<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0196</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Fís nua do chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0135/2025 -  Rapóirtéir: Laurence Farreng)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2025 maidir le Fís nua do chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha (2025/2036(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 13 agus 14 di maidir le saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí agus an ceart chun oideachais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 189, 28.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/817/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do staidéar an 11 Meán Fómhair 2023 a rinneadh thar ceann a Coiste um Chultúr agus um Oideachas dar teideal ‘Cláir mhaoinithe an Aontais Eorpaigh 2021-2027 sa chultúr, sna meáin, san oideachas, san óige agus sa spórt: na chéad cheachtanna, na dúshláin agus na peirspictíochtaí amach anseo – Erasmus+’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar an 20 Iúil 2023 a rinneadh thar ceann a Coiste um Chultúr agus um Oideachas dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Early implementation of four 2021-2027 EU programmes: Erasmus+, Creative Europe, European Solidarity Corps and Citizens, Equality, Rights and Values (Strand 3)</STRING>’ [Cur chun feidhme luath na gceithre chlár AE 2021-2027: Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (Snáithe 3)],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 17 Bealtaine 2021 maidir leis an ‘<STRING ITALIC="on">European Universities initiative – Bridging higher education, research, innovation and society: Paving the way for a new dimension in European higher education’</STRING> [Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 14 agus an 15 Nollaig 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 7 Meitheamh 2018 maidir le dul chun cinn i dtreo fís do Limistéar Eorpach Oideachais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún ón gComhairle an 18 Samhain 2019 maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Limistéar Eorpach Oideachais chun tacú le córais oideachais agus oiliúna atá dírithe ar an todhchaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C 389, 18.11.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le clár oibre nua Eorpach d’fhoghlaim aosach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 504, 14.12.2021, lch. 9.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024 dar teideal ‘An Eoraip ag Gluaiseacht’ – deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách’,<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/3364, 14.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3364/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2025 le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Clár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh 2025-2027(COM(2025)0062),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/2122 ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir le Comhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO L 431, 2.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/2122/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2022 faoi Straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna (COM(2022)0016),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2024 maidir le dea-chleachtais ó Thionscadail Chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha (Céim Phíolótach II),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún ar thorthaí agus ar acmhainneacht chlaochlaitheach thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais, an Óige, an Spóirt agus an Chultúir et al., Tuarascáil ar thorthaí agus ar acmhainneacht chlaochlaitheach thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2766/32313.