<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0274</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh: cúnamh don Spáinn agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha in 2024 agus 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0215/2025 -  Rapóirtéir: Sandra Gómez López)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Spáinn maidir leis na tuilte i réigiún Valencia na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus sa Fhrainc tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024 agus cioclón Garance in La Réunion i mí Feabhra 2025 (COM(2025)0855 – C10-0239/2025 – 2025/0318(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0855 – C10‑0239/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe pointe 10 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus Gnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A10-0031/2024) faoi chuimsiú an nós imeachta reachtaigh chun Rialachán (AE) 2024/3236 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 a ghlacadh lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 maidir le Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Athchóiriú (RESTORE)<FOOTNOTE><FIELD> Téacs arna nglacadh, P10_TA(2024)0059.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe an measúnú buiséadach ón gCoiste um Buiséid atá i gceangal leis an tuarascáil sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0090.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil EEA Uimh. 1/2024 - Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide (EUCRA)<FOOTNOTE><FIELD> https://www.eea.europa.eu/publications/european-climate-risk-assessment</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0215/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, idir an 28 Deireadh Fómhair agus an 4 Samhain 2024, gur bhuail stoirm a thug báisteach throm réigiún iomlán Valencia na Spáinne agus gur tharla tuilte tromchúiseacha mar thoradh uirthi as ar eascair damáistí díreacha iomlána a mheas an Coimisiún a bheith cothrom le EUR 18,08 billiún agus a rinne difear do 845 000 duine ó 84 bhardas, 170 foras oideachais, níos mó ná 50 institiúid sláinte agus bonneagar poiblí; de bhrí gur maraíodh 229 duine ar a laghad de bharr na dtuilte;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb ionann an meastachán ar thionchar ollmhór na stoirmeacha agus na dtuilte ar gheilleagar na réigiún agus EUR 18 mbilliún, a dhéanann difear do 63 limistéar thionsclaíocha, 64000 cuideachta (ar FBManna iad 99,6 % díobh), 250000 oibrí, agus 243388 n-éileamh ar chúiteamh, mar a sonraíodh sna staidéir a chuir rialtas réigiúnach Valencia agus Cónaidhm Ghnó Valencian i láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur bhuail béal cioclóin ar a dtugtar Chido oileán Mayotte na Fraince an 14 Nollaig 2024, agus gur eascair séideáin ghaoithe ag dul thar 180 ciliméadar san uair agus báisteach throm mar aon le hairde arda tonnta as, rud a d’fhág gur tharla damáistí díreacha iomlána a mheasann an Coimisiún a bheith ag EUR 3,6 billiún; de bhrí go ndearna an cioclón difear do 337 000 duine agus gur maraíodh 39 duine ar a laghad dá bharr; de bhrí go bhfuil 200 duine fós ar iarraidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur bhuail cioclón darbh ainm Garance oileán La Réunion na Fraince an 28 Feabhra 2025, agus gur eascair luasanna gaoithe suas le 215 chiliméadar san uair, báisteach throm agus dálaí farraige contúirteacha as, rud a d’fhág gur tharla damáistí díreacha iomlána a mheasann údaráis na Fraince a bheith ag EUR 849,45 milliún, den chuid is mó i mbonneagar líonra leictreachais agus cumarsáide; de bhrí go ndearna an cioclón difear do 160 000 duine agus gur maraíodh 4 duine ar a laghad dá bharr;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht iomlán leis na híospartaigh uile, lena dteaghlaigh agus leis na daoine uile a buaileadh ag na tuilte millteacha i réigiún Valencia na Spáinne, agus ag cioclóin thubaisteacha in Mayotte agus in La Réunion na Fraince, chomh maith leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá páirteach sna hiarrachtaí fóirithinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar fhoirm inláimhsithe agus infheicthe de dhlúthpháirtíocht an Aontais lena shaoránaigh agus leis na réigiúin sna limistéir atá buailte, ach ag tabhairt dá haire nach féidir an dlúthpháirtíocht sin a chur in ionad fhreagracht dhíreach na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta maidir le tubaistí nádúrtha a bhaineann leis an aeráid a chosc agus a bhainistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé na sochair nithiúla a eascraíonn as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a chur in iúl don phobal, agus feasacht na saoránach ar uirlisí agus cláir an Aontais a mhéadú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtubaistí nádúrtha tromchúiseacha, millteacha agus marfacha san Eoraip agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún infheistíochtaí a mhéadú i gcosc, i mbonneagar poiblí, i maolú ar an athrú aeráide agus in oiriúnú don athrú sin chomh maith le bearta ullmhachta éigeandála chun caillteanais dhaonna agus eacnamaíocha a sheachaint; á iarraidh ar na Ballstáit a chur san áireamh go ndéanann rioscaí aeráide agus tubaistí nádúrtha eile difear díréireach do phobail leochaileacha agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide mar gheall ar thosca socheacnamaíocha agus déimeagrafacha chomh maith le críocha leochaileacha amhail na réigiúin is forimeallaí; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach ardleibhéal grinnscrúdaithe dhaonlathaigh ag údarás buiséadach CDAE a áirithiú; á mheabhrú go bhfuil buiséad teoranta ag CDAE agus nach féidir a mheas gurb é an t-aon ionstraim amháin é chun aghaidh a thabhairt ar mhórthubaistí nádúrtha; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí measúnú ar acmhainneacht airgeadais bhuiséad an Aontais agus go mbreithneofaí méadú féideartha ar a acmhainní chun cúnamh a chur ar fáil do shaoránaigh atá i gcomhréir le méid na dtubaistí sin; á thabhairt dá haire go gcuirfeadh méadú ar an gcineál seo cúnaimh ar chumas