<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0227</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ról na rialacha simplí cánach agus na hilroinnte cánach in iomaíochas na hEorpa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0155/2025 -  Rapóirtéir: Michalis Hadjipantela)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Deireadh Fómhair 2025 ar ról na rialacha simplí cánach agus na hilroinnte cánach in iomaíochas na hEorpa (2024/2118(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 4 agus Airteagail 63 go 66 de maidir le prionsabail an mhargaidh inmheánaigh, saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine, agus Airteagail 113, 114 agus 115 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil<FOOTNOTE><FIELD> IO L 157, 26.6.2003, lch. 49, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/49/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir le córas comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí as Ballstáit difriúla<FOOTNOTE><FIELD> IO L 345, 29.12.2011, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/96/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais [15 %] a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO L 328, 22.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2523/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, arb é freagairt an Aontais ar chomhordú idirnáisiúnta cánach í,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na forbairtí leanúnacha maidir le réiteach dhá cholún an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuarascálacha críochnaitheacha ar Thionscadal ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) arna bhfoilsiú ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuarascálacha ar Threoirphleananna Cholún a hAon agus Cholún a Dó a ghlac Creat Cuimsitheach ECFE/G20 an 14 Deireadh Fómhair 2020, agus do na torthaí ar anailís eacnamaíoch agus measúnú tionchair ECFE an 12 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Dúshláin Chánach a eascraíonn as an Digitiú – Measúnú Tionchair Eacnamaíoch’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas ó Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS an 8 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Réiteach Dhá Cholún chun aghaidh a thabhairt ar na Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digiteáil an Gheilleagair,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rialacha samhla Cholún a Dó de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS an 20 Nollaig 2021 le haghaidh cur chun feidhme intíre 15 % de cháin íosta dhomhanda,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhlí Poiblí na Stát Aontaithe 117-169 an 16 Lúnasa 2022, ar a dtugtar an tAcht um Laghdú Boilscithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Cheannairí G20 Rio de Janeiro an 19 Samhain 2024 agus do Dhearbhú Aireachta G20 Rio de Janeiro maidir le Comhar Idirnáisiúnta Cánach an 25 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 79/235 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Nollaig 2024, maidir le comhar cánach idirnáisiúnta cuimsitheach agus éifeachtach a chur chun cinn ag na Náisiúin Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">An action plan for fair and simple taxation supporting the recovery strategy’</STRING> [Plean gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh] (COM(2020)0312),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Business taxation for the 21st century’</STRING> [Cánachas Gnó don 21ú hAois] (COM(2021)0251),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas (COM(2021)0823), chomh maith le seasamh na Parlaiminte an 19 Bealtaine 2022 maidir leis an togra seo<FOOTNOTE><FIELD> IO C 479, 16.12.2022, lch. 89.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún ó mhí Eanáir 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Tax compliance costs for SMEs: An update and a complement – final report’</STRING> [Costais chomhlíonta cánach do FBManna: Nuashonrú agus comhlánú – tuarascáil chríochnaitheach]<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna, KPMG, VVA, Di Legge, A. et al., <STRING ITALIC="on">Tax compliance costs for SMEs – An update and a complement – Final report,</STRING> Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2873/180570.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí (COM(2022)0216),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don Ré Dhigiteach (COM(2022)0701),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2022 le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis na socruithe comhair riaracháin CBL is gá don ré dhigiteach (COM(2022)0703),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 8 Iúil 2024 le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine leictreonach ó CBL (COM(2024)0278),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhaontú na Comhairle an 5 Samhain 2024 maidir le CBL sa phacáiste don ré dhigiteach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2025/50 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 maidir le faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/50, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/50/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (FASTER),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT) (COM(2023)0532),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 le haghaidh Treoir ón gComhairle lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (COM(2023)0528),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le praghsáil aistrithe (COM(2023)0529),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 agus an 18 Aibreán 2024 maidir leis an gcomhaontú nua maidir le hiomaíochas na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 maidir le Margadh Aonair chun tairbhe do chách,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú Bhúdaipeist ón gComhairle Eorpach maidir leis an gComhaontú Nua maidir le hIomaíochas na hEorpa, a glacadh an 8 Samhain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 11 Márta 2025 maidir le clár oibre um dhíthrangáil agus simpliú canach a chuireann le hiomaíochas an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Márta 2025 maidir le hiomaíochas, ina ndírítear ar shimpliú agus ar ualaí rialála agus riaracháin a laghdú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 16 Feabhra 2022 maidir le cur chun feidhme an Séú Treoir CBL: cad atá in easnamh chun bearna CBL an Aontais a laghdú?<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le beartas an Aontais i dtaca le cleachtais chánach dhíobhálacha a athchóiriú (lena n-áirítear an Mheitheal um an gCód Iompair a athchóiriú)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 24.3.2022, lch. 167.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Feabhra 2022 maidir le tionchar na n-athchóirithe cánach náisiúnta ar gheilleagar an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 14.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir le creat Eorpach um Cháin Iarchoimeádta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 172.</FIELD></FOOTNOTE>, ina n-iarrtar creat caighdeánaithe um cháin iarchoimeádta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir le tionchar na dteicneolaíochtaí ar an gcánachas: criptea-airgeadra agus blocshlabhra<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 14.4.2023, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 le moltaí don Choimisiún maidir le cánachas cothrom agus níos simplí lena dtacaítear leis an straitéis téarnaimh (obair leantach PE ar Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin de mhí Iúil agus ar a 25 thionscnamh i réimse CBL, an chánachais gnó agus an chánachais aonair)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 211.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 maidir leis na bearta leantacha ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 109.