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 27 Márta 2024 ón gCoimisiún dar teideal ‘Treoirphlean le haghaidh céim Eorpach’ (COM(2024)0144),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 27 Márta 2024 (SWD(2024)0074), a ghabhann le teachtaireacht COM(2024)0144 ón gCoimisiún, togra ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le Córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus Aitheantas san Ardoideachas (COM(2024)0147) agus togra ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas (COM(2024)0145),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 19 Nollaig 2024 dar teideal ‘Tuarascáil ar thorthaí deiridh thionscadail tástála beartais Erasmus+: Céim Eorpach (lipéad) agus ionstraimí comhair institiúidithe an Aontais’ (SWD(2024)0291),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas na Scileanna’ (COM(2025)0090),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 maidir le Plean Straitéiseach Oideachais ETIM: scileanna don iomaíochas agus nuálaíocht (COM(2025)0089),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’athbhreithniú meántéarma 2023 ar an Limistéar Eorpach Oideachais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Communiqué Aireachta na Róimhe arna ghlacadh an 19 Samhain 2020 ag Comhdháil aireachta Limistéar Eorpach an Ardoideachais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrionsabail, Treoirlínte agus Táscairí Ghné Shóisialta an Ardoideachais an 9 Eanáir 2024, arna bhfoilsiú ag Grúpa Leantach Bologna, an Grúpa Oibre um an nGné Shóisialta 2021-2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ardleibhéil neamhspleách ó Enrico Letta maidir le todhchaí an mhargaidh aonair, dar teideal ‘Margadh Thar an gCoitiantacht – Luas, Slándáil, Dlúthpháirtíocht: An Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas a bhaint amach do shaoránaigh uile an Aontais’, a foilsíodh i mí Aibreáin 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Mario Draghi maidir le Todhchaí Iomaíochas na hEorpa, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ar thaighde agus nuálaíocht ó ghrúpa saineolaithe neamhspleácha faoi chathaoirleacht Manuel Heitor, dar teideal ‘Ailíniú, gníomhú, luathú – Taighde, teicneolaíocht agus nuálaíocht chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa’, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme bearta cuimsithe laistigh de Erasmus+ 2014-2020<FOOTNOTE><FIELD> IO C 32, 27.1.2023, lch. 58.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le bearta éifeachtacha chun Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 385, 22.9.2021, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025 – micridhintiúir, cuntais foghlama aonair agus foghlaim le haghaidh timpeallacht inbhuanaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 479, 16.12.2022, lch. 65.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A10-0135/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur réamhriachtanais iad oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán chomh maith le comhar acadúil chun uathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, luachanna AE a chur chun cinn<FOOTNOTE><FIELD> mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.</FIELD></FOOTNOTE>, ganntanais scileanna a chomhrac trí thallann a mhealladh agus a choinneáil, agus iomaíochas a chothú le hollscoileanna domhanda ceannródaíocha bunaithe ar chaipiteal daonna, athléimneacht agus dea-bhail a fhorbairt;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gcuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann leis an saol acadúil agus le hollscoileanna chun Eoraip atá iomaíoch, athléimneach agus uathrialach a bhaint amach i dtuarascáil Mario Draghi ar thodhchaí iomaíochas na hEorpa, i dtuarascáil Enrico Letta ar thodhchaí an mhargaidh aonair agus i dtuarascáil Manuel Heitor ar an meastóireacht eatramhach ar Fhís Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbaineann ilroinnt ardoideachas agus thaighde AE an bonn ó chumas AE a cheannasacht a chosaint, a luachanna a chur chun cinn agus tionchar domhanda a dhearbhú; de bhrí go bhféadfadh comhtháthú níos mó seasamh straitéiseach AE a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Compás Iomaíochais béim ar an tábhacht a bhaineann le hoideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán chun na bearnaí scileanna agus saothair a líonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur clár suaitheanta de chuid an Aontais Eorpaigh é Erasmus+ a thacaíonn le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt san Eoraip agus go hidirnáisiúnta, agus soghluaisteacht agus comhar acadúil á gcothú ag an am céanna; de bhrí, dá mbeadh idirghníomhú níos láidre idir Erasmus+ agus cláir eile de chuid AE atá ann cheana amhail Fís Eorpach, go rachadh sé sin chun tairbhe do na cuspóirí sin agus go gcothódh sé cur chuige níos tuisciní i ndáil le hardoideachas;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil cuspóir ilghnéitheach á shaothrú ag comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha, ag cruthú curaclaim chomhpháirteacha ar dtús, ag dul ar aghaidh ansin i dtreo cruthú campas