<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0221</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Straitéis pholaitiúil an Aontais maidir le Meiriceá Laidineach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0171/2025 -  Rapóirtéir: Davor Ivo Stier)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2025 ar straitéis pholaitiúil an Aontais maidir le Meiriceá Laidineach (2025/2083(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Teideal V de maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 3 agus 21 agus Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0057.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2023 maidir le Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/398, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/398/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna), a glacadh i mí Mheán Fómhair 2015,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi maidir le Veiniséala, go háirithe rún an 21 Eanáir 2025 maidir leis an staid i Veiniséala tar éis fhorghabháil na hUachtaránachta, an 10 Eanáir 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/2148, 23.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2148/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus rún an 19 Meán Fómhair 2024 maidir leis an staid i Veiniséala<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/7215, 10.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7215/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, maidir le Cúba, go háirithe rún an 12 Iúil 2023 i ndáil le staid an Chomhaontaithe maidir le hIdirphlé agus Comhar Polaitíochta (PDCA) idir an tAontas agus Cúba i bhfianaise chuairt an Ardionadaí ar an oileán<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4001, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4001/oj.</FIELD></FOOTNOTE>agus rún an 19 Meán Fómhair 2024 maidir le cás José Daniel Ferrer García i gCúba<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/7213, 10.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7213/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus maidir le Nicearagua, go háirithe rún an 13 Feabhra 2025 maidir leis an cur faoi chois atá á dhéanamh ag réimeas Ortega-Murillo i Nicearagua, ag díriú go háirithe ar chosantóirí chearta an duine, ar an lucht freasúra polaitiúil agus ar phobail reiligiúnacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/2249, 29.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2249/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dá rún is tríocha a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe sa tréimhse 1992 go 2024, lena n-áirítear Rún A/RES/79/7 an 1 Samhain 2024, dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Necessity of ending the economic, commercial and financial embargo imposed by the United States of America against Cuba’</STRING> [An gá le deireadh a chur leis an trádbhac eacnamaíoch, tráchtála agus airgeadais arna fhorchur ag Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcoinne Chúba],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir leis an staid i Háítí, go háirithe Rún 58/32 ón gComhairle um Chearta an Duine an 4 Aibreán 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Technical assistance and capacity-building to improve the situation of human rights in Haiti, in connection with a request from the authorities of Haiti for coordinated and targeted international action’</STRING> [Cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta chun feabhas a chur ar staid chearta an duine i Háítí, i ndáil le hiarraidh ó údaráis Háítí ar ghníomhaíocht idirnáisiúnta chomhordaithe agus spriocdhírithe],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 26 Bealtaine 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Pathways to progress: maximising impact for sustainable development and global prosperity’</STRING> [Conairí chun dul chun cinn a dhéanamh: an tionchar is mó is féidir a imirt ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar an rathúnas domhanda], a formheasadh ag an 4099ú cruinniú a bhí aici roimh an 4ú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta in Sevilla ón 30 Meitheamh go dtí an 3 Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 7 Meitheamh 2023 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A New Agenda for Relations between the EU and Latin America and the Caribbean’</STRING> [Clár Oibre Nua don Chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib] [(JOIN(2023)0017),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal  (JOIN(2021)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún ES-11/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022 dar teideal ‘Fogha i gcoinne na hÚcráine’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 13 Meán Fómhair 2007,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Gender Action Plan (GAP) III: an ambitious agenda for gender equality and women’s empowerment in EU external action’</STRING> [Plean Gníomhaíochta Inscne AE (GAP) III: clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais] (JOIN(2020)0017),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForéigean in aghaidh na mBan a Dhíothú, a glacadh an 20 Nollaig 1993,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 11 Bealtaine 2011 chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), a bhfuil an tAontas Eorpach ina sínitheoir inti,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus do Chomhaontú Pháras, a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe san UNFCCC an 12 Nollaig 2015,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhshocrú don Todhchaí, a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe an 22 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú an Chruinnithe Mullaigh 2023 idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) a tionóladh sa Bhruiséil an 17 agus 18 Iúil 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Infheistíochta Global Gateway AE-Mheiriceá Laidineach agus Mhuir Chairib a fógraíodh le linn chruinniú mullaigh AE-CELAC sa Bhruiséil i mí Iúil 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>Ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach ó Airí Gnóthaí Baile agus/nó Slándála Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Airí atá freagrach as gnóthaí slándála Bhallstáit an Choiste Mheiriceá Laidinigh um Shlándáil Inmheánach a glacadh an 5 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach an 30 Meitheamh 2017 ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The New European Consensus on Development – Our world, our dignity, our future’</STRING> [An Comhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – ‘Ár ndomhan, ár ndínit, ár dtodhchaí’]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 210, 30.6.2017, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Eorpach 2025 maidir le Drugaí a d’fhoilsigh Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh an 5 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Réigiúnach an 4 Márta 2018 maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht agus Ceartas i gCúrsaí Comhshaoil i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib (Comhaontú Escazú),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0171/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil naisc sheanbhunaithe stairiúla, reiligiúnacha, chultúrtha agus eacnamaíocha ann idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, lena gcruthaítear comhghuaillíocht ó nádúr atá bunaithe sa daonlathas, i gcearta an duine agus sa chomhar iltaobhach; de bhrí go neartaítear an caidreamh sin le naisc dhoimhne dhaonna, ós rud é go bhfuil saoránacht an Aontais ag go leor saoránach de chuid Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus <STRING ITALIC="on">vice versa</STRING>; de bhrí gur cheart an chomhghuaillíocht idir tíortha an réigiúin agus an tAontas Eorpach a bheith bunaithe ar an daonlathas, ar chearta an duine agus ar an gcomhar iltaobhach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil athrú ó bhonn ag teacht ar an ord idirnáisiúnta, ina bhfuil iomaíocht straitéiseach ghéar á cur in ionad na loighce comhair atá mar bhonn taca faoin gcaidreamh domhanda ar feadh na mblianta fada, ina bhfuil an baol ann go dtiocfaidh dlí an dreama is láidre in ionad an dlí idirnáisiúnta mar threoirphrionsabal; de bhrí, le cúpla bliain anuas, go bhfuil an córas idirnáisiúnta lenar ráthaíodh cobhsaíocht áirithe tar éis an Dara Cogadh Domhanda buailte ag teannas atá ag dul i méid, ag spreagthaí náisiúnacha agus ag dinimic achrannach a d’fhéadfadh an chothromaíocht dhomhanda a scriosadh; de bhrí go bhfuil timpeallacht naimhdeach agus dhúshlánach os comhair an Aontais, atá ar cheann de na hailtirí agus cosantóirí is láidre ar chóras iltaobhach riailbhunaithe sa lá atá inniu ann; de bhrí go n-éilítear freagairt dhaingean agus straitéiseach ón Eoraip, i ngeall ar an teannas struchtúrach idir na Stáit Aontaithe agus an tSín, ceistiú luachanna daonlathacha ar fud réigiúin éagsúla agus an cathú bogadh i dtreo deighilt lena laghdófar castacht an domhain go leamhsháinn idir cumhachtaí; de bhrí gur beag caidreamh réigiúnach a chuireann an oiread acmhainneachta agus an oiread deiseanna ar fáil don Eoraip agus iad siúd le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte amhail amhábhair a dhaingniú agus an t-aistriú fuinnimh a chur chun cinn, an imirce a bhainistiú, agus an choireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac chun todhchaí na saoirse, na slándála agus an rathúnais a mhúnlú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas agus comhpháirtithe Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib tiomanta dá gcomhar a fhorbairt maidir le cobhsaíocht, iontaofacht, comhúinéireacht, comhfhreagracht agus idirphlé dé-réigiúnach lena léirítear éagsúlacht agus neamhshiméadrachtaí an dá réigiún, rud a chuireann daoine, comhtháthú sóisialta agus forbairt chuimsitheach ina chroílár;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go neartaítear rannpháirtíocht an dá réigiún tuilleadh trí chaidreamh déthaobhach láidir agus idirghníomhaíochtaí doimhne le heintitis dhé-réigiúnacha agus fhoréigiúnacha amhail Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC), Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS), Mercosur, Comhphobal na nAindéas, CARICOM/CARIFORUM agus Comhghuaillíocht an Aigéin Chiúin; de bhrí go dtéann an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib siar go 1999, nuair a tionóladh an chéad Chruinniú Mullaigh dé-réigiúnach idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib in Rio de Janeiro;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur mó ná 1 bhilliún daonra an dá réigiún le chéile; de bhrí, de réir sonraí 2023, gurb ionann trádáil dhéthaobhach earraí agus seirbhísí agus EUR 395 bhilliún – méadú 45 % ó 2013 – agus gurbh ionann infheistíocht dhíreach ón Aontas i Meiriceá Laidineach agus os cionn EUR 741 bhilliún faoi 2022; de bhrí go bhfuil an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh tiomanta do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach trí cheartas sóisialta, comhionannas agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil dúshláin mhóra fós roimh an dá réigiún, lena n-áirítear neamhionannas sóisialta agus inscne, dífhostaíocht agus an bhochtaineacht; de bhrí go dtugann sonraí Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe chun suntais go bhfuil géarghá le tuilleadh infheistíochta sa chuimsiú sóisialta, ós rud é go bhfuil Meiriceá Laidineach fós ar cheann de na réigiúin is neamhionann ar fud an domhain, ina bhfuil 58 % d’áitritheoirí tuaithe, go háirithe pobail dhúchasacha, ag maireachtáil faoi bhun thairseach na bochtaineachta, i gcomparáid le 26 % i gceantair uirbeacha; de bhrí gur fhulaing 41 mhilliún duine i Meiriceá Laidineach leis an ocras in 2023 agus go raibh neamhshlándáil bia measartha nó tromchúiseach