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do staidéar ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin an 19 Aibreán 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Local taxes on economic activity in municipalities in EU Member States’</STRING> [Cánacha áitiúla ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i mbardais i mBallstáit an Aontais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meitheamh 2023 ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó Pháipéir Pandora agus ó nithe eile a tháinig chun solais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/492, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/492/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, ina n-iarrtar freisin feabhas a chur ar thuairisciú agus ar chomhroinnt faisnéise,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 12 Nollaig 2023 ar athchóiriú breise ar rialacha cánachais corparáide<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4165, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4165/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Bealtaine 2022 maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Comhairle an Aontais Eorpaigh: Ardrúnaíocht na Comhairle, <STRING ITALIC="on">An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Tuarascáil ar an toradh deiridh – Bealtaine 2022,</STRING> Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2860/637445</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Enrico Letta ó mhí Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market’</STRING> [Margadh thar an gCoitiantacht]<FOOTNOTE><FIELD> Letta, E., Letta, E., <STRING ITALIC="on">Much more than a market, – Speed, Security, Solidarity, Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens</STRING>, Aibreán 2024.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’ </STRING>[Todhchaí iomaíochas na hEorpa]<FOOTNOTE><FIELD> Draghi, M., <STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] an 9 Meán Fómhair 2024.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0155/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag beartais chánach éifeachtacha, chothroma agus éifeachtúla maidir le fás inbhuanaithe fadtéarmach agus sochaithe cuimsitheacha a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur bhailigh Ballstáit an Aontais EUR 712 billiún i gcánacha in 2023 (lena n‑áirítear ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír éigeantacha), arb ionann é agus 4.,7 % sa bhreis ná mar a bailíodh in 2022<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Sonraí maidir le Treochtaí Cánachais’, a tugadh cothrom le dáta go deireanach an 10 Márta 2025.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil bearna shuntasach infheistíochta os comhair an Aontais; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach an bhearna sin a dhúnadh chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a áirithiú, lena bhfeabhsófaí an t-iomaíochas, agus lena ndéanfaí cuspóirí an Aontais maidir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, in 2023, go raibh an t-ualach cánach (i.e. ioncam cánach foriomlán mar sciar de OTI) san Aontas cothrom le 39,0 % de OTI, laghdú de bheagán i gcomparáid le 2022<FOOTNOTE><FIELD> ibid.</FIELD></FOOTNOTE>, ach cóimheas i bhfad níos airde fós féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go dtugtar le fios i meastacháin gurb ionann ioncam cánach domhanda neamhbhailithe agus thart ar EUR 500 billiún, agus go meastar nach mbailítear EUR 100 billiún de sin ó limistéar an Aontais; de bhrí go bhfuil tionchar ag cásanna neamhchomhlíonta cánach agus straitéisí pleanála ionsaithí cánach ar ioncam breise; de bhrí go mbaintear cistiú poiblí bunriachtanach de na Ballstáit leis na caillteanais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gurbh ionann cóimheas ioncaim CBL-OTI in 2023 agus 7.,% de OTI an Aontais agus 18,3 % d’ioncam iomlán rialtais<FOOTNOTE><FIELD> ibid.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir an Choimisiúin<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Chánachas agus um an Aontas Custaim, an Lárionad um Thaighde Sóisialta agus Eacnamaíoch (CASE), Oxford Economics, Syntesia, Bonch-Osmolovskiy, M. et al., <STRING ITALIC="on">VAT gap in the EU</STRING> –<STRING ITALIC="on">2024 report</STRING>, Poniatowski, G.(editor), Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://data.europa.eu/doi/10.2778/2476549.</FIELD></FOOTNOTE>, gurbh ionann bearna comhlíontachta CBL AE amháin in 2022 agus EUR 89,3 billiún, nó thart ar 7 % den ioncam CBL iomlán lena rabhthas ag súil; de bhrí, de réir meastachán, go bhfuil aon cheathrú cuid den bhearna chomhlíontachta CBL nasctha go díreach le calaois choiriúil CBL<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, <STRING ITALIC="on">Questions and Answers: VAT Gap 2022 report</STRING>, suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, an 8 Nollaig 2022, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/qanda_22_7519.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil difríocht idir na Ballstáit maidir lena spleáchas ar chánachas, maidir leis na cánacha a thoibhíonn siad chun an t-ioncam sin a bhailiú agus maidir leis an gcaoi ar athraigh siad a meascán cánach le deich mbliana anuas<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um Chánachas agus um an Aontas Custaim, <STRING ITALIC="on">Annual report on taxation 2024 – Review of taxation policies in the European Union</STRING>, [Tuarascáil bhliantúil 2024 maidir le cánachas – Athbhreithniú ar bheartais chánachais san Aontas Eorpach, 2024] https://data.europa.eu/doi/10.2778/10846.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go gcuireann costais chomhlíonta cánach ualach airgeadais breise ar chuideachtaí, a charnann sa bhreis ar an dliteanas cánach féin, rud a atreoraíonn am agus acmhainní ó dheiseanna infheistíochta eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, de réir meastachán, go meastar gurb ionann na costais iomlána maidir le comhlíonadh cánach sna 27 mBallstát den Aontas móide an Ríocht Aontaithe agus EUR 204 bhilliún, arb ionann é agus 1,3 % dá OTI le chéile; de bhrí gurb iad micrifhiontair a sheasann formhór mór na gcostas sin (87 %), agus gnólachtaí beaga (10 %) ina dhiaidh sin, rud a chuireann ualach riaracháin díréireach ar chuideachtaí beaga<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna, KPMG, VVA, Di Legge, A. et al., <STRING ITALIC="on">Tax compliance costs for SMEs – An update and a complement – Final report,</STRING> Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2873/180570.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin mhóra roimh na Ballstáit a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a n-ioncam cánach agus ar a meascán cánach amhail athruithe déimeagrafacha suntasacha, an t-athrú aeráide, an digitiú agus uathoibriú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, de réir na gConarthaí, gur inniúlacht náisiúnta de chuid na mBallstát go príomha é an cánachas;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go raibh tionchar neamhbheartaithe ag soghluaisteacht caipitil atá ag dul i méid, mar aon le treochtaí níos leithne an domhandaithe agus an digitithe le blianta beaga anuas, maidir le laghdú de réir a chéile a dhéanamh ar chumas tíortha aonair éifeachtacht a mbeartas cánach a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur measadh i staidéar 2022 ón gCoimisiún gur thabhaigh gnólachtaí laistigh de 28 mBallstát den Aontas a bhí ann an tráth sin, ar an meán, costas bliantúil comhlíontachta cánach arb ionann é agus 1,9 % dá láimhdeachas; de bhrí, i measc na gcánacha éagsúla, gur mheas gnólachtaí gurb iad CBL agus cáin chorparáideach na cánacha sin ag a bhfuil an t-ualach comhlíontachta is airde;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go dtugtar rabhadh i dtuarascáil chuimsitheach Draghi maidir le staid eacnamaíoch an Aontais go bhfuil laghdú ag teacht ar tháirgiúlacht agus iomaíochas an Aontais, agus gur luadh, gan gníomhaíocht chinntitheach, go bhfuil ‘meath mall agus léanmhar’ os comhair an Aontais, agus béim á leagan freisin ar an ngá atá le beartais chomhordaithe – lena n-áirítear, mar shampla, deireadh