<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0246</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2023: Gníomhaireachtaí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0169/2025 - Rapóirtéir: Erik Marquardt)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2025 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don bhliain airgeadais 2023 (2024/2030(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don bhliain airgeadais 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar ghníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2023, agus do na freagraí ó na gníomhaireachtaí freisin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6332, 24.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6332/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2025 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2023 (05755/2025 – C10‑0024/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh an 7 Bealtaine 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/1663, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1663/oj.</FIELD></FOOTNOTE> lena ndéantar an cinneadh maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais 2023 a chur siar, agus freisin do na freagraí ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn<FOOTNOTE><FIELD> IO L 132, 29.5.2010, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/439/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe Airteagal 36 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010<FOOTNOTE><FIELD> IO L 468, 30.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2303/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 55 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0169/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2025 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don bhliain airgeadais 2023 (2024/2030(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don bhliain airgeadais 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar ghníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2023, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6332, 24.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6332/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2025 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2023 (05755/2025 – C10‑0024/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh an 7 Bealtaine 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/1663, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1663/oj.</FIELD></FOOTNOTE> lena ndéantar an cinneadh maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais 2023 a chur siar, agus freisin do na freagraí ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn<FOOTNOTE><FIELD> IO L 132, 29.5.2010, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/439/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe Airteagal 36 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010<FOOTNOTE><FIELD> IO L 468, 30.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2303/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 55 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0169/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don bhliain airgeadais 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2025 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (2024/2030(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don bhliain airgeadais 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fheidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn, tá urraim agus cur chun feidhme agus forfheidhmiú cuí na rialacha agus tacaíocht airgeadais inbhuanaithe agus iomchuí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann bunriachtanach chun córas na freagrachta comhroinnte agus na dlúthpháirtíochta i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a áirithiú;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Chríochnaitheach OLAF (OC-2022-0717) maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a tugadh chun críche i mí Dheireadh Fómhair 2024, agus a cuireadh ar fáil i mí an Mhárta 2025 do Chomhaltaí an Choiste um Rialú Buiséadach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na litreacha a sheol Cathaoirleach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann i mí an Mhárta 2025 agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann i mí Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mhalartú tuairimí le hionadaithe ó OLAF, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus ó Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile an 15 Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0169/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur cheart do ghníomhaireachtaí díláraithe uile an Aontais a bheith trédhearcach agus cuntasach go hiomlán do shaoránaigh an Aontais maidir leis na cistí a chuirtear de chúram orthu mar chomhlachtaí de chuid an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil dualgas comhfhreagrach ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, mar chomhlacht de chuid an Aontais a bhfuil freagrachtaí agus acmhainní suntasacha de chúram air, gníomhú de réir na gcaighdeán is airde trédhearcachta, cuntasachta agus iompair eiseamláirigh, agus ar an gcaoi sin