<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0286</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tionchar na hintleachta saorga ar an earnáil airgeadais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0225/2025 - Rapóirtéir:Arba Kokalari)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 maidir le tionchar na hintleachta saorga ar an earnáil airgeadais (2025/2056(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2025 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta um Mór-Roinn na hIntleachta Saorga’ (COM(2025)0165),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 maidir le Straitéis Airgeadais Dhigitigh (COM(2020)0591),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) an 25 Feabhra 2025, dar teideal <STRING ITALIC="on">Artificial intelligence in EU investment funds: adoption, strategies and portfolio exposures</STRING> [An Intleacht Shaorga i gcistí infheistíochta an Aontais: glacadh, straitéisí agus neamhchosaintí punainne],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas poiblí an 30 Bealtaine 2024 ó ESMA maidir le húsáid na hIntleachta Saorga (IS) i soláthar seirbhísí infheistíochta miondíola,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 10 Feabhra 2025 ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) dar teideal ‘Impact Assessment of EIOPA’s Opinion on AI governance and risk management’ [Measúnú Tionchair ar Thuairim ÚEÁPC maidir le rialachas IS agus bainistiú riosca],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 30 Aibreán 2024 ó ÚEÁPC dar teideal ‘Report on the digitalisation of the European insurance sector’ [Tuarascáil maidir le digitiú earnáil árachais na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 29 Samhain 2024 ón Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) dar teideal ‘Risk Assessment Questionnaire’ (RAQ) – Autumn 2024 [Ceistneoir um Measúnú Riosca (RAQ) – Fómhar 2024],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 4 Lúnasa 2023 ó ÚBE dar teideal ‘Machine learning for internal ratings-based models’ [Meaisínfhoghlaim le haghaidh samhlacha inmheánacha atá bunaithe ar rátálacha],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’airteagal an 26 Feabhra 2024 ó Elizabeth McCaul, ar Comhalta í de Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), dar teideal ‘From data to decisions: AI and supervision’ [Ó shonraí go cinntí: IS agus maoirseacht],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán an 7 Bealtaine 2024 ó BCE dar teideal ‘The rise of artificial intelligence: benefits and risks for financial stability’ [Teacht chun cinn na hintleachta saorga: tairbhí agus rioscaí don chobhsaíocht airgeadais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar oibre an 15 Nollaig 2023 ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta dar teideal ‘Generative Artificial Intelligence in finance’ [An Intleacht Shaorga Ghiniúnach san Airgeadas],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 12 Nollaig 2024 ón mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta dar teideal <STRING ITALIC="on">Regulating AI in the financial sector: recent developments and main challenges</STRING> [IS san earnáil airgeadais a rialáil: na forbairtí is déanaí agus na príomhdhúshláin],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 13 Meitheamh 2024 ón mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta dar teideal <STRING ITALIC="on">Intelligent financial system: how AI is transforming finance </STRING>[Córas cliste airgeadais: an chaoi a bhfuil athrú ó bonn á dhéanamh ag IS ar chúrsaí airgeadais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 19 Nollaig 2024 ón bPainéal Ardleibhéil Saineolaithe chuig G7 dar teideal ‘Artificial Intelligence and Economic and Financial Policy Making’ [An Intleacht Shaorga agus Ceapadh Beartais Eacnamaíoch agus Airgeadais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 14 Samhain 2024 ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais dar teideal ‘The Financial Stability Implications of Artificial Intelligence’ [Impleachtaí Cobhsaíochta Airgeadais na hIntleachta Saorga],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1 </STRING>IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2 </STRING>IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3 </STRING>IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Ionstraim um Athléimeacht Dhigiteach Oibríochtúil)
