<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0228</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Pléití an Choiste um Achainíocha in 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0170/2025 -  Rapóirtéir: Fredis Beleris)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Deireadh Fómhair 2025 ar phléití an Choiste um Achainíocha in 2024 (2025/2114(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin a tháinig uaithi roimhe seo maidir le pléití an Choiste um Achainíocha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 10 agus 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 24 agus 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le ceart shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais Eorpaigh achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 228 CFAE maidir le ról agus feidhmeanna an Ombudsman Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 44 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceart achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhorálacha CFAE a bhaineann leis an nós imeachta um shárú agus, go háirithe, d’Airteagail 258 agus 260 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 55 agus 233(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha (A10-0170/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, tar éis na dtoghchán Eorpach a bhí ar siúl ón 6 go dtí an 9 Meitheamh 2024 agus tar éis bhunú na Parlaiminte nua an 16 Iúil 2024, gur thionóil an Coiste um Achainíocha a chruinniú bunaitheach an 23 Iúil 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb é cuspóir na tuarascála bliantúla ar phléití an Choiste um Achainíocha anailís a chur i láthair maidir leis na hachainíocha a fuarthas in 2024 agus maidir leis an gcaidreamh le hinstitiúidí eile, chomh maith le léargas cruinn a thabhairt ar na cuspóirí a baineadh amach in 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuair an Pharlaimint 1 518 achainí in 2024, ar méadú 4,3% é sin i gcomparáid leis na 1 452 n-achainí a fuair sí in 2023 agus méadú 19,8% i gcomparáid leis na 1 217 achainí a fuair sí in 2022; de bhrí go bhfuil laghdú ciallmhar tagtha ar mhéid iomlán na n-achainíocha a fuarthas ná na buaicphointí a baineadh amach in 2013 agus 2014, ina bhfuair an Pharlaimint 2 891 achainí agus 2 715 achainí, faoi seach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, in 2024, gur thacaigh 15 661 úsáideoirí le hachainí ar Thairseach Gréasáin Achainíocha na Parlaiminte, ar méadú suntasach é i gcomparáid le 26 331 in 2023 agus 22 441 in 2022; de bhrí gur laghdaíodh an líon cliceanna chun tacú le hachainíocha go 17 745 in 2024, i gcomparáid le 29 287 in 2023 agus 27 927 in 2022;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, áfach, go bhfuil an líon foriomlán achainíocha fós measartha i ndáil le daonra iomlán an Aontais, rud a léiríonn go bhfuil gá fós le hiarrachtaí a mhéadú chun feasacht na saoránach a mhéadú ar a gceart chun achainí a dhéanamh agus an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as achainíocha mar mhodh chun aird na n-institiúidí agus na mBallstát a tharraingt ar ábhair a dhéanann difear do shaoránaigh agus a bhaineann go díreach leo; de bhrí gur bealach éifeachtach é an Coiste um Achainíocha, a bhfuil an-tóir air i measc daoine óga ag imeachtaí amhail an Cruinniú Eorpach um an Óige (EYE) in Strasbourg, chun an ceart sin a chur chun cinn agus chun feasacht a mhúscailt maidir lena thábhacht i measc saoránach, go háirithe i measc daoine óga; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh an Coiste um Achainíocha i láthair go gníomhach agus go córasach i ngach eagrán de EYE chun a infheictheacht agus a inrochtaineacht a fheabhsú; de bhrí go bhfuil coinne ag na saoránaigh, agus an ceart chun achainí a dhéanamh á fheidhmiú acu, go gcuirfidh institiúidí an Aontais breisluach ar fáil chun teacht ar réiteach ar a gcuid fadhbanna; de bhrí nach mór don cheart sin chun achainí a dhéanamh prionsabail bhunúsacha amhail dea-riarachán na n-institiúidí Eorpacha, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus urraim do thuairimí daonlathacha a chur chun cinn freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go leagtar síos na critéir maidir le hinghlacthacht achainíocha in Airteagal 227 CFAE agus i Riail 1 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, lena