<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0285</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Gnéithe institiúideacha den Tuarascáil ar thodhchaí Iomaíochas na hEorpa (Tuarascáil Draghi)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0196/2025 -  Rapóirtéir: Brando Benifei)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 maidir le gnéithe institiúideacha na Tuarascála ar thodhchaí iomaíochas na hEorpa (Tuarascáil Draghi) (2025/2013(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don aitheasc a thug Mario Draghi maidir le tuarascáil Draghi a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 17 Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market</STRING>’ [Margadh Thar an gCoitiantacht] (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Bóthar i dTreo an Chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil Eile’ (COM(2025)0046),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas Coigiltis agus Infheistíochta Straitéis chun Rachmas agus Iomaíochas Eacnamaíoch na Saoránach a Chothú san Aontas Eorpach’ (COM(2025)0124),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 30 Deireadh Fómhair 2024 ó Sauli Niinistö dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Safer Together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness</STRING>’ [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú] (Tuarascáil Niinistö),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Bealtaine 2022 ar thoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (CoFE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 maidir leis an obair leantach ar na conclúidí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 109.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh go mbeadh Coinbhinsiún ann chun na Conarthaí a athbhreithniú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 130.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 22 Samhain 2023 maidir le tograí ó Pharlaimint na hEorpa chun na Conarthaí a leasú<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4216, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4216/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Iúil 2023 maidir le cur chun feidhme na gclásal <STRING ITALIC="on">passerelle</STRING> i gConarthaí an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/3996, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3996/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0090</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2025 i ndáil leis an bpáipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/3151, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3151/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 48 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na clásail <STRING ITALIC="on">passerelle </STRING>i gConarthaí an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhorálacha an Chonartha maidir le comhar feabhsaithe agus buanchomhar struchtúrtha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A10-0196/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i dtuarascáil Draghi, a dhréachtaigh Mario Draghi agus a ullmhaíodh arna iarraidh sin d’Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, go dtugtar diagnóis chuimsitheach ar na dúshláin struchtúracha atá roimh AE, ina dtugtar rabhadh gur baol do AE fás eacnamaíoch mall fada, fás a d’fhéadfadh rathúnas agus leas sóisialta a chur i mbaol ar deireadh; de bhrí go leagtar amach i dtuarascáil Draghi conas nach féidir leis an Eoraip brath a thuilleadh ar go leor de na cúinsí a thacaigh leis an bhfás san am a chuaigh thart;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil bearna leathan in OTI oscailte idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, ag méadú ó níos mó ná 15 % in 2002 go dtí thart ar 30 % in 2023 arna tomhas ag praghsanna 2015; de bhrí gurb é is cúis leis sin go príomha moilliú níos suaithinsí ar tháirgiúlacht san Eoraip agus mainneachtain an Aontais leas a bhaint as an réabhlóid dhigiteach faoi stiúir an idirlín agus as na gnóthachain táirgiúlachta ghaolmhara, i bpáirt mar gheall ar ilroinnt mhargadh aonair na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go sainaithnítear i dtuarascáil Draghi gur bunchlocha d’fhás na hEorpa amach anseo iad an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, plean comhpháirteach don dícharbónú agus don iomaíochas, an