na mBallstáit freagairt níos éifeachtaí agus níos tapúla ar thubaistí, agus go bhféadfaí ionstraimí eile, go háirithe cistí comhtháthaithe nach é an príomhchuspóir atá leo freagairt ar thubaistí, a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfuil in CDAE ach ionstraim leigheasach agus gur cheart don Aontas leanúint d’aghaidh a thabhairt ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar mhaolú ar an athrú sin trí thacú le beartais Eorpacha agus náisiúnta chun tubaistí nádúrtha a chosc chomh maith le bonn taca a chur faoin bprionsabal ‘atógáil chun feabhais’ ina ghníomhaíochtaí uile; á chur i bhfios go láidir gur tugadh rabhadh i dTuarascáil Uimh. 1/2024 ó EEA dar teideal <STRING ITALIC="on">European Climate Risk Assessment</STRING> [Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide] nach bhfuil an tAontas ullamh d’éifeachtaí an athraithe aeráide agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht chun a áirithiú nach sroichfidh na rioscaí aeráide sainaitheanta leibhéil chriticiúla; ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun go mbainfidh an tAontas na gealltanais arna dtabhairt faoi Chomhaontú Pháras amach; á mheabhrú go bhfuil gá le sineirgí éifeachtacha le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais agus á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna cistiúcháin, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus na cláir forbartha tuaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh go pras ar aon iarraidh réasúnaithe ó na Ballstáit cistí laistigh de na pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a ath-leithdháileadh ar chúnamh i gcás tubaistí nádúrtha, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe agus céatadán ard na n-acmhainní ón sásra sin nach bhfuil caite go fóill á chur i gcuntas; á chur i bhfáth freisin go bhfuil gá le bearta coisctheacha, ní hamháin chun damáiste amach anseo a mhaolú ach freisin chun géarú ar dhálaí riosca i ndiaidh teagmhais thurraingeacha a chosc, amhail tuilte, falscaithe, sciorrthaí talún nó triomú lochanna agus aibhneacha; ag cur béim, thairis sin, ar na rioscaí a bhaineann le hadhaimsir agus tubaistí nádúrtha amhail tonnta teasa don tsláinte phoiblí ar fud na hEorpa agus á iarraidh ar an gCoimisiún an ghné sin a mheas i mbeartais ábhartha; á mholadh go n-úsáidfí uirlisí digiteacha nuálacha, sonraí satailíte (e.g. Copernicus), agus córais luathrabhaidh chun ullmhacht do thubaistí a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá solúbthacht leormhaith idir na cláir éagsúla; á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh an cúnamh a sholáthraítear faoi CDAE dochar do chistiú an Aontais a fhaigheann na Ballstáit faoi bheartais nó cláir eile de chuid an Aontais; á mheabhrú gur féidir leis na Ballstáit Státchabhair a dheonú, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe do ghnólachtaí talmhaíochta a d’fhulaing damáistí de dheasca tubaistí nádúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann RESTORE<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3236, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3236/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus na bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3242, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3242/oj.</FIELD></FOOTNOTE> cúnamh breise ar fáil do na Ballstáit a bhuailtear le tubaistí nádúrtha trí sholúbthacht bhreise maidir le húsáid na gcistí; á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit leas a bhaint as na deiseanna nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go dtógann sé bliain ar an meán do mhéid iomlán deontais CDAE chun an tairbhí a bhaint amach; á mheabhrú a thábhachtaí atá measúnú tapa agus láidir ar dhamáiste lena dtugtar aird chuí ar na hiarmhairtí eacnamaíocha agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí oibríochtúla méadaithe ar mhaithe le laghdú a dhéanamh ar an meán-am chun réamhíocaíochtaí a scaoileadh, agus buiséad an Aontais á chosaint; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí an cóimheas idir damáiste díreach iomlán agus OIN na críche a ndéantar difear di a chur i gcuntas ar bhealach níos fearr sa mhodheolaíocht chun méid iomlán na cabhrach a ríomh, go háirithe nuair a dhéantar difear do na réigiúin is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le cúnamh airgeadais láithreach a chur ar fáil trí CDAE chun a áirithiú gur féidir leis an tacaíocht na réigiúin atá buailte a shroicheadh go tráthúil chun tacú le téarnamh tapa agus fadtéarmach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-am idir cur isteach iarratais ar chúnamh CDAE agus an cinneadh maoiniúcháin a laghdú; á iarraidh go ndéanfaí iarracht chun a áirithiú go sroichfidh cabhair CDAE a fhaighteoirí deiridh go pras, lena n-áirítear gnólachtaí, FBManna, teaghlaigh agus saoránaigh dá ndéantar difear, chomh maith le hatógáil bonneagair agus deisiú damáiste ábhartha, agus an measúnú tionchair comhfhreagrach agus sásraí rialaithe iomchuí ag gabháil leo go léir; á chur i bhfios go láidir gur gá nósanna imeachta inmheánacha a shimpliú agus dlús a chur leo gan an bonn a bhaint ón gcothromaíocht institiúideach, go háirithe cearta Pharlaimint na hEorpa mar cheann de dhá bhrainse den údarás buiséadach; ag tabhairt dá haire nach bhfuil an rialachas atá beartaithe do chomharba Chiste Dlúthpháirtíochta na hEorpa tar éis 2027 i gcomhréir leis an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa a cuireadh in iúl i rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 ‘Buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú’<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0090.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun cúnamh a thabhairt don Spáinn maidir leis na tuilte i réigiún Valencia na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus sa Fhrainc tar éis na damáistí a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024 agus cioclón Garance in La Réunion i mí Feabhra 2025</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2025/2403.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>