ag 187,6 milliún duine; de bhrí gur spreag neamhionannas sóisialta agus eacnamaíoch atá ag dul i méid san Eoraip agus i Meiriceá Laidineach araon míshástacht phoiblí, ilroinnt shóisialta agus creimeadh na muiníne in institiúidí daonlathacha, rud a chruthaíonn foras torthúil do ghluaiseachtaí pobalacha agus forlámhacha a bhaineann leas as casaoidí, a dhéanann deighilt ar shochaithe agus a bhaineann an bonn den smacht reachta, de noirm dhaonlathacha agus de dhíospóireacht iolraíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil trian de dhaonra iomlán bhallstáit na Náisiún Aontaithe san Aontas agus i dtíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib i dteannta a chéile, agus go bhfuil 21 % den OTI domhanda i gceist leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil ardleibhéil fiachais phoiblí, mar aon le costais seirbhíse mhéadaitheacha, go háirithe íocaíochtaí úis, agus ardleibhéal fostaíochta neamhfhoirmiúla sa réigiún in 2024, fós ina ndúshláin do chosaint shóisialta oibrithe agus de rannchuidiú le tuilleadh srianta fioscacha, atá i measc na bpríomhbhacainní ar fhorbairt inbhuanaithe sa réigiún, le tionchair leanúnacha ar fhás, ar infheistíocht, ar bhochtaineacht agus ar neamhionannas;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach mór aghaidh a thabhairt go práinneach ar neamhionannais den sórt sin chun daonlathais níos cothroime agus níos cobhsaí a chur chun cinn, chun an pobalachas agus an t-antoisceachas a imeallú, agus chun an bealach a réiteach do théarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe, do chruthú post ardcháilíochta, agus do rathúnas comhroinnte, chun dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce agus an easáitithe éigeantaigh sa réigiún, rud atá ag dul in olcas mar gheall ar mhéadú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar an bhforéigean, ar an neamhshláine, ar an tsaoirse ó phionós agus ar sháruithe ar chearta an duine; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach spás sibhialta sláintiúil a fhorbairt lena gcosnaítear eagraíochtaí chearta an duine agus cosantóirí an chomhshaoil;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil 74 % de thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib neamhchosanta go mór ar theagmhais adhaimsire agus ar mhórdhúshláin a bhaineann leis an aeráid, amhail tionchar El Niño ar an soláthar bia; de bhrí gurb é an dara réigiún is mó atá i mbaol tubaistí ar domhan é, ina bhfuil níos mó ná 190 milliún buailte le tubaistí nádúrtha le tríocha bliain anuas, go háirithe mná agus na pobail is leochailí; de bhrí go ndéanann an t-athrú aeráide difear go háirithe do Stáit Oileánacha Bheaga Mhuir Chairib atá i mBéal Forbartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil beagnach 35 % de limistéir foraoise iomlána an domhain, 40 % de bhithéagsúlacht an domhain agus thart ar 50 % de speicis talún, atá bunriachtanach sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, i dtíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib; de bhrí go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag eolas traidisiúnta na bpobal dúchasach i gcosaint na bhforaoisí agus na speiceas sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib araon tiomanta do spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach; de bhrí gurb ionann tráchtearraí príomhúla (táirgí talmhaíochta agus acmhainní nádúrtha) agus thart ar 50 % d’onnmhairí uile na n-earraí ó thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib; de bhrí go bhfuil cúlchistí móra amhábhar ag Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib a bhfuil gá leo chun claochlú glas agus fuinnimh ár ngeilleagar a áirithiú; de bhrí gur cheart an gá atá leis na hamhábhair sin agus leis an gcomhar gaolmhar faoi chuimsiú thionscadail Global Gateway a bheith bunaithe ar chomhpháirtíochtaí comhthairbheacha lena ngintear fostaíocht agus infheistíocht, i measc nithe eile, agus ar an gcaoi sin, a chuirtear luach leis an réigiún, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar an dúshlán a bhaineann le brú méadaitheach ar an éagsúlacht agus ar an tslándáil bia; de bhrí go bhfuil bearna mhór infheistíochta os comhair réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib sna hinfheistíochtaí a theastaíonn uaidh chun a aistriú glas agus a aistriú digiteach a chur i gcrích;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-éileamh ar chúram ag dul i méid, lena n-áirítear ar chúram fadtéarmach, mar gheall ar threochtaí déimeagrafacha agus eipidéimeolaíocha agus ar éifeachtaí an athraithe aeráide i dtíortha an Aontais agus Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, agus go mbíonn tionchar acu, dá bhrí sin, ar chearta comhionanna agus ar chomhdheiseanna do mhná, a sanntar obair tí agus chúraim íoctha agus neamhíoctha dóibh den chuid is mó in éagmais beartais agus seirbhísí leordhóthanacha cúraim lena n-áirithítear comhfhreagracht inscne idir fir agus mná;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil tíortha uathlathacha ar fud na cruinne ag cur dúshlán méadaitheach roimh an ord riailbhunaithe iltaobhacha ar a raibh an tsíocháin agus an rathúnas, agus urraim don smacht reachta, don dlí idirnáisiúnta agus do chearta an duine bunaithe le 80 bliain anuas; de bhrí go bhfuil ag an dá réigiún le chéile aon trian de na cearta vótála ag na Náisiúin Aontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gurb ionann cogadh foghach neamhdhleathach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus sárú soiléir ar an dlí idirnáisiúnta agus go ndéantar bagairt leis ar an tslándáil dhomhanda, lena n-éilítear seasamh daingean, comhordaithe agus neamh-dhéchiallach maidir le ról na gcomhpháirtithe daonlathacha, lena n-áirítear na cinn i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib; de bhrí gur thacaigh formhór thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib le rúin na Náisiún Aontaithe i gcoinne fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar thionchar gníomhaithe seachtracha, go háirithe an tSín, an Rúis agus an Iaráin, i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib, is é sin go bhfuil Béising ag fás a infheistíochtaí i dtionscadail bhonneagair agus amhábhair, go bhfuil Moscó ag treisiú a láithreacht taidhleoireachta, pholaitiúil, bolscaireachta, mhíleata agus slándála, agus go bhfuil Tehran ag méadú a ghníomhaíochtaí faisnéise sa réigiún; de bhrí go bhfuil na gníomhaithe seachtracha sin ag tacú le fórsaí frithdhaonlathacha áitiúla agus ag rannchuidiú le cúlú daonlathach; de bhrí go ndéanann an Rúis spleáchais eacnamaíocha a ghiaráil, lena n-áirítear spleáchais ar leasacháin agus ar dhíosal, agus go scaipeann sí feachtais bhréagaisnéise chun córais dhaonlathacha a dhíchobhsú; de bhrí go bhfuil láithreacht na Síne ag cruthú spleáchais eacnamaíocha a mbíonn tionchar acu ar an mbeartas eachtrach sa réigiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur comhpháirteanna ríthábhachtacha agus cumasóirí sochaithe daonlathacha, saora agus rannpháirteacha iad an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse comhthionóil; de bhrí gur bagairt dhíreach ar bhunchlocha an daonlathais é an foréigean i gcoinne lucht freasúra polaitiúil, mar a léiríodh le feallmharú an tSeanadóra Colóime Miguel Uribe Turbay agus leis an méadú scanrúil atá tagtha ar an bhforéigean sa Cholóim;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur thacaigh an tAontas Eorpach agus Parlaimint na hEorpa go mór leis an gcomhaontú maidir leis an bpróiseas síochána sa Cholóim a tugadh i gcrích in 2016, agus go leanann siad d’fhaireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme; de bhrí gur chuir an comhaontú síochána sin deireadh le caoga bliain de choinbhleacht armtha; de bhrí gur cheart go gcuirfí an géarú a tháinig ar an bhforéigean le déanaí san áireamh i dtacaíocht leanúnach an Aontais do chur chun feidhme iomlán an chomhaontaithe síochána;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go gcumasaíonn an cúlú daonlathach foriomlán i réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha straitéisí dlisteanaithe na réimeas sin, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le seiceálacha éifeachtacha ar fhorfheidhmiú dlíthe diansmachtúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur chuir an Pharlaimint a seasamh in iúl le déanaí agus go haonchiallach trí go leor rún maidir le neamhchomhlíonadh an Chomhaontaithe maidir le hIdirphlé Polaitiúil agus Comhar idir an tAontas agus Cúba; de bhrí go bhfuil 1155 phríosúnach pholaitiúla i gCúba faoi láthair, agus go bhfuil sáruithe córasacha ar chearta an duine á ndéanamh ag réimeas Chúba;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gur á mheabhrú gur cháin an Pharlaimint an forghabháil uachtaránachta a rinne Nicolás Maduro an 10 Eanáir 2025, agus á aithint gur toghadh go dlisteanach agus go daonlathach Edmundo González Urrutia mar Uachtarán Veiniséala agus María Corina Machado mar cheannaire na bhfórsaí daonlathacha i Veiniséala; de bhrí gur bhronn Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024 orthu, rud a léiríonn tacaíocht don chomhrac ar son na saoirse agus an daonlathais i Veiniséala; de bhrí gur cheart comhbhrón a chur in iúl do níos mó ná 7 milliún Veiniséalach ar cuireadh iallach orthu teitheadh óna dtír ó 2015, agus thart ar 6 mhilliún duine athlonnaithe i dtíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib; de bhrí gur cuireadh brú suntasach ar na tíortha comharsanachta; de bhrí gur cheart dlúthpháirtíocht agus iarrachtaí móra na bpobal óstach, go háirithe an Cholóim, maidir le rochtain ar chúram sláinte, ar oideachas agus ar dheiseanna fostaíochta a chur ar fáil do dhídeanaithe Veiniséalacha a mholadh, ós rud é go bhfuil sé sin ag cur leis an gcobhsaíocht réigiúnach agus le cosaint na gceart bunúsach;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí, ó 2018 i leith, go ndearna réimeas Nicearagua géarleanúint chórasach, arís agus arís eile agus go treallach ar chosantóirí chearta an duine, agus ar ionadaithe freasúra agus reiligiúnacha, i measc daoine eile; de bhrí gur scaoileadh os cionn 5 600 eagraíocht neamhrialtasach, lena n-áirítear grúpaí reiligiúnacha – grúpaí Caitliceacha den chuid is mó – agus gur coigistíodh a sócmhainní; de bhrí gur cháin Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile an réimeas a d’fhorchuir Daniel Ortega agus Rosario Murillo i Nicearagua;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur thug na gníomhaíochtaí a rinne Riarachán Trump sna Stáit Aontaithe éiginnteacht gheopholaitiúil isteach, gur bhain siad an bonn den iltaobhachas agus gur chuir siad bac ar chomhar dé-réigiúnach, rud a threisíonn an gá atá le comhghuaillíocht láidir agus uathrialach idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib; de bhrí go bhfuil an chomhghuaillíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib ríthábhachtach chun luachanna agus leasanna comhroinnte a chur chun cinn, amhail an t-iltaobhachas agus an daonlathas;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>	de bhrí go bhfuil réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib fós faoi ghann-ionadaíocht i bpríomheagraíochtaí agus i bpríomhfhóraim idirnáisiúnta, lena n-áirítear G20 agus eagraíochtaí idirnáisiúnta airgeadais; de bhrí go bhfuil áit speisialta ag Meicsiceo agus ag an mBrasaíl sa chaidreamh dé-réigiúnach, ós rud é gurb iad an dá gheilleagar is mó i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib iad, go mbíonn tionchar suntasach geopholaitiúil acu agus go bhfuil siad ainmnithe go hoifigiúil mar chomhpháirtithe straitéiseacha de chuid an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil gáinneáil drugaí ina bagairt thromchúiseach ar an tslándáil sa dá réigiún; de bhrí go bhfuil an tAontas ar an margadh cócaoin is mó ar domhan ó 2020 i leith; de bhrí gur ó Mheiriceá Laidineach agus Muir Chairib den chuid is mó a thagann an cócaon sin agus