gceanglaítear nach mór do shaoránach AE nó do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ina aonar nó i gcomhar le daoine eile, agus ar cónaitheoir i mBallstát é nó a bhfuil oifig chláraithe aige i mBallstát, achainíocha a thíolacadh maidir le hábhair a thagann faoi réimsí gníomhaíochta AE agus a dhéanann difear díreach do na hachainígh, agus go bhfuil léirmhíniú an-leathan ag an gcoinníoll deireanach sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur dearbhaíodh 611 as na 1 518 achainí a cuireadh isteach in 2024 a bheith neamh-inghlactha agus tarraingíodh siar 31 acu; de bhrí go ndearbhaíonn céatadán ard (40,25%) na n-achainíocha neamh-inghlactha in 2024, ar céatadán é atá ag dul i méid, go bhfuil easpa tuisceana forleathan fós ann maidir le raon feidhme réimsí freagrachta an Aontais; de bhrí gur gá fós iarrachtaí a dhéanamh raon feidhme réimsí gníomhaíochta an Aontais a shoiléiriú a thuilleadh chun an líon achainíocha neamh-inghlactha a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur ceart bunúsach ag saoránaigh den Aontas é an ceart achainí a dhéanamh chuig an bParlaimint, ceart lena dtairgtear sásra oscailte, daonlathach agus trédhearcach do shaoránaigh agus do chónaitheoirí araon chun labhairt go díreach lena n-ionadaithe tofa; de bhrí nach bhfuil rochtain chomhionann ag go leor daoine faoi mhíchumas ar fhaisnéis agus ar chumarsáid toisc nach bhfuil ach infhaighteacht theoranta ann ar fhormáidí inrochtana agus toisc nach n-aithnítear teangacha comharthaíochta náisiúnta mar chuid d’ilteangachas an Aontais; de bhrí go gcumhachtaíonn an uirlis fhíor-riachtanach sin na saoránaigh chun bheith rannpháirteach go gníomhach agus go héifeachtach i saol an Aontais; de bhrí, trí achainíocha, gur féidir le saoránaigh AE gearán a dhéanamh faoi mhainneachtain dlí AE a chur chun feidhme agus cuidiú le sáruithe ar dhlí AE a bhrath, i gcomhréir le ceannasacht na mBallstát agus le cur i bhfeidhm Chonarthaí AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Pharlaimint chun tosaigh le fada maidir leis an bpróiseas achainíocha a fhorbairt go hidirnáisiúnta agus go bhfuil an próiseas achainíocha is oscailte agus is trédhearcaí aici san Eoraip, rud a fhágann gur féidir le hachainígh páirt a ghlacadh ina cuid gníomhaíochtaí; de bhrí go bhféadfaí ardán na n-achainíocha ar líne a dhéanamh níos iomasaí ionas go mbeadh sé níos éasca d’úsáideoirí é a nascleanúint; de bhrí go bhféadfaí taighde a shimpliú agus inrochtaineacht achainíocha a fheabhsú trí fheidhmiúlachtaí níos forbartha ná an fhormáid reatha a thairiscint trí IS a ionchorprú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Coiste um Achainíocha i bhfios go láidir a thábhachtaí atá trédhearcacht mhéadaithe i láimhseáil achainíocha, lena n-áirítear aiseolas córasach d’achainígh ag príomhchéimeanna an nós imeachta agus amlíne shoiléir do ghníomhaíochtaí leantacha ag institiúidí AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí an Choiste um Achainíocha bunaithe ar an ionchur ó achainígh agus ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn siad; de bhrí go bhfuil an fhaisnéis sin mar aon leis an saineolas a chuireann an Coimisiún, na Ballstáit agus comhlachtaí eile ar fáil riachtanach d’obair an Choiste um Achainíocha; de bhrí gur minic a thagann ionchur luachmhar d’obair na gcoistí parlaiminteacha eile as achainíocha inghlactha; de bhrí, dá bhrí sin, go bhféadfaidh ról a bheith ag achainíocha sa phróiseas reachtach freisin, lena dtugtar aiseolas coincréiteach ar thionchar bheartais an Aontais agus lena gcumasaítear beartais chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur cheart, leis an gceart chun achainí a dhéanamh, go gcuirtear feabhas ar fhreagrúlacht Pharlaimint na hEorpa i dtaobh gearáin agus ábhair imní a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha AE agus le comhlíonadh reachtaíocht an Aontais sna Ballstáit; de bhrí go bhféadfadh achainíocha a bheith ina bhfoinse úsáideach faisnéise maidir le cásanna de mhífheidhmiú nó sáruithe ar dhlí AE agus go gcuireann siad ar chumas na Parlaiminte agus institiúidí eile AE measúnú a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm dhlí AE agus ar a thionchar ar chearta shaoránaigh agus chónaitheoirí AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go ndéantar gach achainí a bhreithniú agus a scrúdú go cúramach, go