<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0247</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarmhairtí institiúideacha chaibidlíocht an Aontais maidir le méadú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0177/2025 - Rapóirtéir: Sandro Gozi)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2025 maidir le hiarmhairtí institiúideacha chaibidlíocht an Aontais maidir le méadú (2025/2041(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 31(3), 48 agus 49 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 81(3), 83, 136, 153(2), 192(2), 312(2) agus 333 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh 2022, an 29-30 Meitheamh 2023, an 26-27 Deireadh Fómhair 2023, an 14-15 Nollaig 2023 agus an 27 Meitheamh 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Granada ón gComhairle Eorpach an 6 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn ó Uachtaránacht na Comhairle maidir le todhchaí na hEorpa an 10 Meitheamh 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2024 maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais (COM(2024)0146),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 16 Feabhra 2017 maidir le feidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheabhsú trí chur le hacmhainneacht Chonradh Liospóin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 252, 18.7.2018, lch. 215.</FIELD></FOOTNOTE>, agus an 11 Iúil 2023 maidir le cur chun feidhme <STRING ITALIC="on">chlásail passerelle</STRING> i gConarthaí an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/3996, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3996/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Bealtaine 2022 maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 maidir leis an obair leantach ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 109.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 130.</FIELD></FOOTNOTE>, agus rún an 22 Samhain 2023 uaithi maidir le tograí ó Pharlaimint na hEorpa chun na Conarthaí a leasú<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4216, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4216/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, lena n-áirítear trí Airteagal 48 CAE a ghníomhachtú, lena n-iarrtar ar an gComhairle Eorpach teacht ar chomhaontú maidir le Coinbhinsiún a iarraidh chun na Conarthaí a athchóiriú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi am 29 Feabhra 2024 maidir le lánpháirtiú an Aontais a dhoimhniú i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6746, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6746/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’, do thuarascáil an 17 Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘Much more than a market’ [I bhfad níos mó ná margadh], agus do thuarascáil an 30 Deireadh Fómhair 2024 ó Sauli Niinistö dar teideal ‘Safer Together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness’ [Sábháilteacht le Chéile – Ullmhacht agus Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A10-0177/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil stádas mar iarrthóir ag 9 gcinn de na 10 dtír ar mian leo dul isteach in AE faoi láthair, tíortha a bhfuil an stádas sin ag cuid acu le blianta fada; de bhrí go mbíonn na tíortha is iarrthóirí ag céimeanna éagsúla den phróiseas aontachais agus den chaibidlíocht; de bhrí gur chuir an tSeoirsia caibidlíocht aontachais AE ar fionraí go haontaobhach an 28 Samhain 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur thug cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus dúshláin gheopholaitiúla leanúnacha eile, lena n-áirítear athrú ar an gcaidreamh trasatlantach, brí gheostraitéiseach nua agus spreagadh do phróiseas aontachais an Aontais agus d’aontú Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí nach mór aontachas leis an Aontas Eorpach leanúint de bheith ina phróiseas bunaithe ar fhiúntas, bunaithe ar