go dtagann sé isteach san Aontas go príomha trí chalafoirt Atlantacha na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil an spás sibhialta ag laghdú in go leor tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, ina bhfeictear méadú gan fasach ar ionsaithe i gcoinne eagraíochtaí, gníomhaithe agus cosantóirí chearta an duine, as a n-eascraíonn easáitiú, foréigean agus saoirse ó phionós;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas agus ag tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib araon maidir lena neamhspleáchas straitéiseach faoi seach a threisiú agus maidir lena slabhraí soláthair a éagsúlú; de bhrí gur ceannaire domhanda é Meiriceá Laidineach i dtáirgeadh fuinnimh inbhuanaithe, agus go ngintear thart ar 69 % dá leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite agus glana, rud a léiríonn tábhacht straitéiseach agus acmhainneacht an réigiúin san aistriú glas domhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí, ó cruthaíodh CELAC in 2010, gur tionóladh trí chruinniú mullaigh AE-CELAC, in 2013, 2015 agus 2023; de bhrí go bhfuil comhpháirtíocht straitéiseach sheanbhunaithe ag an Aontas agus ag CELAC agus gur chuir siad líonra comhaontuithe comhlachais agus trádála i bhfeidhm; de bhrí go mbeidh cruinniú mullaigh AE-CELAC sa Cholóim i mí na Samhna 2025 ina phríomhdheis chun tiomantas an Aontais do Mheiriceá Laidineach agus Muir Chairib a athdhearbhú agus a léiriú gur príomh-chomhpháirtí, iontaofa agus straitéiseach í an Eoraip a chuireann samhail forbartha inchreidte mhalartach ar fáil atá fréamhaithe sa chomhar daonlathach agus sa rathúnas comhroinnte, agus chun a léiriú go bhfuil an dá réigiún tiomanta go daingean don chomhar dé-réigiúnach agus d’ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt chun suntais na naisc dhoimhne dhaonna, stairiúla, chultúrtha agus eacnamaíocha, chomh maith le naisc reiligiúnacha, atá idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, atá mar bhonn le comhghuaillíocht nádúrtha agus atá mar bhonn chun limistéar trasatlantach láidir marthanach síochána, daonlathais agus rathúnais idir an Eoraip agus Meiriceá Laidineach a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur beartas chun cinn atá dírithe ar chomhar réigiúnach agus comhtháthú réigiúnach níos fearr a spreagadh i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib; á chur i bhfios go láidir go n-iarrtar leis an gcomhthéacs geopholaitiúil domhanda nua go ndéanfaí dul chun cinn cáilíochtúil sa chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib chun comhghuaillíocht straitéiseach a fhorbairt tuilleadh chun an t-iltaobhachas agus a prionsabail bhunaidh a chosaint, lena n-áirítear idirphlé, cuimsiú, dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus urraim do Chairt na Náisiún Aontaithe, do chearta an duine, don dlí daonnúil agus do chur chun cinn na forbartha inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheas go bhfuil deis stairiúil ag an Aontas agus ag Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, mar chomhpháirtithe straitéiseacha nádúrtha, a gcomhghuaillíocht a neartú sa chomhthéacs idirnáisiúnta reatha ina bhfuil iomaíocht straitéiseach; á mheas gur féidir lena gcomhpháirtíocht a bheith ina maolán tábhachtach i gcoinne teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid, trí bheartais chomhpháirteacha a thógáil lena gcothaítear a neamhspleáchas straitéiseach, a gcomhar agus a n-urraim fhrithpháirteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an caidreamh idir an Eoraip agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib bunaithe freisin ar naisc dhoimhne dhaonna; á mheabhrú, i ndomhan atá ag éirí níos dícheangailte, gur sócmhainn straitéiseach é caipiteal daonna, lena n-áirítear teangacha comhroinnte, oidhreacht agus naisc chultúrtha, nach mór a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt chun suntais rannpháirtíocht athnuaite agus mhéadaitheach an Aontais sa réigiún, arna léiriú ag Cruinniú Mullaigh ríthábhachtach AE-CELAC in 2023, a bhí ina chor cinniúnach soiléir tar éis blianta de rannpháirtíocht theoranta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tiomantas leanúnach chun leasanna agus luachanna an Aontais a chur chun cinn; á thabhairt dá haire go raibh rannpháirtíocht an Aontais laghdaithe le blianta beaga anuas, agus dá bhrí sin gur cruthaíodh folús do thionchar na Síne, na Rúise agus na hIaráine, atá ag fás; á chur in iúl gur saoth léi go mbaineann an dlúthchaidreamh níos mó sin le réimis fhorlámhacha an bonn ón daonlathas sa réigiún ar deireadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á aithint go bhfuil géarghá le leanúint leis an gcaidreamh idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib a athnuachan agus a fhorbairt mar fhreagairt ar na hathruithe geopholaitiúla atá ag teacht chun cinn, ar an athrú aeráide, ar an dul chun cinn teicneolaíochta agus ar éagothromaíochtaí atá ag fás agus dúshláin shlándála atá roimh an dá réigiún, agus chun neamhspleáchas straitéiseach an dá réigiún a mhéadú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tábhacht gheopholaitiúil na comhghuaillíochta straitéisí, an idirphlé neartaithe agus an chomhair idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar na Ballstáit dlús a chur le hiarrachtaí taidhleoireachta sa réigiún chun cóineasú méadaithe a chur chun cinn idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib maidir le saincheisteanna ríthábhachtacha beartais eachtraigh, agus go háirithe seasamh níos daingne a ghlacadh maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le hiarrachtaí idirnáisiúnta sos comhraic buan a bhaint amach in Gaza, sreabhadh na cabhrach daonnúla agus scaoileadh saor neamhchoinníollach na ngiall uile; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise an chomhthéacs idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, gur cheart an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib a bheith bunaithe ar loighic an neamhspleáchais straitéisigh chomhroinnte, ar spleáchais sheachtracha laghdaithe agus ar chosaint an oird iltaobhaigh riailbhunaithe mar threoirphrionsabail di;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag moladh comhar níos doimhne idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib i bhfóraim idirnáisiúnta agus an t-ord domhanda iltaobhach, an dlí idirnáisiúnta agus urraim don daonlathas agus do chearta an duine, an dlí daonnúil agus prionsabail dhaonnúla, an ceart sóisialta agus an fhorbairt inbhuanaithe a chosaint agus a chur chun cinn; á chur i bhfáth, ina leith sin, nach mór don Aontas a léiriú dá chomhpháirtithe i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib gur féidir leo dálaí níos fearr a thairiscint don chomhpháirtíocht ná réimis fhorlámhacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth, i ngeall air sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndíreofar iarrachtaí an Aontais ar institiúidí daonlathacha, ar an smacht reachta agus ar chuntasacht pholaitiúil a neartú, agus á iarraidh go ndéanfar dul chun cinn ar athchóirithe agus ar bhearta cothaithe síochána arb é is aidhm dóibh an tslándáil agus an chobhsaíocht a neartú ar fud an dá réigiún; á mheabhrú nach mór cosaint chearta an duine, an daonlathais, an smachta reachta agus an chomhionannais inscne a bheith ina choinníoll trasearnálach do gach comhaontú agus cistiú AE-LAC, lena n-áirítear faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI-an Eoraip Dhomhanda); á iarraidh go mbeadh trédhearcacht agus cuntasachta ann, go háirithe i gcreataí trádála agus infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an titim siar dhaonlathach atá tarlaithe i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib ó 2019 i leith agus ag cáineadh na sáruithe ar chearta an duine agus srianta ar chearta bunúsacha sa réigiún, go háirithe ag na réimeas i Nicearagua, Cúba agus Veiniséala, atá i measc na réimeas is údarásaí ar domhan; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di treocht mhéadaitheach an rialachais fhorlámhaigh agus phobalaigh i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, agus creimeadh carnach na n-institiúidí daonlathacha, an iltaobhachais, an smachta reachta, na gceart agus na saoirsí bunúsacha, an spáis shibhialta agus na gcosaintí sóisialta bunriachtanacha; á chur i bhfáth gur gá an tacaíocht do ghníomhaithe daonlathacha agus don tsochaí shibhialta a neartú, agus ag tathant go scaoilfí saor láithreach na príosúnaigh pholaitiúla uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cáineadh, go háirithe, na sáruithe córasacha ar chearta an duine a rinne réimeas Chúba i gcoinne agóideoirí, easaontóirí polaitiúla, ceannairí reiligiúnacha agus gníomhaithe ar son chearta an duine agus a chuireann bac ar bhunú eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé luaite ag foinsí iontaofa go bhfuil os cionn míle príosúnach polaitiúil ag an réimeas, lena n-áirítear mionaoisigh, agus ag tathant ar réimeas Chúba iad a scaoileadh saor gan mhoill; á iarraidh go n-úsáidfí na hionstraimí uile is gá atá ar fáil, gan aon cheann a eisiamh, chun a áirithiú go gcomhlíonfar clásail dhaonlathacha agus chearta an duine den Chomhaontú PDCA AE-Cúba; á iarraidh an athuair ar an gComhairle smachtbhannaí a ghlacadh i gcoinne iad siúd atá freagrach as sáruithe leanúnacha; ag cáineadh rannpháirtíocht amhais Chúba i bhfeachtas míleata na Rúise ar na línte tosaigh san Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cáineadh go láidir na calaoise toghcháin a d’eagraigh an réimeas i Veiniséala i dtoghcháin uachtaránachta 2024, agus ag diúltú go hiomlán di, agus na toghcháin bhréagacha pharlaiminteacha a reáchtáladh i mí na Bealtaine 2025; á éileamh go gcuirfeadh rialtas Maduro deireadh lena bheartas cos ar bolg agus go ndéanfadh sé ionsaithe ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra; á mheabhrú gur aithin an Pharlaimint, an 19 Meán Fómhair 2024, Edmundo González Urrutia mar Uachtarán Veiniséala, tofa go dlisteanach agus go daonlathach, agus María Corina Machado mar cheannaire na bhfórsaí daonlathacha i Veiniséala; á thabhairt chun suntais gur aithin stáit dhaonlathacha éagsúla sa réigiún agus ar fud an domhain Edmundo González Urrutia mar uachtarán toghaí; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur bhronn an Pharlaimint Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024 ar María Corina Machado agus ar Edmundo González Urrutia an 17 Nollaig 2024, a dhéanann ionadaíocht ar mhuintir uile Veiniséala atá ag troid ar son athbhunú na saoirse agus an daonlathais; ag moladh thiomantas mhuintir Veiniséala don daonlathas agus d’athléimneacht leanúnach an fhreasúra dhaonlathaigh in ainneoin beartais atá ag éirí níos diansmachtúla ó réimeas Maduro;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú gur rith réimeas Ortega-Murillo i Nicearagua athchóiriú bunreachtúil i mí Eanáir 2025 lenar cuireadh deireadh le scaradh na gcumhachtaí agus leis an iolrachas polaitiúil, lenar bunaíodh comhuachtaránacht a rialaíonn gach brainse den rialtas agus de na meáin agus lena dtugtar neamhaird ar chloí le coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil naisc láidre ag an réimeas i Nicearagua le huathlathais eile, amhail iad siúd san Iaráin, i Veiniséala agus i gCúba, agus ag cáineadh go láidir é as a sháruithe córasacha ar chearta an duine, as géarleanúint a dhéanamh ar an bhfreasúra daonlathach, as an Eaglais Chaitliceach agus an tsochaí shibhialta a chur faoi chois, agus as na meáin shaora agus gach léiriú neamhspleáchais ón rialtas a scriosadh; ag tathant ar údaráis Nicearagua an smacht reachta, saoirsí bunúsacha agus cearta mhuintir uile Nicearagua ar deoraíocht a athbhunú, lena n-áirítear an ceart chun filleadh sábháilte gan mhoill; ag athdhearbhú a héilimh go spreagfaí clásal daonlathach Chomhaontú Comhlachais an Aontais, ag diúltú d’aon ionchas idirphlé le comhaltaí Thionól Náisiúnta Nicearagua