héifeachtúil agus go trédhearcach; de bhrí go bhfuil an ceart ag gach achainíoch freagra a fháil, laistigh de thréimhse réasúnta ama, lena gcuirtear ar an eolas é faoin gcinneadh maidir le hinghlacthacht agus faoi bhearta leantacha arna ndéanamh ag an gcoiste, ina theanga féin nó sa teanga a úsáidtear san achainí; de bhrí go bhfuiltear ag iarraidh le hachainí 1056/2016 a pléadh an 19 Márta 2024 go gceadódh an Pharlaimint achainíocha a chur síos i dteangacha comharthaíochta náisiúnta a úsáidtear in AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Coiste um Achainíocha an-tábhacht ar scrúdú agus ar phlé poiblí achainíocha ag a chuid cruinnithe; de bhrí go bhfuil an ceart ag achainígh a n-achainíocha a chur i láthair agus labhairt go minic sa phlé, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú go gníomhach le hobair an choiste; de bhrí gur thionóil an Coiste um Achainíocha 8 gcruinniú coiste in 2024, chomh maith lena cruinniú bunaitheach, inar pléadh 106 achainí leis na 106 achainíoch a bhí i láthair agus a bhí rannpháirteach go gníomhach trí labhairt ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur bhain na príomhábhair imní a ardaíodh in achainíocha a tíolacadh in 2024 leis an gcomhshaol, le cearta bunúsacha, leis an smacht reachta (lena n-áirítear an ceart chun dea-riaracháin, an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil), leis an margadh inmheánach, leis an gceartas, le cearta tomhaltóirí agus leis an tsláinte;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, agus clár oibre cruinnithe á ghlacadh ag an gCoiste um Achainíocha, go mbíonn sé d’aidhm aige plé a dhéanamh ar achainíocha agus ar ábhair lena mbaineann ardleibhéal ábharthachta le haghaidh plé ar leibhéal an Aontais agus ar an ngá atá le cumhdach cothrom geografach na n-ábhar a choinneáil ar bun de réir na n-achainíocha a fhaightear;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur cuireadh 82 % de na hachainíocha a cuireadh isteach in 2024 isteach trí Thairseach Ghréasáin Achainíocha na Parlaiminte, ar figiúr é atá beagnach comhionann le figiúr 82,4% 2023, 82,4 %, rud a dhearbhaíonn arís gurb í Tairseach Ghréasáin na nAchainíocha sin an bealach i bhfad is mó a úsáidtear ag saoránaigh chun achainíocha a chur faoi bhráid na Parlaiminte;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go ndéanann Tairseach Ghréasáin na nAchainíocha, a ndearnadh athchóiriú uirthi, faisnéis a fhoilsiú go huathoibríoch maidir le glacadh achainíocha agus athruithe stádais, mar aon le faisnéis bhreise (e.g. tír, téamaí) agus achoimrí i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla AE; de bhrí gur ullmhaíodh agus gur foilsíodh gach achainí go tráthúil in 2024, laistigh de chúpla lá tar éis iad a ghlacadh, agus gur freagraíodh go rathúil agus in aon teanga de chuid AE gach iarraidh inmheánach agus sheachtrach ar thacaíocht maidir le húsáid agus le hábhar Thairseach Ghréasáin na nAchainíocha;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí nach ndearnadh aon chuairteanna aimsithe faisnéise in 2024 le haghaidh achainíocha a raibh fiosrúchán ar siúl ina leith, mar gheall ar thréimhse sosa na dtoghchán Eorpach; de bhrí go ndearna an Coiste an measúnú leantach agus gur ghlac sé dhá thuarascáil maidir le cuairteanna aimsithe fíoras arbh ann dóibh roimhe sin in 2023; de bhrí go raibh sé beartaithe dhá chuairt aimsithe faisnéise a dhéanamh sa chéad leath de 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, an 4 Samhain 2024, gur ghlac an Coiste um Achainíocha páirt in éisteacht deimhniúcháin an Choimisinéara ainmnithe um Thrádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Thrédhearcacht, Maroš Šefčovič, mar choiste ar tugadh cuireadh dó; de bhrí, mar fhreagra ar na ceisteanna i scríbhinn agus ó bhéal a chuir an Coiste um Achainíocha air i gcomhthéacs na héisteachta deimhniúcháin, go ndearna Maroš Šefčovič roinnt gealltanas maidir le próiseas na n-achainíocha agus trédhearcacht ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin an Choimisiúin;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí, faoi Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, go bhfuil an Coiste um Achainíocha freagrach freisin as an gcaidreamh leis an Ombudsman Eorpach, a dhéanann imscrúdú ar ghearáin faoi dhrochriarachán laistigh d’institiúidí agus de chomhlachtaí an Aontais; de bhrí