mheasúnú ar chomhlíonadh chritéir Chóbanhávan ag gach iarratasóir agus ar chur chun feidhme na n-athchóirithe is gá, go háirithe i réimsí na ‘bunphrionsabal’, cloí le prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine agus an dea-rialachais, chomh maith le hailíniú le comhbheartas eachtrach agus slándála AE, chun a áirithiú go ndéanfaidh an méadú an tAontas agus a mhargadh aonair a neartú seachas an bonn a bhaint díobh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur gealltanas stairiúil é an méadú, gur príomhuirlis beartais eachtraigh de chuid an Aontais é, gur tosaíocht gheopholaitiúil straitéiseach é agus go bhfuil sé ar cheann de na beartais is rathúla de chuid an Aontais, arb ionann é agus infheistíocht i dtodhchaí mhór-roinn na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur cheart do thíortha aontachais na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme go cinntitheach agus dul chun cinn nithiúil agus do-aisiompaithe a bhaint amach i bpríomhghnéithe phróiseas an mhéadaithe; de bhrí gur cheart do AE agus do na Ballstáit tacú leis na tíortha is iarrthóirí le cúnamh airgeadais agus teicniúil chun na critéir sin a bhaint amach; de bhrí nach féidir bealaí gasta a úsáid nuair a bhíonn luachanna agus bunphrionsabail AE i gceist;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, dá mbeadh méadú ar an Aontas, go mbeadh méadú dá bharr sin ar a chumhacht agus ar a ghiaráil pholaitiúil, eacnamaíoch agus mhíleata ar an leibhéal domhanda agus go ndéanfaí luachanna daonlathacha comhroinnte a chumhachtú ar fud réigiún méadaithe an Aontais ag an am céanna; de bhrí go bhfuil margadh aonair méadaithe tábhachtach don Aontas agus do na tíortha aontachais araon agus, ag an am céanna, go bhfuil an tAontas níos iomaíche fós mar ghníomhaí eacnamaíoch agus mar chomhpháirtí trádála tarraingteach dá bharr; de bhrí, mura ndéanfar dul chun cinn maidir le méadú an Aontais, go mbainfí an bonn ó leasanna eacnamaíocha agus slándála AE agus go bhféadfaí brú a chur ar thíortha nach bhfuil san Aontas ar mhór-roinn na hEorpa ailíniú go heacnamaíoch agus go polaitiúil le bloic eile (e.g. an Rúis agus an tSín), rud a d’fhéadfadh limistéir eacnamaíocha a chruthú a bheadh in iomaíocht leis an Aontas agus tionchar eacnamaíoch domhanda AE a laghdú, agus deiseanna á gcruthú ag an am céanna chun iarrachtaí díchobhsaithe a dhéanamh ó gharchomharsanacht AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go raibh fás suntasach sna tíortha a tháinig isteach in AE in 2004 – agus in AE ina iomláine – agus caighdeáin níos airde i roinnt réimsí, lena n-áirítear méadú 30 % ar an meán ar OTI <STRING ITALIC="on">per capita</STRING>; de bhrí, ar an meán, go raibh méadú breise 12 % ar OTI na mBallstát nua uile i gcomparáid leis an bhfás a measadh a bheadh acu mura rachadh siad isteach in AE, agus go raibh an fás sin inbhraite laistigh de chúig bliana óna n-aontachas; de bhrí go bhfuil fás 27 % tagtha ar gheilleagar AE le 20 bliain anuas; de bhrí go raibh fás agus rathúnas sna tíortha a bhí mar chuid de AE cheana féin tráth mhéadú 2004, agus gurb ann do ghaolmhaireacht cúise shoiléir le margaí leathnaithe, nascacht agus infheistíocht mar thoradh ar an méadú; de bhrí go mbíonn fás eacnamaíoch mar gheall ar mhéadú i ngach réigiún, ach gur sna réigiúin is boichte a bhíonn an fás eacnamaíoch coibhneasta is airde;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil OTI <STRING ITALIC="on">per capita</STRING> na mBalcán Thiar, na hÚcráine, na Moldóive agus na Seoirsia fós thart ar 50 % de OTI AE nó faoina bhun, cé go bhfuil fás eacnamaíoch seasta léirithe i roinnt tíortha is iarrthóirí le blianta beaga anuas, lena gcumasaítear cur chuige bunaithe ar fhiúntas agus réamhbhreathnaitheach; de bhrí go léiríonn an taithí a fuarthas tar éis mhéaduithe uile AE an tionchar dearfach ar chóineasú eacnamaíoch agus sóisialta a bhíonn ag ballraíocht agus ballraíocht AE i margadh aonair