<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0287</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Buiséad 2024 – measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na modheolaíochta maidir le príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0212/2025 -  Rapóirtéir:Marit Maij)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 maidir le buiséad 2024 – measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na modheolaíochta i ndáil le príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais (2025/2033(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8, 10 agus 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 21 agus 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> https://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 325, 20.12.2022, lch. 11, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2022/2496/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/1195, 23.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1195/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: https://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 16(f) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 33 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2028 go 2034(COM(2025)0571),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat rianaithe caiteachais buiséid agus creat feidhmíochta buiséid agus rialacha cothrománacha eile le haghaidh chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais (COM(2025)0545) agus don tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis, an 16 Iúil 2025 (SWD(2025)0590),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 3 Samhain 2021 dar teideal ‘Treoirlínte i dtaca le Rialáil Níos Fearr’(SWD(2021)0305),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">A Union of Equality:</STRING> Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir le comhionannas inscne san Aontas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 dar teideal ‘Treochlár um Chearta na mBan’ (COM(2025)0097),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le Straitéis AE um Chomhionannas Inscne<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 208.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir le príomhshruthú inscne i bParlaimint na hEorpa – tuarascáil bhliantúil 2020<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 139.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 maidir le treoirlínte ginearálta chun buiséad 2026 a ullmhú, Roinn III – an Coimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4382, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4382/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0090.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas meastacháin ón gCoimisiún don bhliain airgeadais 2026 an 4 Meitheamh 2025 (SEC(2025)0250),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis ar fheidhmíocht na gclár maidir le caiteachas oibríochtúil a áirítear i ndoiciméad oibre chuid I mhí an Mheithimh 2025 a ghabhann le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2026 (COM(2025)0300),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2021 ón gCoimisiún ar Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais – Bliain Airgeadais 2021 (COM(2022)0401),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2021 ón gCoimisiún ar Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais – Bliain Airgeadais 2022 (COM(2023)0401),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2023 ón gCoimisiún ar Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais – Bliain Airgeadais 2023 (COM(2024)0401),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2021 ón gCoimisiún ar Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais – Bliain Airgeadais 2024 (COM(2025)0824),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 10/2021 an 26 Bealtaine 2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal <STRING ITALIC="on">Gender mainstreaming in the EU budget: time to turn words into action</STRING> [Príomhshruthú inscne i mbuiséad AE: is mithid beart a dhéanamh de réir ár mbriathair],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhaisnéisiú Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa de mhí Feabhra 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">Gender-responsive budgeting: State of play and opportunities for the European Parliament’s 10th term</STRING> [Buiséadú inscne: Staid na himeartha agus deiseanna don 10ú téarma de Pharlaimint na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint don staidéar arna iarraidh ag an gCoiste um Buiséid agus an Coiste um Rialú Buiséadach dar teideal <STRING