go raibh ról lárnach ag an gCoiste um Achainíocha in 2024 maidir le toghadh an Ombudsman Eorpaigh a eagrú trí éisteacht phoiblí na n-iarrthóirí a thionól faoi Riail 237 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte; de bhrí, an 17 Nollaig 2024, gur toghadh Teresa Anjinho ina hOmbudsman Eorpach don téarma parlaiminteach 2024-2029;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí, in 2024, go raibh an caidreamh idir an Coiste um Achainíocha agus an tOmbudsman Eorpach cuiditheach i gcónaí, mar a léiríodh le rannpháirtíocht ghníomhach an Ombudsman Eorpaigh a bhí ann roimhe seo, Emily O’Reilly, i gcruinnithe an choiste; de bhrí gur chuir sí a tuarascáil bhliantúil do 2023 faoi bhráid an Choiste um Achainíocha ag an gcruinniú a bhí aige an 4 Meán Fómhair 2024 agus gur ghlac sí páirt i gCeardlann Bhliantúil an Choiste maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas an 2 Nollaig 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Coiste um Achainíocha ina bhall de Líonra Eorpach na nOmbudsman, a chuimsíonn freisin an tOmbudsman Eorpach, ombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha agus comhlachtaí comhchosúla sna Ballstáit, na tíortha is iarrthóirí agus tíortha eile an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, agus a bhfuil sé d’aidhm aige malartú faisnéise faoi dhlí agus beartas an Aontais a chur chun cinn, agus dea-chleachtas a roinnt;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag meabhrú ról tábhachtach an Choiste um Achainíocha maidir le cearta shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn, agus á chur i bhfáth go gcaithfidh sé a áirithiú go scrúdaítear ábhair imní agus gearáin na n-achainíoch ar bhealach tráthúil, éifeachtach, inrochtana agus iomchuí agus go gcuirtear achainígh ar an eolas go cuí faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh agus faoin dul chun cinn a rinneadh maidir lena n-achainíocha; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach amhlaidh an cás i gcónaí sa chleachtas; á mheabhrú nach mór déileáil le gach achainí trí phróiseas achainíocha oscailte, daonlathach agus trédhearcach, a bhfuiltear ag dréim leis go seasfaidh an Coiste go comhsheasmhach leis; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar nósanna imeachta inmheánacha chun a áirithiú go ndéanfar achainíocha comhchosúla nó achainíocha a dhéantar arís agus arís eile a ghrúpáil le chéile agus a láimhseáil ar bhealach níos éifeachtúla, agus ceart gach achainígh éisteacht a fháil ar bhonn aonair á choimirciú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag athdhearbhú a thábhachtaí atá díospóireacht phoiblí leanúnach ar réimsí gníomhaíochta an Aontais chun a áirithiú go gcuirtear saoránaigh ar an eolas i gceart faoi raon feidhme inniúlachtaí an Aontais agus faoi na leibhéil éagsúla chinnteoireachta chun líon na n-achainíocha neamh-inghlactha a laghdú; ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh feachtais múscailte feasachta níos leithne ann, go háirithe i réigiúin iargúlta, agus i measc grúpaí saoránach atá faoi ghannionadaíocht, lena n-áirítear daoine óga, mná, agus pobail tuaithe agus oileánacha, trí rannpháirtíocht ghníomhach na seirbhísí cumarsáide de chuid AE atá ann cheana, chun cuidiú le cur le heolas na saoránach faoina gceart chun achainí a dhéanamh, chomh maith le raon feidhme fhreagrachtaí an Aontais agus inniúlachtaí an Choiste um Achainíocha; á iarraidh go ndéanfaí cumarsáid níos soiléire, atá saor ó bhéarlagair, le hachainígh agus agus go dtabharfaí míniú poiblí níos fearr ar ról agus ar theorainneacha an Choiste um Achainíocha, go háirithe d’úsáideoirí leochaileacha nó d’úsáideoirí céaduaire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag meabhrú ghné Eorpach an Choiste um Achainíocha, ar féidir le saoránaigh ó na 27 mBallstát ar fad labhairt leis maidir le saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme Chonarthaí an Aontais agus dhlí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil freagracht speisialta ar an gCoiste, agus ceannasacht agus sainiúlachtaí náisiúnta á n-urramú aige, as seasamh leis an ngné Eorpach sin agus as an luach breise a bhaineann le haontacht agus comhtháthú na hEorpa do shaoránaigh a léiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt le fios gur deis uathúil iad na hachainíocha don Pharlaimint agus d’institiúidí