<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0298</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Straitéis taidhleoireachta agus comhar geopholaitiúil an Aontais san Artach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0229/2025 -  Rapóirtéir: Urmas Paet)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RECOM><TI><STRING BOLD="on">Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2025 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis taidhleoireachta agus comhar geopholaitiúil an Aontais san Artach (2025/2116(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le saincheisteanna Artacha, go háirithe rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an Artach: deiseanna, ábhair imní agus dúshláin slándála<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 24.3.2022, lch. 113.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 16 Samhain 1994 maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 13 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A stronger EU engagement for a peaceful, sustainable and prosperous Arctic’</STRING> [Rannpháirtíocht an Aontais a neartú d’fhonn Artach síochánta, inbhuanaithe agus rathúil a bhaint amach] (JOIN(2021)0027),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Pháras a comhaontaíodh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le Caomhnú agus Úsáid Inbhuanaithe na Bithéagsúlachta Muirí i Limistéir lasmuigh den Dlínse Náisiúnta, a glacadh an 19 Meitheamh 2023:
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhunú Chomhairle Stáit Mhuir Bhailt,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha, a glacadh an 27 Meitheamh 1989,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú an 3 Deireadh Fómhair 2018 chun Iascach Mórmhara Neamhrialáilte a Chosc san Aigéin Artach Láir (Comhaontú Iascaigh Lár an Aigéin Artaigh),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonradh Svalbard an 9 Feabhra 1920 (roimhe seo an Conradh maidir le hOileánra Spitsbergen),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú an 19 Meán Fómhair 1996 maidir le bunú na Comhairle Artaí (Dearbhú Ottawa),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na trí chomhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí a caibidlíodh faoi choimirce na Comhairle Artaí, eadhon Comhaontú an 12 Bealtaine 2011 maidir le Comhar um Chuardach agus um Tharrtháil Aerloingseoireachta agus Muirí san Artach, Comhaontú an 15 Bealtaine 2013 maidir le Comhar ar Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hOla-Thruailliú Mara san Artach, agus Comhaontú an 11 Bealtaine 2017 maidir le Comhar Idirnáisiúnta Eolaíoch Artach a Fheabhsú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach tar éis Chruinniú Mullaigh 2025 idir an tAontas Eorpach agus Ceanada: Comhpháirtíocht Bhuanseasmhach, Clár Oibre Uaillmhianach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’insealbhú Oifig an Aontais Eorpaigh in Nuuk, an Ghraonlainn, an 15 Márta 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don óráid a thug Príomh-Aire na Graonlainne, Jens-Frederik Nielsen, i bParlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 121 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0229/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur réigiún é an tArtach ina bhfuil os cionn ceithre mhilliún duine ina gcónaí, le cultúir, pobail agus geilleagair éagsúla, agus dá réir sin nach mór dó leanúint de bheith ina limistéar síochána, agus a bhithéagsúlacht agus a éiceachórais leochaileacha á n-urramú; de bhrí gur cheart comhar cuiditheach san Artach a chosaint ar iomaíocht dhomhanda a ghéarú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach rannpháirteach i réigiún Artach na hEorpa agus sa réigiún Artach i gcoitinne le blianta fada anuas mar ghníomhaí Artach a bhfuil leasanna straitéiseacha aige, agus go bhfuil leas bunúsach aige rannchuidiú go straitéiseach le torthaí dearfacha slándála, socheacnamaíocha agus comhshaoil, go háirithe trí chomhar iltaobhach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil dlús á chur ag an Rúis lena neartú míleata san Artach ó thosaigh a cogadh foghach neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil athrú tagtha ar an staid pholaitiúil agus slándála sa réigiún mar gheall ar mhíleatú na Rúise, in éineacht le láithreacht mhéadaithe na Síne; de bhrí gur ghlac an Rúis córas aontaobhach agus neamhdhlisteanach lena rialaítear loingseoireacht feadh Bhealach na Mara Thuaidh (NSR), lena n-áirítear dlí an 5 Nollaig 2022 lena gcuirtear srian ar ghluaiseacht long cogaidh eachtrach, rud a ardaíonn imní thromchúiseach faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe UNCLOS, agus lena mbaineann an baol go ngéarófaí an teannais gheopholaitiúil san Artach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil dlús á chur le húsáid an réigiúin Artaigh chun críoch míleata ag an am céanna le laghdú creataí rialála idirnáisiúnta a bhaineann le rialú arm, lena n-áirítear airm núicléacha, go háirithe trí ghníomhaíochtaí réimeas ollsmachtach agus forlámhach amhail an Rúis;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil urraim scrupallach d’iomláine chríochach agus don dlí idirnáisiúnta, go háirithe UNCLOS agus coinbhinsiúin na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), bunriachtanach chun an tArtach a chaomhnú mar réigiún sábháilte agus cobhsaí; de bhrí gurb é IMO an príomhúdarás domhanda maidir le sábháilteacht mhuirí agus cosaint an chomhshaoil, agus go bhfuil feidhm ag a choinbhinsiúin atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a threoirlínte deonacha ar fud an domhain, lena n-áirítear san Artach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach mór do gach beartas Artach réaltachtaí éagsúla an réigiúin a léiriú, lena n-áirítear córais rialachais éagsúla, creataí dlíthiúla, acmhainneachtaí bonneagair agus dálaí socheacnamaíocha;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb í an Chomhairle Artach an fóram is tábhachtaí don chomhar impholach; de bhrí go bhfuil trí Bhallstát de chuid an Aontais agus dhá chomhalta bhreise den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) mar chuid den Chomhairle Artach, agus gur stáit ECAT iad seacht gcinn dá chomhaltaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, in ainneoin go bhfuil an Chomhairle Artach bunaithe ar ghealltanais dheonacha agus nach bhfuil údarás ceangailteach aici, gur éascaigh sí comhar cuiditheach agus roinnt comhaontuithe ceangailteacha; de bhrí lena sainordú teoranta go laghdaítear an cumas atá aici aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra, amhail tubaistí comhshaoil nó teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid, a d’fhéadfadh stádas an Artaigh mar réigiún ísealteannais a chur i mbaol; de bhrí, mar gheall ar chogadh foghach gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, gur cuireadh cruinnithe polaitiúla na Comhairle Artaí ar fionraí, rud a bhaineann an bonn ó chumas na Comhairle Artaí a sainordú a chomhlíonadh agus oibriú i gceart;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nach ndearnadh aon dul chun cinn maidir le hiarratas an Aontais a bheith ina bhreathnóir iomlán ar an gComhairle Artach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gurb ionann an bhearna Artach idir an Ghraonlainn, an Íoslainn agus an Ríocht Aontaithe (GIUK) agus conair straitéiseach lena gcumasaítear rialú tráchta muirí agus brath