idir-ollscoile a bhfuil gné Eorpach láidir acu a chothaíonn soghluaisteacht mac léinn, foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil agus taighdeoirí, chomh maith le baill foirne acadúla agus neamhacadúla, agus a spreagann athruithe eile atá níos claochlaithí fós i dtimpeallachtaí an ardoideachais sna Ballstáit agus sna tíortha rannpháirteacha chun Limistéar Eorpach Oideachais atá fíoriomaíoch a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur prionsabal lárnach í an tsaoirse acadúil maidir le misin agus gníomhaíochtaí ollscoileanna mar a chumhdaítear in Airteagal 13 de Chairt um Chearta Bunúsacha AE agus i Moladh UNESCO an 11 Samhain 1997 maidir le Stádas Pearsanra Teagaisc Ardoideachais; de bhrí go bhfuil an tsaoirse sin ríthábhachtach d’fholláine sochaithe daonlathacha agus, dá bhrí sin, gur gá í a chosaint agus a chur chun cinn tuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ag comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha, trí shoghluaiseacht gan uaim a sholáthar do mhic léinn, do thaighdeoirí, do bhaill foirne acadúla agus neamhacadúla taobh istigh de AE agus níos faide i gcéin, maidir le taighde, nuálaíocht agus oideachas a fheabhsú sa mhargadh aonair, agus mar sin, go bhfuil siad ríthábhachtach maidir leis an ‘gcúigiú saoirse’ mar atá tuairiscithe i dtuarascáil Letta a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin roimh institiúidí ardoideachais san Eoraip maidir le comhar trasnáisiúnta, go háirithe i ndáil le cistiú, éagsúlachtaí suntasacha i reachtaíocht náisiúnta agus réigiúnach, stádas dlíthiúil agus struchtúir rialachais, agus bacainní conarthacha ar chomhroinnt eolais;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go raibh rath ar thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, agus ionchais á sárú acu ó thaobh rannpháirtíochta agus rannpháirtíochta de; de bhrí gur sáraíodh an aidhm 20 comhghuaillíocht a chruthú a leagadh amach sna conclúidí ón gComhairle in 2017, toisc go bhfuil 65 chomhghuaillíocht cruthaithe anois, lena gcuimsítear níos mó ná 570 ollscoil agus níos mó ná 2 200 comhpháirtí seachtrach acu, gan aon leithdháiltí buiséid breise agus gan aon ráthaíocht go mbeidh leanúnachais le haghaidh tionscadail chistithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur roghnaíodh na comhghuaillíochtaí reatha seo trí chúig ghlaoch oscailte iomaíocha a dhírigh ar cháilíocht, ar shármhaitheas, ar fhiúntas, ar chuimsiú agus ar chlúdach geografach cothrom;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur príomhionstraim é tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha chun Limistéar Eorpach Oideachais atá comhtháite, iomaíoch agus cuimsitheach a thógáil, atá in ann dul i ngleic le dúshláin dhomhanda chomh maith le féiniúlacht, cultúr agus luachanna Eorpacha a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur chruthaigh na comhghuaillíochtaí go bhfuil acmhainneacht chlaochlaithe acu chun córais ardoideachais na mBallstát a nuachóiriú, agus ról ceannasach á imirt acu maidir le hoideachas a sholáthar do ghlúin nua de mhic léinn soghluaiste Eorpacha, agus gur rannchuidigh siad le taighde úrscothach; de bhrí go bhfuil ollscoileanna ó roinnt comhghuaillíochtaí mar phríomhthacadóirí agus príomhspreagthóirí maidir le hathruithe reachtacha ina dtíortha féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil 23 Bhallstát ag comhchistiú comhghuaillíochtaí lena gcuid buiséid náisiúnta faoi láthair;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Staid na himeartha, dúshláin agus constaicí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á aithint na fáilte croíúla a chuir institiúidí ardoideachais roimh thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha agus an tiomantais a thug siad dó agus ról an tionscnaimh maidir le hiarrachtaí a éascú chun deireadh a chur le bacainní ar chomhar réigiúnach, trasteorann agus idirnáisiúnta san ardoideachas, amhail cistiú ilroinnte, éagothromaíochtaí i gcórais chreidiúnaithe agus bacainní dlíthiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil tionscadail soghluaisteachta, cruthú curaclam coiteann agus comhar idir ollscoileanna san Eoraip ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais i réimsí straitéiseacha agus chun braistint an mhuintearais san Eoraip agus comhlíonadh luachanna AE a threisiú, agus éagsúlacht agus saibhreas an Aontais Eorpaigh á gcaomhnú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire gur uirlis chumhachtach iad na comhghuaillíochtaí