tslándáil a mhéadú agus spleáchais a laghdú, agus cuspóirí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta an Aontais a bhaint amach; de bhrí go meastar inti go n-éileoidh sé sin méadú ar leibhéil infheistíochta de thart ar 5 % de OTI iomlán an Aontais, arb ionann é agus EUR 750-800 billiún ar a laghad d’infheistíocht bhliantúil bhreise;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-éileamh domhanda ar amhábhair chriticiúla ag méadú go tapa mar gheall ar an aistriú chun fuinnimh ghlain, agus go bhfuil an Eoraip ag brath go mór chomh maith ar allmhairí teicneolaíochta digití, go háirithe i gcás táirgeadh sliseanna, ós rud é go bhfuil 75-80 % den acmhainneacht dhomhanda monaraithe sliseog san Áise; de bhrí gur cheart ‘fíorbheartas eacnamaíoch eachtrach’ AE a fhorbairt chun neamhspleáchas agus iomaíochas AE a choimeád sa réimse criticiúil sin agus in earnálacha straitéiseacha eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go dtugtar chun suntais i dtuarascáil Letta, a dhréachtaigh Enrico Letta agus a choimisiúnaigh an Chomhairle Eorpach, agus i dtuarascáil Draghi araon gur cruthaíodh ón tús gur bhorradh ollmhór é an margadh aonair do gheilleagar an Aontais agus gur thoisc chumhachtach é ina tharraingteacht, agus go bhfuil sé fós ina bhunchloch de lánpháirtiú agus luachanna na hEorpa, rud a fheidhmíonn mar chatalaíoch chumhachtach don fhás, don rathúnas agus don dlúthpháirtíocht; de bhrí go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an tírdhreach idirnáisiúnta, áfach, agus béim á leagan ar an ngá atá leis an margadh aonair a dhoimhniú agus a chomhlánú tuilleadh chun a acmhainneacht iomlán a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go sainaithnítear i dtuarascáil Draghi go bhfuil gá le hinfheistíocht bhliantúil bhreise EUR 750-800 billiún ar a laghad chun táirgiúlacht AE a athbhunú agus chun cuspóirí comhshaoil agus sóisialta AE a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil tacaíocht AE d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon srianta ag méid bhuiséad AE, a easpa fócais, a chreat rialachais casta, agus dearcadh róchúramach i leith riosca; de bhrí go bhfuil comhinfheistíocht AE, lena n-áirítear tionscnaimh mhargadhbhunaithe a mhaoinítear go comhpháirteach, bunriachtanach chun dúshlán a sháraíonn teorainneacha náisiúnta, trí bharainneachtaí scála a chumasú, uathriail straitéiseach a chothú, agus comhtháthú á chosaint agus á chur chun cinn ar fud an Aontais, caipiteal príobháideach a mhealladh, iomaíochas domhanda an Aontais a fheabhsú in earnálacha criticiúla, chomh maith le hearraí poiblí Eorpacha eile a mhaoiniú agus a sholáthar;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nár éirigh leis an iarracht aontas na margaí caipitil (CMU) a chruthú fós le deich mbliana anuas, a leag Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen síos mar thosaíocht straitéiseach; de bhrí go dtugtar chun suntais san obair a rinneadh ar Aontas na Margaí Caipitil go dtí seo go bhfuil comhtháthú iomlán na seirbhísí airgeadais laistigh den mhargadh aonair bunriachtanach chun cuspóirí beartais eacnamaíoch straitéisigh AE a chomhlíonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go gcuirtear anailís chuimsitheach ar rialachas eacnamaíoch agus iomaíochas AE ar fáil i dtuarascáil Draghi;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil móiminteam nua faighte ag próisis aontachais roinnt tíortha ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a fhágann go bhfuil ar an Aontas é féin a ullmhú do na chéad bhabhtaí eile um méadú agus feabhas a chur ar a phróisis chinnteoireachta chun a áirithiú go mbeidh sé in ann feidhmiú go héifeachtúil le líon méadaithe Ballstát; de bhrí go dtugtar dá haire i dtuarascáil Draghi go bhfuil gníomhaíocht reachtach an Choimisiúin ag dul i méid agus gur cheart don Aontas a bheith mionchúiseach maidir le prionsabal na coimhdeachta a chur i bhfeidhm; de bhrí go gcuirtear in iúl i dtuarascáil Draghi nach bhfuil athrú suaithinseach tagtha ar rialacha cinnteoireachta AE le méadú AE agus gur gá iad a neartú agus a chuíchóiriú i bhfianaise méaduithe amach anseo agus na timpeallachta casta domhanda; de bhrí go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag méadú an mhargaidh aonair chun geilleagar an Aontais a fhás agus a sheasamh geo-eacnamaíoch a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go meastar