a chur le bacainní neamhriachtanacha agus bacainní maorlathacha a bhaineann le cánachas a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go gcruthaíonn ilroinnt an bheartais cánach agus ceapadh beartais cánach atá róchasta bacainní éagsúla do chuideachtaí agus do shaoránaigh sa mhargadh aonair, amhail éiginnteacht dhlíthiúil, rómhaorlathas, riosca cánachais dhúbailte agus deacrachtaí maidir le haisíocaíochtaí cánach a éileamh; de bhrí go ndíspreagann na bacainní sin gníomhaíocht eacnamaíoch trasteorann sa mhargadh aonair agus go gcruthaíonn siad rioscaí do na húdaráis chánach, amhail neamhchánachas dúbailte agus deiseanna d’arbatráiste cánach; de bhrí go dtugtar chun suntais i dtuarascáil chuimsitheach Draghi freisin an gá atá le ‘deireadh a chur le haon bhacainní cánachais ar infheistíocht trasteorann san Aontas’ chun ilroinnt an mhargaidh caipitil a laghdú agus á chur i bhfáth ‘gur cheart go mbeadh saoránaigh an Aontais in ann infheistíocht a dhéanamh i mBallstáit eile gan nósanna imeachta casta cánachais, a mbíonn cánachas dúbailte mar thoradh éifeachtach orthu’;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go dtugtar chun suntais i dtuarascáil Letta, go bhfuil ilroinnt chánach fós ina bacainn mhór ar ghnólachtaí agus FBManna an Aontais go háirithe, agus go bhfuil ailíniú níos fearr trí chomhoibriú ar chreat cánach an Aontais ríthábhachtach chun saorghluaiseacht oibrithe, earraí agus seirbhísí a éascú agus chun tacú le fás agus infheistíocht phríobháideach<FOOTNOTE><FIELD> Letta, E., <STRING ITALIC="on">Much more than a market, – Speed, Security, Solidarity, Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens</STRING>, Aibreán 2024, lch. 91, 111.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur príomhionstraim é an cánachas láidir agus cothrom chun an t-ioncam is gá a ghiniúint chun infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí leasa ghinearálta agus chun iad a choinneáil ar bun ar fud réigiúin uile an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cánachas agus an timpeallacht ghnó</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go bhfágfadh rialacha cánach simplí agus intuartha go mbeadh sé níos éasca do cháiníocóirí a gcánacha a íoc agus do rialtais ioncam a riar agus a bhailiú; á thabhairt chun suntais gur gá Aontas atá fabhrach do chomhlíonadh agus a thacaíonn le gnó a chruthú, inar féidir le hearnálacha táirgiúla dul san iomaíocht agus rath a bheith orthu agus inar féidir le hoibrithe pá cothrom a thuilleamh agus tacú leis an dá aistriú ag an am céanna; á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann go ndíspreagfaí infheistíocht le rialacha cánachais atá róchasta, agus ag tabhairt dá haire ag an am céanna gur cheart go seachnófaí saobhadh ar chinnteoireacht na ngníomhaithe eacnamaíocha le ceapadh an bheartais cánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an bhagairt ar cheannasacht chánach an Aontais a cuireadh in iúl i ráitis ó Uachtarán na Stát Aontaithe an 2 Aibreán 2025 maidir le CBL i mBallstáit an Aontais, mar chuid den údar le taraifí a fhorchur ar allmhairí chuig na Stáit Aontaithe ón Aontas; ag cur béim ar an bhfíoras go mbaineann cogaí trádála an bonn ó ghnólachtaí agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit teorainn a chur leis an suaitheadh trádála comhfhreagrach agus dul i gcomhairle le geallsealbhóirí Eorpacha agus cinntí á ndéanamh acu mar fhreagairt ar na taraifí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth, mar a luaitear i dtuarascáil Draghi, gur bac suntasach iad rialacha cánach atá éagsúil ar fud an Aontais ar fhíormhargadh aonair a bhaint amach; á aithint nach mór do chreat cánach an Aontais seasamh go docht le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, chomh maith le comhar, chun costais chomhlíonta do ghnólachtaí a laghdú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé de cheart ag na Ballstáit a gcórais chánach a chur in oiriúint dá riachtanais náisiúnta shonracha, agus caighdeáin choiteanna á gcomhlíonadh ag an am céanna, agus iarrachtaí a chomhordú chun calaois chánach agus imghabháil cánach a chomhrac, malartú tráthúil faisnéise a áirithiú agus cothrom iomaíochta a chur chun cinn; á chreidiúint gur féidir na torthaí sin a ghnóthú, go sonrach, trí chothromaíocht a bhaint amach idir urraim d’inniúlachtaí náisiúnta agus léirmhíniú comhsheasmhach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth, cé is moite d’iarrachtaí comhchuibhithe, gur féidir dul chun cinn suntasach a bhaint amach maidir le comhlíonadh cánach a shimpliú agus deireadh a chur le bacainní riaracháin sa mhargadh inmheánach trí uirlisí coiteanna cur chun feidhme – mar shampla, teimpléid chaighdeánaithe le haghaidh bailiú agus tuairisciú sonraí, treoraíocht ón gCoimisiún, agus idirphlé agus malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil cuideachtaí an Aontais, go háirithe FBManna, ina bpríomhspreagthaí don fhás eacnamaíoch agus do chruthú post ar fud na mór-roinne; á mheabhrú go bhfuil dúshláin shuntasacha fhioscacha roimh FBManna mar gheall ar rialacháin chánach chasta agus córais chánach ilroinnte, lena bhforchuirtear ualaí arda riaracháin agus costais chomhlíontachta, agus go meastar gurb ionann costais chomhlíontachta FBManna agus thart ar 30 % de na cánacha a íoctar i gcomparáid le thart ar 2 % do chuideachtaí móra, rud a chuireann bac ar a bhfás agus ar a nuálaíocht; ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na dtograí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ar FBManna, agus féachaint ar réitigh a shimplíonn nósanna imeachta cánach agus a laghdaíonn costais chomhlíonta, i ndlúthchomhar leis na húdaráis chánach náisiúnta; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhfáth atá leis an easpa dul chun cinn sa Chomhairle maidir leis an treoir atá beartaithe lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige do FBManna agus á iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn nithiúil agus réitigh indéanta chun dul chun cinn a dhéanamh ina leith sin; á iarraidh go ndéanfaí sraith straitéisí atá cuimsitheach agus soláimhsithe a fhorbairt do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear treoirlínte, teimpléid agus roghanna uathoibrithe comhdaithe cánach le haghaidh CBL, cáin chorparáide, párolla agus oibleagáidí eile, a bheidh ar fáil saor in aisce agus a thabharfar cothrom le dáta go rialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur sonrú i dtuarascáil Draghi maidir le tograí cánachais earnáilsonracha, go háirithe na moltaí maidir le costas an tomhaltais leictreachais a laghdú gan an bonn a bhaint ó iomaíochas an Aontais, lena ndéantar infheistíocht a dhíspreagadh, dochar do chruthú post nó muinín ghnó a lagú; ina leith sin, ag aithint an mhachnaimh neamhfhoirmiúil a rinne airí airgeadais an Aontais i mí Eanáir 2025 maidir le praghsanna arda fuinnimh agus maidir le tosaíocht a thabhairt dóibh; á chur i gcuntas an obair leanúnach ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/96/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lena dtugtar chun suntais a thábhachtaí atá uaillmhianta aeráide, réaltachtaí eacnamaíocha reatha, praghsanna arda fuinnimh agus riachtanais nascachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iomaíochas agus fás cuimsitheach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur téarma leathan é an t-iomaíochas, ina dtagraítear do ráta táirgiúlachta atá in ann fás inbhuanaithe a spreagadh agus, dá réir sin, ioncam agus leas do chách; á chur i bhfáth nach hé amháin go bhfuil geilleagar iomaíoch fabhrach do ghnólachtaí, ach go soláthraíonn sé ardleibhéil fostaíochta agus leasa shóisialta, go ndéanann sé cumas nuálaíochta, deiseanna oideachasúla agus bonneagar leormhaith oideachasúil, agus institiúidí láidre agus caighdeáin láidre maidir leis an smacht reachta a sholáthar; á aithint go bhfuil cánachas éifeachtúil agus éifeachtach – lena n-áirítear bearta chun srian a chur le hiomaíocht dhíobhálach chánach agus rás go grinneall, ó thaobh rátaí cánach de – ríthábhachtach, chun na hacmhainní poiblí is gá a ghiniúint le haghaidh infheistíocht leanúnach phoiblí agus phríobháideach lena bhfeabhsófar iomaíochas, comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch agus fás an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi conclúidí na Comhairle Eorpaí i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hIomaíochas na hEorpa; á chur in iúl gur oth léi, ina leith sin, go bhfuil réimse an chánachais chun iomaíochas na hEorpa a fheabhsú fágtha ar lár; á iarraidh go mbeadh comhar cánach níos fearr ann laistigh den Aontas, lena laghdófaí ilroinnt agus castacht agus lena gcothófaí comhar agus muinín níos fearr i measc na mBallstát ós rud é gur den ríthábhacht é chun iomaíochas gheilleagar na hEorpa a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige comhordaithe chun trédhearcacht chaiteachas cánach an rialtais a fheabhsú, chun a áirithiú go bhfuil na spriocanna beartais inmhianaithe á dtáirgeadh aige i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí coiteanna an Aontais ar bhealach costéifeachtach, nach bhfuil aon tionchar gan choinne ná diúltach aige ar an margadh inmheánach, agus nach gcuirtear deiseanna ar fáil leis i gcomhair imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi conclúidí na Comhairle Eorpaí maidir le díthrangláil agus simpliú cánach; á chur i bhfáth gur cheart go ndíreodh tionscnaimh an Aontais amach anseo maidir le cánachas ar shimpliú riaracháin, ar dheireadh a chur (i gcás inarb ábhartha) le rialacha cánach forluiteacha, ar shoiléireacht a mhéadú agus ar chur i bhfeidhm rialacha cánach a chuíchóiriú, agus ar aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí nó neamhéifeachtúlachtaí sainaitheanta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh aonair; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún comhar níos láidre a éascú agus a spreagadh idir na Ballstáit agus riaracháin cánach náisiúnta chun léirmhíniú níos comhsheasmhaí ar reachtaíocht chánach dhíreach agus indíreach a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cur sonrú sa taighde a rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin in 2022, lena bhfionntar gur féidir le hioncam chuig buiséid áitiúla ó chánacha ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áitiúla feidhmiú mar dhreasacht do bhardais chun gníomhú go háitiúil agus borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, dlús a chur leis an taighde sin agus dul i mbun cleachtaí foghlama frithpháirtí leis na Ballstáit chun bardais a spreagadh chun aire a thabhairt dá ngnólachtaí, lena ndéantar, dá bhrí sin, leas a bhaint as acmhainneacht neamhshaothraithe le haghaidh tuilleadh fáis eacnamaíoch ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir le dreasachtaí cánach dea-cheaptha agus cuí-réasúnaithe a bhfuil tábhacht eacnamaíoch agus tairbhí socheacnamaíocha ag baint leo tacú le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann spriocanna poiblí chun cinn, lena n-áirítear limistéir fhorimeallacha agus limistéir atá faoi mhíbhuntáiste geografach ar shlí eile san Aontas; ag tabhairt dá haire nach amháin gur cheart do dhreasachtaí cánach na Conarthaí agus na srianta a bhaineann le spás fioscach a chomhlíonadh, ach nár cheart ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a bheith mar thoradh orthu freisin, agus á iarraidh go mbeadh sraith uirlisí ann chun idirphlé, trédhearcacht agus comhordú idir na Ballstáit maidir le dreasachtaí cánach a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún treoirlínte neamhcheangailteacha a eisiúint maidir le dreasachtaí cánach agus á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh staidéir ar éifeacht chur chun feidhme rialacha Cholún a Dó ECFE maidir le dreasachtaí cánach agus moltaí a eisiúint chun a n‑éifeachtacht a áirithiú laistigh de chreat Cholún a Dó; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go leanfaidh dreasachtaí cánach de bheith comhsheasmhach le creat Státchabhrach an Aontais; ag meabhrú ghealltanais an Aontais maidir leis an athrú aeráide agus thacaíocht leanúnach Pharlaimint na hEorpa do na spriocanna sin, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iarrachtaí a chomhordú agus breithniú a dhéanamh ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag dreasachtaí cánach d’infheistíochtaí glasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil roinnt tionscnaimh reachtacha i réimse an chánachais nach bhfuil ag dul chun cinn; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur gá deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a chur ar fáil do ghnólachtaí an Aontais; ag cur suntas sna soiléirithe a thug an Coimisiún ar na tionscnaimh atá le tarraingt siar i réimse an chánachais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Simpliú cánach agus digitiú cánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag meabhrú thosaíocht an Choimisiúin simpliú gnó ar fud na mbeartas uile a áirithiú, lena n-áirítear cánachas laistigh dá inniúlachtaí, agus é mar aidhm ceanglais tuairiscithe a laghdú 25 % ar a laghad (agus faoi 35 % ar a laghad i gcás FBManna); á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún, i ndlúth-idirphlé leanúnach leis na Ballstáit, measúnuithe tionchair <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> a dhéanamh go córasach ar na tograí reachtacha nua uile a bhaineann le cáin, chomh maith le seiceáil iomaíochais ar na bearta reatha chun an laghdú a bhfuiltear ag súil leis ar ualaí riaracháin a chainníochtú agus chun a áirithiú go mbeidh rialacha nua i gcomhréir le cuspóirí fáis eacnamaíoch agus le cuspóirí aistrithe ghlais agus aistrithe dhigitigh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún gach cás de thuairisciú dúblach a shainaithint agus deireadh a chur leis agus córas le haghaidh comhroinnt éifeachtúil sonraí idir riaracháin chánach a bhunú, lena ndéanfaí, dá bhrí sin, faoiseamh a thabhairt do cháiníocóirí ó oibleagáidí tuairiscithe dúbailte; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhféadfaí gnóthachain shimplí a dhéanamh, amhail Treoir (AE) 2021/2101<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2021/2101 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe (IO L 429, 1.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/2101/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le tuairisciú poiblí de réir tíre a leasú chun coibhéis a dheonú idir rialacha an Aontais agus 207 gcaighdeán tuairiscithe an Tionscnaimh Tuairiscithe Domhanda maidir le cáin; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na coibhéise sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibleagáidí cánach do thionscal na cosanta a chuíchóiriú, trí dhíolúintí CBL don soláthar a leathnú agus a shimpliú i gcomhthéacs thionscnaimh chomhpháirteacha chosanta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí Mol Sonraí Cánach an Aontais chun feabhas a chur ar uathmhalartú faisnéise cánach agus chun ualaí riaracháin a laghdú; ag moladh don Choimisiún agus do na Ballstáit cur leis na huirlisí atá ann cheana, amhail an Córas Malartaithe Faisnéise CBL (VIES) agus an Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS), agus féachaint lena gcur i bhfeidhm a leathnú chuig réimsí amhail cánachas díreach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don mhol sin anailís chomhpháirteach a chumasú ar fhaisnéis atá ábhartha do phróiseas rialaithe an chánachais a bhfuil comhpháirt trasteorann ag baint leis, dúbailt a chosc agus feidhmiú mar phointe rochtana aonair do riaracháin chánach ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag ríomhshonrascadh chun trédhearcacht a fheabhsú, ualaí riaracháin a laghdú, agus úsáid phraiticiúil agus éifeachtúil na sonraí tuairiscithe a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú, in éagmais tuairisciú láidir, nach mbeadh an fhaisnéis bhunúsach is gá ag riaracháin chánach chun cleachtais chánach mhí-úsáideacha a bhrath, a imscrúdú agus a chosc; á chur i bhfios go láidir go bhfuil rochtain ar shonraí cánach tráthúla agus cuimsitheacha