chun Próiseas Bologna a chur chun feidhme agus a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais go bhfuil éifeacht ghiarála ag comhghuaillíochtaí maidir le próisis chlaochlaithe i dtimpeallacht an ardoideachais trí chur chuige nuálach a chur chun cinn agus a threisiú chomh maith le modhanna nua comhair, deiseanna a chruthú agus inrochtaineacht do mhic léinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur i bhfios go láidir go bhfuil éagsúlacht idir na comhghuaillíochtaí ó thaobh rialachais, topaicí agus ábhair a chlúdaítear, agus mhéid agus shuíomh na n-ollscoileanna atá rannpháirteach iontu; ag cur suntas i rannpháirtíocht rathúil roinnt mhaith ollscoileanna ó chathracha meánmhéide, ó cheantair thuaithe agus ó na réigiúin is forimeallaí, a fhágann gur tionscnamh inrochtana agus cuimsitheach é; á thabhairt chun suntais nach bhfuil cur chuige ‘a oireann do chách’ oiriúnach do na comhghuaillíochtaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil ionadaíocht gheografach uile-Eorpach na n-ollscoileanna laistigh de na comhghuaillíochtaí ríthábhachtach chun dul i ngleic le himirce daoine oilte agus chun tallann idirnáisiúnta a mhealladh, agus rannchuidiú luachmhar á dhéanamh ag an am céanna le haontacht agus lánpháirtiú na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi lánpháirtiú na mac léinn i struchtúir rialachais na gcomhghuaillíochtaí, lena gcuirtear ar chumas daoine óga fíorthionchar suntasach a bheith acu ar a bhforbairt, ós rud é go gcuidíonn rannpháirtíocht na hóige i bpróisis chinnteoireachta dhaonlathacha le comhghuaillíochtaí a dhéanamh níos réamhbhreathnaithí agus go dtugann sí aghaidh ar dhúshláin phraiticiúla a bhíonn os comhair na mac léinn; ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ailíniú a dhéanamh ar rannpháirtíocht mac léinn le heagraíochtaí mac léinn chun trédhearcacht, cothromaíocht agus cuimsitheacht a áirithiú maidir le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an acmhainneacht agus an saineolas ag comhghuaillíochtaí chun cabhrú le hollscoileanna maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúsháin shocheacnamaíocha; ag cur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tionchar sochaíoch a ionchorprú mar ghné thrasearnálach i ngníomhaíochtaí na gcomhghuaillíochtaí; á iarraidh go mbeadh straitéisí soiléire ann chun inrochtaineacht agus cuimsiú daoine ar lú na deiseanna atá acu<FOOTNOTE><FIELD> Mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021.</FIELD></FOOTNOTE> i ngníomhaíochtaí uile na gcomhghuaillíochtaí a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe trí dheireadh a chur le bacainní ar shoghluaisteacht agus trí gach cineál idirdhealaithe a chosc, i gcomhréir le Cairt Ardoideachais Erasmus;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscadail phíolótacha atá dírithe ar chéim Eorpach agus/nó stádas dlíthiúil a chruthú; á chur i bhfios go láidir, áfach, nár cheart go bhfeidhmeodh comhghuaillíochtaí mar an t-aon ionstraim le haghaidh nuálaíochta san ardoideachas; á thabhairt dá haire gur cheart go mbeadh an tsaoirse ag comhghuaillíochtaí speisialtóireacht a dhéanamh agus a bheith solúbtha ina gcuid gnóthas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi torthaí na sé thionscadal tástála beartais Erasmus+ maidir leis an gcéim Eorpach agus lipéad na céime Eorpaí arna ndéanamh ag 21 chomhghuaillíocht<FOOTNOTE><FIELD> Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2024)0291.</FIELD></FOOTNOTE>; ag aithint an bhreisluacha shoiléir a bhaineann le comhchreat do chéimeanna Eorpacha, bunaithe ar chritéir Eorpacha, mar chéim i dtreo céimeanna agus dioplómaí a aithint ar leibhéal an Aontais; ag aithint go gcuirfeadh an t-aitheantas sin ar leibhéal an Aontais feabhas ar shoghluaisteacht agus ar cháilíocht an oideachais, go dtreiseodh sé an creat don chomhar agus go spreagfadh sé rannpháirtíocht níos leithne i gcláir acadúla thrasnáisiúnta, agus go ndéanfadh sé infheictheacht dhomhanda agus iomaíochas ardoideachais Eorpaigh a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh lipéad na céime Eorpaí inrochtana do gach clár comhpháirteach ollscoile eile agus go mbeadh sé comhlántach le creataí náisiúnta cáilíochta, ar cheart iad a oiriúnú nuair is gá gan ualach breise riaracháin a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chreidiúint go láidir go bhfuil acmhainneacht ag na comhghuaillíochtaí Limistéar Eorpach an Ardoideachais a neartú, agus go réiteoidís an bealach do réimse aonair