freisin i dtuarascáil Draghi go bhfuil an crosadh náisiúnta ionstraimithe ag roinnt rialtas chun moill a chur ar ghníomhaíocht nó chun í a mhaolú tríd an bpróiseas cinnteoireachta; de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil freisin, áfach, cé go n-éilítear athrú conartha chun an tAontas a neartú, gur féidir go leor a dhéanamh trí choigeartuithe spriocdhírithe; de bhrí go n-áitítear sa tuarascáil, dá bhrí sin, nach mór feabhsuithe comhthreomhara ar leagan amach agus feidhmiú institiúideach an Aontais a bheith ag gabháil le straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go leagtar béim i dtuarascáil Draghi ar an ngá atá le próiseas cinnteoireachta na hEorpa a shimpliú chun glacadh beart a éascú chun iomaíochas agus fás eacnamaíoch an Aontais a fheabhsú, chomh maith lena áirithiú go ndéanfar cinntí ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go soiléirítear i dtuarascáil Draghi gur féidir samhail pholaitiúil agus institiúideach an Aontais a neartú laistigh den chreat dlíthiúil atá ann cheana, trí bhearta spriocdhírithe cuíchóirithe a chur i bhfeidhm, gan gá le hathrú a dhéanamh ar na conarthaí; de bhrí go n-áitítear sa tuarascáil gur cheart go ndíreodh bearta den sórt sin ar dhírialáil seachas líon rialacha agus nósanna imeachta an Aontais a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go sainaithnítear i dtuarascáil Draghi an claochlú digiteach agus forbairt na hintleachta saorga (IS) mar phríomhthiománaí d’iomaíochas na hEorpa amach anseo; de bhrí gur chaill an tAontas deiseanna criticiúla sa réabhlóid dhigiteach go dtí seo, agus go bhfuil sé ag titim chun deiridh ar cheannairí domhanda i gcumais IS, bonneagar sonraí agus scálú na teicneolaíochta doimhne;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir i dtuarascáil Draghi nach mór do AE a neamhspleáchas straitéiseach agus a chumas cosanta a neartú trí ilroinnt an mhargaidh a shárú, trí idir-inoibritheacht a fheabhsú agus trí thionscal cosanta na hEorpa a chomhdhlúthú; de bhrí go gcomhlánaíonn tuarascáil Niinistö an fhís sin trí bhéim a leagan ar an ngá le hullmhacht riosca a fheabhsú, ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus ar athléimneacht an bhonneagair chriticiúil agus na slabhraí soláthair; de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir sa dá thuarascáil gur gá creat rialachais comhtháite agus infheistíocht leanúnach chomhordaithe ar leibhéal AE chun aontas cosanta Eorpach inchreidte a bhaint amach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Breithnithe ginearálta </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tuarascáil Draghi, a torthaí agus a glao chun gnímh; ag tacú leis an anailís go bhfuil dúshlán eiseach os comhair na hEorpa lena n-éilítear iarracht institiúideach gan fasach chun leanúint de bheith iomaíoch agus chun fás a chur ar fáil i gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu atá ag athrú go tapa; á chur i bhfáth nach mór freagairt den sórt sin a bheith fréamhaithe i rialachas daonlathach an Aontais, i gcothromaíocht na gcumhachtaí idir na hinstitiúidí, agus san urraim do na conarthaí; á iarraidh go mbeadh straitéis Eorpach athnuaite ann lena gcuirfear ar chumas an Aontais cinntí tráthúla agus éifeachtacha a dhéanamh chun a iomaíochas agus a inbhuanaitheacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais, mar a shonraítear i dtuarascáil Draghi, nach mór don Aontas a rialachas institiúideach a fheabhsú go práinneach; á chur i bhfáth gur cheart straitéis chumarsáide shoiléir agus chuimsitheach a bheith ag gabháil leis na feabhsuithe sin arb é is aidhm di na saoránaigh a choinneáil rannpháirteach agus ar an eolas faoi na tairbhí a eascraíonn astu, chun lántacaíocht phoiblí a áirithiú agus braistint chómhuintearais agus freagrachta coitinne a chothú; á chur i bhfios go láidir go gcuirfidh sé sin, mar aon leis an ngá atá ann deireadh a chur le cineálacha cur chuige ilroinnte náisiúnta agus próiseas cinnteoireachta athdhírithe, brostaithe agus simplithe a neartú ar leibhéal an Aontais, ar chumas an Aontais gníomhú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí sna háiteanna is mó a bhfuil tábhacht leis, mar fhíorghníomhaí domhanda; á aithint a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar bhacainní sa Chomhairle i roinnt réimsí; ag tacú leis na tionscnaimh uile atá dírithe ar phróiseas cinnteoireachta níos