atá faoi rialú réimeas, agus á iarraidh go gcuirfí smachtbhannaí méadaithe i bhfeidhm i gcoinne Ortega, Rosario Murillo agus a gciorcal inmheánach; á iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach leis an toirmeasc ar shásraí faireacháin idirnáisiúnta um chearta an duine agus go n-athbhunófaí stádas dlíthiúil os cionn 3 000 eagraíocht neamhrialtasach, a rinne rialtas Nicearagua a chúlghairm in 2018;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di creimeadh na bprionsabal daonlathach agus imchéimniú d’aon ghnó ar choimircí bunreachtúla i dtíortha eile Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, go háirithe sa tSalvadóir; á chur in iúl gur cúis mhór imní di easpa neamhspleáchais na mbreithiúna agus an easpa trédhearcachta i ngníomhaíochtaí rialtais, úsáid iomarcach fornirt, míleatú míchuí, agus na srianta méadaitheacha ar shaoirsí comhthionóil agus ar shaoirse an phreasa; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí faoi choinneáil fhorleathan gan cúis chuí, céasadh, fuadach éigeantach sibhialtach, agus plódú scáfar i bpríosúin; ag cáineadh na n-údarás as mainneachtain fórsaí slándála a thabhairt chun cuntais as a ngníomhaíochtaí agus as a ndiúltú leanúnach d’iarrataí idirnáisiúnta ar mhaoirseacht agus ar imscrúdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cáineadh go láidir an úsáid a bhaineann Cónaidhm na Rúise as oirbhearta hibrideacha, lena gcuimsítear oibríochtaí míleata, cibearfhaisnéise, faisnéise agus eacnamaíocha, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear imghabháil smachtbhannaí, cleachtais neamh-thrédhearcacha agus éilliú, mar uirlisí don leathnú, lena mbaintear an bonn ón tslándáil réigiúnach, lena gcuirtear díchobhsú inmheánach chun cinn agus lena gcruthaítear bloc atá ina bhagairt ar an daonlathas, ar an tsíocháin agus ar an dlí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an chomhpháirtíocht straitéiseach idir Veiniséala agus Cónaidhm na Rúise, rud a chuireann an tslándáil réigiúnach agus idirnáisiúnta i mbaol; á iarraidh ar an Aontas dlús a chur lena chomhrac i gcoinne bholscaireacht na Rúise sa réigiún; á mheabhrú gur gá don Aontas a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag toscaireachtaí de chuid an Aontais chun cur i gcoinne na bréagaisnéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ó 2005 i leith, go bhfuil iasachtaí dar luach níos mó ná USD 120 billiún san iomlán deonaithe ag an tSín do réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, agus é mar aidhm aici a tionchar geopholaitiúil a mhéadú agus tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a bheith ag brath ar mhaoiniú na Síne trí chaipiteal infheistíochta a sholáthar mar mhalairt ar sholáthar amhola, nó trí thionscadail fuinnimh agus bonneagair a chistiú; á chur in iúl gur oth léi gur minic a bhíonn caighdeáin chomhshaoil agus saothair níos ísle á gcur i bhfeidhm mar thoradh ar na tionscadail fuinnimh agus bonneagair sin; á mheabhrú, murab ionann agus cumhachtaí domhanda eile, nach bhfuil caidreamh eastóscach ná neamhchothrom á lorg ag an Aontas, ach comhpháirtíochtaí bunaithe ar chómhalartacht, ar inbhuanaitheacht agus ar ghiniúint breisluacha; á thabhairt chun suntais gurb í an tsamhail chomhair sin go díreach, lena dtugtar tús áite d’urraim don cheannasacht, don trédhearcacht agus don smacht reachta, rud a fhágann gur comhpháirtí tosaíochta é an tAontas don réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tacú le neamhspleáchas, iomláine chríochach agus ceannasacht thíortha uile Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus ag diúltú d’uaillmhianta na gcumhachtaí domhanda caidreamh idir spleáchas polaitiúil agus eacnamaíoch a fhorchur; ag cur béim ar an bhfíoras gur bunphrionsabal den dlí idirnáisiúnta, de Chairt na Náisiún Aontaithe agus den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe í urraim d’iomláine chríochach na stát;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar eacnamaíoch ar mhaithe le fás inbhuanaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an chomhpháirtíocht láidir eacnamaíoch agus trádála idir an tAontas agus LAC, atá bunaithe ar leas comhroinnte maidir le fás inbhuanaithe agus forbairt an duine a cur chun cinn, athléimneacht eacnamaíoch a neartú agus spleáchais iomarcacha a laghdú trí chaidreamh trádála éagsúlaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt chun suntais gur geal léi uaillmhian an Aontais an t-aistriú glas domhanda a stiúradh agus go n-aithníonn sé Meiriceá Laidineach mar phríomh-chomhpháirtí san iarracht sin; ag tacú le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib an dífhoraoisiú neamhdhleathach a chomhrac agus tionscadail athfhoraoisithe a cheapadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar neamhionannais atá ag dul i méid, an tsíocháin a chur chun cinn agus próisis agus institiúidí daonlathacha a neartú sa dá réigiún, agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhar eacnamaíoch lena gcuirtear comhionannas inscne agus cumhachtú eacnamaíoch na mban chun cinn; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cúlú ar chearta na mban, go háirithe maidir lena sláinte gnéis agus atáirgthe; á iarraidh go ndúnfaí an bhearna phá idir na hinscní agus ag tacú le gníomhaíochtaí chun ionadaíocht na mban i gceannaireacht pholaitiúil agus i reachtais pholaitiúla a fheabhsú, agus ag cur béim ar an ngá atá le caidreamh eacnamaíoch AE-LAC a ailíniú le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus comhleanúnachas níos láidre a áirithiú idir cuspóirí eacnamaíocha agus sóisialta-comhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á thabhairt chun suntais gurb é an tAontas an t-infheisteoir is mó agus an tríú comhpháirtí is mó i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib; ag tabhairt dá haire gurb é Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib an cúigiú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas; á chur i bhfios go láidir gur cheart go bhfónfadh an comhar láidir eacnamaíoch sin ní hamháin do leasanna na n-eintiteas mór airgeadais, ach go n-áiritheofaí leis freisin go mbainfeadh gach ceann díobh tairbhe as, go háirithe FBManna, oibrithe, daoine leochaileacha, agus pobail ó cheantair thuaithe agus iargúlta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur bhfios go láidir go leagtar béim i dTuarascáil Letta maidir le todhchaí an mhargaidh aonair agus i dTuarascáil Draghi maidir leis an todhchaí iomaíochais Eorpaigh ar an ngá atá le dlús a chur leis na hiarrachtaí chun soláthar amhábhar criticiúil an Aontais a áirithiú agus cuireann sí i bhfios go láidir acmhainneacht Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a bheith ina phríomh-chomhpháirtí chun slabhraí soláthair a éagsúlú; á chur in iúl gur geal léi gur síníodh meabhráin tuisceana le comhpháirtithe maidir le hamhábhair chriticiúla agus á thabhairt chun suntais go bhfuil siad sin ríthábhachtach chun níos mó éagsúlaithe a bhaint amach i slabhraí soláthair an Aontais; á chreidiúint gur cheart go mbeadh infheistíocht mhéadaithe san earnáil sin, a rachaidh chun tairbhe don dá réigiún, mar thoradh ar na comhaontuithe sin, mar aon le comhar eacnamaíoch agus polaitiúil a dhoimhniú trí chomhaontuithe déthaobhacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh go mbeadh rialáil agus trédhearcacht níos fearr ann i bpríomhréimsí eacnamaíocha, amhail earnáil na mianadóireachta, inar féidir coinbhleachtaí agus saothrú a bheith mar thoradh ar rialáil lag; á iarraidh ar na comhpháirtithe uile cearta saothair a neartú agus comharchumainn agus tionscnaimh eile a chur chun cinn lena gcothaítear rannpháirtíocht agus cumhachtú oibrithe sa gheilleagar; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcloíonn eastóscadh, trádáil agus próiseáil amhábhar criticiúil le hardchaighdeáin maidir le cosaint an chomhshaoil, freagracht shóisialta agus cearta an duine, agus ag tacú le forbairt slabhraí luacha malartacha, athléimneacha, inbhuanaithe agus trédhearcacha a chuireann le rathúnas na sochaithe uile lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an idirphlé le tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib maidir le himpleachtaí reachtaíocht an Aontais dá ngeilleagair áitiúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus comhaontuithe idirnáisiúnta </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag aithint an dlúthlíonra comhaontuithe idir an dá réigiún agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go geopholaitiúil comhaontuithe agus comhpháirtíochtaí nua agus níos uaillmhianaí a achtú, ar comhaontuithe agus comhpháirtíochtaí iad atá cuimsitheach, inbhuanaithe agus chun tairbhe an dá thaobh, atá bunaithe ar luachanna comhroinnte agus atá fréamhaithe go daingean san urraim do chearta an duine; ag cur béim ar ról na gcomhaontuithe sin maidir le rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch breise chun limistéar rathúnais chomhroinnte agus slándála eacnamaíche méadaithe a bhaint amach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá an trádáil dhé-réigiúnach idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib maidir le córais bhia a éagsúlú agus slándáil bia a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ról speisialta ag Meicsiceo agus ag an mBrasaíl sa chaidreamh dé-réigiúnach, agus stádas chomhpháirtithe straitéiseacha de chuid an Aontais á iompar acu; ag moladh go láidir don dá pháirtí úsáid níos fearr a bhaint as acmhainneacht na gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha sin; á thabhairt chun suntais gur gá an gealltanas a chomhlíonadh maidir le cruinnithe mullaigh déthaobhacha a thionól leis an dá thír gach dhá bhliain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi daingniú iomlán an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Láir, agus teacht i bhfeidhm a thrí cholún den idirphlé polaitiúil, den chomhar agus den trádáil i mí na Bealtaine 2024; á iarraidh go nglacfaí sásraí láidre agus cuimsitheacha do rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán an Chomhaontaithe Comhlachais AE-Mheiriceá Láir, lena gcloítear le prionsabail dhaonlathacha, trédhearcacht agus comhtháthú sóisialta; á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar thíortha Mheiriceá Láir beartais ghníomhacha a shaothrú agus cistiú iomchuí a áirithiú chun tionchar dearfach an chomhaontaithe ar SFInna sa dá réigiún a bharrfheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur síníodh an Creat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas agus an tSile agus á iarraidh go ndaingneofaí é go tapa agus go hiomlán; á chur in iúl gur geal léi freisin tabhairt i gcrích na caibidlíochta maidir leis an gComhaontú Domhanda idir an tAontas agus Meicsiceo, lena dtreiseofar an comhar polaitiúil, lena gcuirfear deiseanna nua trádála ar fáil agus lena neartófar naisc in earnálacha straitéiseacha amhail an digitiú, an nuálaíocht agus an tslándáil, agus á iarraidh go síneofar agus go ndaingneofar go pras é; á aithint go bhfuil ról lárnach ag Meicsiceo i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib agus go bhfuil sé d’uaillmhian aige trádáil agus comhpháirtíochtaí polaitiúla a éagsúlú; á chur i bhfios go láidir go dtreiseoidh an comhaontú idir an tAontas agus Meicsiceo ról an Aontais mar chomhpháirtí straitéiseach sa réigiún agus a chumas freagairt do dhúshláin dhomhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé na spriocanna a leagtar síos le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a bhaint amach agus á chur in iúl gur geal léi clásal ceangailteach a bheith san áireamh i gComhaontú AE-Mercosur maidir lena ghealltanais a chomhlíonadh; á chur i bhfios go láidir go gcuirfidh Comhaontú Comhpháirtíochta AE-Mercosur deis ar fáil chun an comhar dé-réigiúnach idir an tAontas agus Mercosur a neartú go suntasach maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, agus ag an am céanna gníomhú in aghaidh thionchar