creidiúnaithe ar leibhéal AE; á chreidiúint gur céim riachtanach é sin dár neamhspleáchas Eorpach, toisc go bhfuil go leor institiúidí ardoideachais Eorpacha, amhail iad siúd a eisíonn céimeanna MBA, fós ag brath ar ghníomhaireachtaí creidiúnaithe Mheiriceá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méadú suntasach atá tagtha ar líon na dtionscadal soghluaisteachta a bhaineann le mic léinn, foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil agus taighdeoirí, agus le baill foirne acadúla agus neamhacadúla sna hollscoileanna atá rannpháirteach i gcomhghuaillíochtaí i gcomparáid le tionscadail soghluaisteachta eile Erasmus+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire, áfach, nár baineadh amach go fóill an cuspóir tosaigh maidir le soghluaisteacht gan uaim a bhaint amach do 50 % de mhic léinn i gcomhghuaillíochtaí rannpháirteacha agus go leanfaidh sé de bheith dúshlánach é a bhaint amach gan sásraí cistiúcháin iomchuí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ina leith sin, an iomaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann idir scéimeanna soghluaisteachta na gcomhghuaillíochtaí agus soghluaisteacht ghinearálta na n-ollscoileanna maidir le Erasmus+, ollscoileanna a bhfuil na soláthairtí teoranta cistiúcháin céanna acu, ós rud é go bhfuil spriocanna soghluaisteachta le haghaidh comhghuaillíochtaí níos airde ná na spriocanna soghluaisteachta le haghaidh soghluaisteacht ghinearálta Erasmus+; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar na riachtanais sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na bagairtí atá ann faoi láthair ar an tsaoirse acadúil i roinnt áiteanna ar domhan, lena n-áirítear i roinnt Ballstát agus i roinnt tíortha nach de chuid an Aontais iad atá rannpháirteach in Erasmus+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag cur i bhfáth gur gá do chomhghuaillíochtaí seasamh le luachanna AE, athléimneacht dhaonlathach agus neamhspleáchas institiúideach, agus saoránacht ghníomhach a chothú; ag cur suntas ina ról mar spásanna foghlama iltaobhacha agus ilchultúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh atá bunaithe ar luachanna amhail an comhar i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin, for-rochtain dhomhanda comhghuaillíochtaí agus ról na gcomhghuaillíochtaí agus aontachais tíortha is iarrthóirí ó chomharsanacht an Oirthir agus ó na Balcáin Thiar á n-ullmhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnamh Aontas na Scileanna, go háirithe an togra atá le teacht maidir le conair infheistíochta don todhchaí agus stádas dlíthiúil soiléir do chomhghuaillíochtaí, toisc go mbeidh sé níos éasca d’ollscoileanna tionscadail Eorpacha a thionscnamh agus a threorú, acmhainní a chomhthiomsú, a neamhspleáchas a fheabhsú, ualaí riaracháin a laghdú, cistiú a mhealladh agus a struchtúr rialachais a leathnú, go háirithe i gcás ollscoileanna ó thíortha nach de chuid an Aontais iad, chomh maith le hinstitiúidiú an chomhair trasteorann a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag ollscoileanna, lena n-áirítear comhghuaillíochtaí, maidir le heolaíocht fhianaise-bhunaithe a chosaint agus a chur chun cinn, muinín i ndioscúrsa daonlathach a spreagadh, comhar atá bunaithe ar luachanna an Aontais a chuthú agus iad féin agus earnáil ardoideachais na hEorpa a dhéanamh níos tarraingtí do mhic léinn, baill foirne acadúla agus taighdeoirí ó lasmuigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cruthú FOREU4ALL, pobal cleachtais do chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach aige maidir le nuálaíochtaí ó na comhghuaillíochtaí a scaipeadh ar an bpobal acadúil i gcoitinne, toisc nár cheart ollscoileanna agus institiúidí ardoideachais nach bhfuil mar chuid de chomhghuaillíochtaí a fhágáil ar lár; á mheabhrú gur cheart go rachadh beartais agus tionscnaimh chun tairbhe don chóras ardoideachais uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag líonraí eile taobh istigh d’earnáil an ardoideachais lena dtugtar le chéile réimse níos leithne d’ollscoileanna Eorpacha, gan beann ar a rannpháirtíocht i gcomhghuaillíocht; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhlántacht idir na líonraí sin agus na comhghuaillíochtaí agus go bhfuil sé d’acmhainneacht acu an bealach a réiteach d’athrú reachtach ar an leibhéal náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go n-áirítear na ceithre ghné uile den chearnóg eolais i misean na n-oillscoileanna: oideachas, taighde, nuálaíocht agus