éifeachtaí a fhorbairt, rud atá ríthábhachtach chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú, agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta mar a leagtar síos in Airteagal 5(3) agus (4) CAE á n-urramú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth gurb iad na príomhréimsí a bhfuil athchóiriú beartais straitéisigh de dhíth orthu chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais ná comhlánú an mhargaidh aonair Eorpaigh, cruthú an aontais coigiltis agus infheistíochta (SIU), feabhsuithe ar éifeachtúlacht bhuiséad AE agus ar a chur chun feidhme, ardleibhéil cosanta sóisialta agus cearta sóisialta agus saothair a chaomhnú, samhail Eorpach IS agus claochlaithe dhigitigh a dhoimhniú, agus aontas fuinnimh Eorpach agus aontas cosanta Eorpach a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart féachaint ar na hathchóirithe beartais straitéisigh agus ar na hathruithe beartaithe ar struchtúr institiúideach AE mar ghnéithe dlúthnasctha le chéile, chun borradh a chur faoi Aontas níos iomaíche;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialachas an Aontais a athdhíriú, a luathú agus a shimpliú:</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun obair AE a athdhíriú agus a shimpliú trí thosaíocht straitéiseach agus éifeachtúlacht institiúideach; á iarraidh go neartófaí cumas AE gníomhú i gcás ina gcuireann sé luach soiléir leis, bunaithe ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta; á chur i bhfios go láidir nach mór reachtaíocht níos cliste agus níos éifeachtaí a bheith mar thoradh ar shimpliú, ar choimhdeacht agus ar chomhréireacht, agus nár cheart díscor ó réimsí inar gá gníomhaíocht ar leibhéal AE a bheith mar thoradh orthu; á thabhairt chun suntais gur gá na hinniúlachtaí a thugtar don Aontas sna conarthaí a oiriúnú d’idirghabhálacha éifeachtacha i réimsí beartais atá fabhrach d’iomaíochas eacnamaíoch níos airde; á chur i bhfáth nach mór an simpliú agus an fócas athnuaite sin a léiriú freisin i leagan amach institiúideach níos éifeachtúla agus níos barainní, lena n-áirítear atheagrú ar an gCoimisiún agus ar Choláiste na gCoimisinéirí chun feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn agus a ról ar an leibhéal domhanda a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur sonrú i gCompás Iomaíochais an Choimisiúin, atá bunaithe ar fhís thuarascáil Draghi, agus ina ndírítear ar an ngá le huathriail straitéiseach agus athléimneacht níos fearr agus ar a phráinní atá sé borradh a chur faoi iomaíochas AE, bunaithe ar inbhuanaitheacht, nuálaíocht, agus slándáil fuinnimh agus ar chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach chomh maith; á aithint go bhfuil béim an Chompáis Iomaíochais ar éifeachtúlacht rialála ríthábhachtach chun nuálaíocht a spreagadh, infheistíocht a mhealladh agus fás inbhuanaithe a chumasú; ag tacú le huirlisí a thabhairt isteach chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na dtograí nua ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar an iomaíochas, agus á mholadh go ndéanfaí faireachán rialta ar dhul chun cinn agus ar chur chun cinn réiteach digiteach chun nósanna imeachta riaracháin a éascú; á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna mar dhúshlán struchtúrach don iomaíochas ar fud na mBallstát; á chur i bhfáth, áfach, gur gá an Compás Iomaíochais a fheabhsú tuilleadh trí leagan amach institiúideach an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an smaoineamh go neartófaí cinnteoireacht AE maidir le tosaíochtaí iomaíochais spriocdhírithe agus straitéiseacha; á mheas gur cheart go bhfeidhmeodh aon uirlis comhordaithe iomaíochais mar chreat institiúideach uileghabhálach, lena gcuirfí ar chumas an Aontais ní hamháin beartais AE agus beartais náisiúnta a chomhordú ach gníomhú mar eintiteas aonair; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh uirlis den sórt sin faoi stiúir an Choimisiúin, faoi mhaoirseacht na Parlaiminte agus na Comhairle, agus faoi réir meastóireacht neamhspleách bunaithe ar a héifeachtacht agus a trédhearcacht agus ar bhaint amach a cuspóirí; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhar le parlaimintí náisiúnta agus le húdaráis rialála chun dlisteanacht dhaonlathach a áirithiú; á chur i bhfios go láidir nach mór rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na bpáirtithe leasmhara a leabú i rialachas an Aontais chun