muinín shaoránaigh agus institiúidí an Aontais a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go sonraítear ról na Parlaiminte i leith urscaoileadh an bhuiséid sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), sa Rialachán Airgeadais agus sa Rialachán Réime Airgeadais;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé de dhualgas ar OLAF, mar chomhlacht frithchalaoise an Aontais, rochtain thráthúil agus leormhaith ar a thorthaí a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa chun grinnscrúdú éifeachtach ar urscaoileadh a chumasú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag meabhrú ról na Parlaiminte laistigh den nós imeachta um urscaoileadh, mar a rialaítear le CFAE, leis an Rialachán Airgeadais agus lena rialacha nós imeachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú gur chinn an Pharlaimint an 7 Bealtaine 2025 an cinneadh maidir le hurscaoileadh 2023 Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (‘an Ghníomhaireacht’) a chur siar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá sé gníomhú go freagrach agus go trédhearcach i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais; á áitiú go mbaintear an bonn go mór ó mhuinín an phobail aon mhainneachtain seasamh leis na prionsabail sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Toradh imscrúdú na hOifige Frith-Chalaoise Eorpaí (OLAF)</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna OLAF leagan anaithnidithe dá thuarascáil chríochnaitheach maidir leis an imscrúdú a bhí ar fáil d’Fheisirí an Choiste um Rialú Buiséadach i mí an Mhárta 2025 agus don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i mí Iúil 2025; á chur in iúl gur saoth léi an mhoill ar an rochtain ar an imscrúdú, nár deonaíodh ach i mí an Mhárta in ainneoin na hiarrata a rinne an rapóirtéir i mí na Nollag 2024, agus sa fhreagra ó OLAF inar luadh agóidí ó Bhord Bainistíochta Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann; á áitiú gur cheart rochtain ar an tuarascáil a bheith tugtha d’Fheisirí CONT ní ba luaithe chun feidhmiú a sainordaithe a ráthú go leormhaith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gurb eol di go ndéanfar imscrúduithe OLAF go leanúnach thar thréimhse nach mór a bheith comhréireach le himthosca agus castacht an cháis; á chur in iúl gur cúis bhuartha di fad imscrúduithe OLAF toisc go mbaineann sé an bonn de chumas an údaráis um urscaoileadh a dtorthaí a mheas go héifeachtúil: á áitiú go bhfuil ról ríthábhachtach ag imscrúduithe tráthúla i ndáil le maoirseacht éifeachtach Pharlaimint na hEorpa a choinneáil; á iarraidh ar OLAF athbhreithniú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le himscrúduithe a thabhairt chun críche agus a chomhroinnt leis an Údarás um Urscaoileadh agus dlús a chur leis an nós imeachta sin; á chur i bhfáth go mbaineann moilleanna den sórt sin an bonn de chumas fheisirí CONT a sainordú maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach agus á iarraidh go ndéanfaí bearta chun rochtain phras ar thuarascálacha imscrúdaithe a áirithiú amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór cosaint bhuiséad an Aontais a bheith ina bunluach de bhainistiú fónta airgeadais i gcónaí, a bhfuil sé de cheangal ar institiúidí uile an Aontais seasamh leis, lena n-áirítear gníomhaireachtaí agus comhlachtaí díláraithe nach mór dóibh sampla soiléir a leagan síos maidir le freagracht agus trédhearcacht in úsáid cistí poiblí Eorpacha; á athdhearbhú go bhfuil gá le comhordú agus comhar neartaithe laistigh den chreat institiúideach frithchalaoise, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le himscrúduithe OLAF níos tapúla agus níos éifeachtúla, agus ar an gcaoi sin na hiarrachtaí sin a ailíniú leis an sprioc níos leithne maidir le hairgeadas an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar OLAF achoimre anaithnidithe ar thuarascáil OLAF a chur ar fáil go poiblí, a mhéid is féidir ó thaobh an dlí de, ar mhaithe le trédhearcacht agus muinín an phobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh OLAF moltaí araíonachta agus riaracháin tar éis an imscrúdaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">ag tabhairt faoi deara, maidir leis na moltaí araíonachta, gur chinn an Bord Bainistíochta, mar obair leantach, gan imeachtaí araíonachta a thionscnamh agus, ina ionad sin, gur eisigh sé moltaí i scríbhinn le rabhadh agus gur iarr sé tograí nithiúla ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin trí bhíthin gníomhaíochtaí ceartaitheacha, agus tráthchlár chun iad a chur chun feidhme a luaithe is féidir; ag aithint, i gcomhréir leis an iarraidh sin, gur chuir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na doiciméid seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta, lena n-áirítear:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>na Moltaí a rinne an Bord Bainistíochta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>staid reatha na Gníomhaireachta maidir le gach Moladh; agus</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>na gníomhaíochtaí ceartaitheacha breise atá le cur chun feidhme lena gcuimsítear amlíne shealadach dá gcur chun feidhme; á iarraidh ar an mBord Bainistíochta obair leantach a dhéanamh ar na moltaí agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir lena gcur chun feidhme iomlán agus tráthúil;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Bainistíochta tar éis dianphlé a dhéanamh gan moltaí araíonachta OLAF a chur chun feidhme, lena n-áirítear imeachtaí araíonachta a thionscnamh i gcoinne Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann nó aon fhoireann eile sa Ghníomhaireacht, in ainneoin thorthaí suntasacha OLAF, a dhealraíonn a bheith córasach agus a bhaineann an bonn den mhuinín as ceannaireacht na Gníomhaireachta;  ag cur béim ar an bhfíoras go n-ardaítear leis an gcinneadh sin ceisteanna faoi thiomantas an Bhoird don chuntasacht agus don fhreagracht, i gcomhréir le hionchais institiúideacha, agus ag aithint rogha an Bhoird d’aon ghnó gan na moltaí a chur chun feidhme tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na saincheisteanna a ardaíodh; á chur i bhfáth go leanfaidh an Pharlaimint d’aird ar leith a thabhairt, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéantar; ag dréim leis go léireoidh an Ghníomhaireacht obair leantach eiseamláireach, ardchaighdeáin, freagracht shoiléir as bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme agus cuntasacht iomlán; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú trédhearcach don Pharlaimint a áirithiú trí, <STRING ITALIC="on">inter alia,</STRING> miontuairiscí phléití an Bhoird Bainistíochta a roinnt leis an bParlaimint, chun maoirseacht pharlaiminteach a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ullmhaigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ‘Ráiteas Físe maidir le ceannaireacht a chuireann na hathruithe in EUAA chun feidhme’ ina bhfuil na gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá curtha chun feidhme agus na gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá le cur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá curtha chun feidhme agus le cur chun feidhme, mar aon le spriocdhátaí chun iad a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur tugadh aghaidh sna moltaí riaracháin ar chleachtas na meastóireachtaí foirne atá á ndéanamh ag cinn earnála seachas ag cinn aonaid, chomh maith le heasnaimh i mbainistiú coinbhleachtaí leasa laistigh den Ghníomhaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ag tosú in 2025, go ndéanfaidh na cinn aonaid na meastóireachtaí foirne mar a fhoráiltear sna rialacha is infheidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go mór na laigí i mbainistiú coinbhleachtaí leasa laistigh den Ghníomhaireacht, go háirithe láimhseáil lochtach gearán ag an mBord Bainistíochta i gcoinne cinntí arna ndéanamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin; á áitiú go mbaintear an bonn ó shláine agus ó chreidiúnacht na Gníomhaireachta le cleachtais den sórt sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus na hathruithe eagraíochtúla a cuireadh i bhfeidhm; á chur i bhfáth nach measfar ach creat láidir eiseamláireach chun coinbhleacht leasa a bhainistiú a bheith inghlactha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-aithníonn an Bord Bainistíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin araon tromchúis na líomhaintí agus na saincheisteanna a ardaíodh; á aithint, áfach, gur chuir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin sceipteachas in iúl, agus ualach oibre urghnách á lua aige le linn géarchéimeanna, nach féidir a úsáid chun bonn cirt a thabhairt leis na torthaí a dhíbhe; á mheas nach mór bearta ceartaitheacha cinntitheacha, cur chun feidhme tráthúil, agus cuntasacht iomlán don údarás um urscaoileadh a bheith ag gabháil leis an aitheantas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na teipeanna leanúnacha sa rialachas, lena n-áirítear neamhábaltacht an Bhoird Bainistíochta maoirseacht thráthúil agus éifeachtach a dhéanamh; á chur in iúl gur oth léi go bhféadfaí roinnt de na neamhrialtachtaí a chosc le rialuithe inmheánacha níos fearr agus le rannpháirtíocht réamhghníomhach ón mBord Bainistíochta; á áitiú nach mór aghaidh a thabhairt ar an teip institiúideach sin ó thaobh struchtúir de, ní hamháin ó thaobh nós imeachta de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi saincheisteanna an drochriaracháin, go háirithe i réimse na n-acmhainní daonna, le neamhrialtachtaí tromchúiseacha, go háirithe i nósanna imeachta ceapacháin agus roghnúcháin de shárú ar Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile; á chur in iúl gur eol di gur thug an Ghníomhaireacht aghaidh ar imthosca dúshlánacha le linn na tréimhse ó 2019 go 2022, amhail paindéim COVID-19, gníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach, nó teacht i bhfeidhm Rialachán na Gníomhaireachta<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2303/oj).