<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0293</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3/2025: coigeartú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, nuashonrú ar ioncaim agus nuashonruithe teicniúla eile</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0237/2025 -  Rapóirtéir: Victor Negrescu)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2025 ar an seasamh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2025 a ghabhann leis an mbuiséad ginearálta do 2025:Coigeartú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, nuashonrú ar ioncaim agus nuashonruithe teicniúla eile (14878/2025 – C10-0301/2025 – 2025/0319(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 44 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2025, arna ghlacadh go cinntitheach an 27 Samhain 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/31, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2025/31/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/433/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (IIA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 AE ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2025, a ghlac an Coimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2025 (COM(2025)0850),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don seasamh maidir le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2025, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 17 Samhain 2025 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an lá céanna (14878/2025 – C10‑0301/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 96 agus 98 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0237/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb é cuspóir Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2025 taobh an ioncaim den bhuiséad a nuashonrú chun na forbairtí is déanaí a chur san áireamh, agus taobh an chaiteachais den bhuiséad a choigeartú i ndáil le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, agus, ina theannta sin, taobh an chaiteachais den bhuiséad a choigeartú i ndáil le roinnt gníomhaireachtaí díláraithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, i ndáil le caiteachas, go bhfuil glanmhéadú EUR 123.7 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 2,52 billiún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i gceist le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go moltar i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2025 roinnt coigeartuithe ar mhaoiniú gníomhaireachtaí díláraithe ar fud ceannteidil éagsúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, ar thaobh an ioncaim, le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2025 go n-iontráiltear fíneálacha agus pionóis chinntitheacha a íoctar suas go dtí mí Mheán Fómhair 2025 i mbuiséad 2025, arb ionann iad agus EUR 1,19 billiún san iomlán chomh maith le EUR 1,3 billiún d’Acmhainní Dílse Traidisiúnta breise;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, mar thoradh ar na coigeartuithe sin, go bhfuil gá le ranníocaíochtaí breise OIN de EUR 31,9 milliún chun na riachtanais íocaíochta a chomhlíonadh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur sonrú i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2025 mar a thíolaic an Coimisiún é, agus go háirithe an tionchar an-íseal foriomlán ar ranníocaíochtaí OIN na mBallstát, mar gheall ar chomhardú na riachtanas íocaíochta níos airde agus na sreafaí ioncaim breise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méadú EUR 2 bhilliún ar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), i gcomhar leis na treisithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) in Ollaistriú na bliana seo (DEC 15/25), mar chomhartha go bhfuil dlús á chur le cur chun feidhme an chláir tar éis tús mall, ar ábhar imní é, sa tréimhse 2021-2027; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról ríthábhachtach ag atreisiú na gcistí struchtúracha agus leithreasuithe CBT maidir le leanúnachas scéimeanna tacaíochta talmhaíochta a choinneáil, slándáil bia a áirithiú, agus forbairt tuaithe inbhuanaithe a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na bearta sin chun athléimneacht earnáil na talmhaíochta a neartú agus chun an chothromaíocht shocheacnamaíoch i gceantair thuaithe a chaomhnú; ag meabhrú chomhlántacht na méaduithe sin leis na coigeartuithe ar leithreasú faoi chomhair íocaíochtaí san Ollaistriú (DEC 15/2025);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tathant i gcónaí go gcuirfí dlús le cur chun feidhme na mbeart faoi CFRE, CSE+ agus faoin Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV); á chur in iúl gur geal léi glacadh níos tapúla an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) ná mar a bhíothas ag súil leis; ag dréim leis go n-úsáidfear níos