bagairtí hibrideacha; de bhrí go bhfuil aontachas na Fionlainne agus na Sualainne le ECAT tar éis treoshuíomh Artach na Comhghuaillíochta a dhoimhniú agus go gcuirfidh sé feabhas ar a seasamh sa réigiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil an réigiún Artach ag téamh thart ar thrí oiread an mheáin dhomhanda, rud a chuireann dlús le caillteanas oighir agus a chuireann cobhsaíocht aeráide an phláinéid i mbaol; de bhrí go bhfuil oighear farraige an tsamhraidh ag dul i léig go tapa, rud is cúis le scriosadh forleathan gnáthóg agus meath ar phobail speiceas atá ag brath ar shneachta agus ar oighear;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur aithin ECAT in 2022 gur dúshlán sainitheach agus iolraitheoir bagartha é an t-athrú aeráide a bhfuil impleachtaí móra aige d’oibríochtaí slándála agus míleata, lena n-áirítear san Ard-Thuaisceart, agus gur shainaithin sé an tArd-Thuaisceart mar réigiún a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis inar dúshlán díreach don Chomhghuaillíocht é cumas na Rúise cur isteach ar threisithe comhghuaillithe agus ar shaoirse loingseoireachta ar fud an Atlantaigh Thuaidh; de bhrí gur féidir breathnú ar an Artach mar phríomhréimse don nasc idir an aeráid agus an tslándáil; de bhrí go bhfuil fós gá le Comhaontú Pháras agus an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme chun na hiarmhairtí is measa a bhaineann leis an athrú aeráide a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur bagairt trasteorann slándála, chomhshaoil agus bhitheolaíoch í coscairt na talún síorshioctha mar gheall ar a tionchar díobhálach ar bhonneagar, scaoileadh meatáin a dhéanann dochar don aeráid, teacht chun cinn víreas agus baictéar atá suanach agus anaithnid an athuair agus an méid a chuireann sí le cur isteach ar phatrúin aimsire ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin; de bhrí go bhféadfadh an talamh síorshioctha fomhuirí i Scairbh Artach na Sibéire Thoir a bheith ina fhoinse eile astaíochtaí meatáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-oighear farraige atá ag dul i laghad ag cur le spéis dhomhanda san Artach agus ina acmhainní; de bhrí go bhfuil conairí tráchtála séasúracha agus conairí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thús deireadh na bliana á n-oscailt mar thoradh ar chúlú tapa an mhuiroighir, ar conairí iad amhail NSR, Pasáiste an Iarthuaiscirt agus bealach féidearthach traspholach amach anseo, a d’fhéadfadh patrúin trádála dhomhanda a athmhúnlú agus dúshláin mhóra chomhshaoil, slándála agus rialachais a chruthú don Artach ag an am céanna; de bhrí gur bacainní móra ar a mbaint amach iomlán iad dálaí crua aimsire, cumais theoranta chuardaigh agus tarrthála, costais arda árachais agus ceisteanna gan réiteach maidir le stádas dlíthiúil idirnáisiúnta na mbealaí farraige nua sin, agus go n-éilíonn go leor geallsealbhóirí go gcaithfear leis na bealaí sin mar chuid de na ‘coimíneachtaí domhanda’;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí, mar gheall ar an ngéarchéim aeráide, go bhfuil athruithe san Artach nasctha go dlúth leis an Eoraip; de bhrí go ndéanann teochtaí níos airde, leibhéil farraige atá ag ardú, laghdú ar an mbithéagsúlacht agus teagmhais adhaimsire difear do dhaoine agus d’éiceachórais san Eoraip, agus béim á leagan ar an ngá atá le beartais eolasbhunaithe agus eolaíochtbhunaithe a bhfuil pobail áitiúla Artacha agus institiúidí taighde rannpháirteach iontu;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Rúis tar éis a seasamh fórsúil agus a bonneagar míleata san Artach a leathnú go suntasach, agus ar an gcaoi sin cur leis an teannas míleata sa réigiún; de bhrí go sainaithnítear i gcoincheap bheartas eachtrach na Rúise 2023 an tArtach mar cheann de réigiúin tosaíochta atá ag an Rúis; de bhrí go bhfuil míleatú an Artaigh i gcontrárthacht le meon an chomhair a threoraigh an caidreamh idir stáit Artacha go dtí seo;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí, le doimhniú an chomhair idir an tSín agus an Rúis san Artach, trí thionscadail chomhpháirteacha fuinnimh, infheistíochtaí bonneagair agus fiontair loingseoireachta feadh bealaí Artacha atá ag teacht chun cinn, tá baol ann go gcomhdhlúthófar ais gheopholaitiúil maidir le saothrú acmhainní agus rochtain shrianta, chun dochair do phobail chósta Artacha, do phobail Dhúchasacha agus do choimircí comhshaoil domhanda; de bhrí go bhfuil sáruithe na Rúise ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na stát comharsanachta, mar aon leis an mbac a chuireann sí ar loingseoireacht i Muir Mheoid, sa Mhuir Dhubh agus i Muir Bhailt, ina n-ábhair imní thromchúiseacha nach mór a chur san áireamh in aon mheasúnú ar na hionchais maidir le cómhaireachtáil shíochánta a chothú san Artach;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí, go háirithe, go bhfuil feabhas á chur ag an Rúis ar a bonneagar Artach trí bristeoir oighir uilíoch Chukotka faoi thiomáint núicléach (Tionscadal 22220) a thógáil agus a imscaradh mar chuid dá clár níos leithne chun loingseoireacht ar feadh na bliana go léir a áirithiú feadh NSR; de bhrí go bhfuil bristeoirí oighir breise á dtógáil ag an Rúis chun tacú lena huaillmhianta straitéiseacha san Artach;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur léirigh íomhánna satailíte ó 2023 tógáil shuntasach nua foirgneamh agus bonneagair ar Novaya Zemlya, oileán iargúlta Artach a úsáideann an Rúis go stairiúil chun airm núicléacha a thástáil; de bhrí gur cúis mhór imní iad na forbairtí sin maidir le gníomhaíochtaí núicléacha athnuaite san Artach agus a n-impleachtaí don tslándáil réigiúnach agus don tsábháilteacht chomhshaoil; de bhrí go bhfuil leathnú na Rúise ar an bhfoirgníocht mhíleata, lena n-áirítear ar Oileán Wrangel, láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO agus anaclann dúlra, ina chúis mhór imní ó thaobh an chomhshaoil, na slándála agus an dlí de;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, i mí an Mhárta 2024, gur ghlac an Rúis foraithne lena leathnaítear limistéar Artach Chónaidhm na Rúise chun ceantair bhardasacha Berezovsky agus Beloyarsky in Okrug-Yugra Féinrialaitheach Khanty-Mansi a áireamh; de bhrí go bhfuil an leathnú sin mar chuid de straitéis na Rúise chun rialú feidearálach ar acmhainní nádúrtha a chomhdhlúthú, a héilimh chríochacha a threisiú agus infheisteoirí a mhealladh trí dhreasachtaí speisialta maidir le criosanna eacnamaíocha;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil bagairtí hibrideacha treisithe ag an Rúis sa réigiún Artach, lena n-áirítear cibearoibríochtaí agus trasnaíocht GPS; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann ‘scáthchabhlach’ Rúise, seanchabhlach nach ndéantar cothabháil maith air, as uiscí an Artaigh a oibríonn faoi bhratacha áise chun dul timpeall ar smachtbhannaí idirnáisiúnta, rud a chruthaíonn rioscaí suntasacha comhshaoil, sábháilteachta agus slándála sa réigiún leochaileach sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur dhearbhaigh an tSín gur ‘stát gar don Artach’ í, gur fhógair sí ‘Bóthar Síoda Polach’ mar leathnú ar a Tionscnamh Creasa agus Bóthair agus go bhfuil a lorg á mhéadú go seasta agus go tapa aici ó thuaidh ón gCiorcal Artach, lena n-áirítear trí infheistíochtaí i gcuideachtaí Rúiseacha; de bhrí go sainaithnítear ‘slándáil pholach’ mar chuid dá coincheap cuimsitheach slándála náisiúnta i bPáipéar Bán 2025 na Síne maidir leis an tSlándáil Náisiúnta