AE agus ag rochtain ar chistí struchtúracha; de bhrí go léirítear i staidéir go mbeadh laghdú 10 % ar an mbearna OTI <STRING ITALIC="on">per capita</STRING> idir AE agus na Stáit Aontaithe dá rachadh 10 mBallstát nua isteach san Aontas; de bhrí, dá mbeadh rochtain leathnaithe aige, i measc nithe eile, ar mhargaí saothair, acmhainneacht thionsclaíoch, teicneolaíochtaí digiteacha, go háirithe IS, agus mianraí tearc-chré criticiúla, go gcuirfí ar chumas AE dlús a chur leis na haistrithe glasa, digiteacha agus córa agus a chostais á laghdú ag an am céanna, agus é ag éirí níos uathrialaithí go straitéiseach ón Rúis, ón tSín agus ó iomaitheoirí sistéamacha eile; de bhrí go bhféadfadh cásanna ina gcomhcheanglaítear méadú suntasach le cóineasú láidir a mheastar a bheith suas le USD 10 dtrilliún a chur le OTI AE faoi 2035;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag na hionstraimí réamhaontachais toisc go gcuireann siad taithí luachmhar ar fáil chun uirlisí tacaíochta nuachóirithe a dhearadh atá saincheaptha do riachtanais shonracha tíortha, mar a tharla i gcás Phare (Clár na cabhrach Comhphobail do thíortha na hEorpa Láir agus Thoir), SAPARD (ionstraim talmhaíochta réamhaontachais) agus ISPA (Ionstraim le haghaidh Beartas Struchtúrach i gcomhair Réamh-Aontachais);
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt tíortha lasmuigh de AE ag déileáil le leibhéil éagsúla éagobhsaíochta polaitiúla agus de bhrí gur cheart, má dhéantar athchóirithe a bhaineann le ballraíocht AE a chur chun feidhme sna tíortha sin, mar a léiríodh le linn méaduithe roimhe seo, go gcuirfí leis an gcobhsaíocht agus leis an smacht reachta sa réigiún; de bhrí go bhfuil tacar fairsing uirlisí ar fáil do AE chun comhlíonadh na mbunluachanna sna Ballstáit a fhorfheidhmiú agus chun cobhsaíocht pholaitiúil an tionscadail Eorpaigh ina iomláine a choimirciú; de bhrí nach mór an tacar uirlisí sin a athchóiriú agus a neartú fós, go háirithe trí shásra an smachta reachta a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus trí chosaint éifeachtach a thabhairt do bhunluachanna AE mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear trí choinníollacha a leagan amach sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) reatha agus sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur cheart don Choimisiún agus don Pharlaimint feachtais múscailte feasachta a fhorbairt sna Ballstáit agus sna tíortha is iarrthóirí chun go gcuirfear saoránaigh ar an eolas go cuí faoi na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an méadú, agus cur i gcoinne ag an am céanna ionramháil agus cur isteach eachtraigh ar fhaisnéis ón Rúis agus ó thíortha eile atá ceaptha chun an bonn a bhaint de thacaíocht phoiblí don mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur gá creat institiúideach AE, agus go háirithe a phróisis chinnteoireachta, a neartú agus a fheabhsú don Aontas Eorpach reatha ina bhfuil 27 mBallstát; de bhrí go n-éilítear athchóirithe inmheánacha laistigh den Aontas chun ullmhú don mhéadú agus de bhrí gur cheart próiseas an mhéadaithe a shaothrú i gcomhthráth leis na hathchóirithe institiúideacha agus cinnteoireachta is gá chun acmhainneacht lánpháirtithe an Aontais a chosaint; de bhrí go bhfuil athchóiriú institiúidí, bheartais agus nósanna imeachta cinnteoireachta AE níos riachtanaí agus níos práinní ná riamh mar gheall ar an ionchas go ndéanfar méaduithe amach anseo;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur minic a rinneadh athchóirithe institiúideacha inmheánacha maidir le rialachas AE roimh mhéaduithe roimhe seo nó go raibh na hathchóirithe sin ag gabháil leo agus de bhrí gur ghnách gur spreagadh cumhachtach iad na próisis mhéadaithe sin d’fhorbairt agus do dhul chun cinn eacnamaíoch agus daonlathach na dtíortha is iarrthóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, i ndearbhú Granada an 6 Deireadh Fómhair 2023, gur aithin an Chomhairle