ITALIC="on">European Union gender budgeting – state of play 2024</STRING> [Buiséadú inscne an Aontais Eorpaigh — staid na himeartha 2024],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do cheardlann an 25 Meitheamh 2025 arna hiarraidh ag an gCoiste um Rialú Buiséadach dar teideal <STRING ITALIC="on">Implementation of the gender mainstreaming methodology in the EU budget</STRING> [Cur chun feidhme na modheolaíochta maidir le príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na freagraí i scríbhinn a chuir an Coimisinéir ainmnithe um an mBuiséad, um Fhrith-Chalaois agus um an Riarachán Poiblí ag an am ar fáil le linn thréimhse na n-éisteachtaí deimhniúcháin in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú agus Ardán Gníomhaíochta Bhéising (1995),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ón nGrúpa Speisialtóirí um Buiséadú Inscne de chuid Chomhairle na hEorpa (2005),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ghníomhaíochtaí na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus dá foilseacháin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0212/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur cuspóir an Aontais é an comhionannas inscne a chumhdaítear ina dhlí príomha agus gur prionsabal é ar cheart a bheith i gcroílár bheartais uile an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur straitéis é príomhshruthú inscne a dtugtar aitheantas dó ar fud an domhain chun lánpháirtiú gné na hinscne a áirithiú agus gach beartas, clár agus beart á dhearadh, á chur chun feidhme agus á mheasúnú chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus idirdhealú a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go sainmhíníonn Comhairle na hEorpa buiséadú inscne mar mheasúnú inscnebhunaithe ar bhuiséid lena n-ionchorpraítear gné inscne ar gach leibhéal den phróiseas buiséadach agus athstruchtúrú ioncaim agus caiteachais chun comhionannas inscne a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndéanann EIGE cur síos ar bhuiséadú inscne mar uirlis lena gcuirtear ar chumas lucht déanta beartas cuntasacht agus trédhearcacht a chur chun cinn, rannpháirtíocht chothrom gach inscne sa phróiseas buiséid a mhéadú agus comhionannas inscne a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in iúl nár cuireadh comhionannas inscne san áireamh go leormhaith i gcreat airgeadais ilbhliantúil AE (CAI) 2014-2020;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur ábhar imní é comhtháthú an chomhionannais inscne mar thosaíocht chothrománach i mbuiséad an Aontais le fada an lá sa Choiste um Rialú Buiséadach agus sa Pharlaimint araon agus go meastar gur príomhchritéar é lena bhféadtar measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus ar a bhainistíocht, feidhmíocht agus comhréireacht fhónta airgeadais;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go ndéantar príomhshruthú inscne i mbuiséad AE a threisiú faoin gComhaontú Idirinstitiúideach a ghabhann le CAI 2021-2027, lena n-áirítear trí cheanglais chun an measúnú ar thionchar inscne a neartú i measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí a neartú faoin gcreat maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, agus chun modheolaíocht phíolótach a fhorbairt chun caiteachas atá ábhartha do chur chun cinn an chomhionannais inscne ar leibhéal an chláir a thomhas amhail ó 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, chun comhionannas inscne a shaothrú, go bhfuil gá le cur chuige trasnach maidir le buiséadú inscne lena gcuirtear i gcuntas go ndéantar leithcheal de chineálacha éagsúla ar mhná ar baill iad de ghrúpaí ciniúlaithe, daoine faoi mhíchumas, daoine LADTIA+ agus imircigh, chun a áirithiú go gcuirfear comhionannas chun cinn i ngach gné de chaiteachas AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é an teaghlach bunaonad na sochaí agus go bhfuil ról ríthábhachtach aige maidir le folláine, cobhsaíocht agus forbairt daoine aonair, pobal agus náisiún a chothú; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfar é a chur chun cinn agus go dtugtar tacaíocht ghníomhach leis le beartais chothrománacha AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur réamhriachtanas é buiséadú inscne chun comhionannas inscne a bhaint amach agus gur coinníoll ann féin é comhionannas inscne d’fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear laistigh den Aontas, i gcás inar léirigh EIGE trí shamhail eacnaiméadrach láidir a chuirtear i bhfeidhm ar an gcomhthéacs sonrach AE go mbeadh sraith tairbhí maicreacnamaíocha i roinnt réimsí amhail oideachas, gníomhaíocht i margadh an tsaothair agus pá mar thoradh ar