eile de chuid an Aontais teagmháil dhíreach a dhéanamh le saoránaigh den Aontas agus idirphlé rialta a dhéanamh leo, go háirithe i gcásanna ina ndéanann mífheidhmiú nó sárú dhlí an Aontais difear dóibh; ag cur béim ar an ngá atá le comhar feabhsaithe idir institiúidí an Aontais agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i dtaca le fiosrúcháin maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais agus comhlíonadh dhlí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil comhar den sórt sin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na saoránach agus iad a réiteach maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus go rannchuidíonn sé chun dlisteanacht dhaonlathach agus cuntasacht an Aontais a neartú; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar ionadaithe na mBallstát a bheith rannpháirteach go fóinteach i gcruinnithe coiste agus freagraí tráthúla agus mionsonraithe ar iarrataí ar shoiléiriú nó ar fhaisnéis a sheol an Coiste um Achainíocha chuig údaráis náisiúnta chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach chuí ar achainíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheabhrú go bhfuair an Coiste um Achainíocha líon suntasach achainíocha go luath in 2024 inar léiríodh imní faoi bhagairtí a mheastar a bheith ann ar an smacht reachta sa Spáinn; ag cur sonrú sa díospóireacht chomhpháirteach a tionóladh i mí Eanáir 2024 maidir le roinnt achainíocha lena dtugtar aghaidh ar fhorbairtí sa Spáinn, go háirithe i ndáil leis an togra ón rialtas le haghaidh dlí maithiúnais agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige ar chreataí dlíthiúla na Spáinne agus an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú go rannchuidíonn achainíocha go mór le feidhmiú ról an Choimisiúin mar chaomhnóir na gConarthaí trí uirlis bhreise a sholáthar do shaoránaigh chun sáruithe líomhnaithe ar dhlí an Aontais a thuairisciú; ag cur i dtábhacht gur ríthábhachtach an comhar cuiditheach idir an Coiste um Achainíocha agus an Coimisiún, trí fhreagraí tráthúla agus mionsonraithe ón gCoimisiún, freagraí atá bunaithe ar iniúchtaí críochnúla ar na saincheisteanna a ardaítear in achainíocha, chun a áirithiú go ndéileálfar go rathúil le hachainíocha; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh na freagraí sin, a chuirtear ar aghaidh chuig achainígh, soiléir, simplí agus comhbhách chun tuiscint níos fearr a chur in iúl;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh leathanach gréasáin nua de chuid an Choimisiúin maidir le cásanna sáraithe, trasuí treoracha agus idirphlé EU Pilot; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún an Coiste um Achainíocha a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta maidir le forbairtí in imeachtaí sáraithe agus a áirithiú go bhfaigheann an Coiste um Achainíocha rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le nósanna imeachta um shárú agus ar nósanna imeachta píolótacha an Aontais a bhaineann le hachainíocha oscailte; á athdhearbhú gur gá trédhearcacht nósanna imeachta um shárú a fheabhsú chomh maith le cumarsáid le hachainígh maidir le staid na himeartha i ndáil leis na nósanna imeachta sin agus á chur i bhfáth go rachadh sé sin chun tairbhe don phróiseas achainíocha; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún achainíocha a áireamh i gclár poiblí an Choimisiúin de chinntí maidir le sárú, chomh maith le nasc chuig clár poiblí an Choimisiúin a áireamh ar Thairseach na nAchainíocha; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisinéara Šefčovič clár poiblí an Choimisiúin agus tairseach achainíocha na Parlaiminte a idirnascadh tuilleadh; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún na ceanglais sin go léir a áireamh sa Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 304, 20.11.2010, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2010/1120/oj.