<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0307</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0226/2025 -  Rapóirtéiírí: Thijs Reuten, Nina Carberry)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2025 ar chur chun feidhme an Chomhaontuithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (2024/2108(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.</FIELD></FOOTNOTE> (an Comhaontú um Tharraingt Siar),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat Windsor<FOOTNOTE><FIELD> Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).</FIELD></FOOTNOTE> ina liostaítear na forálacha de dhlí an Aontais a bhfuil feidhm le bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach, don Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta agus don Chomhthuiscint ar chlár oibre athnuaite don chomhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an 19 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus do chomhaontuithe cur chun feidhme dá éis sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 21 Márta 2024 ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann: 1 Eanáir – 31 Nollaig 2023 (COM(2024)0127),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2025 ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann: 1 Eanáir – 31 Nollaig 2024 (COM(2025)0149),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 2 Aibreán 2025 ar chur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4388, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4388/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus ar chur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4389, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4389/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit<FOOTNOTE><FIELD> IO L 357, 8.10.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1755/o.j</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán CCB),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 i dtaobh na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/657 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena leagtar síos rialacha feidhmithe chearta an Aontais i gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 83, 22.3.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/657/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 ar chur chun feidhme an Comhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4222, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chruinnithe agus do sheasaimh Thionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta AE-na Ríochta Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Pháipéar Bán Comhpháirteach maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030, mar a tíolacadh ar an 19 Márta 2025 é (JOIN(2025)0120),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2025 ar an bpáipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/3151, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3151/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Sauli Niinistö an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal Safer Together: strengthening Europe’s civilian and military preparedness and readiness [Níos Sábháilte le Chéile: ullmhacht shibhialtach agus mhíleata na hEorpa a neartú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Beart Slándála don Eoraip (SAFE) tríd an Ionstraim um Thionscal Cosanta na hEorpa a atreisiú (COM(2025)0122),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana lena mbunaítear creat le haghaidh comhar rialála seirbhísí airgeadais idir AE agus an Ríocht Aontaithe an 27 Meitheamh 2023 agus do bhunú Chomhfhóram Rialála Airgeadais idir AE agus an Ríocht Aontaithe dá éis sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiúin agus do Phrótacail na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), go háirithe ionstraimí bunúsacha EIS,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982, ar a dtugtar Coinbhinsiún Montego Bay,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rialú ón mBinse Eadrána an 28 Aibreán 2025 i dtaobh eadrána de bhun Airteagal 739 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann leis an gcinneadh ón Ríocht toirmeasc a chur ar iascaireacht corr gainimh<FOOTNOTE><FIELD> Buanchúirt Eadrána, Cás 2024-45, https://pca-cpa.org/en/cases/334/<STRING UNDERLINE="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta arna bhunú le hAirteagal 8(1)(p) den Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, an 10 Márta 2023 a mhéid a bhaineann le húsáid an Mhalartaithe Leictreonaigh Faisnéise Slándála Sóisialta chun sonraí a tharchur idir institiúidí nó comhlachtaí idirchaidrimh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 91, 29.3.2023, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/698/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Uimh. 2/2023 ón gCoiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta arna bhunú le hAirteagal 8(1)(p) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, an 28 Meitheamh 2023 a mhéid a bhaineann le hainmniú na hinstitiúide airgeadais a fheidhmeoidh mar thagairt chun an ráta úis le haghaidh íocaíochtaí déanacha agus an ráta malairte le haghaidh comhshó airgeadra a chinneadh, chomh maith leis an dáta atá le cur san áireamh chun rátaí comhshó airgeadra a chinneadh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 179, 14.7.2023, lch. 147, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1460/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(f) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 11 Nollaig 2024 maidir leis an nós imeachta chun údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Iascach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0226/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin chomhchosúla roimh an Aontas agus an Ríocht Aontaithe, mar chuid den mhór-roinn chéanna agus faoi cheangal ag gaireacht gheografach, luachanna comhroinnte agus leasanna straitéiseacha, amhail an t-athrú aeráide, timpeallacht slándála dhomhanda chriticiúil agus luaineach agus ord domhanda athraitheach ina bhfuil cogadh ar mhór-roinn na hEorpa agus creimeadh tapa an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, rud a chuireann brú méadaithe ar ár sochaithe, ár ngeilleagair agus ár struchtúir slándála; de bhrí go méadaíonn an staid sin an gá le dlús a chur leis an gcomhar frithpháirteach maidir le gnóthaí eachtracha agus cosaint; de bhrí go léiríonn an staid gheopholaitiúil reatha agus na dúshláin dhomhanda go bhfuil gá le comhar níos dlúithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar mhaithe le slándáil, cobhsaíocht agus rathúnas na mór-roinne ina hiomláine; de bhrí go bhfuil comhar níos dlúithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe atá bunaithe ar an intuarthacht agus ar an struchtúr dá bhforáiltear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair níos riachtanaí ná riamh chun leasanna frithpháirteacha a chosaint agus athléimneacht a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur léirigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le déanaí go raibh rún daingean polaitiúil athnuaite acu oibriú le chéile agus leanúint mar chomhpháirtithe láidre chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus ar bhagairtí slándála, lena n-áirítear an bhagairt ón Rúis ar shlándáil mhór-roinn na hEorpa ina hiomláine agus ar an ord domhanda riailbhunaithe; de bhrí, i Márta 2025, gur fhógair Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Starmer, go dtógfaí “comhghuaillíoch na dtoilteanach” chun feabhas a chur ar thacaíocht chomhordaithe don Úcráin chun í féin a chosaint ar fhogha na Rúise a fhad is gá;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil sochaithe agus geilleagair oscailte agus nasctha na Ríochta Aontaithe agus an Aontais faoi réir géarfheachtais hibrideacha lena n-áirítear cibirionsaithe, ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI), sabaitéireacht agus ionstraimiú na himirce;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an 19 Bealtaine 2025, gur athdhearbhaigh an dá thaobh a dtiomantas polaitiúil athnuaite chun oibriú le chéile mar dhlúth-chomhpháirtithe iontaofa le linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda choiteanna atá romhainn; de bhrí gur léiríodh é sin go soiléir trí Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta a bhunú, agus trína dtacaíocht leanúnach aontaithe don Úcráin chun í féin a chosaint i gcoinne fhogha na Rúise agus trí shíocháin chuimsitheach, chóir agus mharthanach a athbhunú, lena n-áirítear trí ghealltanais slándála neartaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur croíphrionsabail an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon iad an t-iltaobhachas, cosaint an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, an tsíocháin, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, an geilleagar margaidh, an fhorbairt inbhuanaithe agus an tsaorthrádáil; de bhrí go soláthraítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair creat a d’fhéadfaí a fheabhsú le himeacht ama chun spriocanna straitéiseacha agus eacnamaíocha comhroinnte a bhaint amach; de bhrí go soláthraítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair an deimhneacht dhlíthiúil is gá chun trádáil a chothú agus comhar rianúil a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur fheidhmigh na struchtúir rialachais a bunaíodh faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, lena n-áirítear an Chomhairle Comhpháirtíochta agus comhchomhlachtaí eile, go héifeachtach, agus go raibh os cionn 35 chruinniú in 2024 chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go gcumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair réimsí amhail trádáil, fuinneamh, iascach, iompar, comhar breithiúnach agus forfheidhmithe dlí, agus comhordú slándála sóisialta, lena gcuirtear creat éagsúlaithe agus cuimsitheach ar fáil agus lena n-áirithítear cothrom na Féinne agus iomaíocht chóir sna réimsí a chlúdaítear; de bhrí gur dearbhaíodh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tiomantas athnuaite an dá pháirtí don chomhar fuinnimh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear pleananna chun athiontráil na Ríochta Aontaithe i margadh inmheánach leictreachais an Aontais a fhiosrú, agus é mar aidhm leis sin costais fuinnimh ghlain a laghdú agus iomaíochas a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur féidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a bheith ina dhreasacht luachmhar chun oiliúint, forbairt scileanna agus infheistíochtaí i sócmhainní doláimhsithe a chur chun cinn, amhail caipiteal daonna, laistigh den Aontas agus lasmuigh dá theorainneacha araon; de bhrí go n-aithnítear a thábhachtaí atá sé malartú eolais agus comhar a chothú chun scileanna daoine aonair a fheabhsú, agus ar an tslí sin rannchuidiú le lucht saothair domhanda níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é an Comhaontú Trádála agus Comhair an chéad chomhaontú trádála a shínigh an tAontas ina bhfuil Comhaontú Pháras mar chlásal bunriachtanach san áireamh; de bhrí, ar an tslí chéanna, gur príomhfhoráil den Chomhaontú í rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe agus Bhallstáit AE araon sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; de bhrí nach gclúdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair seirbhísí airgeadais, imirce, clár Erasmus+, beartas eachtrach ná cosaint; de bhrí gur bunaíodh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a tionóladh an 19 Bealtaine 2025 príomhbhearta chun na bearnaí sin a líonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go gcuirtear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair oibleagáid ar an dá pháirtí cearta bunúsacha agus prionsabail dhlíthiúla a urramú mar a léirítear, go háirithe, sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; de bhrí gur cuid bhunriachtanach d’ollstruchtúr chearta an duine ar fud mhór-roinn na hEorpa iad rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine; de bhrí, i Eanáir 2024, gur thug Éire iarratas idirstáit i gcoinne na Ríochta Aontaithe os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le hAcht Trioblóidí Thuaisceart Éireann (Leagáid agus Athmhuintearas), 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach n-áirítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair creat comhair maidir leis an mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta; de bhrí ó shin i leith go bhfuil aitheantas soiléir tugtha ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe araon do thábhacht agus do luach breise an chomhair struchtúrtha sna réimsí sin, go háirithe i bhfianaise na ndúshlán geopholaitiúil reatha; de bhrí gur síníodh Comhpháirtíocht Slándála agus Cosanta mar thoradh ar Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a tionóladh an 19 Bealtaine 2025, ar céim thábhachtach é i dtreo an comhar sin a chur ar bhonn foirmiúil; de bhrí go rannchuideodh comhar níos doimhne sna réimsí sin le slándáil, athléimneacht agus rathúnas comhroinnte na hEorpa a neartú do gach saoránach, agus go mbeadh a thairbhí le brath lasmuigh dár dteorainneacha chomh maith;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil beartais mhíleata agus slándála éagsúla ag Ballstáit AE, lena n-áirítear beartais neodrachta; de bhrí gur cheart na beartais sin a urramú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gurb iad an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc an t-aon tíortha Eorpacha a bhfuil airm núicléacha ina seilbh acu; de bhrí go bhfuil bac núicléach ríthábhachtach chun an Eoraip a chosaint mar mhór-roinn; de bhrí go n-athdhearbhaíonn an Pharlaimint a tacaíocht iomlán le tiomantas an Aontais agus a Bhallstát don Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach mar bhunchloch an chórais in aghaidh iomadú agus armáil núicléach; de bhrí go n-áitíonn an Pharlaimint gur gá a áirithiú go mbeadh ról láidir cuiditheach ag an Aontas in iarrachtaí neamhleata domhanda riailbhunaithe agus in ollstruchtúr rialaithe arm agus dí-armála a fhorbairt agus a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gurb ionann an Comhaontú um Tharraingt Siar agus an Comhaontú Trádála agus Comhair agus an creat do chaidreamh na Ríochta Aontaithe leis an Aontas; de bhrí gur dhaingnigh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe an dá chomhaontú agus gur conarthaí iad atá ceangailteach ó thaobh dlí de faoin dlí idirnáisiúnta poiblí; de bhrí nach mór an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bheith bunaithe ar na gealltanais idirnáisiúnta sin a urramú go hiomlán agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go leanann an Pharlaimint d’aird ar leith a thabhairt ar staid shaoránaigh AE atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus ar staid shaoránaigh na Breataine atá ina gcónaí san Aontas; de bhrí go bhfuair Údarás Faireacháin Neamhspleách (IMA) na Ríochta Aontaithe do na Comhaontuithe um Chearta na Saoránach 79 ngearán ó shaoránaigh AE agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch idir an 1 Eanáir agus an 30 Meitheamh 2023<FOOTNOTE><FIELD> IMA, ‘Gearáin le IMA: 1 Eanáir 2023 – 30 Meitheamh 2023’.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go mbaineann formhór na ngearán leis an gceart cónaithe, go háirithe maidir le tréimhsí feithimh fada d’iarratais ar Scéim Lonnaithe AE, tréimhsí feithimh chomh fada céanna i gcás iarratais ar Chead Teaghlaigh, agus athbhreithnithe fada riaracháin ar Scéim Lonnaithe AE, agus saincheist na córa comhionainne ina dhiaidh sin; de bhrí, i mí na Nollag 2024, gur thuairiscigh IMA ráta diúltaithe 21% maidir le hiarratais ar Scéim Lonnaithe AE a rinneadh i dTuaisceart Éireann, rud a fhágann gurb é an ráta diúltaithe is airde sa Ríocht Aontaithe é<FOOTNOTE><FIELD> IMA, ‘Fócas IMA  aar chearta na saoránach i dTuaisceart Éireann’.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil freagracht ar leith ar an Aontas a áirithiú go gcloítear le Comhaontú Aoine an Chéasta agus leis an tsíocháin i dTuaisceart Éireann araon; de bhrí go bhfuil nasc díreach ag cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair le cur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar; de bhrí gur cuireadh moill ar a chur chun feidhme iomlán fad a bhí an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ag teacht ar réitigh choiteanna ar na dúshláin phraiticiúla a cruthaíodh i gcur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn / Tuaisceart Éireann mar thoradh ar Brexit;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go dtugtar aghaidh le Creat Windsor, a tugadh i gcrích in 2023, ar na dúshláin phraiticiúla atá tagtha chun cinn in oibriú an Phrótacail maidir le hÉirinn / Tuaisceart Éireann sa chéad dá bhliain dá chur chun feidhme agus go gcruthaítear leis deimhneacht dhlíthiúil, mar sin, lena réitítear an tslí do chur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair i dTuaisceart Éireann; de bhrí go gcumhdaítear raon leathan réimsí le Creat Windsor amhail rialachas daonlathach, cearta, coimircí agus comhionannas deise, trádáil, custaim, agraibhia, cógais, cúnamh Stáit, CBL agus dleachtanna máil; de bhrí go bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn faoin tsíocháin agus faoin gcobhsaíocht ar oileán na hÉireann le breis agus 25 bliana anuas; de bhrí nach mór stádas uathúil Thuaisceart Éireann, mar a aithnítear sa Phrótacal agus i gCreat Windsor, a urramú go hiomlán sa chaibidlíocht sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun a chinntiú nach gcuirfidh aon socrú an méid sin i mbaol; de bhrí gur gheall Rialtas reatha na Ríochta Aontaithe Acht Leagáide an rialtais a bhí ann roimhe seo a aisghairm agus a ionadú; de bhrí go bhfuil tionchar uathúil ag suaitheadh na trádála domhanda reatha ar Thuaisceart Éireann toisc a seasamh uathúil a éiríonn as Brexit agus de bhrí nach mór don Ríocht Aontaithe agus don Aontas araon a bheith ar an eolas faoin seasamh sin agus beartas trádála á cheapadh acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gur osclaíodh caibidil nua agus uaillmhianach sa chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le tabhairt i gcrích Chreat Windsor mar aon le gealltanas Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe ‘athshocrú’ a dhéanamh ar chaidreamh na Ríochta Aontaithe leis an Aontas i mí Iúil 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go raibh torthaí dearfa ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a tionóladh an 19 Bealtaine 2025 don dá pháirtí agus gur athdhearbhaíodh a dtiomantas polaitiúil chun an chomhpháirtíocht a dhoimhniú, lena n-áirítear trí chomhpháirtíocht straitéiseach; de bhrí go ndearnadh dul chun cinn ar réimse saincheisteanna mar thoradh ar an gCruinniú Mullaigh, lena n-áirítear bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS), lúth na hóige agus comhar fuinnimh;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gur leagadh síos sa Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an bhunobair do chlár oibre déthaobhach níos struchtúrtha agus níos réamhbhreathnaithí; de bhrí go raibh sé i gceist leis an gCruinniú Mullaigh sin tús a chur le hidirphlé polaitiúil rialta agus struchtúrtha, agus go bhfuiltear ag súil le tuilleadh cruinnithe maidir le réimsí amhail beartas eachtrach, slándála agus cosanta, lúth, fuinneamh, aeráid, taighde agus slándáil inmheánach; de bhrí gur dheimhnigh an Coimisiún go raibh an plé taiscéalaíoch a tionóladh roimh an gCruinniú Mullaigh mar chuid de phróiseas leanúnach níos leithne atá dírithe ar chomhar a dhoimhniú thar réimsí éagsúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur cheart níos mó ná ráitis pholaitiúla amháin a bheith sna gealltanais a tugadh sa Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus gur cheart comhaontuithe agus spriocanna insoláthartha nithiúla atá ceangailteach ó thaobh dlí a bheith ag gabháil leo chomh maith don Aontas agus don Ríocht Aontaithe araon laistigh de thréimhse ama réasúnta, go háirithe dá saoránaigh agus dá ngnóthaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí nach mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe dul in oiriúint do dhinimic atá ag forbairt sa tslándáil thrasatlantach agus nach mór dóibh a gcumais féin a neartú, in éineacht le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo, chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn an Comhaontú Trádála agus Comhair urraim don daonlathas, don smacht reachta agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, lena n-áirítear na cinn sin a leagtar amach i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; de bhrí go bhfeidhmíonn na cearta sin mar threoirphrionsabail d’obair na ngrúpaí comhairleacha baile (DAGanna), lena n-áirítear ar Chaibidlí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag Grúpa Comhairleach Baile an Aontais i bhfaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair; de bhrí go bhfeidhmíonn Fóram na Sochaí Sibhialta, a bunaíodh faoi Airteagal 14 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, mar ardán ríthábhachtach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do ghnóthaí AE, do cheardchumainn agus d’eagraíochtaí eile oibrithe chun a dtuairimí a chur in iúl ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus go bhfuil ról ríthábhachtach aige i dtacú le hidirphlé an Choimisiúin leis an Ríocht Aontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur ghlac an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhaontú polaitiúil, an 19 Bealtaine 2025, a lamhálfaidh rochtain chómhalartach iomlán ar uiscí iascaireachta go dtí an 30 Meitheamh 2038<FOOTNOTE><FIELD> Ráiteas ón gCoimisiún ‘A renewed agenda for European Union – United Kingdom cooperation Common Understanding’ [Clár oibre athnuaite don Chomhthuiscint maidir le comhar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe], 19 Bealtaine 2025, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/statement_25_1267<STRING UNDERLINE="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas fós an comhpháirtí trádála is tábhachtaí atá ag an Ríocht Aontaithe; de bhrí go bhfuil tábhacht na trédhearcachta agus na seasmhachta  aithinte sa trádáil agus san infheistíocht idirnáisiúnta chun tairbhe na ngeallsealbhóirí agus na bpáirtithe uile; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach timpeallacht tráchtála intuartha a bheith ann a chothaíonn trádáil agus infheistíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus as a leanann fás agus fostaíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí, cé go gcinntítear taraifí agus cuótaí nialasacha leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, nach scriostar bacainní neamhtharaife leis; de bhrí, mar thoradh ar Brexit, go bhfuil ar ghnóthaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), dul i ngleic le dearbhuithe custam méadaithe, seiceálacha comhlíontachta agus ceanglais rialála, as a dtiocfaidh costais oibríochtúla níos airde agus moilleanna suaithinseacha ag teorainneacha; de bhrí gur chuir bonneagar neamhleor agus ganntanas gníomhairí custam oilte brú breise ar an gcóras, ina gcuirtear isteach ar ghluaiseacht thráthúil earraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur den ríthábhacht iompar de bhóthar, iompar d’iarnród, iompar muirí agus aeriompar atá éasca, éifeachtúil agus inacmhainne idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe d’fhonn ardleibhéal soghluaisteachta a áirithiú do shaoránaigh iomadúla Bhallstáit an Aontais atá ina gcónaí agus ag obair sa Ríocht Aontaithe, agus chomh maith do shaoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ag taisteal chun an Aontais mar thurasóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí gur mheas an Coimisiúin go ginearálta gur comhaontú nua-aimseartha agus cuimsitheach é an Comhaontú Trádála agus Comhair, lena léirítear leasanna an Aontais maidir le trádáil agus comhar, agus, ag an am céanna, na línte dearga a bhunaigh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit le linn phróiseas tarraingt siar na Ríochta Aontaithe a chaomhnú; de bhrí, i gcás na mblianta 2021 go 2024, gur shuigh an Coimisiún, ina thuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, gur fheidhmigh na socruithe trádála le haghaidh earraí agus seirbhísí, a bunaíodh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, ar an iomlán, d’ainneoin roinnt saincheisteanna cur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí, faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, nár cheart caitheamh le soláthraithe seirbhíse ná le hinfheisteoirí ón Aontas ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna le hoibreoirí na Ríochta Aontaithe sa Ríocht Aontaithe agus a mhalairt; de bhrí go bhfuil feidhm ag prionsabal an neamh-idirdhealaithe maidir le raon leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear seirbhísí a sholáthar, gnóthaí a bhunú agus cearta maoine intleachtúla a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Ríocht Aontaithe a córas urraíochta le haghaidh víosaí oibre i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhíse AE, agus mar thoradh air sin, gur gá d’fhostóir ón Ríocht Aontaithe atá ag iarraidh oibrí AE a fhostú a bheith ceadúnaithe ag Oifig Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe agus deimhniú urraíochta a shannadh ansin d’oibrí AE, agus go n-íocann sé táillí chun go mbeidh an t-oibrí sin in ann iarratas a dhéanamh ar víosa (i gcás ina ngearrtar táillí breise ar an oibrí chomh maith); de bhrí go ndéanann na srianta sin difear chomh maith d’eagraíochtaí idirmheánacha agus cultúrtha amhail fondúireachtaí agus institiúidí poiblí a sholáthraíonn seirbhísí leasa phoiblí, agus de bhrí gur gá éascú níos fearr ina leith sin; de bhrí go gcruthaíonn sé sin ualaí breise a fhéadfaidh a bheith i bhfabhar oibreoirí na Ríochta Aontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go bhfuil margaí soláthair phoiblí na Ríochta Aontaithe fós ar oscailt do thairgeoirí an Aontais agus a mhalairt ar bhonn cothrom; de bhrí nach mór don dá pháirtí a áirithiú go bhfuil an próiseas soláthair cothrom, trédhearcach agus oscailte d’iomaíocht; de bhrí gur chomhaontaigh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas freisin a ngealltanais soláthair láithreacha a chothabháil faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais, a osclaíonn a margaí soláthair phoiblí tuilleadh do ghnóthaí ó thíortha eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí gurb é an Comhaontú Trádála agus Comhair an t-aon chomhaontú saorthrádála arna thabhairt i gcrích ag an Aontas lena mbunaítear taraifí nialais agus cuótaí nialais ar gach earra a chomhlíonann na rialacha iomchuí tionscnaimh; de bhrí go léiríonn staidreamh trádála don tréimhse ó tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm go raibh tionchar diúltach ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar shreafaí trádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe; de bhrí go bhfuil trádáil in earraí fós marbhánta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas; de bhrí gur deimhníodh sa bhliain 2024 go bhfuil méadú suaithinseach tagtha ar thrádáil earraí agus seirbhísí AE le comhpháirtithe trádála eile ná a thrádáil leis an Ríocht Aontaithe thar thréimhse inchomparáide;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go ndearna seiceálacha SPS agus tabhairt isteach athuair foirmiúlachtaí custam cur isteach ar onnmhairiú earraí solofa, as a leanann méadú ar dhramhaíl agus ar chaillteanais airgeadais chomh maith le gluaiseacht agus fáil laghdaithe táirgí, ní hamháin idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, ach idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann chomh maith;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí, ag an gCruinniú Mullaigh idir AE agus an Ríocht Aontaithe, cé gur athdhearbhaigh an Ríocht Aontaithe a seasamh gan teacht isteach arís in Aontas Custam AE, gur chuir an dá pháirtí in iúl go raibh sé ar intinn acu nósanna imeachta custam a chuíchóiriú chun moilleanna agus costais oibríochtúla a laghdú agus oibriú i dtreo comhlimistéar SPS a bhunú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí go gcuimsítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair roinnt gealltanas atá ábhartha leis an ríomhthráchtáil, amhail toirmeasc ar dhleachtanna custam ar tharchuir leictreonacha; de bhrí go bhfuil cur chun cinn an chomhair ar shaincheisteanna rialála, lena n-áirítear ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn chomh maith le sásraí a éascaíonn aistrithe sonraí, bunriachtanach d’oibríochtaí ríomhthráchtála; de bhrí go bhfuil dúshláin phraiticiúla tagtha chun cinn i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus mar thoradh ar an méadú mór ar idirbhearta ríomhthráchtála le blianta beaga anuas, a imríonn tionchar ar ghnóthaí agus ar thomhaltóirí ar an dá thaobh de Mhuir nIocht; de bhrí gur shínigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe araon Comhthionscnamh EDT i dtaobh na ríomhthráchtála;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí, chun an Comhaontú Trádála agus Comhair a chur chun feidhme tuilleadh, gur cheart iarrachtaí faireacháin ar leith a dhíriú ar an mbaol go mbeadh breis éagsúlachtaí rialála ann; de bhrí go bhfuil comhar rialála cuimsitheach idir na páirtithe ríthábhachtach; de bhrí gur comhartha dearfach é nach bhfuarthas ach dhá ghearán oifigiúla ó gheallsealbhóirí faoi chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair trí uirlis ar líne an Choimisiúin le linn 2024; de bhrí go leanann na hinstitiúidí Eorpacha de bheith i dteagmháil go rialta le geallsealbhóirí chun na gnéithe praiticiúla de chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a phlé;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an éagsúlacht rialála idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i réimse na sláinte poiblí ó Brexit i leith, le himpleachtaí do phróisis údaraithe cógas, do shlabhraí soláthair trasteorann, agus do rochtain ar chóireálacha criticiúla; de bhrí gur rannchuidigh an éagsúlacht sin cheana féin le ganntanais cógas agus le costais mhéadaithe allmhairiúcháin, go háirithe ina bhfeartar ar Bhallstáit bheaga agus do réigiúin; de bhrí nach soláthraítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair ach sásraí teoranta le haghaidh comhar sláinte, rud a chuireann i dtábhacht gur gá ailíniú rialála leanúnach, comhroinnt struchtúrtha sonraí, agus ullmhacht chomhpháirteach éigeandála chun rochtain chothrom ar chógais atá sábháilte agus éifeachtach a áirithiú ar fud an dá dhlínse;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí, an 8 Bealtaine 2025, gur tháinig an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe ar chomhaontú ar Shocrú Rathúnais Eacnamaíoch idir na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe; de bhrí go bhféadfadh tionchar a bheith ag na comhaontuithe sin ar chothrom na Féinne a bhunaítear idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus go bhféadfadh éagsúlacht rialála bhreise ó chaighdeáin AE a bheith mar thoradh orthu, go háirithe i réimsí amhail sábháilteacht bia, seirbhísí digiteacha agus cosaintí saothair; de bhrí nach mór don Aontas a áirithiú nach mbainfidh aon éagsúlacht den sórt sin an bonn ó chothrom na Féinne a bhunaítear faoin gComhaontú Trádála agus Comhair ná nach lagóidh sí sláine mhargadh aonair AE; de bhrí, maidir leis sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhlimistéar SPS atá beartaithe idir AE agus an Ríocht Aontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí go dtairbheodh tomhaltóirí AE agus na Ríochta Aontaithe araon de chomhar neartaithe idir Gréasán AE um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí agus Údarás Iomaíochta agus Margaí na Ríochta Aontaithe; de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 211(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, gur chomhaontaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe oibriú i gcomhar le chéile ar ghnéithe éagsúla de rialáil na trádála digití; de bhrí gur gá rannpháirtíocht chuiditheach agus comhroinnt thráthúil faisnéise idir údaráis chustam AE agus na Ríochta Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as dhá mhargadh custam ar leith a bheith ann, go háirithe i gcur chun feidhme oibleagáidí nua;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí, i dtéarmaí an Aontais do chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair go hinmheánach, gur thug reachtóirí AE an creat rialála is gá chun críche trí Rialachán (AE) 2023/657 an 15 Márta 2023 a ghlacadh lena leagtar síos rialacha i gcomhair fheidhmiú chearta an Aontais i gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair ;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí go bhfuil uaillmhianta comhchoiteanna ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe i réimsí na cosanta comhshaoil, na haeráide agus na sábháilteachta bia; de bhrí go bhfuil baol ann go gcuirfí isteach ar thrádáil agus go ndéanfaí dochar d’éifeachtacht iarrachtaí comhshaoil agus aeráide, go háirithe i gcomhthéacs Thuaisceart Éireann agus na hÉireann, dá méadófaí an éagsúlacht rialála sna réimsí sin; de bhrí gur iarr Rialtas na Ríochta Aontaithe in 2024 ‘athshocrú’ a dhéanamh ar an gcaidreamh chun comhar straitéiseach agus ailíniú rialála a neartú mar fhreagairt ar dhúshláin chomhroinnte agus ar thosaíochtaí frithpháirteacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí gur scrúdaigh an Coimisiún agus an Ríocht Aontaithe, i gcomhthéacs an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, réimsí ina bhfuil acmhainneacht comhar déthaobhach a neartú, agus gur gheall siad oibriú i dtreo comhlimistéar SPS a bhunú chun trádáil agraibhia a éascú; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas agus an Ríocht Aontaithe chomh maith chun oibriú i dtreo a gCórais Trádála Astaíochtaí (CTA) faoi seach agus a Sásraí Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a nascadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AQ.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair do chomhordú slándála sóisialta chun cearta slándála sóisialta na ndaoine a ghluaiseann idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tar éis an 1 Eanáir 2021 a chosaint; de bhrí go bhforáiltear leis chomh maith do chothrom na Féinne chun iomaíocht chóir a áirithiú trí ardleibhéil chosanta a chaomhnú i roinnt réimsí, lena n-áirítear cearta sóisialta agus saothair, le forfheidhmiú ceangailteach agus sásraí um réiteach díospóidí chun comhlíonadh a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AR.</NO.P>de bhrí go bhfuil na cearta bunúsacha chun eagrú, cómhargáil agus gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh cumhdaithe sa dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil siad bunriachtanach chun forbairt inbhuanaithe agus cothrom na Féinne a áirithiú, mar a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair;
</CONS><CONS>
<NO.P>AS.</NO.P>de bhrí gur tugadh formheas ríoga d’Acht Dhlí Coinnithe AE (Cúlghairm agus Athchóiriú) 2023 ón Ríocht Aontaithe an 29 Meitheamh 2023; de bhrí gur cúlghaireadh leis an Acht sin dlíthe coinnithe áirithe AE faoi dheireadh 2023 agus gur baineadh an stádas speisialta a bhí ag dlí coinnithe uile AE i ndlíchóras na Ríochta Aontaithe; de bhrí gur tarmligeadh cumhachtaí suntasacha chun údaráis na Ríochta Aontaithe leis an acht chun dlíthe coinnithe AE a chúlghairm, a leasú nó a mhodhnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AT.</NO.P>de bhrí gur ceart bunúsach san Aontas í an tsaorghluaiseacht oibrithe; de bhrí go bhfuil teist sheanbhunaithe ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe a mhéid a bhaineann le soghluaisteacht oibrithe agus mac léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna; de bhrí gur uirlis thábhachtach é Erasmus+ le fada an lá i ndáil leis an méid sin; de bhrí gur díol sásaimh é an comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun oibriú i dtreo chomhlachas na Ríochta Aontaithe le clár Erasmus+ chun deiseanna oideachais, gairmiúla agus cultúrtha a leathnú do dhaoine óga; de bhrí go bhféadfaí cuidiú le dul i ngleic le ganntanais lucht saothair trí fheabhas a chur ar shoghluaisteacht oibrithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; de bhrí go bhfuil gá le comhaontú soghluaisteachta cuimsitheach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a áirithíonn cosaint ceart oibrithe agus gluaiseacht trasteorann oibrithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AU.</NO.P>de bhrí nach bhfuil baint ag an Ríocht Aontaithe le clár Erasmus+ 2021-2027, clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021-2027 ná clár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027;
</CONS><CONS>
<NO.P>AV.</NO.P>de bhrí nach n-áirítear earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, nach luaitear an téarma ‘oideachas’ ach amháin i ndáil leis an gcibearshlándáil agus leis an ngá atá le saoránaigh a chur ar eolas faoi dhúshláin ghaolmhara;
</CONS><CONS>
<NO.P>AW.</NO.P>de bhrí, mar thoradh ar Brexit, nach bhfuil saoránaigh AE<FOOTNOTE><FIELD> Cé is moite de shaoránaigh na hÉireann.</FIELD></FOOTNOTE> atá ag staidéar sa Ríocht Aontaithe i dteideal ‘táillí baile’ a thuilleadh, rud a cheanglaíonn orthu táillí mac léinn idirnáisiúnta níos airde a íoc; de bhrí go bhfágann an t-athrú sin go bhfuil sé róchostasach staidéar sa Ríocht Aontaithe, ina ngearrtar pionós go háirithe ar dhaoine óga ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, ó nach bhfuil aon chaidhp phraghais ar tháillí teagaisc do mhic léinn idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AX.</NO.P>de bhrí nach féidir Scéim Turing a mheas mar chlár ionaid le haghaidh an chláir Erasmus+, ós rud é nach maoinítear léi ach soghluaisteacht amach; de bhrí, i mbliain deiridh Erasmus+ sa Ríocht Aontaithe, 2019-2020, go raibh GBP 200 milliún sa leithdháileadh cistiúcháin don Ríocht Aontaithe, is suim atá níos mó ná GBP 110 milliún a leithdháileadh ar Scéim Turing do 2022-2023<FOOTNOTE><FIELD> Rialtas na Ríochta Aontaithe, ‘Turing Scheme funding outcomes for the 2022 to 2023 academic year’.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AY.</NO.P>de bhrí gur tharla 52,7% de na socrúcháin soghluaisteachta uile de mhic léinn ón Ríocht Aontaithe i mBallstát AE idir 2013 agus 2016<FOOTNOTE><FIELD> Ollscoileanna Idirnáisiúnta na Ríochta Aontaithe, ‘Gone International: Expanding Opportunities’ https://dera.ioe.ac.uk/id/eprint/31640/1/Gone%20International_expanding%20opportunities_digital.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur tharla 6 cinn as gach 10 socrúchán soghluaisteachta faoi Scéim Turing don bhliain acadúil 2021-2022 lasmuigh de Aontas<FOOTNOTE><FIELD> Tá laghdú géar 43% tagtha ar líon meánach rannpháirtithe ardoideachais na Ríochta Aontaithe faoi scéim Turing sna trí cinn scríbe Erasmus+ is mó éilimh i measc mac léinn ón Ríocht Aontaithe – an Spáinn, an Fhrainc agus an Ghearmáin (Acadamh na Breataine, ‘The Turing Scheme – Understanding impacts and implications’, Samhain 2023, , https://www.thebritishacademy.ac.uk/documents/5022/The_Turing_Scheme_-_Understanding_Impacts_and_Implications.pdf).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AZ.</NO.P>de bhrí go bhfuil laghdú leanúnach ag teacht ar líon na mac léinn ón Aontas sa Ríocht Aontaithe, ó 66 685 sa bhliain acadúil díreach roimh Brexit go 28 375 sa bhliain acadúil 2023-2024<FOOTNOTE><FIELD> Higher Education Statistics Agency, ‘UK, 2022/23 - Where students come from and go to study’, an 8 Lúnasa 2024, https://www.hesa.ac.uk/news/08-08-2024/sb269-higher-education-student-statistics/location.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>BA.</NO.P>de bhrí gur chuir Rialtas na Breataine Bige clár malartaithe foghlama idirnáisiúnta Taith<FOOTNOTE><FIELD> Ollscoileanna na Breataine Bige, ‘An Bhreatain Bheag thar theorainneacha’.</FIELD></FOOTNOTE> i bhfeidhm chun soghluaisteacht mac léinn isteach agus amach a thairiscint, agus é dírithe ar ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus ar eagraíochtaí níos lú; de bhrí gur thug Rialtas na hAlban isteach tionscadal Tástála agus Foghlama i gClár Malartaithe Oideachais na hAlban<FOOTNOTE><FIELD> Rialtas na hAlban, ‘Clár Malartaithe Oideachais na hAlban – Tástáil agus Foghlaim: tionscadail mhaoinithe’, an 15 Eanáir 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil Rialtas na hÉireann ag cistiú shoghluaisteacht Erasmus+ le haghaidh mac léinn ó ollscoileanna i dTuaisceart Éireann, gan beann ar a náisiúntacht, trína gclárú le hollscoileanna na hÉireann le linn a malartaithe<FOOTNOTE><FIELD> Rialtas na hÉireann, ‘Fógraíonn an tAire Harris cistiú soghluaisteachta do mhic léinn ardoideachais Thuaisceart Éireann’, an 27 Iúil 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>BB.</NO.P>de bhrí gur leagadh síos mar chuspóir i Straitéis Oideachais Idirnáisiúnta na Ríochta Aontaithe líon na mac léinn idirnáisiúnta a gcuirtear fáilte rompu in institiúidí ardoideachais na Ríochta Aontaithe gach bliain a mhéadú ó 400 000 go 600 000 faoi 2030<FOOTNOTE><FIELD> Rialtas na Ríochta Aontaithe, ‘International Education Strategy: 2021 update’, an 6 Feabhra 2021, https://www.gov.uk/government/publications/international-education-strategy-2021-update.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>BC.</NO.P>de bhrí go bhfuil an méid seo a leanas luaite sa dearbhú polaitiúil ó 2019 ina leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe: ‘aontaíonn na Páirtithe go mbreithneoidh siad coinníollacha dul isteach agus fanachta chun críocha amhail taighde, staidéar, oiliúint agus malartuithe ógra.’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 34, 31.1.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/dcl_1/sign.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur measadh go raibh malartuithe ógra ar cheann de na príomhthosaíochtaí don chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le linn an chruinnithe den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an 17 Nollaig 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>BD.</NO.P>de bhrí go bhfuil ealaíontóirí agus oibrithe cultúrtha na Ríochta Aontaithe faoi réir rialacha Schengen anois, rud a chruthaíonn deacrachtaí, amhail méaduithe suntasacha ar chostais agus an gá chun ceadanna iompair le haghaidh trealaimh agus víosaí taibhithe chultúrtha a fháil, agus iad ar camchuairt i dtíortha Eorpacha éagsúla i dtréimhse ghearr ama;
</CONS><CONS>
<NO.P>BE.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Comhaontú Trádála agus Comhair eisceacht chultúrtha i bhfeidhm, a eisiann seirbhísí closamhairc óna raon feidhme, d’ainneoin go bhfuil go leor de na luachanna céanna i réimsí an chultúir agus an oideachais á roinnt ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe; de bhrí go bhfuil an Ríocht Aontaithe fós ina páirtí sa Choinbhinsiún Eorpach um Theilifís Trasteorann, agus go meastar gur ‘saothair Eorpacha’ iad saothair chlosamhairc de thionscnamh na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(n)(iii) de Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe atá leagtha síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/13/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>BF.</NO.P>de bhrí go luaitear i gconclúidí an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go bhfuiltear ag obair i dtreo Scéim Taithí don Aos Óg a bheidh ann amach anseo agus athchomhlachas na Ríochta Aontaithe leis an gclár Erasmus+, chomh maith le malartuithe cultúrtha agus ealaíonta agus ealaíontóirí ar camchuairt;
</CONS><CONS>
<NO.P>BG.</NO.P>de bhrí, ó tharla Brexit, go bhfuil cead oibre ag teastáil ó lúthchleasaithe agus lucht spóirt an Aontais chun beart a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe; de bhrí nach bhfuil aon fhoráil sa Chomhaontú Trádála agus Comhair a bhaineann le fothú acmhainneachta eagraíochtaí pobail agus gairmiúla, comhpháirtíochtaí agus malartuithe i réimse an spóirt;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Príomhchonclúidí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur comharsana, dlúthpháirtithe agus comhghuaillithe iad AE agus an Ríocht Aontaithe atá ar aon intinn le chéile, a chomhroinneann luachanna, leasanna agus bannaí stairiúla coiteanna agus a dtugann aghaidh ar staid slándála luaineach choiteann san Eoraip agus ina comharsanacht; á chur i bhfáth go gcuirtear le hiomaíochas foriomlán agus le huathriail straitéiseach na hEorpa a fheabhsú tríd an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag aithint ról suaithinseach na Ríochta Aontaithe i síocháin, i slándáil agus i gcobhsaíocht mhór-roinn na hEorpa agus níos faide i gcéin a chinntiú; á chur i bhfios go láidir gur gá gníomhaíocht láidir chomhordaithe idirnáisiúnta chun ár dtodhchaí choiteann a dhaingniú ar an líon méadaithe bagairtí traidisiúnta agus hibrideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe bunaithe ar an gComhaontú um Tharraingt Siar, lena n-áirítear Creat Windsor, agus an Comhaontú Trádála agus Comhair a urramú go hiomlán agus a chur chun feidhme go hiomlán, go tráthúil agus go dílis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na conclúidí uaillmhianacha sa chéad Chruinniú Mullaigh riamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a tionóladh an 19 Bealtaine 2025 i Londain agus an meon dearfach agus fiúntach a léirigh an dá thaobh; ag tabhairt dá haire gur thug na ceannairí an Cruinniú Mullaigh chun críche trí thrí phríomhdhoiciméad a ghlacadh, eadhon an Ráiteas Comhpháirteach, an Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta agus an Chomhthuiscint ar chlár oibre athnuaite don chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, an comhaontú ar Chomhpháirtíocht Straitéiseach nua idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, is ionann agus athnuachan gealltanas frithpháirteach agus doimhniú an chomhair dhéthaobhaigh, chomh maith leis an gcomhaontú chun cruinnithe mullaigh bliantúla a thionól idir an dá pháirtí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á áitiú go bhfuil gá le comhleanúnachas geografach chun síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na hEorpa agus athléimneacht bhonn tionsclaíoch na hEorpa a áirithiú; á thabhairt chun suntais, maidir leis sin, gur cloch mhíle é an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe sa chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a athsheoladh agus a dhoimhniú agus mar thúsphointe do chomhar níos struchtúrtha, go háirithe le seoladh na Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta; á mheas nach mór dearbhuithe polaitiúla agus dea-rúin a chomhlíonadh anois agus á áitiú gur gá don Aontas agus don Ríocht Aontaithe araon a ngealltanais a chur i gcrích agus a chomhlíonadh, go háirithe gníomhaíochtaí tionsclaíocha cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an Comhaontú Trádála agus Comhair ar cheann de na comhaontuithe trádála is uaillmhianaí agus is cuimsithí atá tugtha i gcrích ag an Aontas le tír nach de chuid an Aontais í; á chur i bhfáth, áfach, cé nach féidir é a chur in ionad bhallraíocht AE agus buntáistí a eascraíonn as rochtain ar an margadh aonair agus ar an Aontas Custam, go bhfuil acmhainneacht shuaithinseach aige do chomhar amach anseo, mar a léirítear leis na gealltanais éagsúla a tugadh ar an leibhéal polaitiúil ag an gCruinniú Mullaigh le déanaí; á chur in iúl gur geal léi tiomantas comhroinnte an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ag an gCruinniú Mullaigh chun a dtiomantas frithpháirteach do thrádáil shaor, chothrom, inbhuanaithe agus oscailte a athdhearbhú, i gcomhréir lena gcomhluachanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé na forálacha atá sa dá chomhaontú a chur chun feidhme go hiomlán agus measúnú a dhéanamh ar na dúshláin fhéideartha i gcur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus aghaidh a thabhairt orthu a luaithe is féidir, chun moilleanna agus deacrachtaí ina gcur i bhfeidhm a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go leanann cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair de dhul chun cinn rianúil a dhéanamh agus na gealltanais uile a bhí dlite in 2023 agus in 2024 tugtha chun críche nó ar an mbóthar ceart; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den dlúthfhaireachán ar chur i bhfeidhm ceart an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil staid shonrach ag Tuaisceart Éireann, mar thoradh ar an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, a tugadh i gcrích chun Comhaontú Aoine an Chéasta a choimirciú tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas; ag tacú le haitheantas leanúnach do sheasamh uathúil agus speisialta Thuaisceart Éireann, agus dé-rochtain á coinneáil ag an tír ar mhargadh aonair an Aontais agus ar mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe araon, mar a leagadh amach ag an gCruinniú Mullaigh; á iarraidh go ndéanfaí gnéithe uile Chreat Windsor a chur chun feidhme go hiomlán, go tráthúil agus go dílis chun tairbhí marthanacha, deimhneacht dhlíthiúil, cobhsaíocht fhadtéarmach, tacaíocht phraiticiúil agus intuarthacht a áirithiú do ghnóthaí agus do dhaoine i dTuaisceart Éireann, cosaint níos fearr a sholáthar don gheilleagar uile-oileáin, teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint, gach gné de Chomhaontú Aoine an Chéasta a choimirciú, agus trádáil agus comhar rianúil a áirithiú agus sláine an mhargaidh aonair agus an Aontais Custam a chaomhnú; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun cur isteach ar na dlúthnaisc eacnamaíocha idir Éire agus Tuaisceart Éireann a chosc mar gheall ar aon athruithe ar chreataí rialála nó dlíthiúla, go háirithe i leith seirbhísí a sholáthraítear do thomhaltóirí agus do FBManna nach féidir leo leas a bhaint as soghluaisteacht; á mheabhrú gur chuir an tAontas gach gné de Chreat Windsor chun feidhme go pras agus ag dréim leis anois go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe a cuid de chun feidhme go tráthúil chun cobhsaíocht fhadtéarmach an chaidrimh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a chinntiú; á chur i bhfáth go n-áirítear leis sin a sásraí custam agus SPS a oibríochtú go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i ngluaiseacht earraí ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann agus chun cur isteach ar sheachadadh agus fáil laghdaithe táirgí do thomhaltóirí i dTuaisceart Éireann a sheachaint; á iarraidh go gcuirfear sásraí comhroinnte faisnéise chun feidhme go hiomlán, agus go ndéanfar faireachán níos fearr ar phróisis agus ar chórais nua beartán faoi Chreat Windsor agus a dtionchar ar rochtain tomhaltóirí ar an margadh; á thabhairt dá haire, le comhar níos láidre idir na húdaráis agus malartú faisnéise faoi Mhol Sonraí an Aontais a bheidh ann amach anseo, go bhfeabhsófaí trasnú teorainneacha trí na sonraí agus an doiciméadacht riachtanach a sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur béim ar thábhacht stairiúil Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ag moladh na ngeallsealbhóirí uile lena mbaineann as leanúint den Chomhaontú agus dá luachanna a chaomhnú agus a chur chun feidhme, mar cholún criticiúil de na próisis athmhuintearais atá fós ina sampla dearfach do dhaoine eile ar fud na mór-roinne agus níos faide i gcéin; ag meabhrú ghealltanas ceangailteach na Ríochta Aontaithe, faoi Airteagal 2 de Chreat Windsor, d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar aon laghdú ar chearta, ar choimircí agus ar chomhionannas deiseanna, mar a leagtar amach i gComhaontú Aoine an Chéasta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cosaint éifeachtach na gceart sin bunriachtanach freisin chun muinín agus comhar a choinneáil faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, go háirithe i réimsí amhail forfheidhmiú an dlí, cearta saothair agus rochtain ar cheartas; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide sin agus dul i dteagmháil le húdaráis ábhartha na Ríochta Aontaithe i gcás ina dtagann rioscaí chun cinn maidir le haischéimniú ceart; á mheabhrú nach mór aon leasuithe ar na sé threoir AE maidir le comhionannas a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a léiriú i ndlí Thuaisceart Éireann chun a áirithiú nach ndéanfar cearta a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún ionadaí idirchaidrimh tiomnaithe a cheapadh do Thuaisceart Éireann chun idirphlé struchtúrtha agus leanúnach a áirithiú le hionadaithe polaitiúla agus le geallsealbhóirí chun muinín a chothú agus iarrachtaí a chomhordú; ag tabhairt dá haire gur gá do AE dul i dteagmháil le Tionól agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann maidir le saincheisteanna a chumhdaítear le Creat Windsor; á iarraidh, ina leith sin, go mbeadh páirt níos mó ag parlaimintí agus tionóil náisiún cineachta na Ríochta Aontaithe, go háirithe parlaimintí agus tionóil de chuid Thuaisceart Éireann, i dTionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta AE-na Ríochta Aontaithe ionas gur fearr is féidir leasanna mhuintir Thuaisceart Éireann a chur i gcuntas; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun feabhas a chur ar ionadaíocht dhaonlathach shaoránaigh AE a bhfuil cearta dúchais acu agus atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann; á mholadh, thairis sin, go rachfaí i gcomhairle go hiomchuí le riaracháin na náisiún cineachta sa chaidreamh idir AE agus an Ríocht Aontaithe, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach; ag tabhairt dá haire go n-éilíonn staid uathúil Thuaisceart Éireann cur chuige saincheaptha lena gcuirfear leis na tairbhí a bhaineann le cláir PEACE lena scrúdaítear conas is féidir leis an mbeartas forleathan comhtháthaithe dul chun tairbhe do phróiseas an athmhuintearais; á chur i bhfáth gur cúis aiféala é cur i bhfeidhm an údaraithe leictreonaigh taistil (ETA) maidir le Tuaisceart Éireann; á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe gan ETA a chur i bhfeidhm maidir le Tuaisceart Éireann chun taisteal gan bhac ar oileán na hÉireann a cheadú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach gcuirfear aon bhacainn ná srian ar chumas daoine aonair atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann agus in Éirinn fostaíocht a lorg agus a ghlacadh trasna na teorann, i gcomhréir le prionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé oibrithe trasteorann a chosaint sa chomhthéacs sin, lena n-áirítear a gcearta sóisialta agus saothair; ag tabhairt dá haire gur rialaigh Cúirt Achomhairc Thuaisceart Éireann Gníomh Thuaisceart Éireann 2023 maidir leis na Trioblóidí (Oidhreacht agus Athmhuintearas) a bheith ar neamhréir le reachtaíocht maidir le cearta an duine agus le Creat Windsor; ag cur suntas, thairis sin, san iarratas idirstáit a rinne Éire i gcoinne na Ríochta Aontaithe maidir leis an Acht; á mheabhrú go bhfuil gealltanas tugtha ag Rialtas reatha na Ríochta Aontaithe an tAcht Oidhreachta a bhí ag an rialtas a bhí ann roimhe seo a aisghairm agus a ionadú agus á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe é sin a dhéanamh a luaithe is féidir; á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe a achomharc i gcoinne rialú na cúirte maidir leis an Acht Oidhreachta a tharraingt siar, an tAcht a aisghairm agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus a rialuithe uile a chomhlíonadh go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, gurb iad muintir oileán na hÉireann a chinnfidh todhchaí bhunreachtúil Thuaisceart Éireann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar an dá pháirtí go ndéanfaí an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a dhoimhniú agus an Comhaontú Trádála agus Comhair a chur chun feidhme go hiomlán agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair i réimsí leasa fhrithpháirtigh, lena n-áirítear trí ailíniú earnála deonach, sásraí aitheantais fhrithpháirtigh agus idirphlé ar nuálaíocht rialála agus machnamh a dhéanamh maidir le tuilleadh comhair i ndáil le custaim; á chur in iúl gur geal léi conclúidí an Chruinnithe Mullaigh, inar athdhearbhaíodh tiomantas comhpháirteach don chomhar feabhsaithe i bpríomhréimsí amhail fuinneamh, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mbeadh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i margadh inmheánach leictreachais AE, i dteicneolaíochtaí nua agus in agraibhia; á chur i bhfios go láidir go gcuirtear creat réamhbhreathnaitheach ar fáil leis an gComhaontú Trádála agus Comhair chun rathúnas agus iomaíochas comhroinnte a chur chun cinn agus ag spreagadh an dá pháirtí cur le móiminteam polaitiúil athnuaite an Chruinnithe Mullaigh chun dul chun cinn nithiúil a bhaint amach sna hearnálacha sin agus cur chun feidhme tapa agus cuimsitheach na ngealltanas a tugadh a áirithiú, mar a cuireadh in iúl leis an gComhthuiscint idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le déanaí agus le torthaí struchtúrtha an Chruinnithe Mullaigh; á chur i bhfáth gur gá an clár oibre nua sin a bheith solúbtha agus freagrúil i gcónaí do dhúshláin a bheidh ann amach anseo chun deiseanna comhair agus iomaíochais a uasmhéadú, cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, trádáil trasteorann agus rochtain ar earraí agus seirbhísí a fheabhsú, agus timpeallacht dhigiteach shábháilte agus shláintiúil a chur chun cinn do chách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i bhfianaise nach n-áirítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair comhar i réimsí an bheartais eachtraigh, na slándála, na cosanta agus an chomhair um fhorbairt, an comhaontú maidir le Comhpháirtíocht Slándála agus Cosanta ar thángthas air ag an gCruinniú Mullaigh idir AE agus an Ríocht Aontaithe, lena neartaítear an comhar, atá ag teacht leis an Idirphlé débhliantúil maidir le Beartas Eachtrach a bunaíodh roimhe seo, lena bhforáiltear do chreat struchtúrtha atá in easnamh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus lena mbunaítear agus lena léirítear tiomantas athnuaite na Ríochta Aontaithe dul i dteagmháil le AE maidir le beartas eachtrach agus slándáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil comhordú feabhsaithe ríthábhachtach chun freagairt do ghéarchéimeanna domhanda i gcomhthéacs timpeallacht slándála atá ag éirí níos luainí ina bhfuil bagairtí hibrideacha, cibirionsaithe agus feachtais bhréagaisnéise; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil comhordú feabhsaithe bunriachtanach freisin chun an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn, agus chun slándáil réigiúnach agus idirnáisiúnta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mbunaítear leis an gComhpháirtíocht Slándála agus Cosanta comhar níos struchtúrtha agus níos institiúidithe maidir le hábhair eachtracha, slándála agus cosanta ar leibhéil éagsúla rialachais, atá ailínithe le Dearbhú Polaitiúil 2019<FOOTNOTE><FIELD> IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 178, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:12019W/DCL(01).