Eorpach gur cheart próiseas comhthreomhar ullmhúchán agus athchóirithe laistigh de AE a bheith ag gabháil leis an dlús is gá a chur leis na hiarrachtaí athchóirithe i dtíortha is iarrthóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur leag an Chomhairle Eorpach amach, i gconclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024, treochlár don obair a dhéanfar amach anseo ar athchóirithe inmheánacha; de bhrí go n-aithníonn an Chomhairle Eorpach go bhfuil gá le hathchóirithe chun an tAontas agus ceannasacht na hEorpa a neartú, rud lena gcuirfear ar chumas an Aontais a uaillmhianta fadtéarmacha a chomhlíonadh, a bheartais agus a thosaíochtaí a bhaint amach, agus freagairt do réaltachtaí agus do dhúshláin gheopholaitiúla nua;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, de réir na gconclúidí sin, gur cheart athchóirithe inmheánacha a chur chun cinn i gcomhthráth le próiseas an mhéadaithe, ionas go mbeidh beartais oiriúnach don todhchaí agus go maoineofar iad ar bhealach oiriúnach agus ionas go leanfaidh institiúidí AE de bheith ag feidhmiú agus ag gníomhú go héifeachtach; de bhrí gur iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún grinn-athbhreithniú beartais a thíolacadh in 2025 ina ndíreofar ar cheithre shraith, eadhon luachanna agus an smacht reachta, beartais, buiséad agus rialachas;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfágann peirspictíocht an mhéadaithe atá ar na bacáin go bhfuil an tAontas neamhchosanta ar dhúshlán faoi thrí maidir le nósanna imeachta cinnteoireachta éifeachtúla a áirithiú (dúshlán na héifeachtúlachta), acmhainní leordhóthanacha a bhailiú chun a chuspóirí straitéiseacha (dúshlán na cumhachta agus na n-acmhainní) a bhaint amach agus dlisteanacht dhaonlathach agus cuntasacht a ghníomhaíochtaí (dúshlán an daonlathais) a choimirciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go dtugtar le tuiscint le hathchóirithe réamh-mhéadaithe ar chreat institiúideach AE go bhféadfaí réitigh lánpháirtíochta dhifreáilte a chur chun cinn aon uair a cheadaítear sin leis na Conarthaí; de bhrí go gceadaíonn nósanna imeachta de bhun Airteagail 20, 42 agus 46 CAE maidir le comhar feabhsaithe agus buanchomhar struchtúrtha (PESCO) do na Ballstáit toilteanacha a lánpháirtiú a dhoimhniú agus a gcomhar a fheabhsú faoi chuimsiú inniúlachtaí neamheisiacha AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí clásail <STRING ITALIC="on">passerelle</STRING> a úsáid láithreach chun athrú ón gceanglas maidir le haontoilíocht go vótáil trí thromlach cáilithe i réimsí beartais sonracha; de bhrí go mbunaítear le CAE gurb é an cuspóir deiridh a bhaineann le comhbheartas cosanta AE a chumadh go comhleanúnach ná comhchosaint a bhunú trí chinneadh d’aon toil ón gComhairle Eorpach, nach mór a bheith comhoiriúnach le ECAT;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, mar gheall ar sholúbthacht theoranta na gConarthaí, gur cheart athchóiriú níos doimhne a bheartú trí bhíthin athruithe spriocdhírithe ar na Conarthaí; de bhrí go bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú ar na Conarthaí gníomhachtaithe ag an bParlaimint agus go bhfuil tograí chun na Conarthaí a leasú curtha faoi bhráid na Comhairle aici i gcomhréir le hAirteagal 48(2) CAE;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An costas a bhaineann le gan an tAontas méadaithe a athchóiriú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á áitiú gur bhain an tAontas agus na tíortha is iarrthóirí úsáid i gcónaí as an méadú mar uirlis bheartais agus gheopholaitiúil chun an daonlathas, an chobhsaíocht, an tslándáil agus an rathúnas a chur chun cinn ar fud na mór-roinne; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur infheistíocht gheostraitéiseach fhadtéarmach é méadú AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth go gcuireann cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus dúshláin gheopholaitiúla eile leis an