fheabhas a chur ar chomhionannas inscne; de bhrí gur léirigh EIGE freisin go bhfuil tionchar láidir dearfach ag an gcomhionannas inscne go ginearálta ar OTI per capita, agus go mbeadh méadú 6,1 % ar a laghad agus suas le 9,6 % faoi 2050 ar OTI an Aontais per capita mar thoradh ar fheabhas a chur ar chomhionannas inscne, arb ionann é agus EUR 1,95 trilliún agus EUR 3,15 trilliún faoi seach;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé tuairiscithe ag EIGE go bhfuil meath imníoch tagtha ar iarrachtaí na mBallstát príomhshruthú inscne a chur chun feidhme ó 2021 i leith, treocht nár cheart a léiriú ar leibhéal an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le measúnuithe tionchair ex ante maidir le comhionannas inscne agus bearta maolaithe a chomhtháthú go córasach i bpróisis ceaptha beartas AE chun a áirithiú go gcuirfidh tionscnaimh a bheidh ann amach anseo comhionannas inscne chun cinn agus nach rachaidh sé in olcas mar gheall ar na tionscnaimh sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí nach mór d’institiúidí daonlathacha éagsúlacht na sochaí a léiriú, go háirithe i gcomhdhéanamh a bhfoirne;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil cothromaíocht inscne fós ina cuspóir nár baineadh amach ar go leor leibhéil ríthábhachtacha chinnteoireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go n-iarrtar le Dearbhú agus Ardán Gníomhaíochta Bhéising go ndéanfaí gné na hinscne a chomhtháthú i gcinntí buiséadacha ar gach leibhéal, agus de bhrí go bhfuil an tAontas tiomanta dá phrionsabail a chur i bhfeidhm, go háirithe chun a áirithiú go rannchuideoidh acmhainní poiblí go héifeachtach le comhionannas inscne agus le cumhachtú na mban ar fud na réimsí beartais uile;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i gcomhréir lena ghealltanais cheangailteacha, agus tar éis iarrataí a rinne an Pharlaimint arís agus arís eile, go bhfuil modheolaíocht phíolótach forbartha ag an gCoimisiún chun caiteachas a bhaineann le comhionannas inscne ar leibhéal an chláir in CAI 2021-2027 a rianú agus a thomhas, d’fhonn príomhshruthú inscne a fheabhsú i bpróiseas buiséadach an Choimisiúin agus d’fhonn feabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar cuspóirí comhionannais inscne a chur chun cinn le dearadh beartais agus leithdháileadh acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">ag tabhairt dá haire, faoin modheolaíocht reatha, go sannann an Coimisiún scóir éagsúla do chláir bunaithe ar mheasúnú ar a rannchuidiú le comhionannas inscne ar an leibhéal idirghabhála is mionsonraithe is féidir, lena dtugtar scór de:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>2 d’idirghabhálacha arb é is príomhchuspóir dóibh comhionannas inscne a fheabhsú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>1 d’idirghabhálacha a bhfuil comhionannas inscne mar chuspóir tábhachtach agus d’aon ghnó acu ach ní mar phríomhchúis leis an idirghabháil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>0 d’idirghabhálacha neamh-spriocdhírithe, is é sin le rá, idirghabhálacha a mheastar nach mbeidh aon tionchar suntasach acu ar chomhionannas inscne;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>0* d’idirghabhálacha ar dócha go mbeidh tionchar dearfach acu ar chomhionannas inscne ach atá doiléir go fóill;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an mhodheolaíocht bunaithe ar an marcóir beartais comhionannais inscne arna fhorbairt ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, ar uirlis staidrimh cháilíochtúil í a úsáidtear chun chun faireachán agus taifead a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí forbartha lena ndírítear ar chomhionannas inscne mar chuspóir beartais agus a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm maidir le cláir chaiteachais bhuiséadacha AE uile faoi bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth nach ionann modheolaíocht an Choimisiúin agus an marcóir beartais comhionannais inscne a d’fhorbair an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta toisc nach n-áirítear léi scór lena bhféadfaí éifeachtaí diúltacha féideartha de chaiteachas AE ar chuspóirí príomhshruthaithe inscne a rianú agus toisc go dtugtar isteach catagóir 0* le haghaidh idirghabhálacha a bhfuil tionchar dearfach dóchúil ach doiléir go fóill acu i leith comhionannas inscne; á chur i bhfios go láidir gur cheart, go seachnófaí le modheolaíocht an Choimisiúin, in aon chás, iarmhairtí neamhbheartaithe, amhail infheistíochtaí a dhíspreagadh nó diúltú dóibh in earnálacha atá straitéiseach ach ina mbíonn inscne aonair i gceannas go traidisiúnta, lena n-áirítear earnáil na