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar meastóireacht neamhspleách agus thréimhsiúil ar cháilíocht agus ar shoiléireacht fhreagairtí an Choimisiúin ar achainíocha, ag díriú go háirithe ar inléiteacht, ábharthacht agus íogaireacht i leith chomhthéacsanna na n-achainíoch chun a áirithiú go bhfaighidh saoránaigh rannpháirtíocht fhóinteach agus mheasúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheas go bhféadfadh comhar níos gníomhaí idir na Ballstáit agus an Coiste um Achainíocha a bheith cabhrach chun réiteach a fháil ar an mbac ar na hachainíocha sin lena n-éilítear freagraí agus freagairtí prasa ó na húdaráis náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú gur uirlis inmheánach bhunriachtanach é an bunachar sonraí ríomh-Achainíocha a ligeann do chomhaltaí an Choiste um Achainíocha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile is gá chun obair leantach a dhéanamh ar staid gach achainí agus chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir leis an gcaoi a gcaitear leis na hachainíocha; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról tábhachtach ag an mbunachar sonraí ríomh-Achainíocha freisin i gcumarsáid le hachainígh; á thabhairt chun suntais gur gá uirlisí digiteacha an Choiste um Achainíocha a nuachóiriú tuilleadh agus á mholadh go bhféachfaí ar úsáid fhreagrach agus faoi threoir an duine a bhaint as an intleacht shaorga chun feabhas breise a chur ar chóireáil achainíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag meabhrú thiomantas an Choimisiúin uirlis TF idirinstitiúideach a chruthú idir an Coimisiún agus an Pharlaimint, arb é is aidhm di faisnéis agus doiciméid a chomhroinnt maidir leis na bearta leantacha uile arna ndéanamh ar achainíocha, amhail nósanna imeachta um shárú, tograí reachtacha nó freagraí ó údaráis náisiúnta, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar thrédhearcacht agus éifeachtúlacht maidir le láimhseáil achainíocha, a rannchuideodh, i gcomhthéacs níos leithne, le muinín na saoránach as institiúidí an Aontais agus as an tionscadal Eorpach a mhéadú; á iarraidh go ndéanfaí uirlis idirinstitiúideach TF den sórt sin a imscaradh go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil comhar le coistí eile sa Pharlaimint ríthábhachtach chun déileáil go cuimsitheach le hachainíocha; ag tabhairt dá haire gur cuireadh 30 iarraidh ar thuairim agus 450 iarraidh ar fhaisnéis chuig coistí eile in 2024; ag tabhairt dá haire go bhfuarthas 26 thuairim faoi dheireadh 2024; á mheabhrú go gcuirtear achainígh ar an eolas faoi chinntí chun tuairimí a iarraidh ar choistí eile maidir le láimhseáil a n-achainíocha; ag cur i dtábhacht gur cheart do choistí parlaiminteacha dlús a chur lena n-iarrachtaí chun rannchuidiú go gníomhach le scrúdú a dhéanamh ar achainíocha trína saineolas a chur ar fáil ionas go bhféadfaidh an Pharlaimint freagra níos gasta agus níos cuimsithí a thabhairt ar ábhair imní na saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí tuairim gur uirlis úsáideach é an líonra achainíocha chun obair leantach achainíocha a éascú in obair pharlaiminteach agus reachtach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil cruinnithe rialta den líonra achainíocha ríthábhachtach chun cur le sofheictheacht ghníomhaíochtaí an Choiste um Achainíocha agus chun a áirithiú go mbeidh tuiscint níos fearr ann ar a chuid oibre agus a mhisean, agus chun comhar a neartú leis na coistí parlaiminteacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh an comhshaol fós ina ábhar mór imní d’achainígh in 2024, agus níos mó ná 20 % d’achainíocha tiomnaithe do shaincheisteanna comhshaoil; ag tabhairt dá haire go raibh líon suntasach achainíocha ann lenar cáineadh sáruithe ar reachtaíocht chomhshaoil AE i roinnt Ballstát; ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na saincheisteanna a thuairiscigh achainígh agus a pléadh sa choiste cosaint mac tíre in AE, éifeachtaí tocsaineacha fadtéarmacha lotnaidicídí agus sárú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L, 2024/1785, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1785/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a d’eascair as bainistiú gléasra iarainn; ag cur i dtábhacht a thábhachtaí atá sé ionchais shaoránaigh an Aontais a bhaint amach maidir le cosaint an chomhshaoil agus ag áitiú ar an gCoimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm i gceart i réimse an chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dhéileáil an Coiste um Achainíocha le hábhair eile, amhail cearta leanaí a chosaint, lena n-áirítear sábháilteacht ar líne, agus feabhas a chur ar leas ainmhithe; ag tarraingt aird ar achainíocha ina leagtar béim ar sháruithe ar chearta paisinéirí; ag tabhairt dá haire, freisin, gur chuir go leor achainíocha ábhair imní in iúl maidir le cosaint sonraí