<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0212</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ról bheartais an Aontais maidir leis an tSamhail Eorpach Spóirt a mhúnlú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0157/2025 -  Rapóirtéir: Bogdan Andrzej Zdrojewski)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 maidir le ról bheartais an Aontais i múnlú na Samhla Eorpaí Spóirt (2025/2035(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 6 agus 165 de, ina sonraítear inniúlachtaí agus gníomhaíocht an Aontais i réimse an spóirt, agus go háirithe saincheisteanna Eorpacha spóirt a chur chun cinn, agus sainchineál an spóirt, a struchtúir atá bunaithe ar ghníomhaíocht dheonach, agus a fheidhm shóisialta agus oideachasúil á gcur i gcuntas, agus Airteagail 26 agus 114 de, ina sonraítear inniúlachtaí an Aontais maidir lena mhargadh inmheánach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 189, 28.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/817/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Caibidil IV maidir le Spórt,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Iúil 2007 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">White Paper on Sport’</STRING> [An Páipéar Bán ar Spórt] (COM(2007)0391),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2011 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Developing the European Dimension in Sport’</STRING> [An Éirim Eorpach sa Spórt a Fhorbairt] (COM(2011)0012),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Feabhra 2012 maidir leis an Éirim Eorpach sa Spórt<FOOTNOTE><FIELD> IO C 239 E, 20.8.2013, lch. 46.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2013 maidir le cúbláil cluichí agus éilliú sa spórt<FOOTNOTE><FIELD> IO C 36, 29.1.2016, lch. 137.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Feabhra 2017 maidir le cur chuige comhtháite i dtaca le Beartas Spóirt: dea-rialachas, inrochtaineacht agus ionracas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 252, 18.7.2018, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le dúshláin eagraithe imeachtaí spóirt sa timpeallacht dhigiteach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2021 maidir le beartas spóirt an Aontais: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann<FOOTNOTE><FIELD> IO C 224, 8.6.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a d’iarr a Coiste um Chultúr agus um Oideachas dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU sports policy: assessment and possible ways forward</STRING>’ [Beartas spóirt AE: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann], arna fhoilsiú i mí an Mheithimh 2001 ag an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar – ‘<STRING ITALIC="on">EU sports policy: assessment and possible ways forward’</STRING> [Beartas spóirt AE: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann], Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Meitheamh 2021.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Study on the European Sport Model’ </STRING>[Staidéar ar an tSamhail Eorpach Spóirt], a foilsíodh in Aibreán 2022<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Sennett, J., Le Gall, A., Kelly, G., Cottrill, R. et al., Study on the European sport model – A report to the European Commission, Oifig na bhFoilseachán, 2022, </STRING>https://data.europa.eu/doi/10.2766/28433<STRING UNDERLINE="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 3 Meitheamh 2024, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt (1 Iúil 2024 – 31 Nollaig 2027)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/3527, 3.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3527/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2024 maidir le cur chun feidhme agus ábharthacht Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2021–2024 agus maidir leis an Moladh maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte ar fud earnálacha (COM(2024)0073),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cúbláil Comórtas Spóirt a Chomhrac (Coinbhinsiún Macolin), a síníodh an 18 Meán Fómhair 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chairt Eorpach Spóirt Athbhreithnithe ó Chomhairle na hEorpa an 13 Deireadh Fómhair 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt Idirnáisiúnta um Oideachas Fisiciúil, Gníomhaíocht Choirp agus Spórt 2015 ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) le