<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0297</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Faisnéis staidrimh á bailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0222/2025 -  Rapóirtéir: Aurore Lalucq)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2025 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 maidir le faisnéis staidrimh a bheith á bailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (09737/2025 – C10-0118/2025 – 2025/0806(CNS))</STRING></TI><NOTE>(Comhairliúchán)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach (09737/2025 – BCE/2025/17),</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 129(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagail 5.4 agus 41 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle lei Parlaimint na hEorpa (C10‑0118/2025),</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 84 dá Rialacha Nós Imeachta,</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0222/2025),</P></VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION><P><NO.P>1.</NO.P>ag formheas an dréachta a mholtar sa mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach arna leasú;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an dréacht a mholtar sa mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach a leasú go substaintiúil;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig an gCoimisiún..</P></ACTION></ACTLST></DISPOSITIF><AMDLST><HD><HEAD.OLD><STRING ITALIC="on">Dréacht ón mBanc Ceannais Eorpach</STRING></HEAD.OLD><HEAD.NEW><STRING ITALIC="on">Leasú</STRING></HEAD.NEW></HD><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		1</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 1</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(1)</NO.P>Tá Rialachán (CE) Uimh. 2533/98<STRING SUPERSCRIPT="on">1</STRING> ón gComhairle ina phríomhghné den chreat dlíthiúil a thacaíonn le cúraimí bailithe staidrimh an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta. Bhí BCE ag brath go comhsheasmhach ar an Rialachán sin chun <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">bailiú comhordaithe na faisnéise staidrimh is gá chun tabhairt faoi chúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh air</STRING></STRING>.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(1)</NO.P>Tá Rialachán (CE) Uimh. 2533/98<STRING SUPERSCRIPT="on">1</STRING> ón gComhairle ina phríomhghné den chreat dlíthiúil a thacaíonn le cúraimí bailithe staidrimh an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Agus bailiú comhordaithe na faisnéise staidrimh is gá á dhéanamh agus faireachán á dhéanamh air,</STRING></STRING> bhí BCE ag brath go comhsheasmhach ar an Rialachán sin chun <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">a chuspóirí</STRING></STRING> a chomhlíonadh <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ar bhealach níos éifeachtúla</STRING></STRING> agus chun a chúraimí a chur i gcrích <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Reacht agus chun freagairt níos fearr a thabhairt ar na dúshláin ghéara agus ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn</STRING></STRING>.</P></NEW><OLD><P>__________________</P></OLD><NEW><P>__________________</P></NEW><OLD><P><STRING SUPERSCRIPT="on">1</STRING> Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le faisnéis staidrimh do bhailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1998/2533/oj).</P></OLD><NEW><P><STRING SUPERSCRIPT="on">1</STRING> Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le faisnéis staidrimh do bhailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1998/2533/oj).</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		2</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 3</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(3)</NO.P>Leis an gclaochlú digiteach, tugadh isteach deiseanna radacacha nua chun teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú, ní hamháin i ngnólachtaí, ach i soláthar seirbhísí poiblí freisin. Chruthaigh sé timpeallacht gan fasach le riachtanais nua le haghaidh staidrimh chun tabhairt faoi chúraimí CEBC agus féidearthachtaí nua chun sonraí gráinneacha a bhailiú ar bhealach níos éifeachtúla. Thairis sin, leis na forbairtí eacnamaíocha agus airgeadais a tharla le déanaí amhail an éigeandáil aeráide, paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh agus costais mhaireachtála a spreag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, méadaíodh na héilimh agus na hionchais maidir le staidreamh níos tráthúla, níos minice agus níos mionsonraithe a theastaíonn chun tacú le feidhmiú chúraimí CEBC. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach cothromaíocht a bhaint amach idir na héilimh agus na hionchais sin agus an gá atá ann an t-ualach a chuirtear ar na gníomhairí tuairiscithe nua a choinneáil chomh híseal agus is féidir, ós rud é gur coinníollacha riachtanacha iad an t-iomaíochas agus an táirgiúlacht chun go mbeidh rath ar ghnólachtaí. Ar an gcúis sin, tá sé tábhachtach an creat dlíthiúil a oiriúnú chun tacú le prionsabal na haonuaire i ndáil le tuairisciú staidrimh agus rialála nuair is féidir chun a áirithiú nach mbeidh ar ghníomhairí tuairiscithe na sonraí céanna a thuairisciú níos mó ná uair amháin. Ba cheart do na hoiriúnuithe sin aird a thabhairt ar neamhspleáchas BCE agus ar na prionsabail staidrimh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2533/98.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(3)</NO.P>Leis an gclaochlú digiteach, tugadh isteach deiseanna radacacha nua chun teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú, ní hamháin i ngnólachtaí, ach i soláthar seirbhísí poiblí freisin. Chruthaigh sé timpeallacht gan fasach le riachtanais nua le haghaidh staidrimh chun tabhairt faoi chúraimí CEBC agus féidearthachtaí nua chun sonraí gráinneacha a bhailiú ar bhealach níos éifeachtúla. Thairis sin, leis na forbairtí eacnamaíocha agus airgeadais a tharla le déanaí amhail an éigeandáil aeráide, paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh agus costais mhaireachtála a spreag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, méadaíodh na héilimh agus na hionchais maidir le staidreamh níos tráthúla, níos minice agus níos mionsonraithe a theastaíonn chun tacú le feidhmiú chúraimí CEBC. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach cothromaíocht a bhaint amach idir na héilimh agus na hionchais sin agus an gá atá ann an t-ualach a chuirtear ar na gníomhairí tuairiscithe a choinneáil chomh híseal agus is féidir, ós rud é gur coinníollacha riachtanacha iad an t-iomaíochas agus an táirgiúlacht chun go mbeidh rath ar ghnólachtaí. Ar an gcúis sin, tá sé tábhachtach an creat dlíthiúil a oiriúnú chun tacú le prionsabal na haonuaire i ndáil le tuairisciú staidrimh agus rialála nuair is féidir chun a áirithiú nach mbeidh ar ghníomhairí tuairiscithe na sonraí céanna a thuairisciú níos mó ná uair amháin. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sa chomhthéacs sin agus i bhfianaise na hacmhainneachta a bhaineann leis an digitiú, ba cheart do BCE féachaint a thuilleadh ar uirlisí lena mbaintear leas as an digitiú chun próisis bailithe sonraí a chuíchóiriú agus chun ualach na gcúraimí a dhéanann CEBC agus gníomhairí tuairiscithe a laghdú. Ba cheart do BCE leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar na deiseanna agus ar na dúshláin a eascraíonn as úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha nua chun faisnéis staidrimh a bhailiú agus ba cheart dó moladh nua a dhéanamh chun an Rialachán seo a leasú dá réir i gcás ina gcinnfidh sé ina mheasúnú go bhfuil gá leis sin.</STRING></STRING> Ba cheart do na hoiriúnuithe sin aird a thabhairt ar neamhspleáchas BCE agus ar na prionsabail staidrimh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2533/98.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		3</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 3 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(3a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chun stóinseacht agus ábharthacht a uirlisí anailíseacha a áirithiú, agus i gcomhréir lena phríomh-shainordú maidir le cobhsaíocht praghsanna, arna chomhlánú lena chuspóirí tánaisteacha maidir le tacú leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le breithnithe comhshaoil agus inbhuanaitheachta, ba cheart do BCE leanúint d’fheabhas a chur ar a chreat staidrimh chun dúshláin eacnamaíocha agus struchtúracha atá ag teacht chun cinn a léiriú.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		4</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 3 b (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(3b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Le húsáid na hintleachta saorga, cuirtear deiseanna ar fáil chun éifeachtúlacht, cruinneas agus tráthúlacht bhailiú agus phróiseáil na sonraí a fheabhsú. Mar sin féin, tá rioscaí sonracha ag baint lena húsáid freisin a bhaineann le trédhearcacht, claontacht, slándáil, príobháideachas agus cuntasacht. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go n-úsáidfear aon chórais intleachta saorga arna n-úsáid ag BCE nó ag na bainc cheannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí staidrimh ar bhealach freagrach, trédhearcach agus slán, lena n-áiritheofar formhaoirseacht dhaonna iomchuí agus cuntasacht iomlán, i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais agus le neamhspleáchas BCE.