agus, go háirithe, forfheidhmiú an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt aird freisin ar líon na n-achainíocha lena dtugtar aghaidh ar an ngéarchéim thithíochta ar fud na mBallstát; ag tabhairt dá haire gur dhéileáil an Coiste um Achainíocha le freagrachtaí cuideachtaí breosla iontaise i ngéarchéim an chostais maireachtála, le hábhair imní a bhaineann le sábháilteacht iarnróid, agus le cosaint chearta na n-oibrithe; ag tabhairt dá haire go ndearnadh achainíocha maidir leis an gcultúr agus an oidhreacht náisiúnta a bhreithniú; á mheabhrú gur phléigh an Coiste um Achainíocha roinnt achainíocha maidir le cur ar ceal ceadanna buanchónaithe saoránach de chuid na Rúise; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Coiste um Achainíocha líon suntasach achainíocha maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit, a ndearnadh díospóireacht orthu sa choiste; ag cur sonrú sna hachainíocha a tíolacadh maidir leis na coinníollacha glactha d’inimircigh agus d’iarrthóirí tearmainn sna Ballstáit agus ag tabhairt aird ar na hachainíocha lena dtuairiscítear cásanna idirdhealaithe; ag dréim le hobair leantach chuí agus faisnéis nuashonraithe ón gCoimisiún maidir leis na hachainíocha sin go léir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur béim ar an rannchuidiú tábhachtach atá déanta ag an gCoiste um Achainíocha maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint, mar a léiríodh sa chaoi ar phléigh sé le roinnt achainíocha ar an ábhar sin, lena n-áirítear breithniú ar achainí 1056/2016 maidir le hachainíocha a chur isteach i dteangacha comharthaíochta náisiúnta; ag aithint, sa chomhthéacs sin, iarrachtaí sheirbhísí na Parlaiminte agus ag tabhairt dá haire nach mór ní hamháin an réiteach teicniúil is fearr ach an réiteach is inrochtana do shaoránaigh bhodhra a aimsiú chun cumarsáid a dhéanamh leo ina dteanga dhúchais féin, i dteangacha comharthaíochta náisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí na Rialacha Nós Imeachta a mhodhnú i ndlúthchomhar leis an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla chun deireadh a chur leis an gcumarsáid éigeantach go heisiach i scríbhinn le saoránaigh ar úsáideoirí teanga comharthaíochta iad, nó ar daoine iad atá bodhar nó a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu ionas gur féidir leo, arna iarraidh sin dóibh, teanga chomharthaíochta a úsáid le linn an imeachta; ag tabhairt dá haire go raibh oideachas daltaí faoi mhíchumas, diúltú seirbhísí cúraim sláinte do dhaoine faoi mhíchumas agus inrochtaineacht spásanna agus seirbhísí poiblí ina n-ábhar imní breise d’achainígh in 2024; ag meabhrú cheardlann bhliantúil an 2 Nollaig 2024 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a reáchtáil an Coiste um Achainíocha, inar díríodh ar staid na himeartha i ndáil leis an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 agus ag tathant go ndéanfaí torthaí achainíocha a chomhtháthú go tapa san athbhreithniú meántéarma ar an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030, le spriocanna intomhaiste agus gealltanais bhuiséadacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról cosanta sonrach ag an gCoiste um Achainíocha laistigh den Aontas faoi chuimsiú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas; ag cur béim ar obair thábhachtach leanúnach an choiste i ndáil le hachainíocha maidir le saincheisteanna a bhaineann le míchumais; á mheabhrú gur áiríodh tagairt d’achainíocha maidir leis an ngá atá le cárta míchumais uile-Aontais i dTreoir (AE) 2024/2841 lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas (IO L, 2024/2841, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2841/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir gur féidir le hachainíocha rannchuidiú go suntasach leis an bpróiseas reachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á mheabhrú go raibh an caidreamh leis an Ombudsman Eorpach ar cheann de na freagrachtaí a tugadh don Choiste um Achainíocha le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte; ag tabhairt aird ar ról an Choiste um Achainíocha i bpróiseas toghcháin an Ombudsman Eorpaigh, go háirithe i dtaobh eagrú na héisteachta poiblí leis na hiarrthóirí incháilithe uile, a tionóladh an 3 Nollaig 2024, a bhí oscailte d’Fheisirí uile Pharlaimint na hEorpa, rud a thug deis dhaonlathach agus thrédhearcach