sa Ré Nua;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur forógra míthreorach é forógra na Síne mar ‘stát gar don Artach’ gan aon bhunús dlí, aon phribhléidí ná gan údar le láithreacht mhíleata san Ard-Thuaisceart; de bhrí go bhfuil a for-rochtain mhíleata agus pholaitiúil á ceilt ag an tSín faoi chumhdach an taighde eolaíoch ós rud é go bhfuil feidhmeanna dé-úsáide féideartha ag saoráidí taighde na Síne san Artach, amhail Stáisiún Abhann Buí in Svalbard agus Faireachlann Eolaíochta Artaí na Síne-na hÍoslainne in Kárhóll; de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2024, gur mhaígh Garda Cósta na Síne go ndeachaigh sé isteach san Aigéan Artach den chéad uair le linn patról comhpháirteach leis an Rúis, rud a léiríonn tuilleadh brú comhordaithe ón tSín agus ón Rúis chun a lorg straitéiseach a leathnú san Ard-Thuaisceart;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí, le blianta beaga anuas, gur chuir roinnt tíortha Eorpacha bac ar iarracht na Síne bonneagar íogair Artach a fháil ar fhorais slándála náisiúnta, lena n-áirítear cinneadh 2016 na Danmhairge bac a chur ar cheannach bhunáit chabhlaigh Grønnedal sa Ghraonlainn, cinneadh 2018 na Fionlainne bac a chur ar cheannach Aerfort Kemijärvi gar do chrios míleata, agus cinneadh 2024 na hIorua stop a chur le díol Søre Fagerfjord le ceannaitheoirí Síneacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Rúis agus an tSín tar éis a gcomhar san Artach a dhoimhniú le blianta beaga anuas trí chomhaontú comhair garda cósta a shíniú, trí dhruileanna míleata comhpháirteacha a dhéanamh, amhail ‘Ocean-2024’ agus ‘Pacific Patrol-2024’, gar don Artach, agus trí thionscadail teicneolaíochta agus longthógála agus conairí trádála nua feadh NSR, agus ar an gcaoi sin a n-ailíniú straitéiseach san Ard-Thuaisceart a threisiú; de bhrí, in ainneoin chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, gur lean an tSín den chomhar Artach leis an Rúis, ag ionadú infheistíochtaí caillte ó chuideachtaí an Iarthair tar éis don Iarthair smachtbhannaí a glacadh tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tSín ag tástáil bealach sainráite chun na hEorpa tríd an Artach, trí long lastais, chun seirbhís rialta a bhunú trí NSR na Rúise, a nascfadh roinnt calafort san Áise agus san Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil cur chuige na Stát Aontaithe i leith an Artaigh ag athrú i dtreo rannpháirtíocht leathnaithe, i ndiaidh ráitis aiféalacha áirithe a bhaineann leis an nGraonlainna rinneadh roimhe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil eolas traidisiúnta ag daoine dúchasacha agus pobail áitiúla nach féidir a athsholáthar, go ngníomhaíonn siad mar phríomh-mhaoir na n-éiceachóras Artach agus go ndéanann an t-athrú aeráide, an t-imeallú socheacnamaíoch agus díghrádú an chomhshaoil difear díréireach dóibh cheama féin, agus go mbíonn siad eisiata go minic ó phróisis chinnteoireachta; de bhrí go bhfuil glacadh forleathan i measc lucht ceaptha beartas na hEorpa nach mór tuilleadh tacaíochta a thabhairt do phobail dhúchasacha agus tosaíocht níos airde a thabhairt dá leasanna i gceapadh beartas, agus a áirithiú ag an am céanna go n-urramófar agus go gcuirfear san áireamh a gcuid eolais phobalbhunaithe i ngach forbairt beartais; de bhrí go bhfuil céimeanna suntasacha glactha ag an gComhairle Artach chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí gur sínitheoirí le Dearbhú Ottawa 1996 iad an Danmhairg, an tSualainn agus an Fhionlainn, lena ndeimhnítear a dtiomantas do dhea-bhail áitritheoirí an Artaigh, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt do chaidreamh speisialta agus rannchuidiú uathúil na ndaoine dúchasacha agus a bpobal, lena n-aithnítear eolas traidisiúnta na bpobal dúchasach agus lena n-iarrtar go rachfaí i gcomhairle leo agus go mbeidís rannpháirteach go hiomlán sa chinnteoireacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go bhfeidhmíonn réigiúin Artacha de chuid an Aontais Eorpaigh mar thairseach dá rannpháirtíocht agus dá láithreacht san Artach i gcoitinne, lena gcuirtear acmhainní ar fáil do neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa agus leasanna áitiúla á gcomhlíonadh ag an am céanna, amhail an t-éileamh méadaitheach ar acmhainní nádúrtha agus ar chearta na bpobal dúchasach; de bhrí go bhfuil tacaíocht ón Aontas faoin mbeartas comhtháthaithe, Interreg, Fís Eorpach agus cláir forbartha tuaithe do réimsí amhail na Limistéir Thuaidh inar tearc an daonra agus líonraí amhail Fóram Mhéaraí an Artaigh agus an Séú Artach, ríthábhachtach do leasanna Artacha an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí gur féidir le tionscnaimh amhail Cruinniú Mullaigh Phobal Dúchasach Eora-Artach Réigiún Mhuir Barents, a tionóladh i bParlaimint na hEorpa in 2023, feabhas breise a chur ar an gcomhar le pobal na Sámach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go mbeidh an Ghraonlainn ina cathaoirleach ar an gComhairle Artach do 2025-2027 thar ceann Ríocht na Danmhairge, lena gcuirfear deis ríthábhachtach ar fáil chun rialachas cuimsitheach riailbhunaithe Artach a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí gurb é straitéis na Graonlainne a hionadaíocht taidhleoireachta a neartú ar fud an domhain, lena n-áirítear pleananna chun oifigí a oscailt in Ottawa agus i Nua-Eabhrac, agus a hionadaíochtaí in Washington, i mBéising, i Réicivíc agus sa Bhruiséil á gcoinneáil ag an am céanna; de bhrí go bhfuil tábhacht straitéiseach Bhonn Spáis Pituffik na Stát Aontaithe sa Ghraonlainn bunriachtanach do chóras cosanta diúracán ECAT agus do ghníomhaíochtaí faireacháin spáis;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí, tar éis moltaí arís agus arís eile ón bParlaimint, gur bhunaigh an tAontas Eorpach Oifig AE in Nuuk ar deireadh i mí an Mhárta 2024, a fheabhsaíonn a láithreacht taidhleoireachta agus a chothaíonn comhar níos dlúithe leis an nGraonlainn; de bhrí gur tháinig an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó ar chomhaontú maidir le comhpháirtíocht fheabhsaithe, lena n-áirítear comhar maidir le hiascach, leis an aeráid agus le saincheisteanna straitéiseacha eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí go bhfuil tóir níos mó is níos mó ar an bhflúirse de hidreacarbóin, eilimintí tearc-chré, iascaigh agus acmhainní eile an Artaigh, rud a éilíonn dianchaighdeáin inbhuanaitheachta agus comhroinnt chothrom tairbhí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go bhfuil acmhainní fuinnimh éagsúla ag an Artach atá ríthábhachtach d’aistrithe glasa agus digiteacha an Aontais, lena n-áirítear hidrigin ghlas, hidreachumhacht, fuinneamh gaoithe agus geoiteirmeach, rud a d’fhéadfadh cabhrú le meascán fuinnimh an Aontais a éagsúlú agus a dhícharbónú; de bhrí go bhfuil gá le hinfheistíochtaí straitéiseacha chun amhábhair chriticiúla a dhaingniú atá bunriachtanach d’iomaíochas tionsclaíoch agus do chumais chosanta an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí go mbeartaítear le tionscnaimh amhail Polar Connect agus coincheap ‘Fís 2030’ bealaí cáblaí fomhuirí tras-Artacha athléimneacha a nascann an Ghraonlainn agus an Íoslainn le mór-roinn na hEorpa; de bhrí go bhfuil tionscadail den sórt sin leochaileach do bhagairtí hibrideacha ó ghníomhaithe urchóideacha amhail an Rúis agus an tSín;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí gur deis straitéiseach é cáblaí snáthoptaice fomhuirí Artacha a fhorbairt