<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0278</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Straitéis um Chomhionannas Inscne 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0210/2025 -  Rapóirtéir: Marko Vešligaj)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 ar an Straitéis um Chomhionannas Inscne 2025 (2024/2125(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8, 10, 19, 79, 83, 153 agus 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 1, 21, 23 agus 24 di,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt agus arna shíniú ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún an 17 Samhain 2017, agus don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta’ (COM(2021)0102),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú an 18 Nollaig 1979 agus dá mholtaí ginearálta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, a glacadh an 12 Nollaig 2006,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na barúlacha deiridh maidir leis an dara agus an tríú tuarascáil thréimhsiúil chomhcheangailte ón Aontas Eorpach, arna nglacadh ag Coiste na Náisiún Aontaithe um chearta daoine faoi mhíchumas, an 21 Márta 2025, agus go háirithe a mholtaí faoi Airteagal 6 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 21 Nollaig 1965,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising ó na Náisiúin Aontaithe an 15 Meán Fómhair 1995 agus do thorthaí a chomhdhálacha athbhreithnithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2000 maidir le Mná, leis an tSíocháin agus leis an tSlándáil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ó na Náisiún Aontaithe an 21 Deireadh Fómhair 2015 agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a leagtar amach ann, go háirithe SFI 5 – ‘Comhionannas inscne a bhaint amach agus na mná agus cailíní uile a chumhachtú’ agus SFI 3 – ‘Saol sláintiúil a áirithiú agus dea-bhail a chur chun cinn do gach duine gan beann ar aois’ (lena n-áirítear mná agus cailíní), agus na spriocanna agus na táscairí a bhaineann leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Eurostat ó mhí an Mheithimh 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Sustainable development in the European Union: Monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context – 2024 edition’</STRING> [Forbairt inbhuanaithe san Aontas Eorpach: Tuarascáil faireacháin ar an dul chun cinn i dtreo na SFInna i gcomhthéacs an Aontais – eagrán 2024]<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, ‘<STRING ITALIC="on">Sustainable development in the European Union: Monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context – 2024 edition’</STRING>,[Forbairt inbhuanaithe san Aontas Eorpach: Tuarascáil faireacháin ar dhul chun cinn chun SFInna a bhaint amach i gcomhthéacs an Aontais – eagrán 2024] https://ec.europa.eu/eurostat/documents/15234730/19397895/KS-05-24-071-EN-N.pdf/730c983a-fa93-6ce2-7905-2379de04f3e9?version=1.0&t=1718611411114.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún i mí na Bealtaine 2023 dar teideal ‘Athbhreithniú Deonach an AE ar Fheidhmiú Clár Oibre 2030 maidir le Forbairt Inbhuanaithe’<FOOTNOTE><FIELD> ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún i mí na Bealtaine 2023 dar teideal ‘Athbhreithniú Deonach an Aontais Eorpaigh ar chur i bhfeidhm Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’, 2023, https://commission.europa.eu/system files/2023-06/SDG-Report-WEB.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Luach Saothair Comhionann an 29 Meitheamh 1951, agus do Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh an 21 Meitheamh 2019,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair an 14 Meitheamh 2024 maidir le hobair chuibhiúil agus an geilleagar cúraim,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) an 11 Bealtaine 2011, a dhaingnigh an tAontas i mí an Mheithimh 2023, agus do na tuarascálacha faireacháin tíre ón nGrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile (GREVIO) maidir lena chur chun feidhme,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Chomhairle na hEorpa Aibreán 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Second General Report on GREVIO Activities’</STRING>, [An Dara Tuarascáil Ghinearálta maidir le Gníomhaíochtaí GREVIO],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí, na tuarascálacha agus na rúin ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine agus ó chomhlachtaí Chomhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrionsabail Yogyakarta, a glacadh i mí na Samhna 2006, agus do Phrionsabail Yogyakarta plus 10, a glacadh i mí na Samhna 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí a ghlac Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 31 Márta 2016 i dTeachtaireacht Uimh. 2324/2013, <STRING ITALIC="on">Mellet</STRING> v <STRING ITALIC="on">Éire, </STRING>fonóta 6, mír 7.7, agus an 29 Márta 2011 i dTeachtaireacht Uimh. 1608/2007, <STRING ITALIC="on">L.M.R. </STRING>v<STRING ITALIC="on"> an Airgintín</STRING>, míreanna 9.3 agus 9,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threoracha CEE agus AE ó 1975 ar aghaidh maidir le gnéithe éagsúla de chóir chomhionann idir mná agus fir (Treoir 79/7/CEE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1979/7/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Treoir 86/613/CEE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 86/613/CEE ón gComhairle an 11 Nollaig 1986 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne idir mná agus fir atá rannpháirteach i ngníomhaíocht, lena n-áirítear an talmhaíocht, i gcáil fhéinfhostaithe, agus maidir le cosaint do mhná féinfhostaithe le linn toirchis agus máithreachais (IO L 359, 19.12.1986, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1986/613/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Treoir 92/85/CEE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach d’fhonn feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (IO L 348, 28.11.1992, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/85/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Treoir 2004/113/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/113/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Treoir 2006/54/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/54/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Treoir 2010/41/AE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/41/oj).</FIELD></FOOTNOTE>),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 180, 19.7.2000, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/43/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch) agus do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of equality: EU anti-racism action plan 2020-2025’</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Plean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais 2020-2025] (COM(2020)0565),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ón gComhairle an 2 Iúil 2008 maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh (COM(2008)0426) (an treoir chothrománach in aghaidh an idirdhealaithe),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an Ordú Cosanta Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 338, 21.12.2011, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/99/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/29/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj?eliuri=eli%3Adir%3A2019%3A882%3Aoj&locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 188, 12.7.2019, lch. 79, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1158/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don doiciméad oibre ‘<STRING ITALIC="on">EU Action Plan on Women, Peace and Security (WPS) 2019-2024’</STRING> [Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil 2019-2024] an 4 Iúil 2019, ar cuireadh síneadh lena ré, i mí na Samhna 2023, go dtí 2027,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation’</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Creat straitéiseach an Aontais le haghaidh chomhionannas, chuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach] (COM(2020)0620),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair le haghaidh Seirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha),<FOOTNOTE><FIELD> IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj?locale=ga).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara<FOOTNOTE><FIELD> IO L 315, 7.12.2022, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2381/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe,<FOOTNOTE><FIELD> IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024L1385.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1500 ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena leasaítear Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE,<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1500, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1500/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1712, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1712/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Frithgháinneáil arna hathbhreithniú),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2024 le haghaidh treoir Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (COM(2024)0060),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’</STRING> [An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (GAP) - Clár oibre uaillmhianach do chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh’ (JOIN(2020)0017), ar cuireadh síneadh leis go dtí 2027, agus do dhoiciméad inmheánach oibre comhpháirteach an 25 Samhain 2020 a ghabhann leis dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Objectives and Indicators to frame the implementation of the Gender Action Plan III (2021-25)</STRING>’ [Cuspóirí agus Táscairí chun cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne (2021-25) a cheapadh] (SWD(2020)0284),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Straitéis an Aontais Eorpaigh um chearta íospartach (2020-2025)’ (COM(2020)0258),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa (COM(2021)0044), do Mhisean Ailse na hEorpa agus don tuarascáil chríochnaitheach ón gCoiste Speisialta um Shárú na hAilse,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ (COM(2021)0101),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 107, 26.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/522/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis an straitéis Eorpach um chúram (COM(2022)0440), arb é is aidhm di seirbhísí cúraim ardcháilíochta, inacmhainne agus inrochtana a áirithiú chun feabhas a chur ar an staid do ghlacadóirí cúraim agus mar aon leis sin do chúramóirí (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) (ar mná iad den chuid is mó),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán<FOOTNOTE><FIELD> IO C 476, 15.12.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘An Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020 - 2025’ (COM(2020)0420),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla ó Ursula von der Leyen an 18 Iúil 2024 dar teideal ‘Rogha na hEorpa – treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 dar teideal ‘Treochlár um Chearta na mBan’ (COM(2025)0097),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún i mí an Mhárta 2025 dar teideal ‘Tuarascáil 2025 ar chomhionannas inscne san Aontas’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 2 Meitheamh 2006 maidir le sláinte na mban<FOOTNOTE><FIELD> IO C 146, 22.6.2006, lch. 4.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 14 Nollaig 2021, <STRING ITALIC="on">V.М.А</STRING>. v <STRING ITALIC="on">Stolichna obshtina, rayon ‘Pancharevo’</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Nollaig 2021, <STRING ITALIC="on">V.M.A. </STRING>v<STRING ITALIC="on"> Stolichna obshtina, rayon ‘Pancharevo’</STRING>, C-490/20, ECLI:EU:C:2021:1008.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 11 Nollaig 2013 maidir le mná faoi mhíchumas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 468, 15.12.2016, lch. 128.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 29 Samhain 2018 maidir le staid na mban faoi mhíchumas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 164.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 13 Feabhra 2019 maidir le frithfhreagairt in aghaidh chearta na mban agus an chomhionannais inscne san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 449, 23.12.2020, lch. 102.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> IO L 232, 16.6.2021, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 30 Eanáir 2020 maidir leis an mbearna phá idir na hinscní<FOOTNOTE><FIELD> IO C 331, 17.8.2021, lch. 5.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 404, 6.10.2021, lch. 202.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le Straitéis AE um Chomhionannas Inscne<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 208.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 191.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir leis an mbearna inscne san earnáil dhigiteach a dhúnadh: rannpháirtíocht na mban sa gheilleagar digiteach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 232.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 11 Feabhra 2021 maidir le dúshláin amach anseo i ndáil le cearta na mban san Eoraip: breis agus 25 bliana i ndiaidh Dhearbhú Bhéising agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 17.11.2021, lch. 160.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 10 Meitheamh 2021 maidir le comhionannas inscne a chur chun cinn san oideachas agus i ngairmeacha eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 67, 8.2.2022, lch. 137.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 ar staid na sláinte agus na gceart gnéis agus atáirgthe san Aontas, faoi chuimsiú shláinte na mban<FOOTNOTE><FIELD> IO C 81, 18.2.2022, lch. 43.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 14 Nollaig 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe a chomhrac: cibearfhoréigean<FOOTNOTE><FIELD> IO C 251, 30.6.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir le comhionannas idir mná agus fir san Aontas Eorpach in 2018-2020<FOOTNOTE><FIELD> IO C 251, 30.6.2022, lch. 23.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir le Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 150.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 maidir le neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a bhaint amach trí fhiontraíocht agus trí fhéinfhostaíocht<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 54.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 5 Iúil 2022 i dtreo comhghníomhaíocht Eorpach maidir le cúram<FOOTNOTE><FIELD> IO L 47, 7.2.2023, lch. 30.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 5 Iúil 2022 maidir le bochtaineacht na mban san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO L 47, 7.2.2023, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir le gnéaschiapadh san Aontas agus meastóireacht MeToo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1224, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1224/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2023 maidir le striapachas a rialáil in AE: a impleachtaí trasteorann agus a thionchar ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/1767, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1767/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 11 Aibreán 2024 maidir leis an gceart chun ginmhillte a áireamh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/1279, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1279/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mholadh uaithi an 19 Nollaig 2024 chuig an gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais don 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/1871, 11.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1971/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne an 9 Aibreán 2025 maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 25 Samhain 2024 ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), Eurostat agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU gender-based violence survey: key results’</STRING>, [Suirbhé an Aontais ar fhoréigean inscnebhunaithe: príomhthorthaí],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs Comhionannais Inscne 2024, arna fhoilsiú ag EIGE an 10 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Policies for long term carers’</STRING> [Beartais do chúramóirí fadtéarmacha] a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh i mí na Samhna 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A10-0210/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur cearta bunúsacha iad na cearta chun córa comhionainne agus chun neamh-idirdhealaithe a aithnítear sna Conarthaí<FOOTNOTE><FIELD> Airteagail 2 agus 3(3) CAE, Airteagail 8, 10, 19 agus 157 CFAE agus Airteagail 21 agus 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.</FIELD></FOOTNOTE> agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, agus go bhfuil siad bunriachtanach d’fhorbairt bhreise an Aontais; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an Aontas maidir le neamhionannais a dhíothú agus comhionannas a chur chun cinn, mar a leagtar amach in CFAE<FOOTNOTE><FIELD> ‘Ina ghníomhaíochtaí uile, beidh sé mar cuspóir ag an Aontas neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh.’ - Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur bunluach den Aontas é an comhionannas inscne, gur ceart bunúsach agus príomhphrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta é, agus gur coinníoll bunriachtanach é don dul chun cinn lena n-éilítear comhdheiseanna agus torthaí a chur chun cinn ó na céimeanna is luaithe den oideachas agus steiréitíopaí inscne a dhíothú ón óige; de bhrí gur geal leis an bParlaimint na prionsabail a áirítear sa Dearbhú atá i gceangal le teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 dar teideal ‘Treochlár um Chearta na mBan’ mar íoschaighdeáin, agus béim á leagan aici ar an ngá atá le huaillmhian níos mó;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur scóráil na Ballstáit 71,0 pointe ar an meán as 100 in Innéacs Comhionannais Inscne AE 2024, scór ar feabhsú an-mheasartha 0,8 pointe é i gcomparáid leis an eagrán roimhe seo den Innéacs; de bhrí go bhfuil frithfhreagairt ag dul i méid in aghaidh dul chun cinn maidir le comhionannas inscne agus cearta na mban atá ag iarraidh róil inscne atá as dáta a athbhunú mar ghnáthnós, lena gceistítear an méid a baineadh amach maidir le comhionannas inscne agus lena gcuirtear bac ar thuilleadh dul chun cinn; de bhrí gur aithin roinnt páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, an fhrithbheartaíocht ghníomhach in aghaidh éachtaí agus dul chun cinn sa chomhionannas inscne agus an fhrithfhreagairt atá ag dul i méid in aghaidh chearta na mban; de bhrí go bhfuil gluaiseachtaí frithinscne agus frithchearta ina mbagairt ar chearta bunúsacha na mban agus na gcailíní agus ar bhaint amach an chomhionannais inscne ar bhonn laethúil agus go bhfuil an fhrithfhreagairt dhomhanda in aghaidh na mban agus chearta na mban le brath sa Domhan Theas freisin, ós rud é go mbíonn tionchar ag ciorruithe ar chabhair um fhorbairt ar mhná den chuid is mó i limistéir atá i mbéal forbartha agus go ndíríonn an riail dhomhanda go sonrach ar eagraíochtaí chearta na mban; de bhrí go bhfuil gá soiléir práinneach le comhionannas inscne agus cearta daonna na mban agus na gcailíní a athdhearbhú, a choimirciú agus a fhorbairt<FOOTNOTE><FIELD> Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, ‘<STRING ITALIC="on">Escalating backlash against gender equality and urgency of reaffirming substantive equality and the human rights of women and girls: Report of the Working Group on discrimination against women and girls: Report of the Working Group on discrimination against women and girls</STRING>’ [Géarú na frithfhreagartha in aghaidh an chomhionannais inscne agus an phráinn a bhaineann le comhionannas substainteach agus cearta daonna na mban agus na gcailíní a athdhearbhú: Tuarascáil ón Meitheal maidir le hidirdhealú in aghaidh na mban agus na gcailíní], an 15 Bealtaine 2024, https://documents.un.org/doc/undoc/gen/g24/073/47/pdf/g2407347.pdf</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndéanann gluaiseachtaí atá in aghaidh beartais chomhionannais inscne, éagsúlacht teaghlaigh, pósadh comhghnéis, sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, agus príomhshruthú inscne iarracht tionchar a imirt ar cheapadh beartas náisiúnta agus Eorpach; de bhrí go bhféachann páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis agus idé-eolaíochtaí frithdhaonlathacha faisisteacha, atá ag éirí níos rathúla agus níos coitianta, leis an mbonn a bhaint de chearta seanbhunaithe, le bac a chur ar dhul chun cinn reachtach, agus le sásraí institiúideacha atá ceaptha chun mná, cailíní agus na daoine is imeallaithe inár sochaí a chosaint a lagú; de bhrí go gcuireann siad an méid atá bainte amach maidir le cearta na mban, comhionannas inscne agus an smacht reachta, chomh maith le cearta bunúsacha i gcoitinne, i mbaol in AE agus ina Bhallstáit, lena n-áirítear trí fheachtais bhréagaisnéise chomhordaithe; de bhrí go bhfuil easpa taighde fós maidir leis na sásraí trína ndéanann na gluaiseachtaí sin eagrú, tiomsú airgid, slógadh agus tionchar a imirt thar theorainneacha náisiúnta, ach gur léiríodh i dtuarascáil<FOOTNOTE><FIELD> Fóram Parlaiminteach na hEorpa um Chearta Gnéis agus Atáirgthe, ‘<STRING ITALIC="on">Tip of the Iceberg: Religious Extremist Funders against Human Rights for Sexuality & Reproductive Health in Europe</STRING>’ [An ceann caol den deacracht: Cisteoirí Antoisceacha Reiligiúnacha in aghaidh Chearta an Duine le haghaidh Gnéasachta agus Sláinte Atáirgthe san Eoraip], 2021, https://www.epfweb.org/node/837.</FIELD></FOOTNOTE> ó 2021 líonra trasnáisiúnta a dhéanann cinntí airgeadais straitéiseacha thar theorainneacha idirnáisiúnta; de bhrí gur ábhar imní é an méadú atá tagtha ar an ‘manosphere’, mar a thugtar air, ar fud an domhain agus go bhfuil tionchairí na meán sóisialta fireann ar líne ag cur chun cinn na bréaginsinte go bhfuil cearta na bhfear thíos leis an bhfeimineachas agus leis an gcomhionannas inscne, go bhfuil teanga fhoircneach á húsáid acu, go bhfuil an foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní á normalú acu, agus go bhfuil naisc mhéadaitheacha acu leis an radacú agus le hidé-eolaíochtaí antoisceacha<FOOTNOTE><FIELD> Eintiteas na Náisiún Aontaithe um Chomhionannas Inscne agus um Chumhachtú na mBan, ‘<STRING ITALIC="on">What is the manosphere and why should we care</STRING>?’, 2025, https://www.unwomen.org/en/articles/explainer/what-is-the-manosphere-and-why-should-we-care.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur cheart don Choimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, a bheith ar thús cadhnaíochta freisin maidir le cearta na mban agus comhionannas inscne a chosaint toisc go bhfuil forbairtí den sórt sin ina mbagairt dhíreach ar luachanna dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais agus an smachta reachta a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; de bhrí go bhfuil baol ann go gcuirfidh tograí áirithe ón gCoimisiún atá dírithe ar shimpliú rialála, amhail an dréacht tosaigh de chlár oibre Fís Eorpach do 2025, bac ar chomhionannas inscne, mar a rinne an plean a fógraíodh chun an togra le haghaidh na treorach cothrománaí frith-idirdhealaithe a tharraingt siar; de bhrí gur réamhchoinníoll é an comhionannas inscne chun an t-iomaíochas a neartú agus chun fás inbhuanaithe a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur saincheist shistéamach é an foréigean inscnebhunaithe (GBV) agus gur feiniméan forleathan eindéimeach é fós ar fud an domhain, lena n-áirítear san Aontas, agus go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aige d’íospartaigh agus do mharthanóirí, lena n-áirítear mná agus cailíní, agus don tsochaí ina hiomláine, ós rud é go dtreisíonn sé neamhionannas inscne sistéamach agus go mbuanaíonn sé struchtúir dhíobhálacha bunaithe ar steiréitíopa inscne; de bhrí gur cloch mhíle thábhachtach é glacadh na Treorach in 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac ar an mbealach chun deireadh a chur leis an bhforéigean inscne agus de bhrí go mbeidh sé ríthábhachtach anois a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil í, agus é á aithint ag an am céanna gur gá dúinn freagairtí prasa, nuálacha agus éifeachtacha a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha agus teicneolaíochtaí intleachta saorga; de bhrí gur fhulaing thart ar aon trian de na mná san Aontas a ndearnadh gnéaschiapadh orthu é ag an obair<FOOTNOTE><FIELD> Suirbhé Eurostat ar Fhoréigean Inscnebhunaithe 2024.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go raibh iarmhairtí tubaisteacha aige sin do na híospartaigh; de bhrí go léiríonn sé sin a thábhachtaí atá sé bearta nithiúla reachtacha a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an bhforéigean inscne san ionad oibre, lena n-áirítear tacaíocht d’íospartaigh, chomh maith le bearta láidre coisctheacha; de bhrí gur shínigh na Ballstáit uile Coinbhinsiún Iostanbúl ach nach bhfuil sé daingnithe ag cúig Bhallstát go fóill; de bhrí gur aontaigh an tAontas do Choinbhinsiún Iostanbúl in 2023 i gcás réimsí faoina inniúlacht eisiach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil gáinneáil ar dhaoine ar cheann de na sáruithe is neamhnáirí ar chearta bunúsacha an duine agus ar dhínit an duine agus gur brainse méadaitheach den choireacht eagraithe í, a bhaineann den chuid is mó le mná, mionaoisigh agus leanaí, go háirithe chun críche teacht i dtír gnéasach, lena ndírítear go minic ar mhná leochaileacha a bhfuil gealltanais bhréagacha acu, chun iad a chomhéigniú ina dteacht i dtír gnéasach agus chun iad a chur faoi réir dálaí maireachtála mídhaonna; de bhrí gur cineál sclábhaíochta nua-aimseartha í an gháinneáil ar dhaoine; de bhrí gur gá dul i ngleic go héifeachtach leis an éileamh lena gcothaítear gach cineál dúshaothraithe a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine; de bhrí go bhfuil nasc láidir idir gáinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagsúlacht sna cineálacha cur chuige i leith striapachais sna Ballstáit, ó choiriúlú an tsoláthraí nó an úsáideora go dlisteanú; de bhrí go mbíonn ar mhná atá ag gabháil don striapachas aghaidh a thabhairt ar sháruithe, ar fhoréigean agus ar dhúshaothrú níos tromchúisí ar chearta an duine ná mar a bhíonn ar mhná eile ar an meán, lena n-áirítear ardleibhéil foréigin inscnebhunaithe, shíceolaíoch, fhisiciúil agus ghnéasaigh; de bhrí go bhfuil go leor tosca ina gcúis le daoine dul isteach sa striapachas agus fanacht ann, lena n-áirítear bochtaineacht a eascraíonn as éagóir shóisialta agus eisiamh sóisialta, neamhionannais, fostaíocht theoranta, agus idirdhealú trasnach; de bhrí gur cheart beartais a chur chun feidhme lena dtacaítear le daoine ar mian leo éirí as an striapachas;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go gcosnaítear cearta gnéis agus atáirgthe (SRR) mar chearta an duine sa dlí idirnáisiúnta agus sa dlí Eorpach um chearta an duine, amhail sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, sa Choinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW) agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus gur gné bhunriachtanach iad de sholáthar cuimsitheach cúraim sláinte; de bhrí, i rún uaithi an 11 Aibreán 2024, gur iarr an Pharlaimint go n-áireofaí sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear an ceart chun ginmhillte, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais; de bhrí go bhfuil sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe<FOOTNOTE><FIELD> Mar atá sainmhínithe ag Coimisiún Guttmacher-Lancet, ‘<STRING ITALIC="on">Accelerate Progress: Sexual and Reproductive Health and Rights for All — Executive Summary’</STRING>, https://www.guttmacher.org/guttmacher-lancet-commission/accelerate-progress-executive-summary.</FIELD></FOOTNOTE> bunriachtanach d’fholláine agus do chumhachtú daoine aonair agus go n-áirítear leo rochtain ar sheirbhís agus faisnéis fhrithghiniúnach, cúram ginmhillte sábháilte agus dlíthiúil agus rochtain ar fhaisnéis atá bunaithe ar an eolaíocht agus atá cruinn, cóireálacha torthúlachta, oideachas gnéasachta agus caidrimh atá cuimsitheach agus oiriúnach ó thaobh aoise de, agus cúram cnáimhseachais agus gínéiceolaíoch ar ardchaighdeán; de bhrí, d’ainneoin roinnt dul chun cinn, gur minic nach mbíonn na seirbhísí sin agus an fhaisnéis sin ar fáil go praiticiúil i roinnt Ballstát agus go mbreathnaítear orthu go traidisiúnta mar shaincheisteanna na mban, rud a bhaineann an bonn den dul chun cinn agus a bhuanaíonn neamhionannais inscne; de bhrí gur féidir le rannpháirtíocht ghníomhach na bhfear i sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe cabhrú le dul i ngleic le noirm dhíobhálacha inscne, freagracht chomhroinnte a chur chun cinn i bpleanáil teaghlaigh agus tacú le cearta agus folláine na mban;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cearta bunúsacha iad cearta sláinte, go háirithe cearta sláinte gnéis agus atáirgthe, agus gur cheart iad a fheabhsú agus nach féidir iad a mhaolú ar bhealach ar bith ná a bhaint; de bhrí gur foréigean inscnebhunaithe iad sáruithe ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear seirbhísí ginmhillte sábháilte agus dlíthiúla agus gach cineál foréigin cnáimhsigh agus gínéiceolaíoch a dhiúltú, agus go sáraíonn siad cearta bunúsacha an duine, ach fós nach bhfuil rochtain ag níos mó ná 20 milliún bean san Aontas ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil agus ar sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe eile; de bhrí go bhfuil dlíthe an-sriantach fós ag roinnt Ballstát lena dtoirmisctear ginmhilleadh ach amháin in imthosca atá sainithe go docht nó go bhfuil bacainní praiticiúla acu ar rochtain a fháil air, rud a fhágann go mbíonn ar mhná ginmhilleadh folaitheach a lorg, taisteal chuig tíortha eile nó a dtoircheas a iompar go téarma in aghaidh a dtola, ar sárú é ar chearta an duine agus ar cineál foréigin inscnebhunaithe é a dhéanann difear do cheart na mban agus na gcailíní chun na beatha, dá n-iomláine choirp agus mheabhrach agus dá sábháilteacht, dá gcomhionannas, dá neamh-idirdhealú agus dá sláinte agus a chuireann faoi strus míchuí eacnamaíoch agus meabhrach iad; de bhrí go n-iarrtar leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">My Voice, My Choice’</STRING> le breis agus 1,2 milliún síniú ar an Aontas rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil a áirithiú do chách, agus roinnt na n-inniúlachtaí faoi na Conarthaí á hurramú ag an am céanna, agus go n-éilítear leis go rithfeadh an Aontas reachtaíocht lena gcruthaítear sásra airgeadais lena gcabhraítear leis na Ballstáit a théann isteach sa bheartas sin go deonach cúram ginmhillte sábháilte a chur ar fáil dóibh sin uile nach bhfuil rochtain acu air; de bhrí go bhfuarthas amach i staidéir nua ar fhoréigean cnáimhseachais go raibh cineál amháin foréigin cnáimhseachais nó níos mó fulaingthe ag idir 21% agus 81% de na mná a ndearnadh suirbhé orthu agus go léirítear sna torthaí gur saincheisteanna leanúnacha sna Ballstáit iad easpa toiliú feasach, neamhthoiliú cúraim, mí-úsáid ó bhéal agus fhisiciúil agus easpa cumarsáide<FOOTNOTE><FIELD> Quattrocchi, P., ‘<STRING ITALIC="on">Obstetric violence in the European Union’</STRING> [Foréigean cnáimhseach san Aontas Eorpach], An Coimisiún Eorpach, 2024, https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/74238fad-0b63-11ef-a251-01aa75ed71a1/language-en.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go luann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) go bhfuil cúram cnáimhseachais ar ardchaighdeán ríthábhachtach chun torthaí sláinte máithreacha agus nuabheirthe a fheabhsú, idirghabhálacha a laghdú agus eispéiris bhreithe na mban a fheabhsú<FOOTNOTE><FIELD> WHO, Midwifery education and care, https://www.who.int/teams/maternal-newborn-child-adolescent-health-and-ageing/maternal-health/midwifery.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur fhulaing 31 % de mhná idir 18-74 bliana d’aois foréigean fisiciúil (lena n-áirítear bagairtí) nó foréigean gnéasach agus iad ina ndaoine fásta agus gur fhulaing 20 % de mhná foréigean fisiciúil (lena n-áirítear bagairtí) nó foréigean gnéasach ó neamhpháirtí, de réir an tsuirbhé uile-Aontais is déanaí<FOOTNOTE><FIELD> Suirbhé Eurostat an 25 Samhain 2024, ‘<STRING ITALIC="on">Every third woman in the EU experienced gender-based violence</STRING>’ [D’fhulaing duine as gach triúr ban san Aontas foréigean inscnebhunaithe]: https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/w/ddn-20241125-3.</FIELD></FOOTNOTE> agus na dtuarascálacha oifigiúla ó 17 mBallstát gur mharaigh a ndlúthpháirtí nó ball teaghlaigh 788 mbean in 2022<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, <STRING ITALIC="on">‘Gender Equality Index 2024: Tackling violence against women, tackling gender inequalities’</STRING> [Innéacs Comhionannais Inscne 2024: Ag dul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban, ag dul i ngleic le neamhionannais inscne], 2025 https://eige.europa.eu/publications-resources/publications/gender-equality-index-2024-tackling-violence-against-women-tackling-gender-inequalities?language_content_entity=en.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go léiríonn sonraí, i gcás 57% d’íospartaigh foréigean inscnebhunaithe, go raibh an foréigean ina chúis le hiarmhairtí sláinte, ó ghortuithe fisiciúla go tráma síceolaíoch fadtéarmach<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘<STRING ITALIC="on">Gender Equality Index 2024: Tackling violence against women, tackling gender inequalities’</STRING> [Innéacs Comhionannais Inscne 2024: Ag dul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban, ag dul i ngleic le neamhionannais inscne], 2025, https://eige.europa.eu/publications-resources/publications/gender-equality-index-2024-tackling-violence-against-women-tackling-gender-inequalities?language_content_entity=en.</FIELD></FOOTNOTE>, agus nár nocht 31% d’íospartaigh foréigean inscnebhunaithe a dtaithí d’aon duine riamh; de bhrí go bhfuil na córais tacaíochta d’íospartaigh an fhoréigin inscne san Aontas fós neamhleor agus go léiríonn taighde nach gcuireann ach seacht mBallstát dóthain ionad comhairleoireachta ar fáil do mhná, agus go dtiteann ionaid dídine atá ann cheana i bhfad faoi bhun na leibhéal a mholtar i gCoinbhinsiún Iostanbúl<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘<STRING ITALIC="on">Introducing the latest Gender Equality Index thematic focus: a vital reminder to end violence against women’</STRING> [Fócas téamach an Innéacs Comhionannais Inscne is déanaí: meabhrúchán ríthábhachtach deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban], 2025, https://eige.europa.eu/newsroom/news/introducing-latest-gender-equality-index-thematic-focus-vital-reminder-end-violence-against-women?language_content_entity=en.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur léirigh taighde a dhéantar ar fud na mBallstát gur fhadhb an-tromchúiseach é foréigean inscnebhunaithe i spásanna poiblí agus ar iompar comhchoiteann agus go bhfuil bearta sábháilteachta agus tacaíocht d’íospartaigh fós neamhleor;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur tháinig méadú ar chionta taifeadta a bhaineann le hionsaí gnéasach agus éigniú idir 2019 agus 2022 agus go léiríonn sonraí go raibh méadú 25% in 2022 ar chásanna doiciméadaithe d’ionsaí gnéasach in aghaidh na mban san Aontas agus gur tháinig borradh 40% ar chásanna éignithe tuairiscithe i gcomparáid le 2019<FOOTNOTE><FIELD> EIGE (2025), ‘<STRING ITALIC="on">Impact driver: marking milestones and opportunities for gender equality in the EU, Publications Office of the European Union, Luxembourg’</STRING> [Spreagthóir tionchair: garspriocanna a aithint agus deiseanna do chomhionannas inscne san Aontas, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg].</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, de réir FRA, gur fhulaing suas le 55% de mhná san Aontas Eorpach gnéaschiapadh san iompar poiblí agus go bhfuil an iliomad tuairiscí ann maidir le hionsaithe gnéasacha a dhéantar i modhanna éagsúla iompair, amhail ag tiománaithe ardán seirbhíse taistil ar ordú agus tacsaithe; de bhrí go léiríonn na sonraí sin go léir nach bhfuil mná sábháilte sa bhaile, ag an obair ná in aon réimse poiblí agus go bhfuil géarghá le gníomhú; de bhrí go bhfuil bailiú sonraí aonfhoirmeacha agus inchomparáide atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, mar a chuireann EIGE ar fáil, bunriachtanach chun beartais chuimsitheacha maidir le comhionannas inscne a thógáil; de bhrí nach bhfuil sainmhíniú comhchuibhithe ar chion an éignithe bunaithe ar easpa toilithe sa Treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac; de bhrí, chun an bealach a réiteach do reachtaíocht ina bhfuil sainmhíniú den sórt sin, go bhfuil sé tábhachtach liosta na réimsí coireachta faoi Airteagal 83(1) CFAE a leathnú chuig foréigean inscnebhunaithe, toisc go gcomhlíonann sé na critéir a shonraítear san airteagal sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go n-áirítear leis an gcibearfhoréigean in aghaidh na mban atá bunaithe ar inscne raon cineálacha éagsúla foréigin ar fhorais inscne nó meascán d’inscne agus tosca eile, agus go ndéantar é trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus trí iomadú na hintleachta saorga; de bhrí go ndéanann cineálacha áirithe cibearfhoréigin difear díréireach do mhná agus do chailíní, go bhfuil siad i bhfoirmeacha níos déine agus go bhfuil iarmhairtí sonracha agus brúidiúla acu agus go bhfuil éifeacht acu ar mhná agus ar chailíní a chuireann ó chumas iad amhail tost, cinsireacht agus coimhthiú ban agus cailíní agus go bhféadfadh an réimse poiblí a sheachaint a bheith mar thoradh orthu; de bhrí go bhfuil tionchar ag an gcibearfhoréigean méadaitheach agus forleatach ar mhná ar bhonn laethúil san Aontas agus, de réir FRA, go bhfuil mná fós ar an bpríomhsprioc do chineálacha áirithe cibearfhoréigin, amhail an fhuathchoireacht agus an fhuathchaint ar líne<FOOTNOTE><FIELD> EIGE, ‘<STRING ITALIC="on">Combating cyber violence against women and girls: Developing an EU measurement framework</STRING>’ [Foréigean in aghaidh ban agus cailíní a chomhrac: Creat tomhais den Aontas a fhorbairt], 2025, https://eige.europa.eu/publications-resources/publications/combating-cyber-violence-against-women-and-girls-developing-eu-measurement-framework.</FIELD></FOOTNOTE>, chomh maith le bréagaisnéis inscne, agus go bhfuil leibhéil níos airde foréigin agus mí-úsáide sa domhan ar líne os comhair polaiteoirí, iriseoirí, blagálaithe, ealaíontóirí, gníomhaithe, cosantóirí chearta an duine agus mná eile a bhfuil láithreacht phoiblí acu, chomh maith le daoine LGBTIQ+,<FOOTNOTE><FIELD> An Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, ‘<STRING ITALIC="on">Cyberviolence against women in the EU</STRING>’ [Cibearfhoréigean in aghaidh na mBan san Aontas Eorpach], Parlaimint na hEorpa 2024, https://www.europarl.europa.eu/thinktank/en/document/EPRS_BRI(2024)767146.</FIELD></FOOTNOTE>, nithe a mbíonn tionchar suntasach acu ar rannpháirtíocht na mban sa saol poiblí agus san ionadaíocht phoiblí agus atá ina mbagairt ar an daonlathas; de bhrí go bhfuil gné láidir inscne ag baint le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, rud a dhéanann difear díréireach do chailíní ar líne, rud a cháilíonn mar chineál foréigin inscnebhunaithe dá bhrí sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé de cheart ag gach duine san Aontas rochtain a fháil ar na caighdeáin is airde seirbhísí sláinte coirp agus meabhairshláinte agus tacaíochta, an ceart chun rochtain thráthúil, inacmhainne agus ardcháilíochta ar chúram sláinte coisctheach agus diagnóiseach, agus an ceart chun tairbhe a bhaint as cóireáil leighis, lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe; de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Aontas ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú ar fud bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 35.</FIELD></FOOTNOTE>gan idirdhealú bunaithe ar ghnéas, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, léiriú inscne, saintréithe gnéis nó ar aon fhoras eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil idirdhealú fós le sarú ag daoine LGBTIQ ar fud na hEorpa agus rochtain á fáil acu ar sheirbhísí cúraim sláinte, agus dar le 16% de fhreagróirí an tsuirbhé gur mhothaigh siad go ndearna foireann cúraim sláinte nó baill foirne seirbhísí sóisialta idirdhealú orthu mar gheall ar a gcéannacht, agus de bhrí go dtuairiscíonn daoine trasinscneacha leibhéil arda iompair thrasfóbaigh agus dímheasúil go háirithe ina leith ag pearsanra cúraim sláinte; de bhrí go bhfuil sé de cheart ag gach duine neamhspleáchas agus ionracas coirp a bheith acu agus nár cheart, mar shampla, iad a chur faoi réir chleachtas an steirilithe éigeantaigh nó an leighis, ar cleachtas é a sháraíonn caighdeáin chearta an duine; de bhrí go bhfuil dúshláin iomadúla roimh mhná a mbíonn tionchar diúltach acu ar a ndea-bhail, lena n-áirítear diagnóisí moillithe, laofacht péine, éagothromaíochtaí taighde, rochtain theoranta agus bacainní agus dúshláin maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí bunriachtanacha, go háirithe mná faoi mhíchumas, mná i gceantair thuaithe, mná imirceacha<FOOTNOTE><FIELD> EIGE (2025), ‘<STRING ITALIC="on">Impact driver: marking milestones and opportunities for gender equality in the EU, Publications Office of the European Union, Luxembourg’</STRING> [Spreagthóir tionchair: garspriocanna a aithint agus deiseanna do chomhionannas inscne san Aontas, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg].</FIELD></FOOTNOTE> agus mná eile a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar idirdhealú trasnach agus i gcásanna leochaileacha; de bhrí gur lú an seans go lorgóidh fir aire leighis, ós rud é nach mbíonn siad chomh heolach sin ar na siomptóim go ginearálta nó gur gnách leo beag is fiú a dhéanamh dóibh agus gur minic nach dtuairiscíonn siad comharthaí galair nó breoiteachta<FOOTNOTE><FIELD> EIGE, ‘<STRING ITALIC="on">Health</STRING>’ [Sláinte], 2017, https://eige.europa.eu/gender-mainstreaming/policy-areas/health?language_content_entity=en.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil na Ballstáit uile atá ina bpáirtithe in CEDAW faoi cheangal ag a ghealltanais, lena n-áirítear rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach rochtain chothrom ar sheirbhísí cúraim sláinte a áirithiú chun an tsláinte phoiblí a chosaint, chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus chun neamhionannais a laghdú; de bhrí go bhfuil géarghá le gníomhaíocht chun tuilleadh taighde a dhéanamh agus chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna leanúnach sláinte idir na hinscní;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur dóchúla go mbeidh neamhoird mheabhairshláinte ar mhná, amhail dúlagar, imní agus uaigneas seanaoise, rud a d’fhéadfadh cur le fadhbanna meabhairshláinte, i gcomparáid le fir; de bhrí, mar shampla, gur thuairiscigh cion níos airde ban (8,7%) in 2019 ná fir (5,5%) atá 15 bliana d’aois agus níos sine san Aontas dúlagar ainsealach<FOOTNOTE><FIELD> An Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, ‘Cyberviolence against women in the EU’ [Cibearfhoréigean in aghaidh na mBan san Aontas Eorpach], 2023, https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/BRIE/2023/751416/EPRS_BRI(2023)751416_EN.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur mná iad ceathrar as gach cúigear a ndiagnóisítear go bhfuil galar uath-imdhíonachta orthu; de bhrí go bhfuil galar cardashoithíoch (GCS) fós ar an bpríomhchúis bháis ar fud an domhain, agus go bhfuil rátaí básmhaireachta níos airde agus torthaí níos boichte ag mná tar éis géartheagmhais, rud a fhreagraíonn do 37% de bhásanna uile na mban i gcomparáid le 31% de bhásanna na bhfear; de bhrí go ndéantar tearcdhiagnóisiú, tearc-chóireáil agus tearc-ionadaíocht leanúnach ar mhná a bhfuil galar cardashoithíoch orthu i dtrialacha cliniciúla, rud a fhágann go bhfuil neamhionannais bhreise agus níos doimhne ann i réimse na sláinte poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go gcuireann tosca struchtúracha agus cultúrtha mná, ina n-éagsúlacht uile, faoi mhíbhuntáiste go comhsheasmhach agus go ndéanann dúshláin éagsúla difear díréireach dóibh, mar shampla iarmhairtí na géarchéime costais maireachtála, toisc go mbíonn siad i measc na coda is boichte den daonra de ghnáth, agus is iontu atá 70% den 1,3 billiún duine atá ina gcónaí i ndálaí bochtaineachta, nó beartais déine, a raibh tionchar díréireach acu ar mhná, go háirithe iad sin ó chúlraí ciníochaithe agus ísealioncaim; de bhrí go bhfuil an bhochtaineacht ag dul i méid ar fud an Aontas agus gur mná iad den chuid is mó a íoctar níos lú ná pá maireachtála, rud a fhágann nach bhfuil go leor acu in ann soláthar a dhéanamh dóibh féin agus dá dteaghlaigh, agus gurb amhlaidh atá go háirithe do mhná trasinscneacha atá beagnach trí huaire níos dóchúla a bheith dífhostaithe; de bhrí go n-oibríonn beagnach bean amháin as gach triúr nár rugadh san Aontas i bpoist fhorbhásacha san Aontas; de bhrí go bhfuil 18% de mhná imirceacha i mbaol bochtaineachta; de bhrí, i bhformhór thíortha an Aontais, gur minic a bhíonn ceadanna cónaithe fadtéarmacha agus ceadanna oibre níos inrochtana dóibh sin a mheastar a bheith ina n-oibrithe ardoilte agus ar phá maith, agus gur féidir leo sin a atreoraítear chuig earnálacha ‘meánoilte agus ar bheagán oiliúna’ a bheith i mbaol dúshaothraithe agus oibre forbhásaí in earnálacha tearcluacháilte; de bhrí go gcuireann dúshláin uathúla in earnálacha áirithe mná faoi mhíbhuntáiste tosaigh, mar shampla feirmeoirí baineanna a bhfuil bacainní inscne-shonracha rompu amhail easpa rochtana ar thalamh, deacracht maidir le hoiliúint agus oideachas talmhaíochta a mhaoiniú, agus cóir chomhionann; de bhrí go bhfuil cúiseanna struchtúracha leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, ar cúiseanna iad is gá a dhíothú agus a aisiompú, go háirithe trí bheartais maidir le fostaíocht, tithíocht, soghluaisteacht agus rochtain ar sheirbhísí poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí sa mhargadh saothair, difríochtaí san fhostaíocht do mhná agus d’fhir ar fud earnálacha agus réigiún, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, agus easpa dálaí oibre cothroma agus sábháilteachta d’oibrithe ban fós leanúnach ar fud an Aontas, agus go bhfuil an bhearna phá idir na hinscní atá ann cheana, den chuid is mó, mar thoradh ar thearcluacháil chórasach na hoibre a dhéantar in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná ar áiteanna iad ina mbíonn leitheadúlacht ban agus nach bhfuil ach thart ar 20% d’fhir rannpháirteach, amhail cúram, oideachas, sláinte agus leas; de bhrí, mar sin, gur gá dul i ngleic le ‘pá comhionann as obair chomhionann’ chun an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh; de bhrí go bhfuil oideachas, go háirithe oideachas treasach, oiliúint agus cosaint shóisialta, bunriachtanach don chomhionannas inscne, go háirithe do mhná os cionn 55 bliana d’aois agus do mhná atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, iargúlta nó bhánaithe a bhfuil bacainní sonracha agus níos measa rompu; de bhrí go bhfuil an t-oideachas bunriachtanach freisin chun go mbeidh gach duine in ann dul in oiriúint d’athruithe sa mhargadh saothair agus rochtain a bheith acu ar dheiseanna fostaíochta ardcháilíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí, in 2023, go raibh an bhearna phá idir na hinscní san Aontas Eorpach ag 13 %<FOOTNOTE><FIELD> EIGE (2025), ‘<STRING ITALIC="on">Impact driver: marking milestones and opportunities for gender equality in the EU, Publications Office of the European Union, Luxembourg’</STRING> [Spreagthóir tionchair: garspriocanna a aithint agus deiseanna do chomhionannas inscne san Aontas, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg].</FIELD></FOOTNOTE> agus, ar an meán in 2025, go dtuilleann mná san Aontas 15 % níos lú in aghaidh na huaire ná fir; de bhrí go bhfuil an staid níos measa i réigiúin áirithe, mar shampla ceantair thuaithe, agus in earnálacha áirithe, mar shampla an earnáil cúraim sláinte ina bhfuil an bhearna ag 24%<FOOTNOTE><FIELD> EDS, ‘<STRING ITALIC="on">The gender pay gap in the health and care sector a global analysis in the time of COVID-19’</STRING> [Anailís dhomhanda ar an mbearna phá idir na hinscní in earnáil na sláinte agus an chúraim le linn COVID-19], 2022, https://www.who.int/publications/i/item/9789240052895.</FIELD></FOOTNOTE> agus go bhfuil éagothromaíochtaí móra in íocaíochtaí pinsin mar thoradh air sin agus go gcuireann sé le difríochtaí ioncaim sa tseanaois, rud a fhágann go bhfaigheann mná san Aontas ioncaim phinsin atá 26,1% níos ísle ar an meán; de bhrí nach ráthaítear an ceart chun pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus gur gá dul i ngleic le bunchúis an idirdhealaithe sin, cibé acu trí uirlisí a chur i bhfeidhm chun luach na hoibre a shainiú agus a chur i gcomparáid ar bhealach níos fearr, cearta saothair a chosaint agus a fheabhsú, nó cómhargáil a neartú, i gcás inarb ábhartha; de bhrí go bhféadfadh geilleagar cuimsitheach a thógáil agus aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí inscne borradh suntasach a chur faoi OTI <STRING ITALIC="on">per capita</STRING> an Aontais ó 6,1 go 9,6% faoi 2050<FOOTNOTE><FIELD> EIGE, ‘<STRING ITALIC="on">Economic Benefits of Gender Equality in the European Union Overall economic impacts of gender equality</STRING>’ [Buntáistí Eacnamaíocha an Chomhionannais Inscne san Aontas Eorpach Tionchair eacnamaíocha fhoriomlána an chomhionannais inscne], https://eige.europa.eu/sites/default/files/documents/economic_benefits_of_gender_equality_in_the_european_union._overall_economic_impacts_of_gender_equality.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil mná agus cailíní fós faoi ghannionadaíocht i réimse an oideachais agus na fostaíochta, agus go háirithe i réimsí digiteacha, ETIM agus na hIntleacht Saorga, agus nach mná iad ach duine amháin as gach seisear speisialtóirí TFC agus duine amháin as gach triúr céimithe ETIM<FOOTNOTE><FIELD> EIGE, ‘<STRING ITALIC="on">Study and work in the EU: set apart by gender’</STRING> [Staidéar agus obair san Aontas Eorpach:arna scaradh óna chéile de réir inscne], 2018.</FIELD></FOOTNOTE>; De bhrí go bhfuil fir mar chuid is mó de na gairmithe in ETIM agus in earnáil TFC, agus go bhfuil siad ionadaithe ag níos mó ná 80% díobh<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘<STRING ITALIC="on">2025 report on Gender Equality in the EU’</STRING> [Tuarascáil maidir le Comhionannas Inscne san Aontas Eorpach 2025], 2025.</FIELD></FOOTNOTE> agus nach mbaineann mná ach le 41% de na poist san eolaíocht agus san innealtóireacht laistigh den Aontas; de bhrí, cé go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mban óg a bhain céim amach i réimsí TFC agus ETIM, go bhfuil an bhearna fostaíochta idir na hinscní agus an bhearna phá fós suntasach, go háirithe maidir le gnólachtaí nuathionscanta; de bhrí nár mhná iad ach 22% de ghairmithe domhanda na hintleachta saorga in 2018, fadhb nach ndéanann ach steiréitíopaí agus claontacht a bhuanú agus a dhaingniú<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade</STRING>’ [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach] (COM(2021)0118).</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí nach amháin gur deis chaillte í an neamhréireacht sin do dhul chun cinn teicneolaíoch, fás eacnamaíoch, nuálaíocht agus athléimneacht an Aontas, ach go gcuireann sí bac freisin ar rannpháirtíocht agus gairmeacha na mban i margaí saothair amach anseo; de bhrí go n-éilítear leis an éileamh méadaitheach ar scileanna ETIM in earnálacha digiteacha, glana agus ciorclacha, agus i dtionscail aeraspáis, chosanta agus thraidisiúnta, go neartófaí tallann cháilithe na mban; de bhrí go bhfuil go leor dúshlán os comhair an Aontas a dhéanann difear dá iomaíochas agus go gcuireann sé sin béim ar an ngá atá le gníomhaíocht eacnamaíoch mhéadaithe atá cuimsitheach do chách; de bhrí go bhfuil rochtain do mhná, ina n-éagsúlacht uile, ar gach earnáil, lena n-áirítear TFC agus earnálacha airgeadais, ríthábhachtach d’iomaíochas gheilleagar na hEorpa; de bhrí go spreagann comhionannas inscne fás eacnamaíoch, nuálaíocht agus comhtháthú sóisialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear an intleacht shaorga, camscéimeanna arna nginiúint ag an intleacht shaorga, cruthú agus scaipeadh domhainbhrionnuithe nó uirlisí nochtaithe, agus an chibearbhulaíocht, ag éirí níos coitianta agus ós rud é gur toisc riosca iad don chomhionannas inscne, agus go bhféadfaidís patrúin neamhionannais inscne, idirdhealaithe agus foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní atá ann cheana a bhuanú agus a dhoimhniú; de bhrí go bhfuil claontacht inscne cumhdaithe sa teicneolaíocht, lena n-áirítear i gcórais na hintleachta saorga, agus go bhfuil ról ag samhlacha gnó na n-ardán ceannasach ar líne atá ann cheana, atá bunaithe ar fhógraíocht mhicri-spriocdhírithe, maidir leis an bhfuathchaint agus cineálacha éagsúla cibearfhoréigin a scaipeadh agus a mhéadú; de bhrí go bhfuil cainéil na meán sóisialta agus cineál andúile a n-algartam ag dul i méid ina bhfachtóir riosca d’fholláine mheabhrach cailíní agus ban óg agus gur gá aghaidh a thabhairt orthu sin trí lionsa inscneach; de bhrí gur féidir leis na teicneolaíochtaí sin, má fhorbraítear iad go heiticiúil agus ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne de agus má úsáidtear go hiomchuí iad, a bheith ina ndeiseanna do mhná agus do chailíní;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur minic nach mbíonn gné inscne ag baint le clúdach na meán nuachta agus nach ndéanann sé steiréitíopaí inscne a cheistiú; de bhrí go bhfuil mná faoi ghannionadaíocht i ngairmeacha in earnáil na meán ar gach leibhéal den struchtúr rialachais, lena n-áirítear i dtáirgeadh faisnéise, i bpróisis chinnteoireachta agus in úinéireacht na meán; de bhrí gur luaigh Comhairle na hEorpa ‘nach ndéanann mná ionadaíocht ach ar thart ar an gceathrú cuid de na daoine a chloistear, a léitear nó a fheictear sa nuacht, is annamh a dhéantar ionadaíocht orthu i gcáil saineolaithe’<FOOTNOTE><FIELD> Comhairle na hEorpa, ‘<STRING ITALIC="on">Women in Media and artificial intelligence’</STRING> [Mná sna Meáin agus san Intleacht Shaorga], https://www.coe.int/en/web/genderequality/women-in-media-and-artificial-intelligence.