seirbhís don tsochaí; á chur i bhfáth nach mór comhghuaillíochtaí a ailíniú go dlúth le margadh an tsaothair chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus dúshláin iomaíochais na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe an easpa colún taighde agus nuálaíochta taobh istigh de na comhghuaillíochtaí i bhfianaise an chreata atá ann faoi láthair, toisc go mbaineann sé an bonn ón acmhainneacht iomlán don chomhar idir ollscoileanna taobh istigh de chomhghuaillíochtaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag moladh do na comhghuaillíochtaí an nasc idir an t-oideachas agus an taighde a dhoimhniú; á thabhairt chun suntais go bhfuil cumas suntasach ag na comhghuaillíochtaí líonraí trasteorann barr feabhais a thógáil do thaighdeoirí agus eolas a chomhroinnt agus a scaipeadh ar leibhéal an Aontais agus níos faide i gcéin, go háirithe in ábhair ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic), lena n-áirítear i réimsí straitéiseacha don Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór an fhís straitéiseach do chomhghuaillíochtaí ollscoile a léiriú sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun a n-acmhainneacht agus a dtionchar a uasmhéadú; ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar gach comhghuaillíocht chun tacaíocht agus réitigh shaincheaptha a sholáthar maidir lena bhforbairt amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag moladh don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na comhghuaillíochtaí aistriú ó ‘loighic thionscadal-bhunaithe’ go comhar fadtéarmach agus claochlaitheach trí chur chuige maoiniúcháin a chumasaíonn an t-aistriú sin; ag cur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh comhghuaillíochtaí in ann uas-scálú a dhéanamh; ag cur i bhfios go láidir gur gá spriocanna cáilíochtúla seachas spriocanna cainníochtúla a leagan síos, agus béim á cur ar an tionchar claochlaitheach don Limistéar Eorpach Oideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag cur i bhfáth go bhfuil gá le cistiú comhordaithe, inbhuanaithe agus intuartha do chomhghuaillíochtaí reatha; ag iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar ghlaonna amach anseo a fhorchoimeád chun go leanfar le comhghuaillíochtaí rathúla, rud a chuirfeadh ar a gcumas lánpháirtiú a dhoimhniú agus cur lena bhfuil bainte amach acu; ag iarraidh ar an gCoimisiún an próiseas iarratais agus tuairiscithe a choinneáil chomh simplí agus is féidir; ag moladh próiseas mear athnuachana i gcomhair comhghuaillíochtaí rathúla a bheith ann chun cistiú leantach a áirithiú gan ualach riaracháin iomarcach a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á aithint a ábhartha atá sé go leanfaidh tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha de bheith mar chuid den chlár Erasmus+, agus an creat reatha á chur san áireamh; ag an am céanna, á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar a inmharthana a bheadh sé réiteach saincheaptha a chruthú chun comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha a chistiú sa chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027, agus an fhéidearthacht ann go gcruthófaí clár ar leithligh d’fhonn go mbeadh comhghuaillíochtaí in ann pleanáil straitéiseach a dhéanamh, páirt a ghlacadh i dtionscnaimh fhadtéarmacha agus comhar seasmhach a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt comhghuaillíochtaí a chómhaoiniú trí bhuiséid náisiúnta agus á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach infheistíochta a thíolacadh do na comhghuaillíochtaí lena gcuirfear ar a gcumas a misean ceathrúil a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire gur cheart sineirgí le cláir an Aontais amhail Fís Eorpach, an Ciste Eorapach um Iomaíochas, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a ionchorprú sa straitéis sin, chun acmhainní a bharrfheabhsú, dúbailt a sheachaint, idirghníomhaíocht agus comhoibriú a neartú agus a gcineál iomaíoch a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt chun suntais, chun fíor-rath agus rath atá inmharthana a bhaint amach a chuimsíonn cáilíocht, sármhaitheas agus cuimsiú, nach féidir le tacaíocht do chomhghuaillíochtaí teacht ón mbuiséad Eorpach amháin ach gur cheart go dtiocfadh sí freisin ó ranníocaíochtaí comhordaithe ó fhoinsí náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla agus príobháideacha, fad is gur féidir leo neamhspleáchas na n-institiúidí ardoideachais a ráthú agus an tsaoirse acadúil a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir le comhtháthú níos dlúithe comhghuaillíochtaí leis an earnáil phríobháideach a bheith chun tairbhe don dá thaobh; ag moladh comhpháirtíochtaí agus comhar struchtúrtha idir ollscoileanna agus gnólachtaí chun córais chomhtháite a chruthú lena gcothófar nuálaíocht agus oiliúint theicniúil agus ghairmiúil ardleibhéil, agus lena n-éascófar aistriú mac léinn chuig an margadh saothair chomh maith le hathsciliú agus uas-sciliú do dhaoine lasmuigh den ardoideachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag cur i bhfáth gur gá idirnáisiúnú na gcomhghuaillíochtaí a neartú, i gcomhréir leis an straitéis Global Gateway agus le comhpháirtíochtaí tallainne, i measc nithe eile; á thabhairt dá haire go bhfuil comhghuaillíochtaí ar an leibhéal ceart chun comhpháirtíochtaí a bhunú le tíortha nach de chuid an Aontais iad, go háirithe le tíortha is iarrthóirí, agus gur féidir leo an ghné idirnáisiúnta de Erasmus+ a neartú, trí Erasmus Mundus, mar shampla; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhghuaillíochtaí a áirithiú go gcomhlíonfaidh na comhpháirtithe uile lena mbaineann luachanna AE agus prionsabal na saoirse acadúla, agus go gcloífidh siad le Cairt Ardoideachais Erasmus;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil comhghuaillíochtaí ag tástáil bealaí nuálacha chun eolas a theagasc agus a fháil, amhail conairí foghlama Eorpacha, micridhintiúir, soghluaisteacht foghlama chumaiscthe agus aitheantas uathoibríoch cáilíochtaí; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar digiteach slán agus tionscnaimh atá ann cheana amhail an cárta mic léinn Eorpach a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag cur béim ar an ngá atá le hidir-inoibritheacht na gcóras ríomhaireachta a chomhdhlúthú agus beartais Eorpacha agus náisiúnta a ailíniú chun fíor-idirchampais Eorpacha fhíorúla a chruthú; ag moladh go ndéanfaí tuilleadh comhair thras-chomhghuaillíochta chun go bhféadfaí sainaithint mac léinn, clárú cúrsaí, agus malartú taifead acadúil a dhéanamh ar bhealach slán agus idir-inoibritheach, chomh maith le hinfheistíocht i dteicneolaíochtaí nua oideachais a chomhtháthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá úsáid micridhintiúr a leathnú, ag tógáil ar dhea-chleachtas, chun na comhghuaillíochtaí a chomhtháthú i dtimpeallacht foghlama níos leithne, rud lena ndéanfaí nasc idir a gcuid oibre agus institiúidí foghlama seachfhoirmiúla eile; ag tabhairt dá haire, le hoiliúint agus uas-sciliú a aithnítear trí mhicridhintiúir athbhreithniú, gur féidir leathnú agus nuachóiriú solúbtha céimeanna ollscoile a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar chritéir a chur le glaonna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, i gcomhréir le hábhair a bhaineann le huathriail straitéiseach agus iomaíochas na hEorpa, amhail athléimneacht, fuinneamh, an t-athrú aeráide, an t-aistriú digiteach agus scileanna digiteacha, cosaint, agus na príomhchuspóirí a bhaineann le cloí le luachanna AE, barr feabhais oideachais agus nuálaíocht á gcur san áireamh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá go mbeadh na struchtúir agus na hacmhainneachtaí iomchuí ag comhghuaillíochtaí chun tacú le haistriú ón saol acadúil go saol an ghnó, chun rannchuidiú le huaillmhianta AE maidir le huathriail straitéiseach a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún deireadh a chur le bacainní a chuireann bac ar chomhroinnt agus comhthiomsú éifeachtach acmhainní comhpháirteacha agus eolais chomhpháirtigh, trí ghníomhaíochtaí amhail earcú comhpháirteach foirne acadúla agus taighdeoirí a éascú, chomh maith le saoráidí comhroinnte a fhorbairt agus a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le feachtais éifeachtacha agus inrochtana múscailte feasachta agus faisnéise faoi chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha chun rannpháirtíocht níos mó a chothú, go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus i measc mac léinn, ós rud é go bhfuil leibhéal an aitheantais don tionscnamh an-íseal faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar Rialtas na hUngáire an smacht reachta agus luachanna AE a chomhlíonadh agus na hathchóirithe is gá a chur i bhfeidhm ionas go bhféadfaidh mic léinn, múinteoirí agus taighdeoirí de chuid na hUngáire in ollscoileanna a chistítear le hiontaobhais phoiblí tairbhe a bhaint as an gclár Erasmus+, lena n-áirítear comhghuaillíochtaí faoi thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>