méadaitheach na ngníomhaithe forlámhacha sa réigiún agus cabhrú leis an Aontas a sholáthar amhábhar criticiúil a éagsúlú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhoibriú iltaobhach </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á mheabhrú gur droichead é an chomhghuaillíocht Eora-Mheiriceá Laidinigh atá deartha ní hamháin chun sruth contúirteach i dtreo bloc dúnta agus deighilte idé-eolaíoch a chosc, ach thar aon ní eile chun spás a oscailt don idirphlé idirnáisiúnta lena laghdaítear teannas agus lena gcothaítear réitigh chomhroinnte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth rannchuidiú suntasach thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib le heagraíochtaí iltaobhacha agus a ról gníomhach maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, amhail an t-athrú aeráide, an tsíocháin agus an tslándáil, lena n-áirítear an clár oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil a chur chun cinn, agus forbairt inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais tiomantas an dá réigiún Cairt na Náisiún Aontaithe, cearta an duine, daonlathas ionadaíoch agus rialachas láidir iltaobhach a chosaint; ag tathant ar an dá réigiún leanúint den iltaobhachas a chosaint, go háirithe córas na Náisiún Aontaithe, agus athchóiriú ar institiúidí rialachais domhanda a stiúradh go comhpháirteach, lena n-áirítear institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, chun iltaobhachas níos cuimsithí agus níos ionadaíche a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn maidir le comhaontuithe léirscaoilte víosaí a thabhairt i gcrích leis na tíortha is mó dul chun cinn sa phlé;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar um fhorbairt idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, cabhair dhaonnúil agus infheistíochtaí inbhuanaithe tríd an tionscnamh Global Gateway </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheabhrú gurb é is cuspóir príomhúil do bheartas forbartha an Aontais an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach deireadh a chur leis an mbochtaineacht, go háirithe i measc na ngrúpaí is leochailí – amhail mná, cailíní agus daoine faoi mhíchumas, i measc grúpaí eile – chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais mhéadaitheacha a bhaineann an bonn den chomhtháthú sóisialta agus a chuireann teorainn leis an acmhainneacht eacnamaíoch; á mheabhrú go ngineann an t-ualach fiachais atá os comhair thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib costas tromchúiseach eacnamaíoch agus sóisialta, agus go mbíonn éifeachtaí fadtréimhseacha aici ar an mbochtaineacht agus ar an neamhionannas; ag tacú le hathstruchtúrú fiachais; á chur i bhfáth nach mór na SFInna agus Comhaontú Pháras a bheith lárnach i gcónaí sa chomhar idir Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib agus an tAontas; á mheabhrú go bhfuil rochtain ar chúnamh agus ar mhaoiniú um fhorbairt ríthábhachtach do thíortha leochaileacha, lena n-áirítear iad siúd atá níos leochailí i leith éifeachtaí an athraithe aeráide, go háirithe Stáit Oileánacha Bheaga Mhuir Chairib atá i mBéal Forbartha, agus do thíortha atá ag aistriú chuig leibhéal níos airde ioncaim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt chun suntais gurb é an tAontas Eorpach an príomh-rannchuiditheoir leis an gcomhar um fhorbairt i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé beartais forbartha agus cabhair dhaonnúil an Aontais i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a neartú, agus ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tosaíochtaí seachtracha eile an Aontais a neartú, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le slándáil, forbairt agus trádáil inbhuanaithe, imirce, iascach, talmhaíocht, athrú aeráide agus fuinneamh; á iarraidh go mbunófaí sineirgí éifeachtacha le cúnamh daonnúil an Aontais, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na comhúinéireachta, agus tosaíochtaí forbartha réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib á gcur san áireamh; á iarraidh go dtionólfaí idirphlé déthaobhach rialta agus, i gcás inarb ábhartha, go dtionólfaí comhairliúcháin le rialtais áitiúla agus le hionadaithe na sochaí shibhialta an dá réigiún, lena n-áirítear maidir le tacaíocht do na cuspóirí forbartha inbhuanaithe i gcomhaontuithe comhlachais AE-MLC, go háirithe mar fhreagairt ar an meath domhanda ar chúnamh oifigiúil um fhorbairt (COF) agus ar chabhair dhaonnúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na ciorruithe domhanda ar chistiú don fhorbairt agus don chabhair dhaonnúil, go háirithe an laghdú ar COF agus an fionraí ar fhormhór chláir Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) (suas le 83 %), chomh maith leis na ciorruithe ar chabhair dhomhanda ag roinnt Ballstáit an Aontais, mar go raibh an cistiú seo ríthábhachtach chun tacú le claochlú suntasach sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil sa réigiún; á athdhearbhú go mbeidh impleachtaí fadtéarmacha ag na ciorruithe sin ar an gclár oibre forbartha agus ar bhaint amach na SFIanna i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tionchar na gciorruithe a rinneadh le déanaí ar rannpháirtíocht éifeachtach agus ar chumas na sochaí sibhialta agus ENRanna a ngníomhaíochtaí a dhéanamh chun cearta an duine, an daonlathas agus forbairt shóisialta a chur chun cinn sa réigiún, agus chun réimis fhorlámhacha a chomhrac; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cúnamh iomchuí forbartha agus daonnúil a sholáthar do réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil cineálacha traidisiúnta COF bunriachtanach agus éifeachtach chun an bhochtaineacht a laghdú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais atá ag dul i méid, chun feabhas a chur ar thorthaí sláinte agus oideachais agus chun comhtháthú sóisialta a chothú i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, go háirithe maidir le grúpaí atá faoi ghannionadaíocht agus atá imeallaithe a chuimsiú, amhail cailíní, mná, daoine óga, daoine faoi mhíchumas, pobail dhúchasacha agus daoine de bhunadh Afracach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach go hiomlán i ndearadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán chláir an Aontais chun comhleanúnachas beartais don fhorbairt inbhuanaithe a áirithiú<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">;</STRING></STRING>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cur i bhfios go láidir acmhainneacht straitéiseach an chomhair thriantánaigh idir AE, tíortha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, agus comhpháirtithe Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib chun tionchar na forbartha, na foghlama frithpháirtí agus na nuálaíochta beartais a fheabhsú; á chur i bhfáth gur féidir le comhpháirtíochtaí den sórt sin, nuair atá siad ailínithe le tosaíochtaí áitiúla agus iad dírithe ar fhothú acmhainneachta, réitigh chuimsitheacha ar dhúshláin dhomhanda a chothú; ag iarraidh ar an Aontas dlús a chur leis an tacaíocht do thionscnaimh um chomhar triantánach laistigh de chreat na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (ICFCI-an Eoraip Dhomhanda) agus iad a chomhtháthú go córasach i gclár oibre straitéiseach AE-MLC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit mórthionscnaimh amhail Global Gateway a ghiaráil chun infheistíocht i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a mhéadú, lena n-áiritheofar go leanfaidh an tAontas de bheith ina chomhpháirtí láidir agus iomaíoch do thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, i bhfianaise láithreacht mhéadaitheach na Síne agus na Rúise sa réigiún, mar a léirítear go soiléir le gealltanais na Síne le linn fhóram na Síne-CELAC a tionóladh an 13 Bealtaine 2025; á chur i bhfáth go bhfuil sé níos tábhachtaí fós infheistíocht AE i Meiriceá Laidineach a mhéadú mar gheall ar ghéarú Thionscnamh Creasa agus Bóthair (BRI) i Meiriceá Laidineach, agus an Cholóim ag clárú le BRI ag fóram na Síne-CELAC an 13 Bealtaine 2025; ag iarraidh ar an gCoimisiún na tionscadail agus na straitéisí atá beartaithe faoi chreat Global Gateway a chur i gcrích, chun, i measc cuspóirí eile, bonneagar inbhuanaithe agus ardcháilíochta a thógáil lena gcruthófar luach áitiúil go héifeachtach, lena neartófar slabhraí luacha dé-réigiúnacha agus lena bhfeabhsófar an tslándáil eacnamaíoch don dá réigiún; á áitiú gur cheart do Global Gateway cloí i gcónaí le luachanna bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear urraim do chearta an duine, dea-rialachas, daonlathas agus trédhearcacht, agus inbhuanaitheacht chomhshaoil i gcomhréir le prionsabail éifeachtacht forbartha an Aontais; ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a áirithiú go n-áireofar próisis dhiana díchill chuí sna hinfheistíochtaí a dhéantar faoi chreat Global Gateway;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar Clár Oibre Infheistíochta Global Gateway AE-MLC a chur chun feidhme go héifeachtach, trí chomhpháirtíochtaí a chothú idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, d’fhonn tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe, leis an bhfás cuimsitheach agus leis an bhfostaíocht, chomh maith le claochlú cóir, glas agus digiteach; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, ón tús go dtí an seachadadh, go mbeidh na hinfheistíochtaí sin ailínithe le cuspóirí na SFInna agus leis na tosaíochtaí forbartha inbhuanaithe arna sainaithint ag comhpháirtithe Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin le húdaráis áitiúla agus le hionadaithe na sochaí sibhialta agus trí mheasúnuithe tionchair agus meastóireachtaí, agus go mbeidh siad sofhreagrach do riachtanais áitiúla agus réigiúnacha, go mbeidh siad íogair ó thaobh inscne de agus go nginfidh siad torthaí fiúntacha um fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na dálaí cearta a chruthú chun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon a shlógadh chun tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá aghaidh a thabhairt ar an mbearna mhaoiniúcháin bhliantúil USD 99 mbilliún sa réigiún do thionscadail bhonneagair agus aeráide atá ailínithe le SFInna chun an t-aistriú cóir, glas agus digiteach a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) maidir le hinfheistíochtaí a shlógadh chun na spriocanna sin a bhaint amach, chomh maith leis an ról atá ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), go háirithe BEI Domhanda, laistigh de chreat CEFI+, maidir le haghaidh a thabhairt ar an easpa leanúnach maoinithe fhadtéarmaigh agus saineolais theicniúil le haghaidh infheistíochtaí glasa sa réigiún, mar a léirítear i suirbhé 2024 ó BEI agus ó Chomhlachas Institiúidí Maoinithe Forbraíochta Mheiriceá Laidinigh; ag tacú le comhar níos doimhne le hinstitiúidí airgeadais áitiúla agus le bainc forbartha réigiúnacha, agus á iarraidh go mbainfí níos mó úsáide as ráthaíochtaí CEFI+ chun tacú le tionscadail ardtionchair ar mhionscála a bhfuil baint ag an tsochaí shibhialta agus ag pobail áitiúla leo, i gcomhréir le Global Gateway agus le prionsabail éifeachtacht forbartha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhar idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib maidir le hamhábhair chriticiúla agus teicneolaíocht araon ríthábhachtach chun claochluithe cothroma, glasa agus digiteacha a bhaint amach agus chun neamhspleáchas straitéiseach a neartú sa dá réigiún bunaithe ar chomhpháirtíochtaí a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh; á chur i bhfios go láidir go gcuidíonn an comhar sin le spleáchas gheilleagair Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib ar thráchtearraí príomhúla (táirgí talmhaíochta agus acmhainní nádúrtha) a shárú agus go bhfuil ról tábhachtach aige i slabhraí luacha a threisiú trí bheartais ationsclaithe inbhuanaithe lena gcruthaítear poist chuibhiúla, lena gcuirtear inbhuanaitheacht chomhshaoil chun cinn agus lena