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4 </STRING>IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5 </STRING>IO L 26, 2.2.2016, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/97/oj.</FIELD></FOOTNOTE>(an Treoir maidir le Dáileadh Árachais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6 </STRING>IO L 173, 12.6.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/oj.</FIELD></FOOTNOTE>(an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (an<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7 </STRING>IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj.</FIELD></FOOTNOTE>(an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">8 </STRING>IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj.</FIELD></FOOTNOTE>(an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">9 </STRING>IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">10 </STRING>IO L 174, 1.7.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/61/oj.</FIELD></FOOTNOTE>( an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">11 </STRING>IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">12 </STRING>IO L 302, 17.11.2009, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/65/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">13 </STRING>IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi rún an 3 Bealtaine 2022 maidir leis an intleacht shaorga i ré dhigiteach<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">14 </STRING>IO C 465, 6.12.2022, lch. 65.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0225/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go dtugtar isteach le Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) an chéad chreat rialála cuimsitheach ar domhan don intleacht shaorga (IS);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go sainítear le pointí 5(b) agus (c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga dhá chás úsáide ardriosca d’earnáil na seirbhísí airgeadais, eadhon úsáid chórais IS le haghaidh scóráil creidmheasa agus measúnuithe acmhainneachta creidmheasa i gcás tomhaltóirí agus a n-úsáid le haghaidh measúnuithe riosca agus praghsáil árachais saoil agus sláinte;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go sainmhínítear córas IS sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga mar chóras meaisínbhunaithe atá ceaptha chun oibriú le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh oiriúnaitheacht a léiriú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, a thugann le tuiscint, ón ionchur a fhaigheann sé, go bhfuil ar a chumas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, inneachar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiceacha nó fíorúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go sainítear samhail intleachta saorga ilchuspóireach (GPAI) mar shamhail IS, lena n-áirítear i gcás ina gcuirtear oiliúint ar an tsamhail intleachta saorga le méid mór sonraí ina n-úsáidtear féinmhaoirseacht ar scála a léiríonn ginearáltacht shuntasach agus atá in ann raon leathan cúraimí ar leith a dhéanamh go hinniúil gan beann ar an gcaoi a gcuirtear an tsamhail ar an margadh agus ar féidir í a chomhtháthú i gcórais nó i bhfeidhmeanna iartheachtacha éagsúla, ach gan aon samhlacha intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó fréamhshamhaltaithe sula gcuirtear ar an margadh iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach dtagann córais a úsáidtear chun barrfheabhsú matamaiticiúil a fheabhsú nó chun dlús a chur le modhanna barrfheabhsúcháin seanbhunaithe agus iad a chomhfhogasú, amhail modhanna cúlchéimnithe lóistíochta nó