bunriachtanach chun cothroime na gcóras cánach a choimirciú agus chun ioncam poiblí a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á aithint, chun údar a thabhairt leis na costais a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas tuairiscithe, go bhfuil gá le riaracháin chánach éifeachtúla a bhfuil acmhainní maithe acu, ag a bhfuil pearsanra atá oilte go leormhaith agus bonneagar digiteach nua-aimseartha; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht na n‑údarás cánach chun a áirithiú go mbainfear leas iomlán as na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil rialacha cánach simplí, cobhsaí agus intuartha bunriachtanach do gheilleagar iomaíoch agus go rannchuideoidh siad le poist agus fás eacnamaíoch a chruthú; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a eisiúint i dtreo córas cánach simplithe iomaíoch chun an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí agus ar shaoránaigh a laghdú, i gcás ina meastar é a bheith iomchuí, mar shampla trí úsáid na hUimhreach Aitheantais Cánach a chuíchóiriú ar fud na mBallstát, agus i réimse na ndreasachtaí cánach; á aithint gur réitigh thábhachtacha iad deimhneacht chánach, simpliú a dhéanamh ar nósanna imeachta aisíocaíochta agus ar asbhaintí chun an t-ualach riaracháin a laghdú, go háirithe do FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá simpliú cánach ar bhonn uilechoiteann; á chur i bhfáth gur gá rannpháirtíocht mhiondíola i margaí caipitil a mhéadú trí nósanna imeachta dearbhaithe cánach a shimpliú do chuntais choigiltis agus infheistíochta, go háirithe nuair a bhíonn dreasachtaí cánach ag gabháil leis na cuntais sin; ag cur sonrú, thairis sin, i dtreoirthionscadail an Choimisiúin maidir le comhlíonadh comhoibritheach do ghnólachtaí, arb é is aidhm dóibh iniúchtaí a laghdú agus feabhas a chur ar réiteach díospóidí do chuideachtaí a chomhlíonann ardchaighdeáin chomhlíontachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir acmhainneacht an digitithe, go háirithe an intleacht shaorga (IS), mar uirlis chun ualaí riaracháin agus costais chomhlíonta a laghdú do chuideachtaí, go háirithe FBManna, agus chun tacú le calaois CBL a bhrath, agus gné dhaonna le haghaidh seiceálacha cáilíochta á coinneáil ag an am céanna agus chun coimircí i gcoinne rioscaí idirdhealaithe a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur féidir leis an digitiú riarachán cánach poiblí a fheabhsú freisin, ar choinníoll go ráthaítear trédhearcacht agus maoirseacht leordhóthanach ar chinnteoireacht uathoibrithe a bhaineann le cáin; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit digitiú agus simpliú an riaracháin cánach a chur chun cinn, agus comhar, comhordú agus malartú dea-chleachtas agus fios gnó i measc na n-údarás náisiúnta á bhfeabhsú ag an am céanna, agus an Coimisiún ag gníomhú mar éascaitheoir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit acmhainní leormhaithe daonna agus airgeadais a leithdháileadh chun aon reachtaíocht chánach nua a chur chun feidhme agus chun riaracháin chánach a nuachóiriú, go háirithe trí infheistíocht a dhéanamh i soláthar foirne, in oiliúint, agus i gcórais TF chomhtháite, idir-inoibritheacha agus i gcomhairliúcháin leis an earnáil phríobháideach; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar a thacaíocht tríd an gclár Fiscalis agus clár cistiúcháin tiomnaithe de chuid an Aontais a fhiosrú chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na hinfheistíochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú agus simpliú a dhéanamh, laistigh de theorainneacha a inniúlachta agus i ndlúth-idirphlé leanúnach leis na Ballstáit, ar an gcreat CBL atá ann faoi láthair, chun ualaí riaracháin a laghdú, lena n-áirítear do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí pobail, iomaíochas a fheabhsú agus an bhearna idir an t-ioncam a bhfuiltear ag súil leis agus an méid a bhailítear go hiarbhír a laghdú (bearna CBL); ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh córas CBL simplithe agus nuachóirithe ann le teorainneacha ar dhíolúintí agus ar rátaí neamhchaighdeánacha, arb é is aidhm dó iomaíocht chóir a chur chun cinn, costais chomhlíonta a laghdú agus comhlíonadh deonach a fheabhsú; ag cur sonrú sa phacáiste CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA) agus á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire agus comhsheasmhacha a eisiúint chun tacú le cur chun feidhme rianúil Threoir (AE) 2025/516<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2025/516 an 11 Márta 2025 ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach (IO L, 2025/516, 25.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/516/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go sonrach maidir le Ceanglas an Aontais maidir le Tuairisciú Digiteach; á thabhairt chun suntais go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir na Ballstáit maidir leis an mbearna comhlíontachta CBL agus á chur in iúl gur geal léi pacáiste ViDA mar uirlis chun trédhearcacht a fheabhsú agus calaois a laghdú; ag tathant go ndéanfaí cur chun feidhme comhordaithe ar an leibhéal náisiúnta chun comhleanúnachas a áirithiú agus go mbeadh samhail an Ionaid Ilfhreastail CBL éifeachtúil agus soláimhsithe don úsáideoir, go háirithe do FBManna; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh athchóirithe chun clárú leictreonach CBL a éascú do ghnólachtaí beaga agus chun digitiú bhailiú CBL a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an Ionad Ilfhreastail CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann gnólacht le tomhaltóir agus é a leathnú, agus é mar aidhm aige an t-ualach riaracháin agus na costais chomhlíonta a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil athrú suntasach tagtha ar iompar ceannaigh le deich mbliana anuas, le borradh faoin ríomhthráchtáil le linn phaindéim COVID-19 arb ann dó fós inniu; á aithint gur cheart do cheannacháin ar líne rannchuidiú le comhlíonadh CBL níos fearr mar gheall ar an rian iniúchóireachta leictreonaí, ach go gcuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le bearna CBL 2024 nach bhfuil an comhghaol chomh soiléir céanna mar gheall ar na castachtaí a eascraíonn as díolacháin ar líne; ag tathant ar an gCoimisiún a mheas i dtaobh an bhfuil <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> CBL oiriúnach don fheidhm, i bhfianaise an tóir mhéadaithe atá ar ríomhthráchtáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh go bhfeabhsófaí Treoir 2008/9/CE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2008/9/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le haisíocaíocht cánach breisluacha, dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE, do dhaoine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát aisíocaíochta ach atá bunaithe i mBallstát eile (IO L 44, 20.2.2008, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/9/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé féachaint ar aisíocaíochtaí CBL trasteorann a chomhtháthú i samhail an Ionaid Ilfhreastail, chun comhlíonadh CBL a shimpliú tuilleadh do ghnólachtaí atá i mbun trádáil trasteorann, agus ailíniú le hoibleagáidí CBL atá ann cheana ar fud na mBallstát á áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí príomhchoincheapa i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go ndéanfaí cuíchóiriú ar shainmhínithe le haghaidh córas CBL níos éifeachtaí, lena n‑áirítear, mar shampla, léirmhínithe coiteanna a chur i bhfeidhm ar ‘earraí suiteáilte agus cóimeáilte’, mar a leagtar amach in Airteagal 36 de Threoir CBL<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach na sainmhínithe ar bhuanbhunaíocht agus ar bhunaíochtaí seasta nó bhunaíochtaí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le córas CBL níos inbhuanaithe agus níos cothroime agus tuilleadh machnaimh á dhéanamh ar an gcaoi ar féidir rátaí CBL a úsáid chun spriocanna inbhuanaitheachta a bhaint amach; á mholadh don Choimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh an féidir deireadh a chur le muirir CBL ar earraí