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuarthas amach sna sonraí ón 6ú heagrán den Tionscadal um Fhaireachán Domhanda ar na Meáin nach ndearna ach 2% de scéalta san Eoraip in 2020<FOOTNOTE><FIELD> Liosta na dtíortha rannpháirteacha: An Ostair, an Bheilg, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhulgáir, an Chipir, an Danmhairg, Sasana, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an tSeoirsia, an Ghraonlainn, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Mholdóiv, an Ísiltír, Tuaisceart Éireann, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Rúis, Albain, an tSeirbia, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, an Tuirc agus an Bhreatain Bheag.</FIELD></FOOTNOTE> steiréitíopaí inscne a cheistiú go soiléir<FOOTNOTE><FIELD> EIGE (2025), ‘<STRING ITALIC="on">Impact driver: marking milestones and opportunities for gender equality in the EU, Publications Office of the European Union, Luxembourg’</STRING> [Spreagthóir tionchair: garspriocanna a aithint agus deiseanna do chomhionannas inscne san Aontas, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg].</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí, ar fud an Aontas, go leanann mná de fhreagrachtaí cúraim neamhfhoirmiúla agus foirmiúla araon a dhéanamh go díréireach, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le neamhionannais inscne struchtúracha agus an bhearna chúraim idir na hinscní a chothú trí theorainn a chur le cumas na mban páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair, rud a fhágann go bhfuil tuilleamh agus pinsin níos ísle ann agus a chuireann bac ar an bhféidearthacht atá ag mná neamhspleáchas eacnamaíoch a bhaint amach ar théarmaí comhionanna le fir, agus iad á nochtadh do rioscaí sláinte a bhaineann le strus ag an am céanna<FOOTNOTE><FIELD> EIGE, ‘<STRING ITALIC="on">Gender Equality Index 2019: Work-life balance’</STRING> [Innéacs Comhionannais Inscne 2019: Cothromaíocht oibre is saoil], https://eige.europa.eu/publications-resources/toolkits-guides/gender-equality-index-2019-report/informal-care-older-people-people-disabilities-and-long-term-care-services.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur minic a bhíonn deacrachtaí ag mná a fhilleann ar mhargadh an tsaothair tar éis saoire mháithreachais nó freagrachtaí cúraim leathnaithe dul i mbun fostaíochta arís, lena n-áirítear dífheidhmeacht scileanna, acmhainneacht tuillimh níos ísle, deiseanna dul chun cinn gairme laghdaithe agus idirdhealú san ionad oibre; de bhrí go gcuireann bacainní den sórt sin leis na bearnaí fostaíochta, pá agus pinsin idir na hinscní agus go ndéanann siad dochar d’fholláine leanaí agus cleithiúnaithe eile agus nach mór aghaidh a thabhairt orthu trí idirghabhálacha beartais spriocdhírithe agus trí scéimeanna tacaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go n-oibríonn beagnach 30 % de mhná san Aontas go páirtaimseartha; de bhrí gur mó an seans go mbeidh ar mhná san Aontas éirí as obair íoctha chun aire a thabhairt do leanaí agus/nó do chleithiúnaithe eile agus go bhfuil neamh-infhaighteacht, costais thoirmeascacha agus easpa bonneagair agus seirbhísí cúraim leanaí ar ardchaighdeán, go háirithe sa réimse poiblí, fós ina mbacainn shuntasach ar rannpháirtíocht chomhionann na mban i ngach gné den saol, lena n-áirítear obair; de bhrí gur leag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair béim ar an easpa infheistíochta poiblí agus príobháidí i gcúram leanaí agus i seirbhísí cúraim fhoirmiúil eile, agus go gcuireann sí i bhfios go láidir go gcuireann dearcthaí éagothroma seanbhunaithe i leith gníomhaíochtaí cúraim i gcoitinne an costas eacnamaíoch agus sóisialta a bhaineann le cúram a thabhairt do mhná den chuid is mó; de bhrí go gcoinníonn freagrachtaí cúraim neamhíoctha thart ar 7,7 milliún bean san Aontas ó pháirt a ghlacadh i margadh an tsaothair agus go bhfuil acmhainneacht mhór neamhshaothraithe ann maidir le cothromaíocht a bhaint amach idir earnáil an chúraim dár ngeilleagair, mar a cuireadh in iúl le meastacháín EIGE go bhféadfadh an ráta fostaíochta méadú go 80% faoi 2050 dá ndéanfaí feabhsuithe suntasacha ar chomhionannas inscne<FOOTNOTE><FIELD> https://commission.europa.eu/document/download/055fdbab-5786-425e-a072-652bf53d8fe4_en?filename=Gender%20Equality%20Report.pdffilename=Gender%20Equality%20Report.pdf</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, de réir Shuirbhé Eorpach Eurofound ar Cháilíocht na Beatha, go bhfuil 42% de chúramóirí neamh-oibre sa cheathairíl ioncaim is ísle (i gcomparáid le 24% de dhaoine nach cúramóirí iad), go bhfuil deacracht ag 59% de chúramóirí neamh-oibre teacht le chéile (i gcomparáid le 46% de dhaoine nach cúramóirí iad) agus go gcuireann cúramóirí neamhfhoirmiúla 80% den chúram ar fáil, ar mná 45-75 bliana d’aois iad den chuid is mó, rud a chuireann le neamhionannais inscne ó thaobh fostaíochta agus ioncaim de; de bhrí gur imirceach é thart ar dhuine as gach ceathrar oibrithe cúraim ar phá, rud atá ábhartha go háirithe ós rud é gur mná iad thart ar 9 as gach 10 n-oibrithe cúraim ar phá;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur eisigh Coiste CEDAW moladh ginearálta Uimh. 40 in 2024 maidir le hionadaíocht chomhionann agus chuimsitheach na mban i gcórais chinnteoireachta, agus gur áiríodh ann, i gcolúin an mholta, paireacht 50-50 idir mná agus fir. ina n-éagsúlacht uile. ó thaobh rochtain chomhionann ar chórais chinnteoireachta agus cumhacht chomhionann laistigh díobh; de bhrí gur mhéadaigh céatadán na suíochán a bhí ag mná sna parlaimintí náisiúnta ó 11,3% in 1995 go 27,2% in 2025<FOOTNOTE><FIELD> An tAontas Idirpharlaiminteach, ‘<STRING ITALIC="on">Women in parliament 1995-2025’</STRING> [Mná sa Pharlaimint 1995-2025], 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí nach bhfuil ach thart ar aon trian de shuíocháin pharlaiminteacha ag mná san Aontas in 2025<FOOTNOTE><FIELD> EIGE, <STRING ITALIC="on">Gender Equality Index</STRING> [Innéacs Comhionannais Inscne], https://eige.europa.eu/gender-equality-index/2024/domain/power.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, d’ainneoin go leor tionscnamh beartais agus reachtach, go bhfuil bacainní struchtúracha, cultúrtha agus institiúideacha roimh mhná agus go léiríonn taighde go bhfuil siad faoi ghannionadaíocht ar gach leibhéal den chinnteoireacht eacnamaíoch agus pholaitiúil ar fud an domhain, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus gur ionchas i bhfad i gcéin é paireacht agus ionadaíocht inscne a bhaint amach sa saol polaitiúil, agus san earnáil ghnó freisin – go háirithe laistigh de bhoird stiúrthóirí – lena n-éilítear gníomhaíocht spriocdhírithe ar gach leibhéal rialachais;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil an éigeandáil aeráide agus an neamhionannas inscne idirnasctha agus go mbuanaíonn na géarchéimeanna aeráide na neamhionannais atá ann cheana, lena n-áirítear rochtain ar dheiseanna oideachais agus fostaíochta, rochtain ar thalamh agus ar acmhainní nádúrtha agus rialú orthu, agus rannpháirtíocht i spásanna cinnteoireachta<FOOTNOTE><FIELD> Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe, ‘<STRING ITALIC="on">Closing the Gap, Boosting Ambition: Investing in Women is Key to Climate Action</STRING>’ [An Bhearna a Dhúnadh, Borradh a chur faoin Uaillmhian: Tá Infheistíocht i mBan ríthábhachtach do Ghníomhú ar son na hAeráide], 2024 https://unfccc.int/news/closing-the-gap-boosting-ambition-investing-in-women-is-key-to-climate-action.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide agus dhíghrádú an éiceachórais á n-iompar go díréireach ag mná agus cailíní, go háirithe iad sin atá imeallaithe cheana féin, lena n-áirítear pobail Dhúchasacha agus pobail eile atá ag brath ar acmhainní nádúrtha;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéimeanna iomadúla, lena n-áirítear tubaistí aeráide, coinbhleachtaí armtha, paindéimí agus pobalachas, a bhfuil a n-éifeachtaí inscneach; de bhrí go mbíonn tionchar díréireach ag coinbhleachtaí armtha ar mhná agus ar chailíní, lena n-áirítear tríd an méadú ar úsáid foréigean inscnebhunaithe mar arm cogaidh<FOOTNOTE><FIELD> De réir tuarascáil ó na Náisiúin Aontaithe, tháinig méadú 50% in 2023 ar chásanna d’fhoréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht arna bhfíorú ag na Náisiúin Aontaithe i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (Eintiteas na Náisiún Aontaithe um Chomhionannas Inscne agus um Chumhachtú na mBan, ‘<STRING ITALIC="on">Facts and figures: Women, peace, and security</STRING>’, 2025, https://www.unwomen.org/en/articles/facts-and-figures/facts-and-figures-women-peace-and-security).</FIELD></FOOTNOTE>, agus go bhfuil meath foriomlán ar chearta na mban mar thoradh orthu, agus go bhfuil iarmhairtí díobhálacha ann do theachtadh iomlán chearta daonna na mban agus na gcailíní ar fud an domhain; de bhrí, d’ainneoin go bhfuil clár oibre maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil lárnach do dhúshláin dhomhanda chomhaimseartha na síochána agus na slándála, go bhfuil rannpháirtíocht agus ceannaireacht na mban sa bheartas eachtrach, sa chosaint, sa tslándáil agus i gcothú na síochána fós in easnamh, rud nach eol den chuid is mó mar gheall ar an nganntanas bailithe sonraí; de bhrí gur forbraíodh roinnt tionscadal agus é d’aidhm leo sonraí cuimsitheacha a bhailiú, amhail an t-innéacs #SHEcurity, ar féidir leo a bheith ina ndea-chleachtais agus ina samplaí do bhailiú sonraí ar leibhéal an Aontais; de bhrí go mbíonn mná faoi ghannionadaíocht go leanúnach i gcaibidlíochtaí síochána agus in 2022 nach raibh iontu ach 16 % d’idirbheartaithe i bpróisis ghníomhacha síochána faoi stiúir nó faoi chomhthreorú na Náisiún Aontaithe<FOOTNOTE><FIELD> An Chomhairle um Chaidreamh Eachtrach, ‘<STRING ITALIC="on">Women’s Participation in Peace Processes’</STRING> [Rannpháirtíocht na mBan i bPróisis Síochána], https://www.cfr.org/womens-participation-in-peace-processes/.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gurb ionann freisin dearcadh na hinscne a áireamh i mbeartas eachtrach agus slándála an Aontais agus gnéithe sonracha inscne agus tionchar na bhfeiniméan domhanda amhail an t-athrú aeráide, an imirce, trádáil agus slándáil a aithint agus a chomhrac, mar aon leis an mbéim a chur ar thaithí agus riachtanais na mban agus na ngrúpaí a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar chineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe agus imeallaithe ag croílár an cheaptha beartais; de bhrí gurb é an plean gníomhaíochta inscne straitéis uaillmhianach an Aontais chun rannchuidiú leis na SFInna, go háirithe SFI 5, agus dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le comhionannas inscne; de bhrí gur tosaíocht é cumhachtú na mban i mbeartais agus gníomhaíochtaí seachtracha uile an Aontais, tar éis ról gníomhach a bheith aige freisin maidir le Clár Oibre 2030 a mhúnlú; de bhrí go n-áirítear i mbeartais sheachtracha an Aontais gealltanas chun a áirithiú go rannchuideoidh 85% de na cláir nua uile le comhionannas inscne agus le cumhachtú na mban; de bhrí go bhfuil gealltanas den sórt sin in easnamh faoi láthair ó bheartais inmheánacha an Aontais, lena n-áirítear ar leibhéal na mBallstát, rud a fhágann go bhfuil baol ann go ndéanfar dul chun cinn éagothrom i dtreo comhionannas inscne laistigh den Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil toirmeasc ar idirdhealú bunaithe ar na saintréithe a liostaítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil neamhionannais agus idirdhealú trasnach an Aontais roimh go leor ban, cailíní agus grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, daoine ó chúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste, daoine a ndéantar ciníochú orthu, daoine ó chúlraí eitneacha, mionlaigh nó imirceacha, daoine LGBTIQ+, go háirithe mná trasinscneacha agus idirghnéasacha, Romaigh, agus daoine a ndéantar idirdhealú orthu ar bhonn aoise (daoine óga agus daoine scothaosta araon) (dá ngairtear liosta na bhforas neamh-idirdhealaithe anseo feasta); de bhrí gurb iad mná agus cailíní faoi mhíchumas 29,2% de dhaonra na mban san Aontas, agus go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar eisiamh agus ar idirdhealú i ngach réimse den saol, chomh maith le ráta ard foréigin inscnebhunaithe; de bhrí gur minic a bhíonn mná agus daoine LGBTIQ+, bídís faoi bhealach nó ina gcónaí i saoráidí glactha, neamhchosanta ar rioscaí sonracha inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean, rochtain neamhleor ar chúram sláinte agus neamhdheimhneacht dhlíthiúil; de bhrí gur cheart aghaidh a thabhairt air sin go sonrach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil neamhionannais inscne níos soiléire in earnálacha áirithe, amhail talmhaíocht, seirbhísí airgeadais agus tomhaltóirí<FOOTNOTE><FIELD> An Fóram Eacnamaíoch Domhanda, ‘<STRING ITALIC="on">Global Gender Gap Report 2023’</STRING>, https://www.weforum.org/publications/global-gender-gap-report-2023/.</FIELD></FOOTNOTE>, sláinte agus cúram<FOOTNOTE><FIELD> an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ‘<STRING ITALIC="on">Women in the health and care sector earn 24 percent less than men</STRING>’ [Tuilleann mná in earnáil na sláinte agus an chúraim 24 faoin gcéad níos lú ná fir], 2022, https://www.who.int/news/item/13-07-2022-women-in-the-health-and-care-sector-earn-24-percent-less-than-men.</FIELD></FOOTNOTE>, ETIM<FOOTNOTE><FIELD> Evagorou, M., Puig, B., Bayram, D. agus Janeckova, H. (2024) <STRING ITALIC="on">Addressing the gender gap in STEM education across educational levels – Analytical report</STRING> [Aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir na hinscní in oideachas ETIM ar fud na leibhéal oideachais – Tuarascáil anailíseach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://data.europa.eu/doi/10.2766/260477.</FIELD></FOOTNOTE>, agus i réimsí áirithe, amhail réigiúin thuaithe, oileáin agus na réigiúin is forimeallaí; de bhrí go bhfuil bacainní struchtúracha sonracha roimh mhná ó na réimsí agus na hearnálacha sin a ndéantar idirdhealú trasnach orthu, rud a fhágann go bhfuil sé deacair dóibh páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair agus rochtain a fháil ar chúram sláinte, ar oideachas, ar thithíocht, ar nascacht dhigiteach, agus ar sheirbhísí agus bonneagar poiblí bunriachtanach, agus i gcásanna áirithe nach bhfuil siad sin ar fáil go hiomlán; de bhrí go bhfuil dídhaonrú ag tarlú i gceantair thuaithe, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, agus gur dóchúla go bhfágfaidh daoine óga, go háirithe cailíní agus mná<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A long-term Vision for the EU’s Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’</STRING> [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – I dtreo ceantair thuaithe a bheidh níos láidre, nasctha, athléimneach agus rathúil faoi 2040].</FIELD></FOOTNOTE>, rud a bhaineann an bonn dá gceart fanacht sna ceantair sin; de bhrí go bhfuil gá le cur chuige spriocdhírithe agus trasnach chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí inscne leanúnacha, go háirithe sna hearnálacha agus sna réigiúin thuasluaite, agus chun a áirithiú nach bhfágfar mná agus cailíní ar lár i gcur chun feidhme na Straitéise maidir le Comhionannas Inscne;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit uile gníomhú chun leasa leanaí trína gceart chun saol an teaghlaigh a choimirciú agus trí thoirmeasc a chur ar idirdhealú bunaithe ar stádas pósta, gnéaschlaonadh, nó modh giniúna a dtuismitheoirí; de bhrí go bhféadfadh éiginnteacht dhlíthiúil a bheith fós roimh thart ar dhá mhilliún leanbh maidir le haitheantas trasteorann a thabhairt do ghaol teaghlaigh; de bhrí gur mhol an Coimisiún rialachán ón gComhairle in 2022<FOOTNOTE><FIELD> Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, cinntí a aithint agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú (COM(2022)0695).