cosanta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maidir le cur chun feidhme na modheolaíochta arna forbairt ag an gCoimisiún</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur úsáideadh an mhodheolaíocht den chéad uair sa phróiseas chun na meastacháin do bhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2023 a dhréachtú, agus go raibh cur i bhfeidhm cúlghabhálach ar bhuiséid na mblianta airgeadais 2021 agus 2022 ag gabháil léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, don bhliain airgeadais 2021, tráth a foilsíodh an Tuarascáil Bhliantúil ar Fheidhmíocht na Bainistíochta lena mbaineann agus as EUR 352 bhilliún i ngealltanais, go raibh scór de 2 faighte ag 1 % de na gealltanais, go raibh scór 1 faighte ag 3 %, go raibh scór 0 faighte ag 1 % agus go raibh scór 0* faighte ag 95 % díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire don bhliain airgeadais 2022, tráth a foilsíodh an Tuarascáil Bhliantúil ar Fheidhmíocht na Bainistíochta lena mbaineann agus as EUR 321 bhilliún i ngealltanais, go raibh scór de 2 faighte ag 2 % de na gealltanais, go raibh scór 1 faighte ag 9 %, go raibh scór 0 faighte ag 16 % agus go raibh scór 0* faighte ag 73 % díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire, don bhliain airgeadais 2023, tráth a foilsíodh an Tuarascáil Bhliantúil ar Fheidhmíocht na Bainistíochta lena mbaineann agus as EUR 427 bhilliún i ngealltanais, go raibh scór de 2 faighte ag 2 % de na gealltanais, go raibh scór 1 faighte ag 9 %, go raibh scór 0 faighte ag 69 % agus go raibh scór 0* faighte ag 20 % díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire don bhliain airgeadais 2024, tráth a foilsíodh an Tuarascáil Bhliantúil ar Fheidhmíocht na Bainistíochta lena mbaineann agus as EUR 195 bhilliún i ngealltanais, go raibh scór de 2 faighte ag 3 % de na gealltanais, go raibh scór 1 faighte ag 17 %, go raibh scór 0 faighte ag 65 % agus go raibh scór 0* faighte ag 16 % díobh, agus na scóir sin á slánú suas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil sciar laghdaitheach na ngealltanas a bhfuil scór 0* acu thar na blianta mar thoradh ar fheabhas ar bhailiú agus ar infhaighteacht sonraí agus ar fheabhas ar chumas tuairiscithe an Choimisiúin, rud a chuireann ar chumas a ardstiúrthóireachtaí tomhas níos fearr a dhéanamh ar rannchuidiú a gclár le comhionannas inscne ar leibhéal níos mionsonraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí, thairis sin, mar gheall ar infhaighteacht theoranta sonraí agus ar an acmhainneacht theoranta tuairiscithe le linn na chéad bhlianta airgeadais ar cuireadh an mhodheolaíocht sin i bhfeidhm ina leith, gur beag breisluach atá ann maidir le huimhreacha ó bhliain airgeadais amháin go bliain airgeadais eile a chur i gcomparáid bunaithe ar na torthaí bliantúla nó maidir le léargais a fháil ó chomparáidí den sórt sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún gur féidir a mheas go bhfuil comhionannas inscne á chur chun cinn le hidirghabhálacha a bhfuil scór sannta 2 nó 1 acu agus i bhfianaise an mhéid sin, gur cuireadh comhionannas inscne chun cinn in 2024 le hidirghabhálacha ar fiú EUR 37,99 billiún iad, de bhrí gurbh ionann an figiúr sin agus EUR 10,76 billiún in 2021, EUR 37,83 billiún in 2022 agus EUR 47,99 billiún in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an laghdú ar dhearbhluach idir 2023 agus 2024 ar idirghabhálacha a meastar go gcuirtear comhionannas chun cinn leo mar thoradh díreach ar an laghdú ar mhéid iomlán na ngealltanas idir an dá bhliain airgeadais sin, arb é is cúis leis den chuid is mó den chéimniú amach de ghealltanais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar na torthaí dá bhforáiltear do gach bliain airgeadais, gur fhoilsigh an Coimisiún, i dTuarascáil Bhliantúil 2024 Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais, athmheasúnú ar na torthaí uile roimhe sin bunaithe ar mheasúnuithe níos déanaí agus níos cuimsithí ar a chláir, as ar eascair treochtaí comhiomlána lena léirítear gur tugadh scór d’idirghabhálacha thar an tréimhse 2021 go 2024 de 2 do 2 % díobh, gur tugadh scór 1 do 10 % díobh, gur tugadh scór de 0 do 83 % díobh agus gur tugadh scór de 0* do 5 % díobh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, de réir athmheasúnú an Choimisiúin, san iomlán, sna blianta airgeadais 2021-2024, gur rannchuidigh 12 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais le cur chun cinn inscne (le scóir 1 agus 2), arbh ionann é agus EUR 158,4 billiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfeidhmíonn cláir bhuiséadacha AE uile mar an gcéanna maidir le comhtháthú inscne mar thosaíocht