a sholáthraítear saor in aisce ar mhaithe leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil cuspóir dlisteanach ag rátaí laghdaithe CBL tacú le spriocanna leathana sóisialta agus eacnamaíocha na mBallstát, lena n-áirítear tacaíocht do bhaill leochaileacha na sochaí agus do leanaí, go méadaíonn a gcur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne éiginnteacht dhlíthiúil agus castacht an chórais cánach; á thabhairt chun suntais, cé go bhféadfadh laghdú ar phraghsanna don tomhaltóir a bheith mar thoradh ar rátaí laghdaithe CBL, go mbraitheann sé sin freisin ar thosca eile; á mheas, dá bhrí sin, go mbeidh athbhreithniú agus measúnú tréimhsiúil ar cé na rátaí laghdaithe CBL atá fós riachtanach agus éifeachtach chun spriocanna beartais beartaithe na mBallstát a bhaint amach úsáideach chun tabhairt faoin gcúram simpliúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag athdhearbhú sheasamh Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcóras Cánach Ceannoifige atá beartaithe do FBManna, an treoir ‘Unshell’ atá beartaithe agus an liúntas atá beartaithe chun claontacht fiachais-cothromais a laghdú (DEBRA);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir le castacht na n-idirghníomhaíochtaí idir córais chánach náisiúnta éagsúla, agus le neamhréireachtaí sna hidirghníomhaíochtaí sin, éagothroime iomaíochta a chruthú, agus go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leis sin infheistíochtaí trasteorann a dhíspreagadh, rud a d’fhéadfadh a bheith an-mhíbhuntáisteach do FBManna agus do ghnólachtaí intíre amháin, nach bhfuil na hacmhainní acu chun bheith rannpháirteach i scéimeanna casta pleanála cánach, agus, dá bhrí sin, a bhfuil timpeallacht iomaíoch éagórach rompu nach bhfuil fabhrach d’uas-scálú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag cur sonrú san an obair ar an nGnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT); ag meabhrú chuspóirí an Choimisiúin, agus BEFIT á mholadh aige, castacht na rialacha cánach agus na costais chomhlíontachta do ghnólachtaí an Aontais a bhfuil oibríochtaí trasteorann acu a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé ilroinnt a laghdú agus cothrom iomaíochta a chruthú do ghnólachtaí laistigh den mhargadh inmheánach; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór d’aon tionscnamh de chuid an Aontais breisluach a sholáthar sa chiall dhlíthiúil agus eacnamaíoch araon, agus á iarraidh go mbeadh cur chuige éifeachtach agus cothrom ann a rachaidh chun tairbhe do na Ballstáit uile, a urramóidh prionsabal na coimhdeachta agus a bheidh ag teacht go comhleanúnach le cur chun feidhme rialacha Cholún a Dó ECFE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Colúin a hAon agus a Dó ECFE agus cánachas idirnáisiúnta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag athdhearbhú thiomantas láidir an Aontais do chur chun feidhme chur chuige dhá cholún Chreat Cuimsitheach ECFE/G20, agus an staid reatha maidir le rialacha Cholún a Dó á cur san áireamh, lena n-áirítear an tOrdú Feidhmiúcháin a d’eisigh Uachtarán na Stát Aontaithe le déanaí an 20 Eanáir 2025 ina ndearbhaítear nach bhfuil aon fheidhm ná éifeacht ag Comhaontú Cánach Domhanda ECFE sna Stáit Aontaithe; ag tathant ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt d’obair a choinníonn agus a chosnaíonn an comhaontú, chun cosc a chur ar fhilleadh ar iomaíocht dhíobhálach cánach ar chostas an ioncaim phoiblí agus leasanna an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi phleananna teagmhasacha agus gníomhaíocht mhear spriocdhírithe a dhéanamh chun sláine agus éifeachtacht Threoir Cholún a Dó a chosaint,<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (IO L 328, 22.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2523/oj).</FIELD></FOOTNOTE> leasanna an Aontais a chosaint agus frithbhearta a chosc; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí simpliú riaracháin a dhéanamh i gcur chun feidhme Threoir Cholún a Dó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do Cholún a Dó íosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas Eorpach; á chur in iúl gur geal léi a thrasuí sa dlí náisiúnta; á iarraidh go mbeadh soiléireacht dhlíthiúil ann, agus na difríochtaí idir rialacha Cholún a Dó ECFE agus a gcur chun feidhme ag na Ballstáit á gcur i gcuntas, go háirithe i ndáil le gníomhaíochtaí loingseoireachta, ionas nach gcruthófar córais chánachais chontrártha a bhféadfadh mearbhall a bheith mar thoradh orthu; ag dréim leis go dtabharfar chun críche go luath an próiseas chun an treoir riaracháin a chaibidliú agus a fhoilsiú agus go dtabharfar an deimhneacht is gá do chuideachtaí a thagann faoi raon feidhme Cholún a Dó; ag dréim le tuilleadh forbairtí maidir le tearmainn atá ann cheana chun comhlíonadh a éascú, amhail buantearmann sábháilte a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt chun suntais go raibh ról iarmhartach ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) maidir le calaois chánach agus imghabháil cánach a shainaithint agus a imscrúdú, agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar éifeachtach idir na comhlachtaí sin agus leis na húdaráis chánach náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á aithint gur fhoilsigh ECFE an Coinbhinsiún Iltaobhach i mí Dheireadh Fómhair 2023, lenar leagadh síos na rialacha teicniúla chun Méid A de Cholún a hAon a chur chun feidhme agus an chaibidlíocht leanúnach ina leith; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí ionchasacha a bhaineann le Cáin ar Sheirbhísí Digiteacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bacainní cánach sa mhargadh aonair</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cur sonrú i dtuarascáil Letta agus an tagairt don 28ú córas deonach, arb é is aidhm dó gnólachtaí nuathionscanta nuálacha a mhealladh agus a choinneáil san Aontas; ag tabhairt dá haire go gcruthaíonn tírdhreach cánach ilroinnte an Aontais castacht, éiginnteacht agus costais arda chomhlíonta do ghnólachtaí an Aontais, go háirithe FBManna, agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar na tairbhí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an rogha maidir leis an 28ú córas agus measúnú a dhéanamh orthu; á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar bhacainní cánach ar infheistíocht trasteorann chun an róspleáchas ar fhiachas a laghdú agus an cothromas i maoiniú gnó a mhéadú; ag meabhrú, ina leith sin, thuarascáil Draghi, ina dtugtar chun suntais gur cheart do shaoránaigh an Aontais a bheith in ann infheistíocht a dhéanamh i mBallstáit eile gan nósanna imeachta casta cánachais, rud a mbeadh cánachas dúbailte mar thoradh air go héifeachtach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach cloí leis na prionsabail sin chun mol infheistíochta iomaíoch agus nuálaíocht-tiomáinte a dhéanamh den Aontas; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé féachaint ar bhealaí chun rialacha maidir le doiciméadacht praghsála aistrithe a shimpliú agus a chaighdeánú ar fud an Aontais, lena n-áirítear measúnú cúramach agus cothrom ar na tairseacha agus ar na critéir ábharthachta atá ann cheana agus sainiúlachtaí na mBallstát á gcur i gcuntas ag an am céanna, agus é mar aidhm leis sin costais chomhlíonta d’idirbhearta a laghdú, gan caighdeáin trédhearcachta a chur i mbaol agus gan pleanáil ionsaitheach cánach agus imghabháil cánach a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil treoraíocht nithiúil ag gabháil le Compás Iomaíochais an Choimisiúin maidir le bacainní cánachais ar infheistíochtaí trasteorann a bhaint; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéir spriocdhírithe a dhéanamh lena ndéanfaí measúnú ar éifeachtaí eacnamaíocha agus iomaíocha na hilroinnte sin, agus béim á leagan ar na hearnálacha is mó a ndéantar difear dóibh a shainaithint agus bearta nithiúla a mholadh chun córais chánach a shimpliú agus muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a neartú, go háirithe chun tacú le FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tháinig Treoir FASTER<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2025/50 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 maidir le faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha (IO L, 2025/50, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/50/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le cáin shiarchoinneálach i bhfeidhm le déanaí mar chéad chéim thábhachtach i dtreo nósanna imeachta cánach trasteorann laistigh den Aontas a nuachóiriú agus a chuíchóiriú; ag cur sonrú sna moltaí i dtuarascáil Draghi agus ag meabhrú mholtaí Pharlaimint na hEorpa ina rún maidir le creat cánach iarchoimeádta<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 ar chreat Eorpach um Cháin Iarchoimeádta (IO C 347, 9.9.2022, lch. 172).