dóibh tuairimí a mhalartú leis na hiarrthóirí agus measúnú a dhéanamh ar a neamhspleáchas, a gcáilíochtaí agus a ngairmiúlacht chomh maith lena bhfís d’oifig an Ombudsman Eorpaigh laistigh d’ollstruchtúr institiúideach AE; á chur in iúl gur geal léi comhar cuiditheach na Parlaiminte leis an Ombudsman Eorpach, a roinneann an Coiste um Achainíocha leis na cuspóirí maidir le trédhearcacht, gairmiúlacht agus sláine institiúidí an Aontais a áirithiú i leith saoránaigh Eorpacha, chomh maith lena rannpháirtíocht i Líonra Eorpach na nOmbudsman;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag spreagadh rannchuidiú leanúnach rialta an Ombudsman Eorpaigh le hobair an Choiste um Achainíocha i rith na bliana; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim dhaingean nach mór d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú go ndéanfar obair leantach chomhsheasmhach agus éifeachtach ar mholtaí ón Ombudsman; ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an Ombudsman Eorpach maidir le trédhearcacht, dea-riarachán agus cosaint chearta na saoránach a chur chun cinn; á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe ann idir an Coiste um Achainíocha agus oifig an Ombudsman;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in ainneoin an tsosa pharlaimintigh mar gheall ar na toghcháin Eorpacha, gur chuir an Coiste um Achainíocha a sheasamh in iúl agus go ndearna sé moltaí maidir le saincheisteanna tábhachtacha a ardaíodh in achainíocha, lena n-áirítear dhá thuarascáil mhisin a ghlacadh tar éis cuairteanna aimsithe faisnéise a tionóladh sa dara leath de 2023, eadhon misean go hÉirinn maidir le foirgnimh mhíoca agus misean go dtí an Spáinn maidir le tumadh teanga sa Chatalóin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh údaráis na Catalóine na moltaí a rinne an Coiste um Achainíocha ina thuarascáil an 19 Márta 2024 a chur chun feidhme, atá beartaithe chun cearta teanga mac léinn agus a dteaghlach a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar líon na n-achainíocha a bhaineann leis an mbeartas oideachais, go háirithe aitheantas do cháilíochtaí teagaisc ar fud na mBallstát; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, gurbh ann do Cheist ó Bhéal ón gCoiste um Achainí ar an gCoimisiún maidir le dálaí oibre múinteoirí in AE; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an freagra ó bhéal ón gCoimisiún lena ndeimhnítear gur dúshlán tromchúiseach iad ganntanais múinteoirí, rud a léirítear freisin i dtorthaí PISA le déanaí, agus nach bhfuil ag éirí le hoiread agus Ballstát amháin feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht ó thaobh na mbunscileanna de; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-iarrachtaí a mhéadú go suntasach chun feabhas a chur ar a gcórais oideachais scoile agus tarraingteacht ghairm na múinteoireachta a mhéadú ag an am céanna, lena n-áirítear trí chistiú agus cláir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 maidir le feithiclí earraí troma a láimhseáil ag pointí trasnaithe teorann bunaithe ar Achainí 0146/2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/1278, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1278/oj.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur uirlis fhíor-riachtanach í Tairseach Ghréasáin na nAchainíocha chun próiseas achainíocha atá rianúil, éifeachtach agus trédhearcach a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe a rinneadh ar an tairseach ar mhaithe le hachainígh agus á chur i bhfáth nach mór leanúint de na hiarrachtaí chun an tairseach a dhéanamh níos inrochtana, lena n-áirítear í a dhéanamh níos inrochtana d’úsáideoirí teanga comharthaíochta mar a iarradh in achainí 1056/2016 agus do dhaoine faoi mhíchumas; ag tabhairt dá haire go bhfuil Tairseach Ghréasáin na nAchainíocha ar cheann de na suíomhanna gréasáin is mó de chuid Pharlaimint na hEorpa a dtugtar cuairt air, agus dá bhrí sin gurb ionann í agus an chéad phointe teagmhála leis an bParlaimint le haghaidh go leor saoránach den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo agus an tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Ombudsman Eorpach, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, a gcoistí achainíocha agus a n-ombudsmain náisiúnta nó a gcomhlachtaí inniúla comhchosúla.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>