déanaí maidir leis an spórt, lena n-áirítear Cásanna C-124/21 P, <STRING ITALIC="on">International Skating Union </STRING>v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Nollaig 2023, <STRING ITALIC="on">International Skating Union</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún Eorpach</STRING>, C-124/21 P, ECLI:EU:C:2023:1012</FIELD></FOOTNOTE>, C-680/21, <STRING ITALIC="on">Royal Antwerp Football Club</STRING> v <STRING ITALIC="on">Union royale belge des sociétés de football association</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Nollaig 2023, <STRING ITALIC="on">UL and SA Royal Antwerp Football Club</STRING> v <STRING ITALIC="on">Union royale belge des sociétés de football association ASBL</STRING>, C-680/21, ECLI:EU:C:2023:1010.</FIELD></FOOTNOTE>, C-333/21, <STRING ITALIC="on">European Superleague Company</STRING> v <STRING ITALIC="on">FIFA agusUEFA</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Nollaig 2023, <STRING ITALIC="on">European Superleague Company, SL</STRING> v <STRING ITALIC="on">Fédération internationale de football association (FIFA) agus Aontas Chumainn Sacair na hEorpa (UEFA)</STRING>, C-333/21, ECLI:EU:C:2023:1011.</FIELD></FOOTNOTE> agus C‑650/22, <STRING ITALIC="on">FIFA</STRING> v <STRING ITALIC="on">BZ</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024, <STRING ITALIC="on">Fédération internationale de football association (FIFA)</STRING> v <STRING ITALIC="on">BZ</STRING>, C‑650/22, ECLI:EU:C:2024:824.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún an 12 Nollaig 2021 ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le príomhghnéithe de Shamhail Eorpach Spóirt<FOOTNOTE><FIELD> IO C 501, 13.12.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A10-0157/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur leas poiblí Eorpach é an spórt agus gur sócmhainn Eorpach é atá ag éirí níos luachmhaire – go sóisialta, go heacnamaíoch, go polaitiúil agus go cultúrtha;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag an spórt agus ag an ngníomhaíocht choirp i saol daoine, ag tabhairt pobail agus daoine le chéile agus ag feabhsú sláinte agus folláine;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfónann an spórt agus gníomhaíocht choirp mar chumasóir don lánpháirtiú agus don chuimsiú agus go gcuireann siad muintearas ar fáil, go háirithe do dhaoine ar lú a líon deiseanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an spórt agus gníomhaíocht choirp i gcur chun cinn luachanna an Aontais amhail an daonlathas, an urraim, an dlúthpháirtíocht, an éagsúlacht agus an comhionannas;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil príomhghnéithe amhail prionsabail na dlúthpháirtíochta, na hinbhuanaitheachta, na sláine, na cuimsitheachta, an fhiúntais spóirt, críochachas agus na hiomaíochta oscailte agus mar bhonn taca leis an tSamhail Eorpach Spóirt;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur gá cothromaíocht shláintiúil a choinneáil idir comórtais foirne náisiúnta agus comórtais chlubanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go gcuimsíonn an tSamhail Eorpach Spóirt spórt gairmiúil agus spórt na cosmhuintire araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an spórt ina spreagadh do bheartas comhtháthaithe AE, go háirithe i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta atá faoi mhíbhuntáiste, a bhfuil dúshláin rompu mar gheall ar chistí teoranta, ar bhonneagar agus ar bhallraíocht atá ag meath;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil formhór ioncam spóirt an phobail bunaithe ar íocaíochtaí na saoránach féin, ar obair gan phá ó shaorálaithe, ar thacaíocht ó ghnólachtaí áitiúla agus ar fhóirdheontais ó bhardais;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go gcuimsíonn an tSamhail Eorpach Spóirt forbairt spórt na mban agus cur chun cinn an chomhionannais inscne sa spórt;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil meath imníoch ar líon na saorálaithe atá rannpháirteach i spórt na cosmhuintire;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur minic a bhíonn cosaint shóisialta neamhleor ag lúthchleasaithe, agus go mbíonn déine mhéadaitheach acu ina bhféilirí spóirt agus cluichí, chomh maith leis na dúshláin a bhaineann le hoideachas agus fostaíocht a chomhcheangal lena ngairmeacha spóirt;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur deis iad na breithiúnais a thug CBAE le déanaí do bheartas