a nascann an Eoraip leis an tSeapáin agus leis an gCóiré Theas chun nascacht dhigiteach shlán ardluais a fheabhsú, ceannasacht dhigiteach an Aontais a neartú agus comhar idir an tAontas agus an Áise a dhoimhniú; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach cáblaí fomhuirí, píblínte, córais chumarsáide agus conairí iompair san Artach a chosaint do shlándáil dhigiteach, fuinnimh agus eacnamaíoch an Aontais agus LEE;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí go mbainistíonn an Ghraonlainn, an Íoslainn agus an Iorua an t-iascach inbhuanaithe is mó san Artach, agus go bhfuil saineolas á fhorbairt ag an réigiún sa bhith-theicneolaíocht agus sa nuálaíocht, atá ríthábhachtach do shlándáil bia, do gheilleagar gorm agus do cheannaireacht eolaíoch an Aontais; de bhrí go bhfuil forálacha in UNCLOS maidir le cearta, dualgais agus freagrachtaí na stát chun breithnithe comhshaoil a choimirciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí go mbaineann acmhainneacht eacnamaíoch an Artaigh le níos mó ná acmhainní nádúrtha chuig earnálacha amhail turasóireacht inbhuanaithe, teicneolaíocht spáis, agus bonneagar lárionaid sonraí, lena gcuirtear deiseanna ar fáil don Aontas comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt lena ndéantar tíreolaíocht uathúil an réigiúin, acmhainní fuinnimh in-athnuaite agus gaireacht do phríomh-chomhghuaillithe a ghiaráil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí go gciallaíonn ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ gan tacú le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ná gan iad a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena ndéantar dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil laistigh de bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí go bhfuil naisc fuinnimh leis an Artach, lena n-áirítear allmhairí ola agus gáis ó Mhuir Barents na hIorua, lastais gáis nádúrtha leachtaithe trí bhealaí loingseoireachta Artacha le linn na hidirthréimhse i dtreo neamhspleáchas fuinnimh an Aontais, onnmhairí fuinnimh in-athnuaite agus acmhainneacht hidrigine glaise ón Íoslainn agus ón nGraonlainn, tionscadail bhonneagair a fhaigheann tacaíocht ón Aontas amhail cáblaí agus píblínte fomhuirí, agus comhar sa taighde agus sa nuálaíocht don fhorbairt inbhuanaithe, ríthábhachtach do shlándáil fuinnimh an Aontais agus d’fhorbairt eacnamaíoch amach anseo agus chun infheistíochtaí i ngeilleagair agus i mbonneagar áitiúil an Artaigh a áirithiú;; de bhrí go bhfuil comhpháirtithe agus soláthairtí iontaofa fuinnimh ríthábhachtach chun an tslándáil fhoriomlán a bhaint amach, mar a léirítear le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus leis an ngéarchéim fuinnimh ina dhiaidh sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AQ.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tArtach thíos le ganntanas bonneagair, rud a chuireann pobail áitiúla agus daoine eile faoi mhíbhuntáiste; de bhrí go bhféadfadh forbairt tionscadal bonneagair ilchuspóireach cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin agus ar na dúshláin slándála níos leithne araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>AR.</NO.P>de bhrí go soláthraíonn críochfoirt GNL nuathógtha agus pleanáilte tairseach bhunriachtanach do GNL na hIorua, go háirithe aonaid stórála agus athghásaithe ar snámh a bhfuil gealltanas tugtha ag Ballstáit an Aontais ina leith le blianta beaga anuas, agus go neartaíonn éagsúlú agus slándáil an tsoláthair tuilleadh mar thoradh ar na críochfoirt sin; de bhrí go bhfuil forbairt agus táirgeadh breise bristeoirí oighir ríthábhachtach do thaiscéalaíocht agus do shábháilteacht an Artaigh, agus go bhfuil saineolas ar leith ag an bhFionlainn ina leith sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AS.</NO.P>de bhrí go soláthraíonn taighde arna chistiú ag an Aontas, comhpháirtíochtaí Fís Eorpach agus seirbhísí satailíte Copernicus sonraí bunriachtanacha le haghaidh slándála, athléimneacht aeráide, sábháilteacht loingseoireachta agus maoirseacht chomhshaoil san Ard-Thuaisceart;
</CONS><CONS>
<NO.P>AT.</NO.P>de bhrí gur sócmhainn straitéiseach í nascacht satailíte shlán, athléimneach agus uathrialach chun cumarsáid a chosaint, feasacht staide a fheabhsú, bonneagar criticiúil a chosaint agus acmhainneacht an Aontais a threisiú chun bagairtí hibrideacha agus traidisiúnta san Artach a chosc, a dhíspreagadh agus chun freagairt dóibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AU.</NO.P>de bhrí go bhfuil teicneolaíochtaí spáis, lena n-áirítear suíomh, loingseoireacht, faire na Cruinne agus cumarsáid satailíte, bunriachtanach d’fheasacht staide an Artaigh, d’fhaireachán comhshaoil agus do nascacht; de bhrí go gcuireann suíomh geografach agus saoráidí na hIorua, amhail Spásphort Andøya agus misean leathanbhanda satailíte an Artaigh, bonneagar criticiúil ar fáil a thacaíonn le leasanna an Aontais agus a chumasaíonn rochtain neamhspleách Eorpach ar an spás; de bhrí go bhfuil comhar feabhsaithe leis an Iorua maidir le cumais spáis ríthábhachtach chun straitéis agus slándáil Artach an Aontais a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>AV.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) maidir le beartas Artach an Aontais a mhúnlú agus a chomhordú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á mholadh go ndéanfadh an Chomhairle, an Coimisiún agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>míleatú méadaitheach an Artaigh a cháineadh, go háirithe mar gheall ar athstruchtúrú míleata forleathan na Rúise, lena n-áirítear bunú an Choiligiam Mhuirí, rud in éineacht le leas soiléir na Síne sa réigiún a chuir leis an teannas réigiúnach agus a bhain an bonn den chobhsaíocht réigiúnach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leas agus gníomhaíochtaí straitéiseacha méadaitheacha na Síne sa réigiún Artach faoi chuimsiú ‘Bóthar Síoda Polach’; a aithint go bhféadfadh uaillmhian dhearbhaithe na Síne a bheith ina ‘mórchumhacht pholach’ faoi 2030 agus leathnú a láithreachta trí mhisin taighde, infheistíochtaí bonneagair straitéisigh agus comhpháirtíochtaí dé-úsáide dúshlán a thabhairt do phrionsabail rialachais sheanbhunaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>gach cás bagartha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis an staid san Úcráin a chur san áireamh, lena n-áirítear an fhéidearthacht láithreacht na Rúise san Artach a neartú mar thoradh ar choinbhleacht reoite a d’fhéadfadh a bheith ann san Úcráin; smachtbhannaí an Aontais maidir le teicneolaíochtaí dé-úsáide atá beartaithe do leathnú míleata Artach na Rúise a chur chun feidhme go hiomlán, dá bhrí sin, agus tacú ag an am céanna le rannpháirtíocht na hÚcráine le struchtúir rialachais an Artaigh, lena n-áirítear an t-ionchas maidir le stádas breathnóra i bhfóraim ábhartha; smachtbhannaí a neartú i gcoinne soithí scáthchabhlaigh a úsáideann bratacha áise chun smachtbhannaí a sheachaint san Artach; faireachán agus forfheidhmiú ar an méid sin a uasghrádú, lena n-áirítear trí chomhar idirnáisiúnta chun a áirithiú go ndéanfaidh calafoirt agus cuideachtaí árachais na soithí sin a dhúliostú; stáit bhrataí a thabhairt chun cuntais go hiomlán as comhlíonadh na gcaighdeán comhshaoil agus sábháilteachta a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>a thuiscint go hiomlán a thábhachtaí atá bearna GIUK mar chonair idirthurais mhuirí nach féidir a dhealú ó leasanna an