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le tuismíocht agus Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú agus é sin fós ar feitheamh sa Chomhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go n-athdhearbhaítear sa Treochlár um Chearta na mBan tiomantas láidir an Aontais do chomhionannas inscne agus cearta na mban a chosaint agus a chur chun cinn, agus leagtar amach ann na prionsabail agus an fhís fhadtéarmach don dul chun cinn ar a mbeidh Straitéis um Chomhionannas Inscne tar éis 2025 ag brath;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis um Chomhionannas Inscne 2026-2030 uaillmhianach a thíolacadh, a chuirfeadh leis an gcéad Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025, ina mbeadh bearta agus cuspóirí nithiúla, intomhaiste, follasacha reachtacha agus neamhreachtacha sna príomhréimsí a leagtar amach thíos;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foréigean inscnebhunaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun foréigean inscnebhunaithe a áireamh mar réimse nua coireachta a liostaítear faoi Airteagal 83(1) CFAE agus chun deireadh a chur, gan mhoill, le gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní, lena n-áirítear foréigean sistéamach, atá ar cheann de na sáruithe is forleithne ar chearta bunúsacha in AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh a fhoilsiú go pras maidir le cleachtais dhíobhálacha in aghaidh na mban agus na gcailíní a chosc, lena n-áirítear gach cineál foréigin cnáimhseachais agus gínéiceolaíoch, míchleachtas i suíomhanna leighis, ginmhilleadh éigeantach agus steiriliú éigeantach, cúram ginmhillte a dhiúltú, agus ciorrú ball giniúna ban agus idirghnéasach, agus a áirithiú go gcomhlánaíonn sé Treoir (AE) 2024/1385;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thrasuí mear Threoir (AE) 2024/1385 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus an trasuí sin a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún an feimeamharú a aithint mar choir leithleach agus neamhspleách agus ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach feimeamharú a thuiscint mar ‘mharú mná nó cailín mar gheall ar a hinscne’ chun na bunchúiseanna atá leis a bhaineann le hidirdhealú inscne agus míchothromaíochtaí cumhachta a thuiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh arís ar an gCoimisiún treoirlínte a fhorbairt do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2024/1385 i ndáil le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus maidir le foréigean i ngach réimse den saol, lena n-áirítear treoirlínte soiléire i ndáil le hoideachas gnéasachta agus caidrimh atá cuimsitheach agus oiriúnach ó thaobh aoise de agus béim á leagan ar oideachas toilithe i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, agus aird ar leith a thabhairt ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú iomlán airteagail uile na treorach, agus go háirithe Airteagal 35, lena dtugtar aghaidh ar dháileadh ábhar oideachais toilithe agus ar fheachtais nó cláir múscailte feasachta a eagrú chun cur leis an eolas go meastar gur cion coiriúil é gnéas neamhthoiliúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún béim a leagan ar a thábhachtaí atá gné tuairiscithe Threoir (AE) 2024/1385, chun go n-oibreoidh an treoir go héifeachtach chun foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní den sórt sin a chosc agus a dhíothú; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt d’fhoréigean inscnebhunaithe ar líne agus as líne araon a chosc, agus béim á leagan ag an am céanna ar a thábhachtaí atá bearta coisctheacha leormhaithe, spriocdhírithe agus tráthúla, trí oideachas, litearthacht dhigiteach, oiliúint gairmithe, agus feachtais faisnéise agus múscailte feasachta mar phríomhghné chun foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní a chomhrac i gcomhréir le forálacha reachtaíocht ghaolmhar an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, tacaíocht shíceasóisialta, tithíocht d’íospartaigh, cláir foghlama ar feadh an tsaoil agus cúram leanaí, agus á iarraidh go ndéanfar íospartaigh agus marthanóirí a chosaint go cuí, trí infheistíochtaí poiblí fadtéarmacha a áirithiú agus a mhéadú agus trí fhreagairtí éifeachtacha a ráthú, ar cheart dóibh a bheith struchtúrach, trasnach agus dírithe ar mharthanóirí agus ar cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha an fhoréigin inscnebhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áitiú ar na Ballstáit nach bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl daingnithe acu go fóill é sin a dhéanamh agus dlús a chur leis an bpróiseas sin; á iarraidh ar an gCoimisiún próiseas an chur chun feidhme a áirithiú, faireachán a dhéanamh air agus é a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil baol méadaithe foréigin roimh ghrúpaí imeallaithe agus go dtreisíonn cineálacha trasnacha idirdhealaithe éifeachtaí an fhoréigin inscnebhunaithe agus an athíospartha; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, oiliúint éigeantach, chuimsitheach a fhorbairt agus, i gcomhar leis na Ballstáit, a chur chun feidhme do gach gairmí dlí, lena n-áirítear breithiúna agus ionchúisitheoirí, maidir le saincheisteanna a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe, trasnachas agus tacaíocht d’íospartaigh chun a áirithiú go mbeidh gairmithe dlí ullmhaithe go leormhaith chun cásanna a láimhseáil, as líne agus ar líne araon, ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne de agus trasnach agus chun a áirithiú nach mbeidh íospartaigh faoi réir íospairt thánaisteach le linn imeachtaí dlíthiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht an Aontais a chur ar aghaidh chun an t-éigniú a choiriúlú ar bhonn easpa toilithe sna Ballstáit uile; ag tabhairt dá haire go n-éilíonn 14 Bhallstát fós cineál éigin foréigin chun éigniú a choiriúlú nó nach luann siad toiliú go sainráite; á athdhearbhú nach amháin gur sárú ar chearta bunúsacha, neamhspleáchas coirp agus sláine na mban é an t-éigniú, ach gur cineál mí-úsáide gnéasaí agus teacht i dtír ghnéasaigh ar mhná agus ar chailíní é freisin, ar coir den Aontas é de réir CFAE<FOOTNOTE><FIELD> Airteagal 83 CFAE</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar na Ballstáit a bhaineann úsáid fós as an sainmhíniú ar éigniú atá bunaithe ar thoimhde an fhoréigin tús a chur le hathruithe reachtacha chun an sainmhíniú a chur ar aon dul leis na caighdeáin idirnáisiúnta is déanaí agus le hAirteagal 36 de Choinbhinsiún Iostanbúl;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cearta na mban agus a sláine fhisiciúil a chosaint; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar an Treoir athbhreithnithe maidir le Frithgháinneáil a thrasuí go pras agus go hiomlán, lena leagtar amach rialacha níos déine, lena gcuirfear uirlisí níos láidre ar fáil chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, lena n-áirítear cineálacha nua teacht i dtír ghnéasaigh, agus grúpaí coiriúla eagraithe, amhail trí chumarsáid trasteorann níos fearr, agus go háirithe cearta na mban mionlach agus imirceach a chosaint; á chur i bhfáth gur príomhionstraim é an t-éileamh a laghdú chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a laghdú, ós rud é go ndírítear ar dhreasachtaí airgeadais leis sin; ag tathant, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le hiarrachtaí chun íospartaigh a tharrtháil agus a athshlánú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth go mbíonn tionchar ag cur chuige sochaí i leith striapachais ar a tuiscint ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban agus go gcuireann sé teachtaireachtaí agus noirm in iúl; á iarraidh ar an gCoimisiún iarrachtaí na mBallstát a spreagadh agus tacú leo chun gníomhaíocht a dhéanamh sna réimsí seo a leanas: cosc, díchoiriúlú daoine agus go háirithe mná atá ag gabháil don striapachas, laghdú éilimh, pionósú cliant, dístiogmatú agus díothú steiréitíopaí, agus cláir scoir atá maoinithe go leordhóthanach, inrochtana go héasca agus ar ardchaighdeán a áirithiú dóibh sin ar mian leo an striapachas a fhágáil; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh daoine atá ag gabháil don striapachas rannpháirteach go gníomhach i gceapadh beartas maidir lena gcearta; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na hiarrachtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag cáineadh chleachtas na máthairionadaíochta, lena mbaineann dúshaothrú atáirgthe agus úsáid choirp na mban ar mhaithe le gnóthachan airgeadais nó eile, go háirithe i gcás mná atá an-leochaileach i dtríú tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun tacú le deireadh a chur leis an bhfeiniméan sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht an Aontais a mholadh do staidéir ar an gcaidreamh idir foréigean inscnebhunaithe, foréigean páirtí dlúthchaidrimh agus ailse;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cúram sláinte cuimsitheach inscne-fhreagrúil </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur ceart bunúsach í an tsláinte, agus, dá bhrí sin, nach mór rochtain a bheith ag gach duine ar sheirbhísí cúraim sláinte ardcháilíochta, inacmhainne agus inrochtana agus a dtoiliú feasach agus a neamhspleáchas coirp á n-urramú; ag tathant ar an gCoimisiún rochtain uilíoch ar chúram sláinte atá freagrúil ó thaobh inscne de agus atá dírithe ar cháilíocht, ar othair agus ar thorthaí a áirithiú i gcomhréir leis na caighdeáin is airde do mhná agus do chailíní, ina n-éagsúlacht uile, go háirithe grúpaí a ndéantar cineálacha trasnacha idirdhealaithe orthu, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine ó chúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste, íospartaigh foréigin inscnebhunaithe, daoine radacaithe agus daoine ó chúlraí eitneacha, mionlaigh nó imirceacha, daoine scothaosta, LGBTIQ+, go háirithe mná idirghnéasacha, daoine trasinscneacha agus neamhdhénártha, mná i gceantair thuaithe agus iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí, mná torracha agus máithreacha torracha, go háirithe máithreacha aonair; á chur i bhfáth gur gá oiliúint a chur ar fhoireann cúraim sláinte i saincheisteanna sláinte atá íogair ó thaobh inscne de agus chun freagairt d’fhoréigean inscnebhunaithe agus gnéasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go práinneach ar an mbearna sláinte idir na hinscní, lena n-áirítear trí dhul i ngleic le riachtanais agus rioscaí sláinte inscne-shonracha ag gach céim den saol, agus aird ar leith á tabhairt ar ghalair a mbíonn tionchar díréireach acu ar mhná, aghaidh á tabhairt ar éagothromaíochtaí inscne agus ar chlaontacht i dtaighde leighis, in oiliúint agus i dtrialacha cliniciúla agus níos mó ban a spreagadh chun gairmeacha leighis a shaothrú; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta sonrach a chur ar aghaidh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus chun tionscnaimh a bhaineann leis an tsláinte atá ar na bacáin a dhíriú tuilleadh ar choincheap an leighis inscne, mar a thug EDS isteach<FOOTNOTE><FIELD> WHO, <STRING ITALIC="on">Gender and health</STRING> [Inscne agus sláinte](https://www.who.int/health-topics/gender#tab=tab_1).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áireofar sa Straitéis um Chomhionannas Inscne fócas neartaithe ar chomhionannas inscne sa tsláinte phoiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an tuiscint mhéadaitheach ar na tosca a dhéanann difear do thorthaí cóireála trí thacú le bailiú níos mó sonraí imdhealaithe agus sonraí imdhealaithe ar cháilíocht níos fearr chun éagothromaíochtaí sláinte i bhfoghrúpaí a shainaithint a bhféadfadh sé nach mbeadh siad le feiceáil sa daonra murach sin, trí idirghabhálacha sláinte a dhearadh lena dtugtar aghaidh ar fhoghrúpaí ina bhfuil éagothromaíochtaí ann agus trí fhaireachán a dhéanamh ar thorthaí sláinte i bpobail ardriosca; ag tabhairt dá haire gur cheart aird ar leith a thabhairt ar mhná torracha agus ar mhná atá ag cothú linbh ar an gcíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mheabhairshláinte leanúnacha atá roimh mhná agus cailíní agus roimh ghrúpaí imeallaithe agus ag tathant ar an gCoimisiún rochtain uilíoch ar chúram sláinte meabhrach inscne-fhreagrúil a áirithiú agus infheistíocht i saoráidí cúraim sláinte i gceantair thuaithe a mhéadú agus réitigh inoiriúnaithe a fhorbairt amhail clinicí sláinte soghluaiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt – ar leibhéal an Aontais – ar na bearnaí, na neamhionannais agus na bacainní ar rochtain a fháil ar chúram sláinte do mhná ina n-éagsúlacht uile, lena n-áirítear mná ó ghrúpaí leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais rochtain ar sheirbhísí agus cógais riachtanacha cúraim sláinte a áirithiú agus a ráthú agus á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht i bpríomhshruthú inscne i gcórais sláinte a mhéadú; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí cur chuige inscneach in oiliúint na ngairmithe leighis agus na n-oibrithe cúraim sláinte uile; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach gcuirfear aon duine, go háirithe mná faoi mhíchumas, faoi chóireálacha díobhálacha, ionracha nó do-aisiompaithe in aghaidh a dtola, agus a shuí go bhfuil gach idirghabháil leighis bunaithe ar thoiliú pearsanta, saor agus láneolach gach duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach an Aontais a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte an-sonrach na mban ag gach céim den saol agus chun aghaidh a thabhairt ar na tosca a mbíonn tionchar acu ar shláinte na mban agus na gcailíní, agus tríd an tsláinte a áireamh i Seimeastar an Aontais freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar agus malartú dea-chleachtas ar an leibhéal Eorpach in éineacht le húsáid éifeachtúil chistí gaolmhara an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna sa chúram sláinte agus á iarraidh ar an gCoimisiún comhar idirsheirbhíse idir seirbhísí beartais ábhartha a neartú chun a áirithiú go ndéanfar comhionannas inscne a chomhtháthú go córasach ar fud na dtionscnamh uile a bhaineann leis an tsláinte; á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh agus tacú leo maidir le córais náisiúnta árachais sláinte a chuireann cúram cuimsitheach agus inacmhainne ar fáil a chur chun feidhme nó a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de a fhorbairt i leith cúram sláinte agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha ina bhfuil dúshláin fós ann, amhail meabhairshláinte, ailse, inmheatróis nó cúram sláinte máthartha; ag iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin choiteanna uile-Aontais i dtaca le cúram sláinte réamhbhreithe, breithe linbh, cnáimhseachais iarbhreithe, nuabhreithe agus máthartha a fhorbairt, chun Treoir an Aontais maidir le Cnáimhseachas<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 80/155/CEE ón gComhairle an 21 Eanáir 1980 maidir le comhordú forálacha a leagtar síos le Dlí, Rialachán nó Gníomhaíocht Riaracháin a bhaineann le gabháil le gníomhaíochtaí cnáimhseacha agus lena saothrú (IO L 33, 11.2.1980, lch. 8, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/1980/155/oj?eliuri=eli%3Adir%3A1980%3A155%3Aoj&locale=ga).</FIELD></FOOTNOTE> a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus chun é a chur ar a gcumas do ghairmithe cúraim sláinte dea-chleachtas a chomhroinnte sa réimse sin; á iarraidh go mbunófaí creat an Aontais maidir le húsáid shábháilte cógas le linn toirchis agus lachtaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le córais cúraim sláinte chun straitéisí coiscthe galar atá dírithe ar inscne a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas toisc gur féidir le cosc feabhas a chur ar cháilíocht saoil na mban agus na gcailíní; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, bearta atá bunaithe ar chosc a chur chun feidhme agus feasacht a mhúscailt maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim sláinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí críochacha maidir le rochtain ar chúram sláinte trí infhaighteacht seirbhísí sláinte inscne-fhreagrúla a áirithiú i gceantair thuaithe, iargúlta agus bhánaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in aonaid sláinte shoghluaiste, sa teilileigheas agus in oiliúint agus imscaradh gairmithe cúraim sláinte i réigiúin nach ndéantar freastal ceart orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creat cuimsitheach, ceangailteach a chruthú agus rochtain iomlán agus chomhionann a áirithiú, ar gach seirbhís cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe, do gach duine san Aontas gan beann ar a stádas imirce nó cónaithe; ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na seirbhísí agus ar na cearta sin cúram cnáimhseachais, gínéiceolaíoch, réamhbhreithe, breithe linbh agus cnáimhseachais iarbhreithe agus cúram sláinte nuabheirthe atá measúil agus ar ardchaighdeán, faisnéis chuimsitheach agus seirbhísí cuimsitheacha maidir le pleanáil teaghlaigh, cúram dearbhaithe inscne agus rochtain ar atáirgeadh daonna le cuidiú míochaine agus ar chúram agus cóireálacha torthúlachta, modhanna frithghiniúna nua-aimseartha atá sábháilte agus inacmhainne de rogha an duine agus an ceart chun seirbhísí cúraim ginmhillte atá sábháilte agus dlíthiúil (seirbhísí míochaine agus máinliachta), oideachas gnéasachta agus caidrimh atá oiriúnach ó thaobh aoise de, cosc ionfhabhtú gnéas-tarchurtha, próifiolacsas iarnochta, seirbhísí braite agus cóireála mar chuid lárnach dá gcearta daonna, nach féidir seasamh leis an smacht reachta dá n-uireasa; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin inrochtana, inacmhainne agus neamh-idirdhealaitheach; á iarraidh ar an gCoimisiún gach sárú ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe na mban a aithint mar chineál foréigean inscnebhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart d’aon straitéis chomhionannais dul i ngleic le gach cineál foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear cúlú agus sáruithe ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe na mban; á athdhearbhú gur cheart rochtain ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí poiblí, go háirithe rochtain ar chúram ginmhillte agus tacaíocht shíceolaíoch d’íospartaigh foréigin ar mná iad, a mheas mar thosaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcásanna cúlchéimnithe i gcearta na mban, lena n-áirítear srianta ar sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, rochtain ar chúram ginmhillte nó ar oideachas gnéasachta, nach mór a mheas gur sáruithe ar luachanna an Aontais iad agus a spreagann freagairtí institiúideacha comhréireacha, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú agus iarmhairtí ar chistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún sásra faireacháin agus cuntasachta a bhunú, chun aghaidh a thabhairt go pras ar aon fhorbairtí aischéimnitheacha nó bagairtí ar chomhionannas inscne agus ar gach sárú ar chearta na mban lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus cearta daoine LGBTIQ+, sna Ballstáit, chomh maith le sásraí atá ann cheana a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an smachta reachta nó na gceart bunúsach, nó mar shásra tiomnaithe agus focholún tiomnaithe maidir le foréigean inscnebhunaithe a áireamh ina thuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún fir a spreagadh agus a rannpháirtiú mar chomhghuaillithe gníomhacha i gcur chun cinn sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe chun aghaidh a thabhairt ar chomhthéacs níos leithne na frithfhreagartha atá ag dul i méid i measc fir óga in aghaidh mná óga agus feimineachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Sláinte agus Cearta Gnéis agus Atáirgthe a áireamh, lena n-áirítear an ceart chun cúram ginmhillte sábháilte agus dlíthiúil, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, mar a leagtar amach i rún ón bParlaimint an 11 Aibreán 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt chun suntais go dtacaíonn saoránaigh an Aontais go forleathan le cur ar chumas gach duine san Aontas rochtain a bheith acu ar chúram ginmhillte sábháilte, is cuma cé hiad nó cá as a dtagann siad, mar a léirítear i measc nithe eile leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh rathúil ‘Mo ghuth, mo rogha’ lena n-iarrtar ar an Aontas reachtaíocht a rith lena gcruthófaí sásra airgeadais lena gcabhrófaí leis na Ballstáit a théann isteach sa bheartas sin go deonach cúram ginmhillte sábháilte a chur ar fáil dóibh sin uile nach bhfuil rochtain acu air; ag tathant ar an gCoimisiún gníomhaíocht mhear a dhéanamh agus an t-éileamh sin ó thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a leanúint agus sásra dlúthpháirtíochta airgeadais a bhunú idir na Ballstáit chun a áirithiú gur féidir le mná an Aontais rochtain a fháil ar chúram ginmhillte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún Moltaí a eisiúint do na Ballstáit maidir le conas gach cineál foréigin cnáimhseachais agus gínéiceolaíoch a chomhrac, lena gcuimsítear cleachtais éagsúla faillíocha, dímheasa, mhí-úsáideacha nó dhíobhálacha lena n-áirítear ‘stéig an fhir chéile’ ach gan a bheith teoranta di; á iarraidh ar an gCoimisiún malartuithe a éascú i measc na mBallstát maidir le saincheist an fhoréigin chnáimhsigh agus gínéiceolaíoch agus sainordú a thabhairt do EIGE sraith táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a fhorbairt chun leitheadúlacht agus léiriú an fhoréigin chnáimhsigh a thomhas agus acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun aghaidh a thabhairt air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú chur chun feidhme na Treorach maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, treoirlínte soiléire a eisiúint maidir le cúram sláinte gnéis agus atáirgthe a sholáthar d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta sláinte poiblí agus chearta an duine, lena n-áirítear caighdeáin EDS maidir le bainistiú cliniciúil an éignithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á aithint gur gné ríthábhachtach de shláinte na mban í an torthúlacht, agus ag cur béim ar an bhfíoras gur gá aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar na tosca agus na dúshláin ilghnéitheacha a bhaineann le torthúlacht, amhail easpa rochtana ar chúram sláinte agus ar chóireálacha a bhaineann le torthúlacht, nó easpa seirbhísí faisnéise agus tacaíochta; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh rochtain ag cách ar fhaisnéis maidir le caomhnú torthúlachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhionannas inscne agus cumhachtú na mban i saol na hoibre </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Pá Íosta Leordhóthanach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj).</FIELD></FOOTNOTE>agus na Treorach maidir le Trédhearcacht Pá<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2023/970 (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lena n-áirítear ceanglais láidre maidir le tuairisciú pá a ráthú, rochtain éifeachtach ar leigheasanna breithiúnacha d’íospartaigh idirdhealaithe pá, agus smachtbhannaí iomchuí as neamhchomhlíonadh, agus trasuí na Treorach maidir le Mná ar Bhoird<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2381 (IO L 315, 7.12.2022, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2381/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú cuí agus tráthúil na dTreoracha sin agus an forfheidhmiú sin a ráthú, rud atá ríthábhachtach do mhná i margadh an tsaothair agus a chuirfidh ar a gcumas leas a bhaint as cearta agus coinníollacha comhionanna le linn a ngairmréime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>a thabhairt chun suntais go gcuirfidh an Pharlaimint go láidir in aghaidh aon iarracht an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá a tharraingt siar nó a lagú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún iontráil agus coinneáil na mban i margadh an tsaothair a chur chun cinn go gníomhach, bearta a dhéanamh chun an bhearna fostaíochta, an bhearna phá idir na hinscní agus an bhearna phinsin a laghdú agus infheistíocht a dhéanamh i gcláir foghlama ar feadh an tsaoil do mhná agus do chailíní; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna uile-Aontais a leagan síos a bheidh dírithe ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi anailís EIGE ar na príomhbhacainní ar fhostaíocht na mban san Eoraip, lena n-áirítear bacainní ar fhostaíocht lánaimseartha, lena gcuirtear bonn ar fáil do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha ar fhostaíocht na mban; á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun rochtain chomhionann na mban ar obair le cearta agus pá cuibhiúil a áirithiú, lena n-áirítear trí chómhargáil; á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun bearta daingne a dhéanamh chun smachtbhannaí a fhorchur ar ghnólachtaí a dhéanann idirdhealú idir fir agus mná agus nach gcomhlíonann an reachtaíocht saothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais agus ionstraimí cistiúcháin a neartú lena dtacaítear le mná filleadh ar mhargadh an tsaothair tar éis saoire mháithreachais nó sosanna gairme fada a bhaineann le freagrachtaí cúraim; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, cláir athscilithe agus uas-scilithe shaincheaptha, agus comhairleoireacht phearsantaithe post, agus á iarraidh ar an gCoimisiún fostóirí a chur chun cinn agus tacú leo maidir le deiseanna fostaíochta solúbtha ar ardchaighdeán a thairiscint do mhná atá ag filleadh; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar idirdhealú in aghaidh na mban san áit oibre, go háirithe mná a bhfuil leanaí acu; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar idirdhealú toirchis agus máithreachais a chomhrac trí shocruithe solúbtha oibre atá deartha agus curtha in iúl go cuí; á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh maidir le rialacha teilea-oibre agus an Ceart chun Dícheangail gan a thuilleadh moille agus a áirithiú go ndéanfar é ar bhealach inscne-fhreagrúil nach gcuirfidh leis na neamhionannais inscne atá ann cheana; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hionaid oibre atá íogair ó thaobh inscne de chun a áirithiú go mbeidh cearta agus deiseanna comhionanna ag mná atá thíos le galair neamhtheagmhálacha, galair ainsealacha, míchumais nó siomptóim sos míostraithe maidir le rochtain a fháil ar an ionad oibre agus fanacht ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creat reachtach a mholadh chun dul i ngleic leis an bhforéigean inscnebhunaithe i saol na hoibre chun cosaint na n-oibrithe uile ar an bhforéigean inscnebhunaithe a áirithiú, lena n-áirítear ciapadh, imeaglú agus aon chineál foréigin ghnéasaigh san ionad oibre; á iarraidh ar na Ballstáit eile nach bhfuil Coinbhinsiún 190 EIS maidir le Foréigean agus Ciapadh i Saol na hOibre daingnithe acu go fóill agus aitheantas a thabhairt don cheart chun saol oibre atá saor ó fhoréigean agus ciapadh, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún iarrachtaí a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú a bhíonn os comhair na mban, na gcailíní agus na ndaoine is leochailí a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar idirdhealú trasnach, mar a luaitear i liosta na bhforas neamh-idirdhealaithe agus iad sin a ndéanann uathoibriú post difear dóibh; á athdhearbhú gur dóchúla go mbeidh dúshláin shonracha nó dhíréireacha roimh na grúpaí sin maidir le margadh an tsaothair, amhail rátaí arda dífhostaíochta, pá íseal agus poist fhorbhásacha agus deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar chosaint saothair, saoire mháithreachais agus slándáil shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún cláir a spreagadh lena n-áiritheofar comhdheiseanna, lena n-áirítear rochtain ar róil cheannaireachta agus chinnteoireachta dóibh sin uile a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus éiginnteacht i margadh an tsaothair; ag tabhairt dá haire gur cheart é sin a dhéanamh, i measc nithe eile, trí chur chun feidhme na Treorach maidir le Comhionannas Fostaíochta<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2000/78/oj?eliuri=eli%3Adir%3A2000%3A78%3Aoj&locale=ga).</FIELD></FOOTNOTE> a áirithiú ar fud na mBallstát, trí chomhlachtaí comhionannais a neartú, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2024/1499<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE (IO L, 2024/1499, 29.5.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2024/1499/oj?eliuri=eli%3Adir%3A2024%3A1499%3Aoj&locale=ga).</FIELD></FOOTNOTE> agus trí rochtain ar phá íosta a áirithiú ar bhonn comhionann le daoine eile; á chur i bhfáth gur gá straitéisí spriocdhírithe fostaíochta agus uas-scilithe a fhorbairt do mhná os cionn 55 bliana d’aois agus do mhná atá ina gcónaí i réigiúin thuaithe nó i réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste struchtúrach, a bhfuil bacainní níos measa rompu; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit beartais chuimsitheacha maidir leis an margadh saothair a cheapadh, lena n-áirítear trí ionstraimí beartais chomhtháthaithe agus trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit gné na hinscne a chur san áireamh agus córais pinsin á n-athchóiriú agus an aois scoir á n-oiriúnú agus na difríochtaí idir patrúin oibre na mban agus patrúin oibre na bhfear a mheas, lena n-áirítear na cleachtais fostaíochta neamhíoctha go léir, agus an riosca níos airde idirdhealaithe thrasnaigh roimh mhná sa mhargadh saothair á cur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit plean cuimsitheach a chur ar aghaidh chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna phinsin idir na hinscní, lena n-áirítear trí thacaíocht leormhaith do chúram leanaí a áirithiú agus tríd an ‘pionós máithreachais’ a mhaolú chomh maith le borradh a chur faoin litearthacht airgeadais do mhná agus feabhas a chur ar chomhairle airgeadais do mhná go háirithe chun an bhearna infheistíochta idir na hinscní a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 79/7 (CEE) maidir le Slándáil Shóisialta<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lch. 24, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/1979/7/oj?eliuri=eli%3Adir%3A1979%3A7%3Aoj&locale=ga).</FIELD></FOOTNOTE> chun a áirithiú go gcumasófar léi gníomhaíocht dhearfach a ghlacadh agus go rannchuideoidh sí leis an mbearna phinsin idir na hinscní a dhúnadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfuil ach aon trian d’fhiontraithe san Aontas ina mná faoi láthair<FOOTNOTE><FIELD> <STRING ITALIC="on">Eurochambres, Eurochambres Women Entrepreneurs Survey 2025 – Unveiling insights from the women entrepreneurs, </STRING>[Suirbhé 2025 ar Fhiontraithe Ban Eurochambres – Léargais ó fhiontraithe ban a nochtadh] https://www.eurochambres.eu/publication/eurochambres-women-entrepreneurs-survey-2025-unveiling-insights-from-the-women-entrepreneurs/<STRING ITALIC="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, agus béim á leagan ar an ngá atá le gníomhaíocht spriocdhírithe chun an bhearna inscne san fhiontraíocht a dhúnadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún treoirlínte a fhorbairt do na Ballstáit, don earnáil phríobháideach agus don tsochaí shibhialta chun cabhrú le spriocanna agus straitéisí comhionannais inscne a bhunú lena n-áirítear comhdheiseanna ceannaireachta sa gheilleagar, lena n-áirítear d’fhiontraithe ban agus chun deireadh a chur le bacainní ar mhná gnólachtaí a thosú agus a bheith acu chun an bhearna inscne san fhiontraíocht a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí sin, agus comhionannas inscne a chur chun cinn maidir le rochtain ar mhaoiniú, agus aghaidh a thabhairt ar an mbearna leanúnach inscne sa cheannaireacht ghnó agus sa nuálaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á athdhearbhú go mbíonn algartaim chlaonta mar thoradh ar an mbearna inscne in earnálacha digiteacha agus an intleacht shaorga; á iarraidh ar an gCoimisiún comhionannas inscne a chur chun cinn i gcuideachtaí a bhíonn ag obair ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus le TFC, lena n-áirítear trí thionscadail faoi stiúir na mban san earnáil dhigiteach a mhaoiniú agus trí líon íosta taighdeoirí mná atá rannpháirteach i nglaonna cistiúcháin taighde a bhaineann leis an intleacht shaorga agus le TFC a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh spriocdhírithe a chur ar aghaidh chun tacú le mná san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (ETIM) agus cailíní a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar ghairmeacha a bhaineann le ETIM, TFC agus an Intleacht Shaorga, lena n-áirítear trí sprioc a shainiú maidir le rannpháirtíocht taighdeoirí ban i dtionscadail ETIM agus an Intleacht Shaorga, chun na scileanna foriomlána agus an bhearna inscne san earnáil sin a dhúnadh; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá leasanna na mban agus na ngrúpaí leochaileacha a léiriú san aistriú digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Eurostat feabhas a chur ar an bhfaireachán ar chomhdhéanamh inscne i ngairmeacha ETIM, amhail sa lucht saothair cúraim sláinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i bhfáth gur riachtanas eiticiúil agus eacnamaíoch araon é cumhachtú na mban mar shaoránaigh agus mar ghníomhaithe eacnamaíocha, agus go bhfuil gá le hiarrachtaí tiomnaithe chun deireadh a chur leis na bacainní atá ann faoi láthair lena dteorannaítear rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, go háirithe do mhná, chun ‘Aontas Scileanna’ éifeachtach agus cothrom a bhaint amach; ag tathant ar an gCoimisiún gníomhaíocht eacnamaíoch na mban a spreagadh agus comhionannas a áirithiú ar gach leibhéal ar feadh shaol gairmiúil gach duine san Aontas, ós rud é go dtéann sé chun tairbhe do shochaí na hEorpa, don gheilleagar agus do shaol na hoibre, ós rud é gur réamhchoinníoll é an comhionannas inscne chun go n-éireoidh leis an Eoraip, chun go mbeidh iomaíochas ann agus chun go mbeidh fás inbhuanaithe ann; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbeidh tograí le haghaidh simplithe rialála ag teacht salach ar an aidhm comhionannas inscne a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfios nach mór prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a chumhdaítear i ndlí an Aontais a chur i bhfeidhm go praiticiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic leis na héagothromaíochtaí sistéamacha sa phá mar gheall ar easpa aitheantais agus tearcluacháil na hoibre in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná amhail cúram, cúram sláinte, oideachas agus miondíol; á iarraidh go mbeadh bearta ceangailteacha an Aontais ann chun pá comhionann as obair ar comhionann a luach a áirithiú freisin, agus chun feabhas a chur ar dhálaí oibre in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, oibriú leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta chun uirlisí agus critéir mheastóireachta inscne-neodracha ar phoist a fhorbairt lena bhféadfar ‘luach na hoibre’ a shainiú agus a chur i gcomparáid ar fud an Aontais agus é mar d’aidhm leis luacháil agus luach saothair níos cothroime a thabhairt don obair a dhéantar in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná; ag tabhairt dá haire gur cheart é sin a dhéanamh trí chearta cómhargála a áirithiú, trí chigireachtaí saothair a neartú agus trí ionadaíocht chomhionann oibrithe baineanna san idirphlé sóisialta a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mbearna pá leanúnach idir na hinscní, lena n-áirítear trí dhíriú ar chistí CSE+ chun tacú le steiréitíopaí inscne san oideachas agus sa chomhairleoireacht saothair a chomhrac, agus trí chairteacha agus tionscnaimh éagsúlachta a chur chun cinn san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bochtaineacht na mban</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an straitéis frithbhochtaineachta atá ar na bacáin a dhéanamh freagrúil ó thaobh inscne de trí bhéim láidir a leagan ar bhochtaineacht struchtúrach na mban; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta eacnamaíocha agus sóisialta a threisiú chun dul i ngleic le bochtaineacht na mban agus le heisiamh sóisialta na mban, go háirithe maidir le rochtain ar thithíocht, ar fhuinneamh agus ar iompar atá cuibhiúil agus inacmhainne; á chur i bhfios go láidir gur ceart bunúsach í tithíocht chuibhiúil agus inacmhainne chun go ndéanfar í a chosaint agus a aithint mar réamhchoinníoll chun cearta bunúsacha eile a theachtadh; á mheabhrú go spreagann neamhionannas i dtithíocht go leor ban chun cónaí i gcásanna neamhdhíniteacha, neamhshábháilte, i gcásanna ina mbíonn siad i mbaol easpa dídine agus foréigin; á iarraidh ar an gCoimisiún é sin a chur san áireamh ina phlean tithíochta inacmhainne um an Aontas atá ar na bacáin agus aird ar leith a thabhairt ar riachtanais tithíochta íospartaigh foréigin inscnebhunaithe agus ar acmhainneachtaí dídine leormhaithe; á chur i bhfáth gur cheart rochtain ar shlándáil shóisialta agus ar thithíocht do chách a choimirciú go héifeachtach sna Ballstáit agus á iarraidh ar an gCoimisiún í a chur chun cinn go leanúnach; ag tathant ar an gCoimisiún leanúint den chomhrac in aghaidh na bochtaineachta míosta, arb é an easpa rochtana leordhóthanaí ar tháirgí agus saoráidí sláinteachais mhíosta é, a dhéanann difear do 10 % de dhaonra míosta an Aontais, agus a dhéanann difear díréireach do ghrúpaí imeallaithe agus leochaileacha, rud a chuireann teorainn le rannpháirtíocht sa saol sóisialta, oideachais agus gairmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain ar tháirgí míosta atá inrochtana a áirithiú agus, mar chéad chéim, athbhreithniú ar Threoir 2004/113/CE a thionscnamh agus é mar cuspóir leis sin CBL a bhaint de tháirgí míosta agus deireadh a chur le difríochtaí praghais gan údar – dá ngairtear ‘cáin bhándearg’ orthu go minic – as a n-eascraíonn costais níos airde do tháirgí agus seirbhísí cúraim sláinte a mhargaítear do mhná;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta na mban agus comhionannas inscne san oideachas, san oiliúint agus sa réimse digiteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé rochtain ar oideachas ardcháilíochta a áirithiú do chailíní mar réamhchoinníoll don chomhionannas inscne, do chumhachtú na mban agus do theachtadh iomlán a gceart; ag tathant ar an gCoimisiún rochtain atá cuimsitheach ó thaobh inscne agus aoise de a áirithiú ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna lena gcuirtear comhionannas inscne chun cinn agus lena ndéantar steiréitíopaí inscne agus noirm shochaíocha dhíobhálacha a dhíchóimeáil agus tacú go háirithe leis na mná, na cailíní agus na daoine is leochailí a ndéantar idirdhealú trasnach orthu ina n-aistear oideachais; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfaidh Aontas na Scileanna aghaidh ar mhíchothromaíochtaí inscne, agus é mar cuspóir aige gach duine aonair ar fud an Aontais a chumhachtú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt ghairmiúil oideoirí chun steiréitíopaí inscne a chomhrac ar bhealach níos fearr le linn an oideachais óige agus an oideachais aosaigh, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na hoiliúna ar an láthair oibre, i ngach conair oideachais foghlama fhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil agus treoirlínte a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí maidir le deireadh a chur le laofacht inscne in ábhair oideachais; á iarraidh ar an gCoimisiún cláir oiliúna éigeantacha a spreagadh do gach duine atá ag obair in earnáil an oideachais, lena n-áirítear oideachas neamhfhoirmiúil agus saorálaithe, chomh maith le bonneagar sábháilte, sásraí tuairiscithe rúnda agus gníomhaíochtaí araíonachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt d’oideachas gnéasachta agus caidrimh atá bunaithe ar thoiliú, cuimsitheach, cruinn ó thaobh na heolaíochta de agus oiriúnach ó thaobh aoise de agus atá bunaithe ar chearta an duine agus ar chomhionannas inscne mar chuid lárnach de steiréitíopaí inscne a bhriseadh síos agus aghaidh a thabhairt ar iompraíochtaí díobhálacha agus treoirlínte an Aontais a fhorbairt don oideachas sin do na Ballstáit; ag tabhairt dá haire gur cheart é a bheith ina aidhm eolas a thabhairt do dhaoine óga faoi neamhspleáchas coirp, caidrimh shláintiúla, sláinte atáirgthe agus cosc ar fhoréigean inscnebhunaithe agus idirdhealú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé mionaoisigh a chosaint ar ábhar pornagrafach foréigneach agus díobhálach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun an bhearna inscne a laghdú, go háirithe in earnálacha ETIM, an intleacht shaorga agus digiteacha, trí straitéis chomhtháite a chur chun cinn chun oideachas na mban agus na gcailíní a neartú ó aois óg sna hearnálacha sin; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí i straitéis den sórt sin tionscnaimh arb é is aidhm dóibh mná agus cailíní a spreagadh chun dul isteach i gconairí ETIM, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag mná ar chúrsaí gairmoiliúna, ar intéirneachtaí agus ar chúrsaí múscailte feasachta sna hábhair sin trí oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn, trí dhea-chleachtais oideachais rathúla agus chuimsitheacha a scaipeadh, trí eiseamláirí ban a chur chun cinn agus trí mhná a spreagadh chun eolas a fháil agus na scileanna atá riachtanach dóibh a fhorbairt chun rochtain chomhionann a bheith acu ar dheiseanna fostaíochta i réimsí atá ag teacht chun cinn amhail an earnáil dhigiteach, an t-aistriú glas agus sa gheilleagar agus sa ghnó i gcoitinne agus chun tús áite a thabhairt don éagsúlacht agus don chuimsiú in ETIM; ag tabhairt dá haire gur cheart buachaillí a spreagadh go cothrom chun dul isteach sna earnálacha oideachas, sláinte agus leas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil teicneolaíocht dhigiteach agus ardáin dhigiteacha ag éirí ríthábhachtach sa phróiseas foriomlán chun oideachas agus oiliúint a chur ar fáil do mhná agus do chailíní agus in go leor próiseas roghnúcháin oibre; á chur in iúl gur oth léi na tionchair dhiúltacha a bhaineann le rochtain mhíchothrom ar theicneolaíocht, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt litearthacht dhigiteach na mban agus na gcailíní; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh easpa rochtana ar theicneolaíocht difear díréireach do mhná agus do chailíní ina n-éagsúlacht uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún beartas neamhfhulaingthe a choinneáil ar bun agus leanúint dá fhorbairt <STRING ITALIC="on">vis-à-vis</STRING> gach cineál foréigean inscnebhunaithe sa timpeallacht dhigiteach; á mheabhrú go ndéantar comhroinnt neamhthoiliúil ábhair dlúthchaidrimh, lena n-áirítear domhainbhrionnuithe, cibearstalcaireacht, cibirchiapadh agus cibirghríosú chun foréigin nó fuatha (fuathchaint) a choiriúlú faoi Threoir (AE) 2024/1385 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus gur cheart sainmhínithe ar na cionta coiriúla sin a chur chun feidhme go cuí le dlíthe náisiúnta na mBallstát; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar chomhar ar fud an Aontais maidir le cionta digiteacha inscnebhunaithe a bhrath agus a ionchúiseamh, amhail cibearchiapadh agus scaipeadh neamhthoiliúil na meán ionramháilte; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hacmhainneacht trasteorann na fóiréinsice digití agus le hoiliúint bhreithiúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh faireacháin agus forbartha a dhéanamh ar bheartas maidir le cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe ar líne, lena ndírítear go háirithe ar chailíní agus ar dhaoine óga LGBTQI+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bearta agus coimircí coisctheacha a leabú i ngach réimse den bheartas digiteach, agus aird ar leith á tabhairt ar chomhionannas inscne, ar fhoréigean inscnebhunaithe agus ar chearta an duine, chomh maith le mionaoisigh a chosaint ar líne; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na hoibleagáidí maidir le measúnú riosca agus maolú faoi ionstraimí atá ann cheana amhail GSD, lena n-áirítear a chód iompair, agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga a fhorfheidhmiú go hiomlán agus tograí beartais nua á bhforbairt ag an am céanna, mar shampla faoi sciath an daonlathais Eorpaigh agus faoin ngníomh um chothroime dhigiteach; á iarraidh go ndéanfaí grinnscrúdú poiblí ar mheasúnuithe riosca bliantúla a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe agus ar bhearta maolaithe arna dtabhairt isteach ag ardáin an-mhór ar líne agus ag innill chuardaigh an-mhór ar líne (VLOSEnna) chun taighde agus tuiscint níos fearr ar an bhfeiniméan a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar na bealaí ina bhféadfadh algartaim inneachar gnéasaíoch nó maslach a atáirgeadh agus a mhéadú, trí thrédhearcacht níos fearr a fhorchur agus sonraí arna nginiúint ag an intleacht shaorga a aonrú de réir inscne chun patrúin idirdhealaithe a shainaithint; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais a bhunú agus cláir oideachais agus múscailte feasachta a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh foréigean inscnebhunaithe a chosc, a aithint agus freagairt dó, go háirithe i measc daoine óga; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i dtaighde lena rianaítear comhionannas inscne i dtionscail na meán agus i dtionscail dhigiteacha, lena n-áirítear ó thaobh gné thrasnach de;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An saol príobháideach agus an saol gairmiúil a thabhairt chun réitigh agus aghaidh a thabhairt ar neamhionannais inscne i soláthar cúraim</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an ceart chun cúraim agus cúram a fháil a oibríochtú mar a aithnítear i bPrionsabal 18 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; á chur i bhfáth nach mór obair chúraim a aithint, luach saothair a thabhairt ina leith agus tacaíocht a thabhairt di, lena n-áirítear mar leas poiblí, agus á iarraidh go mbunófaí córais chúraim ardcháilíochta, inacmhainne agus inrochtana lena n-áiritheofar dínit d’fhaighteoirí cúraim agus d’oibrithe cúraim araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>a iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, Straitéis Cúraim na hEorpa a fhorbairt ina Comhaontú cuimsitheach Eorpach um Chúram, lena dtabharfar aghaidh ar chúramóirí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla araon (ar mná iad den chuid is mó sa dá chás), a mbeidh uirlisí ceangailteacha reachtacha agus airgeadais acu chun infheistíocht a dhéanamh i gcúram leanaí inacmhainne agus ardcháilíochta, i gcláir iarscoile oideachais agus i seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh agus chun rochtain uilíoch orthu a áirithiú; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh an Comhaontú Cúraim ina chur chuige atá bunaithe ar chearta i leith cúraim, agus gur cheart bonneagar cúraim a mhaoiniú trí chánachas forchéimnitheach agus soláthar poiblí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le beartais an Aontais agus náisiúnta do chúramóirí neamhfhoirmiúla arb é is aidhm dóibh tacaíocht airgeadais agus faoiseamh, oiliúint, cuimsiú i gcórais phinsin agus sláinte a chur ar fáil chun éifeachtaí díobhálacha an chúraim ar ghairmeacha na mban agus neamhspleáchas eacnamaíoch a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíochtaí a mhéadú chun feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar shláinte agus sábháilteacht in earnáil an chúraim, inar mná iad formhór na n-oibrithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bealaí dlíthiúla a éascú chun stádas oibrithe cúraim imirceacha baineanna a ndéanann idirdhealú trasnach difear díréireach dóibh a chur ar bhonn foirmiúil, chun a gcáilíochtaí a aithint agus chun a rannchuidiú tábhachtach le córais chúraim an Aontais a aithint, chun rochtain ar phoist ardcháilíochta a chur ar fáil i gcomhréir leis an treochlár maidir le poist ardcháilíochta atá ar na bacáin agus chun dálaí oibre cothroma a áirithiú dóibh, agus comhdheiseanna á gcur chun cinn laistigh d’earnáil an chúraim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>Á iarraidh ar an gCoimisiún tathant ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil agus na bearta a áirítear inti a thrasuí go pras agus go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, na sásraí láidre forfheidhmithe, faireacháin agus tuairiscithe bliantúla a bheartaítear sa treoir a bhunú agus, i gcás inar gá, imeachtaí um shárú nó bearta forfheidhmiúcháin eile a thionscnamh chun comhlíonadh iomlán a áirithiú agus cistiú tiomnaithe a leithdháileadh faoin gcéad CAI eile, agus moladh a dhéanamh maidir le caighdeáin cháilíochta ar leibhéal an Aontais do sheirbhísí cúraim fhadtéarmaigh, lena n-áirítear soláthar foirne, oiliúint agus dearbhú cáilíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil chun a áirithiú go bhfuil sí oiriúnach don fheidhm, chun í a neartú trí shaoire mháithreachais, atharthachta agus cúraim chomhroinnte do thuismitheoirí a fhorbairt agus a leathnú tuilleadh, agus trí fheabhas a chur ar dhreasachtaí don dara tuismitheoir saoire do thuismitheoirí a ghlacadh, trí thuismitheoirí a chosaint tuilleadh agus trí mheascán d’fhostaíocht íoctha agus freagrachtaí cúraim a éascú; ag tathant ar an gCoimisiún síneadh a chur le tréimhsí saoire máithreachais agus atharthachta íoctha ar fud na mBallstát, saoire do thuismitheoirí neamh-inaistrithe a chur chun cinn, agus bearta a ghlacadh chun freagrachtaí cúraim a athdháileadh laistigh de theaghlaigh agus idir an stát agus teaghlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>Á thabhairt chun suntais go bhfuil bonneagar iompair neamhleor, easpa nascachta iompair phoiblí, agus roghanna soghluaisteachta neamh-inacmhainne ina mbacainn struchtúrach inscneach ar rochtain na mban ar fhostaíocht, oideachas, cúram sláinte agus seirbhísí cúraim, go háirithe i gceantair thuaithe, iargúlta agus ísealioncaim; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht i gcórais iompair chuimsitheacha, shábháilte, inacmhainne agus inbhuanaithe lena gcuirtear san áireamh patrúin agus riachtanais soghluaisteachta shonracha na mban, mar chuid d’iarrachtaí níos leithne chun bochtaineacht iompair a laghdú agus comhionannas críochach a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá samhail ‘comhshaothraí – cúramóir comhionann’ a chur chun feidhme san Aontas agus é mar cuspóir aici cothromaíocht inscne níos cothroime a bhaint amach maidir le freagrachtaí cúraim do Bhallstáit uile an Aontais, agus in institiúidí an Aontais; á iarraidh go gcuirfí saoire atharthachta chun cinn go láidir, a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil, chomh maith le múscailt feasachta maidir leis an dlúthnasc idir na bearta maidir le cothromaíocht oibre is saoil agus an bhearna chúraim idir na hinscní, rud a chuireann leis an mbearna fostaíochta, phá agus phinsin; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh freagrachtaí cúraim ina mbacainn ar dhul chun cinn gairme na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí isteach Lá Eorpach na Cothromaíochta Oibre is Saoil an 20 Márta gach bliain, rud a léiríonn go siombalach an comhionnanas idir lá agus oíche le linn an earraigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An aeráid, an comhshaol agus comhionannas inscne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfios go láidir na héifeachtaí díobhálacha atá ag díghrádú comhshaoil ar shláinte na mban agus na gcailíní, go háirithe tionchar substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile agus ag tathant ar an gCoimisiún feasacht a mhúscailt maidir leis na naisc sin agus cur chuige comhordaithe agus cuimsitheach a áirithiú maidir leis an nasc sin idir an t-athrú aeráide agus an comhionannas inscne ina chuid oibre uile agus beartais a fhorfheidhmiú chun cosc a chur ar scriosadh leanúnach an chomhshaoil agus ar dhíghrádú leanúnach shláinte na mban, na gcailíní agus na ngrúpaí leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart an beartas eachtrach, an tslándáil agus an chosaint a thuiscint sa chiall is leithne díobh, trí chur chuige atá dírithe ar an duine, lena n-áirítear gnéithe sóisialta, oideachais, comhshaoil agus cultúrtha, ceartas sóisialta agus aeráide, a dteastaíonn daonlathais láidre agus comhionannas uathu uile, lena n-áirítear comhionannas inscne; á chur i bhfáth gur gá an clár oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil a chur chun feidhme mar chroíphrionsabal de chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais agus á athdhearbhú nach mór é sin a chur san áireamh i maoiniú uile CBES agus gnéithe níos leithne na slándála á n-aithint ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme an chláir oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil ar leibhéal an Aontais agus a chonclúidí a chur faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa; ag tathant ar an gCoimisiún Plean Gníomhaíochta leantach a chur ar aghaidh, bunaithe ar an athbhreithniú, a ghabhann leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil 2019-2024, lena ndéanfar é a oiriúnú agus a leathnú chuig cineál athraitheach coinbhleachtaí agus bagairtí nua agus lena gcuirfear gníomhaíochtaí i láthair chun ceannaireacht atá cothrom ó thaobh inscne de agus freagrúil ó thaobh inscne de a bhaint amach ar leibhéil chinnteoireachta an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí cur chun feidhme Rún 1325 ó na Náisiúin Aontaithe a chur chun cinn trí Phleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (NAP 1325-IV) agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit earcú, coinneáil agus dul chun cinn na mban i bhfórsaí armtha náisiúnta agus i misin shibhialtacha a threisiú, agus peirspictíochtaí inscne a chomhtháthú de cheapadh, pleanáil agus cur chun feidhme beartais slándála agus cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag iarraidh buiséadú comhsheasmhach agus inbhuanaithe do gach gníomhaíocht a bhaineann le hinscne in earnáil cosanta agus slándála an Aontais, i gcomhréir le plean gníomhaíochta an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil; ag cur béim ar an ngá atá le cistiú tiomnaithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hinscne laistigh de mhisin an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC), lena n-áirítear líne bhuiséid shonrach do na Comhairleoirí Inscne laistigh de mhisin shibhialtacha CBSC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann géarchéimeanna, amhail coinbhleachtaí armtha, forghabháil críche, tubaistí nádúrtha agus géarchéimeanna daonnúla, bochtaineacht fuinnimh, an t-athrú aeráide agus an ghéarchéim costais mhaireachtála leis na neamhionannais atá ann cheana; ní mór cosantóirí chearta an duine feimineacha, LGBTIQ+ agus sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe atá ag obair ar na saincheisteanna sin a chosaint trí shásraí tiomnaithe, go háirithe i dtíortha ina bhfuil cúlú daonlathach; á iarraidh ar an gCoimisiún bainistiú géarchéime, ullmhacht agus slándáil a chur leis an Straitéis um Chomhionannas Inscne tar éis 2025 a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú eile a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Inscne (GAP III) atá ann faoi láthair a chur chun feidhme agus leanúint den sásra a chur chun feidhme chun méid chistiú an Aontais don chomhionannas inscne a leithdháiltear agus a eisíoctar i dtíortha comhpháirtíochta a rianú agus tuairisciú air trí GAP III; ag tathant ar an gCoimisiún an luas agus an leibhéal uaillmhéine maidir le cur chun feidhme an phlean a choinneáil ard agus á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur leis na hullmhúcháin do Phlean Gníomhaíochta Inscne uaillmhianach tar éis 2027 (GAP IV) chun a áirithiú go nglacfar go tráthúil é, lena n-áirítear trí chistiú leordhóthanach a chur i leataobh chun an plean a chur chun feidhme sa togra atá le teacht le haghaidh CAI 2028-2034; á thabhairt chun suntais gur cheart príomhphrionsabail GAP III – cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine, lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, trasnachas agus cur chuige atá claochlaitheach ó thaobh inscne de – a bheith ina gcuid lárnach de GAP IV agus gur cheart a gcur chun feidhme nithiúil a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais a mhéadú do thionscnaimh maidir le comhionannas inscne agus do ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe amhail Mná na Náisiún Aontaithe agus Ciste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal (UNFPA), agus béim ar leith á leagan ar Chomhpháirtíocht Soláthair UNFPA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún seirbhís tacaíochta thiomnaithe a bhunú a oibreoidh trí Ionadaíochtaí Taidhleoireachta an Aontais i dtríú tíortha, a mbeidh sainordú sonrach aici tacaíocht a chur ar fáil do chosantóirí chearta na mban agus d’eagraíochtaí ar fud an domhain chun gluaiseachtaí frith-inscne a chomhrac; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a dtiomantas don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban ar fud an domhain a athdhearbhú agus cistiú d’eagraíochtaí na mban a mhéadú, go háirithe sa Domhan Theas agus i réigiúin ina bhfuil an comhionannas inscne faoi ionsaí chun dul i ngleic leis na bearnaí sa chúnamh um fhorbairt d’eagraíochtaí chearta na mban arbh iad na ciorruithe ar chabhair ó Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta ba chúis leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún comhleanúnachas a ráthú ar fud na mbeartas inmheánach agus seachtrach maidir le comhionannas inscne, is é sin sa Straitéis um Chomhionannas Inscne tar éis 2025 atá ar na bacáin (GAP III agus GAP IV) agus