líneacha, faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar chóras IS;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Staid ghlacadh na hIntleachta Saorga i seirbhísí airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur glacadh IS go forleathan agus go héagsúil ar fud earnáil seirbhísí airgeadais de chuid an Aontais, agus institiúidí airgeadais, a bhfuil meaisínfhoghlaim chlasaiceach á húsáid acu ar feadh tréimhse fhada, agus triail á baint de réir a chéile anois as úsáid IS giniúnach, lena n-áirítear samhlacha móra teanga (LLManna) agus bunsamhlacha eile, mar uirlis tacaíochta; á chur i bhfáth go bhfuil sé d’aidhm ag formhór chásanna reatha úsáide IS próisis cúloifige a chuíchóiriú, agus gur furasta an cuíchóiriú sin a chur i gcrích i gcás fhormhór na bhfeidhmchlár agus nach bhfuil nuálaíocht ardriosca i gceist leo; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil úsáid IS chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a bhunú, a shainmhínítear faoi láthair mar ardriosca sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga, forleathan agus ag dul i méid; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh formhaoirseacht dhaonna ag imscaradh chórais IS atá go hiomlán uathrialach san earnáil airgeadais<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">15 </STRING>Ceistneoir um Measúnú Riosca ÚBE Fómhar 2024; Tuarascáil ÚEÁPC maidir le digitiú earnáil árachais na hEorpa; Tuarascáil ESMA maidir leis an intleacht shaorga i gcistí infheistíochta an Aontais.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt dá haire go leanann institiúidí airgeadais de chásanna úsáide a bhaineann le samhlacha GPAI a fhiosrú, a bhfuil riosca oibriúcháin agus comhlíontachta níos airde i gceist lena gcastacht, ach ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil na feidhmchláir sin fós sa chéim tástála den chuid is mó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chreidiúint gur deis mhór í IS d’institiúidí airgeadais an Aontais chun táirgí níos nuálaí a fhorbairt, oibríochtaí a chuíchóiriú agus iomaíochas a fheabhsú ar scála domhanda; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh tairbhí sochaíocha a bheith ag baint le húsáid IS i seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear calaois a bhrath agus a chosc ar bhealach níos éifeachtaí, seiceálacha frithsciúrtha airgid agus seiceálacha smachtbhannaí, tacaíocht do chustaiméirí, faireachán ar idirbhearta, comhairle phearsantaithe airgeadais, bailiú sonraí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, anailís agus tuairisciú, samhlacha agus straitéisí trádála, cúnamh maidir le comhlíonadh rialála, faireachas margaidh agus faireachán ar mhí-úsáid; á mheas gur cheart cothromaíocht a bhaint amach le húsáid IS san earnáil airgeadais idir nuálaíocht agus iomaíochas ar thaobh amháin, agus bainistiú riosca, cosaint tomhaltóirí agus cobhsaíocht airgeadais ar an taobh eile; á chur i bhfáth gur cheart na tairbhí a bhaineann le húsáid IS i seirbhísí airgeadais a chur ar aghaidh go príomha chuig custaiméirí deiridh, mar shampla trí phraghsanna níos ísle, cumhdach níos fearr, comhairle airgeadais fheabhsaithe, cuimsiú agus rochtain airgeadais níos fearr, agus litearthacht airgeadais fheabhsaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil rioscaí ann freisin ó úsáid IS i seirbhísí airgeadais; á thabhairt chun suntais, roimh dhul chun cinn LLManna le déanaí, gur eascair na rioscaí sin as cáilíocht, cruinneas agus ionadaíochas na sonraí ar cuireadh oiliúint ar na samhlacha ina leith, toisc nach bhfuil aschuir IS neamh-LLM ach chomh hiontaofa leis na hionchuir sonraí; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh torthaí idirdhealaitheacha, mídhíol agus claontachtaí sistéamacha treisithe a bheith mar thoradh ar dhroch-cháilíocht sonraí, i measc nithe eile, agus go bhféadfadh sáruithe príobháideachais agus eisiamh tomhaltóirí leochaileacha a bheith mar thoradh ar shamhlacha teimhneacha casta, mar shampla, trí idirdhealú praghsanna, rud a chuirfeadh leis na