AE chun an tSamhail Eorpach Spóirt a fheabhsú tuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil go leor dúshlán roimh an spórt, fadhbanna rialachais, éilliú, cúbláil cluichí, dópáil, píoráideacht ar líne agus idirdhealú san áireamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí an t-ioncam a chaill eagraithe imeachtaí spóirt ón bpíoráideacht ar líne ar ábhar spóirt beo a athinfheistiú in éiceachóras spóirt an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil treochtaí nua agus athraitheacha san úinéireacht, amhail iad siúd a eascraíonn as infheistíocht choigríche agus as ilúinéireacht sa spórt;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go gcuireann bagairtí ó thráchtálú iomarcach, samhlacha agus comórtais siamsaíochta úinéireachta fíorbhrabúis an chothromaíocht iomaíoch agus sláine an spóirt ghairmiúil i mbaol;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tSamhail Eorpach Spóirt: freastal ar an tsochaí agus ionchuimsitheacht a chothú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil rún daingean aici an tSamhail Eorpach Spóirt a chosaint ina bhfónann an spórt agus an ghníomhaíocht choirp do chuspóirí sochaíocha agus ina rannchuidíonn siad ar fud phríomhréimsí beartais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á aithint gur gá an tSamhail Eorpach Spóirt a chosaint, chun forbairt inbhuanaithe leanúnach an spóirt agus na gníomhaíochta coirp ó leibhéal na cosmhuintire go dtí an leibhéal gairmiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá an tSamhail Eorpach Spóirt a fhorbairt tuilleadh i gcomhréir le leasanna na saoránach, luachanna agus tosaíochtaí beartais an Aontais amhail comhionannas, éagsúlacht, cuimsiú, inbhuainitheacht, sláinte agus folláine, an tsamhail shóisialta Eorpach chomh maith le hiomaíochas an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar na páirtithe leasmhara uile dlús a chur lena n-iarrachtaí spórt sábháilte, cuimsitheach agus cothrom a chur chun cinn, atá inrochtana do chách agus béim á leagan ar chomhionannas inscne a chur chun cinn, ar gach saghas foréigin, idirdhealaithe agus ciaptha a chomhrac, agus ar inrochtaineacht an bhonneagair spóirt a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá a áirithiú go n-áireofar daoine faoi mhíchumas i ngach comhthéacs spóirt, lena n-áirítear a rannpháirtíocht i bpróisis rialachais agus chinnteoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach mór an tSamhail Eorpach Spóirt a bheith bunaithe ar phrionsabal an spóirt mar leas poiblí, lena n-áiritheofar go rachaidh infheistíocht phoiblí sa spórt chun tairbhe don tsochaí i bhfoirm cuimsithe, sláinte, oideachais agus comhtháthaithe shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an ngníomhaíocht choirp do chách, gan beann ar aois, agus béim á leagan ar na tairbhí láithreacha agus fadtéarmacha a bhaineann léi don tsláinte choirp agus don mheabhairshláinte, chomh maith lena rannchuidiú le scileanna sóisialta agus saoil daoine a fhorbairt agus a chothabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gníomhaíocht choirp a chur chun cinn i measc leanaí agus daoine óga, lena n-áirítear rannpháirtíocht lúthchleasaithe agus para-lúthchleasaithe mar eiseamláirí, agus á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe sna bonneagair spóirt scoile is gá, sa chorpoideachas ar ardchaighdeán agus i gcláir spóirt sheach-churaclaim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról coisctheach ag an spórt maidir le haghaidh a thabhairt ar leithlisiú sóisialta, foréigean agus radacú daoine óga, agus á thabhairt chun suntais gur gá iad a chosaint ar aon chineál mí-úsáide sa spórt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag saorálaithe sa spórt, agus á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a fhorbairt i gcomhpháirt leis na Ballstáit chun tacú leis an tsaorálaíocht sa spórt agus chun í a dhreasú, lena n-áirítear treoirlínte maidir le saorálaithe sa spórt a mhealladh, a aithint agus a choinneáil, ar mhaithe le spórt na cosmhuintire agus spórt gairmiúil araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á aithint gur saintréith de spórt na cosmhuintire san Eoraip í rannpháirtíocht láidir na sochaí sibhialta le clubanna agus comhlachais atá fréamhaithe sa phobal, atá bunaithe ar obair dheonach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tSamhail Eorpach Spóirt: ag fónamh do luachanna an Aontais agus don dlúthpháirtíocht </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá prionsabal na dlúthpháirtíochta chun a áirithiú go bhfreastalaíonn an spórt ar leasanna gach duine agus go gcuireann sé chun cinn iad, seachas ar bhrabúis beagán, agus á athdhearbhú gur gá an nasc idir spórt gairmiúil agus spórt na cosmhuintire a neartú trí shásraí dlúthpháirtíochta airgeadais níos éifeachtaí, chun a fhorbairt a bharrfheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún comhlachtaí rialaithe spóirt a spreagadh chun sásraí agus beartais a chur chun feidhme i bhforbairt na hóige, arb é is aidhm dóibh luach saothair a thabhairt do chlubanna as oiliúint a chur ar imreoirí a rannchuidíonn le rath leanúnach na gcomórtas gairmiúil, agus ar an gcaoi sin iomaíochas fadtéarmach earnáil an spóirt a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a thíolacadh ina léirítear sásraí dlúthpháirtíochta airgeadais láithreacha agus scéimeanna athdháilte lena gcumhdaítear spóirt agus leibhéil éagsúla laistigh den Aontas, mar aon le moltaí ar a bhforbairt bhreise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, tacú le deimhneacht dhlíthiúil do chomhlachtaí rialaithe spórt agus féachaint ar an ngá le sásraí athdháilte idir sraitheanna móra agus beaga, clubanna nó comórtais agus i ndisciplíní éagsúla, lena n-áirítear spórt na hóige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá cistiú don spórt agus don ghníomhaíocht choirp a mhéadú go suntasach, go háirithe faoi chlár Erasmus+ do 2028-2034, i gcomhréir leis na tosaíochtaí cothrománacha atá ann cheana agus chun tacú le sineirgí breise idir cláir agus cistí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag aithint an phríomhróil fhéideartha atá ag clár Erasmus+ i dtacaíocht airgeadais a thabhairt d’eagraíochtaí spórt na cosmhuintire agus tionchar dearfach an chláir ar shaoránaigh agus ar an tsochaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún scéimeanna cistiúcháin inrochtana agus substaintiúla a fhorbairt do chlubanna agus d’eagraíochtaí spóirt, le sásraí soiléire agus inrochtana, lena n-áiritheofar go sroichfidh cistí atá curtha in áirithe leibhéal na cosmhuintire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le hinfheistíocht i mbonneagar spórt sábháilte agus inrochtana ar gach leibhéal trí chistí AE amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, agus béim ar leith á leagan ar chomharsanachtaí uirbeacha tuaithe agus faoi mhíbhuntáiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil rialacháin inbhuanaitheachta airgeadais bunriachtanach don spórt chun inmharthanacht agus sláine fhadtéarmach an spóirt ghairmiúil laistigh den Aontas a áirithiú; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát caighdeáin chomhsheasmhacha rialachais airgeadais a chur chun cinn ar fud na spórt gairmiúil uile, agus á chur i bhfáth gur gá na bearta sin a fhorfheidhmiú agus a thabhairt cothrom le dáta go héifeachtach, lena n-áirítear maoirseacht iomchuí ar thuarastail lúthchleasaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit leanúint dá áitiú gur cheart go mbeadh bronnadh na gceart óstála do mhórimeachtaí spóirt bunaithe ar fhiúntas agus go seasfadh óstaigh, eagraithe agus urraitheoirí le luachanna na Samhla Eorpaí Spóirt, lena n-áirítear cearta an duine, luachanna daonlathacha agus inbhuanaitheacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit freagracht chomhshaoil agus oiriúnú don athrú aeráide a spreagadh sa spórt, lena n-áirítear bainistiú inbhuanaithe trealaimh agus bonneagair spóirt, eagrú imeachtaí atá freagrach as carbón agus oideachas comhshaoil tríd an spórt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag aithint chlaonadh méadaitheach na hinfheistíochta agus na húinéireachta coigríche sa spórt Eorpach, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tionchar na treochta sin a mheas, agus é ag tacú le hiarrachtaí chun sláine airgeadais agus cothromaíocht iomaíoch spórt na hEorpa a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag aithint rioscaí na coireachta eagraithe agus airgeadais sa spórt agus á chreidiúint nach mór dícheall cuí dian ar infheistíochtaí agus ar úinéireacht sa spórt Eorpach a ráthú, lena n-áirítear trí chreat frithsciúrtha airgid AE a leathnú chun spórt gairmiúil a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag cáineadh gach cineál cúblála cluichí, lena mbaintear an bonn d’ionracas agus de chothrom na Féinne, agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar chomhlachtaí spóirt bearta coisctheacha a neartú trí fhaireachán feabhsaithe, feachtais oideachais agus comhar le forfheidhmiú an dlí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á áitiú ar an gComhairle deireadh a chur leis an tsáinn i ndáil le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cúbláil Comórtas Spóirt a Chomhrac a shíniú agus a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt, ar leibhéal an Aontais, ar fhadhb mhéadaitheach na dópála ar gach leibhéal spóirt, trí fheachtais oideachais agus múscailte feasachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát gníomhaíochtaí i gcoinne na píoráideachta ar líne a threisiú agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thabhairt ar aghaidh le haghaidh reachtaíocht spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na píoráideachta spóirt ar líne agus ábhair bheo eile, lena n-áirítear trí shásraí forfheidhmithe digiteacha a neartú, oibleagáidí do ‘Bíodh Aithne agat ar do Chustaiméir Gnó’ a chur i bhfeidhm, comhar le hardáin ar líne a chur chun cinn agus feasacht a mhúscailt i measc tomhaltóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú tagtha ar phraghsáil dhinimiciúil ticéad, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar inrochtaineacht ar imeachtaí spóirt san Eoraip, agus á iarraidh go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais ag rannpháirtithe sa mhargadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tSamhail Eorpach Spóirt: ag fónamh chun comhrialachas, cearta lúthchleasaithe agus guthanna lucht leanúna a chur chun cinn </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á aithint go bhfuil neamhspleáchas an spóirt coinníollach ar dhea-rialachas, agus á iarraidh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, Eorpacha agus náisiúnta spóirt, agus ar eagraíochtaí ionadaíocha páirtithe leasmhara chomh maith, na caighdeáin is airde rialachais agus trédhearcachta a chur chun feidhme, le srianta agus ceartúcháin iomchuí chun cuntasacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar chomhsheasmhacht bhearta reatha an Aontais sna réimsí sin, agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus freagairtí beartais a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige comhoibríoch ann idir eagraíochtaí spóirt agus údaráis phoiblí chun na caighdeáin sin a chaomhnú agus chun a áirithiú go leanfaidh an spórt de bheith ina spás iontaofa, sábháilte agus eiticiúil do na rannpháirtithe uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcloífidh gach institiúid, comhlacht rialaithe spóirt agus páirtí leasmhar leis na prionsabail a leagtar amach i gcásdlí CBAE i réimse an spóirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta ag comhlachtaí rialaithe ar chomhrialachas agus ag spreagadh beart breise chun ionadaíocht na bpáirtithe leasmhara sa chinnteoireacht a neartú, le tiomantas ar leith chun rannpháirtíocht lúthchleasaithe agus lucht leanúna a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag áitiú ar chomhlachtaí rialaithe spórt bearta breise maidir le héagsúlacht agus cuimsiú a chur chun feidhme, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar ghannionadaíocht leanúnach na mban i bpoist cheannaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá caighdeáin ionadaíochais agus seiceálacha mar réamhriachtanas chun go mbeidh eagraíochtaí páirtithe leasmhara rannpháirteach i bpróisis rialachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún idirphlé sóisialta a chur chun cinn sa spórt mar phríomhphróiseas cinnteoireachta atá comhsheasmhach le prionsabail an dea-rialachais agus ionadaíochas agus ionchuimsitheacht spóirt a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á mholadh go rachadh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha maidir le Coiste AE um Idirphlé Sóisialta Earnála um Spórt Gairmiúil a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí AE cearta bunúsacha lúthchleasaithe agus oibrithe eile in earnáil an spóirt a chosaint agus a chur chun cinn, agus ar na Ballstáit iad a chur chun feidhme, lena n-áirítear cearta sóisialta agus cosaint, amhail saoirse comhlachais, cómhargáil, neamh-idirdhealú, dálaí oibre cuibhiúla, bearta sábháilteachta agus sláinte cheirde, go háirithe maidir le toircheas agus saoire mháithreachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le bainistiú riosca réamhghníomhach maidir le beartais sábháilteachta agus sláinte