</FIELD></FOOTNOTE>, a bhfuil a bhunú bunriachtanach chun castacht a laghdú, deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú d’infheisteoirí, agus bac a chur ar chleachtas na siopadóireachta conarthaí; á chur i bhfios freisin go bhféadfadh athchóiriú ar bheartas cánach comhtháthú breise mhargaí caipitil an Aontais a éascú, i gcomhthéacs an aontais coigiltis agus infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún suirbhé a dhéanamh ar na bacainní atá ann cheana atá bunaithe ar chánachas ar chomhtháthú an mhargaidh aonair, agus plean gníomhaíochta a chur ar fáil chun dul i ngleic leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh go mbeadh treoirphrionsabail ann maidir le cearta cáiníocóirí i leith bacainní cánach atá fós ann laistigh den mhargadh aonair a shainaithint agus dea-chleachtais a thagann ó gach cearn den Aontas a mholadh chun feabhas a chur ar thaithí na gcáiníocóirí, agus a áirithiú ag an am céanna nach gcuirfidh na treoirphrionsabail sin teorainn le cumas na mBallstát bearta frith-mhí-úsáide a bheith i bhfeidhm acu chun forfheidhmiú cuí a ndlíthe cánach a áirithiú; á aithint go bhfuil drogall ar an gCoimisiún an teachtaireacht atá beartaithe maidir le cearta na saoránach mar cháiníocóirí a chur i láthair, ar teachtaireacht í a fógraíodh ina phlean gníomhaíochta do 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an aontas coigiltis agus infheistíochta, agus go háirithe an toilteanas deireadh a chur leis na difríochtaí i nósanna imeachta cánachais náisiúnta a chruthaíonn ualach riaracháin agus bacainní ar infheistíocht trasteorann, agus freisin tacú le gníomhaíocht na mBallstát chun na críche sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir le héagothromaíochtaí sa chóireáil cánach ar ioncam caipitil castacht agus éiginnteacht dhlíthiúil a chruthú d’infheisteoirí trasteorann; á thabhairt chun suntais go n-aithnítear i dtuarascáil chuimsitheach Draghi gur gá ‘deireadh a chur le haon bhacainní cánachais ar infheistíocht trasteorann san Aontas’ chun ilroinnt an mhargaidh caipitil a laghdú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá meascán cánach níos cothroime don athléimneacht eacnamaíoch, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an bhfiúntas a bhaineann le tuilleadh comhordaithe agus simplithe sa réimse sin, chun infheistíocht trasteorann a chothú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Imghabháil cánach, seachaint cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á mheabhrú, de réir mar a chuirtear rialacha Cholún a Dó chun feidhme, go bhfuil sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar chineálacha nua iomaíochta díobhálaí cánach a d’fhéadfadh teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do phleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac, ag cuideachtaí agus ag daoine aonair araon, ar mhaithe le geilleagar Eorpach cothrom, lena ndéantar staid agus leasanna sonracha FBManna, agus teaghlach ar ioncam íseal agus ar mheánioncam a chur san áireamh; ag aithint na n-impleachtaí suntasacha ioncaim a bhaineann le pleanáil ionsaitheach cánach, ina bhfuil an cothrom iomaíochta fabhrach do ghníomhaithe eacnamaíocha, a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón moráltacht chánach agus bonn cánach na mBallstát a chreimeadh; ag tathant ar an gCoimisiún agus na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar phleanáil ionsaitheach cánach, go háirithe trí mhalartú faisnéise feabhsaithe, iniúchtaí comhordaithe agus forfheidhmiú feabhsaithe; ag meabhrú na rún uaithi maidir le cur chun feidhme cheanglais an Aontais maidir le faisnéis chánach a mhalartú<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cur chun feidhme cheanglais an Aontais maidir le faisnéis chánach a mhalartú: dul chun cinn, ceachtanna a foghlaimíodh agus bacainní atá le sárú (IO C 117, 11.3.2022, lch. 120).</FIELD></FOOTNOTE>, maidir le liosta an Aontais de thearmainn chánach a athchóiriú<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2021 maidir le liosta an Aontais de na tearmainn chánach a athchóiriú (IO C 456, 10.11.2021, lch. 177).</FIELD></FOOTNOTE> agus maidir le beartas an Aontais maidir le cleachtais chánach dhíobhálacha a athchóiriú; á thabhairt chun suntais gur féidir dreasachtaí saobha a chruthú do phleanáil ionsaitheach chánach agus d’imghabháil ionsaitheach chánach, a d’fhéadfadh a bheith doiléir, trí chastacht na gcóras cánach a mhéadú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún cur chuige rioscabhunaithe agus iomchuí a chur i bhfeidhm chun calaois chánach agus pleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá na sásraí atá ann cheana faoin Treoir maidir le Comhar Riaracháin<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/16/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (DAC), faoin Treoir in aghaidh Seachaint Cánach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha in aghaidh cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/1164/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (ATAD) agus faoin gComhaontú Iltaobhach idir Údaráis Inniúla (MCAA), a bhfuil feabhas suntasach curtha acu ar thrédhearcacht agus ar chomhar trasteorann idir údaráis chánach, rud a fhágann gur féidir freagairt níos éifeachtaí a thabhairt ar phleanáil ionsaitheach cánach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú ag teacht ar an ualach riaracháin agus ar na costais chomhlíonta ar riaracháin chánach agus ar cháiníocóirí faoi DAC agus ATAD, agus á chur in iúl gur geal léi a n-athbhreithniú agus a simpliú agus na caighdeáin atá ann faoi láthair á gcoinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí idir ATAD agus cur chuige Cholún a Dó ECFE chun comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú ar fud an Aontais, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar chuíchóiriú na roghanna agus na n-eisceachtaí a dheonaítear do na Ballstáit; ag tabhairt dá haire gur fhógair an Coimisiún go ndéanfaidh sé meastóireacht ar ATAD i bhfianaise Cholún a Dó agus go dtíolacfaidh sé tuarascáil chuimsitheach ar na bearta i R3 2025, i gcomhréir le comhaontú Cholún a Dó; á iarraidh ar an gCoimisiún treoraíocht a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le léirmhíniú na rialach ginearálta frith-mhí-úsáide a leagtar síos in ATAD agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú chun ATAD a dhéanamh níos simplí chun é a chur chun feidhme agus chun a éifeachtacht a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ag DAC maidir le himghabháil agus seachaint cánach, agus pleanáil ionsaitheach cánach a laghdú, agus maidir le trédhearcacht a mhéadú, agus béim á leagan ag an am céanna ar an gcastacht agus ar an ualach riaracháin, go háirithe faoi DAC 6<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE a mhéid a bhaineann leis an uathmhalartú sainordaitheach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe intuairiscithe trasteorann (IO L 139, 5.