<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0219</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú: iarratas EGF/2025/002 DE/Goodyear 2 - an Ghearmáin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0168/2025 - Rapóirtéir: Olivier Chastel)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2025/002 DE/Goodyear 2 (COM(2025)0302 – C10-0182/2025 – 2025/0245(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0302 – C10-0182/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj<STRING ITALIC="on">).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0168/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chuir an Ghearmáin iarratas EGF/2025/002 DE/Goodyear 2 isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 1,171 iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 22 (Monarú táirgí rubair agus plaisteacha) sna réigiún Kassel (DE73) agus Darmstadt (DE71) ina bhfuil 747 n-iomarcaíocht laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 1 Meán Fómhair 2024 go dtí an 1 Eanáir 2025, agus 424 iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, maidir leis na 424 iomarcaíocht ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht roimh an tréimhse thagartha 4 mhí nó ina diaidh, gur féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas a spreag deireadh le gníomhaíocht do na hoibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán CED;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go scoirfí de ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcach nó duine féinfhostaithe ar a laghad thar thréimhse thagartha 4 mhí, i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe a cuireadh chun bealaigh i soláthraithe agus i dtáirgeoirí iartheachtacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go raibh tionchar ag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ag an mboilsciú atá ag dul i méid ar chostas an fhuinnimh, na n-ábhar agus na saothair, rud a mhéadaíonn an brú ar chorrlaigh an chuideachta Goodyear;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil speisialtóireacht á déanamh ag Goodyear Germany GmbH i monarú táirgí rubair agus plaisteacha, go háirithe boinn; de bhrí go ndearnadh difear suntasach don chuideachta ón iomaíochas méadaithe ó allmhairiúcháin ísealchostais a thagann ón Áise;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é sin an dara slógadh CED ar iarr údaráis na Gearmáine air tar éis athstruchtúrú ar chuideachta Goodyear, ós rud é gur slógadh CED tar éis dhúnadh ceann de gléasra na cuideachta in Philippsburg in 2017;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur cuireadh iallach ar an gcuideachta, mar gheall ar an meath tapa ar éileamh, mar aon le costais táirgthe mhéadaitheacha, dul i mbun próiseas athstruchtúrtha, lenar bhain dúnadh ceann dá láithreáin táirgeachta agus dúnadh páirteach ceann eile sa Ghearmáin in 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil buiséad Cónaidhme na Gearmáine agus Bundesagentur für Arbeit ag soláthar réamh-mhaoiniú agus chómhaoiniú náisiúnta na mbeart;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta maidir le comhiomarcaíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Ghearmáin i dteideal EUR 3 085 166 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 5 141 944, a chuimsíonn EUR 4 936 274 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 205 670 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistithe, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Gearmáine an t-iarratas isteach an 10 Márta 2025, agus, tar éis don Ghearmáin faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur thug an Coimisiún a mheasúnú i gcrích an 29 Iúil 2025, níos mó ná 4 mhí ina dhiaidh sin, agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an 26 Lúnasa 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 1,171 oibrí iomarcacha a ndearnadh difear dóibh le dúnadh an láithreáin táirgthe in Fulda, agus dúnadh páirteach saoráidí táirgthe in Hanau; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbeidh 915 oibrí iomarcacha san iomlán ina dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus go bhfuiltear ag dréim leis go nglacfaidh siad páirt sna bearta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéal íseal oideachais ag an gcuid is mó de na hoibrithe iomarcacha (oideachas meánscoile sóisearach nó níos luaithe ag 56 % díobh) agus go bhfuil siad 54 bliana d’aois nó níos sine (42 %); á chur i bhfios go láidir gur grúpa an-leochaileach iad oibrithe scothaosta go háirithe, a bhfuil bacainní suntasacha rompu maidir le hathfhostaíocht mar gheall ar dheiseanna teoranta maidir le huasoiliúint agus athoiliúint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur chuir iomarcaíochtaí Goodyear méadú os cionn 10% leis an ráta dífhostaíochta i réigiún Fulda, agus go ndearnadh difear díréireach d’oibrithe fir agus do dhaoine níos sine ná 50, a bhfuil cáilíochtaí as dáta acu agus nach bhfuil a dtacair sainscileanna ar aon dul leis an éileamh reatha sa mhargadh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht mhear chun meath struchtúrach réigiúnach a chosc agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé poist ardcháilíochta atá dírithe ar an todhchaí a chothú chun athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú gurb iad na gníomhaíochtaí seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe: bearta uasoiliúna nó athoiliúna substaintiúla, treoirchomhairleoireacht agus bearta gairm-threoshuímh / gníomhachtaithe gairme, seirbhísí comhairleacha agus liúntais le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta, cúnamh chun poist a chuardach, dreasachtaí uasoiliúna agus forlíontaí, liúntais oiliúna, oiliúint faoi scileanna digiteacha; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil lucht saothair dea-oilte ríthábhachtach do gheilleagar Eorpach a bheidh slán i bhfad na haimsire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais agus na mBallstát é na cáilíochtaí is gá a chur ar fáil do na hoibrithe sin a cuireadh ar iomarcaíocht le haghaidh geilleagar Eorpach a sheasfaidh an aimsir agus a bhainfidh an claochlú digiteach agus glas amach; á mheas, dá bhrí sin, gur gá slógadh CED a leabú i bhfreagairt bheartais níos mó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí meastóireachtaí deiridh críochnúla ar na bearta a cuireadh chun feidhme, lena n-ionchorpraítear sonraí maidir le líon na n-oibrithe atá athimeasctha go rathúil san fhostaíocht chomh maith leo siúd a bhfuil bearta oiliúna agus uasoiliúna curtha i gcrích acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire, amhail ón 20 Feabhra 2025, gur tugadh 915 chonradh thríthaobhacha san iomlán i gcrích idir Goodyear, na fostaithe, agus PMB International GmbH, an soláthraí seirbhíse a roghnaíodh chun an chuideachta aistrithe a bhainistiú, agus 781 iontráil sceidealaithe do Fulda agus 134 iontráil beartaithe do Hanau; á chur in iúl gur geal léi an léiriú go bhfuiltear ag dréim leis go dtiocfaidh méadú ar na huimhreacha sin de réir mar a shíneofar níos mó comhaontuithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghearmáin ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 1 Samhain 2024 agus, dá bhrí sin, gur ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh a ghabhann leis an rún seo a bheidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghearmáin ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 1 Samhain 2024 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth gur thug údaráis na Gearmáine dearbhú go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú go n-aithníonn údaráis na Gearmáine tionscnamh chistiú an Aontais agus go n-áirithíonn siad infheictheacht an chistithe sin, agus béim á leagan ar bhreisluach an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart é sin a bhaint amach trí bhearta faisnéise spriocdhírithe lena dtabharfar aghaidh ar thairbhithe, ar chomhpháirtithe sóisialta agus ar na meáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á athdhearbhú nach ceadmhach cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le hiarrachtaí comhleanúnacha agus comhordaithe iomaíochais an Aontais, arna bhforbairt i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, chun bonn fostaíochta tionsclaíoch agus slándáil shóisialta na hEorpa a choimirciú; á chur i bhfios go láidir nach féidir ach le geilleagar Eorpach láidir agus athléimneach iomarcaíochtaí ar mórscála a chosc go héifeachtach, rud a laghdóidh an gá atá le hidirghabháil CED sa chéad áit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2025/002 DE/Goodyear 2</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2025/2135.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>