iarraidh, mar sin, ar na Ballstáit an cistiú don Mholdóiv a mhéadú tríd an tSaoráid Eorpach Síochána, agus i bhfianaise sáruithe leanúnacha ar aerspás na Moldóive ag ladrainn agus diúracáin na Rúise, agus an Mholdóiv a áireamh i soláthar comhpháirteach cosanta faoin gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag an Moldóiv i slándáil agus i gcobhsaíocht theorainn thoir AE agus réigiún na Mara Duibhe, i measc na ngéarchéimeanna daonnúla agus fuinnimh arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar Chónaidhm na Rúise a fórsaí, a trealamh míleata agus a harmlón a tharraingt siar ó réigiún na Tras-dnístria agus tacú le réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le ceannasacht agus iomláine chríochach na Moldóive;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tathant ar údaráis na Moldóive agus ar an tsochaí shibhialta agus ar AE cumarsáid straitéiseach a fheabhsú, insintí bréagacha arna gcur chun cinn ag an Rúis faoi AE agus a bheartais a bhréagnú agus a chomhrac agus béim a leagan ar thairbhí nithiúla gearrthéarmacha agus fadtéarmacha aontachas AE do dhaoine ar fud na Moldóive, agus béim ar leith á leagan ar chumarsáid i réigiúin amhail Gagauzia agus i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch i gceantair thuaithe; á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun leanúint de thacú le Parlaimint na Moldóive trí ghníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais arna gcomhaontú go frithpháirteach; á mholadh, mar sin, go mbainfí leas iomlán as Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Chișinău chun faisnéis a scaipeadh, chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus chun tacú le rannpháirtíocht na saoránach, rud a rannchuidíonn le mianach daonlathach na Moldóive a neartú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di feachtas fairsing na Rúise teacht i dtír ar an homafóibe, lena n-áirítear imeaglú agus ionsaithe fisiciúla, agus á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar an Moldóiv infheistiú in athléimneacht shochaí na Moldóive trí thacú le comhionannas do chách, gan beann ar ghnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéanann Straitéis Slándála Náisiúnta na Rúise, a d’fhormheas an tUachtarán Putin an 31 Nollaig 2015, ina dtógtar ar Dhúnghaois Mhíleata an 25 Nollaig 2014, luachanna traidisiúnta spioradálta agus morálta na Rúise, mar a thugtar orthu, a chosaint go sainráite ar thionchar braite an Iarthair, rud a léiríonn ionstraimiú na Rúise ar na luachanna sin agus ar a n-institiúidí chun críoch straitéiseach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ionstraimiú na Rúise ar luachanna traidisiúnta na Rúise, mar a thugtar orthu, agus á chur i bhfáth go bhfuil Ardchathair Chișinău agus na Moldóive uile faoi dhlínse Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise ar cheann de na príomhshlite do bholscaireacht na Rúise sa Mholdóiv; á chur i bhfios go láidir gur aithin Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise i mí Aibreáin 2024 mar ionstraim de bholscaireacht na Creimile, agus, i mí Lúnasa 2024, gur cháin Patrarc Éacúiméineach Constantinople mar arm míleata, eitneanáisiúnach agus eiriciúil; ag cáineadh an imeaglaithe atá á dhéanamh ag ionadaithe na Rúise ar chléir Ardchathair Cheartchreidmheach na Basaráibe<FOOTNOTE><FIELD> https://pace.coe.int/en/files/33808/html, https://www.thetablet.co.uk/news/bartholomew-accuses-russian-church-of-ethno-nationalist-heresy/.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag aithint Chathair Cheartchreidmheach na Bessarabia mar íospartach an leatroim Shóivéadaigh; ag tabhairt dá haire, tar éis do na húdaráis Shóivéadacha deireadh a chur leis go mí-úsáideach, nár aithníodh cathair Cheartchreidmheach na Bessarabia go hoifigiúil go dtí 2002, tar éis cinneadh ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine;;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire rannchuidiú tábhachtach eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus tionchar urchóideach gníomhaithe polaitiúla frith-athchóirithe agus ionadaithe Rúiseacha, chomh maith le cearta an duine a chosaint, trédhearcacht a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh ar rialachas agus ar dhul chun cinn in athchóirithe