a áirithiú go ndéanfar iad a chomhordú le gach straitéis, creat agus plean gníomhaíochta ábhartha eile atá ann cheana agus atá le teacht, amhail Straitéis AE um Míchumas 2021-2030, Creat Straitéiseach an Aontais le haghaidh comhionannas, chuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach, Straitéis an Aontais Eorpaigh um chearta íospartach, Straitéis LGBTIQ agus Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh an Chiníochais; á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht níos fearr agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a áirithiú i gcur chun feidhme na dtionscnamh uile a bhaineann le hinscne, agus ról níos córasaí a thabhairt don Pharlaimint i ngrinnscrúdú agus i meastóireacht na ngníomhaíochtaí sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí chearta na mban a chosaint agus gluaiseachtaí frith-inscne a chomhrac</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú scanrúil tagtha ar choireanna fuatha agus ar fhuathchaint atá dírithe ar mhná, ar dhaoine LGBTIQ+, ar mhionlaigh chiníocha nó eitneacha agus ar ghrúpaí imeallaithe eile, agus ag cur béim ar an nasc idir an smacht reachta agus caighdeáin dhaonlathacha atá ag dul in olcas agus sárú ar chearta bunúsacha, go háirithe cearta na mban agus na mionlach; á thabhairt chun suntais go n-eascraíonn cosaint neamhleor as cur chun feidhme neamhréireach coimircí ar fud na mBallstát agus go nochtar grúpaí áirithe do rioscaí níos airde idirdhealaithe agus foréigin; á chur in iúl gur cúis imní di an easpa dul chun cinn atá déanta maidir le dlíthe comhionannais agus frith-idirdhealaithe a chur chun feidhme i roinnt Ballstát agus ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt air sin sa Straitéis um Chomhionannas Inscne tar éis 2025; á chur in iúl gur geal léi aisiompú an chinnidh an treoir chothrománach frith-idirdhealaithe a tharraingt siar agus ag tathant ar na Ballstáit an reachtaíocht a ghlacadh gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún sásra cuimsitheach faireacháin agus cuntasachta a áirithiú chun aghaidh a thabhairt go pras ar lagú leanúnach an daonlathais, chearta na mban agus an chomhionannais inscne, lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus cearta daoine LGBTIQ+, atá nasctha go dlúth; á iarraidh ar an gCoimisiún tógáil ar na sásraí atá ann cheana chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an smachta reachta nó na gceart bunúsach agus sásra tiomnaithe a fhorbairt de réir a chéile lena gcuimseofar luachanna uile an Aontais faoi Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha agus cearta an duine, lena n-áirítear cearta na mban, a oibríonn faoi chomhaontú idirinstitiúideach idir an Coimisiún, an Pharlaimint agus an Chomhairle, lena n-áiritheofar cur chuige aontaithe i leith faireachán bliantúil ar fud na mBallstát uile agus nasc soiléir le bearta nithiúla den Aontais i gcásanna nach dtugtar aghaidh ar easnaimh fós; ag tabhairt dá haire gur cheart go léireofaí dearcadh trasnach leis na bearta uile chun cúlú a chomhrac; ag tathant ar an gCoimisiún taighde domhain a dhéanamh ar ghluaiseachtaí frithinscne chun léargas níos doimhne a fháil ar a n-oibríochtaí reatha agus ar a straitéisí maoinithe; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach an dinimic sin a thuiscint chun Eoraip nua-aimseartha, chuimsitheach agus fhulangach a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á thabhairt chun suntais, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil fás tagtha ar an ‘<STRING ITALIC="on">manosphere</STRING>’; á chur i bhfios go láidir go gcuireann algartaim a úsáideann ardáin na meán sóisialta le hábhar foircneach atá fuafar ar mhná; ag tathant ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar Sheirbhís Ardáin Comhroinnte Físeán nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí ábhar díobhálach a bhaint anuas agus smachtbhannaí a fhorchur orthu; ag tathant ar an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh ar an éagsúlacht mhéadaitheach i ndearcthaí idir fir óga agus mná i leith an chomhionannais inscne, measúnú a dhéanamh ar a iarmhairtí sochaíocha, go háirithe i spásanna ar líne, agus bearta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar theacht chun cinn luachanna atá fuafar ar mhná, atá i bhfad ar dheis i measc buachaillí agus fir óga maidir le comhionannas inscne agus cearta na mban agus chun cur in aghaidh an teacht chun cinn sin; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, oideachas gnéasachta agus caidrimh atá cuimsitheach agus oiriúnach ó thaobh aoise de a chur chun cinn i scoileanna, litearthacht chriticiúil sna meáin a neartú, mífhaisnéis inscne agus bréagaisnéis a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí inscne; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuiscint níos doimhne ar fheiniméan agus idé-eolaíocht ‘incel’ agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cosc a dhéanamh trí bheartais níos gníomhaí chun cur ina gcoinne agus ina n-insintí mar aon le saincheisteanna bunúsacha meabhairshláinte agus saincheisteanna slándála a d’fhéadfadh a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach agus fíor-riachtanach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i gcóras srianta agus ceartúchán i ndaonlathas sláintiúil, go háirithe eagraíochtaí chearta na mban agus cosantóirí baineann i réimse chearta an duine lena n-áirítear iad sin atá ag obair san earnáil dhaonnúil, maidir le comhionannas inscne, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn, go háirithe le linn tréimhsí frithfhreagartha polaitiúla, sóisialta agus institiúideacha; á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’eagraíochtaí agus cosantóirí baineann i réimse chearta an duine, do ghluaiseachtaí feimineacha, LGBTIQ+ agus do ghluaiseachtaí cearta gnéis agus atáirgthe, iad a chosaint, sábháilteacht na n-eagraíochtaí sin a áirithiú agus tacú leo, ar gluaiseachtaí iad atá bunriachtanach chun athchóirithe cuimsitheacha beartais a mholadh, chun dúshlán a thabhairt do chleachtais idirdhealaitheacha, agus chun pobail a shlógadh chun cearta bunúsacha a chosaint san Aontas agus ar fud an domhain; ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomhaithe i bhfad amach ar an eite dheis agus in aghaidh an eite dheis ag díriú orthu níos mó agus níos mó; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí agus moltaí maidir le cosaint agus tacaíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar chearta na mban, ar chomhionannas inscne agus ar fhrith-idirdhealú a áireamh mar cholún cothrománach i mbeartais an Aontais agus sa Straitéis um Chomhionannas Inscne tar éis 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún cistiú inbhuanaithe agus inrochtana a áirithiú d’eagraíochtaí um chearta na mban, lena n-áirítear tríd an CAI nua agus a ghealltanas a choinneáil ar bun agus a neartú chun tacú leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ó thaobh airgeadais de tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, lena n-áiritheofar go leanfaidh sé de bheith ina uirlis láidir chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn ar chearta agus ar shaoirsí; á iarraidh go háirithe ar an gCoimisiún an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a choinneáil ar bun mar chlár neamhspleách faoi bhainistíocht dhíreach agus a chistiú a mhéadú go suntasach chun freagairt do riachtanais eagraíochtaí sochaí sibhialta tearcmhaoinithe agus do na bagairtí agus na dúshláin mhéadaitheacha don spás sibhialta agus do luachanna an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún na cláir atá tiomnaithe don chomhionannas inscne agus do chearta na mban a choinneáil ar bun, lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, chomh maith le sraitheanna tiomnaithe amhail Daphne, ar cheart dóibh leanúint de bheith ina gclár uathrialach le líne bhuiséid ar leith sa CAI nua chun foréigean inscnebhunaithe agus idirdhealú a chomhrac lena n-áirítear in aghaidh daoine LGBTIQ;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh gur ó ghníomhaithe eachtracha a thagann cuid shuntasach den chistiú a spreagann fás gluaiseachtaí frithinscne ar fud an Aontais; á athdhearbhú nach mór cistiú uile den sórt sin a ailíniú le luachanna coiteanna an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den CAE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirithítear go dtreisíonn tacaíocht airgeadais luachanna daonlathacha an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú agus iniúchadh a dhéanamh ar an gcistiú reatha uile, ar bhealach inscne-fhreagrúil ar phrionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’ chun a áirithiú nach rachaidh aon chistí an Aontais i dtreo cuspóirí agus tionscadal frithdhaonlathach agus frithinscneach; ag tathant ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte sna Ballstáit arb é is aidhm dóibh comhionannas inscne a chur chun cinn agus tacú leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha ar mná iad, chun a áirithiú nach ndéanfar glaonna ar thograí chun cistí den sórt sin a fháil a chur ar sos nó a choinneáil siar d’aon ghnó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine agus ó CBAE araon ag na Ballstáit, agus aird ar leith á tabhairt orthu sin a bhaineann le comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus cearta mionlach, lena n-áiritheofaí go gcloífear go hiomlán le hoibleagáidí idirnáisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Modhanna cothrománacha chun comhionannas inscne a bhaint amach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cistiú leormhaith ann do thaighde an Aontais maidir le comhionannas inscne, lena n-áirítear do EIGE agus do Ghníomhaireacht an Aontais um Chearta Bunúsacha, agus trí uirlisí amhail tionscadail na bpleananna comhionannais inscne arna gcistiú ag Fís Eorpach; á iarraidh go mbeadh modheolaíocht fheabhsaithe ann lenar cheart ní hamháin tairbhithe chistí an Aontais a shainaithint, ach acmhainneacht chlaochlaitheach na gclár a shainaithint freisin; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndeonófar cistí an Aontais ach amháin do thionscadail a chomhlíonann cearta bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha an Aontais, lena n-áirítear comhionannas inscne, rochtain ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe; ag tathant ar an gCoimisiún aistriú atá cóir agus cothrom go sóisialta a áirithiú a oibríonn do chách trí straitéis thrasnach atá claochlaitheach ó thaobh inscne de a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar phríomh-shaincheisteanna agus á chur i bhfáth gur gá borradh suntasach a chur faoin infheistíocht i seirbhísí sóisialta bunriachtanacha d’fhonn rannchuidiú le neamhspleáchas, comhionannas agus fuascailt na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á aithint go bhfuil neamhionannais agus idirdhealú trasnach roimh go leor ban san Aontas agus ag tathant ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm an trasnachais a fhorbairt tuilleadh mar phrionsabal trasearnálach sa Straitéis um Chomhionannas Inscne nua tar éis 2025 agus laistigh de na bearta reachtacha agus neamhreachtacha uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an trasnachas i ngach beartas a bhaineann le comhionannas inscne, agus é á aithint acu gur measa fós an foréigean inscnebhunaithe agus an t-idirdhealú mar gheall ar thosca amhail aois, cine, eitneacht, mionlaigh, míchumas, féiniúlacht inscne agus gnéaschlaonadh, agus go gcruthaíonn trasnú na dtosca sin cineálacha iomadúla agus uathúla idirdhealaithe a éilíonn bearta spriocdhírithe a bhaineann go sonrach leis an gcomhthéacs;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcumhdófar críoch uile an Aontais le bearta agus go gcuirfear ionstraimí éifeachtacha ar fáil leo chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí réigiúnacha sa chomhionannas inscne idir Ballstáit an Aontais agus a réigiúin agus laistigh díobh araon; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na bearta sin inoiriúnaithe agus go mbeadh acmhainní leordhóthanacha acu chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí inscne, agus na hacmhainní atá ar fáil, inrochtaineacht agus leibhéal dul chun cinn gach réigiúin á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, d’ainneoin an róil ríthábhachtaigh atá ag mná i gceantair thuaithe maidir lena bpobail a chothabháil agus an talmhaíocht a choinneáil inmharthana, gur minic nach n-aithnítear a rannchuidiú agus go bhfuil go leor dúshlán rompu i gcónaí, lena n-áirítear deiseanna fostaíochta teoranta, rochtain laghdaithe ar sheirbhísí, bonneagar beagfhorbartha agus tearcionadaíocht sa chinnteoireacht; á iarraidh ar an gCoimisiún fochláir agus gníomhaíochtaí atá tiomnaithe do mhná i gceantair thuaithe a chruthú agus a chur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Timpeallacht institiúideach chun comhionannas inscne a bhaint amach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar fhoirmíocht na Comhairle maidir le comhionannas inscne agus tacú léi, lena dtugtar le chéile airí agus rúnaithe stáit atá i gceannas ar chomhionannas inscne, atá tiomnaithe do cheisteanna maidir le cearta na mban agus comhionannas inscne chun bearta coiteanna agus nithiúla a chur ar fáil lena n-áirítear trí uachtaránachtaí na Comhairle, agus chun a áirithiú go ndéanfar saincheisteanna maidir le comhionannas inscne a phlé ar an leibhéal polaitiúil is airde;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme tapa na Treorach maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais (Treoir (AE) 2024/1499) agus é a spreagadh agus moladh a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit maidir le caighdeáin dá bhfeidhmiú agus dá gcúraimí chun trasuí ceart na treorach a éascú agus chun comhchuibhiú bhunú na gcomhlachtaí comhionannais ar fud an Aontais a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach trí thuairim dhlíthiúil CBAE a iarraidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>ag moladh chomhar cuiditheach EIGE agus a chuid oibre tiomnaithe, a bhfuil ról ríthábhachtach aige maidir le sonraí leordhóthanacha a bhailiú, anailís a dhéanamh ar shonraí imdhealaithe inchomparáide, taighde agus treoir a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais atá ábhartha ó thaobh inscne de ar fud Bhallstáit uile an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha ag EIGE agus go mbeidh sé in ann a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach; á mheabhrú go raibh fadhbanna leanúnacha ag EIGE maidir le ganntanas foirne, ar measa fós iad mar gheall ar an méadú géar ar iarrataí ar chúnamh teicniúil; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí gníomhairí sealadacha nua a leithdháileadh ar EIGE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle go gníomhach le mná agus cailíní ina n-éagsúlacht uile agus ról gníomhach a thabhairt dóibh, lena n-áirítear trí eagraíochtaí ionadaíocha, in ullmhú agus i gcur chun feidhme na Straitéise um Chomhionannas Inscne tar éis 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí sochaí sibhialta agus gníomhaithe ar leibhéil éagsúla, amhail pobail tuaithe, grúpaí gníomhaíochta áitiúla, bardais áitiúla agus réigiúnacha, chomh maith leis an saol acadúil agus institiúidí amhail Coiste na Réigiún, chun comhionannas inscne a bhaint amach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach a leanúint agus na páirtithe leasmhara sin uile a rannpháirtiú go dlúth chun cuidiú le spriocanna na Straitéise um Chomhionannas Inscne tar éis 2025 a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé comhoibriú le saineolaithe sa réimse; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú freisin go ndéanfar beartais comhionannais inscne a chistiú go cuí agus go dtacófar leo ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus go n-áireofar i gcistí comhtháthaithe agus téarnaimh an Aontais ceanglais maidir le cuspóirí soiléire comhionannais inscne, chun a áirithiú go rannchuideoidh forbairt réigiúnach le héagothromaíochtaí inscne a laghdú seachas neamhionannais a ghéarú, ós rud é go bhfuil tionchar díreach acu ar raon réimsí a dhéanann difear don chomhionannas inscne, amhail fostaíocht, oideachas, bonneagar cúraim, sláinte, tacaíocht do mhná ar íospartaigh foréigin iad, agus pleanáil uirbeach agus iompar atá íogair ó thaobh inscne de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bailiú, tuairisciú agus anailís rialta, iontaofa agus leormhaith a áirithiú agus a fheabhsú – i gcomhar le EIGE agus Eurostat – ar shonraí inchomparáide atá imdhealaithe ó thaobh inscne de ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht rianaithe chomhchoiteann a fhorbairt chun sonraí a bhailiú, i gcás nach bhfuil sí ar fáil, agus á chur i bhfios go láidir gur gá sainmhínithe cothrománacha an Aontais a fhorbairt, chun measúnuithe tionchair inscne a éascú i réimsí beartais an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur, go háirithe, ar bhailiú sonraí maidir le foréigean inscnebhunaithe a chosc, a ionchúiseamh agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, lena n-áirítear feimeamharú, éigniú agus foréigean gnéasach eile trí shonraí cuimsitheacha agus inchomparáide a thaifeadadh maidir le híospartaigh agus déantóirí araon atá imdhealaithe de réir gnéis, aoisghrúpa, caidrimh idir an t-íospartach agus an ciontóir agus an cineál ciona mar a liostaítear sa treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus, i gcás inar féidir, inscne, féiniúlacht inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, gnéaschlaonadh, saintréithe gnéis, míchumas agus stádas saoránachta, agus a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú rialta ar na sonraí agus go n-úsáidfear iad chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas, faoi leithdháileadh acmhainní agus faoi bhearta eile atá dírithe ar fhoréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe eile a chosc agus aghaidh a thabhairt air; ag spreagadh chomhar na mBallstát leis an tsochaí shibhialta chun cearta íospartach a áirithiú agus chun beartais shonracha a cheapadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gurb é an réamhchoinníoll chun beartais maidir le comhionannas inscne a fhorbairt ná acmhainní leormhaithe a leithdháileadh agus an Straitéis um Chomhionannas Inscne tar éis 2025 a chur chun feidhme;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>