chothrománach, agus go bhfeidhmíonn roinnt clár i bhfad níos fearr mar gheall ar a ndearadh beartais, amhail cláir faoi Cheannteideal 6 ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ inar bunaíodh inscne mar thosaíocht thrasearnálach le spriocanna agus critéir shoiléire, agus cláir shonracha faoi cheannteidil eile amhail Fís Eorpach, a chothaíonn, a bhuí lena cheanglas buiséadú inscne a chur chun feidhme, ní hamháin comhionannas inscne ach a mbíonn tionchar dearfach acu freisin ar chleachtais na mBallstát trí thraséilliú le linn chéim an chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, ós rud é gur uirlis rianaithe atá deartha go sonrach le haghaidh buiséid oibríochtúla í an mhodheolaíocht a úsáidtear, nach féidir léi measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar bhuiséid riaracháin institiúidí agus chomhlachtaí AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil raon feidhme na modheolaíochta teoranta, ós rud é nach léirítear go leormhaith léi éifeachtaí tánaisteacha ná indíreacha na gclár ar chomhionannas inscne, ná tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ná ar na gnéithe trasnacha is gá chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar thionchair bheartais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach ndéantar na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag cláir ar chomhionannas inscne a mheas go leordhóthanach, go háirithe in earnálacha amhail iomaíochas, cosaint agus ullmhacht; á chur i bhfios go láidir nár cheart srianta ná laghduithe ar infheistíochtaí in earnálacha ríthábhachtacha a bheith mar thoradh ar chomhionannas inscne a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta nithiúla a mholadh chun feabhas a chur ar chomhionannas inscne, agus á áirithiú nach ndéanfar dochar do chinntí infheistíochta.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfágann cineál ex post na modheolaíochta nach féidir léi tionchar struchtúrach a imirt ar dhearadh beartas ag céim ex ante nó ar bhailiú agus leithdháileadh na n-acmhainní airgeadais, rud atá bunriachtanach chun comhionannas inscne a phríomhshruthú i gceart i gcláir AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maidir leis an gcur chuige níos leithne i leith príomhshruthú inscne i gcláir airgeadais AE</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar an modheolaíocht príomhshruthaithe inscne a chuirtear i bhfeidhm maidir le buiséad an Aontais, go ndéantar comhionannas inscne a phríomhshruthú ina mbunúis dlí i gcláir AE áirithe cé nach ndéantar amhlaidh i gcláir AE eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, cé gur creat úsáideach é cur chuige déach an Choimisiúin maidir le príomhshruthú inscne, atá deighilte idir buiséad an Aontais a rianú agus na cuspóirí a leagtar amach i mbunúis dlí na gclár a bhunú, go bhfuil an cur chuige sin ilroinnte agus nach bhfuil tionchar aige ar na cláir uile a mhéid céanna, rud a laghdaíonn comhleanúnachas chur chuige an Aontais maidir le comhionannas inscne;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha deiridh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire measúnú an Choimisiúin ar chur chun feidhme an phríomhshruthaithe inscne i mbuiséad AE<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán lena mbunaítear creat rianaithe caiteachais agus feidhmíochta buiséid agus rialacha cothrománacha eile le haghaidh chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais COM(2025)0545.</FIELD></FOOTNOTE> agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i gcás na mblianta atá fágtha de CAI 2021-2027, gur cheart é a bheith mar thosaíocht leanúint de mheastóireacht a dhéanamh ar chláir chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar a rannchuidiú le comhionannas inscne agus ceachtanna a fhoghlaim maidir lena gcur chun feidhme, agus leas maith á bhaint as tuairisciú feabhsaithe sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de agus atá i bhfeidhm ó 2023 i leith; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar feabhsaithe leis na Ballstáit uile chun modheolaíochtaí a chomhchuibhiú agus chun aon ilroinnt ina gcur chuige a sheachaint, agus chun feabhas a chur ar bhailiú, comhiomlánú agus tuairisciú sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á aithint, cé gur uirlis úsáideach í an mhodheolaíocht a d’fhorbair an Coimisiún chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú bhuiséad AE leis an gcomhionannas inscne, go bhfuil teorainneacha os a comhair, rud a chuireann srian ar a chumas éifeacht chlaochlaitheach a bheith aige; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infhaighteacht sonraí agus