Aontais, agus na rioscaí a bhaineann lena teacht chun cinn mar láthair d’oibríochtaí an limistéir léith; dá réir sin, féachaint le hathléimneacht institiúideach na dtíortha agus na gcríoch sin a fhorbairt i gcomhar le comhpháirtithe cuiditheacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>oibriú i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhghuaillithe ECAT chun cumais dhíspreagthacha a neartú mar fhreagairt air sin, lena n-áirítear trí idirphlé straitéiseach feabhsaithe idir an tAontas agus ECAT maidir le feasacht ar an réimse Artach, comhroinnt faisnéise agus freachnaimh chomhpháirteacha chosanta san Ard-Thuaisceart, ag leanúint shamplaí Dhúshlán an Artaigh 2023 arna óstáil ag an tSualainn, ag an bhFionlainn agus ag an Iorua agus fhreachnamh míleata ‘Arctic Light 2025’ faoi stiúir na Danmhairge; feabhas a chur ar an gcomhar le struchtúir ECAT agus leis an Lárionad Eorpach um Chur i gCoinne Bagairtí Hibrideacha chun athléimneacht a chothú agus caighdeáin choiteanna a fhorbairt maidir le cosaint bonneagair san Artach; comhar praiticiúil idir an tAontas agus ECAT san Artach a dhoimhniú i réimsí leasa choitinn, lena n-áirítear feasacht ar an réimse muirí, bonneagar criticiúil a chosaint, lóistíocht agus idir-inoibritheacht cuardaigh agus tarrthála; forairdeall a fheabhsú maidir le rannpháirtíocht an Aontais le comhpháirtithe seachtracha agus sásraí um scagadh slándála a bhunú ar leibhéal an Aontais le haghaidh tionscadail eachtracha taighde agus bonneagair san Artach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>ag an am céanna, leanúint de bheith ag obair chun cosc a chur ar iarmhairtí coinbhleachtaí geopholaitiúla isteach sa réigiún, agus ról níos suntasaí a ghlacadh san Artach ag an am céanna agus athbhunú cuimsitheach an bheartais Artaigh a shaothrú a théann níos faide ná coincheap as dáta an eisceachtúlachta Artaigh, agus ina ionad sin é a úsáid mar mhodh chun measúnú a dhéanamh ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>agus an méid sin ar fad á chur san áireamh, a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí an Aontais san Ard-Thuaisceart comhlántach le Coincheap Straitéiseach ECAT 2022 agus go mbainfidh siad tairbhe as seasamh muirí treisithe na Comhghuaillíochta; díchoinbhleachtú idir ECAT agus an tAontas agus feasacht staide chomhroinnte a chur chun cinn agus a iarraidh go ndéanfaí idir-inoibritheacht neartaithe idir Ballstáit an Aontais agus comhghuaillithe eile ECAT sa tslándáil Artach, san fhaireachas muirí, in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála agus i gcosaint an bhonneagair chriticiúil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>a thabhairt dá aire go bhfuil réigiún Artach na hEorpa mar chuid de chontanam lena n-áirítear réigiún Mhuir Bhailt laistigh den Artach, a bhfuil dúshláin agus leasanna coiteanna acu; a aithint gur gá gníomhaíochtaí an Aontais san Artach a ailíniú le gníomhaíochtaí forbartha an Aontais a chuirtear chun feidhme laistigh de limistéir teorann thoir an Aontais sa tuaisceart, agus tacú leo, chun a dtionchar a uasmhéadú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>i bhfianaise an mhéid sin agus i bhfianaise na dteagmhas a tharla le déanaí i Muir Bhailt atá curtha i leith scáthchabhlach na Rúise agus shoithí na Síne, cosaint an bhonneagair fhíor-riachtanaigh faoi uisce san Artach a neartú go mór, go háirithe cáblaí agus píblínte fomhuirí, lena n-áirítear iad siúd atá i ngaireacht don Ghraonlainn, agus an creat rialála maidir le smachtbhannaí agus frithbhearta a dhéanamh níos doichte; oibleagáidí faoi Airteagail 112 go 115 de UNCLOS a chumhdach agus a fhorfheidhmiú, ar oibleagáidí iad atá fíor-riachtanach chun idirnascacht dhigiteach agus fuinnimh na hEorpa a chosaint ar shuaitheadh geopholaitiúil; straitéis AE agus LEE a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhar idir an tSín agus an Rúis san Ard-Thuaisceart agus chun cur ina choinne, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de shaoirse loingseoireachta agus den dlí idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>tacú le caighdeáin choiteanna chibearshlándála agus athléimneachta a bhunú le haghaidh cáblaí fomhuirí, pointí tabhairt i dtír agus bonneagar digiteach criticiúil san Artach, lena n-áirítear trí mheasúnuithe riosca comhpháirteacha, ceanglais maidir le tuairisciú teagmhas agus cleachtaí tástála struis tréimhsiúla, agus aitheantas á thabhairt dá ról straitéiseach in uathriail straitéiseach oscailte an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha amhail cibirionsaithe, trasnaíocht GPS agus spúfáil agus sabaitéireacht cáblaí faoin bhfarraige, lena n-éilítear sásraí feabhsaithe faireacháin agus freagartha trí chreat comhpháirteach faireacháin agus freagartha idir an tAontas agus ECAT agus infheistíocht mhéadaithe i gcumarsáid satailíte uasghrádaithe, shlán agus uathrialach, lena n-áirítear acmhainneacht lainseála, chomh maith le hinfheistíochtaí, ladrainn faoi uisce agus mapáil ghrinneall na farraige; i ndáil leis sin, tacú le taighde, tástáil agus imscaradh céimnithe teicneolaíochtaí faireachais hibrideacha arna gcistiú ag an Aontas, lena n-áirítear córais gan foireann, i gcomhar le comhpháirtithe Nordacha, chun faireachán a dhéanamh ar bhagairtí hibrideacha agus chun freagairt dóibh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(l)</SYMBOL>i bhfianaise na tábhachta straitéisí méadaithí agus an spleáchais ar chumais spásbhunaithe Artacha do shlándáil na hEorpa, feasacht staide chomhchoiteann, athléimneacht agus cobhsaíocht réigiúnach san Artach a neartú; ina theannta sin, infheistíochtaí agus comhpháirtíochtaí faoi stiúir an Aontais le comhghuaillithe iontaofa a chur chun cinn chun bonneagar criticiúil Artach a dhaingniú agus chun spleáchas ar chumhachtaí forlámhacha a laghdú, lena n-áirítear bristeoirí oighir a tháirgeadh, más féidir, i gcomhar le comhpháirtithe straitéiseacha an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(m)</SYMBOL>an iomaíocht gheopholaitiúil mhéadaithe feadh bhealaí muirí an Artaigh, go háirithe Bealach na Mara Thuaidh, a aithint; tacú, dá bhrí sin, le hidirphlé taidhleoireachta arb é is aidhm dó comhaontuithe idirnáisiúnta soiléire a bhunú maidir le saoirse loingseoireachta agus comhar muirí síochánta, cur in aghaidh éilimh aontaobhacha agus cur i bhfeidhm an dlí mhuirí idirnáisiúnta a chur chun cinn i gcomhréir le UNCLOS; dá réir sin, srianta na Rúise ar shaorloingseoireacht in NSR agus a hathneartú ar an mbonneagar míleata feadh NSR a cháineadh go poiblí ; tacú le cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta chun cur i gcoinne iarrachtaí conairí loingseoireachta atá faoi chonspóid a dhlisteanú nó chun tionchar geopholaitiúil a réamh-mheas ar leithscéalta an chomhair eolaíoch nó eacnamaíoch; páirt a ghlacadh in idirphlé réigiúnach maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe faoi UNCLOS maidir le Caomhnú agus Úsáid Inbhuanaithe na Bithéagsúlachta Muirí i Limistéir lasmuigh den Dlínse Náisiúnta san Artach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(n)</SYMBOL>i bhfianaise thionchar díréireach an athraithe aeráide ar an Artach, agus i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus le pobail dhúchasacha an Artaigh, straitéisí oiriúnaithe a bhfuil gné beartais slándála ag baint leo a fheabhsú go práinneach, tacú le tionscnaimh faireacháin fhairsinge agus infheistíochtaí a mhéadú go suntasach i