bpráinn a bhaineann le próiseas an mhéadaithe a chur chun cinn; á áitiú go bhfuil gá le fís pholaitiúil fhadtéarmach agus cinntí misniúla chun méadú rathúil agus inbhuanaithe a bhaint amach, cinntí arb é is aidhm dóibh Eoraip éifeachtúil, chumhachtach agus dhaonlathach a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur léir ón taithí a fuarthas go ngabhann dúshláin agus deiseanna nua institiúideacha agus polaitiúla le gach rabharta nua méadaithe, ar cheart aghaidh a thabhairt orthu go tráthúil, sula mbeidh na tíortha is iarrthóirí ina mBallstáit, más féidir, chun feidhmiú éifeachtach AE a áirithiú agus sáinn institiúideach a chosc; á chur i bhfios, roimh gach méadú i stair an tionscadail Eorpaigh, go ndearnadh na hathchóirithe institiúideacha inmheánacha ba ghá nó go raibh na hathchóirithe sin ag gabháil leis an méadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á aithint gurb é is aidhm don aontoilíocht a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar ábhair imní dhlisteanacha na mBallstát uile; á chreidiúint, áfach, má bhíonn Aontas méadaithe ann, go mbeidh comhordú níos sofaisticiúla ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phróiseas reatha an mhéadaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a eascraíonn as aontoilíocht sa Chomhairle, lena n-áirítear aontoilíocht a úsáid le haghaidh céimeanna idirmheánacha i bpróiseas an mhéadaithe, rud a d’fhéadfadh moill a chur ar aontachas comhaltaí nua leis an Aontas mar gheall ar shaincheisteanna déthaobhacha; á mheabhrú go gcumasaítear le hAirteagal 49 CAE aistriú chuig vótáil trí thromlach cáilithe gan gá le hathruithe ar an gConradh; ag tabhairt dá haire go bhfuil struchtúr agus rialachas bhuiséad AE anásta agus as dáta agus go bhféadfaí athdháileadh a dhéanamh ar leithdháileadh cistí talmhaíochta agus comhtháthaithe; á mheabhrú gur deis é méadú AE chun príomhbheartais AE a athchalabrú i ndáil leis sin; ag tacú le tionscnaimh atá dírithe ar an bpróiseas cinnteoireachta a dhéanamh níos éifeachtaí, rud atá ríthábhachtach chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart do dhoimhniú an Aontais, dá phróisis um méadú agus d’aontú na hEorpa a bheith fite fuaite ina chéile agus iad ag dul ar aghaidh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hathchóirithe institiúideacha agus airgeadais Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a ghabhann le próiseas reatha an mhéadaithe agus chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann baill nua a ionsú agus a lánpháirtiú rathúil a chur chun cinn gan geilleagair na mBallstát eile a dhíchobhsú ná teannas sóisialta a ghéarú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á aithint go bhféadfadh réitigh  a bheith ina réitigh shealadacha, ach nach bhfuil an intuarthacht, an trédhearcacht dhaonlathach agus an chuntasacht ag gabháil leo, ná an inbhuanaitheacht fhadtéarmach nach féidir a bhaint amach ach le hathchóirithe struchtúracha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cuspóirí na n-athchóirithe institiúideacha réamh-mhéadaithe: éifeachtúlacht, cumhacht agus daonlathas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chreidiúint go daingean gur cheart go gcuirfeadh athchóirithe institiúideacha an Aontais, gan beann ar an nós imeachta cinnteoireachta chun iad a ghlacadh, le cumas an Aontais gníomhú ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil; á chur i bhfios gur cheart go gcomhlíonfadh na hathchóirithe réamh-mhéadaithe ar chreat institiúideach an Aontais na cuspóirí maidir le héifeachtúlacht an Aontais a fheabhsú, an tAontas a dhéanamh níos cumhachtaí ar an leibhéal domhanda agus an tAontas a dhéanamh níos daonlathaí, níos dlisteanaí agus níos cuntasaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Dúshlán na héifeachtúlachta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, chun éifeachtúlacht mhéadaithe an Aontais a fheabhsú, gur cheart comhdhéanamh institiúidí