mó ná EUR 3 bhilliún in íocaíochtaí breise ó STEP go pras agus go héifeachtach le haghaidh na gcuspóirí sonracha faoi na bunghníomhartha faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur sonrú sa staid reatha is déanaí maidir leis na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (SFPAnna) agus á chur in iúl gur geal léi, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha in IIA, go bhfuil ról gníomhach ag an údarás buiséadach maidir leis na leithreasuithe atá faoi chúlchiste a scaoileadh ar theacht i bhfeidhm agus ar chur i bhfeidhm na bprótacal cur chun feidhme idirnáisiúnta faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an laghdú ar ghealltanais (EUR 78 milliún) agus ar íocaíochtaí (EUR 48 milliún) don Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim (ITRC) mar gheall ar mhoilleanna ar chur chun feidhme sna Ballstáit tráth ar cheart go mbeadh comhar agus infheistíochtaí sa réimse sin a bheith bisiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an coigilteas ar ghealltanais (EUR 5 mhilliún) don Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (ITT) mar gheall ar ghnóthachain éifeachtúlachta ó nósanna imeachta soláthair iomaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag cur sonrú i luas chur chun feidhme na n-athchóirithe agus moilliú comhréireach ar ionsú na n-íocaíochtaí faoin tSaoráid don Úcráin; á aithint go bhféadfar  codanna de na leithreasuithe neamhshúite a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain bhuiséid eile; á mholadh do na gníomhaithe uile lena mbaineann dul chun cinn a dhéanamh maidir le bearta a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí, amhail na comhaontuithe measctha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur sonrú sna coigeartuithe ar ranníocaíocht an Aontais le gníomhaireachtaí díláraithe éagsúla; á mheas gur de chineál teicniúil iad na coigeartuithe sin den chuid is mó; á chur in iúl gur geal léi an méid sin a mhéid a bhaineann siad an úsáid is fearr is féidir as acmhainní faoi na línte oibríochtúla, amhail LIFE, AMIF nó Clár an Mhargaidh Aonair; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gurb é an chúis fhorluiteach atá le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí a ‘fhilleadh’ ó na línte gníomhaireachta faoi seach go dtí na línte clár gaolmhara ná moill ar earcú foirne nó moill ar rolladh amach tionscnamh nua beartais agus reachtach amhail Straitéis Infheistíochta Miondíola (a bhaineann le ESMA agus ÚEÁPC), an Comhshocrú maidir le Tearmann agus Imirce (a bhaineann le EUAA), an pacáiste sábháilteachta muirí (a bhaineann le EMSA) nó an togra maidir le teicnící nua géanómaíocha (a bhaineann le EFSA);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>sa chomhthéacs sin, á thabhairt chun suntais agus á athdhearbhú, go dtacaíonn sí go láidir leis an Údarás nuabhunaithe um Fhrithsciúradh Airgid (AMLA) sa chreat athbhreithnithe maidir le frithsciúradh airgid ar leibhéal an Aontais; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí na moilleanna leanúnacha sa chéim bhunaithe, go háirithe maidir le hearcaíocht agus á iarraidh go gcuirfí dlús leis na próisis earcaíochta ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ioncam breise a eascraíonn as fíneálacha cinntitheacha agus íocaíochtaí pionósacha dar luach EUR 1 185.1 milliún a ionchorprú sa bhuiséad; á mheas gur fíorfhoinsí ioncaim de chuid an Aontais iad na méideanna sin lena laghdaítear ranníocaíochtaí OIN-bhunaithe na mBallstát; sa chomhthéacs sin, á mheabhrú go bhfuil modhnuithe molta ag an gCoimisiún do thréimhse an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile chun a áirithiú go bhféadfadh leithreasuithe caiteachais breise a bheith mar thoradh ar an ioncam amhantair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cur sonrú sa togra chun EUR 1 300 milliún de ‘bharrachas measta na nAcmhainní Dílse Traidisiúnta’ a bhuiséadú; á chur in iúl go bhfuil amhras uirthi faoin bhfiúntas a bhaineann le nuashonruithe arís agus arís eile ar an ioncam a eascraíonn as dleachtanna custaim le linn na bliana buiséid, go háirithe lasmuigh den bhuiséad leasaitheach tiomnaithe bliantúil chun taobhanna an ioncaim a thabhairt cothrom le dáta agus a thabhairt chun rialtachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur sonrú i nuashonrú na gcoigeartuithe tuarascáil le haghaidh 2025 agus á chomhaontú tionchar buiséadach na gcoigeartuithe sin a chomhtháthú mar leasú teicniúil i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2025; ag cur dá haire go dtugtar le fios leis sin laghdú de shuim iomlán EUR 78,8 milliún i leithreasuithe neamhdhifreáilte thar na línte buiséid ábhartha agus na ranna ábhartha faoi Cheannteideal 7;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 3/2025 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>