<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0218</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025: nuashonrú maidir le hioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe ar chaiteachas</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0165/2025 -  Rapóirtéir: Victor Negrescu)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2025 ar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2025 - Nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe ar chaiteachas (12353/2025 – C10-0209/2025 – 2025/0206(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 44 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2025, arna ghlacadh go cinntitheach an 27 Samhain 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/31, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2025/31/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/433/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 AE ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025, a ghlac an Coimisiún an 4 Iúil 2025 (COM(2025)0410),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don seasamh ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025 a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 16 Meán Fómhair 2025 agus é a chur ar aghaidh chun na Parlaiminte an 17 Meán Fómhair 2025 (12353/2025 – C10‑0209/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 96 agus 98 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0165/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb é cuspóir Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025 taobh an ioncaim den bhuiséad a nuashonrú chun na forbairtí is déanaí a chur san áireamh agus, ina theannta sin, taobh an chaiteachais den bhuiséad a choigeartú i ndáil le roinnt míreanna caiteachais,
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb é atá i gceist le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025 ná athbhreithniú ar réamhaisnéisí maidir le hacmhainní dílse i ndáil le dleachtanna custaim, atá 1% faoi bhun réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2024, i ndáil le bonn CBL caidhpeáilte, atá 2,4 % faoi bhun réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2024, i ndáil le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, atá síos 3,5 % i gcomparáid le réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2024, agus i ndáil le bonn OIN iomlán an Aontais, atá 0,5 % níos airde ná réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2024,
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndéantar nuashonrú freisin le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025 ar ranníocaíocht 2025 na Ríochta Aontaithe de bhun an chomhaontaithe um tharraingt siar, arb ionann é agus EUR 1,53 billiún, laghdú beag EUR 25 milliún i gcomparáid leis an meastachán a áirítear i mbuiséad 2025,
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go gcuirtear san áireamh freisin i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025 na fíneálacha, na pionóis maidir le sárú agus na torthaí diúltacha a bailíodh go dtí deireadh mhí na Bealtaine 2025, rud a mhéadaíonn le EUR 291 mhilliún an réamhaisnéis tosaigh maidir le fíneálacha agus pionóis i mbuiséad 2025,
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, i ndáil le taobh an chaiteachais, go moltar i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025 roinnt nuashonruithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, go háirithe treisiú EUR 3,5 billiún in íocaíochtaí don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe,
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur sonrú i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2025 mar a thíolaic an Coimisiún é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil gá méadaithe foriomlán le ranníocaíochtaí OIN EUR 4,3 billiún mar thoradh ar an laghdú ar mhéid na n-acmhainní dílse seachas OIN agus ar na riachtanais íocaíochta bhreise ar thaobh an chaiteachais; á aithint go dtugtar le tuiscint leis sin modhnú ar ghlaoráta aonfhoirmeach OIN ó 0,527 % (in DBL 1/2025) go 0,547 % in DBL 2/2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025, gurb ionann laghduithe cnapshuime OIN do na cúig Bhallstát is tairbhithe agus thart ar EUR 9,2 billiún (comhlán); á chur i bhfáth go bhfuil na lacáistí sin nasctha le boilsciú agus, dá bhrí sin, go bhfuil méadú tagtha orthu ag ráta níos airde ná uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI), a dhéantar a choigeartú go bliantúil ar bhonn an díbhoilsceora 2 %; á thabhairt chun suntais go bhfuil síneadh suntasach curtha le buiséad an Aontais chun freagairt do ghéarchéimeanna éagsúla le blianta beaga anuas; á chur i bhfios go láidir go méadaíonn an aimhrialtacht