gcothaítear timpeallacht atá fabhrach don nuálaíocht theicneolaíoch; á mholadh go gcuirfí feabhas ar an gcomhar san oideachas digiteach agus sa taighde digiteach idir ollscoileanna agus moil nuálaíochta an Aontais agus Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíochtaí Global Gateway i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib chun tosaíocht a thabhairt do bhearnaí bonneagair agus neamhionannais a dhúnadh, lena n-áirítear bochtaineacht dhigiteach agus fuinnimh, go háirithe i gceantair thuaithe agus fhorimeallacha, chun a áirithiú go sroichfidh na tairbhí a bhaineann le nascacht fheabhsaithe pobail nach ndéantar freastal ceart orthu; ag cur béim ar an bhfíoras go n-áirítear leis sin daoine óga agus an earnáil neamhfhoirmiúil, agus gur cheart rochtain inacmhainne ar an idirlíon agus litearthacht dhigiteach fheabhsaithe a áirithiú ar fud gach cuid den daonra, go háirithe i bpobail imeallaithe, d’fhonn an deighilt dhigiteach a dhúnadh go gníomhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil bacainní móra fós roimh dhaoine óga, ar gníomhaithe bunriachtanacha don athrú struchtúrach iad, maidir le rochtain a fháil ar fhostaíocht chuibhiúil, agus á chur i bhfios go láidir nach mór do thosaíochtaí Global Gateway tacú le hinfheistíochtaí san oideachas, sa ghairmoiliúint agus i mbeartais fostaíochta atá ailínithe le riachtanais an mhargaidh saothair a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á mheabhrú, thairis sin, a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt do chláir atá sainaitheanta cheana féin ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar chláir éifeachtacha, amhail infheistíocht sna córais sláinte agus cúraim; á iarraidh, go háirithe i bhfianaise staid leochaileach an réigiúin, go ndéanfaí daoine faoi mhíchumas a chuimsiú go héifeachtach chun cur chuige cuimsitheach, inrochtana agus éifeachtach i leith na sláinte agus an chúraim a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann comhaontuithe trádála agus comhlachais ar chumas an dá réigiún malartú agus infheistíocht a dhéanamh i raon leathan earnálacha éagsúla agus á thabhairt chun suntais nach mór do laghdú neamhionannais, rochtain ar shláinte, ar oideachas agus ar uisce a chur chun cinn, agus seasamh le dínit an duine agus cearta bunúsacha leanúint de bheith lárnach i gcomhpháirtíocht AE-MLC, i gcomhréir le hAirteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ICFCI-an Eoraip Dhomhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá trédhearcacht, cuntasacht agus ábharthacht áitiúil fheabhsaithe, agus á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh leathanach gréasáin de chuid an Choimisiúin ar a mbeidh faisnéis maidir le tionscnaimh Global Gateway atá ann cheana; ag iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh sonraí a fhoilsiú, lena n-áirítear torthaí na gcomhairliúchán le húdaráis áitiúla agus leis an tsochaí shibhialta ón dá réigiún, chomh maith le faisnéis maidir le comhlíonadh na SFInna agus tosaíochtaí an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta araon, le tagarmharcanna agus táscairí; á thathant go gcuirfí Marcóir Neamhionannais an Choimisiúin Eorpaigh (I-Marker) i bhfeidhm ar an mbealach is leithne, go háirithe maidir le Global Gateway, ar cheart dó cur chuige ceartbhunaithe a chomhlíonadh i gcónaí agus a bheith nasctha le táscairí forbartha daonna; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, a thábhachtaí atá cosaint shóisialta agus chomhshaoil san idirphlé idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar Global Gateway chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar a threo straitéiseach; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh ról níos láidre ag an bParlaimint maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar thionscnamh Global Gateway agus é a stiúradh go straitéiseach, go háirithe maidir lena chur chun feidhme i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, chun trédhearcacht, cuntasacht dhaonlathach, ailíniú le luachanna an Aontais agus úsáid éifeachtach acmhainní a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht iomlán na sochaí sibhialta a áirithiú i ndearadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán chláir an Aontais chun comhleanúnachas beartais ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe a áirithiú, lena mbunaítear sineirgí éifeachtacha le gach tionscadal a bhaineann le Global Gateway agus le cúnamh daonnúil an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfáth, in éineacht leis an tionscnamh Global Gateway, nach mór bealaí comhair traidisiúnta i dtíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a chaomhnú; ag iarraidh ar an Aontas cistiú a mhéadú do chláir um chearta an duine, don daonlathas agus don tsochaí shibhialta sa réigiún, agus a áirithiú go gcoinneofar ar a laghad leithdháiltí ar chlár geografach Chríocha Mheiriceá agus Mhuir Chairib faoi ICFCI-an Eoraip Dhomhanda – arb iad na leithdháiltí is ísle faoi láthair i measc na réigiún uile iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib iarrachtaí a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na dtubaistí daonna agus nádúrtha, trí bheartais agus comhar coisc, ullmhachta, athléimneachta agus freagartha a threisiú; á chur in iúl gur geal léi an meabhrán tuisceana dé-réigiúnach maidir le comhar i réimse an bhainistithe chomhtháite riosca tubaistí, a síníodh i mBarbadós an 15 Bealtaine 2024, agus ag iarraidh ar chomhpháirtithe nár shínigh é go fóill déanamh amhlaidh a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfios nach amháin go gcuireann comhar agus infheistíocht Eorpach forbairt eacnamaíoch chun cinn sa réigiún ach go rannchuidíonn siad freisin leis an tsíocháin trí roghanna malartacha eacnamaíocha a ghiniúint do dhaoine óga i réigiún Mheiriceá Laidinigh; á chur i bhfáth gur gné bhunriachtanach é an dara ceann chun an choireacht eagraithe a chomhrac; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhar dé-réigiúnach maidir leis an tslándáil a threisiú sa chiall is leithne, lena n-áirítear i réimsí amhail an aeráid, bia, sláinte agus slándáil shóisialta agus chun sásraí comhpháirteacha ullmhachta, coisc agus freagartha a chur chun feidhme, chomh maith le cearta an duine agus prionsabail dhaonnúla a chomhtháthú go hiomlán i gcomhar slándála AE-MLC, chun timthriallta an fhoréigin agus an eisiaimh i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a bhriseadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi uaillmhian an Aontais an t-aistriú glas domhanda a stiúradh agus ag aithint freisin go n-aithníonn sé Meiriceá Laidineach mar phríomh-chomhpháirtí san iarracht sin; á chur i bhfios go láidir gur gá tionscnaimh ghlasa dhomhanda a chur chun cinn go comhpháirteach, ar tionscnaimh iad a fhreagraíonn do spriocanna domhanda maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin; á chur i bhfáth gur gá aistriú éiceolaíoch cóir agus cuimsitheach a chur chun cinn sa dá réigiún, lena n-áirítear trí chomhar feabhsaithe idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, agus freagairt do theagmhais adhaimsire aeráide, agus béim ar leith á leagan ar réimsí criticiúla, amhail an bhithéagsúlacht a chosaint, éiceachórais a athbhunú, dícharbónú agus talmhaíocht inbhuanaithe, agus na daoine agus na pobail is leochailí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an t-athrú aeráide ag cur isteach ar chórais bhia i Meiriceá Laidineach agus á thabhairt chun suntais luach na hagra-éiceolaíochta, atá aitheanta mar phríomhchóras feirmeoireachta atá athléimneach ó thaobh an athraithe aeráide de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá clár comhair Imchuach AE-na hAmasóine chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí thíortha Imchuach na hAmasóine chun dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh, go háirithe, go dtabharfaí gealltanais níos láidre chun seasamh le cearta na bpobal dúchasach agus na cearta sin a chomhtháthú san idirphlé agus i ngach gné den chomhar le tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé mianadóireacht inbhuanaithe agus fhreagrach a chur chun cinn, lena gcosnaítear cearta agus slite beatha na bpobal áitiúil agus na bpobal dúchasach, lena seachnaítear tionchair dhiúltacha thromchúiseacha shóisialta agus chomhshaoil agus lena gcuidítear leis an spleáchas ar onnmhairí tráchtearraí a shárú, lena dtacaítear le beartais ationsclaithe inbhuanaithe lena gcruthaítear poist chuibhiúla agus lena gcuirtear inbhuanaitheacht chomhshaoil chun cinn trí rialachas éifeachtach acmhainní mianraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá tacú le comhar um fhorbairt inscne-fhreagrúil agus á mholadh go gcuirfí bearta spriocdhírithe chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais idir fir agus mná agus iad a laghdú, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, rochtain na mban ar obair chuibhiúil, cuimsiú airgeadais, agus róil cheannaireachta agus fiontraíochta a chur chun cinn, go háirithe in earnálacha tuaithe agus neamhfhoirmiúla; á thabhairt chun suntais gur minic i roinnt mhaith réigiún ar domhan gurb iad na micrifhiontair agus na fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) a thugann spreagadh do gheilleagair áitiúla agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mban atá i gceannas orthu; á chur i bhfios go láidir gurb ionann MFBManna agus 90 % de ghnólachtaí, 60-70 % den fhostaíocht agus 50 % de OTI ar fud an domhain; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag MFBManna maidir le rannchuidiú le Clár Oibre 2030 agus SFInna a bhaint amach, go háirithe iad siúd a bhaineann le díothú na bochtaineachta agus obair chuibhiúil do chách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnamh an Chomhshocraithe Dé-Réigiúnaigh um Chúram, a bhfuil sé mar chuspóir aige comhar maidir le córais chuimsitheacha cúraim agus beartais phoiblí a chur chun cinn i measc thíortha an dá réigiún, lena n-áirítear trí shásraí comhair agus maoinithe a tharraingt suas chun geilleagar níos cothroime agus níos cuimsithí a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac trí oideachas cuimsitheach, feachtais múscailte feasachta agus trí chosaintí dlíthiúla a neartú; ag tacú le tionscnaimh faoi NDICI-an Eoraip Dhomhanda agus Plean Gníomhaíochta III maidir le hInscne lena gcuirtear chun cinn fostaíocht don aos óg, oideachas agus rannpháirtíocht pholaitiúil na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta maidir le beartais shóisialta chuimsitheacha a mhúnlú agus faireachán a dhéanamh orthu, rochtain chothrom ar oideachas ardcháilíochta a chur chun cinn agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach a chothú i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an laghdú ar an spás sibhialta in go leor tíortha i Meiriceá Laidineach; á iarraidh, i ndáil leis sin, go méadófaí tacaíocht an Aontais d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do chosantóirí chearta an duine, do ghníomhaithe comhshaoil agus d’iriseoirí, a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhagairtí agus foréigean atá ag dul i méid, chun a áirithiú gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh go sábháilte agus go neamhspleách; á iarraidh go dtabharfaí tús áite dá sábháilteacht, dá rochtain ar cheartas agus don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus go neartófaí comhpháirtíocht an Aontais le gníomhaithe na sochaí sibhialta, a bhfuil a ról bunriachtanach chun aghaidh a thabhairt ar phríomhábhair imní agus chun idirphlé cuiditheach maidir le cearta an duine agus an t-aistriú daonlathach a éascú, agus atá ag brath go mór ar chláir chúnaimh cabhrach dá n-oibríochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tacaíocht an Aontais chun córais cosanta sóisialta a neartú i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, lena n-áirítear clárlanna sóisialta comhtháite, comhordú níos fearr ar scéimeanna