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		5</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 9</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(9)</NO.P>Ní foláir faisnéis staidrimh rúnda a fhaigheann BCE agus na bainc cheannais náisiúnta chun cúraimí CEBC a chomhlíonadh a chosaint ionas nach n-úsáidfear ná nach nochtfar go neamhdhleathach í. Mar sin féin, ba cheart an córas rúndachta a athbhreithniú agus a shoiléiriú chun a áirithiú go n-úsáidfidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta faisnéis staidrimh rúnda agus go roinnfidh siad lena chéile í chun cúraimí CEBC dá dtagraítear sa Chonradh a chomhlíonadh agus chun staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh nó a scaipeadh go héifeachtúil nó chun a gcáilíocht a mhéadú. Tá na hathbhreithnithe sin riachtanach chun a áirithiú go bhféadfaidh BCE an fhaisnéis a bhailiú le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir leis an bprionsabal ‘aon-uaire’. Thairis sin, chun an gá atá le ceanglais dhúblacha maidir le tuairisciú staidrimh agus rialála a laghdú agus chun comhar a éascú i measc údaráis agus chomhlachtaí na mBallstát agus an Aontais chun ualaí riaracháin neamhriachtanacha a laghdú, ba cheart oibleagáid a bheith ar chomhaltaí CEBC faisnéis staidrimh rúnda a roinnt le húdaráis agus comhlachtaí áirithe le haghaidh fheidhmiú a gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais, agus le comhaltaí an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE). Ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag comhaltaí CEBC faisnéis staidrimh rúnda a roinnt le húdaráis agus comhlachtaí eile de chuid na mBallstát agus an Aontais nó le taighdeoirí atá cleamhnaithe le comhlachtaí taighde eolaíoch in imthosca sonraithe. Féadfar tacar sonrach laghdaithe d’fhaisnéis staidrimh rúnda a roinnt freisin le gníomhairí tuairiscithe, i gcás inar gá chun críocha staidrimh áirithe nó i gcás ina mbeidh na foinsí ar fáil do ghníomhaire tuairiscithe, mar shampla, nuair a thuairiscíonn eintiteas atá faoi rialú gníomhaire tuairiscithe nó a bhrainsí an fhaisnéis sin. Chun muinín na ngníomhairí tuairiscithe a choinneáil, ba cheart socruithe comhsheasmhacha a bheith ann chun faisnéis staidrimh rúnda a chosaint agus ba cheart trédhearcacht fheabhsaithe a bheith ann maidir leis na húsáidí a d’fhéadfaí a bhaint as faisnéis staidrimh.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(9)</NO.P>Ní foláir faisnéis staidrimh rúnda a fhaigheann BCE agus na bainc cheannais náisiúnta chun cúraimí CEBC a chomhlíonadh a chosaint ionas nach n-úsáidfear ná nach nochtfar go neamhdhleathach í. Mar sin féin, ba cheart an córas rúndachta a athbhreithniú agus a shoiléiriú chun a áirithiú go n-úsáidfidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta faisnéis staidrimh rúnda agus go roinnfidh siad lena chéile í chun cúraimí CEBC dá dtagraítear sa Chonradh a chomhlíonadh agus chun staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh nó a scaipeadh go héifeachtúil nó chun a gcáilíocht a mhéadú. Tá na hathbhreithnithe sin riachtanach chun a áirithiú go bhféadfaidh BCE an fhaisnéis a bhailiú le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir leis an bprionsabal ‘aon-uaire’. Thairis sin, chun an gá atá le ceanglais dhúblacha maidir le tuairisciú staidrimh agus rialála a laghdú agus chun comhar a éascú i measc údaráis agus chomhlachtaí na mBallstát agus an Aontais chun ualaí riaracháin neamhriachtanacha a laghdú, ba cheart oibleagáid a bheith ar chomhaltaí CEBC faisnéis staidrimh rúnda a roinnt le húdaráis agus comhlachtaí áirithe le haghaidh fheidhmiú a gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais, agus le comhaltaí an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE). Ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag comhaltaí CEBC faisnéis staidrimh rúnda a roinnt le húdaráis agus comhlachtaí eile de chuid na mBallstát agus an Aontais nó le taighdeoirí atá cleamhnaithe le comhlachtaí taighde eolaíoch in imthosca sonraithe. Féadfar tacar sonrach laghdaithe d’fhaisnéis staidrimh rúnda a roinnt freisin le gníomhairí tuairiscithe, i gcás inar gá chun críocha staidrimh áirithe nó i gcás ina mbeidh na foinsí ar fáil do ghníomhaire tuairiscithe, mar shampla, nuair a thuairiscíonn eintiteas atá faoi rialú gníomhaire tuairiscithe nó a bhrainsí an fhaisnéis sin. Chun muinín na ngníomhairí tuairiscithe a choinneáil, ba cheart socruithe comhsheasmhacha a bheith ann chun faisnéis staidrimh rúnda a chosaint agus ba cheart trédhearcacht fheabhsaithe a bheith ann maidir leis na húsáidí a d’fhéadfaí a bhaint as faisnéis staidrimh. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chun taighde agus grinnscrúdú neamhspleách a chothú, ba cheart do BCE agus do na bainc cheannais náisiúnta faisnéis staidrimh rúnda ó phríomhthacair sonraí CEBC a chur ar fáil do thaighdeoirí creidiúnaithe aon uair is féidir rochtain den sórt sin a sholáthar gan riosca nochta. Cuirfidh sé sin feabhas ar úsáid anailíseach staidrimh le haghaidh ceapadh beartas fianaisebhunaithe ar fud an limistéir euro, agus rúndacht sonraí á caomhnú ag an am céanna.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		6</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe -a (nua)</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (CE) Uimh. 2533/98</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 2 – mír 1</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(-a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:</STRING></STRING></P></NEW><OLD><P><NO.P>1.</NO.P>Chun ceanglais tuairiscithe staidrimh BCE a chomhall, beidh sé de cheart ag BCE, le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5.2 den Reacht, faisnéis staidrimh a bhailiú laistigh de theorainneacha an daonra tuairiscithe tagartha agus den mhéid is gá chun cúraimí CEBC a chomhlíonadh. Féadfar faisnéis a bhailiú go háirithe i réimse an staidrimh airgeadaíochta agus airgeadais, an staidrimh nótaí bainc, an staidrimh maidir le híocaíochtaí agus córais íocaíochta, an staidrimh cobhsaíochta airgeadais, an staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí agus an staidrimh maidir le staid infheistíochta idirnáisiúnta. Nuair is gá chun cúraimí CEBC a chomhlíonadh, féadfar faisnéis bhreise a bhailiú freisin i réimsí eile i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Déanfar an fhaisnéis a bhailítear chun ceanglais tuairiscithe staidrimh BCE a chomhlíonadh a shonrú tuilleadh i gclár oibre staidrimh CEBC.</P></OLD><NEW><P><NO.P>1.</NO.P>Chun ceanglais tuairiscithe staidrimh BCE a chomhall, beidh sé de cheart ag BCE, le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5.2 den Reacht, faisnéis staidrimh a bhailiú laistigh de theorainneacha an daonra tuairiscithe tagartha agus den mhéid is gá chun cúraimí CEBC a chomhlíonadh. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chun freagairt níos fearr a thabhairt ar na dúshláin ghéara agus ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn,</STRING></STRING> féadfar faisnéis a bhailiú go háirithe i réimse an staidrimh airgeadaíochta agus airgeadais, an staidrimh nótaí bainc, an staidrimh maidir le híocaíochtaí agus córais íocaíochta, an staidrimh cobhsaíochta airgeadais, an staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, príomhtháscairí maicreacnamaíocha</STRING></STRING> agus an staidrimh maidir le staid infheistíochta idirnáisiúnta. Nuair is gá chun cúraimí CEBC a chomhlíonadh, féadfar faisnéis bhreise a bhailiú freisin i réimsí eile i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Déanfar an fhaisnéis a bhailítear chun ceanglais tuairiscithe staidrimh BCE a chomhlíonadh a shonrú tuilleadh i gclár oibre staidrimh CEBC.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		7</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (CE) Uimh. 2533/98</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(a)</NO.P>an staidreamh atá ann cheana a úsáid a mhéid is féidir;</P></OLD><NEW><P><NO.P>(a)</NO.P>an staidreamh atá ann cheana a úsáid a mhéid is féidir<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, i gcomhréir le prionsabal na ‘haonuaire’, agus tacaíocht á tabhairt trí réitigh dhigiteacha, i gcás inarb iomchuí</STRING></STRING>;</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		8</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (CE) Uimh. 2533/98</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(ba)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">tabharfaidh siad aird ar na beartais agus na cuspóirí eacnamaíocha ginearálta san Aontas, lena n-áirítear beartais aeráide agus chomhshaoil;</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		9</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe b a (nua)</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (CE) Uimh. 2533/98</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 7 – mír 4 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(ba)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear isteach an mhír seo a leanas:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>4a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Déanfaidh BCE na fíneálacha a leagtar amach i mír 4 a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana i gcomhréir le ráta boilscithe an limistéir euro.’