gcláir thaighde lena dtugtar tús áite don ghá atá le fás eacnamaíoch a chothromú agus éiceachórais chriticiúla san Artach á gcosaint ag an am céanna, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chumhdaítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852; a aithint, cé go bhfuil an t-athrú aeráide ina bhagairt ar éiceachórais Artacha, go bhfuil tionchair mhóra shochaíocha ag na teochtaí atá ag ardú sna réigiúin Artacha freisin, agus béim á leagan ar an ngá atá ann na daoine atá ina gcónaí san Artach a chur i gcroílár an taighde agus a áirithiú go gcuideoidh tairbhí na ngníomhaíochtaí taighde le pobail áitiúla iad féin a oiriúnú agus a bheith níos athléimní;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(o)</SYMBOL>i bhfianaise thábhacht acmhainní nádúrtha an Artaigh, lena n-áirítear hidreacarbóin, dúile tearc-chré agus iascaigh, agus in éineacht leis na Ballstáit, comhpháirtíochtaí comhthoiliúla a neartú leis an nGraonlainn agus le geallsealbhóirí eile san Artach, lena n-áirítear pobail dhúchasacha, maidir le heastóscadh inbhuanaithe agus próiseáil inbhuanaithe acmhainní agus cloí go docht leis na caighdeáin chomhshaoil is airde chun iarmhairtí tubaisteacha a sheachaint, amhail na cinn arb é doirteadh ola Norilsk 2020 (an Rúis) ba chúis leo; a áirithiú go gcuirfidh an comhar sin, ar thaobh amháin, le fás an daonra agus le hathbheochan na bpobal áitiúil san Artach agus, ar an taobh eile, go laghdófar leis spleáchas an Aontais ar an tSín agus ar sholáthraithe neamhiontaofa eile; leasanna straitéiseacha an Aontais a chur san áireamh maidir le rochtain a fháil ar amhábhair chriticiúla ó chomhpháirtithe iontaofa atá ar aon intinn leo, chomh maith le fás eacnamaíoch an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(p)</SYMBOL>ag an am céanna, oibriú i dtreo córas ceangailteach idirnáisiúnta maidir le dliteanas comhshaoil a bhunú chun a áirithiú go mbeidh freagracht iomlán ar thruaillitheoirí as tionóiscí agus as damáiste éiceolaíoch in uiscí Artacha, i bhfianaise go bhféadfaí lánaí nua loingseoireachta tras-Artacha a oscailt;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(q)</SYMBOL>i bhfianaise an ghá atá ann cearta na bpobal dúchasach ar fud an Artaigh a urramú agus a chur chun cinn, oibriú i dtreo eolas dúchasach a ionchorprú i bpróisis chomhshaoil agus ceaptha beartas, lena n-áiritheofar go ndéanfar leasanna agus saineolas dúchasach a chomhtháthú go maith i ngach leibhéal de cheapadh beartas an Aontais in éineacht le gach foinse ábhartha eolais eile, agus go gcosnófar a dteangacha agus a gcultúr;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(r)</SYMBOL>tús áite a thabhairt do chláir mheabhairshláinte, litearthachta, teanga agus óige i gcomhar Artach an Aontais, ag freagairt do mholtaí ó fhóraim Dhúchasaigh an Artaigh agus ó fhóraim na hóige;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(s)</SYMBOL>urraim a thabhairt d’Airteagal 19 de Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach ina luaitear a gcearta; ar an gcaoi chéanna, i gcomhréir le Dearbhú Ottawa 1996, a áirithiú go rannchuideoidh gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát san Artach le folláine agus cearta na bpobal dúchasach, agus nach ndéanfaidh siad dochar dóibh; breithniú a dhéanamh ar nochtadh méadaithe na bpobal dúchasach do chur isteach eachtrach agus d’fheachtais bhréagaisnéise a fhéachann le comhthéacsanna casta uathúla a úsáid mar arm, agus gníomhú in aghaidh na nithe sin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(t)</SYMBOL>na moltaí ó Dhearbhú Kiruna 2013 a chomhtháthú go hiomlán i mbeartas Artach an Aontais, lena n-áirítear trí thacú le cistiú méadaithe don fhuinneamh in-athnuaite agus do bhainistiú inbhuanaithe dramhaíola i bpobail Artacha, sásraí a neartú le haghaidh rannpháirtíocht fhóinteach na bpobal dúchasach i rialachas agus i gcinnteoireacht an Artaigh, feabhas a chur ar acmhainneachtaí slándála sibhialta agus freagartha éigeandála i réigiúin Artacha – lena n-áirítear bonneagar cuardaigh agus tarrthála agus ullmhachta do thubaistí – agus taighde idirdhisciplíneach agus comhpháirtíochtaí oideachais a chur chun cinn, lena n-áirítear tacaíocht don óige Artach agus d’institiúidí áitiúla agus dúchasacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(u)</SYMBOL>cur chun feidhme iomlán Chomhaontú Iascaigh an Aigéin Artaigh Láir a chur chun cinn, lena gceanglaítear ar na sínitheoirí clár comhpháirteach taighde agus faireacháin eolaíoch a bhunú agus eolas dúchasach a chomhtháthú sula gceadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta tráchtála sa réigiún amach anseo;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(v)</SYMBOL>go n-aithneofar go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le hArtach a bhfuil daonra ann, le bonneagar trasteorann agus le sochaithe athléimneacha do shlándáil na hEorpa, agus go neartaíonn siad an comhar laistigh d’Artach na hEorpa agus leis; tacú, go háirithe, le tionscadail bhonneagair ó thuaidh go tuaisceart agus soir go hiarthar a fhorbairt in Artach na Sualainne agus na Fionlainne, agus béim ar leith á leagan ar acmhainneacht mhéadaithe a éascú ar an iarnród atá ann cheana ón bhFionlainn go dtí an tAigéan Artach agus ar naisc nua iompair ilmhódaigh a fhiosrú, chun nascacht idir an tAontas agus an Nordach agus soghluaisteacht mhíleata a neartú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(w)</SYMBOL>ag aithint dóibh a thábhachtaí atá nascacht athléimneach do phobail Artacha agus do shlándáil an Aontais, ionstraimí an Aontais a cheapadh lena gcuirtear comhtháthú eacnamaíoch méadaithe chun cinn go gníomhach sa réigiún Artach, ós rud é go méadaíonn infheistíocht i mbonneagar trasteorann soghluaisteacht, go spreagann sí nuálaíocht agus forbairt gnó agus go neartaíonn sí slándáil an tsoláthair agus an ullmhacht trí chomhar idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(x)</SYMBOL>a aithint go bhfuil tacaíocht an Aontais d’fhorbairt agus comhar Artach ríthábhachtach chun caidreamh, muinín agus acmhainneacht forbartha a chothú i limistéir thuaisceartacha inar tearc an daonra agus i limistéir leochaileacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(y)</SYMBOL>a aithint go mbraitheann iomaíochas agus bainistiú géarchéime i dtimpeallacht chasta beartais slándála ar shochaithe láidre nuálacha agus ar ghnólachtaí áitiúla a bhfuil a gcumais féin acu, agus ar chomhar trasteorann idir lucht ceaptha beartas, taighdeoirí, gnólachtaí agus pobail; a aithint gur cheart don Aontas leanúint, i ndlúth-idirphlé leis na stáit agus na comhlachtaí réigiúnacha ábhartha, de thacaíocht a thabhairt d’fhothú acmhainneachta na bpobal Artach atá níos athléimní agus níos inbhuanaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(z)</SYMBOL>béim a leagan ar an ról ríthábhachtach atá ag an gcomhar eolaíoch idirnáisiúnta i rialachas Artach agus i dtuiscint aeráide, tacú le cistiú leanúnach ón Aontas do thionscadail taighde Artacha agus d’idirphlé eolaíoch agus do rannpháirtíocht ghníomhach iontu; comhroinnt sonraí oscailte agus comhtháthú torthaí eolaíocha i bpróisis ceaptha beartas a chur chun cinn, agus a áirithiú ag an am céanna go ndéanfar an malartú eolaíoch sin agus feasacht iomlán ann ar na rioscaí cosanta agus slándála atá ann faoi láthair a eascraíonn as an staid gheopholaitiúil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aa)</SYMBOL>aitheantas a thabhairt don ról