rioscaí atá ann cheana nó a chruthódh rioscaí nua; á chur i bhfáth go dtugtar isteach le LLManna rioscaí breise suntasacha a d’fhéadfadh a bheith deacair a thomhas, lena n-áirítear siabhráin shamhlacha fiú i gcás ina bhfuil sonraí oiliúna ar ardchaighdeán; á chur i bhfáth nach mór na rioscaí agus na torthaí sin a mhaolú go héifeachtach; ag tabhairt faoi deara gur ann do dhúshláin bhreise a bhaineann le leochaileachtaí cibearshlándála agus le hinmhínitheacht chórais IS; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá rialachas láidir sonraí, diantástáil agus doiciméadú ar shamhlacha IS a áirithiú, mar aon le duine a choinneáil ar an eolas agus ardchaighdeán a choinneáil ar bun chun córais IS a úsáid i bhfeidhmchláir atá dírithe ar thomhaltóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil cur chuige tomhaiste glactha ag institiúidí airgeadais maidir le córais IS a fhorbairt, a thástáil agus a chur in úsáid, d’fhonn chomhlíonadh na reachtaíochta trasearnála agus earnála atá ann cheana a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh an cur chuige stuama sin a bheith bunaithe freisin ar éileamh neamhléirithe ó chustaiméirí, ar ionchais athraitheacha custaiméirí agus ar bhreithnithe riosca, inar leagadh amach thuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil dúshláin ag baint le teacht chun cinn IS d’údaráis mhaoirseachta, go háirithe i bhfianaise easpa saineolais a bhaineann go sonrach le IS agus easpa uirlisí maoirseachta leormhaithe chun measúnú a dhéanamh ar ard-mheaisínfhoghlaim agus ar shamhlacha giniúnacha IS; á iarraidh ar na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha agus náisiúnta dul in oiriúint d’úsáid mhéadaitheach IS i seirbhísí airgeadais agus faireachán, measúnú agus maolú a dhéanamh ar rioscaí do thomhaltóirí agus don chobhsaíocht airgeadais, agus aird á tabhairt acu ag an am céanna gan nuálaíocht a dhíspreagadh trí ualaí comhlíontachta díréireacha nó trí chineálacha cur chuige rialála atá ró-shaintreorach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh iompraíocht tréada, arna spreagadh ag samhlacha comhchosúla agus foinsí sonraí teoranta, a bheith mar thoradh ar an gcomhchruinniú i measc soláthraithe seirbhíse IS a thairgeann comhairle infheistíochta; ag tathant ar na maoirseoirí Eorpacha agus náisiúnta faireachán a dhéanamh ar na rioscaí sin agus ar na hinstitiúidí airgeadais chun iad a chur san áireamh agus uirlisí IS á bhforbairt acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag cur sonrú i spleáchas ghníomhaithe airgeadais an Aontais ar sholáthraithe teicneolaíochta tríú páirtí (TPPanna) chun a samhlacha IS a óstáil agus a fhorbairt agus á thabhairt chun suntais nach bhfuil formhór na ngnólachtaí airgeadais ag brath ach ar chúpla TPP do na seirbhísí sin, a bhféadfadh riosca comhchruinnithe a bheith mar thoradh orthu agus cumhacht mhargála institiúidí airgeadais a laghdú agus téarmaí conarthacha le haghaidh sheirbhísí IS á gcaibidliú nó á modhnú; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh rioscaí sistéamacha a bheith mar thoradh ar spleáchas ar líon beag soláthraithe le haghaidh seirbhís ar leith i gcás suaitheadh, go háirithe mura bhfuil aistriú tapa chuig soláthraithe malartacha indéanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gceanglaítear leis an nGníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA) a achtaíodh le déanaí ar institiúidí airgeadais bearta a chur chun feidhme chun riosca comhchruinnithe a eascraíonn as TPPanna teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a mhaolú, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha agus socruithe chun leanúnachas gnó a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar a indéanta atá sé na straitéisí scoir agus na forálacha aistrithe a shonraítear in DORA a chur i bhfeidhm maidir le samhlacha IS arna n-óstáil ag bonneagar TPPanna, go háirithe maidir leis an spleáchas suntasach ar TPPanna tríú tír le haghaidh seirbhísí IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do