<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0203</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Péter Magyar a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0180/2025 -  Rapóirtéir:Krzysztof Śmiszek)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 ar an iarraidh ar dhíolúine Péter Magyar a tharscaoileadh (2024/2063(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Péter Magyar, dar dáta an 26 Meán Fómhair 2024, a thíolaic Príomh-Ionchúisitheoir na hUngáire i ndáil le himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ina choinne, agus a fógraíodh sa Pharlaimint an 10 Deireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Péter Magyar an 24 Meitheamh 2025 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhaisnéis bhreise arna tíolacadh ag Príomh-Ionchúisitheoir na hUngáire,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 4(2) de Dhlí Bunúsach na hUngáire,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, an 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, <STRING ITALIC="on">Puigdemont i Casamajó agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0180/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur thíolaic, an 26 Meán Fómhair 2024, Príomh-Ionchúisitheoir na hUngáire iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Péter Magyar, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a toghadh san Ungáir, i ndáil le líomhaintí maidir le hoilghníomh líomhnaithe gadaíochta a rinneadh ar mhionluach faoi Alt 370 (1) agus Alt 370 (2) (a) d’Acht C 2012 (Cód Coiriúil na hUngáire);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go léirítear san iarraidh go raibh Péter Magyar i gclub i mBúdaipeist an 21 Meitheamh 2024 áit ar aithin an páirtí éagóirithe é agus a rinne taifead físeán de; de bhrí go léirítear san iarraidh freisin go ndeachaigh Péter Magyar i ngráscar leis an bpáirtí éagóirithe inar tharraing Péter Magyar an fón as lámh an pháirtí éagóirithe mar bhealach chun an taifeadadh a stopadh, gur chuir sé an fón ina phóca féin agus gur imigh sé leis; de bhrí gur lean an dara díospóid idir an bheirt acu, a chríochnaigh nuair a dhíbir na gardaí slándála ón gclub iad; de bhrí, in ainneoin iarrataí an pháirtí éagóirithe an fón a thabhairt ar ais, gur líomhnaíodh gur lig Péter Magyar fón an pháirtí éagóirithe uaidh isteach sa Danóib;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, gur aimsigh tumadóirí póilíní a glaodh chuig an láthair an fón, ar fiú thart ar HUF 130 000-150 000 é, ón Danóib agus gur chuir siad ar ais chuig an bpáirtí éagóirithe é agus é ar deil;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur toghadh Péter Magyar chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024; de bhrí gur fhógair údaráis na hUngáire torthaí na dtoghchán Eorpach san Ungáir an 14 Meitheamh 2024, lena n-áirítear Péter Magyar i measc Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a dearbhaíodh a bheith tofa go hoifigiúil san Ungáir; de bhrí go raibh Péter Magyar, dá bhrí sin, ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe agus na n-imscrúduithe a rinne na húdaráis inniúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach ionann an cion líomhnaithe, agus nach bhfuil baint ag an iarraidh ina dhiaidh sin ar dhíolúine Péter Magyar a tharscaoileadh, le tuairim a thug Péter Magyar ná le vóta a chaith Péter Magyar i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go sonraítear in Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do theachtaí pharlaimint na tíre sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 4(2) de Dhlí Bunúsach na hUngáire go dteachtann teachtaí Pharlaimint na hUngáire díolúine pharlaiminteach; de bhrí, de bhun Alt 79(2) d’Acht Uimh. XXXVI 2012 maidir leis an Tionól Náisiúnta, go mbeidh an díolúine chéanna ag duine atá cláraithe le héifeacht chríochnaitheach agus cheangailteach mar iarrthóir agus atá ag teachtaí go dtí go mbeidh toradh an toghcháin críochnaitheach agus ceangailteach, agus de bhrí, in aon chás, de bhun Alt 79(1) de, go mbeidh díolúine ag na teachtaí ó lá a dtofa; de bhrí, de bhun Roinn 74(1) d’Acht Uimh. XXXVI 2012 maidir leis an Tionól Náisiúnta, nach bhféadfar imeachtaí coiriúla nó, i gcás nach dtarscaoiltear díolúine go deonach i leith an ábhair atá i gceist, imeachtaí sáraithe a thionscnamh nó a shaothrú agus nach bhféadfar bearta comhéigneacha faoin nós imeachta coiriúla a chur i bhfeidhm i gcoinne teachta ach amháin le toiliú roimh ré ón Tionól Náisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta d’Fheisire díolúine pharlaiminteach, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go leanann sé ó chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil ‘rogha an-leathan ag an bParlaimint maidir leis an treo a bhfuil sé ar intinn aici a thabhairt do chinneadh tar éis iarraidh ar tharscaoileadh díolúine (...), mar gheall ar chineál polaitiúil an chinnidh sin’<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23, mír 59 agus an cásdlí a luaitear;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil Péter Magyar ina uachtarán ar Pháirtí Tisza (Tisztelet és Szabadság Párt) agus ina cheann freisin ar liosta iarrthóirí an pháirtí sin do thoghcháin Eorpacha 2024; de bhrí go raibh Péter Magyar ina fhreasúróir glórach ar bheartais agus seasaimh rialtas na hUngáire, lena n-áirítear iad siúd i ndáil leis an Aontas; de bhrí gur cúis imní iad na fíorais as a n-eascraíonn an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, na neamhréireachtaí sa chaoi a ndearnadh imscrúduithe na bpóilíní, lena n-áirítear an freagra neamhiomlán ó Ionchúisitheoir Ginearálta Phoblacht na hUngáire maidir le comhréireacht na ngníomhaíochtaí a rinne na húdaráis i gcás Péter Magyar i gcomparáid le cásanna comhchosúla a bhaineann le hítimí mionluacha, agus an easpa soiléireachta i bhfreagra na n-údarás inniúil maidir le cáiliú dlíthiúil an chiona choiriúil líomhnaithe ar cúisíodh Péter Magyar ina leith, go bhféadfadh sé gurbh é an rún a bhí taobh thiar de na himeachtaí dochar a dhéanamh do chlú Péter Magyar;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go ndealraíonn sé, dá bhrí sin, gur cás é sin inar féidir glacadh leis gur ann do chás <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, i.e. ‘fianaise nithiúil’<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Meán Fómhair 2020, <STRING ITALIC="on">Troszczynski</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, C-12/19 P, ECLI:EU:C:2020:725, mír 26.</FIELD></FOOTNOTE> ina léirítear gur tionscnaíodh na himeachtaí dlíthiúla le hintinn an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil Péter Magyar, agus go háirithe a ghníomhaíocht mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh gan díolúine Péter Magyar a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla na hUngáire agus chuig Péter Magyar.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>