an Aontais a oiriúnú, a dhéanamh níos éifeachtúla agus a bhfeidhmiú a fheabhsú; á mholadh gur cheart tacú le próiseas an mhéadaithe trí dhlúth-rannpháirtíocht luath na dtíortha is iarrthóirí i bhfeidhmiú institiúidí an Aontais, e.g. trí stádas breathnóra; Ag tabhairt dá haire go bhféadfaí é sin a bhaint amach go rathúil ar an gcaoi chéanna agus a bhí tráth mhéadú 2004; ag cur sonrú, mar shampla dearfach den lánpháirtiú de réir a chéile sin, in iarrachtaí an Choimisiúin ról a thabhairt do thíortha is iarrthóirí i réimsí na slándála agus na cosanta, go háirithe tríd an tagairt a dhéantar dóibh sa pháipéar bán maidir le todhchaí chosaint an Aontais agus sa straitéis slándála inmheánaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire nach mór d’athchóirithe institiúideacha réamh-mhéadaithe aghaidh a thabhairt ar impleachtaí an mhéadaithe do chomhdhéanamh na Parlaiminte; á chur i bhfios go láidir, agus ionadaíochas daonlathach iomchuí á háirithiú, gur cheart don Pharlaimint fanacht ar mhéid inoibrithe; á thabhairt chun suntais gur gá tús áite a thabhairt d’obair inmheánach agus idirinstitiúideach maidir le sásra buan leithdháilte suíochán a shainaithint, a bheidh in ann ionadaíocht dhéimeagrafach agus gheografach atá cothrom, trédhearcach agus marthanach a áirithiú, ag urramú phrionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí; ag meabhrú a seasaimh gur cheart comhdhéanamh na Parlaiminte a mheas in éineacht leis an gcóras vótála sa Chomhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach mór méadú a chur san áireamh i gcomhdhéanamh reatha an Choimisiúin; ag meabhrú na solúbthachta, i ndáil leis sin, dá bhforáiltear i gConradh Liospóin; á thabhairt chun suntais nach mór d’aon laghdú ar mhéid Choláiste na gCoimisinéirí, mar a fhorordaítear in Airteagal 17(5) CAE, leanúint de chomhdhéanamh an Choimisiúin atá cothrom ó thaobh geografaíochta, déimeagrafach agus inscne de a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á aithint gur gá machnamh a dhéanamh ar an athbhreithniú ar fheidhmiú agus ar phróiseas cinnteoireachta na Comhairle i bhfianaise an mhéadaithe; ag tabhairt dá haire nach mór tromlach cáilithe a athshainiú chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht idir tíortha móra agus tíortha beaga agus chun tairseacha níos airde a choinneáil do na cinntí is tábhachtaí agus is íogaire ó thaobh na polaitíochta de; ag meabhrú, i ndáil leis sin, na rún uaithi an 22 Samhain 2023 maidir le tograí ó Pharlaimint na hEorpa chun na Conarthaí a leasú, go háirithe maidir le tromlaigh vótála sa Chomhairle; á iarraidh go mbeadh an-trédhearcacht agus sláine i bpróiseas cinnteoireachta na Comhairle i gcomhthéacs an mhéadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí an nós imeachta in Airteagal 7 CAE a neartú agus a athchóiriú trí dheireadh a chur leis an aontoilíocht i gcinntí ón gComhairle Eorpach, trí thréimhse ama shoiléir a thabhairt isteach agus trí réiteoir ar sháruithe a dhéanamh de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Dúshlán na cumhachta agus na n-acmhainní</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata athbhreithniú a dhéanamh ar rialachas CAI, eadhon trí chumhachtaí comhreachtacha iomlána a shannadh ar thaobh an chaiteachais de i mbuiséad AE, lena n-áirítear CAI a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur cheart an clásal athbhreithnithe éigeantach reatha i gcás méadú a choinneáil sa chéad CAI eile agus nár cheart difear a dhéanamh do chlúdaigh náisiúnta; á chur i bhfios go láidir nach mór, leis an gcéad CAI eile, bearta iomchuí idirthréimhseacha agus céimnithe isteach a chur i bhfeidhm freisin le haghaidh príomhréimsí caiteachais, amhail comhtháthú agus talmhaíocht, bunaithe ar mheasúnú cúramach ar na tionchair ar earnálacha éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheas go mbeidh an chéad CAI eile ríthábhachtach chun an tAontas a ullmhú don mhéadú agus do na