chuideachtaí an Aontais a bheith in ann bonneagar néalríomhaireachta atá ann cheana a úsáid chun IS a fhorbairt agus a chur in úsáid; á iarraidh go bhféachfaí go gníomhach ar bhealaí chun comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht samhlacha agus creataí comhlíontachta IS a neartú le samhlacha agus creataí comhlíontachta na gcomhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leo, go háirithe iad siúd ar mian leo coimircí rialála atá chomh láidir céanna a chur ar fáil, chun a áirithiú go gcoinneoidh institiúidí airgeadais an Aontais rochtain ar uirlisí agus soláthróirí IS agus d’fhonn caighdeáin dhomhanda chothroma a mhúnlú agus deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí Eorpacha á cosaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tacú le tionscnaimh chun borradh a chur faoi IS agus forbairt néalríomhaireachta san Aontas, go háirithe d’fhonn seirbhísí IS a fhorbairt atá i gcomhréir go hiomlán le creataí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus cearta bunúsacha, agus uathriail straitéiseach agus athléimneacht á neartú ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tírdhreach rialála don intleacht shaorga i seirbhísí airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil earnáil na seirbhísí airgeadais thar a bheith rialáilte, faoi réir píosaí iomadúla reachtaíochta earnála ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, lena gceanglaítear ar ghníomhaithe rioscaí a bhainistiú i réimsí éagsúla lena n-áirítear cosaint sonraí, stair iomlán ar ghiniúint agus ar úsáid sonraí, cáilíocht sonraí, rialachas sonraí, athléimneacht oibríochtúil, seachfhoinsiú, riosca de bharr samhaltaithe, torthaí idirdhealaitheacha, agus riosca margaidh agus creidmheasa, arb ionann iad le chéile agus an creat le haghaidh chur in úsáid agus rialachas IS in earnáil na seirbhísí airgeadais; ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, ar a thábhachtaí atá sé faireachán leanúnach a dhéanamh ar bhearnaí rialála agus ar chásanna úsáide IS atá ag teacht chun cinn san airgeadas, go háirithe d’fhonn cearta tomhaltóirí agus an ceart chun príobháideachais a choimirciú;<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">16 </STRING>as measc na samplaí suntasacha den reachtaíocht earnála ábhartha, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil, an Treoir Sócmhainneacht II, an Treoir maidir le Dáileadh Árachais, an Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, an Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil, an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha, an Treoir maidir le GCUI agus an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta, chomh maith le treoirlínte agus caighdeáin theicniúla rialála a ghabhann leo ó na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha;</FIELD></FOOTNOTE>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chuige níos rioscabhunaithe glactha ag an Aontas i leith rialáil IS ná mar atá glactha ag dlínsí eile; á chur i bhfios go láidir, cé go bhféadfadh sé sin dúshláin a chruthú do ghlacadh agus d’fhorbairt IS i seirbhísí airgeadais, go dtugann sé deis freisin muinín a chothú agus tacú leis an nuálaíocht, ar choinníoll go ndéantar an creat a shoiléiriú agus a chur chun feidhme ar bhealach a chothaíonn deimhneacht dhlíthiúil, comhréireacht agus muinín sa mhargadh; á aithint nach bhfuil an Gníomh um an Intleacht Shaorga curtha chun feidhme go hiomlán go fóill agus nach bhfuil measúnú déanta go fóill ar a impleachtaí praiticiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú go gcuirtear i gcuntas go sainráite sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> reatha na seirbhísí airgeadais agus go bhféachtar leis dúbláil ceanglas a sheachaint, go háirithe maidir le rialachas inmheánach agus próisis bainistithe cáilíochta, trí mhaoluithe teoranta a cheadú d’institiúidí airgeadais a mhéid a leagtar síos ceanglais choibhéiseacha i ndlí seirbhísí airgeadais an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar sin féin, go bhfuil