<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0220</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú: iarratas EGF/2025/001 BE/BelGaN - an Bheilg</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0163/2025 -  Rapóirtéir: Bogdan Rzońca)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/001 BE/BelGaN (COM(2025)0157 – C10-0188/2025 – 2025/0198(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0157 – C10‑0188/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj). http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/io).</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 12 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0163/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2025/001 BE/BelGaN isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis do 417 n-iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2, Rannán 26 (Monarú táirgí ríomhaireachta, leictreonacha agus optúla), i réigiún Oost-Vlaanderen (BE23), laistigh de thréimhse thagartha 4 mhí don iarratas ón 31 Iúil 2024 go dtí an 30 Samhain 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go scoirfí de ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcach nó duine féinfhostaithe ar a laghad thar thréimhse thagartha 4 mhí, i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht a bhí ag soláthraithe agus ag táirgeoirí iartheachtacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go raibh tionchar ag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ag an mboilsciú atá ag dul i méid ar chostas an fhuinnimh, na n-ábhar agus na saothair, rud a mhéadaíonn an brú ar chorrlaigh  BelGaN;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go raibh BelGaN speisialaithe i monarú leathsheoltóirí don earnáil mótarfheithiclí; de bhrí go bhfuil brú gan fasach roimh thionscal gluaisteán agus soláthróirí na hEorpa ó dhúshláin sheachtracha agus inmheánacha araon, amhail saobhadh ar an iomaíocht agus costais arda fuinnimh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur tháinig laghdú suntasach ar bhrabúsacht na cuideachta mar gheall ar shrianta ar shreabhadh airgid mar thoradh ar an aistriú ó shliseanna sileacan-bhunaithe go teicneolaíocht nítríde gailliam (GaN), ar cuireadh bac uirthi mar gheall ar chostais arda táirgeachta agus infheistíochtaí neamhleora le linn na hidirthréimhse;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go ndearna BelGaN iarratas ar fhéimheacht an 30 Iúil 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil na seirbhísí fostaíochta Pléimeannacha (VDAB<FOOTNOTE><FIELD> Vlaamse Dienst voor Arbeidsbemiddeling en Beroepsopleiding.</FIELD></FOOTNOTE>) ag soláthar réamh-mhaoiniú agus chómhaoiniú náisiúnta na mbeart;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur lean an chuideachta, i gcomhréir le dlí na Beilge, an nós imeachta éigeantach maidir le hionadaithe oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo; de bhrí nach bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le haonad fostaíochta a bhunú, arb é is cuspóir dó seirbhísí socrúcháin sheachtraigh a chur ar fáil d’oibrithe a leagadh as i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna, i gcás féimheachta agus, dá bhrí sin, gur sholáthair VDAB seirbhísí socrúcháin sheachtraigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765.
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 931 690 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán de EUR 1 096 107, a chuimsíonn EUR 1 052 607 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 43 500 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Beilge an t-iarratas isteach an 21 Feabhra 2025, agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 7 Iúil 2025, nach mór 5 mhí ina dhiaidh sin, agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an 26 Lúnasa 2025; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-am idir cur isteach iarratais ar chúnamh CED agus an cinneadh maoiniúcháin a laghdú; á chur i bhfios go láidir gur gá nósanna imeachta inmheánacha a shimpliú agus dlús a chur leo gan an bonn a bhaint ó chothromaíocht institiúideach, go háirithe cearta Pharlaimint na hEorpa mar údarás buiséadach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 417 dtairbhí spriocdhírithe, a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta BelGaN;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios gur bhrúigh iomarcaíochtaí BelGaN an ráta dífhostaíochta bliantúil go + 9 % i gcríoch Oudenaarde, go háirithe i measc na n-oibrithe dífhostaithe ardoilte agus meánoilte; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur tháinig laghdú 22 % ar na folúntais post sa cheantar, mar gheall ar mhéadú suntasach ar líon na bhfiontar a rinne iarratas ar fhéimheacht le 3 bliana anuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheabhrú gurb iad na gníomhaíochtaí seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe: seisiúin faisnéise, socrúchán seachtrach, oiliúint agus athoiliúint, oiliúint san ionad oibre, aonach fostaíochta, cúnamh chun post a chuardach, scabhtáil fostaíochta agus meaitseáil poist agus é mar chuspóir a chur ar chumas oibrithe dul isteach arís sa mhargadh saothair a luaithe is féidir, scileanna agus oiliúint ardcháilíochta a thabhairt dóibh atá ábhartha d’fhostóirí ionchasacha san earnáil, agus a gcumas tionscnaimh fiontraíochta agus tionscadail nua a fhorbairt á chothú ag an am céanna; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil lucht saothair dea-oilte ríthábhachtach do gheilleagar Eorpach a sheasfaidh an aimsir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí meastóireachtaí críochnaitheacha cuimsitheacha ar na bearta a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear sonraí maidir le líon na n-oibrithe a ath-imeascadh go rathúil san fhostaíocht agus aiseolas ó thairbhithe maidir le cáilíocht agus ábharthacht na tacaíochta a chuirtear ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 8 Lúnasa 2024 agus, dá bhrí sin, gur ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh a ghabhann leis an rialachán seo a bheidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 31 Iúil 2024 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh a ghabhann leis an rialachán seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth gur thug údaráis na Beilge dearbhú go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá aitheantas agus infheictheacht shoiléir chistiú an Aontais a áirithiú chun aird a tharraingt ar a bhreisluach; á iarraidh go ndéanfaí cumarsáid chomhsheasmhach agus spriocdhírithe le tairbhithe, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, le comhpháirtithe sóisialta, leis na meáin agus leis an bpobal i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á athdhearbhú nach ceadmhach cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/001 BE/BelGaN</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2025/2133.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>