daonlathacha agus a bhaineann le haontachas AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil athchóiriú cuimsitheach ar an gcóras ceartais agus an comhrac i gcoinne an éillithe ríthábhachtach, do mhianach na Moldóive i gcoinne trasnaíocht eachtrach agus bagairtí hibrideacha agus chun go n-éireoidh le hathchóirithe daonlathacha agus le hathchóirithe a bhaineann le haontachas AE; á aithint go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag an Moldóiv ar chóras breithiúnach neamhspleách, neamhchlaonta, cuntasach agus gairmiúil a thógáil agus ar chríoch a chur ar an bpróiseas grinnfhiosrúcháin faoi dheireadh 2026; á thabhairt chun suntais gur gá comhordú feabhsaithe a áirithiú i measc na bpríomhinstitiúidí frith-éillithe agus ceartais uile chun na hathchóirithe cuimsitheacha ar an smacht reachta a chur chun feidhme go hiomlán, torthaí áititheacha a bhaint amach le hionchúiseamh éifeachtach i gcásanna éillithe, agus próis chuí agus an ceart chun triail chóir a fháil á n-urramú ag an am céanna, agus muinín an phobail as institiúidí daonlathacha agus as an bpróiseas athchóirithe a choinneáil; á iarraidh, mar sin, ar an rialtas amach anseo an leibhéal uaillmhéine reatha a choinneáil agus na hathchóirithe ar an smacht reachta a thabhairt chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá neamhspleáchas agus nascacht fuinnimh chun mianaigh mhéadaithe i gcoinne bagairtí hibrideacha na Rúise in earnáil an fhuinnimh agus á iarraidh, mar sin, go gcuirfí an Plean Fáis chun feidhme ar shlí níos tapúla; ag cáineadh ionstraimiú leanúnach na Rúise ar sholáthairtí fuinnimh agus á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an Moldóiv ina foinsí fuinnimh a éagsúlú, foinsí in-athnuaite fuinnimh agus córais stórála fuinnimh a imscaradh, spleáchas ar ghás na Rúise a laghdú agus comhtháthú le margadh fuinnimh AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag moladh Phoblacht na Moldóive as an dul chun cinn suntasach atá déanta aici maidir le foinsí fuinnimh na Rúise a chéimniú amach, dlús a chur le dícharbónú agus digitiú a meascáin fuinnimh, agus as comhtháthú i margadh fuinnimh AE; ag athdhearbhú a hiarrata ar AE agus ar na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt do shlándáil fuinnimh na Moldóive, tacú le hidirnaisc nua leictreachais le tíortha comharsanachta a thógáil agus a mhaoiniú, éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus foinsí in-athnuaite agus córais stórála fuinnimh a chur in úsáid i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar síos ina plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi glacadh rianúil Phlean Fáis EUR 1,9 billiún don Mholdóiv, ar leibhéal tacaíochta gan fasach é atá dírithe ar bhorradh a chur faoi gheilleagar na Moldóive agus ar chonair na tíre i dtreo bhallraíocht AE a chur chun cinn trí dhlús a chur le príomh-athchóirithe in earnálacha amhail fuinneamh, an comhshaol, an earnáil dhigiteach, iompar agus eile; á chur in iúl gur geal léi eisíocaíocht tráinse réamh-mhaoinithe EUR 270 milliún ó phlean fáis EUR 1,9 billiún agus á iarraidh go n-eiseofaí an chéad ghnáth-thráinse go pras chun tacú le hathchóirithe tábhachtacha ar bhonneagar, ar chaipiteal daonna, ar fhorbairt ghnó agus ar na haistrithe digiteacha agus glasa; ag tathant ar AE agus ar an Moldóiv dlús a chur le comhtháthú na tíre de réir a chéile i margadh aonair AE chun tairbhí socheacnamaíocha inláimhsithe a sholáthar fiú roimh aontachas foirmiúil AE; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú le déanaí chun athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar fhorálacha trádála an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála idir AE agus an Mholdóiv, a chuirfidh rochtain mhéadaithe ar an margadh ar fáil d’onnmhairí talmhaíochta na Moldóive nach bhfuil léirscaoilte go fóill; ag tacú leis an Moldóiv a áireamh san ionstraim réamhaontachais faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile; ag moladh an chinnidh ón gComhairle an 25 Iúil 2025 chun an Mholdóiv a chomhtháthú sa limistéar ‘fánaíocht ar tháillí baile’ amhail ón 1 Eanáir 2026, tar éis cinneadh dá shamhail don Úcráin a glacadh an 14 Iúil 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na Moldóive.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>