forluí rialála agus easpa treoraíochta leordhóthanaí ann maidir le léirmhíniú na bhforluí agus na n-idirghníomhaíochtaí rialála sin, lena dtugtar isteach castacht mhíchuí, ualaí comhlíontachta agus éiginnteacht dhlíthiúil, rud a chuireann bac ar ghlacadh IS in earnáil na seirbhísí airgeadais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé creat dlíthiúil, rialála agus riaracháin a ráthú atá bunaithe ar dheimhneacht, intuarthacht agus cobhsaíocht; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé go mbeadh baol ann go mbeadh ceanglais chomhlíontachta mhíchuí ann d’institiúidí airgeadais agus go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann mar thoradh ar léirmhíniú fairsing ar an nGníomh um an Intleacht Shaorga, seachas léirmhíniú comhréireach; ag aithint an dúshláin a eascraíonn as léirmhínithe dlíthiúla agus ionchais dhlíthiúla éagsúla a bheith ag gníomhaireachtaí maoirseachta ó thaobh chur i bhfeidhm an <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> de, rud a fhágann go bhfuil ilroinnt sa mhargadh aonair; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis inniúla náisiúnta aon neamhréireachtaí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu le linn chur chun feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus mar chuid den phacáiste Omnibus Digiteach atá ar na bacáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tacú leis an moladh ón nGníomh um an Intleacht Shaorga údaráis inniúla airgeadais a ainmniú mar chomhlachtaí faireachais margaidh do chórais IS a úsáidtear i seirbhísí airgeadais a mheastar a bheith ardriosca; ag tabhairt dá haire, áfach, go mbeidh údaráis inniúla náisiúnta eile freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chórais IS neamh-ardriosca; ag aithint na ndúshlán a eascraíonn as gníomhaireachtaí maoirseachta iomadúla a bheith ann a bhfuil inniúlachtaí acu maidir le cur i bhfeidhm an <STRING ITALIC="on">acquis</STRING>; ag aithint, thairis sin, na ndúshlán a eascraíonn as léirmhínithe agus ionchais dhlíthiúla éagsúla na ngníomhaireachtaí maoirseachta éagsúla, rud a d’fhéadfadh ilroinnt an mhargaidh aonair a bheith mar thoradh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag spreagadh na n-údarás maoirseachta comhordú, comhar agus malartú faisnéise a neartú chun éilimh dlínse fhorluiteacha a sheachaint; ag tathant, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis mhaoirseachta an comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta a neartú i bhfóraim dhomhanda chun caighdeáin a leagan síos chun ailíniú a áirithiú agus ilroinnt na gcur chuige rialála a sheachaint, chomh maith lena áirithiú go gcoinneoidh an tAontas suas le forbairtí rialála domhanda agus go mbeidh sé i gcomhréir leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus a cheanglais maidir le híoslaghdú sonraí, teorannú de réir cuspóra, toiliú custaiméirí, agus próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí airgeadais teorainneacha ar úsáid IS i seirbhísí airgeadais; á mheas go bhfuil gá leis an gcothromaíocht cheart idir leas a bhaineann le húsáid IS i seirbhísí airgeadais agus sonraí tomhaltóirí a chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Moltaí chun úsáid fhreagrach IS i seirbhísí airgeadais a áirithiú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an tAontas chun deiridh ó thaobh nuálaíocht agus infheistíocht IS de, mar a léirítear leis an EUR 33 bhilliún i gcistiú fiontair a fuair cuideachtaí de chuid an Aontais a d’fhorbair bunsamhlacha idir 2018 agus 2023, i gcomparáid le breis agus EUR 120 billiún a fuair a gcontrapháirtithe sna Stáit Aontaithe<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">17 </STRING>Christine Lagarde, ‘The transformative power of AI’ [Cumhacht chlaochlaitheach na hintleachta saorga], 2025, https://www.ecb.europa.eu/press/key/date/2025/html/ecb.sp250401_1~d6c9d8df11.en.html.