agus ar threoirthionscadail chomhpháirteacha, go háirithe leis an tsochaí shibhialta agus le húdaráis áitiúla, mar phríomhspreagthaí don chuimsiú agus do laghdú na bochtaineachta sa chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar maidir le slándáil agus gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil aird á tabhairt aici ar an méadú ar an gcoireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhrugaí san Aontas agus i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib araon agus an líon drugaí neamhdhleathacha arna ngáinneáil ón réigiún isteach san Aontas, go príomha trína chalafoirt; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe an dúshlán don tslándáil atá ag dul i méid sa dá réigiún mar gheall ar chomhordú trasnáisiúnta eagraíochtaí coiriúla atá bunaithe i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib agus san Aontas; á thabhairt chun suntais gur gá an comhar a neartú ní hamháin le tíortha táirgthe drugaí ach le tíortha idirthurais i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib freisin, agus comhar iltaobhach a fheabhsú chun na bagairtí sin a chomhrac; á iarraidh go neartófaí an Chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib maidir le Ceartas agus Slándáil, EL PAcCTO 2.0, COPOLAD, EUROFRONT, an Clár Domhanda um Shreafaí Aindleathacha (GIFP) agus Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á aithint a thábhachtaí atá Coiste Mheiriceá Laidinigh um an tSlándáil Inmheánach (CLASI) maidir le creat coiteann comhroinnte slándála a thógáil i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib; á chur i bhfáth gur príomhionstraim é CLASI chun comhtháthú agus éifeachtacht níos fearr a bhaint amach sa chomhrac i gcoinne na coireachta sa réigiún; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannpháirtíocht straitéiseach idir airí gnóthaí baile agus/nó slándála de chuid Bhallstáit an Aontais agus na hairí atá freagrach as cúrsaí slándála sna ballstáit de Choiste Mheiriceá Laidinigh um an tSlándáil Inmheánach, chomh maith leis ar an leibhéal teicniúil, chun an comhar um fhorfheidhmiú oibríochtúil an dlí a neartú idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Dearbhú Comhpháirteach agus Treochlár maidir le Tosaíochtaí an Chomhair Oibríochtúil in 2025-2026; á iarraidh go mbunófaí comhar comhchosúil i réimsí an cheartais agus an bhainistithe teorainneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún an tacaíocht don chomhar idir tíortha comhpháirtíochta Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus gníomhaireachtaí Eorpacha ábhartha a neartú agus a leathnú, lena n-áirítear EUROPOL, EUROJUST agus EUDA, agus a gcuid socruithe oibre a neartú; ag moladh an smaoinimh comhpháirtíocht a bhunú idir calafoirt Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dul chun cinn a dhéanamh le teicneolaíochtaí IS agus comhar a neartú idir calafoirt agus údaráis chun gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac; á iarraidh go mbeadh tionscnaimh chomhpháirteacha forfheidhmiúcháin, comhpháirtíochtaí oibríochtúla agus comhroinnt faisnéise ann; á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú nithiúil na mBallstát i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun an comhar um shlándáil réigiúnach a neartú trí Choiste Mheiriceá Laidinigh um an tSlándáil Inmheánach a leathnú agus trí AMERIPOL a bhunú mar chomhlacht um fhorfheidhmiú an dlí a chuirtear ar bhonn foirmiúil, lena n-éascófar comhar trasteorann; á chur i bhfáth gur gá an Conradh lena mbunaítear AMERIPOL a dhaingniú chun go mbeidh sé go hiomlán éifeachtach, agus ag iarraidh ar na tíortha sínithe a nósanna imeachta daingniúcháin bunreachtúla a thionscnamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna leis an gcoireacht eagraithe, lena n-áirítear éilliú, rialachas lag agus éagothromaíocht shóisialta, agus á mholadh go mbeadh cur chuige ann a chuireann forfheidhmiú an dlí agus beartais shóisialta fhadtéarmacha le chéile agus straitéisí trasearnála eile, d’fhonn cur chuige uile-rialtais agus uile-shochaí a áirithiú maidir le slándáil na saoránach; ag cur i bhfios na buntáistí a bhaineann le Comhaontuithe Comhlachais agus comhaontuithe déthaobhacha eile idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib ós rud é gur uirlisí fíor-riachtanacha iad chun dul i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na coireachta eagraithe agus chun gáinneáil ar dhrugaí aindleathacha a chomhrac;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ceartas, cearta an duine agus an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go n-urramóidh athchóirithe breithiúnacha i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib neamhspleáchas na mbreithiúna agus go gcomhlíonfaidh siad caighdeáin idirnáisiúnta maidir leis an smacht reachta; á iarraidh go n-áiritheofaí go rannchuideoidh na hathchóirithe sin leis an rialachas daonlathach a neartú agus leis an tsláine bhreithiúnach a chothabháil; á chur i bhfáth gur gá naisc pholaitiúla leis an éilliú agus leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac; ag iarraidh ar na húdaráis seasamh leis an smacht reachta agus leis an gceart chun comhthionóil shíochánta, próiseas cuí a urramú, agus sábháilteacht agus sláine chomhaltaí na mbreithiúna agus na ndaoine atá á gcoinneáil a ráthú; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib sna hiarrachtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhar leanúnach idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib chun an daonlathas, cearta an duine agus an dea-rialachas a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus chun cobhsaíocht pholaitiúil a neartú; á chur i bhfios go láidir gur colúin bhunúsacha den chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib iad sláine agus trédhearcacht na bpróiseas toghchánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag misin bhreathnóireachta toghcháin an Aontais maidir le tacú le toghcháin chóra agus trédhearcacht a áirithiú, mar a léiríodh le misin a rinneadh le déanaí i nGuatamala, i bParagua agus in Eacuadór, agus mar atá beartaithe do mhisin atá ar na bacáin sa Bholaiv, sa Ghuáin agus i Hondúras in 2025, agus i bPeiriú agus sa Cholóim in 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh go bhfeabhsófaí an comhar idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib chun feachtais bhréagaisnéise agus bagairtí hibrideacha a chomhrac, go háirithe iad siúd a thagann ó stáit fhorlámhacha amhail an Rúis, an tSín agus an Iaráin, a bhfuil sé mar aidhm leo an bonn a bhaint d’institiúidí daonlathacha, de shláine toghcháin agus de mhuinín an phobail sa dá réigiún; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cláir litearthachta digití a neartú mar fhreagairt ar bhagairtí hibrideacha agus mífhaisnéis atá ag dul i méid, chun na scileanna is gá a thabhairt do shaoránaigh chun meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar fhaisnéis ar líne;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar maidir le cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil brú faoi chois atá ag dul i méid, dálaí atá ag dul in olcas faoi réimis uathlathacha agus an éagobhsaíocht eacnamaíoch atá ag dul in olcas i gcodanna áirithe de Mheiriceá Laidineach agus Muir Chairib ag cur iallach ar go leor daoine teitheadh ar lorg cosanta, deiseanna eacnamaíocha agus cearta bunúsacha; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an t-easáitiú mórscála a d’eascair as sin, go háirithe ó Háítí, ó Nicearagua agus ó Veiniséala, agus imirce trasteorann laistigh den réigiún; á chur i bhfios go láidir go bhfuil brú daonnúil, sóisialta agus institiúideach ag dul i méid ar thíortha daonlathacha a bhfuil líon suntasach imirceach agus iarrthóirí tearmainn á n-óstáil acu; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le comhar agus dlúthpháirtíocht chuimsitheach i measc tíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe, agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá freagairtí comhordaithe chun cearta, dínit agus sábháilteacht na n-imirceach agus na ndídeanaithe uile a áirithiú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá beartais chuimsitheacha chun imircigh a lánpháirtiú i bpobail óstacha, chomh maith leis an rannchuidiú dearfach a dhéanann imircigh ón réigiún don tsochaí agus don gheilleagar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil comhar maidir le cearta an duine a chosaint bunriachtanach don chaidreamh idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib; á thabhairt chun suntais gur gá straitéisí a fhorbairt chun cearta daoine de shliocht na hAfraice agus cearta pobal dúchasach i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a neartú; ag aithint an mhéadaithe scanrúil atá tagtha ar fheimeamharú ar fud Meiriceá Laidinigh agus Muir Chairib; ag cur béim ar a phráinní atá sé feimeamharú a chomhrac trí bheartais a neartú chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac, úinéireacht talún agus deiseanna fostaíochta a éascú agus rochtain ar oideachas a ráthú; á thabhairt chun suntais gur gá leanúint den chomhar maidir leis na saincheisteanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil cuid shuntasach de Háítí fós faoi rialú grúpaí coiriúla armtha atá freagrach as foréigean forleathan agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine; á iarraidh go mbeadh straitéis chomhordaithe ann idir comhpháirtithe Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, Ballstáit an Aontais agus Stáit Aontaithe Mheiriceá chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sin agus chun tacú le muintir Háítí an chobhsaíocht, an rialachas daonlathach agus an smacht reachta a athbhunú; á chur i bhfáth go bhfuil rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile, lena n-áirítear ENRanna, bunriachtanach sa phróiseas sin; ag iarraidh ar an Aontas a thacaíocht pholaitiúil, dhaonnúil agus eacnamaíoch do Háítí a neartú go práinneach faoi chuimsiú na comhpháirtíochta idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, á aithint nach leor fós na hiarrachtaí atá á ndéanamh faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar mhéid na géarchéime agus chun tacú le muintir Háítí cobhsaíocht, rialachas daonlathach agus an smacht reachta a athbhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta sa chaidreamh idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib; ag cáineadh go láidir feallmharuithe chosantóirí chearta an duine agus na sáruithe córasacha ar shaoirse an phreasa; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an ghéarleanúint, an coiriúlú, an choinneáil threallach agus an brú faoi chois córasach atá á dhéanamh ar chomhaltaí an fhreasúra, ar phobail dhúchasacha, ar mhic léinn, ar ENRanna agus ar cheannairí reiligiúnacha i roinnt tíortha; ag cáineadh mhí-úsáid an dlí choiriúil chun easaontú a chur ina thost agus chun cáineadh dlisteanach a chur faoi chois;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá go n-áireofaí sa chomhar maidir le cearta an duine institiúidí agus neamhspleáchas breithiúnach a neartú agus rochtain uilíoch ar cheartas a áirithiú, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe comhshaoil agus iriseoirí a chosaint agus a gcuid oibre a choimirciú ar fud an dá réigiún; ag cáineadh na ndlíthe frith-ENR a tugadh isteach le déanaí i roinnt tíortha i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a chuireann srian ar oibríochtaí, ar chistiú agus ar neamhspleáchas ENRanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>ag iarraidh ar an Aontas Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine a úsáid i gcoinne iad siúd atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine agus úsáid bhreise a bhaint as bearta sriantacha an Aontais chun smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine aonair a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta de réir a chéile agus faoi cheilt; ag iarraidh, thairis sin, ar an Aontas