sin maidir le lacáistí an t-ualach ar na Ballstáit eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí nua an Choimisiúin níos mó roghanna a chur i láthair le haghaidh foinsí nua ioncaim do bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le Córas Acmhainní Dílse an Aontais Eorpaigh an 16 Iúil 2025; á mheas gur gá acmhainní dílse nua a ghlacadh go pras chun na hacmhainní atá ar fáil don bhuiséad a mhéadú; á chur i bhfáth nach mór d’acmhainní dílse nua a bheith cothrom agus go bhfuil siad bunriachtanach ní hamháin chun aisíoc chostais iasachtaíochta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a chumasú, ach chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann a riachtanais chaiteachais níos airde a chumhdach; sa chomhthéacs sin, ag meabhrú a seasaimh sheanbhunaithe gur cheart gnóthachain amhantair a eascraíonn as fíneálacha agus pionóis, nó méideanna coibhéiseacha díobh, a úsáid mar ioncam forlíontach do bhuiséad an Aontais chun críocha freagairt ar ghéarchéimeanna nó riachtanais gan choinne agus nár cheart laghdú comhfhreagrach ar ranníocaíochtaí OIN-bhunaithe a bheith mar thoradh orthu; á chur i bhfáth, sa CAI reatha, go ndéantar na méideanna sin ‘a thabhairt ar ais’ do na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá machnamh dáiríre a dhéanamh ar sholúbthacht sa chéad CAI eile mar gheall ar cheachtanna ó ghéarchéimeanna a tharla le déanaí — an phaindéim, suaití fuinnimh agus an cogadh san Úcráin; ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart an Ionstraim Sholúbthachta a bheidh ann amach anseo a chothú trí roinnt foinsí breise maoinithe, lena n-áirítear an barrachas bliantúil ón mbliain roimhe sin, fíneálacha agus athshreabha; ag tabhairt dá haire na forálacha ábhartha sa Rialachán CAI atá beartaithe, i gcás ina molann an Coimisiún méideanna áirithe a chur leis an Ionstraim Sholúbthachta, i gcomhréir le héilimh sheanbhunaithe na Parlaiminte; á mheabhrú, áfach, nár cheart go mbeadh an tsolúbthacht chun dochair don trédhearcacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na coigeartuithe suas ar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don Chiste Forbartha Tuaithe, lena léirítear go bhfuil dlús á chur le cur chun feidhme phleananna straitéiseacha CBT 2023-2027 chomh maith leis na hidirghabhálacha faoi chláir 2014-2020 agus, ar an gcaoi sin, go ndéantar moilleanna sna blianta buiséid roimhe sin a chúiteamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag moladh na bhfeabhsuithe leanúnacha i réimse an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT), ach ag ceistiú cén fáth ar cheart méadú thart ar EUR 8 milliún ar riachtanais a bheith i gceist le simpliú ar rialachán SCCT, seachas laghdú mar gheall ar ghnóthachain éifeachtúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheas, thairis sin, go bhfuil amhras ann faoi chúiteamh na riachtanas breise don chóras custaim láraithe i gCeannteideal 1 agus SCCT i gCeannteideal 3 trí laghdú comhréireach ar leithdháiltí faoin Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim i gCeannteideal 4; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Coimisiún tar éis cistí suntasacha a ath-leithdháileadh ar fud na gCeannteideal mar gheall ar an staid bhuiséadach atá ann faoi láthair agus ag meabhrú a seasaimh sheanbhunaithe gur cheart airgead úr a bheith ag gabháil le tosaíochtaí beartais, cúraimí nó riachtanais nua; á chur i bhfáth go láidir nach bealach inmharthana iad athdháiltí athfhillteacha chun tosaíochtaí an Aontais a mhaoiniú toisc go ndéanann siad dochar d’infheistíochtaí agus go gcuireann siad baint amach na gcuspóirí beartais arna gcomhaontú i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt chun suntais agus á chur in iúl gur geal léi go gcuirfidh roinnt modhnuithe i bplean bunaíochta an Údaráis AE um Chomhrac an Sciúrtha Airgid ar chumas na gníomhaireachta sin a cúraimí a chur i gcrích go tráthúil agus go héifeachtúil; á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag an bpríomhinstitiúid sin maidir le hairgead na gcáiníocóirí a chosaint agus gur thacaigh Parlaimint na hEorpa go láidir léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an mBulgáir i dtreo an Euro a thabhairt isteach agus ag tacú go hiomlán le modhanna breise chun gníomhaíochtaí cumarsáide oiriúnacha agus spriocdhírithe a chur leis an athrú airgeadra; á aithint, in éagmais corrlach neamh-leithdháilte i gCeannteideal 2b, nach mór an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh chun na críche sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil buiséad leasaitheach Uimh. 2/2025 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún reachtach seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>