</FIELD></FOOTNOTE>, lena n-áirítear an comhaontú idirphlé maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála a reáchtáil gach sé mhí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh sé sin a bheith ina bhonn láidir don chomhar agus gur cheart féachaint ar an bhféidearthacht é a institiúidiú trí bhíthin ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí; á chur i bhfios go láidir go gcabhródh sé sin le slándáil ár sochaithe a áirithiú agus iad a dhéanamh athléimneach i leith bagairtí comhchoiteanna ar an tslándáil gheopholaitiúil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, go háirithe an bhagairt ón Rúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá do AE agus don Ríocht Aontaithe dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme fhorálacha na Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta agus na ngnóthas a leagtar amach sa Chomhthuiscint; á aithint go bhfuil an Chomhthuiscint fairsing agus fadréimseach ina cuid gealltanas; á mheabhrú nach mór an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi na céimeanna agus na bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ina chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir nach mór don Pharlaimint an Coimisiún a thabhairt chun cuntais go hiomlán as a ghealltanais a chomhlíonadh faoin gComhthuiscint a comhaontaíodh le Rialtas na Ríochta Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Aontais agus na Ríochta Aontaithe féachaint an bhféadfaí comhar feabhsaithe a bheith ann, ar comhar é a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh maidir leis an tionscal cosanta, agus creataí beartais agus dlíthiúla gach páirtí á n-urramú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat institiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di feidhmiú éifeachtach chomhchomhlachtaí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas agus ról a thabhairt di sna pléití polaitiúla agus teicniúla leanúnacha ar bhonn níos rialta; á iarraidh go mbeidh níos mó trédhearcachta ann in obair chomhchomhlachtaí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, go háirithe i leith na Parlaiminte; á iarraidh go mbeadh cobhsaíocht sa trádáil agus comhchuibhiú rialála idir AE agus an Ríocht Aontaithe chun cearta tomhaltóirí, deimhneacht ghnó agus dálaí infheistíochta a chosaint, go háirithe i bhfianaise na suaití domhanda a tharla le déanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur atosaíodh Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta AE-na Riochta Aontaithe i mí an Mhárta 2025 tar éis na dtoghchán Eorpach agus thoghcháin na Ríochta Aontaithe in 2024; á chur i bhfáth go bhfuil ról aici maidir le formhaoirseacht agus grinnscrúdú parlaiminteach a áirithiú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair; ag cur suntas i luach Thionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta AE-na Ríochta Aontaithe maidir le naisc níos dlúithe agus comhar cuiditheach a chothú idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus parlaiminteoirí na Ríochta Aontaithe; á iarraidh ar an gComhairle Comhpháirtíochta moltaí an Tionóil Pharlaimintigh Comhpháirtíochta a chur san áireamh; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cur le rannpháirtíocht na gcomhaltaí tofa ó pharlaimintí agus tionóil Thuaisceart Éireann, na hAlban agus na Breataine Bige mar bhreathnóirí; á mholadh go mbeadh cruinnithe téamacha ann níos minice ná an sceideal débhliantúil atá ann faoi láthair chun go bhféadfar plé rialta a dhéanamh ar thrádáil, ar bheartas eachtrach, ar fhuinneamh agus ar chearta na saoránach; á iarraidh go ndéanfaí comhtháthú níos fearr le parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha chun dearcthaí daonlathacha éagsúla a léiriú; ag cur béim ar a tiomantas an Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta a neartú tuilleadh mar phríomhfhóram don idirphlé idirpharlaiminteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá leasanna na saoránach a choinneáil i gcroílár chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, agus freastal san idirphlé ar ghnéithe den chomhar eacnamaíoch in éineacht leis an gceartas sóisialta trí rannpháirtíocht grúpaí deonacha, na sochaí sibhialta agus comhlachas gnó; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair; ag cur sonrú san ionadaíocht chothrom i nGrúpa Comhairleach Baile an Aontais agus sna moltaí luachmhara uaidh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Fóram na Sochaí Sibhialta i ndáil leis an méid sin; á iarraidh ar an gComhairle Comhpháirtíochta leanúint de thuairimí éagsúla na sochaí sibhialta a mheas agus ar an Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta malartú díreach a chumasú idir an Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta agus comhaltaí den Ghrúpa Comhairleach Baile ag gach ceann de chruinnithe débhliantúla an Tionóil Pharlaimintigh Comhpháirtíochta; ag iarraidh ar na coistí speisialaithe uile an t-idirphlé le Grúpa Comhairleach Baile an Aontais a neartú chun maoirseacht agus trédhearcacht níos fearr a áirithiú; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun a áirithiú go nglacfaidh raon leathan eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail eagraíochtaí don óige, páirt i bhFóram na Sochaí Sibhialta faoin gComhaontú Trádála agus Comhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag athdhearbhú thiomantas na Parlaiminte dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontuithe Trádála agus Comhair; á mheabhrú gur cheart don Choimisiún faisnéis iomlán agus láithreach a chur ar fáil don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme an Chomhaontuithe Trádála agus Comhair chun grinnscrúdú cuí a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi an dea-chomhar leanúnach idir an Pharlaimint agus an Coimisiún agus na teagmhálacha méadaithe díreacha, dearfacha agus cuiditheacha idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus comhaltaí de dhá Theach na Parlaiminte sa Ríocht Aontaithe; ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh an Pharlaimint rannpháirteach in aon nós imeachta athbhreithnithe amach anseo don Chomhaontú Trádála agus Comhair; á chur in iúl gur oth léi nach raibh an Pharlaimint rannpháirteach sa Chruinniú Mullaigh idir AE agus an Ríocht Aontaithe agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa tagartha do ról Pharlaimint na hEorpa agus Pharlaimint na Ríochta Aontaithe i gcreat institiúideach an chláir oibre athnuaite don chomhar idir AE agus an Ríocht Aontaithe, don chomhpháirtíocht straitéiseach agus don chomhpháirtíocht slándála agus cosanta ag an gCruinniú Mullaigh idir AE agus an Ríocht Aontaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trádáil in earraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann an Comhaontú Trádála agus Comhair bonn cuimsitheach agus uaillmhianach ar fáil don chaidreamh idir na páirtithe, go háirithe don trádáil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus cothrom na Féinne á áirithiú ag an am céanna don iomaíocht chóir agus don fhorbairt inbhuanaithe; á mheabhrú gur comhaontú uathúil é an Comhaontú Trádála agus Comhair i stair an Aontais, ós rud é go ndíríonn sé ar éagsúlacht a theorannú seachas cóineasú idir comhpháirtithe trádála a chur chun cinn; á mheabhrú go bhfuil an Comhaontú Trádála agus Comhair uathúil freisin toisc go bhforáiltear ann do tharaifí nialais agus do chuótaí nialais don trádáil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á athdhearbhú gurb é an Comhaontú Trádála agus Comhair toradh íogair na caibidlíochta fada agus deacra agus gur cheart, dá bhrí sin, é a chur chun feidhme go hiomlán de mheon macánta, mar aon leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, go háirithe Creat Windsor, ar mhaithe le leas frithpháirteach an dá pháirtí; á iarraidh go ndéanfadh an dá pháirtí leas iomlán a bhaint as acmhainneacht ollmhór an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair chun an trádáil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a éascú a mhéid is féidir, agus é á chur san áireamh nach féidir, in imthosca ar bith, na buntáistí a bhaineann le ballraíocht ó thaobh rochtain ar mhargadh aonair an Aontais agus ar an Aontas Custaim de, chomh maith le bheith rannpháirteach i mbeartais chomhchoiteanna agus tionlacain eile, a mhacasamhlú trí chomhaontú saorthrádála; á aithint, mar sin féin, go bhfuil acmhainneacht shuntasach neamhshaothraithe ag an gComhaontú Trádála agus Comhair agus á chur in iúl gur geal léi gur cheart é a úsáid anois mar chreat réamhbhreathnaitheach chun comhar a dhoimhniú i réimsí leasa fhrithpháirtigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag cur sonrú i measúnú an Choimisiúin go raibh na socruithe maidir le trádáil earraí a bunaíodh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair éifeachtach ar an iomlán agus gur fheidhmigh siad go rianúil, cé go bhfuil deacrachtaí cur chun feidhme áirithe fós ann, a bhfuil ceartúchán ag teastáil ina leith a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart go gcomhoibreodh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go dlúth maidir le hábhair custaim, lena n-áirítear trí mhalartú éifeachtach faisnéise agus sonraí trí bhunachar sonraí comhpháirteach a chruthú maidir le neamhrialtachtaí agus calaois ríomhthráchtála, agus maidir le trádálaithe nach cuid den Aontas iad agus nach cuid den Ríocht Aontaithe iad, i leith earraí a thagann ó lasmuigh den Aontas agus den Ríocht Aontaithe; á athdhearbhú a thábhachtaí atá idirphlé cuiditheach agus modhanna éifeachtacha comhair idir riaracháin chustaim, agus é mar aidhm leis sin próisis imréitigh iontrála agus imeachta a shimpliú, a dhigitiú agus dlús a chur leo le hoifigigh chustaim leordhóthanacha agus nósanna imeachta custaim simplithe lena n-áirítear rochtain níos leithne ar scéimeanna trádálaithe iontaofa agus úsáid réiteach digiteach cliste chun próisis a chuíchóiriú chun costais riaracháin agus airgeadais a íoslaghdú do na geallsealbhóirí uile, go háirithe FBManna, agus sreabhadh trasteorann gan bhriseadh na n-ionchur criticiúil talmhaíochta a áirithiú, lena n-áirítear cógais tréidliachta, síolta, agus beatha ainmhithe, go háirithe d’Éirinn agus do réigiúin teorann eile atá ag brath go mór ar sheachadtaí tráthúla; ag tathant ar an gCoimisiún dul i mbun oibre go gníomhach leis an Ríocht Aontaithe chun nósanna imeachta custaim a shimpliú trí scéimeanna trádálaithe iontaofa a fhorbairt agus ‘lánaí glasa’ a thabhairt isteach d’earraí ísealriosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag aithint an chomhair atá ag teacht chun cinn idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i réimse na ríomhthráchtála ó tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm; á chur i bhfios go láidir, cé go n-áirítear forálacha tábhachtacha sa Chomhaontú Trádála agus Comhair chun trádáil dhigiteach a éascú, gur chruthaigh nósanna imeachta custaim tar éis Brexit ualaí breise d’oibreoirí ríomhthráchtála, go háirithe trí dhearbhuithe custaim éigeantacha, cigireachtaí allmhairiúcháin, agus ceanglais chasta maidir le rialacha tionscnaimh; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinneadh le déanaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun lóistíocht trádála a chuíchóiriú agus srianta ar onnmhairiú a laghdú, agus ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun ailíniú rialála a fheabhsú, nósanna imeachta custaim a shimpliú, agus aistriú rianúil agus slán sonraí a áirithiú, chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na ríomhthráchtála trasteorann agus chun an trádáil dhigiteach a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag spreagadh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe féachaint an bhféadfaí comhar níos doimhne a bheith ann maidir le slabhraí soláthair réigiúnacha; á chur i bhfáth go mbeadh céimeanna den sórt sin ina dtacú le slabhraí soláthair níos solúbtha agus níos athléimní agus go mbeidís ina gcuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhacainní taraife agus ar bhacainní neamhtharaife a bhaineann le ceanglais chasta rialacha tionscnaimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme chóras nua allmhairiúcháin na Ríochta Aontaithe, an sprioc‑shamhail oibriúcháin teorann, ina chúis le deacrachtaí mar thoradh ar athruithe rialta ar chatagóiriú riosca gan fógra cuí, léirmhíniú neamhréireach ar cheanglais allmhairiúcháin, amanna feithimh fada maidir le rialuithe a dhéanamh agus mainneachtain AE a aithint mar eintiteas sláintíochta agus fíteashláintíochta aonair; á chur in iúl gur cúis imní di nach bhfuil aghaidh tugtha go hiomlán ar na fadhbanna gaolmhara i bhfreagairtí na Ríochta Aontaithe go fóill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a cuireadh in iúl ag an gCruinniú Mullaigh idir AE agus an Ríocht Aontaithe oibriú i dtreo comhlimistéar SPS a bhunú trí Chomhaontú cuimsitheach SPS idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á aithint go gcruthaíonn bacainní neamhtharaife agus éagsúlacht rialála dúshláin don trádáil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoi láthair, go háirithe trí cheanglais chomhlíontachta mhéadaithe, nósanna imeachta deimhniúcháin dúblacha, agus caighdeáin táirgí éagsúla; ag tabhairt dá haire go ndéanann frithchuimilt den sórt sin difear do raon earnálacha, lena n-áirítear agraibhia, ceimiceáin, mótarfheithiclí agus innealra, agus gur féidir leo a bheith ina n-ualach ar leith ar FBManna; ag spreagadh an dá pháirtí chun úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as sásraí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair maidir le comhar rialála agus custaim chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, d’fhonn easaontais trádála a laghdú roimh an athbhreithniú a dhéanfar ar an gComhaontú Trádála agus Comhair in 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di pleananna na Ríochta Aontaithe reachtaíocht a rith maidir le haitheantas a thabhairt do mharcáil CE i rialacháin bhreise táirgí ar feadh tréimhse éiginnte, rud a laghdódh tuilleadh dúshláin chomhlíontachta do mhonaróirí an Aontais agus a d’éascódh onnmhairiú táirgí a bhfuil an mharcáil sin ag teastáil uathu ón Ríocht Aontaithe chuig an Aontas; ag tathant ar an gCoimisiún tús a chur le caibidlíocht go pras leis an Ríocht Aontaithe chun ailíniú láidir measúnuithe comhréireachta do tháirgí a áirithiú, go háirithe in earnálacha atá comhtháite go mór, chun deireadh a chur le tástáil nach bhfuil feidhm aici níos mó, costais ghnó a laghdú agus an margadh inmheánach a neartú; ag spreagadh an dá pháirtí chun socruithe praiticiúla a shaothrú maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do thorthaí measúnaithe comhréireachta in earnálacha táirgí ar léir go bhfuil riosca íseal ag baint leo, d’fhonn costais chomhlíontachta neamhriachtanacha agus ualaí riaracháin a laghdú, go háirithe do FBManna, agus sábháilteacht agus cosaint tomhaltóirí á gcosaint agus á neartú a thuilleadh ag an am céanna; ag moladh don Choimisiún cur leis an bhforbairt sin trí shocruithe aitheantais fhrithpháirtigh earnáil-shonracha a lorg i gcás ina bhfuil cóineasú rialála ann cheana féin, agus ar an gcaoi sin deireadh a chur le dúbláil neamhriachtanach nósanna imeachta deimhniúcháin, i gcás inarb iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire, leis an gcomhaontú i dtreo limistéar coiteann SPS a bhunú, go laghdófar aighneas trádála go suntasach agus go gcuirfear le cobhsaíocht agus intuarthacht do ghnólachtaí trí dheireadh a chur le formhór mór na gceanglas deimhniúcháin agus rialaithe maidir le gluaiseacht ainmhithe, táirgí ainmhithe, plandaí agus táirgí plandaí idir an Bhreatain Mhór agus AE agus ardchaighdeáin sláinte agus cosanta tomhaltóirí, sábháilteachta bia agus leasa ainmhithe á gcoinneáil ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir go leathnófaí na tairbhí sin d’fheirmeoirí, do FBManna agus do thomhaltóirí ar fud AE agus na Ríochta Aontaithe chuig gluaiseacht na n-earraí sin idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann; ag tabhairt dá haire gur cheart go gceadódh Comhaontú SPS a bheidh ann amach anseo ailíniú dinimiciúil ag an Ríocht Aontaithe, go mbeadh sé faoi réir sásra um réiteach díospóidí le painéal eadrána neamhspleách agus go nglacfaí le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar an t-údarás deiridh ar ábhair a bhaineann le dlí AE; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé beartaithe an Ríocht Aontaithe a chur ar an eolas go luath i bpróisis chinnteoireachta an Aontais i réimsí a chumhdófar leis an gComhaontú SPS atá le teacht; ag tathant ar an gCoimisiún treochlár a chur chun cinn maidir le caibidlíochtaí SPS leis an Ríocht Aontaithe; á iarraidh, thairis sin, ar an dá pháirtí dlús a chur leis an idirphlé rialála i ngnéithe neamh-SPS de rialáil táirgí bia agus éagsúlachtaí i réimsí amhail lipéadú agus pacáistiú a sheachaint; á chur i bhfáth nach mór aon rochtain atá ag an Ríocht Aontaithe ar chórais, bunachair sonraí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais faoi chláir AE atá ábhartha do Chomhaontú SPS a bheith coinníollach ar aisghabháil iomlán na gcostas gaolmhar do bhuiséad AE; á chur i bhfios go láidir nach mór don rannpháirtíocht sin tairbhí soiléire a chur ar fáil don Aontas agus dá gheallsealbhóirí, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta buiséadaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá straitéiseach le comhar feabhsaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun an t-ord trádála idirnáisiúnta atá cothrom agus riailbhunaithe agus atá ann faoi láthair a choinneáil agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha dhomhanda chomhroinnte; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí iarrachtaí comhpháirteacha breise chun oibriú i dtreo athchóiriú cuimsitheach ar EDT, chun freagairt do na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i ndomhan atá idirnasctha go dlúth, agus oibriú go gníomhach i gcoinne aon chontúirt nua a bhaineann le deighiltí san ord domhanda polaitiúil agus eacnamaíoch, chomh maith le bearta agus taraifí trádála aontaobhacha agus gan údar a bhuail AE agus an Ríocht Aontaithe araon le déanaí; dá bhrí sin, ag iarraidh ar an dá thaobh leanúint de thacú le tomhaltóirí a bhfuil brúnna orthu a bhaineann leis an gcostas maireachtála; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil comhar treisithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe bunriachtanach chun athléimneacht an tslabhra soláthair a neartú agus chun spleáchais straitéiseacha a laghdú; á chur i bhfios go láidir gur cheart don dá pháirtí dlús a chur leis na hiarrachtaí comhpháirteacha chun an riosca a bhaint de shlabhraí soláthair criticiúla i gcomhréir le tosaíochtaí AE maidir leis an tslándáil eacnamaíoch; cé go dtugann sí dá haire nach raibh an comhar maidir le hamhábhair chriticiúla mar chuid de chonclúidí an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, á mholadh don Aontas agus don Ríocht Aontaithe neamhspleáchas na hEorpa a neartú i ndáil leis sin; á mholadh go seolfaí idirphlé struchtúrtha agus tionscnaimh spriocdhírithe chun éagsúlú a chur chun cinn, muinín fhrithpháirteach a chothú agus uathriail straitéiseach a fheabhsú, d’fhonn fás inbhuanaithe agus rathúnas comhroinnte a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar shonraí an chomhaontaithe a fógraíodh an 8 Bealtaine 2025 idir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe (‘Comhaontú um Rathúnas Eacnamaíoch’) chun a áirithiú nach mbainfidh aon cheann dá fhorálacha an bonn den Chomhaontú Trádála agus Comhair ná d’aon chomhaontú a d’fhéadfadh a bheith ann idir AE agus an Ríocht Aontaithe; ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil a inneachar fós le soiléiriú, go bhféadfadh tionchar a bheith ag an gComhaontú um Rathúnas Eacnamaíoch ar an machaire comhréidh idir AE agus an Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair chomh maith le haon ailíniú dinimiciúil a eascraíonn as conclúidí Chruinniú Mullaigh AE-RA, amhail maidir le comhlimistéar SPS; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú maidir le trádáil saor ó tharaifí i dtáirgí cruach, agus é á aithint gur forbairt dhearfach é sin lena soláthraítear cobhsaíocht agus intuarthacht a bhfuil géarghá leo do phríomhearnálacha tionsclaíocha; á mheabhrú go n-áirítear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair gealltanais shonracha chun seasamh le rialacha trádála idirnáisiúnta, chun comhoibriú i bhfóraim iltaobhacha, agus chun faisnéis a mhalartú maidir le leigheasanna trádála agus forbairtí trádála domhanda; á chur in iúl gur geal léi torthaí an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, inar athdhearbhaigh an dá pháirtí go bhfuil sé ar intinn acu comhordú maidir le hathchóiriú EDT a neartú, tacú le trádáil thrédhearcach agus riailbhunaithe, agus cur chuige comhpháirteach a shaothrú maidir le díospóidí trádála práinneacha agus á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas sin bunriachtanach chun an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a threisiú mar fhórsa don chobhsaíocht agus don intuarthacht i rialachas na trádála domhanda; á chur in iúl gur geal léi an fógra a thug Rialtas na Ríochta Aontaithe le déanaí go nglacfadh sé páirt i Socrú Ilpháirtí na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le hEadráin Eatramhach Achomhairc, lena n-áiritheofar éifeachtacht leanúnach an chórais um réiteach díospóidí agus athchóirithe níos leithne ar EDT á gcaibidliú; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs trádála domhanda luaineach atá ann faoi láthair, nach mór do Rialtas na Ríochta Aontaithe agus don Choimisiún araon seasamh uathúil Thuaisceart Éireann a chur san áireamh agus beartas trádála á cheapadh acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an síneadh a comhaontaíodh an 21 Nollaig 2023 ar na rialacha tionscnaimh d’fheithiclí leictreacha agus do cheallraí go dtí an 31 Nollaig 2026; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar rialacha tionscnaimh chun imchéimniú caighdeán agus rialacha a sheachaint le hearraí a thagann ó thíortha a bhféadfadh comhaontuithe trádála eile a bheith ag an Ríocht Aontaithe leo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Seirbhísí, trádáil dhigiteach agus infheistíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mheas an Coimisiún go bhfuil cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair i réimsí na seirbhísí agus na hinfheistíochta, na trádála digití, na maoine intleachtúla, an tsoláthair phoiblí agus na bhfiontar beag agus meánmhéide tar éis dul ar aghaidh go rianúil go ginearálta, ach amháin an cheist maidir le córas urraíochta na Ríochta Aontaithe le haghaidh víosaí oibre a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhíse AE, rud atá fós ina bhac agus ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 19 % ar onnmhairí seirbhísí na Ríochta Aontaithe chuig an Aontas in 2024 i gcomparáid le 2019, rud a léiríonn athléimneacht agus acmhainneacht na hearnála seirbhísí; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin ar shoghluaisteacht ghearrthéarmach do sholáthraithe seirbhíse AE, lena n-áirítear iad siúd in earnálacha an chultúir, na heolaíochta agus na comhairleacha talmhaíochta, agus an tairbhe fhrithpháirteach a d’fhéadfadh a bheith ag socruithe soghluaisteachta gnó gearrthéarmacha feabhsaithe agus cómhalartacha; á iarraidh go ndéanfaí simpliú ar nósanna imeachta víosaí na Ríochta Aontaithe do ghairmithe AE agus do sholáthróirí seirbhísí conarthacha chun ualaí airgeadais agus riaracháin a laghdú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an Ríocht Aontaithe dlús a chur leis na hamanna próiseála agus na costais iarratais ar cheadanna oibre a laghdú nuair is gá; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug an Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún ag an gCruinniú Mullaigh idir AE agus an Ríocht Aontaithe idirphlé tiomnaithe a chur ar bun maidir le teacht isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha chun críoch gnó, lena n-áirítear an scéim urraíochta; ag iarraidh ar an dá pháirtí roghanna a fhiosrú chun soghluaisteacht ghearrthéarmach a éascú do sholáthraithe seirbhísí agus d’fhiontraithe, go háirithe FBManna agus gairmeacha beatha liobrálacha, trí phróisis víosaí chuíchóirithe agus aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla, agus urraim iomlán á tabhairt dá neamhspleáchas rialála faoi seach; á iarraidh ar rialtas na Ríochta Aontaithe soláthróirí seirbhíse a chumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a dhíolmhú ón gcóras urraíochta; á iarraidh go mbeadh comhar níos doimhne ann idir AE agus an Ríocht Aontaithe maidir le trádáil i seirbhísí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tathant ar an Ríocht Aontaithe, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint dá n-iarrachtaí chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla agus á iarraidh go gcuirfí dlús leis an gcaibidlíocht, in éineacht le réitigh chun soghluaisteacht ghearrthéarmach níos rianúla agus soláthar seirbhísí trasteorann ar fud AE agus na Ríochta Aontaithe a éascú; ag cur suntas sna bacainní leanúnacha atá roimh náisiúnaigh de chuid an Aontais agus na Ríochta Aontaithe maidir le rochtain a fháil ar ghairmeacha rialaithe; á chur i bhfáth go bhfuil gá le nósanna imeachta um aithint atá soiléir agus cuíchóirithe, agus rannpháirtíocht comhlachtaí gairmiúla agus údarás inniúil ar an dá thaobh; á thabhairt dá haire nach bhfuarthas, go dtí seo, ach moladh amháin maidir le socrú féideartha um aitheantas frithpháirteach faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, eadhon socrú i ndáil le gairm na hailtireachta; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Ríocht Aontaithe dlús a chur le cur chun feidhme Airteagal 158 den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus tús áite a thabhairt d’earnálacha breise, amhail cúram sláinte, innealtóireacht, agus seirbhísí dlí agus airgeadais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cabhrú le daoine óga scileanna a sheasfaidh an aimsir a fhorbairt trí oiliúint trasteorann agus deiseanna forbartha gairmiúla a éascú, lena n-áirítear infheistíocht spriocdhírithe sa litearthacht dhigiteach, ghlas agus airgeadais; á iarraidh go gcomhoibreoidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe lena chéile maidir le scéimeanna soghluaisteachta agus á iarraidh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe comhaontú uaillmhianach i ndáil le soghluaisteacht ghnó a chaibidliú, agus aitheantas á thabhairt aici go bhfuil éifeachtacht na socruithe maidir le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla nasctha go dlúth le forálacha simplithe maidir le hiontráil ghearrthéarmach agus fanacht shealadach; á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe leanúint de na bearta uile is gá a dhéanamh chun idirdhealú i gcoinne saoránaigh Ballstát atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag spreagadh dlúthchomhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le gnéithe éagsúla de rialáil na trádála digití; á chur in iúl, dá bhrí sin, gur mór aici an socrú riaracháin maidir le maoirseacht ar iarrachtaí measúnaithe riosca agus maolaithe riosca a dhéanann soláthraithe ardán mór ar líne, arna shíniú ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe an 30 Aibreán 2024; á chur in iúl go gcreideann sí gur cheart cóineasú rialála agus idirphlé maidir le reachtaíocht dhigiteach a chur chun cinn, go háirithe maidir le hardáin ar líne;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Machaire comhréidh agus iomaíocht chóir;</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart don Ríocht Aontaithe aitheantas a thabhairt do na castachtaí a d’eascródh as aon éagsúlacht rialála chórasach nach bhfuil gá léi, go háirithe chun fostaíocht agus cearta sóisialta, an comhshaol, sonraí pearsanta, Státchabhair, trádáil dhigiteach agus cánachas a chosaint, rud nach gcruthódh ach saincheisteanna breise i ndáil le gealltanais maidir le machaire comhréidh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus maidir le gnólachtaí AE agus na Ríochta Aontaithe agus trádáil idir AE agus an Ríocht Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh an comhaontú um chomhar iomaíochta idir AE agus an Ríocht Aontaithe chun críche faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, lena gceadaítear don Choimisiún, d’údaráis iomaíochta náisiúnta Bhallstáit AE agus d’Údarás Iomaíochta agus Margaí na Ríochta Aontaithe comhoibriú go díreach in imscrúduithe iomaíochta; ag tabhairt dá haire gurb é sin an chéad chomhaontú den Aontas maidir le comhar iomaíochta a chuireann ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta comhoibriú go díreach le húdarás iomaíochta ó thír nach de chuid an Aontais í; á iarraidh go ndaingneofaí go pras é chun forfheidhmiú agus comhordú trasteorann a neartú i gcásanna iomaíochta, agus rúndacht á cosaint trí tharscaoileadh iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe chun comhar idirnáisiúnta a iarraidh maidir leis na dúshláin agus na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga (IS) a bhainistiú chun rialachas domhanda IS a chur chun cinn bunaithe ar luachanna daonlathacha, ar chaighdeáin chomhroinnte agus ar choimircí