uathúil atá ag ollscoileanna i gceantair thuaithe an Artaigh mar spreagadh don fhorbairt réigiúnach agus don fhás eacnamaíoch tríd an nuálaíocht sa taighde agus i ngnólachtaí, trí nuatheachtaithe a mhealladh, trí inniúlacht agus scileanna áitiúla agus réigiúnacha a fheabhsú, trí chomhtháthú réigiúnach a chur chun cinn, agus trí eolas agus faisnéis a dháileadh a chuireann leis an athléimneacht agus leis an ullmhacht; tacú le hollscoileanna Artacha, lena n-áirítear trí ranníocaíochtaí airgeadais trí mheascán de chláir de chuid an Aontais; soghluaisteacht oideachais agus taighde a threisiú idir ollscoileanna an Aontais agus institiúidí ardoideachais an Artaigh, lena n-áirítear sa Ghraonlainn, san Íoslainn agus i dtuaisceart na hIorua, chun glúin nua saineolaithe Artacha a chothú agus chun an comhar idir daoine a dhoimhniú; cistiú taighde idirdhisciplíneach ar an Artach a mhéadú agus tacú le hIonad Barr Feabhais Eorpach don Taighde Artach a bhunú, agus úsáid á baint as seirbhísí Copernicus, bonneagair sonraí oscailte, tomhais <STRING ITALIC="on">in situ</STRING> agus eolas traidisiúnta, chun táirgí eolaíocha oibríochtúla a sholáthar chun tacú le cinnteoireacht ar leibhéal an Aontais agus le comhar le comhpháirtithe dlisteanacha idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ab)</SYMBOL>i bhfianaise na tacaíochta méadaithe d’aontachas na hÍoslainne leis an Aontas Eorpach, fáiltiú a chur roimh an rún a chuir na húdaráis áitiúla in iúl faoi reifreann a reáchtáil faoi 2027 maidir le caibidlíocht a atosú maidir le haontachas leis an Aontas agus gealltanas a thabhairt go n-urramófar toradh an reifrinn sin, mar a chuir muintir na hÍoslainne in iúl go daonlathach; idir an dá linn, dul i dteagmháil go réamhghníomhach le Rialtas na hÍoslainne chun na tairbhí a bhaineann le ballraíocht ionchasach san Aontas a chur chun cinn agus chun ullmhacht do phróiseas aontachais athnuaite a fheabhsú má dhéanann an Íoslainn a cur i bhfeidhm a athghníomhachtú go foirmiúil, agus comhar maidir le leasanna coiteanna a fheabhsú láithreach agus cúnamh an Aontais a thairiscint di sa chomhrac i gcoinne bagairtí hibrideacha agus trasnaíocht eachtrach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ac)</SYMBOL>fáilte a chur roimh chinneadh Rialtas na hÍoslainne tús a chur le cainteanna maidir le comhpháirtíocht slándála agus cosanta leis an Aontas; cur in iúl go mbeidh an comhaontú a thiocfaidh as sin bunriachtanach don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Íoslainn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ad)</SYMBOL>an Iorua a aithint mar phríomh-chomhghuaillí de chuid an Aontais agus ECAT agus béim a leagan ar an ngá leanúnach atá ann an comhar slándála agus cosanta a neartú agus ailíniú iomlán a dhéanamh le gealltanais ECAT; agus an méid sin á chur san áireamh, ós rud é go neartódh ballraíocht na hIorua san Aontas a leasanna náisiúnta agus athléimneacht gheopholaitiúil an Aontais araon trí bhearnaí criticiúla i gcosaint chomhchoiteann an Aontais a dhúnadh, go háirithe maidir leis an mbearna GIUK, féachaint ar chomhar níos doimhne a chothú leis an Iorua, lena n-áirítear an fhéidearthacht Airteagal 42(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a leathnú chuig an Iorua agus aontachas ionchasach na hIorua leis an Aontas; a thabhairt chun suntais go bhfuil comhar cosanta cuimsitheach leis an Iorua indéanta cheana féin, mar a léirítear le comhar cosanta Nordach láidir, ar cheart dó a bheith ina shamhail do naisc níos dlúithe idir an tAontas agus an Iorua;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ae)</SYMBOL>i bhfianaise ról ríthábhachtach na hIorua i slándáil fuinnimh an Aontais, arb ionann í agus níos mó ná 30 % d’allmhairí gáis an Aontais in 2024, feabhas a chur ar an gcomhar maidir le hathléimneacht fuinnimh agus éagsúlú soláthair mar phríomhuirlis, in éineacht le tionscadail bhonneagair straitéiseacha eile amhail Conair Gáis Mhuir Bhailt, chun uathriail straitéiseach an Aontais, athléimneacht fheabhsaithe agus spleáchas laghdaithe ar sholáthairtí fuinnimh na Rúise a bhaint amach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(af)</SYMBOL>cur in iúl gur geal léi tacaíocht leanúnach na hIorua don Úcráin, lena n-áirítear a cinneadh beagnach EUR 600 milliún a leithdháileadh ar chórais aerchosanta na hÚcráine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ag)</SYMBOL>i bhfianaise imní mhór na Parlaiminte faoi thábhacht gheopholaitiúil mhéadaitheach na Graonlainne, rud atá níos measa mar gheall ar ráitis ó ghníomhaithe seachtracha a cheistíonn socruithe bunreachtúla agus ceannasacht na Danmhairge, agus tuairiscí ar chur isteach eachtrach ina gnóthaí intíre lena n-áirítear ráitis áirithe ó riarachán na Stát Aontaithe, urraim do cheart féinchinntiúcháin na Graonlainne a athdhearbhú, á chur i dtábhacht nach mór do mhuintir na Graonlainne cinntí maidir le todhchaí bhunreachtúil agus caidreamh idirnáisiúnta na Graonlainne a dhéanamh go heisiach gan brú seachtrach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ah)</SYMBOL>i bhfianaise ábharthacht mhéadaitheach na Graonlainne san Artach agus i gcreataí slándála na hEorpa, mar aon le tacaíocht mhéadaithe d’aontachas leis an Aontas i measc mhuintir na Graonlainne, a léirítear le pobalbhreith lena dtugtar le fios go bhfuil thart ar 60 % de mhuintir na Graonlainne i bhfabhar aontachas leis an Aontas, fáilte a chur roimh aon tionscnamh de chuid Rialtas na Graonlainne chun a naisc pholaitiúla, institiúideacha agus eacnamaíocha leis an Aontas a neartú; an tAontas a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha agus eacnamaíocha níos doimhne, lena n-áirítear i gcomhthéacs aontachas féideartha, más mian le muintir na Graonlainne é agus nuair is mian leo; i ndáil leis an méid sin, a chur i bhfios go láidir go dtabharfadh ballraíocht san Aontas, lena dtugtar rochtain ar thionscnaimh amhail Iris<STRING SUPERSCRIPT="on">2</STRING> agus Galileo, guth níos láidre don Ghraonlainn i rialachas Artach, go gcuirfeadh sí na modhanna ar fáil chun a héiceachórais ríthábhachtacha a chosaint agus chun forbairt inbhuanaithe an bhonneagair chriticiúil a chumasú de réir mar a thagann bealaí trádála nua an tuaiscirt chun cinn, agus a slándáil á neartú ag an am céanna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ai)</SYMBOL>an chéad straitéis slándála de chuid na Graonlainne dar teideal <STRING ITALIC="on">Greenland in the World: Nothing about Us Without Us – Greenland’s Foreign, Security and Defense Policy 2024-2033</STRING> [An Ghraonlainn sa Domhan: Dada fúinn gan cead uainn – Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta na Graonlainne 2024-2033], lena léirítear prionsabal chuimsiú fóinteach na bpobal Artach i mbeartais a mhúnlú a dhéanann difear dá réigiún; aird a thabhairt ar an moladh sa straitéis chun ionad síochána a bhunú in Nuuk lena gcuirfí idirphlé chun cinn agus lena n-éascófaí taighde agus idirghabháil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aj)</SYMBOL>a aithint go ndearna an Ghraonlainn í féin a ailíniú le smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise tar éis ionradh na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir gur céim nua i gcomhar leis an nGraonlainn é oscailt oifig an Choimisiúin in Nuuk, a bhfuil dlúthchaidreamh aici leis an Aontas le fada an lá agus a bhain tairbhe as a tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear in earnáil an