cuimsitheacht agus cuntasacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cuspóir dlús a chur le hobair an Aontais agus á iarraidh an athuair go ndéanfaí dul chun cinn i dtreo éifeachtúlacht níos fearr sa chinnteoireacht, lena n-áirítear bogadh chuig vótáil trí thromlach cáilithe (QMV) agus chuig an ngnáthnós imeachta reachtach, nuair is gá, i bpríomhréimsí beartais; ag tabhairt dá haire gur cheart tairseacha vótála níos airde a bheartú i roinnt réimsí ríthábhachtacha; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar réitigh san am atá thart a rinne próisis chinnteoireachta níos cinntithí; á thabhairt chun suntais, mar shampla, gur tugadh isteach vótáil trí thromlach cáilithe le Conradh Amstardam, agus an fhéidearthacht go staonfaí go hinchiallaithe i réimsí beartais áirithe á cur san áireamh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tathant ar an gComhairle Eorpach plé a dhéanamh ar na tograí a leagtar amach i rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 agus an 22 Samhain 2023 maidir le coinbhinsiún a thionól i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta athbhreithnithe dá bhforáiltear in Airteagal 48 CAE, agus breithniú a dhéanamh, i gcás inar féidir, ar leasuithe spriocdhírithe ar na conarthaí tríd an nós imeachta simplithe arna bhunú faoi Airteagal 48(6) CAE chun dlús a chur le hathchóirithe bunriachtanacha agus práinneacha; á mheabhrú na conclúidí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle céimeanna nithiúla tráthúla a ghlacadh chun obair leantach a dhéanamh ar na moltaí sin; á mheas gur deis thábhachtach í an tréimhse roimh chomhréiteach maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun dlús a chur leis an obair maidir le leagan amach institiúideach an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag meabhrú chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, go háirithe an gá atá le hathchóiriú ar na conarthaí, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle bearta nithiúla agus tráthúla a dhéanamh chun obair leantach a dhéanamh ar na moltaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>	á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta d’fheabhas a chur ar chumas an Aontais gníomhú go tapa agus go héifeachtach agus d’éifeachtúlacht na cinnteoireachta i bpríomhréimsí beartais a fheabhsú; ag athdhearbhú a hiarrata go leathnófaí vótáil trí thromlach cáilithe agus an gnáthnós imeachta reachtach maidir le príomhréimsí beartais, nuair is gá, agus úsáid á baint as na clásail <STRING ITALIC="on">passerelle</STRING> dá bhforáiltear sna conarthaí, chun feabhas a chur ar chumas an Aontais gníomhú go tapa agus go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle machnamh a dhéanamh ar dhul i muinín comhar feabhsaithe de bhun Airteagal 20 CAE i gcásanna nach gceadaítear le vótáil aontoilíochta cinntí tábhachtacha a dhéanamh don Aontas ina iomláine i bpríomhréimsí beartais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhar feabhsaithe bunaithe ar riachtanais dhlisteanacha na mBallstát, nuair nach féidir leis an Aontas ina iomláine cuspóirí an chomhair sin a bhaint amach laistigh de thréimhse réasúnta; á thabhairt chun suntais go gcuirtear dhá choimirce thábhachtacha ar fáil leis an gcomhar feabhsaithe, eadhon toiliú na Parlaiminte agus athbhreithniú breithiúnach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), agus go bhfuil cinntí a dhéantar faoin gcomhar feabhsaithe bunaithe ar thogra ón gCoimisiún; á chur i bhfios go láidir gurb é príomhchuspóir an chomhair fheabhsaithe an chinnteoireacht a shimpliú; á mholadh do na Ballstáit rannpháirteacha an clásal sonrach <STRING ITALIC="on">passerelle</STRING> a chumhdaítear in Airteagal 333 CFAE a ghníomhachtú chun aistriú chuig vótáil trí thromlach cáilithe agus chuig an ngnáthnós imeachta reachtach sa chomhar feabhsaithe;  ag tabhairt dá haire go moltar i dtuarascáil Draghi, i gcás nach féidir teacht ar chomhaontú d’aon toil chun vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach, go bhféadfadh Ballstáit thoilteanacha machnamh a dhéanamh freisin ar dhul i muinín comhar idir-rialtasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le cumhachtú na Parlaiminte chun próiseas cinnteoireachta an Aontais a fheabhsú trína chur ar comhchéim leis an gComhairle agus á iarraidh go neartófaí ról na Parlaiminte sa phróiseas reachtach; ag athdhearbhú a