láidre; ag tabhairt dá haire go bhfuil creat rialála cuimsitheach, rioscabhunaithe glactha ag an Aontas tríd an nGníomh um an Intleacht Shaorga (IS)<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, a glacadh in 2024, agus go bhfuil cur chuige rialála níos éadroime glactha ag an Ríocht Aontaithe go dtí seo, gan dlí cothrománach IS a thabhairt isteach; á iarraidh go mbeadh cóineasú níos fearr ann maidir le rialáil IS idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun go mbeidh earnáil dhinimiciúil in ann fás i dtimpeallacht shábháilte; á chur in iúl gur oth léi, ina leith sin, nár shínigh an Ríocht Aontaithe an Ráiteas maidir leis an Intleacht Shaorga Chuimsitheach agus Inbhuanaithe do Dhaoine agus don Phláinéad ag an gCruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta maidir le Gníomhaíocht IS i bPáras an 11 Feabhra 2025; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar struchtúrtha idir AE agus an Ríocht Aontaithe maidir le rialachas IS, i bhfianaise an tiomantais chomhroinnte do chórais IS atá sábháilte, trédhearcach agus cuntasach a chur chun cinn, agus chun ilroinnt rialála a sheachaint, páirt a ghlacadh i socrú caighdeán, agus socruithe aitheantais fhrithpháirtigh le haghaidh measúnú comhréireachta a fhiosrú; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil tiomantas tiomnaithe ann do chomhar IS sa Chomhthuiscint maidir le clár oibre athnuaite don chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, in ainneoin na tábhachta straitéisí a bhaineann le hailíniú trasnáisiúnta a chothú maidir le IS iontaofa a fhorbairt, agus á mheabhrú go gceadaítear le hAirteagal 39 de Ghníomh IS aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá bunaithe i dtríú tíortha faoi choinníollacha sonracha agus faoi réir comhaontú idir an tAontas agus an tír nach de chuid an Aontais í lena mbaineann; á chur i bhfios go láidir go bhfuil baol ann go méadófar an éagsúlacht rialála, go háirithe idir Gníomh ceangailteach AE um an Intleacht Shaorga agus cur chuige earnáil-bhunaithe na Ríochta Aontaithe, in ainneoin tosaíochtaí cóineasaithe a bheith ann maidir le haicmiú rioscabhunaithe, cosaint cóipchirt agus rioscaí sistéamacha; ag cur sonrú sa mheabhrán tuisceana idir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe maidir le IS, a bhféadfadh éagsúlacht sna híoschaighdeáin idir AE agus an Ríocht Aontaithe a bheith mar thoradh air agus á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchair an chomhaontaithe sin agus tuairisciú don Pharlaimint; á áitiú gur gá comhthuiscint a bhunú ar na tairbhí agus na dúshláin a bhaineann le IS; á iarraidh go mbeadh idirphlé teicniúil feabhsaithe idir rialtóirí chun tacú le hidir-inoibritheacht rialála agus chun castacht chomhlíonta a laghdú do ghnólachtaí; ag aithint na bpléití reatha sa Ríocht Aontaithe maidir le hathruithe ar dhlí an chóipchirt; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag na pleananna sin ar ealaíontóirí agus ar chruthaitheoirí Eorpacha, go háirithe maidir leis an togra chun córas um rogha gan a bheith páirteach a chur ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leasaítear le hAirteagail 103 go 107 agus 109 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga reachtaíocht AE atá ann cheana maidir le táirgí a bhfuil feidhm aici sa Ríocht Aontaithe i leith dThuaisceart Éireann faoi Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor; ag cur sonrú i gCinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena leagtar amach seasamh an Aontais i gComhchoiste AE-na Ríochta Aontaithe a mhéid a bhaineann leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga a áireamh in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor, agus é mar aidhm comhsheasmhacht a áirithiú i leith rialáil earraí agus seirbhísí gaolmhara i dTuaisceart Éireann; á aithint go bhféadfadh ailíniú rialála níos fearr i réimsí amhail sábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh cabhrú chun tacú le soiléireacht dhlíthiúil agus leanúnachas margaidh; ag spreagadh idirphlé leanúnach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoi chuimsiú an Chomhchoiste, d’fhonn cineálacha cur chuige a shainaithint a bheidh inghlactha go frithpháirteach agus lena gcloífear le hardchaighdeáin maidir le cosaint tomhaltóirí agus comhleanúnachas rialála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheabhrú go n-aithnítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a thábhachtaí atá ardchaighdeáin cosanta sonraí agus príobháideachais, agus ag an am céanna go ligtear do gach páirtí a neamhspleáchas rialála féin a choinneáil; á mheas go bhfuil rioscaí ag baint le héagsúlacht rialála a d’fhéadfadh a bheith ann idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil córas cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe fós ailínithe den chuid is mó le Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (RGCS), rud a fhágann gur féidir leanúint de chinneadh leordhóthanachta AE lena n-éascaítear sreafaí saoráideacha sonraí, rud atá ríthábhachtach do sheirbhísí trasteorann; ag tabhairt dá haire go bhfuil athchóiriú leanúnach á dhéanamh ar chreat cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe tríd an mBille Sonraí (Úsáid agus Rochtain), lena dtugtar isteach raon athruithe substainteacha ar fhorálacha reatha RGCS na Ríochta Aontaithe; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé caighdeáin ardleibhéil cosanta sonraí a chothabháil maidir le sonraí pearsanta a aistriú agus a phróiseáil idir an dá pháirtí, lena n-áirítear do dhaoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil sa Ríocht Aontaithe, go háirithe i gcás ina dtagann na sonraí ón Aontas Eorpach, agus á iarraidh go ndéanfar faisnéis a chomhroinnt go rialta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi comhar rialála feabhsaithe maidir le saincheisteanna digiteacha, amhail socrú riaracháin an 30 Aibreán 2024 idir Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta sa Choimisiún agus Oifig Cumarsáide na Ríochta Aontaithe (Ofcom), lena dtugtar tús áite do mhalartú faisnéise a bhaineann le maoirseacht ar iarrachtaí measúnaithe riosca agus maolaithe ag soláthraithe ardán mór ar líne; á iarraidh go mbeadh idirphlé treisithe ann faoi Choiste Speisialaithe Trádála um Sheirbhísí, Infheistíocht agus Trádáil Dhigiteach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair chun dálaí cobhsaí a áirithiú d’aistrithe sonraí agus deimhneacht dhlíthiúil d’oibreoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil saorshreabhadh leanúnach sonraí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ag brath ar chinntí leordhóthanachta sonraí ón gCoimisiún; ag tabhairt dá haire gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go leanann creat dlíthiúil na Ríochta Aontaithe de choimircí cosanta sonraí a sholáthar atá coibhéiseach go bunúsach leo siúd a sholáthraíonn AE, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar Ghníomh um Shonraí (Úsáid agus Rochtain) na Ríochta Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi gur mhol an Coimisiún síneadh sé bliana a chur leis an gcinneadh leordhóthanachta atá ann faoi láthair; á mheas gur cheart don leathnú sin cinnteacht rialála a sholáthar agus costais chomhlíonta neamhriachtanacha a chosc, agus cobhsaíocht sreafaí sonraí trasteorann agus trádáil dhigiteach a áirithiú, agus a áirithiú go leanfar de chearta bunúsacha shaoránaigh AE a urramú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair; á chur i bhfios go láidir nach mór aon socrú buan a bheith coinníollach i gcónaí ar ailíniú leanúnach na Ríochta Aontaithe le caighdeáin cosanta sonraí an Aontais faoi chreat dlíthiúil nua na Ríochta Aontaithe agus ar ardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta a choinneáil ar bun, mar a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais; á iarraidh ar rialtas na Ríochta Aontaithe a áirithiú nach mbeidh caighdeáin níos ísle maidir le cosaint sonraí ná na caighdeáin atá ann san Aontas mar thoradh ar aon fhorbairtí reachtacha na Ríochta Aontaithe, amhail Gníomh um Shonraí 2025 (Úsáid agus Rochtain);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag cur sonrú i dTuairim 06/2025 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB), lena dtacaítear le síneadh teicniúil agus teoranta ó thaobh ama de a chur le cinntí leordhóthanachta na Ríochta Aontaithe go dtí an 27 Nollaig 2025, chun am a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar impleachtaí an athchóirithe a luaithe a ghlacfar é, agus chun na críche sin amháin; á mheabhrú go gceanglaítear ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na forbairtí ábhartha uile sa Ríocht Aontaithe le linn na tréimhse sin agus a áirithiú go mbeidh aon chinneadh leordhóthanachta amach anseo bunaithe ar mheastóireacht chuimsitheach agus cothrom le dáta ar chreat cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé cuir chuige chomhchosúla a choinneáil maidir le hathchóirithe margaidh san earnáil dhigiteach; á iarraidh go seachnódh an Ríocht Aontaithe beartais atá éagsúil ó bhunphrionsabail Ghníomh an Aontais um Margaí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha)  (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus Ionstraim an Aontais um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (<STRING ITALIC="on">IO L 277, 27.10.2022, lch. 1,</STRING> ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj</STRING>)<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">.</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil leas comhroinnte ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe sa nascacht dhigiteach; á mholadh go ndéanfadh an dá pháirtí creat a bhunú le haghaidh comhordú comhroinnte faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar bhagairtí ar bhonneagar nascachta criticiúil, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí agus satailítí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á athdhearbhú gur gá don Aontas agus don Ríocht Aontaithe seasamh lena dtiomantas a leagtar síos sa Chomhaontú Trádála agus Comhair chun comhoibriú maidir le rátaí trédhearcacha agus réasúnacha a chur chun cinn le haghaidh seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta, chun costais a laghdú do thomhaltóirí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á mheabhrú go gceanglaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair go mbeidh cothrom na Féinne ann le haghaidh iomaíocht oscailte agus chóir, agus go ndéanfar trádáil agus infheistíocht ar bhealach atá fabhrach don fhorbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear an fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus cosaint an chomhshaoil; á mheabhrú go bhfuil cosaint ceart oibrithe fíor-riachtanach sa chomhthéacs sin, mar a leagtar amach, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, in Airteagail 355, 386, 387, 399 agus 524 den Chomhaontú Trádála agus Comhair; á thabhairt dá haire go bhfuil gealltanas tugtha ag an dá pháirtí faoi Airteagal 355 a gcaighdeáin faoi seach a choinneáil ar bun agus a fheabhsú sna réimsí a chumhdaítear le Teideal XI; á mheabhrú go bhfuil cosaint ceart oibrithe fíor-riachtanach sa chomhthéacs sin, mar a leagtar amach, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, in Airteagail 355, 386, 387, 399 agus 524 den Chomhaontú Trádála agus Comhair; á thabhairt dá haire go bhfuil gealltanas tugtha ag an dá pháirtí faoi Airteagal 355 a gcaighdeáin faoi seach a choinneáil ar bun agus a fheabhsú sna réimsí a chumhdaítear le Teideal XI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di na moltaí a leagtar amach i mBille um Chearta Fostaíochta 2024-2025 de chuid Rialtas na Ríochta Aontaithe go leathnófaí cearta comhargála, go soláthrófaí uaireanta ráthaithe d’oibrithe agus go n-aisghairfí an tAcht um Stailceanna (Íosleibhéil Seirbhíse) 2023; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, an Bille um Chearta Fostaíochta dar teideal ‘Dea-Phoist’, arna thabhairt isteach ag riarachán díláraithe Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste, a chomhlíonann caighdeáin an Aontais go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt dá haire, maidir le hAcht na Ríochta Aontaithe um Dhlí Coinnithe an Aontais (Cúlghairm agus Athchóiriú) 2023, ina bhfreagra oifigiúil chuig an gCoimisiún agus i sraith cruinnithe teicniúla, gur chuir údaráis na Ríochta Aontaithe in iúl don Choimisiún nach é cuspóir an achta leibhéil chosanta a ísliú i gcúrsaí saothair, i measc réimsí eile, faoin gComhaontú Trádála agus Comhair; ag iarraidh, áfach, ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an acht chun comhlíonadh a áirithiú, i bhfianaise an chumhachtaithe fhairsing a thugtar d’údaráis na Ríochta Aontaithe chun dlí coinnithe an Aontais a mhodhnú agus ról a cúirteanna maidir le léirmhíniú reachtaíocht choinnithe an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á thabhairt dá haire gur fhógair Rialtas na Ríochta Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair 2024 go raibh sé ar intinn aige Gníomhaireacht nua um Obair Chóir a bhunú laistigh den Roinn Gnó agus Trádála, chun teacht in ionad comhlachtaí forfheidhmithe stáit atá ann cheana maidir le cosaint saothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta dlúthfhaireachán a dhéanamh ar neamh-chúlchéimniú i gcaighdeáin saothair agus ar fhorbairtí eile a bhaineann le cearta oibrithe sa Ríocht Aontaithe, agus leanúint dá n-iarrachtaí le Rialtas na Ríochta Aontaithe chun comhlíonadh iomlán an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún gach modh atá ar fáil a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar aon údar imní a d’fhéadfadh a fhágáil gur gá Caibidil 6 de Theideal XI den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí idirphlé sa Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta agus sna coistí speisialaithe, trí dhul i gcomhairle le Grúpa Comhairleach Baile an Aontas Eorpaigh agus, i gcás inar gá, trí na sásraí um réiteach díospóidí dá bhforáiltear faoi Airteagal 389;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag iarraidh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe féachaint ar bhealaí chun tuilleadh comhair agus malartú dea-chleachtas a bhaint amach i réimsí an oideachais agus na cosanta sóisialta; ag aithint na hacmhainneachta atá ann le haghaidh comhar frithpháirteach chun feabhas a chur ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú beartas fostaíochta, lena n-áirithítear iomaíocht chóir, fás inbhuanaithe do chuideachtaí agus dálaí oibre cothroma d’oibrithe san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe araon; á mheabhrú go bhfuil fíor-ról ag comhpháirtithe sóisialta maidir le faireachán a dhéanamh ar an gComhaontú Trádála agus Comhair agus maidir lena fhorfheidhmiú, lena n-áirítear an chumhacht gearáin oifigiúla a chur isteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhar leanúnach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe laistigh den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), go háirithe maidir le forbairt ionstraime nua atá dírithe ar obair ardán a rialáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme comhthreomhar Ghníomh AE um Margaí Digiteacha agus Ghníomh na Ríochta Aontaithe um Margaí Digiteacha, um Iomaíocht agus um Thomhaltóirí mar chéim i dtreo margaí digiteacha atá cothrom agus inchoimhlinte a chur chun cinn; ag cur sonrú sna comhchuspóirí rialála agus á chur i bhfáth gur gá ilroinnt a sheachaint trí chomhar neartaithe faoin gcomhaontú um chomhar iomaíochta; ag tacú le meabhrán tuisceana a fhorbairt chun idirphlé rialála, malartú faisnéise agus comhordú maidir le cleachtais forfheidhmithe a éascú, go háirithe maidir le hardáin gheatóra; á chur i bhfios go láidir a luachmhaire atá sé cineálacha cur chuige maidir le hiomaíocht i margaí digiteacha a ailíniú chun tacú le cinnteacht ghnó trasteorann agus le cosaint tomhaltóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh go leanfadh an Coimisiún de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar éagsúlacht rialála sa Ríocht Aontaithe, a d’fhéadfadh a bheith ina riosca neamhchomhlíonta leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, go háirithe i réimsí a bhaineann le cothrom na Féinne amhail rialú fóirdheontais, an intleacht shaorga, cánachas, caighdeáin saothair agus shóisialta, an comhshaol agus an aeráid, agus aghaidh a thabhairt ar chásanna éagsúlachta sainaitheanta, a bhféadfadh caighdeáin níos ísle maidir le cosaint shóisialta, saothar agus comhshaol a bheith mar thoradh air do shaoránaigh agus do thomhaltóirí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon; á mholadh go gcruthófaí faireachlann um éagsúlacht rialála idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar athruithe reachtacha amach anseo i réimsí na sábháilteachta iompair, na gcaighdeán comhshaoil agus na gceart paisinéirí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá idirphlé rialála réamhghníomhach chun éagsúlacht agus deighilt an mhargaidh nach bhfuil gá léi a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain a thabhairt don Pharlaimint ar na sonraí a fhaightear trí thuarascálacha bliantúla a fhoilsiú; ag cur sonrú sa dúshlán ar leith a bhaineann le héagsúlacht rialála do Thuaisceart Éireann, i bhfianaise a dé-rochtana uathúla ar mhargaí AE agus na Ríochta Aontaithe araon faoi Chreat Windsor; á chur i bhfáth go bhfuil gá le sásraí réamhrabhaidh saincheaptha agus measúnuithe tionchair ar reachtaíocht nua atá dírithe ar Thuaisceart Éireann chun a áirithiú nach mbainfidh an éagsúlacht an bonn de dheimhneacht dhlíthiúil, de leanúnachas gnó, ná den phróiseas síochána, agus chun a thionchar a íoslaghdú agus chun cosc a chur ar mhí-ailíniú a bheith ina bhac trádála; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht mhéadaithe ann le geallsealbhóirí áitiúla agus leis na comhlachtaí thuaidh/theas a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Seirbhísí airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á aithint go bhfuil gá le hardleibhéal comhair agus idirphlé réamhbhreathnaitheach idir AE agus an Ríocht Aontaithe maidir le cúrsaí seirbhísí airgeadais; ag tabhairt dá haire nár thionóil an Fóram Comhpháirteach Rialála Airgeadais idir AE agus an Ríocht Aontaithe ach trí chruinniú ó bunaíodh é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag spreagadh idirphlé réamhbhreathnaitheach san Fhóram Comhpháirteach Rialála Airgeadais idir AE agus an Ríocht Aontaithe lena gcuirtear ardleibhéal ailínithe leis na córais rialála faoi seach chun cinn agus lena gcuidítear le hábhair choiteanna a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu maidir le cobhsaíocht airgeadais, cosaint infheisteoirí, frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, chun infheistíocht trasteorann a éascú, agus chun nuálaíocht a chothú i margaí airgeadais agus comhar i bhfóraim idirnáisiúnta agus le linn chur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí a áireamh leis sin faisnéis a chomhroinnt maidir le forbairtí rialála, malartú tuairimí maidir le beartais, rialacha agus próisis faoi seach i ndáil le córais iarchurtha amhail coibhéis, agus go bhféadfaí anailísí riosca, agus na tionchair eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag bearta atá beartaithe, a chumhdach leis freisin, chomh maith le hábhair a bhaineann le cóineasú teicniúil deonach, lena ndéantar sreafaí trádála níos cobhsaí agus níos éifeachtúla; ag cur sonrú in acmhainneacht an Fhóraim cur chuige comhsheasmhach a chur chun cinn i gcás inar féidir agus creat a chur ar fáil chun díospóidí a réiteach, agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a neartú agus cur leis an gcomhar sin; á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a chur ar an eolas go hiomlán agus go tráthúil faoi na hullmhúcháin do na cruinnithe leathbhliantúla agus faoi thoradh na gcruinnithe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á mheas go bhfuil éifeachtúlacht agus iomaíochas sheirbhísí an mhargaidh airgeadais iarthrádála ríthábhachtach chun Aontas Coigiltis agus Infheistíochta dea-fheidhmiúil a áirithiú, agus á chur in iúl gur geal léi an comhdhearcadh méadaitheach idir an Ríocht Aontaithe agus AE maidir leis an ábhar sin; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú polaitiúil sealadach chun an tréimhse socraíochta d’idirbhearta in urrúis inaistrithe a ghiorrú go dtí lá amháin tar éis na trádála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfios, tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach, nach bhfuil rochtain uathoibríoch a thuilleadh ag rannpháirtithe i margadh na Ríochta Aontaithe ar an margadh aonair do sheirbhísí airgeadais; á thabhairt chun suntais nár dheonaigh an tAontas ach cinneadh coibhéise a bhfuil teorainn ama leis d’fho-earnáil shonrach seirbhísí airgeadais amháin – contrapháirtithe lárnacha – agus go lamhálann creat coibhéise an Aontais i seirbhísí airgeadais do ghnólachtaí tríú tír rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais, ar choinníoll go meastar go bhfuil a gcreat rialála agus maoirseachta coibhéiseach le caighdeáin an Aontais; á mheabhrú gur féidir le AE aon chinneadh coibhéise a tharraingt siar go haontaobhach aon tráth mura mbíonn na coinníollacha maidir le stádas coibhéiseach a dheonú á gcomhlíonadh a thuilleadh; á aithint gur gá a áirithiú gur féidir le FBManna ar an dá thaobh tairbhe a bhaint as comhar airgeadais níos dlúithe idir AE agus an Ríocht Aontaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rochtain trasteorann ar mhaoiniú a éascú; ag spreagadh an Choimisiúin tuilleadh cinntí coibhéise a phlé chun na tairbhí a bhaineann le rochtain níos fearr ar an margadh a chur ar fáil do ghnólachtaí ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear malartuithe tuairimí maidir le cinntí coibhéise faoi shainchúram Fhóram um Chomhar Rialála an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair; á iarraidh go ndéanfar saincheisteanna den sórt sin a phlé agus a scrúdú go rialta, go háirithe maidir le seirbhísí airgeadais agus infheistíochta, ar mhaithe le trádáil agus comhar méadaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chinntí coibhéise agus iad a dhéanamh ar bhealach straitéiseach agus coinníollach, lena n-áiritheofar go mbeidh aon rochtain ar an margadh a dheonaítear do chuideachtaí seirbhísí airgeadais na Ríochta Aontaithe ailínithe go hiomlán le caighdeáin an Aontais; á chreidiúint gur cheart go rachadh measúnú coibhéise thar chur chuige dian earnáilsonrach agus gur cheart, ina ionad sin, dearcadh níos leithne, réamhbhreathnaitheach a ghlacadh chun creat rialála agus maoirseachta foriomlán na tíre nach de chuid an Aontais í a mheas, lena n-áirítear a gealltanais maidir le hiomaíocht chóir, frithsciúradh airgid, comhar cánach, cosaint infheisteoirí agus cobhsaíocht airgeadais, chun cobhsaíocht airgeadais an Aontais a choimirciú, sláine an mhargaidh aonair a chaomhnú agus arbatráiste rialála a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á mheabhrú go bhféadfadh cinntí maidir le coibhéis dul chun tairbhe do ghnólachtaí AE ó thaobh rochtain níos fearr ar mhargadh na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear le haghaidh baincéireachta, seirbhísí íocaíochta, seirbhísí infheistíochta agus árachais, agus ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do chaidreamh airgeadais oscailte agus dea-struchtúrtha idir AE agus an Ríocht Aontaithe cabhrú le timpeallacht maoinithe níos iomaíche a chothú do FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur luaigh an Ríocht Aontaithe go raibh sí ag iarraidh go mbeadh éagsúlacht rialála ann ó AE i roinnt réimsí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh éagsúlacht den sórt sin an bonn a bhaint den chothroime iomaíochta le AE; á iarraidh go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar na forbairtí sin agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar mhargaí an Aontais, lena n-áirítear trí úsáid straitéiseach a bhaint as cinntí coibhéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á aithint, cé go bhfuil roinnt criptea-shócmhainní de chineál amhantrach go príomha, go bhfuil méadú ag teacht ar a n-úsáid san earnáil airgeadais, agus á iarraidh go mbeadh cur chuige comhordaithe ann maidir le rialáil agus maoirseacht na sócmhainní sin chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na rioscaí a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, sláine an mhargaidh agus sciúradh airgid, chomh maith le hábhair imní maidir leis an tionchar ar an gcomhshaol; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go gceadófar d’eisitheoirí cripteamhonaí cobhsaí oibriú sa Ríocht Aontaithe faoi dhíolúine ó chreat rialála agus maoirseachta na Ríochta Aontaithe, agus á chur i bhfios go láidir, dá saothródh an Ríocht Aontaithe comhar déthaobhach leis na Stáit Aontaithe maidir le samhail rialála cheadaitheach, go mbainfí an bonn d’iarrachtaí AE chun comhleanúnachas rialála, maoirseacht láidir, athléimneacht airgeadais ar fud dlínsí agus cobhsaíocht airgeadais dhomhanda a áirithiú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Ríocht Aontaithe reachtaíocht a ghlacadh atá cosúil le Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le margaí i gcripteashócmhainní<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937, (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt rabhaidh i gcoinne na rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh creat maoirseachta nach bhfuil chomh dian céanna a chruthú agus á mholadh nach n-imeodh sé ó mholtaí an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais maidir le cripteashócmhainní a rialáil, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó chobhsaíocht airgeadais dhomhanda; á mheas gur cheart do AE agus don Ríocht Aontaithe oibriú le chéile laistigh den chomhphobal idirnáisiúnta chun teacht ar chomhthuiscint ar na tairbhí agus na rioscaí a bhaineann le IS a chuirtear i bhfeidhm ar sheirbhísí airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag tacú le forbairt thapa an euro dhigitigh agus á chur in iúl gur geal léi í, lena gcomhlánaítear airgead tirim ach gan é a ionadú; á thabhairt chun suntais go bhfuil an tAontas ag brath go mór ar eintitis eachtracha in earnáil na n-íocaíochtaí; ag aithint a phráinní atá sé go n-áiritheoidh an tAontas a neamhspleáchas ó sholáthraithe seirbhísí íocaíochta eachtracha mar ábhar ceannasachta digití agus airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á mheas, maidir le tabhairt isteach féideartha airgeadraí digiteacha bainc ceannais in AE agus sa Ríocht Aontaithe araon, go bhféadfadh sé tionchar a bheith aige ar an gcaidreamh idir an dá pháirtí agus ar neamhspleáchas straitéiseach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag tacú go láidir leis an gcomhar leanúnach idir AE agus an Ríocht Aontaithe maidir le dul i ngleic le sciúradh airgid idirnáisiúnta agus maoiniú sceimhlitheoireachta, córais chánach dhíobhálacha a chomhrac agus smachtbhannaí a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac AE an pacáiste reachtach frithsciúrtha airgid agus an tiomantas leanúnach ó thaobh na Ríochta Aontaithe de chun dul i ngleic le sciúradh airgid agus coireanna eile airgeadais, go háirithe ina Chríocha Thar Lear agus i Spleáchríocha Corónach na Breataine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di saorphoirt nua a bheith á mbunú ag an Ríocht Aontaithe, mar mhoil náisiúnta chun trádáil agus infheistíocht dhomhanda a chur chun cinn, lena dtairgtear buntáistí cánach fairsinge, córais dírialála agus fóirdheontais phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag cur béim ar thiomantas an dá pháirtí don Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE)/Cur Chuige Dhá Cholún Chreat Cuimsitheach G20; á chur in iúl gur oth léi an tOrdú Feidhmiúcháin a d’eisigh Uachtarán na Stát Aontaithe le déanaí an 20 Eanáir 2025 ina ndearbhaítear nach bhfuil aon fheidhm ná éifeacht ag Comhaontú Cánach Domhanda ECFE sna Stáit Aontaithe; á iarraidh ar an dá pháirtí oibriú go comhpháirteach agus go cuiditheach i bhfóraim idirnáisiúnta chun comhar iltaobhach cánach a choimirciú, cur chun feidhme domhanda íoschaighdeáin cánach Cholún a Dó a chur chun cinn agus comhsheasmhacht le tionscnaimh athraitheacha na Náisiún Aontaithe a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag aithint thiomantas an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair comhar a chothú maidir le príomhdhúshláin dhomhanda agus cumhachtaí faoi seach i réimse an chánachais dhírigh á n-urramú; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an chéad Idirphlé idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le Córais Chánach Dhíobhálacha a Chomhrac a tionóladh an 10 Deireadh Fómhair 2024 mar fhóram don phlé maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a mhúnlú agus a chur chun feidhme chun córais chánach dhíobhálacha a chomhrac; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé móiminteam a choinneáil sa chomhordú idir AE agus an Ríocht Aontaithe maidir le hathchóiriú cánach idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag tacú leis an gcomhar leanúnach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, cleachtais chánach dhíobhálacha agus calaois a chomhrac; á chur i bhfáth gur gá dlúthfhaireachán a dhéanamh ar éagsúlacht rialála na Ríochta Aontaithe chun arbatráiste rialála agus rioscaí airgeadais do AE a chosc agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú; ag spreagadh an dá pháirtí, agus lánurraim á tabhairt do cheannasacht cánach náisiúnta, comhoibriú go réamhghníomhach – trí fhóraim ábhartha dhéthaobhacha agus iltaobhacha – chun córais cánach chothroma agus inbhuanaithe a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme iomlán an Phrótacail maidir le Comhar Riaracháin agus Comhrac na Calaoise i Réimse na Cánach Breisluacha in 2024 agus maidir le Cúnamh Frithpháirteach chun Éilimh a Bhaineann le Cánacha agus Dleachtanna Custaim a Aisghabháil (Prótacal CBL); á mholadh go ndéanfadh AE agus an Ríocht Aontaithe athbhreithniú comhpháirteach bliantúil ar chur chun feidhme agus éifeachtacht an Phrótacail CBL, fóram a chur ar fáil chun plé a dhéanamh ar na treochtaí atá ag teacht chun cinn i gcalaois CBL agus ar na dúshláin a bhaineann le haisghabháil CBL trasteorann, agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bearta comhpháirteacha breise chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbraitheann rannpháirtithe i margadh AE go mór ar thithe imréitigh atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe, agus go ndéantar os cionn 90 % de dhíorthaigh ráta úis euro a phróiseáil ag tithe imréitigh atá lonnaithe i gCathair Londan; á mheas go bhféadfadh an comhchruinniú ollmhór sin a bheith ina riosca straitéiseach do chobhsaíocht airgeadais AE; á chreidiúint gur cheart an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir róspleáchas ar thithe imréitigh atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe a laghdú go suntasach, ar thaobh amháin, agus soiléireacht a sholáthar do rannpháirtithe i margadh airgeadais AE, ar an taobh eile; ag cur sonrú sna nuashonruithe ar an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, IO L 201, 27.