<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0281</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘EDIP’)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0084/2025 - Rapóirtéirí:Raphaël Glucksmann, François-Xavier Bellamy)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘EDIP’) (COM(2024)0150 – C10-0005/2024 – 2024/0061(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0150),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 114(1), 173(3), 212(2) agus 322(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0005/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mheasúnú buiséadach ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 31 Eanáir 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/805, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/805/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Bealtaine 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4662, 9.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4662/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 20 Feabhra 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/1705, 26.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1705/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 17 Deireadh Fómhair 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 60 agus 170, agus 58 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití ón gCoiste um Shlándáil agus Cosaint agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shlándáil agus Cosaint agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A10-0084/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus na ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d<STRING ITALIC="on">’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2024)0061</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 25 Samhain 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (Rialachán EDIP)</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/2643.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on">Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoiniú an Chláir um Thionscal Cosanta na hEorpa (EDIP) agus na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin faoi Rialachán EDIP</STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">+</STRING>IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj.</FIELD></FOOTNOTE></STI>
Aithníonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle gur gá tacú le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí agus le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch cosanta na hÚcráine chun a n-iomaíochas a mhéadú trí dhlús a chur le coigeartú na tionsclaíochta d’athruithe struchtúracha, lena n-áirítear trí acmhainneachtaí táirgeachta a mhéadú agus tríd an gcomhar a mhéadú maidir le soláthar táirgí cosanta, go háirithe i bhfianaise na ndúshlán a eascraíonn as cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin, ar cogadh é atá gan chúis gan údar.

Gan dochar do shainphribhléidí an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú nósanna imeachta buiséadacha bliantúla amach anseo, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún féachaint, mar ábhar tosaíochta, agus réamhghealltanais pholaitiúla an údaráis bhuiséadaigh á gcur san áireamh, lena n-áirítear chun costas úis na hionstraime téarnaimh a chumhdach, ar roghanna chun an buiséad don Chlár um Thionscal Cosanta na hEorpa agus don Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin a threisiú i gcomhréir le pointe 18 den chomhaontú idirinstitiúideach maidir leis an smacht buiséadach, gan cláir agus cistí comhchosúla de chuid an Aontais a laghdú.

<STRING BOLD="on">Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais ó thríú tíortha as a rannpháirtíocht in Ionstraim SAFE mar acmhainní airgeadais breise don Chlár um Thionscal Cosanta na hEorpa (EDIP) agus don Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin faoi Rialachán EDIP</STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">+</STRING>IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj.</FIELD></FOOTNOTE>

Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an géarghá atá ann maidir le tacú le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí agus le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch cosanta na hÚcráine chun a n-iomaíochas a mhéadú trí dhlús a chur le coigeartú na tionsclaíochta d’athruithe struchtúracha, lena n-áirítear trí acmhainneachtaí táirgeachta a mhéadú agus tríd an gcomhar a mhéadú maidir le soláthar táirgí cosanta, go háirithe i bhfianaise na ndúshlán a eascraíonn as cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin, ar cogadh é atá gan chúis gan údar.

I gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán SAFE, úsáidfear na ranníocaíochtaí airgeadais atá le soláthar ag tríú tíortha dá rannpháirtíocht in Ionstraim SAFE le haghaidh na gclár lena dtacaítear le tionscal cosanta an Aontais, le tionscal cosanta na hÚcráine agus leis an Úcráin i gcomhréir le rialacha na gclár sin. Aontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur cheart na ranníocaíochtaí sin a úsáid chun EDIP a threisiú, lena n-áirítear an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin.

<STRING BOLD="on">Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hacmhainní airgeadais breise do Rialachán EDIP</STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">+</STRING>IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj.</FIELD></FOOTNOTE>

Tá Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún den tuairim gur cheart acmhainní airgeadais breise a chur ar fáil do Rialachán EDIP.

Chuige sin, foráiltear go sonrach i Rialachán EDIP go bhféadfaí ranníocaíochtaí airgeadais breise a dhéanamh ó na Ballstáit, ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ó thríú tíortha, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta nó ó thríú páirtithe eile agus tagraítear go sainráite ann don Chiste chun dlús a chur le claochlú shlabhraí soláthair na cosanta i ndáil leis sin.

I bhfianaise an mhéid sin agus an ról lárnach atá ag an gCiste chun dlús a chur le claochlú shlabhraí soláthair na cosanta maidir le feabhas a chur ar acmhainneachtaí monaraíochta cosanta FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a bhfuil gá ar leith acu le hinfheistíochtaí á chur san áireamh, ba cheart na ranníocaíochtaí breise sin a leithdháileadh mar thosaíocht ar an gCiste sin agus na méideanna a leithdháiltear ón imchlúdach €1.200 milliún dá dtagraítear in Airteagal 3(1) á gcomhlánú, agus é mar aidhm leis sin go mbeidh EUR 150 milliún ar a laghad sa mhéid táscach foriomlán don chiste áirithe sin faoin gClár, agus sainphribhléidí an údaráis bhuiséadaigh á n‑urramú.
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>