tíortha is iarrthóirí ar aontachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag meabhrú an tseasaimh ón bParlaimint a cuireadh in iúl i rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0090</FIELD></FOOTNOTE> nach mór do bhuiséad fadtéarmach AE imeacht ón leibhéal féin-fhorchurtha, a bhí sriantach go stairiúil, arb ionann é agus 1 % den ollioncam náisiúnta comhiomlánaithe; á chur i bhfáth gur léiríodh i dtuarascálacha Draghi agus Letta go bhfuil gá le hacmhainní dílse breise suntasacha chun go mbeidh an tAontas níos iomaíche, chun an t-aistriú cóir agus glas a thabhairt chun críche agus chun go mbeidh sé in ann é féin a chosaint go neamhspleách ar fhogha na Rúise faoi 2030;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfeadh CAI tar éis 2027 agus buiséad níos éifeachtaí, lena n-áirítear an pacáiste nua acmhainní dílse, ar chumas an Aontais bogadh go cinntitheach i dtreo an mhéadaithe agus beartais, cláir agus tosaíochtaí reatha á gcosaint ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Dúshlán an daonlathais</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach bheartais an Aontais a neartú trí chearta cinnteoireachta agus grinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa a threisiú, lena n-áirítear an ceart fiosrúcháin, arb í an t-aon institiúid í a thoghtar go díreach agus a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag parlaimintí thíortha aontachais AE i bpróiseas aontachais AE, go háirithe trí reachtaíocht a bhaineann le haontachas a rith, agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá comhar parlaiminteach agus forbairt comhdhearcaidh maidir le hábhair aontachais AE i ndáil leis sin; á athdhearbhú go bhfuil Parlaimint na hEorpa réidh chun a hacmhainní polaitiúla agus teicniúla a úsáid chun cabhrú le parlaimintí i dtíortha aontachais dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gclár oibre athchóirithe a bhaineann le AE, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta i roinnt tíortha is iarrthóirí, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí idirghabhála agus trí phróiseas Idirphlé Jean Monnet;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá Parlaimint na hEorpa a chumhachtú chun athchóiriú a dhéanamh ar phróisis chinnteoireachta AE trína cur ar comhchéim leis an gComhairle; ag athdhearbhú a hiarrata ar an bParlaimint ceart iomlán tionscnaimh reachtaigh a fháil – an chumhacht dlí an Aontais a thabhairt isteach, a leasú nó a aisghairm; á chur in iúl go bhfuil sí lánchinnte go ndéanfadh ceart tionscnaimh ginearálta agus díreach dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a neartú tuilleadh agus saoránaigh an Aontais a chumhachtú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á aithint nach leor iad cearta tionscnaimh díreacha na Parlaiminte chun go mbeadh sí in ann ionadaíocht a dhéanamh ar na saoránaigh, na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha, ná baol air, rud a fhágann go bhfuil monaplacht, a bheag nó a mhór, ag an gCoimisiún ar an tionscnamh reachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go dtugtar cearta díreacha tionscnaimh don Pharlaimint mar atá le Conradh Liospóin, agus go n-aithnítear a hinniúlacht ann maidir le féineagrú, feidhm grinnscrúdaithe agus dlisteanacht dhaonlathach na Parlaiminte mar an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghtar go díreach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach trédhearcacht agus cuntasacht dhaonlathach na Parlaiminte a fheabhsú, trí ghné Eorpach na dtoghchán a neartú agus trí rialacha toghcháin aonfhoirmeacha a leagan síos ar fud AE; á iarraidh ar an mBallstát eile Cinneadh 2018/994 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976 (IO L 178, 16.7.2018, lch. 1), nach bhfuil i bhfeidhm. http://data.europa.eu/eli/dec/2018/994/oj).