</FIELD></FOOTNOTE> le sainordú, inniúlachtaí agus freagrachtaí nua; ag diúltú, áfach, d’aon iarracht imthosca den sórt sin a úsáid chun údar a thabhairt le neamhchomhlíonadh reachtaíochta ceangailtí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a próisis earcaíochta a ailíniú go hiomlán leis na rialacha is infheidhme, agus á áitiú go nglacfaí nósanna imeachta dochta, trédhearcacha agus fiúntasbhunaithe, a mbeidh treoirlínte in-fhorfheidhmithe ag gabháil leo agus a bheidh faoi réir dlúthmhaoirseacht ag an údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh deireadh leis an gcleachtas bainisteoirí <STRING ITALIC="on">ad interim</STRING> a cheapadh amhail ó mhí Eanáir 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé ar cheann de phríomhdhualgais an Bhoird Bainistíochta treoshuíomh ginearálta a thabhairt do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a sainordú go héifeachtach; á mheas, chun treoshuíomh ginearálta a thabhairt, nach mór don Bhord Bainistíochta a bheith feasach agus ar an eolas go cuí faoin reachtaíocht is infheidhme don Ghníomhaireacht chomh maith le forbairtí tábhachtacha i mbainistiú na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur saoth léi na heasnaimh leanúnacha ina leith sin agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht nósanna imeachta cumarsáide éifeachtúla, córasacha agus trédhearcacha a bhunú leis an mBord Bainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, a bhfuil dhá shuíochán aige ar an mBord Bainistíochta, tacaíocht agus cúnamh gníomhach a thabhairt do chomhaltaí eile boird maidir lena dtuiscint ar na rialacha is infheidhme i ndáil leis an nGníomhaireacht, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcás áirithe sin a shainaithint agus a scaipeadh mar chuid d’iarrachtaí coisctheacha níos leithne; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta a glacadh chun cumarsáid leis an mBord Bainistíochta a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur mhol an Coimisiún le linn an mhalartaithe tuairimí go bhféadfaí Seirbhísí Comhpháirteacha a chomhroinnt i réimsí cothrománacha áirithe ar fud na nGníomhaireachtaí díláraithe, ós rud é go gcabhródh sé sin le próisis a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní; ag moladh don Choimisiún an fhéidearthacht sin a fhiosrú agus gníomhaíochtaí nithiúla a mholadh i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an nGníomhaireacht feidhm eitice inmheánach neamhspleách a bhunú agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé rialacha láidre maidir le cosaint sceithirí a bheith ann i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937; á chur i bhfáth nach mór bealaí tuairiscithe inmheánacha a bheith rúnda, inchreidte agus iontaofa ag an bhfoireann ar gach leibhéal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt chun suntais, cé go dtéann cuid de na himeachtaí siar go dtí na blianta 2021, 2022 agus roimhe sin, nár tugadh imscrúdú OLAF i gcrích go dtí 2024; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir teacht ar an gconclúid go fóill go bhfuil na saincheisteanna sin réitithe go hiomlán; á chur i bhfáth go gcoinníonn an tÚdarás um Urscaoileadh an ceart iomlán a fhreagrachtaí maoirseachta a fheidhmiú go dtí go ndéanfar an cás a leigheas agus a shoiléiriú go hiomlán; á iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar an mBord Bainistíochta aon laigí struchtúracha i mbainistiú acmhainní daonna na Gníomhaireachta agus i bhfeidhmeanna maoirseachta an Bhoird Bainistíochta araon a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, agus bearta éifeachtacha a dhéanamh chun atarlú saincheisteanna comhchosúla a chosc agus an ceart a fhorchoimeád cinntí urscaoilte amach anseo a choinneáil siar nó coinníoll a chur leo, i gcás ina mainneoidh an Ghníomhaireacht athchóiriú struchtúrach iomlán a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go háirithe, na rátaí athraithe foirne an-ard mar a luaitear i dtuarascáil OLAF, gan an bhainistíocht a bheith in ann míniú sásúil a thabhairt; á iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar an mBord Bainistíochta, agus go háirithe ar ionadaithe an Choimisiúin laistigh de, agallaimh chórasacha scoir a chur i bhfeidhm leis an bhfoireann uile atá ag éirí as oifig, na torthaí a dhoiciméadú go cuimsitheach, agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis na torthaí agus an dul chun cinn atá bainte amach ina leith sin faoi chuimsiú nós imeachta um urscaoileadh 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt ardmholadh d’fhoireann na Gníomhaireachta as a dtiomantas a gcuid cúraimí a chur i gcrích in ainneoin imthosca dúshlánacha; á mheas go bhfuil sé bunriachtanach timpeallacht oibre dhearfach a chothú trí dhea-chleachtais a chur chun cinn ar leibhéal na n-acmhainní daonna agus trí fheidhmíocht bunaithe ar fhiúntas a chúiteamh; ag tathant ar an mBord Bainistíochta agus ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a áirithiú gur ionad oibre sábháilte agus tacúil í an Ghníomhaireacht lena spreagtar cumarsáid oscailte agus lena gcumhachtaítear daoine aonair labhairt amach gan eagla roimh fhrithbheart; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a áirithiú go ndéanfar imscrúdú tromchúiseach agus críochnúil ar na tuarascálacha uile ar mhí-iompar gairmiúil, agus go ndéanfar gníomhaíochtaí leantacha iomchuí chun sláine agus muinín a choinneáil laistigh den eagraíocht;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile, do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/1681, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2025/1681/oj.</FIELD></FOOTNOTE> ina bhfuil na barúlacha atá ina gcuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>