oideachais, cé nach Ballstát í;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ak)</SYMBOL>an comhar le Ceanada a neartú; béim a leagan ar ábharthacht straitéiseach na comhpháirtíochta idir an tAontas agus Ceanada i bhfianaise luachanna daonlathacha comhroinnte agus freagrachtaí domhanda, agus an comhar slándála agus cosanta a chur chun cinn san Artach mar chuid de chlár oibre uaillmhianach réamhbhreathnaitheach idir an tAontas agus Ceanada;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(al)</SYMBOL>béim a leagan, go háirithe, ar an ngá atá le comhar méadaithe chun gníomhaíochtaí urchóideacha na Rúise agus na Síne san Artach a chomhrac, agus forbairt eacnamaíoch á cothú ag an am céanna agus á mheabhrú gur féidir le comhar míleata pobail áitiúla a neartú freisin; idirphlé struchtúrtha a fhorbairt faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada<FOOTNOTE><FIELD> An Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 11, 14.1.2017, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2017/37/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lena ndíreofar ar chosaint éiceachórais agus bithéagsúlachta, ar chur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta comhshaoil, ar bhonneagar athléimneach, ar shlándáil bealaí muirí agus ar eolas dúchasach a chomhtháthú i bpróisis chinnteoireachta; an ardacmhainneacht maidir le comhar idir an tAontas agus Ceanada i ndáil le hacmhainní nádúrtha Cheanada a mheabhrú; comhar níos dlúithe a spreagadh i réimsí eolaíocha agus cultúrtha chun pobail dhúchasacha a chumhachtú agus athléimneacht an Artaigh a neartú; béim a leagan air go bhfuil comhar maidir le forbairt agus bainistiú bonneagair agus samhlacha comhpháirtíochta dúchasaí lárnach don chomhar idir an tAontas agus Ceanada; tús áite a thabhairt do chéimeanna tapa chun an comhar polaitiúil, eacnamaíoch agus slándála le Ceanada a dhoimhniú, i bhfianaise a róil mar chomhalta bunaidh den Chomhairle Artach agus mar chomhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(am)</SYMBOL>an t-idirphlé idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir leis an Artach a chur chun cinn; aird a tharraingt ar an iliomad dúshlán coiteann atá roimh an Aontas agus na Stáit Aontaithe sa réigiún, ón gcomhar aeráide go dtí an comhar slándála; a chur i bhfios go láidir go bhfuil comhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe san Artach ríthábhachtach chun an Rúis agus an tSín a shrianadh agus chun slándáil chomhroinnte idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(an)</SYMBOL>cur i dtreis go bhfuil gá le hidirphlé réigiúnach níos láidre le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo san Artach, agus iarrann siad ar cheannairí an Aontais ceannairí na gcomhpháirtithe sin a thabhairt le chéile chun straitéis Artach fhadtéarmach chomhchoiteann, shubstaintiúil agus inmharthana a bhunú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ao)</SYMBOL>rialachas agus comhar iltaobhach a threisiú tríd an gComhairle Artach, go háirithe faoi Chathaoirleacht reatha Ríocht na Danmhairge, atá faoi cheannas na Graonlainne don tréimhse 2025-2027; i ndáil leis an méid sin, tathant ar na comhaltaí uile seasamh le creataí rialachais síochánta dlíbhunaithe agus comhar iltaobhach éifeachtach a athbhunú, agus béim ar leith á leagan ar chosaint an chomhshaoil, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar chearta na bpobal dúchasach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ap)</SYMBOL>an comhar le stáit bhreathnóireachta na Comhairle Artaí a neartú, amhail an tSeapáin agus an Chóiré Theas, ag díriú ar theicneolaíocht inbhuanaithe, ar chumais bhriste oighir agus ar shábháilteacht mhuirí, agus leasanna straitéiseacha an Aontais á gcosaint ag an am céanna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aq)</SYMBOL>a hiarrachtaí a athnuachan chun tacú le hiarratas an Aontais a bheith ina bhreathnóir iomlán laistigh den Chomhairle Artach agus rannpháirtíocht an Aontais i meithleacha na Comhairle Artaí a fheabhsú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ar)</SYMBOL>cistiú agus tacaíocht a mhéadú don chomhar le príomhinstitiúidí Artacha, amhail an Chomhairle Eacnamaíoch Artach, Fóram Mhéaraí an Artaigh agus Buanchoiste Pharlaiminteoirí an Réigiúin Artaigh, lena n-áirítear trí fhothú acmhainneachta, tionscadail chomhpháirteacha agus tionscnaimh taighde, agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá acu maidir le forbairt inbhuanaithe agus rannpháirtíocht áitiúil a chur chun cinn ar fud an réigiúin Artaigh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(as)</SYMBOL>a aithint go bhfuil gá freisin le hacmhainní airgeadais breise chun straitéis an Aontais maidir leis an Artach a uasghrádú agus a fheabhsú; dá bhrí sin, a áirithiú go spreagfaidh an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile infheistíochtaí straitéiseacha i gcumais loingseoireachta an Artaigh, i gcórais chumarsáide nua-aimseartha, i moil lóistíochta agus i mbonneagar tacaíochta, lena n-áirítear soithí briste oighir; á chur i bhfáth nach mór do na hinfheistíochtaí sin dianchomhlíonadh na gcaighdeán comhshaoil a ráthú agus rannpháirtíocht fhóinteach na bpobal dúchasach i bpleanáil agus i gcur chun feidhme beartais a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(at)</SYMBOL>sainordú an Toscaire Speisialta um Ábhair Artacha a neartú trí údarás níos soiléire, acmhainní agus freagrachtaí leordhóthanacha a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí slándála agus comhshaoil, ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas i bhfóraim Artacha, beartas Artach a chomhordú, dul i dteagmháil le pobail dhúchasacha, agus tuairisciú don Chomhairle agus don Pharlaimint;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(au)</SYMBOL>á iarraidh go gcruthófaí aonad tiomnaithe Artach laistigh de SEGS chun rannpháirtíocht níos cuimsithí agus níos réamhghníomhaí a chothú le stáit agus geallsealbhóirí Artacha; a chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas caitheamh leis an réigiún Artach mar chomhpháirtí fadtéarmach sa rathúnas inbhuanaithe, agus tús áite á thabhairt don chomhar i gcúrsaí eacnamaíocha, comhshaoil agus slándála; tathant ar SEGS saineolas a bhaineann go sonrach leis an Artach a fhorbairt, lena n-áirítear trí oiliúint foirne, agus trí chomhar níos dlúithe le pobail agus institiúidí Artacha, agus rannpháirtíocht an Aontais i meithleacha na Comhairle Artaí a neartú; á chur i bhfáth nach mór tacú leis an bhfothú acmhainneachta sin le cistiú leordhóthanach, lena n-áirítear acmhainní le haghaidh oiliúint foirne, taighde agus forbairt comhpháirtíochta le pobail agus institiúidí Artacha, chun cur chuige cuimsitheach, eolasach, éifeachtach agus comhordaithe a áirithiú maidir le beartas Artach an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(av)</SYMBOL>ionadaíocht fhoirmiúil an Aontais a fhiosrú agus a bhunú in Oileáin Fharó chun an t-idirphlé polaitiúil a neartú, feabhas a chur ar an gcomhar maidir le hiascaigh, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus forbairt inbhuanaithe, agus láithreacht straitéiseach an Aontais i réigiún an Atlantaigh Thuaidh a chomhdhlúthú;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus, mar fhaisnéis, chuig rialtais agus parlaimintí na stát Artach agus chuig eagraíochtaí ionadaíocha na bpobal dúchasach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RECOM></TXTLST></SDOCTA>