</FIELD></FOOTNOTE>a dhaingniú; á iarraidh ar an gComhairle obair a dhéanamh ar na moltaí a cuireadh chun cinn i seasamh na Parlaiminte an 3 Bealtaine 2022<FOOTNOTE><FIELD> Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh (76/787/CEGC, CEE, Euratom) ón gComhairle agus an Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal leis an gCinneadh sin (IO C 465, 6.12.2022, lch. 171).</FIELD></FOOTNOTE>; ag athdhearbhú a hiarrata ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle dul chun cinn a dhéanamh sa phlé maidir le buansásra a thabhairt isteach chun suíocháin Pharlaimint na hEorpa a leithdháileadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Modhanna chun athchóirithe institiúideacha réamh-mhéadaithe a chur chun feidhme</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheas gur féidir thuasluaite na n-athchóirithe institiúideacha réamh-mhéadaithe a chur chun feidhme ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí na solúbthachtaí a thairgtear leis na Conarthaí reatha a ghníomhachtú trí leasú spriocdhírithe amháin nó níos mó ar na Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil roinnt ionstraimí solúbthachta ann cheana féin, amhail clásail <STRING ITALIC="on">passerelle</STRING>, comhar feabhsaithe, staonadh cuiditheach, PESCO agus sásraí um rogha gan bheith páirteach, faoi chreat dlíthiúil reatha an Aontais, mar a léirítear le taithí limistéar Schengen, ceann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag AE, agus an t-airgeadra aonair; á mheabhrú gur féidir réitigh chéimniú isteach, maoluithe sealadacha agus idirthréimhsí a chaibidliú le haghaidh réimsí beartais áirithe i gcomhthéacs nósanna imeachta aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart go dtarlódh comhtháthú difreáilte i gcónaí laistigh de chreat an Chonartha, gur cheart go gcoinneodh sé aontacht institiúidí AE agus nár cheart go gcruthófaí socruithe institiúideacha comhthreomhara ná socruithe a sháraíonn spiorad agus bunphrionsabail dhlí AE go hindíreach mar thoradh air, ach gur cheart, ina ionad sin, go bhféadfaí comhlachtaí sonracha a bhunú i gcás inarb iomchuí, gan dochar d’inniúlachtaí agus do ról institiúidí AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt chun suntais go gceadaítear leis na solúbthachtaí dá bhforáiltear leis na Conarthaí reatha níos mó a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo aontas cosanta Eorpach, gan gá le próiseas cuimsitheach athchóirithe Conartha; á chur i bhfios go láidir go mbeidh gá ar deireadh le cinneadh d’aon toil i gcomhréir le hAirteagal 42(2) chun buanaontas cosanta Eorpach a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth, i réimse na cosanta, go gcuirtear, le PESCO (sean-Airteagal 46 CAE), ar chumas grúpa Ballstát dul chun cinn a dhéanamh i dtreo chóras cosanta Eorpach a chruthú; ag tabhairt dá haire, in ainneoin gur úsáideadh PESCO go príomha do thionscadail cosanta tionsclaíche, go bhfuil an acmhainneacht níos leithne aige a chuireann ar chumas na mBallstát toilteanach comhchosaint a institiúidiú gan mhoill, fiú in éagmais aontoilíochta laistigh den Chomhairle Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, de bhun fhorálacha na gConarthaí atá ann cheana, go gceadófaí le cinneadh arna ghlacadh trí thromlach cáilithe córas cosanta Eorpach a chruthú faoi Airteagal 42(6) CAE agus Airteagal 1(b) de Phrótacal 10, agus ag an am céanna go bhfágfaí an doras ar oscailt do Bhallstáit eile a bheith rannpháirteach ag céim níos déanaí, mar a tharla i gcás an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit toilteanacha forálacha PESCO a ghníomhachtú chun na críche sin gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle torthaí na n-athbhreithnithe beartais a chur in iúl go soiléir agus treochlár réalaíoch, seicheamhach a fhorbairt, i gcomhar leis an bParlaimint, chun na hathchóirithe institiúideacha is gá a chur chun feidhme i gcomhar le próiseas an mhéadaithe;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún Eorpach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>