hiarrata ar an bParlaimint ceart iomlán tionscnaimh reachtaigh a fháil; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé ceart fiosrúcháin na Parlaiminte a nuachóiriú chun rialú daonlathach ar fheidhmeannas an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheas go bhfuil acmhainneacht ag Airteagal 122 CFAE mar uirlis chun gníomhaíocht mhear AE a dhéanamh i ngéarchéimeanna amháin, ach á chur i bhfáth go bhfuil gá le maoirseacht láidir, ní hamháin ó CBAE ach ón bParlaimint freisin, chun é a úsáid; á chur i bhfáth gur gá dlúthchomhar a áirithiú idir an Coimisiún, an Pharlaimint agus institiúidí agus comhlachtaí ábhartha eile AE; á iarraidh go ndéanfaí na nósanna imeachta chun Airteagal 122 CFAE a ghníomhachtú a shoiléiriú agus a dhéanamh níos córasaí, go háirithe trí chumhacht a thabhairt don dá chomhreachtóir cinneadh a dhéanamh maidir lena ghníomhachtú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le feabhas a chur ar chreat institiúideach agus airgeadais an Aontais chun a áirithiú go leanfaidh sé de bheith feidhmiúil, daonlathach agus iomaíoch, agus go mbeidh sé in ann comhaltaí nua a ionsú agus a lánpháirtiú rathúil a chur chun cinn, i bhfianaise méaduithe a dhéanfar amach anseo; á athdhearbhú, dá bhrí sin, nach mór don mhéadú a bheith fite fuaite le rialachas an Aontais a neartú; ag spreagadh idirphlé idir an tAontas agus rialtais, parlaimintí agus sochaí shibhialta na dtíortha is iarrthóirí maidir le haon tograí le haghaidh athruithe ar leagan amach institiúideach an Aontais atá beartaithe; á aithint a thábhachtaí atá tionscnaimh amhail an Comhphobal Polaitiúil Eorpach, lena gcumasaítear comhar polaitiúil agus lena rannchuidítear le hidirphlé réigiúnach agus lena bhféadfaí tíortha is iarrthóirí a lánpháirtiú de réir a chéile san Aontas agus a bheartais, gan a bheith ina roghanna malartacha ar bhallraíocht an Aontais; á thabhairt chun suntais gur cheart an Pharlaimint a chur ar an eolas go rialta agus gur cheart dul i gcomhairle léi maidir le forbairtí in EPC, chun cuntasacht dhaonlathach agus comhleanúnachas le creat institiúideach an Aontais a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialachas éifeachtúil an Aontais i bpríomhréimsí beartais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí an margadh aonair Eorpach chun críche, mar a chumhdaítear in Airteagail 26 agus 114 CFAE agus in Airteagal 3(3) CAE, chun a acmhainneacht iomlán a scaoileadh agus chun na bacainní atá fós ann a shárú, lena n-áirítear iomaíocht idirnáisiúnta éagórach, d’fhonn cur i gcoinne praghsanna arda fuinnimh, ganntanas scileanna agus saothair, deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar chaipiteal, cur chun feidhme ilroinnte rialacha AE, tacaíocht neamhleor d’aistrithe digiteacha agus glasa agus go ndéanfaí fás eacnamaíoch, comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach, agus malartú cultúrtha a chur chun cinn laistigh den Aontas; á iarraidh go ndéanfaí margadh caipitil comhtháite Eorpach a fhorbairt, mar a bheartaítear le hAirteagail 26 agus 63 CFAE, trí SIU nuabhunaithe, ag tógáil ar Aontas na Margaí Caipitil neamhiomlán; á iarraidh go neartófaí an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, faoi bhunús dlí Airteagal 114 CFAE, chun cóineasú maoirseachta agus comhordú trasteorann a fheabhsú faoi chuimsiú SIU; ag tabhairt dá haire freisin gur aithníodh i dtuarascáil Letta a thábhachtaí atá cumhacht eacnamaíoch an mhargaidh aonair d’uaillmhianta domhanda agus trádála an Aontais, lena n-áirítear sa chaidreamh eacnamaíoch le comhpháirtithe straitéiseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tacú le ‘cúigiú saoirse’ a chur leis na ceithre shaoirse atá ann cheana, mar a moladh i dtuarascáil Letta, chun feabhas a chur ar thaighde, nuálaíocht, eolas agus oideachas do thaighdeoirí, do nuálaithe agus d’oibrithe sa mhargadh aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh tionscnaimh amach anseo chun iomaíochas AE a neartú agus chun an margadh aonair a dhoimhniú fréamhaithe i mbearta lena bhfeabhsaítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach mar a chumhdaítear sna conarthaí; á chur i bhfáth nach mór sásraí institiúideacha maidir le comhdheiseanna, dlúthpháirtíocht agus laghdú neamhionannais a leabú go hiomlán i gcóras rialachais an Aontais; ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí cur chun feidhme agus