</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		10</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (CE) Uimh. 2533/98</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 8 – mír 1 – pointe 2 – pointe b</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(b)</NO.P>comhroinnfidh siad faisnéis staidrimh rúnda le páirtithe dlisteanacha eile chun a gcúraimí reachtúla faoi seach a chomhlíonadh <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">maidir le</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">maoirseacht stuamachta agus</STRING></STRING> cobhsaíocht an chórais airgeadais;</P></OLD><NEW><P><NO.P>(b)</NO.P>comhroinnfidh siad faisnéis staidrimh rúnda le páirtithe dlisteanacha eile chun a gcúraimí reachtúla faoi seach a chomhlíonadh <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">a bhaineann le</STRING></STRING> cobhsaíocht agus éifeachtacht <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach</STRING></STRING> an chórais airgeadais;</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		11</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (CE) Uimh. 2533/98</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 2 – pointe e</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(e)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">féadfaidh sé</STRING></STRING> rochtain a dheonú do thaighdeoirí atá cleamhnaithe le comhlachtaí taighde eolaíochta ar fhaisnéis rúnda staidrimh nach gceadaíonn gníomhaire tuairiscithe, nó duine dlítheanach nó nádúrtha eile, eintiteas nó brainse a shainaithint go díreach;</P></OLD><NEW><P><NO.P>(e)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">déanfaidh sé</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">creat buan a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis staidrimh rúnda a éascú</STRING></STRING> agus a dheonú do thaighdeoirí atá cleamhnaithe le comhlachtaí taighde eolaíochta, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">lena gcumhdófar príomhthacair sonraí uile BCE,</STRING></STRING> ar faisnéis staidrimh í nach gceadaíonn gníomhaire tuairiscithe, ná duine dlítheanach nó nádúrtha, eintiteas nó brainse eile a shainaithint go díreach;</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		12</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (CE) Uimh. 2533/98</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 8 – mír 1 – pointe 2 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>2a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Nuair a dheonaíonn comhaltaí CEBC rochtain ar fhaisnéis staidrimh rúnda sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (e) agus (g) den mhír seo, ní úsáidfidh an duine nádúrtha nó an t-eintiteas dlítheanach a fhaigheann an rochtain na sonraí sin ach amháin chun na críche arna toiliú ag comhaltaí CEBC agus, más infheidhme, ag an ngníomhaire tuairiscithe nó ag duine dlítheanach nó nádúrtha, eintiteas nó brainse eile is féidir a shainaithint. Más féidir leis an duine nádúrtha nó leis an eintiteas dlítheanach a fhaigheann rochtain ar na sonraí sin iad a stóráil, déanfar stóráil den sórt sin a dhaingniú chun aon sárú rúndachta a sheachaint. Ní dhéanfar iad a stóráil níos faide ná 3 mbliana;</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		13</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Dréacht-rialachán</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (CE) Uimh. 2533/98</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 7 – pointe a</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(a)</NO.P>déanfaidh sé<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> gach beart rialála, riaracháin, teicniúil agus eagraíochtúil is gá chun cosaint fhisiceach agus loighciúil </STRING></STRING>faisnéise staidrimh rúnda <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">a áirithiú i gcomhréir leis na rialacha comhchoiteanna agus na caighdeáin íosta arna sainiú </STRING></STRING>ag<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> BCE</STRING></STRING>; agus</P></OLD><NEW><P><NO.P>(a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">úsáidfidh sé an</STRING></STRING> fhaisnéis staidrimh rúnda <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">go heisiach chun na críche ar thoiligh comhalta CEBC a chomhroinneann an fhaisnéis léi agus, más infheidhme, an gníomhaire tuairiscithe nó duine dlítheanach nó nádúrtha eile, eintiteas nó brainse, is féidir a shainaithint leis an bhfaisnéis staidrimh rúnda</STRING></STRING>; agus</P></NEW></AMEND></AMDLST></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>