<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0280</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta i ndáil le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc, a bhrath agus a imscrúdú; feabhas a chur ar thacaíocht Europol ó thaobh coireanna den sórt sin a chosc agus a chomhrac</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0109/2025 -  Rapóirtéir:Jeroen Lenaers)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta i ndáil le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus maidir le feabhas a chur ar thacaíocht Europol ó thaobh na coireanna sin a chosc agus a chomhrac agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 (COM(2023)0754 – C9-0431/2023 – 2023/0438(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0754),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 85(1), d’Airteagal 87(2) agus d’Airteagal 88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0431/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá beartaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagal 88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mheasúnú buiséadach ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á maíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 10 Iúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6024, 23.10.2024, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/C/2024/6024/oj</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Deireadh Fómhair 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 60, 41 agus 58 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0109/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2023)0438</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 25 Samhain 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 a mhéid a bhaineann le tacaíocht Europol a neartú agus an comhar póilíneachta a fheabhsú chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/2611.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST></SDOCTA>