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/648/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, mar a glacadh i mí na Nollag 2024, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an róspleáchas sin trí cheanglas maidir le cuntas gníomhach a thabhairt isteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go bhfuil baol ann go gcuirfear moill ar fhorbairt an cheanglais maidir le cuntas gníomhach leis an gcinneadh ón gCoimisiún síneadh a chur leis an gcoibhéis do chontrapháirtithe lárnacha na Ríochta Aontaithe go ceann tréimhse bhreise 3 bliana go dtí an 30 Meitheamh 2028;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún idir an dá linn réiteach buan agus cobhsaí a chur ar fáil chun an róspleáchas ar chontrapháirtithe lárnacha na Ríochta Aontaithe a laghdú, i gcomhréir le cuspóir straitéiseach AE neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha neamh-AE a bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach ag baint leo a laghdú; á mheabhrú gur leag an Pharlaimint béim go comhsheasmhach ar an ngá atá le gníomhaíochtaí imréitigh a athlonnú chuig AE, agus go mbaineann coibhéis fhada i gcomhthéacs éagsúlacht rialála an bonn ón gcobhsaíocht airgeadais, go lagaíonn sí neamhspleáchas margaidh an Aontais agus go gcuireann sé comharthaí contrártha chuig rannpháirtithe sa mhargadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE, nach mbaineann soláthraithe seirbhíse na Ríochta Aontaithe i réimse na seirbhísí airgeadais tairbhe a thuilleadh as prionsabal na ‘tíre tionscnaimh’ ná as ‘pas’ le haghaidh rochtain dhíreach ar mhargadh aonair AE, agus go n-éilíonn an geilleagar domhanda comhtháite dlúthchomhar idir na húdaráis, lena n-áirítear i réimse na seirbhísí airgeadais agus na n-íocaíochtaí; ag tabhairt dá haire freisin, cé go bhfuil forálacha mar bhonn taca leis an gComhaontú Trádála agus Comhair lena n-áirithítear cothroime iomaíochta, nach leor é sin, go háirithe maidir le rialacha maidir le fóirdheontais, agus á iarraidh go mbeadh rialuithe láidre agus trédhearcacha Státchabhrach ann, le forfheidhmiú éifeachtach intíre agus le sásra ceangailteach um réiteach díospóidí a d’fhéadfadh cabhrú le saobhadh iomaíochta a chosc agus dálaí cothroma trádála a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag cur sonrú i straitéis fáis agus iomaíochais seirbhísí airgeadais na Ríochta Aontaithe atá ar na bacáin, lena scaoilfear infheistíocht ar fud an gheilleagair; á iarraidh ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe a straitéisí iomaíochais faoi seach d’earnáil na seirbhísí airgeadais a ailíniú go dlúth;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di pleananna an Rialálaí Córas Íocaíochtaí caidhp phraghais a chur chun feidhme ar tháillí idirmhalartaithe trasteorann tomhaltóirí nach bhfuil i láthair le cárta idir an Ríocht Aontaithe agus an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, go sonrach do bhainc AE, do sholáthraithe cártaí agus do sholáthraithe íocaíochta eile; á chur i bhfáth go bhfuil dhá cheann de na trí leibhéal mhalartacha de chaidhpeanna praghais i bhfad níos ísle ná an chaidhp phraghais choibhéiseach a shocraítear do bhainc na Ríochta Aontaithe, rud is cúis imní maidir le cloí le prionsabal an neamh-idirdhealaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair; ag cur béim, dá bhrí sin, ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go n-urramófar prionsabal an neamh-idirdhealaithe leis na bearta rialála uile; á iarraidh ar an Rialálaí Córas Íocaíochta a áirithiú go leanfar den obair ar tháillí idirmhalartaithe, d’fhonn aon chéimeanna siar rialála a sheachaint agus timpeallacht chothrom a áirithiú do sholáthraithe Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag aithint, lasmuigh de chreat an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair atá ceangailteach ó thaobh dlí de, a thábhachtaí atá comhar níos fearr i réimse na seirbhísí airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte agus chun féachaint ar bhealaí le haghaidh comhar níos dlúithe agus leanúnach, go háirithe trí rannpháirtíocht ar an leibhéal is airde, ionas gur féidir leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le córais airgeadais atá idirnasctha ar fud an domhain, i gcomhthéacs Aontas Coigiltis agus Infheistíochta a chruthú agus i gcomhthéacs an mhoil rathúil le haghaidh seirbhísí airgeadais a ndéanann Cathair Londan ionadaíocht air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil caidreamh eacnamaíoch feabhsaithe idir AE agus an Ríocht Aontaithe níos tábhachtaí ná riamh mar gheall ar theannas trasatlantach méadaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Rialtas na Ríochta Aontaithe comhoibriú go dlúth i bhfóraim idirnáisiúnta seirbhísí airgeadais chun an pheirspictíocht Eorpach a ghiaráil; á aithint gur gá a áirithiú gur féidir le FBManna ar an dá thaobh tairbhe a bhaint as comhar airgeadais níos dlúithe idir AE agus an Ríocht Aontaithe; á thabhairt chun suntais gur cheart go bhfanfadh na caighdeáin a comhaontaíodh i bhfóraim idirnáisiúnta amhail an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús, an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais nó Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht mar bhonnlíne don chomhar idir AE agus an Ríocht Aontaithe agus nach mór údar cuí a bheith le dialltaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di cinneadh na Ríochta Aontaithe moill a chur ar chur chun feidhme chreat Basel III do na bainc go dtí an 1 Eanáir 2027; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chun feidhme chaighdeáin Basel III arna nglacadh ag na comhreachtóirí a áirithiú agus á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chaighdeáin Basel III a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta i mórdhlínsí eile neamh-AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil fás suntasach tagtha ar idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc (IANanna) san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, agus go bhfuil leochaileachtaí móra sainaitheanta ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) san earnáil sin, go háirithe maidir le giaráil agus neamhréireanna leachtachta; á chur in iúl go bhfuil imní uirthi faoi athléimneacht na n-idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc, go háirithe faoi strus sa mhargadh, mar a chuir BERS agus Coiste um Beartas Airgeadais na Ríochta Aontaithe in iúl ina leith sin, agus á iarraidh go bhfeabhsófaí faireachán agus rialáil na n-eintiteas sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á athdhearbhú, ina leith sin, a thábhachtaí atá sé moltaí an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais a chur chun feidhme go tráthúil chun athléimneacht cistí margaidh airgid (CMAnna) a fheabhsú, go háirithe trí ghnéithe a bhaint a d’fhéadfadh fuadar bainc a dhreasú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún togra athbhreithnithe CMA a chur chun cinn go pras, i gcomhréir le moltaí an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag cur sonrú sna pleananna a d’fhógair údaráis na Ríochta Aontaithe chun córas rialála níos éadroime a thabhairt isteach do roinnt cistí infheistíochta malartacha; á chur i bhfáth nár cheart clár oibre dírialála a cheilt leis an simpliú; ag tacú le bearta simpliúcháin, ar choinníoll nach ndéanfar difear do na cuspóirí beartais; á iarraidh, dá bhrí sin, ar údaráis na Ríochta Aontaithe comhoibriú go dlúth le AE chun a áirithiú nach bhfolmhófar leis an athchóiriú sin atá beartaithe Treoir 2011/61/AE maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010, (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/61/oj).</FIELD></FOOTNOTE> dá substaint, go háirithe maidir le rialacha tarmligin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maoin intleachtúil, soláthar poiblí agus FBManna</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur i bhfáth gur céim shuntasach i dtreo neartú chothrom na Féinne é raon na n-earnálacha atá cumhdaithe faoin gcaibidil maidir le soláthar poiblí den Chomhaontú Trádála agus Comhair a leathnú; á chur in iúl gur díol sásaimh dí Acht na Ríochta Aontaithe um Sholáthar Poiblí 2023, go háirithe na buntáistí a chuirtear ar fáil leis trí phróisis soláthair a chaighdeánú agus a chuíchóiriú tuilleadh, agus á thabhairt chun suntais gur gá rochtain chóir ar sholáthar poiblí a áirithiú; ag iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe agus ar an gCoimisiún rochtain ar an margadh a fheabhsú do FBManna tríd an ualach maorlathach a laghdú agus ar an gcaoi sin deiseanna eacnamaíocha a chruthú agus dreasachtaí a sholáthar chun iad a thapú; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé bacainní ar thrádáil trasteorann do FBManna a laghdú agus tacú le hiomaíocht chóir agus le deis eacnamaíoch sa chomhar trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún an chaibidil den Chomhaontú Trádála agus Comhair a bhaineann le FBManna a chur chun feidhme go hiomlán tríd na pointí teagmhála FBManna a bhunú go pras, mar a fhoráiltear faoin gcomhaontú, agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar FBManna a áirithiú; á mheas gur cheart é a bheith de chúram ar an gCoiste FBManna bacainní trádála, lena n-áirítear bacainní ar infheistíocht, a mbíonn tionchar sonrach acu ar FBManna, a shainaithint, agus réitigh spriocdhírithe a mholadh chun costais chomhlíontachta agus ualaí rialála a laghdú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí mhalartú dea-chleachtas maidir le scéimeanna tacaíochta FBManna agus clárú cuideachtaí digiteacha; á chur i bhfáth go bhfuil gá le solúbthacht mhéadaithe maidir le soghluaisteacht ghnó trí liosta na ngníomhaíochtaí a cheadaítear faoi shocruithe gearrthéarmacha gan víosa a leathnú agus costais agus castachtaí na bpróiseas víosa do FBManna a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, go gcuirfí critéir inbhuanaitheachta san áireamh i nósanna imeachta soláthair phoiblí d’earnálacha sonracha, i gcás inarb iomchuí agus comhréireach; á thabhairt chun suntais gur cheart bearta a ghlacadh chun rannpháirtíocht FBManna a chur chun cinn, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí nósanna imeachta a shimpliú, an rómhaorlathas a laghdú agus foilsiú trédhearcach fógraí agus critéar a áirithiú; á thabhairt dá haire gur cheart don Aontas agus don Ríocht Aontaithe rochtain fhrithpháirteach agus neamh-idirdhealaitheach ar a margaí soláthair phoiblí faoi seach a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>ag tabhairt chun suntais go bhfuil baol méadaitheach ann go mbeidh éagsúlacht rialála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i mbeartas comhshaoil, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar an ngeilleagar agus an bonn a bhaint de chuspóirí comhshaoil; ag aithint na ndúshlán geopholaitiúil agus na n-uaillmhianta comhshaoil comhroinnte atá ag an Aontas Eorpach agus ag an Ríocht Aontaithe; ag spreagadh tuilleadh comhar straitéiseach agus tuilleadh ailínithe i réimsí an chomhshaoil, chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur i bhfáth gur aonad éiceolaíoch aonair é oileán na hÉireann; á mheabhrú, go mbíonn tionchar ag beartais chomhshaoil na Ríochta Aontaithe ar an gcomhshaol ar oileán iomlán na hÉireann agus, leis sin, ar bhaint amach spriocanna an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil freisin; á chur i dtábhacht go bhfuil gá le méadú ar chomhar maidir le saincheisteanna comhshaoil trí na hinstitiúidí a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag meabhrú go ndearnadh iarrataí roimhe seo go mbeadh comhar déthaobhach níos dlúithe ann i réimse na rialála ceimiceán<FOOTNOTE><FIELD> Rialtas na Ríochta Aontaithe agus an Coimisiún Eorpach (2023), Miontuairiscí: ‘An Tríú Cruinniú den Choiste um Chomhpháirtíocht Trádála faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach – Miontuairiscí Comhpháirteacha’, an 7 Nollaig 2023, Londain agus formáid fhíorúil (óstach: an Ríocht Aontaithe); Grúpaí Comhairleacha Intíre an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, Ráiteas Comhpháirteach, an 19 Meán Fómhair 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á mholadh go ndéanfaí ionchur a lorg ó Rialtas na Ríochta Aontaithe, agus ó na riaracháin dhíláraithe ábhartha, san athbhreithniú atá le teacht ar Rialachán REACH (an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán)<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, chun comhar agus cóineasú rialála a chur chun cinn ar mhaithe le trádáil trasteorann i gceimiceáin atá sábháilte agus intuartha ó thaobh dlí de a éascú, agus ardleibhéal cosanta comhshaoil á choinneáil ar bun ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi aitheantas na Ríochta Aontaithe don mharcáil CE maidir le ceanglais éicidhearthóireachta i dtaca le táirgí a bhaineann le fuinneamh agus srianta ar shubstaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach; á chur in iúl gur geal léi go n-éascaítear leis sin trádáil leanúnach idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, agus ualaí comhlíontachta ar mhonaróirí á laghdú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á iarraidh go mbeadh ról neartaithe ag geallsealbhóirí eacnamaíocha agus sochaí sibhialta sna próisis cur chun feidhme, faireacháin agus chomhairleacha a bhaineann le gealltanais trádála agus forbartha inbhuanaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an ráiteas comhpháirteach ó Ghrúpaí Comhairleacha Baile an Aontais agus na Ríochta Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>ag meabhrú an ghealltanais a thug an tAontas agus an Ríocht Aontaithe sa Chomhaontú Trádála agus Comhair i leith leibhéil arda cosanta comhshaoil a choinneáil ar bun i réimsí chosc na dramhaíola, an bhainistithe dramhaíola agus an gheilleagair chiorclaigh; á chur i bhfáth gur gá pleanáil agus comhordú níos fearr a dhéanamh, chun a mbonneagair bainistíochta dramhaíola a oiriúnú agus chun a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ann le haghaidh athchúrsála, deisithe, athmhonaraithe agus cóireáil dramhaíola i gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola, agus chun réitigh a chur chun cinn chun sruthanna dramhaíola iarmharaí a laghdú agus aghaidh a thabhairt orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá dlúthchomhar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le cuimsiú féideartha earnáil na dramhaíola i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE), chun ailíniú rialála a áirithiú, sceitheadh carbóin a chosc agus iomaíocht chóir a choinneáil thar theorainneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á aithint go bhféadfadh gníomhaíochtaí tionsclaíocha amach ón gcósta agus tionscadail fuinnimh inbhuanaithe ar mórscála, amhail feirmeacha gaoithe amach ón gcósta, a bheith i gcoinbhleacht le cuspóirí caomhnaithe láithreáin Natura 2000 agus limistéar muirí faoi chosaint, agus go bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar ghrinneall na farraige agus ar láithreacha iascaireachta freisin; á chur i bhfios go láidir gur gá cothromaíocht chúramach a bhaint amach idir spriocanna comhshaoil, iascaigh inbhuanaithe agus giniúint fuinnimh in-athnuaite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil scéimeanna bithéagsúlachta agus scéimeanna a bhaineann leis an aeráid á dtabhairt isteach de réir a chéile sa Ríocht Aontaithe chun teacht in ionad tacaíocht dhíreach d’fheirmeoirí; á iarraidh go mbeadh malartú ann idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar chleachtais talmhaíochta inbhuanaithe lena gcuirtear bithéagsúlacht agus maolú ar an athrú aeráide chun cinn, agus lena n-áirithítear slándáil bia agus cobhsaíocht an tslabhra soláthair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An Aeráid </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil uaillmhianta comhchoiteanna ag an Aontas Eorpach agus ag an Ríocht Aontaithe i réimse an mhaolaithe ar an athrú aeráide; á iarraidh go mbeadh ailíniú níos fearr ann idir beartais aeráide chun comhsheasmhacht a sholáthar agus chun bearta contrártha nó forluiteacha a sheachaint, ar nithe iad a fhágann go mbeadh baol ann go mbainfí an bonn d’éifeachtacht na gníomhaíochta ar son na haeráide; ag spreagadh malartú dea-chleachtas maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus ullmhacht i gcomhair an athraithe aeráide, go háirithe maidir le tionchair sláinte na dteochtaí atá ag ardú ar ghrúpaí leochaileacha, amhail pobail ar ioncam íseal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á thabhairt dá haire go leagtar cuspóir comhroinnte amach i gComhthuiscint an 19 Bealtaine 2025 chun comhaontú foirmiúil idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an margadh carbóin a bhunú, lena nascfar CTA na Ríochta Aontaithe agus CTA an Aontais; ag tathant ar an dá pháirtí teacht ar chonclúid phras chun costais dhúbailte charbóin do chuideachtaí a sheachaint; ag athdhearbhú sheasamh comhpháirteach an Choimisiúin agus na Ríochta Aontaithe gur gá comhaontú den sórt sin a ailíniú go soiléir agus go comhsheasmhach le rialacha agus prionsabail Chreat Windsor;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á thabhairt dá haire, mura ndéanfar ailíniú tráthúil idir CTA na Ríochta Aontaithe agus CTA an Aontais Eorpaigh, go mbeidh onnmhairí na Ríochta Aontaithe chuig an Aontas Eorpach faoi réir SCCT ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh; ag meabhrú an ghealltanais a thug an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe chun na dálaí a chruthú ionas go dtairbheoidh earraí de thionscnamh a ndlínse faoi seach de dhíolúintí frithpháirteacha óna gcórais SCCT faoi seach; á chur i bhfáth gur cheart na díolúintí sin a bheith i bhfeidhm a luaithe agus is féidir de réir an dlí chun cur isteach ar thrádáil a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá an chomhpháirtíocht dhéthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a neartú chun comhar a fheabhsú maidir le forbairt fuinnimh in-athnuaite, slándáil fuinnimh agus athléimneacht an tslabhra soláthair; á iarraidh go mbeadh idirphlé níos láidre agus taighde comhpháirteach ann idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le fuinneamh atá neodrach ó thaobh carbóin de chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte agus nuálaíocht a spreagadh i dtaca le laghdú astaíochtaí carbóin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil sé de rún ag an Aontas Eorpach agus ag an Ríocht Aontaithe leanúint de mhalartuithe rialála teicniúla maidir le teicneolaíochtaí nua fuinnimh, lena n-áirítear gabháil, úsáid agus stóráil carbóin, hidrigine agus bithmheatáin, mar a leagtar amach i gComhthuiscint an 19 Bealtaine 2025; ag spreagadh comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe chun rochtain FBManna ar theicneolaíochtaí glasa agus ar bhonneagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a fheabhsú, chun a áirithiú gur féidir le gnólachtaí beaga rannchuidiú go héifeachtach leis an aistriú i dtreo na teicneolaíochta glaise, agus tairbhiú den aistriú sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sábháilteacht bia</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn oibriú i dtreo comhaontú cuimsitheach sláintíochta agus fíteashláintíochta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus á chur i bhfáth nach mór don chomhaontú sin ardleibhéil sábháilteachta bia, leasa ainmhithe agus cosanta tomhaltóirí agus comhshaoil a choinneáil; á thabhairt chun suntais gur gá comhordú a dhéanamh ar uasleibhéil iarmhair (ULInna) lotnaidicídí chun sláinte an duine a chosaint agus trádáil agraibhia a éascú; á chur i bhfios go láidir á thábhachtaí atá sé comhaontú tréidliachta a thabhairt i gcrích chun sláinte ainmhithe a áirithiú, ráigeanna galar zónóiseach a chosc agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac, go háirithe i bhfianaise ráigeanna a bhí ann le déanaí agus na srianta trádála a d’eascair astu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil tairseacha agus srianta éagsúla ar shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (SPFAnna) idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe; á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe ann idir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe maidir le faireachán agus measúnuithe riosca ar SPFAnna; á mholadh go gcuirfí feabhas ar an idirphlé eolaíoch idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le teorainneacha i mbia agus i mbeatha, chun sláinte an phobail a chosaint agus ardchaighdeáin sábháilteachta bia a choinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig an tAcht um Theicneolaíocht Ghéiniteach (Beachtphórúchán) i bhfeidhm i Sasana an 23 Márta 2023, lena ndéantar athbhreithniú ar na rialacha maidir le scaoileadh, margaíocht agus measúnú riosca plandaí agus ainmhithe a forbraíodh trí mhodhnú géanóim agus beachtphórúchán; á chur in iúl gur cúis imní di an éiginnteacht atá ann maidir le héagsúlacht rialála i ndáil le stádas dlíthiúil agus gluaiseacht na dtáirgí sin idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas Eorpach; á chur i bhfáth gur gá cosc a chur ar tháirgí atá lipéadaithe go míchuí dul isteach i slabhra bia an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sláinte phoiblí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Éagsúlacht rialála </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á mheabhrú gur athrú ó bhonn é tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach sa tírdhreach rialála comhroinnte a bhí mar bhonn do chomhar maidir le sláinte phoiblí, cógaisíocht agus taighde leighis roimhe sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, an éiginnteacht a cruthaíodh le hAcht na Ríochta Aontaithe um Dhlí Coinnithe an Aontais Eorpaigh (Cúlghairm agus Athchóiriú), lena gcuirtear deireadh le tosaíocht dhlí an Aontais agus d'fhéadfadh léirmhínithe éagsúla ar rialacháin sláinte a bheith mar thoradh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á mheabhrú go ndéanann Gníomhaireacht Rialála Táirgí Cógas agus Cúraim Sláinte na Ríochta Aontaithe (MHRA) cógais leighis sa Ríocht Aontaithe a údarú go neamhspleách anois, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héagsúlachtaí maidir le hamlínte údarúcháin, critéir formheasa, agus faireachas iarmhargaidh; á chur i bhfáth gur gá faireachán a dhéanamh ar thionchar na héagsúlachta sin ar rochtain othar agus ar shábháilteacht thar theorainneacha, agus á iarraidh go ndéanfadh an tAontas faireachán struchtúrtha chun measúnú a dhéanamh ar éagsúlachtaí den sórt sin agus chun freagairt dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>ag moladh an chomhaontaithe maidir le malartú cómhalartach faisnéise idir Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh agus údaráis na Ríochta Aontaithe maidir le rioscaí agus bagairtí a bhaineann le drugaí; á iarraidh, chun na críche sin, go ndéanfaí an comhaontú oibríochtúil a d’fhéadfadh a bheith ann idir Gníomhaireacht an Aontais agus údaráis ábhartha na Ríochta Aontaithe a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi na cineálacha cur chuige éagsúla atá glactha ag an Ríocht Aontaithe agus ag an Aontas maidir le IS a rialáil sa tsláinte toisc go bhféadfadh an baol a bheith ann go mbainfí an bonn ó idir-inoibritheacht trasteorann agus ó chomhar i seirbhísí digiteacha leighis le cineálacha éagsúla cur chuige; á iarraidh go mbeadh idirphlé struchtúrtha ann chun féachaint ar chóineasú i gcaighdeáin agus i sásraí comhlíonta d’fheistí leighis digiteacha agus do dhiagnóisic faoi stiúir IS;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar sláinte </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar an gcomhar chun gach gné den tsláinte phoiblí a chosaint agus chun a chur ar chumas othar rochtain a fháil ar chúram nuair atá údar cliniciúil leis; á mholadh go dtabharfaí tús áite leis an gcomhar sin do chóireálacha do ghalair neamhchoitianta agus phéidiatraiceacha agus do chóireálacha casta, i gcás ina bhfuil saineolas ar fáil i gceachtar den dá pháirtí; ag aithint, ina leith sin, rath agus acmhainneacht bhreise na Líonraí Tagartha Eorpacha agus á iarraidh go mbunófaí creat comhair le líonraí tagartha na Ríochta Aontaithe faoi seach; á iarraidh go gcuirfí dlús leis an gcomhar rialála agus taighde idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i réimse na sláinte poiblí; ag tacú leis an gcomhar sin trí rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa bhraisle sláinte laistigh den chlár Fís Eorpach agus trí rannpháirtíocht a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i dtionscnaimh a bhaineann le HERA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir éagsúlacht rialála a bhaineann le Brexit agus costais mhéadaithe allmhairiúcháin bac suntasach ar rochtain othar de chuid na Breataine ar chóireálacha tarrthála ailse; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú beagnach faoi cheathair tagtha ar an gcostas a bhaineann le drugaí ailse nua a allmhairiú tar éis Brexit; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil moilleanna agus séanadh cóireálacha criticiúla mar thoradh ar na bacainní sin, rud a dhéanann dochar do thorthaí othar, lena n-áirítear na torthaí sin de leanaí a bhfuil ailsí athfhillteacha acu; á mholadh go dtabharfadh an Ríocht Aontaithe aghaidh ar na dúshláin sin chun rochtain chothrom ar chógais bhunriachtanacha a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé soghluaisteacht, oiliúint agus aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí agus cónaitheachtaí gairmithe sláinte idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a éascú, chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus chun malartú dea-chleachtas agus saineolais a chur chun cinn; ag cur béim ar an deis straitéiseach chun an comhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a neartú chun tallann den chéad scoth a mhealladh agus a choinneáil agus barr feabhais eolaíoch a chothú; á chur in iúl gur díol sásaimh di tionscnaimh an Aontais chun mol taighde domhanda a dhéanamh den Eoraip, lena n-áirítear tacaíocht chun taighdeoirí a athlonnú agus ionchais ghairme a fheabhsú; á mholadh go bhforbrófaí cláir chomhpháirteacha agus scéimeanna soghluaisteachta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun tacú le gairmithe sláinte agus taighdeoirí araon, rud lena n-áiritheofar go mbeidh an Eoraip fós i measc na gceannairí sa nuálaíocht leighis agus sa tsaoirse eolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>ag tabhairt dá haire, cé go n-áirítear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, lena gcoinnítear sásraí le haghaidh cúram sláinte cómhalartach amhail an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte, nach ndearnadh obair leantach ar aon socrú inchomparáide ag deireadh rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm 	(IO L 88, 4.4.2011, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/24/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt faoi deara go raibh tionchar míchothrom aige sin, go háirithe i dTuaisceart Éireann, áit ar aisíocadh cúram san Aontas faoin Treoir do bhreis agus 1 000 othar in aghaidh na bliana roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á mholadh go mbunófaí meitheal thiomnaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe um chógaisíocht agus feistí leighis, chun idirphlé leanúnach a éascú, aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí rialála, agus ailíniú a chur chun cinn i réimsí amhail trialacha cliniciúla, faireachas cógas, deimhniú feistí leighis agus trádáil aindleathach táirgí a bhaineann le cúram sláinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>ag aithint na bhforálacha teoranta faoin gComhaontú Trádála agus Comhair maidir le comhar i ndáil le slándáil sláinte, agus á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach a thuilleadh i gCoiste Slándála Sláinte an Aontais ná sa Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC); ag tabhairt rabhaidh go gcuireann sé sin teorainn le cumais luathrabhaidh agus freagairtí comhordaithe ar bhagairtí sláinte trasteorann amhail paindéimí agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha; á mholadh go mbunófaí idirphlé foirmiúil agus rialta idir údaráis sláinte poiblí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe agus institiúidí sláinte poiblí chun muinín agus acmhainneacht a neartú maidir le hullmhacht éigeandála, freagairt ar phaindéimí, agus faireachas eipidéimeolaíochta trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh le déanaí Comhthuiscint maidir le clár oibre athnuaite don chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe trína bhféachfaidh an Coimisiún agus an Ríocht Aontaithe ar an bhféidearthacht malartú agus comhar a chumasú maidir le slándáil sláinte, lena n-áirítear bagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn a bhrath, ullmhú dóibh agus freagairt orthu, chun paindéimí agus géarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo a chosc agus a mhaolú, lena n-áirítear faoi chuimsiú fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair maidir le slándáil sláinte chun an comhar maidir le slándáil sláinte a uasmhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún comhar a chur ar fionraí, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, i gcásanna nach meastar caighdeáin rialála na Ríochta Aontaithe maidir le cáilíocht cógas, faireachas cógas nó monaraíocht a bheith coibhéiseach a thuilleadh le caighdeáin an Aontais, mar a leagtar amach i dTreoir 2001/83/CE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil staid gan réiteach ann i ndáil leis an gcomhaontú cíosa d’iar-áitreabh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí tar éis di bogadh go hAmstardam agus á iarraidh go n-ardófaí an tsaincheist leis an Ríocht Aontaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Slabhraí soláthair</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil níos mó castachta ag baint le slabhraí soláthair trasteorann do chógais tar éis Brexit, go háirithe i gcás táirgí a bhí ag gluaiseacht faoi shaoirse roimhe seo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á chur in iúl gur oth léi go raibh seiceálacha custaim agus próisis rialála ina gcúis le moilleanna, ganntanais agus costais mhéadaithe, a rinne difear d’infhaighteacht cógas sa Ríocht Aontaithe, go háirithe i dTuaisceart Éireann agus sna Ballstáit bheaga a bhí ag brath go stairiúil ar shlabhraí soláthair atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, amhail Málta, an Chipir agus Éire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór síneadh féideartha ar mhaoluithe ó oibleagáidí áirithe maidir le táirgí íocshláinte áirithe lena n-úsáid ag an duine a chuirtear ar fáil sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, agus sa Chipir, in Éirinn agus i Málta a leagtar amach faoi Threoir (AE) 2022/642<FOOTNOTE><FIELD> IO L 118, 20.4.