</FIELD></FOOTNOTE>; á chreidiúint go bhfuil sé d’acmhainn ag earnáil na seirbhísí airgeadais, mar an earnáil is mó a chaitheann airgead ar sheirbhísí agus ar tháirgí TFC, gníomhú mar chatalaíoch chun infheistíocht phríobháideach in IS a shlógadh; á iarraidh, i gcomhthéacs infheistíocht mhall IS in earnáil airgeadais an Aontais, go mbeadh togra uaillmhianach ann chun borradh a chur faoi láthair caipitil fiontair na hEorpa mar chuid den aontas coigiltis agus infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún treoraíocht shoiléir agus phraiticiúil a chur ar fáil, arna forbairt i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha agus náisiúnta agus leis na geallsealbhóirí, maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta seirbhísí airgeadais atá ann cheana maidir le húsáid IS; á mheas gur cheart é a bheith mar aidhm leis an treoraíocht sin úsáid IS a chumasú in earnáil na seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear ar bhealach atá eiticiúil, freagrach agus trédhearcach; á iarraidh go ndéanfaí sainmhínithe comhsheasmhacha agus go ndéanfaí an creat rialála a shimpliú chun ceanglais dhúblacha a sheachaint, lena n-áirítear ceanglais tuairiscithe maidir le measúnú riosca, agus ag tabhairt rabhadh i gcoinne cur chuige a oireann do chách lena gcuirtear ualach díréireach ar institiúidí airgeadais beaga agus meánmhéide; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cothromaíocht mhaith idir úsáid fhreagrach IS agus dóthain spáis a chur ar fáil don nuálaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint conas is féidir uirlisí atá bunaithe ar IS a úsáid i margaí airgeadais, amhail idirghabháil, bainistiú punainne agus uathoibriú comhlíontachta, chun rannchuidiú le cuspóirí an aontais coigiltis agus infheistíochta, lena n-áirítear trí thacú le hinfheisteoirí miondíola cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh, oideachas airgeadais a fheabhsú, nuálaíocht a chothú i measc cuideachtaí, ilroinnt an mhargaidh a laghdú agus timpeallacht shábháilte a áirithiú do thomhaltóirí; á chur i bhfáth go bhfuil gá le creat rialála atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun na spriocanna sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chreidiúint gur leor den chuid is mó reachtaíocht earnála lena rialaítear úsáid IS i seirbhísí airgeadais chun imscaradh IS san fhoirm ina bhfuil sí faoi láthair a chumhdach; á chur i bhfios go láidir gur cheart faireachán leanúnach a dhéanamh chun a chinneadh an bhfuil dúbailtí nó easnaimh sa reachtaíocht reatha maidir le seirbhísí airgeadais is infheidhme maidir le himscaradh IS; á chur i bhfios go láidir go gcuirfeadh reachtaíocht bhreise le castacht agus le héiginnteacht agus, ar deireadh, go mbeadh an baol ann go mbainfí na tairbhí a bhaineann le húsáid IS den earnáil; á chur i bhfáth go bhfuil gá le haird mhaoirseachta leanúnach, forfheidhmiú éifeachtach agus leithdháileadh soiléir freagrachta chun comhlíonadh a áirithiú, go háirithe i gcásanna imscartha trasteorann nó seachfhoinsithe IS, chomh maith le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo arna gcruthú ag forbairtí nua IS má chruthaíonn siad rioscaí suntasacha do thomhaltóirí agus don chobhsaíocht airgeadais; ag moladh go láidir don Choimisiún agus do na Ballstáit comhordú a dhéanamh chun rórialáil a sheachaint agus chun cosc a chur ar bhacainní nua a chruthú i margaí trasteorann; ag tabhairt dá haire gur féidir leis an gCoimisiún, de réir an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, measúnú a dhéanamh ar liosta na bhfeidhmchlár ardriosca faoi Iarscríbhinn III a ghabhann leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha agus náisiúnta tacú le glacadh freagrach IS trí léirmhínithe comhsheasmhacha a chur chun cinn agus trí chur i bhfeidhm comhréireach na rialachán reatha a chur chun cinn; á chreidiúint go dtacaíonn rialáil leormhaith ar imscaradh IS in earnáil na seirbhísí airgeadais le glacadh IS agus le muinín na sochaí in IS; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil dearcadh agus cur chuige na maoirseoirí chomh tábhachtach céanna leis na rialacha féin; á mholadh go dtabharfadh tús áite sna hiarrachtaí