faireachán Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a neartú trí struchtúir rialachais AE, agus ar an gcaoi sin an dul chun cinn sóisialta a leabú mar ghné lárnach de chinnteoireacht AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart cuspóirí an mhargaidh aonair a ailíniú ní hamháin leis an gceart chun saorghluaiseachta, ach freisin leis an ‘saoirse fanachta’, mar a leagtar amach i dtuarascáil Letta; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, freagracht as an ‘saoirse fanachta’ a shannadh do dhuine de na Coimisinéirí, le punann lena n-áirítear beartas comhtháthaithe agus seirbhísí leasa ghinearálta, agus, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar beartais maidir leis an ‘saoirse fanachta’ a chur in oiriúint go cúramach do shaintréithe sonracha réigiúin agus d’éagsúlacht shocheacnamaíoch agus chultúrtha na réigiún san Aontais a urramú, chun idirphlé struchtúrtha agus leanúnach a bhunú idir an Coimisinéir agus údaráis réigiúnacha na mBallstát; á aithint gur ríthábhachtach é an cothú d’fhorbairt bonneagair, tógáil pobail, cruthú post, rochtain ar sheirbhísí poiblí agus timpeallacht atá oiriúnach do thionscail agus d’infheistíochtaí chun ceart na ndaoine fanacht ina réigiúin a chaomhnú agus go gcuireann sé le forbairt eacnamaíoch agus iomaíochas an Aontais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an beartas comhtháthaithe a choinneáil ina chuid láidir de bhuiséad an Aontais, lena n-áiritheofar go bhfreagróidh sé ar bhealach níos éifeachtaí do riachtanais shonracha na réigiún agus na gcathracha, lena n-áirítear trí rochtain níos dírí ar chistí an Aontais a chur ar fáil; á thabhairt chun suntais gur gá tionscadail an bheartais chomhtháthaithe a imscaradh ar bhealach níos éifeachtúla agus níos feiceálaí ar an láthair, lena mbainfear torthaí nithiúla amach lena neartófar braistint chómhuintearais na saoránach agus tacaíocht do lánpháirtiú an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Aontas gníomhú ar bhealach níos éifeachtaí i réimsí straitéiseacha, lena gcomhlánófaí iarrachtaí náisiúnta agus le tacaíocht ó mheascán d’acmhainní dílse AE agus ranníocaíochtaí comhordaithe, agus go neartódh gníomhaíocht den sórt sin iomaíochas, nuálaíocht, athléimneacht eacnamaíoch, comhtháthú sóisialta agus críochach, inbhuanaitheacht chomhshaoil agus fuinnimh, agus slándáil chomhchoiteann na hEorpa; á chur i bhfáth, i bhfianaise thorthaí thuarascáil Draghi, gur gá díospóireacht oscailte agus réamhbhreathnaitheach a choinneáil ar bun agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí NextGenerationEU á gcur i gcuntas; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé ionstraimí agus uirlisí infheistíochta ar leibhéal an Aontais a chruthú chun infheistíochtaí comhpháirteacha straitéiseacha in earraí agus seirbhísí poiblí Eorpacha a mhaoiniú, agus a thábhachtaí atá sé cláir chistiúcháin a choigeartú chun dinimic athraitheach na trádála agus na nuálaíochta a chur i gcuntas; á chur i bhfáth go bhfuil fíoracmhainní dílse nua AE ríthábhachtach chun cur ar chumas na Parlaiminte agus na Comhairle buiséid sholúbtha a ghlacadh chun an tAontas a chumhachtú chun gníomhú ar bhealach níos uathrialaithí agus chun a spleáchas ar ranníocaíochtaí buiséid náisiúnta a laghdú; á thabhairt chun suntais, mar shampla, go bhféádfadh an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha ina acmhainn dhílis nua de chuid an Aontais a bhfuil ardleibhéal tacaíochta i measc na mBallstát aici; ag meabhrú sheasamh na Parlaiminte ina togra maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034 i dtaca leis an ngá atá le dul thar an riail fhéin-fhorchurtha ar dá réir nár cheart méid bhuiséad fadtéarmach AE a bheith níos mó ná 1 % d’olltáirgeacht náisiúnta chomhiomlánaithe na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth, d’fhonn iomaíochas domhanda an Aontais a choinneáil ar bun agus a fheabhsú, gur cheart buiséad an Aontais a shimpliú chun ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú, chun rochtain ar chistí a éascú do thairbhithe agus chun freastal níos fearr ar an gcuspóir maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a fheabhsú trína áirithiú go sroichfidh an cistiú na daoine is mó a bhfuil gá acu leis, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, pobail áitiúla agus gníomhaithe an gheilleagair shóisialta, lena n-áirítear i gceantair thuaithe, fhorimeallacha