ceirde a fhorbairt agus maoirseacht a dhéanamh orthu, lena n-áirítear tosca amhail taisteal, féilirí cluichí agus comórtais fhorluiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thionscnaimh a bhaineann le déghairmeacha, foghlaim ar feadh an tsaoil, tréimhsí iarscoir, forbairt phearsanta agus meabhairshláinte lúthchleasaithe, i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí ábhartha amhail coimisiúin agus comhlachais lúthchleasaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil féilirí spóirt éirithe níos déine mar gheall ar an méadú ar chluichí agus comórtais Eorpacha agus idirnáisiúnta, agus á iarraidh go mbeadh na páirtithe leasmhara uile rannpháirteach sna próisis chinnteoireachta féilire chun dátaí a bheadh ag teacht salach ar a chéile a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tacú le ceart na lúthchleasaithe a bheith saor chun ionadaíocht a dhéanamh ar a dtíortha, agus ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go gceanglófaí ar chlubanna lúthchleasaithe a scaoileadh saor le haghaidh rannpháirtíocht foirne náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar na comhlachtaí rialaithe spóirt cosc a chur ar chluichí iomaíochta náisiúnta a imirt thar lear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag aithint a thábhachtaí atá comhlachtaí idirnáisiúnta maidir le córas aistrithe trédhearcach agus cothrom a áirithiú, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le sainiúlachtaí Eorpacha, agus á iarraidh go gcuirfí béim láidir ar chearta lúthchleasaithe a chosaint i ngach spórt, agus aird ar leith á tabhairt ar mhionaoisigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tarraingt aird ar ról tábhachtach na ngníomhairí nó na n-idirghabhálaithe spóirt agus ar an gcaidreamh neamhchothrom a d’fhéadfadh a bheith ann idir iad féin agus lúthchleasaithe óga, agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige riailbhunaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tSamhail Eorpach Spóirt: conas is féidir le beartas AE fónamh chun í a neartú agus a chosaint </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis fhadtéarmach a thíolacadh maidir le beartas spóirt agus gníomhaíochta coirp, mar fhreagairt ar an spreagadh láidir polaitiúil ó na Ballstáit agus ó institiúidí AE, lena ndíreofar ar phríomhghnéithe na Samhla Eorpaí Spóirt, agus gníomhaíochtaí nithiúla a mholadh i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé atá ann cheana maidir leis an mbeartas spóirt agus á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht ghníomhach a áirithiú sa phlé ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an phobail, ina mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha go léir rannpháirteach i múnlú straitéisí fadtéarmacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le bailiú sonraí agus ceapadh beartas fianaisebhunaithe, chun ról an spóirt mar rannchuiditheoir le cuspóirí beartais AE a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a ról mar chaomhnóir na gConarthaí a chomhlíonadh i gceann de na hearnálacha sóisialta agus eacnamaíocha is tábhachtaí den Aontas trí fhaireachán gníomhach a dhéanamh ar bhagairtí ar an tSamhail Eorpach Spóirt atá bunaithe ar luachanna agus aghaidh a thabhairt orthu, ar gach leibhéal, lena n-áirítear comórtais scarúnaíocha lena gcuirtear éiceachóras foriomlán an spóirt i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin na huirlisí iomchuí uile atá ar fáil dó a úsáid chun earnáil spóirt na hEorpa a chosaint ar aon tionscnaimh atá dírithe ar an mbonn a bhaint di agus ar an luach a chruthaíonn sí a aistriú chuig lasmuigh den Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag athdhearbhú nádúr sonrach an spóirt agus urraim do dhlí an Aontais á caomhnú ag an am céanna agus á aithint nach bhfuil slí amháin ann a oireann do chách ina bhfuil feidhm ag an tsamhail spóirt Eorpach maidir le spóirt éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá cineál ingearach na Samhla Eorpaí Spóirt a chosaint, trína ndéantar ardú céime agus ísliú céime ar an leibhéal náisiúnta, agus gurb é feidhmíocht bhliantúil i sraitheanna náisiúnta an t-aon chritéar amháin chun cáiliú do chomórtais Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire a chur ar fáil maidir le feidhm dhlí AE, lena n-áirítear dlí na hiomaíochta, d’earnáil na spórt, agus i bhfianaise na rialuithe a thug CBAE le déanaí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>