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/642/oj.</FIELD></FOOTNOTE> lena leasaítear Treoracha 2001/20/CE agus 2001/83/CE, a bheith bunaithe ar fhianaise go bhfuil gá leanúnach leo agus go bhfuil baol ann go ndéanfar díobháil d’othair sna Ballstáit lena mbaineann, agus ní ar mhaithe le háisiúlacht riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>ag tathant ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe féachaint ar shásraí comhoibritheacha, amhail comhaontú um aitheantas frithpháirteach maidir le dea-chleachtas monaraíochta bunaithe ar chaighdeáin choibhéiseacha chun rochtain leanúnach, ar chógais leighis chriticiúla go háirithe, a áirithiú, chun ganntanais a chomhrac agus chun deireadh a chur le bacainní a bhaineann le baisc-thástáil, comhroinnt sonraí faireachais cógas, agus lóistíocht soláthair chun cur isteach ar chúram othar a íoslaghdú agus chun sábháilteacht othar a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhar idirnáisiúnta agus forbairt</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé go ndéanfadh an dá pháirtí a rannpháirtíocht agus a gcomhar i rialachas sláinte domhanda agus i gcláir forbartha idirnáisiúnta a threisiú go comhpháirteach, lena n-áirítear an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ach gan a bheith teoranta di; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá gníomhaíocht chomhordaithe i ndáil leis sin chun freagairt idirnáisiúnta níos láidre, níos cothroime agus níos éifeachtaí ar éigeandálaí sláinte trasteorann a chumasú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cosaint tomhaltóirí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil roinnt rioscaí ann do thomhaltóirí san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe a eascraíonn as táirgí neamhshábháilte agus mídhleathacha, agus as teicnící díolacháin ionramhálacha ar líne; ag tabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, go n-eascraíonn dúshláin ghaolmhara as ríomhthráchtáil a bhfuil tomhaltóirí nochta dóibh; á mheas go bhfuil comhar níos dlúithe agus malartú faisnéise tábhachtaí idir comhlachtaí forfheidhmithe tomhaltóirí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ríthábhachtach chun dul i ngleic leis na dúshláin sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a choinneáil ar bun leis an gcomhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus béim ar leith á leagan ar shábháilteacht táirgí, ríomhthráchtáil agus seirbhísí digiteacha trasteorann; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann chun dul i ngleic le láithreacht táirgí neamhshábháilte agus le cleachtais tráchtála éagóracha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cóineasú rialála maidir le sábháilteacht táirgí agus cearta tomhaltóirí digiteacha chun ardleibhéal comhsheasmhach cosanta tomhaltóirí a áirithiú, agus ar an gcaoi sin tacú le muinín agus iontaoibh tomhaltóirí i dtrádáil trasteorann; á éileamh go dtabharfadh an dá pháirtí gealltanas maidir le hidirphlé agus malartú faisnéise a dhéanamh i réimsí leasa choitinn faoin gcomhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear sábháilteacht táirgí, cearta tomhaltóirí digiteacha agus cleachtais tráchtála éagóracha; á thabhairt chun suntais nach mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe comhoibriú chun éagsúlacht rialála a chosc a mbeadh tionchar diúltach aici ar mhuinín tomhaltóirí nó ar thrádáil trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>123.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach n-áirítear socrú comhair a bhaineann le forfheidhmiú dlíthe cosanta tomhaltóirí leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún an fhéidearthacht a bhaineann le socrú a bhunú idir Gréasán an Aontais um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí agus Údarás Iomaíochta agus Margaí na Ríochta Aontaithe; á chur i bhfios go gcuirfeadh socrú den sórt sin ar a gcumas do na húdaráis idirghabháil a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla trí fhaisnéis a bhaineann le himscrúduithe a mhalartú agus trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhiosrú; á chur i bhfios gur cheart breithniú a dhéanamh ar an gcomhar sin faoin Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2394/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, toisc go gcumasaítear leis sin comhar le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun leasanna tomhaltóirí a chosaint; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú chun idirphlé a atosú maidir le malartú faisnéise tráthrialta idir córas mear-rabhaidh Safety Gate de chuid an Aontais agus bunachar sonraí faireachais margaidh agus sábháilteachta táirgí na Ríochta Aontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 96(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>124.</NO.P>ag iarraidh ar an Aontas aontachas na Ríochta Aontaithe le Coinbhinsiún Lugano a éascú chun aitheantas frithpháirteach agus forfheidhmiú breithiúnas idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>125.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an socrú riaracháin a síníodh an 30 Aibreán 2024 idir an Coimisiún agus Ofcom, rialtóir na Ríochta Aontaithe um chraoltóireacht, teileachumarsáid agus seirbhísí poist, agus é mar aidhm aige formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann ardáin mhóra ar líne rioscaí a mheas agus a bhainistiú, lena n-áirítear cosaint mionaoiseach, dearadh atá oiriúnach don aois, agus trédhearcacht ardán; á chur in iúl go bhfuil súil aici gur léiriú é sin ar thús comhair níos dlúithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus ar dhúshláin choiteanna eile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>126.</NO.P>á thabhairt chun suntais, i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus i gcomhthéacs na margaí fuinnimh domhanda luaineacha, a thábhachtaí atá sé an comhar maidir le fuinneamh agus maidir le slándáil an tsoláthair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a neartú; ag spreagadh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe oibriú le chéile chun deireadh a chur le spleáchas fuinnimh ar an Rúis trí stop a chur le hallmhairí bhreoslaí iontaise uile na Rúise a luaithe is féidir, lena n-áirítear ola, gás, gás nádúrtha leachtaithe (GNL), breoslaí núicléacha, agus ábhair núicléacha eile; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tAontas agus an Ríocht Aontaithe araon ag leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo a sprice comhroinnte maidir le deireadh a chur leis na naisc fuinnimh uile leis an Rúis; á chur in iúl gur geal léi bunú na Meithle nua um Shlándáil an tSoláthair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, mar a mhol an Chomhairle Comhpháirtíochta an 17 Márta 2024 agus a chuir an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh chun feidhme ina dhiaidh sin; á chur in iúl go bhfuil súil aici gur féidir leis an Meitheal nua um Shlándáil an tSoláthair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe teacht le chéile go rialta agus réitigh nithiúla agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt sa réimse ríthábhachtach sin den chomhar déthaobhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>127.</NO.P>ag leagan béim ar a thábhachtaí atá lánpháirtiú idir margaí fuinnimh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, rud a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair a fheabhsú, táirgeadh fuinnimh ghlain a spreagadh agus costais fuinnimh a laghdú don dá pháirtí; á chreidiúint gur gá ardleibhéil acmhainneachta idirnaisc fhisicigh a chomhlánú le margaí mórdhíola fuinnimh níos comhtháite lenar féidir slándáil fuinnimh agus trádáil fuinnimh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a éascú; á mheas, in ainneoin comhar níos dlúithe idir rialtóirí agus oibreoirí córas tarchurtha, gur beag dul chun cinn atá déanta maidir leis na socruithe nua trádála leictreachais atá beartaithe faoi Airteagal 312 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a fhorbairt; á mheabhrú nach mbaineann an Ríocht Aontaithe leas a thuilleadh as uirlisí mhargadh aonair an Aontais le haghaidh na margadhchúplála don trádáil leictreachais, amhail Cúpláil Aonair Lá Roimh Ré an Aontais, as a n-eascraíonn trádáil neamhéifeachtúil thar idirnascairí a ardaíonn costais mhórdhíola agus a chuireann, ar deireadh, le billí tomhaltóirí níos airde, chomh maith le bac a chur ar infheistíocht in idirnascairí ilchuspóireacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>128.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an gealltanas agus an comhaontú polaitiúil le déanaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun comhar fuinnimh eatarthu a leathnú ar bhonn leanúnach agus na paraiméadair a phlé maidir le rannpháirtíocht fhéideartha na Ríochta Aontaithe sa mhargadh inmheánach leictreachais, lena n-áirítear ailíniú dinimiciúil agus rannchuidiú leis na costais a bhaineann leis an réimse beartais sin, mar a leagtar amach sa Chomhthuiscint idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe; á iarraidh go ndéanfaí caibidlíocht láithreach maidir le hailíniú an mhargaidh agus go dtabharfaí i gcrích go tráthúil í, agus ag cur béim ar an ngá atá le dul chun cinn pras agus cinntitheach; á thabhairt chun suntais go laghdódh an rannpháirtíocht sin praghsanna fuinnimh agus go rachadh sí chun tairbhe do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí; á chur i bhfáth go gcaithfí teacht ar chomhaontú den sórt sin roimh a rachaidh na socruithe reatha in éag; á chur i bhfáth, go háirithe i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ag athrú agus na héiginnteachta trádála domhanda, go n-áireofar sna réimsí leasa fhrithpháirtigh soiléire comhar fuinnimh ghlain sa Mhuir Thuaidh, lena nasctar córais trádála astaíochtaí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe faoi seach chun easaontas idir a gcórais SCCT faoi seach a sheachaint, agus lena gcuirtear feabhas ar shocruithe trádála leictreachais agus comhordú níos dlúithe i bpleanáil bonneagair, agus ar an gcaoi sin lena gcuirtear feabhas ar shlándáil fuinnimh agus ar iomaíochas tionsclaíoch ar fud na hEorpa; á iarraidh ar an dá pháirtí comhoibriú go dlúth chun a áirithiú gur féidir creat inoibrithe a bhunú go tráthúil, chun teorainn a chur leis an éiginnteacht dhlíthiúil; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe iarrachtaí comhpháirteacha nithiúla i dtreo comhar níos fearr maidir le fuinneamh núicléach, ar foinse leictreachais ísealcharbóin agus inacmhainne é, atá ríthábhachtach chun aeráidneodracht a bhaint amach agus iomaíochas thionscail na hEorpa a choinneáil; á mheabhrú go bhféadfadh comhar struchtúrtha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i réimsí amhail idirnascairí leictreachais agus bonneagar fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a bheith ag trasnú le cláir chistiúcháin an Aontais, lena n-áirítear tionscnaimh réigiúnacha agus fuinnimh; ag cur béim ar an bhfíoras go n-éilíonn aon rannpháirtíocht de chuid na Ríochta Aontaithe sna creataí sin rialachas iomchuí, comhlíonadh rialacha an Aontais, agus ranníocaíochtaí airgeadais iomchuí a léiríonn infheistíocht an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis iomlán a chur ar fáil don Pharlaimint maidir le haon ranníocaíocht airgeadais a bheidh le soláthar ag an Ríocht Aontaithe sna réimsí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>129.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an seasamh comhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Ríocht Aontaithe, mar a cuireadh in iúl ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le déanaí, go gcabhródh nascadh margaí carbóin le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le trádáil agus le cothrom iomaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 392(6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus go ndíolmhófaí gnólachtaí atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe ó SCCT, go laghdófaí easaontais trádála agus go gcothófaí ailíniú maidir le praghsáil carbóin, agus ar an gcaoi sin cuspóirí comhroinnte dícharbónaithe a threisiú agus rannchuidiú le spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>130.</NO.P>á aithint go bhféadfadh costais bhreise neamh-inmhianaithe a bheith ann do thrádáil trasteorann sa leictreachas inathnuaite amach anseo mar thoradh ar SCCTanna éagsúla a oibriú san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, rud a mbeadh tionchair dhiúltacha aige ar thionscail agus ar theaghlaigh, agus a mbeadh rioscaí ar leith ag baint leis do shláine an Mhargaidh Aonair Leictreachais ar oileán na hÉireann; á chreidiúint gurb é an réiteach is éifeachtúla agus is simplí go nascfadh an Ríocht Aontaithe go díreach le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, mar a mholtar sa Chomhthuiscint; á áitiú gur cheart do nascadh iomlán na gCóras Trádála Astaíochtaí costais nach bhfuil ag teastáil a sheachaint agus bacainní beartais neamhriachtanacha ar chomhar a bhaint, go háirithe sa Mhuir Thuaidh; á iarraidh, mar sin féin, go mbeadh bearta eatramhacha ann, más gá, chun a áirithiú nach gcuirfidh SCCTanna an Aontais agus na Ríochta Aontaithe aon ualaí breise ar thrádáil leictreachais trasteorann ó 2026 ar aghaidh, nuair a d’fhéadfadh caibidlíocht maidir le rannpháirtíocht sa mhargadh leictreachais agus nascadh na gCóras Trádála Astaíochtaí a bheith fós ar siúl; á thabhairt chun suntais nach mór ranníocaíocht airgeadais chothrom agus chomhréireach a bheith ag gabháil le haon rannpháirtíocht ón Ríocht Aontaithe i sásraí nó i gcórais a bhaineann le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais lena gcumhdaítear costais an Aontais a bhaineann le riarachán agus cláir; á áitiú nach mór leasanna airgeadais agus aeráide an Aontais a choimirciú go hiomlán in aon socruithe a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>131.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé rialacha comhchoiteanna a bhunú d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus do bhonneagar píblíne i réigiún na Mara Thuaidh chun comhaontuithe tráchtála idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a éascú; á iarraidh go leanfar den chomhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le hiarrachtaí idirnáisiúnta fuinnimh i gcomhthéacs Chomhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>132.</NO.P>ag cur sonrú sa ghealltanas comhpháirteach idirnáisiúnta athdhearbhaithe chun Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, agus do Chomhaontú Pháras; á athdhearbhú gur gá don Aontas agus don Ríocht Aontaithe leanúint de bheith ag obair le chéile i gcomhdhálacha idirnáisiúnta maidir leis an aeráid, lena n-áirítear COP30 atá ar na bacáin, chun cur leis an dul chun cinn atá déanta agus gníomhaíocht dhomhanda bhreise a stiúradh chun fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú astaíochtaí meatáin ó earnáil an fhuinnimh a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>133.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go gcoinníonn an dá pháirtí uaillmhianta inchomparáide maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn faoi 2030, agus an sprioc chomhroinnte dheiridh acu aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050; ag tréaslú leis an Ríocht Aontaithe as deireadh a chur de réir a chéile le giniúint cumhachta guail an 1 Deireadh Fómhair 2024, mar an chéad náisiún de chuid G7 agus tír thionsclaithe ardfhorbartha chun an sprioc sin a bhaint amach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an clásal neamh-chúlchéimnithe maidir le cosaint an chomhshaoil sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, nach féidir le ceachtar páirtí imeacht uaidh gan an comhaontú ina iomláine a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>134.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí fabhrach do thoilteanas an dá pháirtí machnamh a dhéanamh ar chomhar rialála agus teicneolaíoch níos fearr maidir le teicneolaíochtaí glana amhail gabháil carbóin, úsáid agus stóráil, agus fuinneamh in-athnuaite lena n-áirítear gaoth amach ón gcósta, hidrigin, bithmheatán agus bithbhreoslaí inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil dúshláin dhosheachanta ag baint le cinneadh na Ríochta Aontaithe margadh aonair an Aontais a fhágáil don fhormáid agus go gcuireann sé teorainn leis an raon feidhme don chomhar déthaobhach i réimse an fhuinnimh; á iarraidh ar an dá pháirtí bealaí nua a aimsiú chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar dhoimhneacht a gcomhair dhéthaobhaigh maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus in-athnuaite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>135.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá pleanáil agus cóineasú comhordaithe i nósanna imeachta ceadaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun a áirithiú go bhforbrófar foinsí in-athnuaite fuinnimh agus go háirithe gaoth amach ón gcósta, bonneagar leictreachais agus stóráil CO2, chomh maith le tionscadail hibrideacha fuinnimh sa Mhuir Thuaidh; á chreidiúint gur gá don dá pháirtí oibriú go dlúth le chéile chun mol fuinnimh ghlais a dhéanamh den Mhuir Thuaidh a d’fhéadfadh cabhrú freisin le slándáil an tsoláthair a ráthú, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, trí ardleibhéil táirgthe fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, i gcomhréir le sprioc neamhcheangailteach an Aontais chun thart ar 360 GW de thoilleadh suiteáilte giniúna amach ón gcósta faoi 2050 a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhar réigiúnach a neartú maidir le pleanáil eangaí amach ón gcósta agus forbairt bonneagair chriticiúil fuinnimh leis an Ríocht Aontaithe, agus maidir leis na himchuacha farraige uile le tíortha comharsanachta, chun stóinseacht an chórais a fheabhsú agus chun an dóchúlacht go gcuirfear isteach ar an mbonneagar agus go dteipfidh ar an soláthar fuinnimh a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>136.</NO.P>á mheabhrú go mbeidh gá le hinfheistíocht an-suntasach in acmhainneacht eangaí agus idirnaisc chun leas iomlán a bhaint as acmhainní fuinnimh amach ón gcósta; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur gá eangach mhogallach amach ón gcósta a fhorbairt, lena n-áirítear idirnascairí hibrideacha agus sásraí oiriúnacha comhroinnte costas; á mheas gur tosaíocht chomhroinnte don Aontas agus don Ríocht Aontaithe é bonneagar leictreachais a fhorbairt chun leas a bhaint as acmhainneacht fuinnimh gaoithe amach ón gcósta; á chur i bhfios go láidir gur féidir le leas a bhaint as acmhainní comhroinnte in-athnuaite a bheith chun tairbhe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, agus gur féidir costas an aistrithe i dtreo fuinneamh glan a laghdú ar an dá thaobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>137.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach na Ríochta Aontaithe i gComhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (NSEC), ag tógáil ar an Meabhrán Tuisceana a shínigh sí i mí na Nollag 2022; á áitiú gur cheart go mbeadh tionscadail chomhpháirteacha inmharthana mar thoradh ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in NSEC atá comhsheasmhach leis an sprioc choiteann an Mhuir Thuaidh a fhorbairt mar ghléasra cumhachta glaise na hEorpa, mar a leagtar amach i nDearbhú Ostend, a shínigh an Ríocht Aontaithe an 24 Aibreán 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>138.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh moladh agus treochlár maidir le trádáil leictreachais i dtreo dheireadh 2024, lena n-iarrtar ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe araon dlús a chur leis an obair theicniúil is gá chun socruithe trádála nua idir na páirtithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear céim bailíochtaithe coincheapa le haghaidh Cúpláil Toirte Scaoilte Ilréigiúin (MRLVC), an tsamhail trádála atá beartaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 29 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>139.</NO.P>ag cur sonrú sa chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus an Ríocht Aontaithe, a tugadh i gcrích an 21 Nollaig 2020 faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, lena gcumhdaítear comhar maidir le húsáid shábháilte agus shíochánta fuinnimh núicléach agus a bhfuil gealltanais ón dá thaobh mar bhonn taca leis chun oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tairbhí frithpháirteacha ag baint le comhar núicléach sibhialta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i réimsí amhail imoibreoirí den chéad ghlúin eile, bainistiú dramhaíola, imoibreoirí modúlacha beaga, caighdeáin sábháilteachta agus sláinte, athléimneacht an tslabhra soláthair agus teicneolaíochtaí comhleá, lena n-áirítear trí thaighde, feidhmeanna leighis, soghluaisteacht taighdeoirí núicléacha agus rochtain ar bhonneagar eolaíoch comhpháirteach, i gcás inarb iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>140.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé ardchaighdeáin chomhshaoil agus saothair a choinneáil i dtionscadail fuinnimh; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhar rialála chun a áirithiú go gcuirfidh tionscnaimh fuinnimh cóineasú aníos chun cinn maidir le cearta oibrithe, sláinte agus sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iompar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Barúlacha ginearálta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>141.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme rianúil an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i réimse an iompair agus feidhmiú éifeachtach na gceart arna ndeonú go frithpháirteach ina leith sin, agus nascacht iompair éifeachtach á coinneáil ó cuireadh i bhfeidhm go sealadach é i mí Eanáir 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>142.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá mhaoirseacht ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus feabhas a chur ar an gcomhar chun margaí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe a chomhtháthú tuilleadh, soghluaisteacht trasteorann rianúil agus comhtháthú bonneagair a éascú, agus cuspóirí frithpháirteacha aeráide agus iompair a bhaint amach, agus creat an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, bunaithe ar chómhalartacht agus cothrom iomaíochta a chaomhnú, á chomhlíonadh go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>143.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an acmhainneacht mhéadaitheach maidir le héagsúlacht rialála idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, rud a d’fhéadfadh bacainní a chruthú ar oibríochtaí iompair gan uaim agus tairbhí na nascachta a laghdú; á chur i bhfáth, go háirithe, go bhfuil gá le comhar leanúnach maidir le nuashonruithe amach anseo ar rialacháin maidir le cearta paisinéirí, rud a d’fhéadfadh neamhshiméadrachtaí a chruthú i dtairseacha cúitimh le haghaidh moilleanna agus cosaint do thurais ilmhódacha, rud a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar thomhaltóirí agus an bonn a bhaint de mhuinín as seirbhísí trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>144.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Ríocht Aontaithe sásra mear-rabhaidh comhpháirteach (RAM) a bhunú le haghaidh cur isteach ar iompar, lena n-áiritheofar malartú láithreach faisnéise maidir le teagmhais a dhéanann difear do chonairí an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>145.</NO.P>ag aithint na dtairbhí slándála a bhaineann leis an gCóras Eorpach Dul Isteach/Imeachta (EES) ach ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh suaitheadh iompair a bheith ann le linn a chur i bhfeidhm in 2025; á iarraidh go dtabharfaí tosaíocht do chur chun feidhme tapa agus ullmhacht bonneagair ag aerfoirt, chomh maith le calafoirt amhail Dover agus Calais, in éineacht le feachtais feasachta paisinéirí chun plódú teorann a chosc; ag tabhairt dá haire, ón 2 Aibreán 2025, go bhfuil sé de cheangal ar shaoránaigh an Aontais Údarú Taistil Leictreonach a fháil chun teacht isteach sa Ríocht Aontaithe le haghaidh gearrfhanachtaí, ar chostas thart ar EUR 19, agus ar an gcaoi sin go bhfuil ceanglas riaracháin nua tugtha isteach maidir le taisteal trasna Mhuir nIocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>146.</NO.P>á mholadh go mbeadh dlúthchomhar idir na páirtithe maidir le hoideachas, oiliúint ghairmiúil agus aitheantas do cháilíochtaí oibrithe iompair, chun an ganntanas oibrithe oilte do ghnólachtaí a chomhrac agus chun tacú le soghluaisteacht oibrithe i gcomhréir le caighdeáin shóisialta agus sábháilteachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>147.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá iompar lasta sábháilte agus éifeachtúil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á mheabhrú, ina leith sin, go bhfuil dúshláin mhéadaitheacha roimh thiománaithe feithiclí earraí troma (HGV), lena n-áirítear dúshláin ó inimircigh neamhdhleathacha atá ag iarraidh iad féin a cheilt ina bhfeithiclí chun an teorainn a thrasnú go neamhdhleathach, agus go ndearnadh ionsaí foréigneach ar roinnt tiománaithe HGV gar do chalafort Calais; á chur i bhfáth nár cheart do ghnólachtaí loingseoireachta an Aontais ná do thiománaithe HGV na costais agus na hiarmhairtí a bhaineann le teipeanna slándála ag na húdaráis inniúla teorann a sheasamh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Eitlíocht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>148.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurbh ann d’aistriú rianúil i réimse na sábháilteachta eitlíochta, le dea-chomhar agus comhroinnt freagrachtaí idir Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus Údarás Eitlíochta Sibhialta na Ríochta Aontaithe, go háirithe maidir le bailíochtú iarrataí ar dheimhniú arna n-eisiúint ag gach ceann de na comhlachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>149.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na comhaontuithe déthaobhacha a síníodh go dtí seo maidir le haersheirbhísí uile-lasta agus paisinéirí, lena ráthaítear aernascacht leanúnach agus gan uaim idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>150.