<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0239</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0223/2022 - Rapóirtéirí: Loránt Vincze, Charles Goerens)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú) (COM(2021)0734 – C9-0432/2021 – 2021/0375(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach - athmhúnlú)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0734),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 224 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0432/2021),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 7 Aibreán 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 182, 4.5.2022, lch. 14.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Feabhra 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 275, 18.7.2022, lch. 66.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 28 Aibreán 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 301, 5.8.2022, lch. 102.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir dar dáta an 16 Meitheamh 2022 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla i gcomhréir le Riail 113(3) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 9 Iúil 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 113 agus 60 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0223/2022),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2021)0375</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 21 Deireadh Fómhair 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE, Euratom) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú)</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST></SDOCTA>