nó faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch; á mheabhrú, áfach, nár cheart d’iarrachtaí simpliúcháin aon dochar a dhéanamh do na bunphrionsabail atá mar bhonn taca leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus lena chláir, ná grinnscrúdú daonlathach ar a gcur chun feidhme a lagú; á chur i bhfáth nach mór ráthaíochtaí láidre maidir le rochtain chomhionann, neamh-idirdhealú agus cuntasacht éifeachtach a bheith ag gabháil leis an simpliú, agus maoirseacht dhaonlathach á háirithiú ag an bParlaimint le linn an timthrialla cistiúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá cuspóirí aeráidneodrachta agus inbhuanaitheachta a leabú laistigh de chreat institiúideach agus rialachais an Aontais chun spriocanna iomaíochais an Aontais a bhaint amach;á chur i bhfáth nach mór d’athchóirithe forálacha conartha a urramú, lena n-áirítear Airteagal 194 CFAE, agus a bheith faoi réir dlisteanacht dhaonlathach láidir trí rannpháirtíocht na Parlaiminte ina ndearadh, ina maoiniú agus ina maoirseacht; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé comhordú idirinstitiúideach a neartú agus a áirithiú go mbeidh cinntí sa réimse sin faoi réir grinnscrúdú parlaiminteach éifeachtach, agus ar an gcaoi sin fondúireachtaí daonlathacha an Aontais a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i bhfianaise na ndúshlán geopholaitiúil atá ann cheana, fíoraontas cosanta Eorpach a bhunú agus borradh a chur faoi infheistíocht thionsclaíoch cosanta na hEorpa, go háirithe trí dhul i muinín ionstraimí fíor-Eorpacha, le maoiniú nua, mar aon le clár iomlán cosanta, lena n-áirítear i gcoinne ionsaithe hibrideacha, lena n-áiritheofar go ndéanfar pleanáil, forbairt, soláthar agus bainistiú cumas le chéile, i ngrúpálacha de líon suntasach Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir na hionstraimí atá ann cheana agus na hionstraimí a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear ar leibhéal an rialachais, chun rialú daonlathach éifeachtach ar an aontas cosanta nua a áirithiú; á iarraidh ar an Aontas ilroinnt mhargaidh a shárú, i gcomhréir leis na moltaí ó thuarascálacha Draghi, Letta agus Niinistö, trí mhargadh aonair don chosaint a chruthú ina mbeidh feidhm ag comhrialacha ceangailteacha; ag tabhairt dá haire go ráthódh rialacha comhchoiteanna den sórt sin iomaíocht chóir agus go n-éascódh siad trasdeimhniúchán táirgí cosanta agus idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht iomlán á n-áirithiú, go dtabharfadh siad barainneachtaí scála, agus go bhfeabhsódh siad cumais agus acmhainní; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíochtaí cosanta a leabú i gcoincheap slándála níos leithne lena n-áirítear comhthionscnaimh Eorpacha freisin, go háirithe Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn um an gCosaint, bonneagar criticiúil a neartú agus tionscadail taighde agus forbartha a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, poist ardcháilíochta a chruthú agus a choinneáil; á iarraidh ar an gComhairle Eorpach teacht ar chomhaontú maidir le hAirteagal 42(2) CAE a ghníomhachtú d’fhonn comhbheartas cosanta de chuid an Aontais a bhunú; á chur i bhfios go láidir nach mór don aontas cosanta nua ECAT a chomhlánú agus nár chóir dó teacht ina ionad; ag tabhairt dá haire gur thug na Ballstáit faoi bheartas cosanta na hEorpa a chumadh de réir a chéile, agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) á bunú acu agus tús á chur acu leis an mBuanchomhar Struchtúrtha (PESCO); á iarraidh ar na Ballstáit leanúint de bheith ag obair ar aontas cosanta Eorpach a bhunú a mbeidh comhchosaint aige; á mheabhrú go bhfuil bunú an chiste nuathionscanta, GEC agus PESCO, chomh maith le húsáid bhuiséad AE, á rialú ag vótáil trí thromlach cáilithe; á mheabhrú go bhféadfaidh grúpa Ballstát, de bhun Airteagal 44 CAE, cinneadh a dhéanamh freisin vótáil trí thromlach cáilithe a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór neartú rialachas IS a bheith bunaithe ar thrédhearcacht, ar chosaint na gceart bunúsach agus ar choimirciú leas an phobail, i gcomhréir le cur chuige riailbhunaithe an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar ról na hOifige Eorpaí IS atá ann cheana; á chur in iúl gur geal léi plean gníomhaíochta mhór-roinn IS chun ‘samhail IS’ AE a fhorbairt, bunaithe ar chomhar idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>