úsáid táscairí feidhmíochta sonracha, intomhaiste, indéanta, réalaíocha agus faoi cheangal ama (SMART) a áirithiú i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, ós rud é go bhfuil tionchar ag géarchéimeanna iomadúla agus athruithe ar thosaíochtaí polaitiúla ar bhuiséad an Aontais, go bhfuil sé bunriachtanach go mbeadh buiséadú inscne mar chuid chomhréireach de chroí-thimthriall buiséadach na gclár ex ante, lena n-áirítear i réimsí tosaíochta nua amhail iomaíochas, cosaint agus ullmhacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige lánfheidhme agus cuimsitheach a fhorbairt maidir le buiséadú inscne agus modheolaíocht shonrach agus chuimsitheach a fhorbairt do bhuiséad an Aontais, a bheidh curtha i bhfeidhm go hiomlán a luaithe a chuirfear tús leis an gcéad chlárthréimhse eile a mbeidh acmhainneacht chlaochlaitheach aici arna cumasú ag a cumas tionchar a imirt ar an timthriall buiséadach ina iomláine agus trí dhul i ngleic leis na saincheisteanna a shainaithnítear sa rún seo, chun bainistiú fónta airgeadais chistí an Aontais a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth, sa bhreis ar CAI, gur cheart d’aon ionstraim arna glacadh faoi Airteagal 122 CFAE forálacha príomhshruthaithe inscne agus buiséadaithe a chur i bhfeidhm freisin de réir mar is iomchuí, gan cuspóirí cláir, critéir incháilitheachta ná dhámhachtana atá leagtha síos cheana féin i reachtaíocht earnáilsonrach a athrú, d’fhonn rianú a dhéanamh ar rannchuidiú an Aontais le comhionannas inscne a chur chun cinn ar fud na n-ionstraimí cistiúcháin uile ar bhealach cuimsitheach agus comhsheasmhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair ex ante córasacha a dhéanamh ina ndéanfar anailís freisin ar thionchair shonracha bheartais agus bhearta beartais fhioscaigh AE – lena n-áirítear scéimeanna cánach agus cláir Státchabhrach – maidir le comhionannas inscne, i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, agus é mar aidhm éagothromaíochtaí inscne a shainaithint agus a mhaolú; á chur i bhfáth gur cheart aird chúramach a thabhairt freisin ar na tionchair shóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le comhionannas inscne feabhsaithe agus costais riaracháin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide á gcur i gcuntas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú nach mór do thograí reachtacha uile an Aontais dlí príomha an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear prionsabal an chomhionannais inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún a measúnuithe tionchair ex ante a neartú chun aon éifeachtaí diúltacha féideartha ar chomhionannas inscne laistigh den Aontas a mheas agus a íoslaghdú ar bhealach cúramach agus tograí reachtacha á n-ullmhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún ‘sásra coimirce um chomhionannas inscne’ a bhunú mar chuid chaighdeánach de nósanna imeachta reachtacha AE, lena n-éileofaí athbhreithniú ar aon togra a léirítear, trí anailís na Cúirte Iniúchóirí, go mbaineann sé an bonn de straitéis agus cuspóirí an Aontais maidir le comhionannas inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi éagothroime na hionadaíochta inscne i measc oifigeach agus ionadaithe polaitiúla ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, rud a bhaineann an bonn de phrionsabal an chomhionannais inscne san ionadaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht de thuilleadh beart maidir le comhionannas inscne a thabhairt isteach ar an leibhéal bainistíochta, chun a áirithiú go mbeidh gach inscne rannpháirteach go leordhóthanach i gceapadh beartas trí scéimeanna tacaíochta spriocdhírithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh sciar íosta de bhuiséad an Aontais atá tiomanta do chomhionannas inscne mar phríomhchuspóir (a chomhfhreagraíonn do scór 2 sa mhodheolaíocht atá ann faoi láthair);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí sprioc chainníochtúil a leagan síos sa chéad chlárthréimhse eile do sciar de bhuiséad AE a rannchuidíonn le comhionannas inscne a chur chun cinn (a chomhfhreagraíonn do scór 2 nó 1 sa mhodheolaíocht atá ann faoi láthair), ag tabhairt dá haire go bhfuil spriocanna comhchosúla úsáideach chun cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta AE a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle na forálacha a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais athbhreithnithe a urramú le linn na caibidlíochta maidir leis an gcéad ghlúin eile de chláir, eadhon gur cheart cláir agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha ábhartha, agus prionsabal an chomhionannais inscne á chur i gcuntas agus