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an plé leanúnach sa Choiste Speisialaithe um Aeriompar maidir le tionchar aeráide neamh-CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> na heitlíochta, agus á iarraidh go mbeadh comhordú leanúnach ann sa taighde, san fhaireachán agus sa tuairisciú, chun neamhréireachtaí sa reachtaíocht amach anseo a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>151.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ról an Choiste Speisialaithe um Aeriompar maidir leis an dá pháirtí a choinneáil ar an eolas faoi iarrachtaí chun breoslaí malartacha inbhuanaithe (SAFanna) don eitlíocht a rialáil agus a dhreasú, agus á mholadh go ndéanfaí tionscnaimh a ailíniú chun tairbhí inbhuanaitheachta a uasmhéadú, nuálaíocht a chur chun cinn agus tacú le hiomaíochas earnáil na heitlíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>152.</NO.P>ag cur sonrú sa díospóireacht leanúnach maidir le forálacha um léasú fliuch idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, ós rud é nach mór don Ríocht Aontaithe anois na srianta breise is infheidhme maidir le tíortha nach bhfuil san Aontas a chomhlíonadh, agus ag cur sonrú in iarrataí na Ríochta Aontaithe nósanna imeachta a chuíchóiriú i gcomhthéacs iar-Brexit chun déileáil le héileamh ard séasúrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>153.</NO.P>á thabhairt chun suntais, áfach, nach mór na hiarrataí sin a mheas i gcomhthéacs na n-iarrataí reatha ar shoiléiriú práinneach maidir le rialacha agus cleachtais léasaithe fhliuch laistigh agus lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú, agus éifeachtúlacht mhéadaithe aersheirbhísí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>154.</NO.P>á mholadh, dá bhrí sin, don Choimisiún athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hAersheirbhísí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1008/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a mholadh do na comhreachtóirí, lena soiléirítear na rialacha, na sásraí maoirseachta agus na forálacha forfheidhmiúcháin maidir le léasú fliuch laistigh den Aontas agus lasmuigh de, chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna a d’fhéadfaí a tharraingt anuas i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe seachas treoirlínte a leagan síos maidir le saincheisteanna nach bhfuil cinneadh déanta ag na comhreachtóirí ina leith go fóill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>155.</NO.P>á chur i bhfios go bhfeidhmíonn roinnt aerfort áitiúil agus réigiúnach de chuid an Aontais go leor nasc leis an Ríocht Aontaithe; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh eitiltí den chineál sin ar fáil, a úsáideann saoránaigh an Aontais atá ina gcónaí agus ag obair sa Ríocht Aontaithe, ach freisin ag saoránaigh na Ríochta Aontaithe a eitlíonn chun na hEorpa mar thurasóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>156.</NO.P>á aithint go bhfuil gá le comhar neartaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe mar gheall ar an bhfás leanúnach ar aerthrácht agus ar an mbrú méadaitheach ar an gcóras domhanda um bainistíocht aerthráchta chun feidhmíocht, éifeachtúlacht agus bainistiú an aerspáis a bharrfheabhsú; á chur in iúl gur geal léi comhordú leanúnach na Ríochta Aontaithe le Eurocontrol, agus á mholadh go ndéanfaí iniúchadh ar bhealaí breise le haghaidh comhar comhthairbheach ina leith sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Bóthar</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>157.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an Ríocht Aontaithe a nascadh le Cláir Eorpacha na nGnóthas Iompair de Bhóthar (ERRU) agus á chur in iúl gur geal léi tiomantas an dá thaobh dul chun cinn a dhéanamh maidir le malartú sonraí idir cláir leictreonacha náisiúnta maidir le sáruithe (tromchúiseacha) ar rialacha iompair de bhóthar, lena rannchuidítear le forfheidhmiú éifeachtach na rialacha maidir le hiompar de bhóthar a leagtar síos sa Chomhaontú Trádála agus Comhair; á iarraidh ar an dá pháirtí oibriú ar chomhaontú déthaobhach chun malartú trasteorann faisnéise a éascú tuilleadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/3237<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/3237 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L, 2024/3237, 30.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3237/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus ceanglais cosanta sonraí tiománaithe á gcosaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>158.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh an Tacagraf Cliste, leagan 2, a úsáid i bhfeithiclí nuachláraithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, chun ardleibhéal leanúnach sábháilteachta ar bhóithre agus machaire comhréidh a áirithiú ar an dá chríoch in iompar earraí de bhóthar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Muirí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>159.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di na haistrithe a d’fhéadfadh a bheith ann i mbealaí loingseoireachta agus i ngníomhaíocht loingseoireachta chuig calafoirt na Ríochta Aontaithe chun costas na n-astaíochtaí muirí faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais a sheachaint, agus ag tathant ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht chalafoirt i gcalafoirt na Ríochta Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an chomhthuiscint ar thángthas uirthi ag an gCruinniú Mullaigh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas chun nasc feidhmiúil a bhunú idir córais trádála astaíochtaí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, ar cheart go n-áireofaí leis iompar muirí agus eitlíochta intíre agus idirnáisiúnta, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá sé creataí praghsála carbóin agus faireacháin a ailíniú chun uaillmhian chomhshaoil a choinneáil, machaire comhréidh a áirithiú agus sceitheadh carbóin agus saobhadh in iomaíochas calafoirt a chosc, chomh maith le hoibrithe calafoirt agus gnólachtaí an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>160.</NO.P>ag tacú le cinneadh cur chun feidhme<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1973 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don Ríocht Aontaithe de bhun Threoir (AE) 2022/993 a mhéid a bhaineann leis an gcóras le haghaidh oiliúint agus dheimhniú na maraithe (IO L 270, 18.10.2022, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1973/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gCoimisiún aitheantas a thabhairt, amhail ón 11 Deireadh Fómhair 2022, do chóras na Ríochta Aontaithe chun maraithe a oiliúint agus a dheimhniú de bhun Threoir (AE) 2022/993<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (IO L 169, 27.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/993/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, tar éis a chinneadh gur comhlíonadh na ceanglais oiliúna agus deimhniúcháin uile a shonraítear sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Iarnród</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>161.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil iompar d’iarnród fós eisiata ó raon feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, rud a léiríonn spleáchas an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ar chomhaontuithe déthaobhacha; á chur in iúl gur geal léi, mar sin féin, an dul chun cinn atá bainte amach le ceadúnais gnóthais iarnróid agus deimhniú sábháilteachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>162.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil tábhacht straitéiseach ag Tollán Mhuir nIocht mar nasc bonneagair ríthábhachtach idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, in ainneoin dul chun cinn déthaobhach, go bhfuil méideanna lasta iarnróid agus paisinéirí trí Thollán Mhuir nIocht fós i bhfad faoi bhun na réamh-mheastachán tosaigh de bharr costais arda, bacainní rialála a dhéanann difear do sheirbhísí lasta agus paisinéirí araon, agus teorainneacha toillte bonneagair le haghaidh taisteal ar aghaidh laistigh den Ríocht Aontaithe, ós rud é nach bhfuil cuid mhór de ghréasán iarnróid na Breataine in ann freastal ar choimeádáin chaighdeánacha lasta agus vaigíní caighdeánacha Eorpacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iascach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cur chun feidhme an cheannteidil ‘Iascach’ den Chomhaontú Trádála agus Comhair </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>163.</NO.P>ag cur sonrú i dtuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, go háirithe sna pointí atá faoin teideal ‘Iascach’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>164.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhar feabhsaithe idir na páirtithe sa chaibidlíocht bhliantúil maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe (GIInna), as ar tháinig comhaontú tráthúil in 2023 agus 2024 lenar cumasaíodh cur i bhfeidhm GIInna sealadacha a sheachaint, agus ar an gcaoi sin soiléireacht agus intuarthacht a áirithiú d’earnáil an iascaigh maidir leis na deiseanna iascaireachta don bhliain dár gcionn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>165.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an éagobhsaíocht atá ann mar thoradh ar Brexit sa chaidreamh idirnáisiúnta iascaigh le stáit chósta, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra cothromaíocht a bhaint amach sna socruithe comhroinnte agus deiseanna iascaireachta a mhalartú; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil roinnt stáit chósta ag breith buntáiste ar an éagobhsaíocht sin trí iarracht a dhéanamh go haontaobhach agus go héagórach a ndeiseanna iascaireachta a mhéadú, chun aimhleasa dheiseanna iascaireachta an Aontais; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cearta iascaireachta stairiúla a urramú; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir an tAontas agus stáit chósta chun bainistiú inbhuanaithe ar stoic éisc chomhroinnte a bhaint amach, mar aon le cobhsaíocht agus intuarthacht níos fearr maidir le cuótaí iascaireachta a bhaint amach, go háirithe i gcomhthéacs comhairliúcháin bhliantúla agus socruithe tríthaobhacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>166.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil córas ceadúnas iascaireachta tugtha isteach ag an Ríocht Aontaithe do shoithí an Aontais chun rochtain a fháil ar a huiscí; ag tabhairt dá haire gur chuir an córas sin moill shuntasach ar chur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, ós rud é gur chuir an Ríocht Aontaithe go leor réamhriachtanas le deonú na gceadúnas sin, lena ngearrtar pionós go háirithe ar shoithí faoi bhun 12 mhéadar ar fad, a bhí ag iascaireacht go stairiúil in uiscí críche na Ríochta Aontaithe, ach a raibh deacracht acu a láithreacht in uiscí na Ríochta Aontaithe a chruthú; á chur in iúl gur oth léi go mór nár eisíodh ceadúnais do go leor soithí ar mionscála, rud a chuir iallach orthu athlonnú chuig limistéir eile nó scor dá ngníomhaíochtaí, rud a chuir leis an staid dhiúltach agus leis na héifeachtaí díobhálacha a eascraíonn as costais bhreise eile agus ualaí maorlathacha eile a bhaineann le Brexit; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur cuireadh Conradh Chuan Granville ar neamhní leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, ar conradh é lenar rialaíodh an iascaireacht in uiscí Gheirsí roimh Brexit; á mheabhrú, ar deireadh, nár réitíodh go hiomlán fós saincheist na huasteorann domhanda do cheadúnais arna n-eisiúint ag Geirsí, rud a fhágann nach mbraitheann roinnt iascairí cinnte dá ngníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí Spleáchríocha na Corónach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>167.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 496 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, nach mór fógra a thabhairt sách luath roimh ré faoi bhearta bainistíochta agus teicniúla a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shoithí an pháirtí eile chun go mbeidh an páirtí eile ábalta barúil a thabhairt nó soiléiriú a lorg; á chur i bhfáth nach mór do na bearta sin a bheith comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, agus nach mór dóibh inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch a chur i gcuntas; á chur in iúl gur oth léi nach ndéantar staidéir tionchair go córasach le rannpháirtíocht chomhionann na ngeallsealbhóirí ón dá pháirtí agus de mheon macánta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>168.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil go leor bearta bainistithe iascaigh curtha chun feidhme go haontaobhach ag an Ríocht Aontaithe, go háirithe bearta de chineál teicniúil, lena n-áirítear toirmisc ar iascach áirithe, íosmhéideanna gabhála a thabhairt isteach do speicis áirithe, iascaireacht a dhúnadh i limistéir mhuirí faoi chosaint (mar shampla in Oitir Dogger), agus feirmeacha gaoithe a bhunú, rud a fhágann go bhfuil laghdú ollmhór tagtha ar rochtain shoithí an Aontais ar mheánna agus ar acmhainní iascaireachta na Ríochta Aontaithe, go háirithe sa limistéar idir sé agus dhá mhuirmhíle dhéag; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil tionchar níos mó ag na bearta sin, agus ag na bearta sin sa réimse sóisialta, ar shoithí an Aontais ná mar atá ar shoithí na Breataine, agus go bhfuil iarmhairtí socheacnamaíocha acu do thionscal iascaireachta an Aontais agus go háirithe d’iascairí ar mionscála; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh an cineál birt sin soithí an Aontais a eisiamh ó limistéir iascaireachta ina n-iomláine ar deireadh, rud a chaithfeadh amhras ar chearta iascaireachta an Aontais in uiscí na Breataine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>169.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe cuimsitheacha agus córasacha a dhéanamh ar thionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil na mbeart sin, lena n-áirítear i Spleáchríocha na Corónach, chun a chinneadh an bhfuil siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus, i gcás inarb iomchuí, chun freagairt dhaingean a thabhairt agus úsáid a bhaint as an sásra um réiteach díospóidí nó na frithbhearta trádála dá bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, lena n-áirítear bearta cúiteacha amhail an chóireáil fhabhrach taraife a dheonaítear do tháirgí iascaigh a chur ar fionraí, agus as gach modh polaitiúil agus taidhleoireachta eile chomh maith atá ar fáil dó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>170.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an cinneadh críochnaitheach ón mBinse Eadrána an 28 Aibreán 2025 sa díospóid idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcinneadh iascach na gcorr gainimh a dhúnadh in uiscí Shasana sa Mhuir Thuaidh agus in uiscí na hAlban; á thabhairt dá haire gur mheas an Binse, sa chás sonrach sin, nár sáraíodh prionsabal an neamh-idirdhealaithe, agus go raibh an beart bunaithe ar an eolaíocht; á chur i bhfáth gur chinn an Binse go raibh an toirmeasc ar iascaireacht corr gainimh in uiscí Shasana ina shárú ar phrionsabal na comhréireachta faoin gComhaontú Trádála agus Comhair agus gur mhainnigh an Ríocht Aontaithe a hoibleagáid a chomhlíonadh maidir le rochtain iomlán a dheonú ar a huiscí le haghaidh iascaireacht corr gainimh; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Ríocht Aontaithe na bearta is gá a dhéanamh chun cinneadh an Bhinse Eadrána a chomhlíonadh; á mheas go leagtar amach fasach tábhachtach dlíthiúil leis an gcinneadh sin maidir le cearta iascaireachta an Aontais a chosaint agus freagairt do bhearta comhchosúla a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar bhearta aontaobhacha arna ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe chun comhlíonadh an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>171.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil éifeacht na ndúradán ag bearta aontaobhacha ar inmharthanacht eacnamaíoch agus shóisialta earnáil iascaigh agus luachshlabhra an Aontais; á chur in iúl, thairis sin, gur cúis bhuartha di go bhfuil aistriú na hiarrachta iascaireachta chuig Muir nIocht agus chuig an Muir Thuaidh mar thoradh ar an srian ar rochtain ar uiscí na Ríochta Aontaithe, agus go bhfuil brú méadaithe ar speicis GII agus ar speicis nach speicis GII iad dá bharr; á thabhairt chun suntais go bhfuil iarmhairtí ag úsáid mhéadaithe uiscí an Aontais ó thaobh slándála agus bainistiú spáis mhuirí de, agus ó thaobh rochtain ar acmhainní de chomh maith, go háirithe d’iascaigh ar mionscála, rud a chaitheann amhras ar inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil na ngníomhaíochtaí iascaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>172.</NO.P>á iarraidh ar an dá pháirtí aghaidh a thabhairt go pras ar an mbrú méadaithe i Muir nIocht agus sa Mhuir Thuaidh trí phlean bainistithe réigiúnach a mholadh chun saothrú inbhuanaithe acmhainní agus bainistiú ilbhliantúil iascaigh a ráthú; á mheabhrú don Choimisiún, ina leith sin, gurb ann do rialacha phlean ilbhliantúil na Mara Thuaidh, lena gcumhdaítear na huiscí sin freisin, agus á chreidiúint gur cheart iad a oiriúnú más gá chun aon neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a ailíniú agus chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú do na hoibreoirí agus do na Ballstáit;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Deireadh na tréimhse coigeartúcháin </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>173.</NO.P>á iarraidh ar an dá pháirtí an prionsabal a leagtar síos in Airteagal 500 dar teideal ‘Rochtain ar uiscí’ a urramú, chun cothromaíocht atá sásúil don dá thaobh a áirithiú idir a leasanna faoi seach; á mheabhrú nach mór rochtain ar na huiscí, lena n-áirítear an crios idir sé agus dhá mhuirmhíle dhéag, a bheith cómhalartach agus comhréireach le GIInna nó meánleibhéil ghabhála an pháirtí eile; á iarraidh ar an gCoimisiún an tAirteagal sin a chur chun feidhme go hiomlán agus na treoirlínte is gá a fhorbairt laistigh den Choiste Speisialaithe um Iascach chun a chur i bhfeidhm praiticiúil a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>174.</NO.P>á chur i bhfáth go leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair clásal athbhreithnithe lena bhforáiltear d’athbhreithniú in 2030 chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a neartú agus a chódú, agus é á chur i gcuntas nach bhféadtar an clásal sin a úsáid chun leibhéal na rochtana ar uiscí a laghdú; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún gach iarracht a dhéanamh rochtain intuartha, leanúnach agus mhéadaithe ar uiscí a áirithiú sna blianta amach romhainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>175.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhaontú um iascach atá cóir agus inbhuanaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú polaitiúil ar thángthas air an 19 Bealtaine 2025 idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, go háirithe athnuachan na rochtana cómhalartaí, cobhsaí agus leanúnaí ar uiscí go dtí an 30 Meitheamh 2038, lena dtugtar cobhsaíocht do phobail iascaireachta; á chur in iúl gur geal léi go raibh ról suntasach ag an iascach sa chaibidlíocht sin a tionóladh le déanaí; á mholadh don dá thaobh cur chuige pragmatach agus comhthairbheach a choinneáil sa chaibidlíocht a dhéanfar amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>176.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Coiste Speisialaithe um Iascach an comhaontú polaitiúil ar bhonn foirmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ar an airdeall agus an comhaontú nua sin á chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le rochtain ar an gcrios idir sé agus dhá mhuirmhíle dhéag, go háirithe do shoithí mionscála agus cósta na Fraince; á chur i bhfáth a ríthábhachtachaí atá faireachán agus forfheidhmiú láidir chun seasamh le gealltanais chomhroinnte, chun éiceachórais mhuirí a chosaint, agus chun slite beatha iascairí an Aontais agus iad siúd atá ina gcónaí i bpobail chósta a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>177.</NO.P>á athdhearbhú nach mór rochtain chómhalartach agus leanúnach ar uiscí agus ar acmhainní iascaigh a choinneáil mar chuid lárnach den chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus nach mór, dá bhrí sin, déileáil léi i gcomhar le codanna eile den Chomhaontú Trádála agus Comhair, amhail trádáil, rochtain ar mhargadh inmheánach na dtáirgí iascaigh agus comhar fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>178.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndéantar foráil leis an gComhaontú Trádála agus Comhair do laghdú 25 % de réir a chéile ar GIInna an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe le linn na hidirthréimhse go dtí deireadh 2026; á chur i bhfáth gur íobairt ollmhór d’iascairí an Aontais a bhí sa laghdú sin agus go raibh tionchar suntasach aige ar iascach an Aontais, rud a bhí mar chúis le pleananna scoir cabhlaigh agus caillteanas soithí; á chur in iúl gur geal léi, tar éis 2026, go gcoinneofar deiseanna iascaireachta ar an leibhéal sin ar a laghad agus nach dtabharfar faoi cheist iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>179.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa sonraí nó staidéar maidir leis an tionchar atá ag Brexit ar an earnáil iascaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú iomlán a dhéanamh ar iarmhairtí na tréimhse coigeartúcháin ar luachshlabhra iomlán earnáil iascaigh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>180.</NO.P>á chur i bhfáth go bhforáiltear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair go bhféadfaí machnamh a dhéanamh ar straitéisí ilbhliantúla a fhorbairt chun GIInna agus stoic neamhchuóta a chaomhnú agus a bhainistiú; á iarraidh ar an dá pháirtí oibriú i dtreo cobhsaíocht agus intuarthacht níos fearr i gcuótaí iascaireachta agus bainistiú inbhuanaithe na stoc sa Mhuir Thuaidh agus san Atlantach Thoir Thuaidh a áirithiú d’earnálacha iascaireachta an dá pháirtí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Rialachas agus comhar iascaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>181.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar níos láidre agus níos déine idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, ní hamháin maidir le bainistiú iascaigh agus limistéar muirí faoi chosaint, ach go ginearálta maidir le pleanáil spásúil mhuirí, agus maidir le bearta teicniúla, rialaithe, custaim agus sláintíochta a bhfuil baint ag na comhlachtaí uile leo, lena n-áirítear an Coiste Speisialaithe um Iascach; á iarraidh ar an dá pháirtí feidhmiú agus trédhearcacht na gcomhlachtaí rialachais a fheabhsú trí phlé roimh ré a áirithiú sula leagfar síos bearta, ar cheart iad a bheith bunaithe ar mhachnamh fónta eolaíoch agus socheacnamaíoch agus nár cheart dóibh a bheith idirdhealaitheach ná nár cheart dóibh a bheith de chineál go bhféadfaidís cosc a chur ar na gníomhaithe lena mbaineann na cuótaí a leithdháiltear orthu a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>182.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith an-airdeallach ó thaobh a chinntiú go gcloífear leis na coinníollacha arna leagan amach agus leis na téarmaí comhaontaithe agus freagairt láidir a thabhairt i gcás ina ngníomhódh an Ríocht Aontaithe ar bhealach idirdhealaitheach; ag spreagadh an Choimisiúin, thairis sin, laistigh den Choiste Speisialaithe um Iascach, srianta custaim, sláintíochta agus rialaithe a oiriúnú do thabhairt i dtír ag soithí páirtí amháin ar chríoch an pháirtí eile, mar shampla trí chomhphlean rialaithe a chur i bhfeidhm idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit aonair, ar choinníoll go dtugtar ráthaíochtaí coibhéiseacha maidir le hinrianaitheacht agus comhréireacht táirgí bia mara; á chur i bhfáth gur gá ciorcaid lóistíochta a dhaingniú d’allmhairí agus d’onnmhairí araon, trí dheireadh a chur le bacainní a bhaineann le heaspa rialuithe sláinte agus custaim i gcalafoirt áirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>183.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhéadaitheach bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na sáruithe arna ndéanamh ag soithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais; á iarraidh ar údaráis na mBallstát acmhainneachtaí faireachais mhuirí a neartú, rialuithe a mhéadú agus smachtbhannaí iomchuí a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>184.</NO.P>á iarraidh ar na páirtithe comhleanúnachas, comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a mbeart rialaithe a áirithiú, lena n-áirítear na córais chianfhaireacháin leictreonaigh agus cheamara a cuireadh i bhfeidhm ionas nach gcuirfí ualach iomarcach riaracháin ná airgeadais leo, agus ionas nach n-imeoidís go míréasúnta óna chéile; á athdhearbhú gur cheart don dá pháirtí a bheith i ndlúth-idirphlé le hionadaithe earnála sula nglacfaidh siad na bearta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>185.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig an Coiste Speisialaithe um Iascach le chéile naoi n-uaire ó tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm; á chur in iúl gur oth léi, áfach, easpa trédhearcachta agus cuntasachta an chomhlachta sin; á iarraidh go mbeadh comhaltaí Choiste um Iascach na Parlaiminte rannpháirteach sna cruinnithe agus go dtabharfaí cuireadh dóibh freastal ar na cruinnithe ionas go bhféadfaí grinnscrúdú cuí a dhéanamh, agus miontuairiscí na gcruinnithe agus na doiciméid a roinnt a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>186.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar an Ríocht Aontaithe a n-iarrachtaí a neartú chun caomhnú agus saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a chur chun cinn, comhar agus malartuithe dea-chleachtas a mhéadú chun roghnaíocht a fheabhsú agus tionchar cleachtas iascaireachta áirithe a laghdú, agus an cur chuige bunaithe ar éiceachórais a chur chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>187.</NO.P>á iarraidh ar an dá pháirtí a gcomhar agus a gcomhordú a threisiú ar an leibhéal idirnáisiúnta, faoi chuimsiú na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh nó le stáit chósta maidir le bainistiú ar stoic éisc chomhroinnte; á thabhairt chun suntais gur gá don Aontas agus don Ríocht Aontaithe a gcomhar a threisiú sa chomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte agus tacú leis na gníomhaíochtaí is gá chun í a dhíothú i ngach fóram idirnáisiúnta, agus aird ar leith á tabhairt ar rialacha a neartú maidir le trédhearcacht agus inrianaitheacht na dtáirgí bia mara allmhairithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>188.</NO.P>á mheabhrú don dá pháirtí go bhfuil gá le comhar níos fearr ina ngníomhaíochtaí maidir le pleanáil spásúil mhuirí, go háirithe maidir le díospóidí idir tionscadail feirme gaoithe amach ón gcósta agus cuspóirí caomhnaithe nó le hearnáil an iascaigh; á iarraidh go mbeadh cur chuige cothrom ann idir na leasanna uile a bhaineann le húsáid spáis mhuirí, ar cheart dó gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta a mheá, lena n-áiritheofar comhsheasmhacht agus cothroime ar fud na n-earnálacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>189.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an dá pháirtí iarrachtaí comhpháirteacha chun taighde eolaíoch a chur chun cinn agus dea-chleachtas a mhalartú chun armlón a shainaithint agus a bhaint de ghrinneall na farraige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>190.</NO.P>á iarraidh ar na páirtithe uile a áirithiú go ndéanfaí ceadúnais agus údaruithe a eisiúint do shoithí an Aontais chun iascach a dhéanamh in uiscí na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríocha na Corónach gan constaicí riaracháin, cánachais ná airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>191.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise staid shonrach Oileáin Mhuir nIocht, comhar idir na páirtithe a éascú trí naisc níos fearr a bheith ann idir an t-idirphlé réigiúnach agus an Cruinniú Ceithrethaobhach; á iarraidh ar na páirtithe go mbeadh ionadaithe ó earnáil an iascaigh, na geallsealbhóirí ábhartha uile, agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach ann, agus an tsamhail chomhbhainistíochta iascaigh a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>192.</NO.P>á mheabhrú gur bunaíodh Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB) in 2021 chun dul i ngleic le hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta, críochacha agus comhshaoil Brexit; á mheabhrú go raibh sé beartaithe go rachadh an ciste EUR 5,4 billiún sin chun tairbhe d’earnáil an iascaigh, lena n-áirítear iascaigh ar mionscála, a raibh tionchar díréireach ag Brexit orthu; á mheabhrú gur ceanglaíodh le Rialachán CCB ar an gCoimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis an bpróiseas cur chun feidhme faoi mhí an Mheithimh 2024; á chur in iúl gur oth léi an fíoras nár chuir an Coimisiún aon fhaisnéis ar fáil maidir leis an ábhar go dtí seo; á iarraidh, roimh dheireadh 2025, go gcuirfí Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le próiseas cur chun feidhme CCB;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhordú na slándála sóisialta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>193.