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/822/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar DAC 6 agus á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chostais chomhlíonta faoin Treoir sin, chomh maith le treoraíocht a neartú, anailís riosca a fheabhsú, agus an leas is fearr a bhaint as an teicneolaíocht chun sonraí a bhailiú ar bhealach níos fearr chun éifeachtacht a áirithiú maidir le trédhearcacht chánach a chur chun cinn, agus costais dhíréireacha agus ualaí riaracháin a chosc; á chur in iúl gur cheart go mbreithneofaí san athmheasúnú sin FBManna a chosaint ar oibleagáidí tuairiscithe neamhriachtanacha agus tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir leis na tagarmharcanna do shocruithe intuairiscithe trasteorann; á mholadh go ndéanfaí measúnú le haghaidh athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar DAC 7<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/514/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun a mheas i dtaobh an féidir an malartú faisnéise a laghdú trí thuairisciú fíor-ama a thabhairt isteach faoi phacáiste ViDA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur gá leas a bhaint as an bpróiseas athbhreithnithe chun aghaidh a thabhairt ar na rialacha forluiteacha atá ann faoi láthair, agus chun cur i bhfeidhm rialacha comhchoiteanna agus coincheap coiteann a chuíchóiriú agus a shimpliú; á chur i bhfios go bhfuil caighdeánú téarmaí agus coincheap ríthábhachtach chun comhlíonadh a shimpliú, ós rud é go bhféadfadh ilroinnt agus castacht a bheith mar thoradh ar léirmhínithe intíre éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir OIPE agus Eurofisc chun comhroinnt faisnéise, iarrachtaí forfheidhmithe comhordaithe agus imscrúduithe trasteorann a neartú sa chomhrac i gcoinne calaois CBL agus cineálacha eile imghabhála cánach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar cuíchóirithe idir na comhlachtaí sin chun freagairt níos éifeachtaí agus níos aontaithe ón Aontas ar chalaois chánach trasteorann a áirithiú, agus an leas is fearr á bhaint as a sainorduithe agus a saineolas faoi seach; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhar sin a éascú trí shásraí malartaithe sonraí a fheabhsú, trí acmhainní leormhaithe a áirithiú agus trí iarrachtaí comhpháirteacha imscrúdaitheacha a chothú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh comhordú cánach idir na Ballstáit chun dul i ngleic le himghabháil agus seachaint cánach chun gníomhaíocht eacnamaíoch trasteorann a éascú; ag tabhairt dá haire nach mór don Aontas a áirithiú go mbeidh na táirgí allmhairithe uile faoi réir dleachtanna custaim leormhaithe mar is ceart;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cánachas trasteorann agus soghluaisteacht an lucht saothair</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar agus, más gá, pacáiste beart a thíolacadh maidir le conas rialacha cánach a shimpliú agus aghaidh a thabhairt ar ilroinnt cánach d’oibrithe trasteorann agus do dhaoine féinfhostaithe, chun borradh a chur faoin iomaíochas tríd an margadh inmheánach a dhoimhniú agus ioncam cánach a chosaint trí chothrom iomaíochta a chruthú; ag tabhairt dá haire go gcruthaíonn córais chánach náisiúnta atá éagsúil bacainní suntasacha, ualaí riaracháin, éiginnteacht dhlíthiúil agus cánachas dúbailte, rud a chuireann bac ar shoghluaisteacht an lucht saothair agus ar fhiontraíocht trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar shoghluaisteacht daoine aonair thar theorainneacha ar ráta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus go bhfuil tionchar suntasach ag an ardleibhéal soghluaisteachta domhanda sin ar chórais chánach; á chur i bhfáth nach mór an tsoghluaisteacht sin agus a tionchar ar chórais chánach a mheas go cúramach i gceapadh beartas, agus gan soghluaisteacht agus deiseanna fostaíochta san Aontas a dhíspreagadh ag an am céanna; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go n‑úsáideann na Ballstáit dreasachtaí cánach chun soghluaisteacht an lucht saothair agus fiontraíocht trasteorann a chothú; á chur i bhfáth, áfach, nach mór do na Ballstáit cosc a chur freisin ar chleachtais chánach dhíobhálacha a mheallann cáiníocóirí aonair agus ar shaobhadh iomaíochta trí rabhaidh agus coimircí soiléire a bheith acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á aithint go bhfuil méadú ag teacht ar shoghluaisteacht trasteorann oibrithe ardoilte agus daoine aonair eile arna spreagadh ag an tsaoirse gluaiseachta agus ag córais chánach fhabhracha i roinnt de na Ballstáit; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go leanfaidh beartas cánach sa mhargadh inmheánach de bheith cothrom, trédhearcach agus comhoiriúnach le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí ar fud an Aontais; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar shainordú na Meithle um an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á mheabhrú go n-eascraíonn impleachtaí cánach as an riosca a bhaineann le láithreacht inchánach, nó buanbhunaíocht, nuair a bhíonn oibrithe trasteorann i mbun gníomhaíochtaí amhail turais ghnó nó teilea-obair; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh riail tearmainn don teilea-obair arna comhordú idir na Ballstáit deimhneacht chánach a chur ar fáil d’fhostóirí agus ualaí riaracháin a laghdú, rud a shimpleodh cánachas aonair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cánachas agus nuálaíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an nuálaíocht ina príomhspreagadh don fhás eacnamaíoch, don iomaíochas domhanda agus don leas agus, de réir ECFE, gur ionstraim beartais tacaíochta nuálaíochta iad dreasachtaí cánach a úsáidtear go forleathan agus atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do rialtais a áirithiú go soláthrófar luach ar airgead le scéimeanna dreasachta cánach taighde agus forbartha (T&F), trí mheastóireacht rialta a dhéanamh agus trí dhreasachtaí spriocdhírithe a ghlacadh lena spreagtar infheistíocht agus fás, agus lena bhfeabhsaítear iomaíochas an Aontais ar an leibhéal domhanda, i gcomhréir leis na tograí atá i dtuarascáil Draghi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh staidéar a dhéanamh ar chost-éifeachtúlacht na gcineálacha éagsúla dreasachtaí cánach do T&F agus don nuálaíocht, chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú ar an leibhéal domhanda, i gcomhréir leis na tograí atá i dtuarascáil Draghi, lena n-áiritheofar go mbeidh na dreasachtaí sin dea-dheartha chun cuspóirí beartais socraithe a bhaint amach, gan ioncam cánach a chreimeadh agus rannchuidiú leis an riosca a bhaineann le seachaint cánach; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar réitigh agus sásraí éagsúla chun tacú le T&F do ghnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear, i measc nithe eile, creidmheasanna cánach inaistrithe, i gcur chuige comhordaithe leis na Ballstáit agus bunaithe ar chritéir chomhchoiteanna, chun inrochtaineacht agus éifeachtacht na mbeart sin a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú breise a dhéanamh ar éifeachtaí trasteorann na ndreasachtaí sin i mBallstáit eile, lena n-áirítear rioscaí maidir le seachaint cánach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfhaighteacht níos leithne dreasachtaí cánach, lena n-áirítear buntáistí cánach, creidmheasanna, dímheas luathaithe agus sár-asbhaintí; ina leith sin, á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a eisiúint agus dreasachtaí cánach a chomhtháthú i gceart, ar dreasachtaí iad a bhaineann go sonrach le T&F i gcás inarb iomchuí, gan neamhshiméadrachtaí eacnamaíocha san Aontas a ghéarú; á chur i bhfáth go mbeadh sé stuama dreasachtaí le haghaidh nuálaíochta agus T&F a ailíniú le dreasachtaí saincheaptha le haghaidh infheistíochta; á iarraidh go neartófaí an comhar agus an mhuinín idir na Ballstáit, lena gcuirfí cothrom iomaíochta chun cinn don ríomhthráchtáil, do sheirbhísí digiteacha agus d’earnálacha eile atá ag fás go mear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go leanfaidh dreasachtaí cánach de bheith comhsheasmhach le creat Státchabhrach an Aontais; á thabhairt chun suntais a luachmhaire atá creat Státchabhrach an Aontais maidir le hiomaíocht chóir a chaomhnú laistigh den mhargadh inmheánach agus deimhneacht dhlíthiúil agus cothrom iomaíochta a áirithiú do na Ballstáit uile;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>