i gcomhréir le modheolaíocht iomchuí príomhshruthaithe inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais athbhreithnithe, a áirithiú go n-áireofar sa chéad ghlúin eile de chláir cuspóirí lena gceadaítear, i gcás inarb iomchuí, sonraí atá imdhealaithe de réir inscne a bhailiú agus sonraí den sórt sin a chomhiomlánú ar fud na gclár ábhartha uile; á iarraidh ar an gCoimisiún a mhodheolaíocht a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh chun rianú a dhéanamh ar rannchuidiú bhuiséad an Aontais leis an gcomhionannas inscne, lena n-áirítear trí úsáid chórasach a bhaint as uirlisí digiteacha, amhail an intleacht shaorga, chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí, ar chomhiomlánú agus ar anailís traschláir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh ar na gníomhaithe ábhartha uile, lena n-áirítear an Chomhairle, an Coimisiún, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe ábhartha eile, a ndícheall a dhéanamh ionas go mbeidh buiséadú inscne curtha i bhfeidhm sa chéad chlárthréimhse eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún sciar méadaithe de bhuiséad ghníomhaíochtaí seachtracha AE a leithdháileadh ar idirghabhálacha a chuireann le comhionannas inscne agus le cumhachtú na mban agus 25 % d’ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais a thiomnú tuilleadh in CAI atá ar na bacáin chun comhionannas inscne a chur chun cinn mar phríomhchuspóir; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, ciste tiomnaithe a bhunú chun comhionannas inscne a chur chun cinn ar fud an domhain agus chun a áirithiú go ndíreofar, leis na gníomhaíochtaí a dtacaíonn sé leo, ar rochtain ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, ar rannpháirtíocht na mban sa chinnteoireacht a mhéadú, ar thacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla atá faoi stiúir na mban, agus ar chúnamh a thabhairt do chosantóirí áitiúla chearta an duine ar mná iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cuspóirí soiléire a leagan síos don chéad CAI eile maidir le rannchuidiú leis na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a laghdú, agus maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheist bhochtaineacht na mban, lena n-áirítear trí sheirbhísí cúraim leanaí feabhsaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh cláir arna gcistiú ag an Aontas cearta na mban a chosaint agus a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar rochtain ar chúram sláinte poiblí, ar chúram leanaí agus ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí AE, i gcomhréir le prionsabail na Treorach maidir le Trédhearcacht Pá<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar na bearnaí pá a d’fhéadfadh a bheith ann idir na hinscní agus bearta iomchuí a dhéanamh i gcás inar gá; ag athdhearbhú a hiarrata ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE feabhas a chur ar chothromaíocht inscne, go háirithe ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí; á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais anailís a dhéanamh chun réimsí laistigh de thimthriall na n-acmhainní daonna a shainaithint – idir earcaíocht, rochtain agus ardú céime – sna háiteanna is mó a bhfuil gá leis na feabhsuithe sin, agus féachaint an bhféadfaí bearta breise a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a bhaint amach a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag aithint na n-éagothromaíochtaí inscne leanúnacha i roinnt earnálacha ina mbíonn inscne amháin i gceannas go traidisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún buiséadú inscne a chur i bhfeidhm chun coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha chun rochtain a fháil ar scileanna riachtanacha agus ar chláir oideachais do gach inscne a áirithiú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus chun comhionannas inscne a fheabhsú sna hearnálacha sonracha sin agus é mar aidhm iomaíochas an tionscail a fheabhsú; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar fhiontraithe ban, go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide agus i ngnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear trí fhaireachán sonrach laistigh de chláir, amhail na cláir InvestEU agus Fís Eorpach; á iarraidh go mbeadh sásraí faireacháin agus tuairiscithe níos láidre ann chun a áirithiú go rachaidh cistí chun tairbhe do mhná agus do ghrúpaí imeallaithe i ndáiríre;
</ACTION><SEPARATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">°</STRING></STRING>

<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">°     °</STRING></STRING>
</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>