maoirseachta do rioscaí inláimhsithe, oibríochtúla i gcás ina sainaithnítear iad, seachas ábhair imní theibí nó theoiriciúla, agus cur chuige gníomhach agus comhréireach i leith na maoirseachta á choinneáil ag an am céanna, trí chothromaíocht a bhaint amach idir nuálaíocht agus cosaint tomhaltóirí, chun rioscaí gan choinne a eascraíonn as glacadh leathnaithe theicneolaíochtaí IS a bhainistiú; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag faireachán éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le IS agus aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le teimhneacht, comhchruinniú margaidh agus caillteanas cuntasachta, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chobhsaíocht airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur le bacainní iontrála laistigh den Aontas do ghnóthais airgeadais nuálacha atá faoi thionchar IS, lena n-áirítear trí cheadúnú cuíchóirithe, gnólachtaí trasteorann atá ag méadú agus cuimsiú i moil nuálaíochta maoirseachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tacú le taighde ar an tionchar atá ag úsáid IS ar an gcomhshaol, agus béim á leagan ar dhéine acmhainní agus ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach, chun trédhearcacht a mhéadú agus chun cabhrú le hinstitiúidí airgeadais measúnú a dhéanamh ar na gnéithe sin agus ar a lorg comhshaoil féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chreidiúint, chun úsáid mhéadaitheach a bhaint as IS, a bhféadfadh impleachtaí a bheith aici do mhargadh fostaíochta na seirbhísí airgeadais, go bhfuil gá le litearthacht láidir IS, scileanna digiteacha, agus rannpháirtíocht tallainne, le tacaíocht ó thionscnaimh uas-scilithe san earnáil phoiblí agus ó réitigh mhargadhbhunaithe araon; ag tacú le hiarrachtaí tionscail agus le tionscnaimh spriocdhírithe, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus cláir athscilithe, chun inniúlachtaí teicniúla agus eiticiúla IS a fhorbairt, go háirithe maidir le cearta agus rioscaí, sa lucht saothair airgeadais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé straitéisí IS a fhorbairt lena bhfeabhsaítear táirgiúlacht, agus ag an am céanna tacú le hoiriúnú, uas-sciliú agus ath-leithdháileadh oibrithe, agus formhaoirseacht agus rialú fónta daonna á n-áirithiú ag an am céanna; á iarraidh go mbeadh níos mó soiléireachta ann maidir le ceanglais an Ghnímh um an Intleacht Shaorga ar institiúidí airgeadais chun ceanglais litearthachta IS a chomhlíonadh; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé rochtain chomhionann ar uirlisí agus seirbhísí IS a áirithiú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear do chodanna den daonra nach bhfuil chomh cumasach sin ó thaobh cúrsaí digiteacha de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha agus náisiúnta measúnú a dhéanamh ar bhreisluach na mboscaí gainimh rialála, na mol nuálaíochta agus na dtimpeallachtaí tástála trasteorann a bhaineann go sonrach le IS do sheirbhísí airgeadais chun turgnamh le nuálaíocht airgeadais atá faoi thionchar IS a chumasú, chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta a dtáirgí a thástáil agus chun ligean d’institiúidí atá ann faoi láthair úsáid nua a fhiosrú i suíomh rialaithe, agus cosaint tomhaltóirí agus sláine an mhargaidh á gcosaint ag an am céanna; á chreidiúint, trí bhoscaí gainimh rialála IS a ghiaráil i gceart, go bhféadfaí an timpeallacht tástála struchtúrtha, faoi mhaoirseacht is gá a chur ar fáil chun nuálaíocht agus imscaradh freagrach IS a éascú laistigh d’earnáil na seirbhísí airgeadais; ag spreagadh na n-údarás maoirseachta Eorpach agus náisiúnta chun uirlisí agus teicneolaíocht mhaoirseachta (SupTech) a fheabhsú trí IS a úsáid agus iad a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí maoirseachta laethúla chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta airgeadais a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe leis na huirlisí sin tacú le maoirseoirí daonna, seachas iad a ionadú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>