ráthaíochtaí sonracha maidir le comhlíonadh chearta an duine a áireamh agus cistí an Aontais á leithdháileadh, lena n-áirítear trí institiúidí iltaobhacha agus airgeadais, agus a áirithiú nach ndéanfaidh na cistí sin greim fhorlámhach na réimeas sin a threisiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún na clásail um chearta an duine a agairt i gcomhaontuithe comhlachais aon uair a dhéanann sé sáruithe follasacha ar chearta an duine a nochtadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar parlaiminteach agus caidreamh idir daoine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an comhar parlaiminteach idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib ag méadú, go háirithe tríd an Tionól Parlaiminteach Eora-Mheiriceá Laidinigh (EuroLat), chomh maith le trí thionóil déthaobhacha, amhail leis an tSile agus Meicsiceo, agus tionóil pharlaiminteacha comhpháirteacha fo-réigiúnacha, lena gcuirtear idirphlé chun cinn maidir le príomh-shaincheisteanna amhail an trádáil, an tslándáil agus an fhorbairt inbhuanaithe; á aithint gur comhpháirt straitéiseach den chaidreamh idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib é EuroLat agus an ról lárnach atá aige maidir leis an gcomhpháirtíocht sin a neartú; á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar an 16ú seisiún iomlánach de EuroLat a tionóladh i Líoma ón 1 go dtí an 3 Meitheamh 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhordú feabhsaithe ann idir an Pharlaimint agus parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha i Meiriceá Laidineach chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar shaincheisteanna trasnáisiúnta atá i gcomhréir le tosaíochtaí comhair dhé-réigiúnacha agus atá ríthábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag an taidhleoireacht pharlaiminteach chun an caidreamh dé-réigiúnach a neartú trí idirphlé díreach a éascú le parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha; á iarraidh go mbeadh taidhleoireacht pharlaiminteach níos láidre ann chun tacú le próisis aistrithe dhaonlathacha agus chun acmhainneachtaí reachtacha pharlaimintí Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a neartú; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, oscailt oifig áitiúil na Parlaiminte i bPanama;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á thathant go dtabharfaí níos mó tacaíochta d’obair ríthábhachtach líonraí na sochaí sibhialta, do phobail diaspóra sa dá réigiún, do thionscnaimh duine le duine, do shoghluaisteacht na hóige agus d’Fhondúireacht AE-MLC chun feabhas a chur ar an gcaidreamh dé-réigiúnach agus go ndéanfaí infheistíocht níos mó inti;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á mholadh go n-áireofaí guthanna na hóige sa chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, trí mhalartuithe oideachais, tionscnaimh agus ardáin faoi stiúir na hóige a chur chun cinn lena gcuirfear ar chumas daoine óga rannchuidiú go fóinteach le próisis ceaptha beartas dhé-réigiúnacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí don chruinniú mullaigh idir an tAontas agus CELAC i mí na Samhna 2025</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cruinniú idir an tAontas agus CELAC agus cur chun feidhme na dtionscnamh faoi Threochlár 2023-2025 idir an tAontas agus CELAC; ag moladh an chuspóra cruinnithe mullaigh rialta a eagrú gach dhá bhliain; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gur gá treochlár nua agus uaillmhianach a ghlacadh ag cruinniú mullaigh 2025 in Santa Marta, an Cholóim, an 9-10 Samhain 2025 a neartóidh an chomhpháirtíocht tuilleadh agus atá ailínithe go soiléir leis na SFInna agus a chuireann san áireamh an leibhéal méadaitheach rannpháirtíochta dé-réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur deis thábhachtach a bheidh sa chruinniú mullaigh idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh atá ar na bacáin chun guth AE-MLC ar an domhan a chur chun cinn ar bhonn luachanna coiteanna, agus deis a thabhairt gealltanais pholaitiúla a athnuachan ar an leibhéal is airde agus clár oibre dé-réigiúnach uaillmhianach agus oibríochtúil a leagan síos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag dréim leis go neartóidh cruinniú mullaigh AE-CELAC an chomhghuaillíocht idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib chun na caighdeáin forbartha inbhuanaithe is airde a leagan síos ar an leibhéal iltaobhach agus an tiomantas comhpháirteach a athdhearbhú chun tacú le hathchóiriú na n-institiúidí iltaobhacha chun iad a dhéanamh níos cuimsithí agus níos éifeachtaí, go háirithe institiúidí airgeadais, a bhfuil ról bunúsach acu maidir le déileáil le fiachas agus samhail maoinithe idirnáisiúnta níos inbhuanaithe a cheapadh, lena n-áirítear maoiniú an chomhair um fhorbairt ar tugadh aghaidh air ag an 4ú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú na Forbraíochta in Sevilla na Spáinne; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá tacaíocht leanúnach an Aontais do lánpháirtiú réigiúnach Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus d’iarrachtaí lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin struchtúracha sheanbhunaithe don fhorbairt inbhuanaithe sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag dréim leis go rachaidh cruinniú mullaigh AE-CELAC ar aghaidh le bunú buansásra ilpháirtithe leasmhara le cistiú leordhóthanach, chun comhairliúcháin rialta a bhunú leis an tsochaí shibhialta, le ceardchumainn, le rialtais áitiúla agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile ón dá réigiún; ag aithint obair Fhondúireacht AE-MLC mar eagraíocht idir-rialtasach agus an rannchuidiú a d’fhéadfadh sí a dhéanamh leis an mbuansásra ilpháirtithe leasmhara;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur i bhfáth, ina leith sin, a thábhachtaí atá sé seasamh le prionsabail an smachta reachta, an daonlathais agus chearta an duine, agus ag iarraidh ar rannpháirtithe uile an chruinnithe mullaigh cloí leis na prionsabail sin; á chur i bhfios nach mbeifear in ann é sin a dhéanamh gan cuimsiú fíorthrédhearcach, cuimsitheach agus fóinteach na sochaí sibhialta; á iarraidh go n-áireofaí i gclár oibre an chruinnithe mullaigh plé maidir leis an daonlathas agus cearta an duine, amhail an ceart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin chothroma agus shaora, agus go n-áireofaí sna conclúidí ón gcruinniú mullaigh iarraidh láidir chun cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint; ag iarraidh ar an Aontas cúis an daonlathais agus chearta an duine a chosaint go láidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>ag iarraidh ar na páirtithe a dtiomantas comhpháirteach don tsíocháin, don daonlathas, don iltaobhachas, don ord domhanda riailbhunaithe, d’iomláine chríochach na stát, don smacht reachta, don cheartas idirnáisiúnta, don daonlathas, do chearta an duine, don cheartas sóisialta, don fhorbairt inbhuanaithe agus don tsaorthrádáil a athdhearbhú ag cruinniú mullaigh mhí na Samhna 2025, d’fhonn limistéar síochána, daonlathais agus rathúnais Eorpach, Mheiriceá Laidinigh agus Thrasatlantach a bhunú de réir a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag iarraidh ar na comhpháirtithe cogadh foghach leanúnach na Rúise a cháineadh go docht, go háirithe na sáruithe dáiríre uile uaithi ar an dlí idirnáisiúnta agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus tacaíocht thaidhleoireachta, airgeadais agus mhíleata a sholáthar don Úcráin; ag iarraidh ar na páirtithe iarrachtaí a chomhcheangal chun sos cogaidh buan, idirghabháil dhaonnúil in Gaza agus scaoileadh saor na ngiall uile a bhaint amach go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>ag iarraidh ar an Aontas agus ar CELAC dul chun cinn a dhéanamh maidir le gealltanais inláimhsithe ó thaobh an bhochtaineacht agus an neamhionannas a laghdú, comhtháthú, acmhainneacht institiúideach agus rialachas a chur chun cinn, agus cearta oibrithe a chosaint, agus leanúint de thacaíocht a thabhairt do rochtain uilíoch ar oideachas agus ar shláinte; á chur i bhfios go láidir gur gá teacht ar thiomantas dé-réigiúnach don Chomhshocrú Dé-réigiúnach um Chúram chun córais chuimsitheacha chúraim a chomhdhlúthú agus a mhaoiniú mar cholún don leas sóisialta, agus aitheantas á thabhairt don chúram mar cheart, mar fhreagracht chomhchoiteann agus mar réamhchoinníoll bunriachtanach don chomhionannas inscne, don cheartas sóisialta agus don fhorbairt inbhuanaithe san Aontas agus i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>ag iarraidh ar chruinniú mullaigh AE-CELAC an comhar maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, cosaint na bithéagsúlachta agus an comhrac i gcoinne an dífhoraoisithe, lena n-áiritheofar go gcuirfear beartais chomhshaoil agus dícharbónaithe chun feidhme go cothrom, go mbeidh an pobal áitiúil rannpháirteach san aistriú éiceolaíoch agus go mbainfidh siad tairbhe as agus go dtacófar leis na pobail is leochailí chun oiriúnú don athrú aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí gealltanais níos láidre chun seasamh le cearta na bpobal dúchasach i ngach gné den chomhar idir an tAontas agus CELAC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á mheas go bhfuil sé tábhachtach go ngeallfaidh an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib tionscnaimh ghlasa dhomhanda atá cóir go sóisialta a chur chun cinn go comhpháirteach, amhail conradh idirnáisiúnta a chaibidliú chun deireadh a chur leis an truailliú plaisteach, nó tógáil ar an meabhrán tuisceana maidir le bainistiú comhtháite rioscaí tubaiste, agus go spreagfaidh an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha; ag iarraidh ar na páirtithe a dtiomantas comhroinnte do chur chun feidhme éifeachtach Chomhaontú Pháras a athdhearbhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>ag spreagadh comhar leantach láidir maidir le cúrsaí digiteacha tríd an gComhghuaillíocht Dhigiteach idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib d’fhonn claochlú digiteach duinelárnach a chothú sa dá réigiún; á iarraidh go ndéanfaí creataí rialála sa réimse digiteach a ailíniú, go háirithe trí idirphlé maidir le cosaint sonraí, rialáil ardáin, eitic IS agus cibearshlándáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go dtiocfaidh méadú suntasach ar an gcomhar dé-réigiúnach sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhrugaí mar chuid de chur chuige cuimsitheach i leith shlándáil na saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á iarraidh go mbeadh tiomantas níos láidre ann don chomhar maidir le hoideachas, go háirithe trí chláir mhalartaithe faoi Erasmus+ a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá níos mó tacaíochta institiúidí, acmhainní agus saineolais theicniúil a chur ar fáil d’eagrú chruinnithe mullaigh rialta AE-CELAC; á iarraidh go gcruthófaí spás institiúideach buan idir cruinnithe mullaigh lena gcumasófar comhordú níos fearr, ullmhúchán níos fearr, cumarsáid níos tapúla agus faireachán ar spriocanna insoláthartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhairliúcháin rialta ilpháirtithe leasmhara ann, go háirithe roimh gach cruinniú mullaigh idir an tAontas agus CELAC agus ina dhiaidh, idir rialtais áitiúla agus an tsochaí shibhialta i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus an Coimisiún chun a áirithiú go mbeidh tionscadail Global Gateway ag teacht le baint amach na SFInna, chomh maith le tosaíochtaí forbartha áitiúla agus réigiúnacha; á iarraidh, ina theannta sin, go mbunófaí buansásra leantach ilpháirtithe leasmhara chun faireachán a dhéanamh ar chaidreamh AE-CELAC agus ar an dul chun cinn maidir le gealltanais a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht agus comhairliúchán fóinteach shochaí shibhialta an Aontais agus Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib araon a áirithiú le linn an chruinnithe mullaigh;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>