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi measúnú an Choimisiúin go raibh an comhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i réimse chomhordú na slándála sóisialta cuiditheach, agus nár sainaithníodh aon fhadhb shistéamach ná struchtúrach in 2023 ná in 2024, agus go bhfuil an dá pháirtí tiomanta d’aon saincheist a d’fhéadfadh a theacht chun cinn i ndáil le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a réiteach; ag cur sonrú sna cinntí ón gCoiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta i ndáil le hoibrithe scoite agus daoine féinfhostaithe agus gnéithe airgeadais áirithe a shoiléiriú; á chur i dtábhacht a thábhachtaí atá prótacal dinimiciúil, atá ailínithe leis na hathbhreithnithe ar fhorálacha chomhordú na slándála sóisialta; á iarraidh go leanfaí d’iarrachtaí chun nósanna imeachta a shimpliú, léirmhíniú comhsheasmhach a áirithiú ar fud na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe, agus rochtain ar shlándáil shóisialta do shaoránaigh a fheabhsú trí threoraíocht fheabhsaithe, uirlisí digiteacha agus comhar riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>194.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta obair theicniúil ar thopaicí amhail athruithe ar dhoiciméid leictreonacha struchtúrtha agus ar dhoiciméid iniompartha, nósanna imeachta chun costas sochar breoiteachta a aisíoc, agus trasuí cinntí ábhartha ó Choimisiún Riaracháin an Aontais um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta; á iarraidh ar an gcoiste a chuid iarrachtaí a threisiú agus dul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta a fheabhsú, lena n-áirithítear léirmhíniú aonfhoirmeach ar fud na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe, agus lena bhfeabhsaítear an comhordú ar cheart slándála sóisialta d’oibrithe soghluaiste agus trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>195.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dálaí oibre cuibhiúla, cothroma agus sábháilte a áirithiú d’oibrithe séasúracha, go háirithe in earnálacha fíor-riachtanacha amhail earnalácha na talmhaíochta, na turasóireachta agus na tógála; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, bunú sásra shonraigh le haghaidh soghluaisteacht oibrithe séasúracha a chur chun cinn, lena n-áirítear caighdeáin choiteanna maidir le fad fostaíochta, rochtain ar shlándáil shóisialta agus cosaint ar dhúshaothrú, le coimircí atá inchomparáide leis na cinn a leagtar síos i dTreoir 2014/36/AE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2014/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críche fostaíochta mar oibrithe séasúracha (IO L 94, 28.3.2014, lch. 375, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/36/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>196.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé pointe teagmhála aonair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhunú chun sáruithe ar chearta oibrithe, bacainní ar rochtain ar shochair shóisialta, nó saincheisteanna a bhaineann le haitheantas conarthaí fostaíochta trasteorann a thuairisciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>197.</NO.P>ag tabhairt dá haire a thábhachtaí agus a luachmhaire atá múnla sóisialta an Aontais agus á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe an clásal neamh-chúlchéimnithe a leathnú chuig <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> sóisialta an Aontais ina iomláine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannpháirtíocht i gcláir an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>198.</NO.P>á athdhearbhú a tuairime go bhfuil an roinn den Chomhaontú Trádála agus Comhair maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir an Aontais, bainistiú fónta airgeadais agus forálacha airgeadais ina bonn cothrom do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe agus go gcuidíonn sí le cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le socruithe trédhearcacha buiséadaithe agus comhroinnte costas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>199.</NO.P>á chur in iúl gur geal go mór léi, faoi Phrótacal I agus Prótacal II a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, go bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sa chlár Fís Eorpach agus i gcomhpháirt Copernicus de chlár spáis an Aontais agus go bhfuil rochtain aici ar sheirbhísí chomhpháirt Faireachais agus Rianaithe Spáis an Aontais de chlár spáis an Aontais; ag cur béim ar na tairbhí a bhaineann le rannpháirtíocht tríú tíortha i gcláir an Aontais don Aontas agus dá shaoránaigh; á chreidiúint go n-aithnítear le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa chlár Fís Eorpach gur dlúthchuid d’éiceachóras eolaíochta agus nuálaíochta na hEorpa iad eolaíocht agus nuálaíocht na Ríochta Aontaithe; á mheas go rachadh sé chun tairbhe don dá thaobh go mbeadh baint ag an Ríocht Aontaithe leis an 10ú clár réime um thaighde (FP10) a bheidh ann amach anseo agus gur cheart go mbainfí amach le raon feidhme an chomhlachais sin an cuspóir maidir le fás eacnamaíoch a spreagadh san Aontas trí nuálaíocht; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, cothromaíocht chóir a bhaint amach ar deireadh idir rannchuidithe na Ríochta Aontaithe agus na tairbhí a gheobhadh sí mar chúiteamh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>200.</NO.P>á athdhearbhú, mar sin féin, gur cúis imní di na forálacha i bPrótacal I maidir le sásra ceartúcháin uathoibríoch don Ríocht Aontaithe i ndáil leis an gclár Fís Eorpach, nár comhaontaíodh mar chuid den Chomhaontú Trádála agus Comhair féin; ag tabhairt dá haire go bhfuil feidhm ag sásra ceartúcháin na Ríochta Aontaithe go dtí deireadh an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha agus nach bhfuil sé chomh fabhrach céanna leis an sásra ceartúcháin atá sa Chomhaontú Trádála agus Comhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>201.</NO.P>ag cur béim, thairis sin, ar na deacrachtaí a bhaineann le táillí arda víosaí agus leis an bhformhuirear cúraim sláinte do thaighdeoirí an Aontais a bhaineann tairbhe as Fís Eorpach agus ar mian leo a gceart chun soghluaisteachta a fheidhmiú trí bhogadh go dtí an Ríocht Aontaithe, agus ag tathant ar an Ríocht Aontaithe aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>202.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí prótacal comhlachais leasaithe 2023 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, go háirithe go bhfuil neamhréireachtaí le forálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, ar thug an Pharlaimint a toiliú ina leith i mí na Nollag 2020, mar thoradh ar an lacáiste uathoibríoch ar rannchuidiú na Ríochta Aontaithe le Fís Eorpach i gcás rannpháirtíocht atá ‘níos ísle sa chlár ná mar a bhíothas ag dréim leis’ ón Ríocht Aontaithe; ag tabhairt dá haire gur fhág an t-athrú sin ar an gComhaontú Trádála agus Comhair trí phrótacal a ghlacadh nach raibh Parlaimint na hEorpa in ann toiliú fóinteach ná grinnscrúdú éifeachtach a sholáthar ar a bhfuil i gceist le cuid lárnach den chomhaontú foriomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>203.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go n-urramófaí go hiomlán le haon chomhaontú idirnáisiúnta maidir le comhlachas na Ríochta Aontaithe le cláir an Aontais sainchumas Pharlaimint na hEorpa chun toiliú fóinteach a thabhairt i gcomhréir leis an rún uaithi an 8 Feabhra 2024 maidir le comhaontuithe comhlachais le haghaidh rannpháirtíocht tríú tíortha i gcláir an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6341, 7.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6341/oj.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>204.</NO.P>á iarraidh go mbeadh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach go hiomlán in aon chaibidlíocht maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in FP10 agus freisin maidir le cur chun feidhme FP10 le linn an chéad CAI eile; á chur in iúl go bhfuil súil aici gur féidir leis an dá pháirtí na moilleanna a bhain le comhlachas na Ríochta Aontaithe le Fís Eorpach agus le Clár Copernicus faoin CAI reatha a sheachaint, chun leanúnachas i gcistiú do phríomhthionscadail taighde agus nuálaíochta an Aontais a bhfuil baint ag comhpháirtithe na Ríochta Aontaithe leo a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>205.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuirtear an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) agus Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA) araon in iúl go soiléir sa tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht’ mar chláir ríthábhachtacha ar féidir leo cabhrú leis an Aontas eolaithe tréitheacha domhanda a mhealladh; ag tabhairt dá haire gur féidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach sa dá chlár sin agus á chur i bhfios go láidir feidhmíocht láidir na Ríochta Aontaithe sa dá chlár; ag meabhrú an cheanglais dhlíthiúil a leagtar síos in Airteagal 16(3) den Rialachán lena mbunaítear Fís Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le raon feidhme chomhlachas tríú tíortha sonracha a bheith faoi réir anailís ar na tairbhí don Aontas agus ar an gcuspóir fás eacnamaíoch a spreagadh san Aontas trí nuálaíocht; á mheas gur toisc theorantach ar fhás eacnamaíoch an Aontais é an ganntanas tallainne, go háirithe in earnálacha ardteicneolaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar na tairbhí don Aontas a bhaineann le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in ERC agus in MSCA, go háirithe i bhfianaise conas a théann sé sin i bhfeidhm ar chumas an Aontais tallann eolaíoch a mhealladh, agus an anailís sin a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa, i gcomhthráth le caibidlíochtaí faoin togra reachtach maidir le FP10 más féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>206.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil méadú suntasach déanta ag an Ríocht Aontaithe ar an bhformhuirear cúraim sláinte agus ar na costais víosa do thaighdeoirí a théann chuig an Ríocht Aontaithe faoi chistiú Fís Eorpach, rud a fhágann go bhfuil an tsoghluaisteacht níos deacra ó thaobh airgeadais de do thaighdeoirí an Aontais agus dá n-institiúidí comhpháirtíochta sa Ríocht Aontaithe; ag tacú leis an iarraidh go bhfillfí ar leibhéil na dtáillí agus na bhformhuirear a bhí ann roimhe sin, mar a chuir an tAontas in iúl ag an tríú cruinniú den Chomhairle Comhpháirtíochta an 16 Bealtaine 2024; á chur in iúl go mba gheal léi an gealltanas i leith ualach riaracháin agus costais ghaolmhara a laghdú tuilleadh do thaighdeoirí an Aontais atá ag tabhairt faoi shoghluaisteacht chuig an Ríocht Aontaithe mar chuid den chlár Fís Eorpach, chomh maith leis an gclár a tháinig i gcomharbas air sin, FP10;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>207.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chinn an Ríocht Aontaithe ar deireadh gan bheith rannpháirteach i gClár Taighde agus Oiliúna Euratom, i gComhghnóthas um Fhuinneamh Comhleá (F4E) ná i dtionscadal um chomhleá núicléach ITER, cé go raibh sé beartaithe sa Dearbhú Comhpháirteach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair go mbeadh sí rannpháirteach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ballraíocht leanúnach na Rúise i dtionscadal ITER; á iarraidh go gcaomhnófaí oidhreacht eolaíoch an Tórais Eorpaigh Chomhpháirtigh, atá lonnaithe in Culham sa Ríocht Aontaithe, atá ina thionscnamh suaitheanta le blianta fada do thaighde Eorpach ar chomhleá núicléach; á chur i bhfáth go bhfuil baol ann go gcaillfí bonneagar agus saineolas eolaíoch go dochúlaithe mar gheall ar dhíchóimeáil leanúnach na saoráide uathúla sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>208.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur roghnaigh an Ríocht Aontaithe gan a bheith rannpháirteach i gcláir eile an Aontais agus gur chinn sí gan bheith rannpháirteach in Euratom ná in F4E, mar a beartaíodh ar dtús i nDearbhú Comhpháirteach mhí na Nollag 2020; á mheas nach mór rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal ITER a bheith bunaithe ar rannpháirtíocht in F4E; á chur in iúl gur saoth léi an cinneadh an Tóras Eorpach Comhpháirteach a dhíchóimeáil; ag tathant ar an Ríocht Aontaithe athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh maidir leis na hábhair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>209.</NO.P>ag cur béim ar chlár PEACEPLUS, a tháinig i gcomharbas ar thionscnaimh comhair trasteorann a bhí ann roimhe seo, agus ag cur béim ar ról ríthábhachtach an chláir maidir leis an tsíocháin, an t-athmhuintearas agus an rathúnas socheacnamaíoch a chur chun cinn ar fud Thuaisceart Éireann agus an réigiúin teorann; ag tabhairt dá haire go maoinítear an clár trí ranníocaíochtaí suntasacha ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>210.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an socrú comhair staidrimh a síníodh idir Eurostat agus Údarás Staidrimh na Ríochta Aontaithe, lena gcumasaítear malartú sonraí staidrimh atá ábhartha do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir an Aontais; á mheas go gcuireann faisnéis staidrimh iontaofa bonn tábhachtach ar fáil don chinnteoireacht sa réimse sin agus chun a fhíorú go bhfuil na forálacha airgeadais a leagtar síos sa Chomhaontú Trádála agus Comhair á n-urramú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Oideachas, cultúr, an óige agus spórt</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>211.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leagtar béim láidir ar naisc idir daoine a neartú, go háirithe i measc na glúine óige, ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le déanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>212.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil cearta na saoránach i gcroílár an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus nach mór iad a chosaint go hiomlán; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil sé éirithe níos casta do shaoránaigh an Aontais taisteal agus bogadh go dtí an Ríocht Aontaithe ó tharla Brexit; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hathruithe ar an mbeartas inimirce atá á phlé faoi láthair sa Ríocht Aontaithe a mhéid a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do chearta shaoránaigh an Aontais sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear mic léinn ón Aontas agus na táillí teagaisc a chuirtear i bhfeidhm orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>213.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go ndearna Brexit dochar mór do shoghluaisteacht na hóige; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun scéim soghluaisteachta don óige<FOOTNOTE><FIELD> Moladh ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle an 18 Aibreán 2024 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le soghluaisteacht na hóige (COM(2024)0169).</FIELD></FOOTNOTE> a bhunú agus an gealltanas comhroinnte a thugtar sa Comhthuiscint chun oibriú i dtreo scéim taithí don aos óg atá cothrom agus tairbheach don dá thaobh d’fhonn rannpháirtíocht daoine óga ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe i ngníomhaíochtaí éagsúla a éascú, amhail obair, staidéar, socrúcháin au-pair, obair dheonach, nó fiú taisteal, ar feadh tréimhse theoranta ama; ag spreagadh an dá pháirtí chun dul ar aghaidh go mear agus go huaillmhianach lena ceapadh agus lena cur chun feidhme, lena n-áirithítear rochtain chómhalartach, soiléireacht dhlíthiúil agus cosaint shóisialta iomchuí do na rannpháirtithe, mar chéim thábhachtach chun naisc idir daoine agus comhar fadtéarmach a athbhunú; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú, i gcás inarb ábhartha, go mbeidh pá agus dálaí oibre cuibhiúla ann do rannpháirtithe in aon scéim taithí don aos óg a bheidh ann amach anseo; ag moladh go láidir don Ríocht Aontaithe oscailteacht a léiriú i leith na dtograí a thíolaic an Coimisiún sa réimse sin in 2024; á chreidiúint go láidir nach mór comhaontú maidir le soghluaisteacht na hóige a bheith ina chuid bhunriachtanach d’aon athbhreithniú ar an gComhaontú Trádála agus Comhair amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>214.</NO.P>á mheas go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag an scéim sin chun glúin nua daoine óga san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe a spreagadh, trí mhalartuithe dleathacha, duine le duine a chothú atá fréamhaithe i gcomhluachanna daonlathacha, i dtuiscint chultúrtha agus i muinín fhrithpháirteach, agus go bhféadfadh sí an bonn a leagan síos do chomhar fadtéarmach, do chomhtháthú sóisialta, agus do líonraí trasnáisiúnta níos láidre a bheith ann i measc daoine óga; ag moladh don dá thaobh, thairis sin, machnamh a dhéanamh ar shoghluaisteacht a éascú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas fiú lasmuigh den scéim taithí don aos óg atá beartaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>215.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfágann cineál sealadach na forála sin gur malartú cultúrtha agus oideachais é, seachas uirlis um beartas imirce; ag tabhairt dá haire go bhfuil scéimeanna soghluaisteachta don óige ag an Ríocht Aontaithe cheana féin le tíortha eile, amhail an tSeapáin; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir buntáistí níos cothroime a bhaint amach má théann an tAontas i mbun caibidlíocht chomhpháirteach ná má dhéanann na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a chaibidliú ina n-aonar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>216.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ar an gcaoi chéanna, an dearbhú intinne ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i leith oibriú i dtreo rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár Erasmus+ an Aontais, rud a rachadh chun tairbhe don dá thaobh, ós rud é go mbeadh sé thar a bheith luachmhar soghluaisteacht, oiliúint agus spórt na hóige a chur chun cinn idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Ríocht Aontaithe dlús a chur leis an gcaibidlíocht ina leith sin, chun teacht ar réiteach comhlachais a rachadh chun tairbhe don dá pháirtí; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, ról sonrach Erasmus+ mar spreagthóir do luachanna Eorpacha, d’éagsúlacht chultúrtha, do rannpháirtíocht shibhialta agus do chuimsiú sóisialta, agus do neartú athléimneacht na hEorpa a ghabhann leis sin; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí scéim soghluaisteachta don óige agus athchomhlachas na Ríochta Aontaithe leis an gclár Erasmus+ a sheoladh go comhuaineach, agus á thabhairt chun suntais gur gá an dá thionscnamh a bheith comhlántach agus a bheith ina dtionscnaimh a threisíonn a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>217.</NO.P>á áitiú nach mór don chomhlachas sin a bheith comhsheasmhach le CAI agus leis an gComhaontú Trádála agus Comhair; á mheabhrú gur cheart aon rannpháirtíocht a d’fhéadfadh a bheith ag an Ríocht Aontaithe i gcláir an Aontais amhail Erasmus+ a mheasúnú agus a cheapadh ar bhealach a ndéanann leasanna an Aontais a choimirciú agus a chur chun cinn go hiomlán, lena n-áirítear breisluach soiléir a áirithiú don Aontas agus dá shaoránaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis thráthúil agus mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le téarmaí airgeadais rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in Erasmus+ amach anseo agus maidir le haon impleachtaí airgeadais a bheidh ag aon scéim taithí don aos óg amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>218.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil malartuithe cultúrtha thíos leis mar thoradh ar Brexit; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, gur tháinig éiginnteachtaí agus deacrachtaí chun cinn do mhic léinn, do mhúinteoirí, d’ealaíontóirí ar camchuairt agus do ghairmithe cultúrtha atá toilteanach foghlaim, teagasc, taibhiú agus oibriú ar an dá thaobh de Mhuir nIocht; á chur in iúl gur geal léi an tagairt do na malartuithe cultúrtha agus ealaíonta agus d’ealaíontóirí ar camchuairt i gconclúidí an Chruinnithe Mullaigh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cómhalartacht i nósanna imeachta agus i mbearta atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo; ag moladh don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ó chláir an Aontais maidir le malartuithe cultúrtha agus oideachais agus chun oibriú ar réitigh chruthaitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>219.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbeidh an comhar le geallsealbhóirí san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe ríthábhachtach chun tacú le malartú cultúrtha agus chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní atá roimh ghairmithe atá ar camchuairt sa Ríocht Aontaithe; á iarraidh go mbeadh plean níos nithiúla ann chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá roimh ealaíontóirí; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún leanúint dá iarrachtaí i dtreo athchomhlachas na Ríochta Aontaithe leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>220.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go bhfuil bac ar thurais scoile agus ar shoghluaisteacht na hóige ón Aontas de bharr rialacha nua iontrála na Ríochta Aontaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcruthófaí grúpscéim taistil don óige do dhaoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>221.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an laghdú atá tagtha ar líon na mac léinn ón Aontas atá ag déanamh staidéir in ollscoileanna de chuid na Breataine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an staid sin nasctha go soiléir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón gclár Erasmus+ agus le deireadh na rialacha maidir le cóir chomhionann i ndáil le táillí teagaisc agus scoláireachtaí do mhic léinn ón Aontas<FOOTNOTE><FIELD> Cé is moite de shaoránaigh na hÉireann.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tathant ar an Ríocht Aontaithe agus ar an Aontas teacht ar chomhaontú maidir le táillí teagaisc a ísliú chun go mbeidh níos mó daoine óga ón Aontas in ann staidéar a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>222.</NO.P>á chreidiúint go láidir nach mór don Ríocht Aontaithe agus don Aontas a gcomhar acadúil a dhoimhniú chun dul i ngleic leis na dúshláin gheopholaitiúla atá ann faoi láthair agus chun feabhas a chur ar a gcumhacht bhog faoi seach; ag cur béim, ina leith sin, ar ról ríthábhachtach phrionsabal na cómhalartachta idirnáisiúnta a chumhdaítear i gCairt Ardoideachais Erasmus chun comhpháirtíochtaí chobhsaí agus fadtéarmacha a thógáil idir institiúidí ardoideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>223.</NO.P>ag cur sonrú i gcruthú Scéim Turing ag Rialtas na Ríochta Aontaithe, i gcruthú chlár Taith ag Rialtas na Breataine Bige agus sa tionscadal ‘Tástáil agus Foghlaim’ de chuid Chlár Malartaithe Oideachais na hAlban, atá ina chéim phíolótach faoi láthair; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach gcumhdaítear le Scéim Turing ach soghluaisteacht mac léinn amach agus, dá bhrí sin, nach féidir í a áireamh mar chlár iomlán ionaid i gcás Erasmus+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>224.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gceadaítear d’ollscoileanna na Ríochta Aontaithe a bheith ina gcuid de chomhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, ach nach féidir iad a áireamh a thuilleadh ina struchtúr rialachais, lena ndéantar iad a dhícháiliú de facto chuig stádas comhpháirtithe den dara grád; ag spreagadh a gcomhpháirtíochta leanúnaí trí thionscnamh na gComhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, ina dtairbhíonn siad den chineál nua stádais dhlíthiúil lena gceadaítear dóibh a bheith ina gcomhpháirtí iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>225.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go leanann an Ríocht Aontaithe<FOOTNOTE><FIELD> Tá córais ardoideachais na hAlban éagsúil ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe, arb é sin an fáth a meastar gur eintiteas ar leithligh é laistigh de Phróiseas Bologna (Limistéar Eorpach an Ardoideachais, ‘An Ríocht Aontaithe’ (Albain)), https://ehea.info/page-united-kingdom-scotland).</FIELD></FOOTNOTE>de bheith rannpháirteach i Limistéar Eorpach an Ardoideachais (próiseas Bologna); ag tathant ar an Ríocht Aontaithe, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint dá gcuid oibre chun aitheantas frithpháirteach iomlán a thabhairt do cháilíochtaí acadúla, do dhioplómaí, do chéimeanna agus do thréimhsí malartaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>226.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leanann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe de bheith ina margaí ríthábhachtacha le haghaidh malartú cultúrtha, agus go bhfuil naisc fhadtéarmacha agus tionchair fhrithpháirteacha eatarthu ó thaobh shaol an chultúir de; ag aithint luach ard eacnamaíoch earnáil chultúrtha na Ríochta Aontaithe; á iarraidh go mbeadh comhar nua agus leanúnach ann idir ealaíontóirí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe agus gairmithe eile in earnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta, agus go ndéanfaí a gcearta saothair a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>227.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár cuireadh aon chlár eile in ionad chlár Eoraip na Cruthaitheachta a bhí tiomnaithe don chultúr chun tacú le healaíontóirí sa Ríocht Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>228.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach ann d’aon fhoráil a bhaineann leis an gcultúr agus le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta sa Chomhaontú Trádála agus Comhair tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas agus gur tháinig deireadh le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa tsaorghluaiseacht, rud a fhágann go bhfuil bacainní riaracháin roimh ealaíontóirí ar camchuairt, go háirithe d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus d’ealaíontóirí neamhspleácha; ag tabhairt dá haire i gcás ealaíontóirí agus oibrithe cultúrtha na Ríochta Aontaithe atá ar camchuairt san Aontas, nach mór dóibh roinnt córais éagsúla víosaí, inimirce agus ceadanna oibre a chomhlíonadh; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit na ceanglais maidir le carnets ATA a shoiléiriú (cead iontrála eisceachtúil); á iarraidh go n-áireofaí earnáil an chultúir san athbhreithniú atá beartaithe ar an gComhaontú Trádála agus Comhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>229.</NO.P>á iarraidh go dtiocfaí ar réiteach ar na deacrachtaí a bhíonn roimh ealaíontóirí agus oibrithe cultúrtha, go háirithe ealaíontóirí óga agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, tar éis Brexit i ndáil le camchuairt agus rannpháirtíocht i bhféilte, amhail rialacha custaim agus CBL maidir le marsantú agus rialacha maidir le hiompar idirnáisiúnta; á iarraidh ar an Ríocht Aontaithe, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún oibriú i dtreo réitigh a aimsiú a chothódh bealaí níos éasca d’ealaíontóirí oibriú trasna Mhuir nIocht, agus aghaidh á tabhairt ar víosaí agus ceadanna oibre le haghaidh tréimhsí fanachta cultúrtha gearrthéarmacha agus nósanna imeachta comhchuibhithe i gcás foirmiúlachtaí custaim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>230.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur gá cóineasú na timpeallachta rialála digití a bheidh ann amach anseo a áirithiú do sheirbhísí closamhairc agus meán sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas chun ceanglais chobhsaí, intuartha agus shoiléire a sholáthar d’earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta agus don earnáil spóirt i bhfianaise dúshláin atá ag dul i méid ar leibhéal domhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>231.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuirtear eisceacht chultúrtha i bhfeidhm leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, ar eisceacht í a eisiann seirbhísí closamhairc óna raon feidhme; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le comhar straitéiseach san earnáil closamhairc chun infheictheacht léiriúchán a dhéantar san Eoraip agus a n-iomaíochas domhanda a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>232.</NO.P>á mholadh go mbeadh comhar níos dlúithe ann idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas chun rannpháirtíocht lúthchleasaithe i gcomórtais spóirt agus malartuithe foirne spóirt a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>233.</NO.P>ag cur béim ar an tionchar diúltach a bhaineann leis an aitheantas ilroinnte nó an easpa aitheantais do shoghluaisteacht mac léinn agus ball foirne, go háirithe i réimsí na n-ealaíon, an chultúir agus an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna; á chur i bhfáth go gcuireann sé sin bac ar iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna ar fud na hEorpa; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh tionscnaimh faoi Aontas na Scileanna atá dírithe ar an nganntanas scileanna, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, gairmoideachas agus gairmoiliúint, agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a leathnú go páirteach chuig tíortha comhpháirtíochta atá comhlachaithe leis an gclár Erasmus+; ag cur béim, ina leith sin, ar an luach breise a bhaineann le hathchomhlachas na Ríochta Aontaithe leis an gclár Erasmus+ agus ag tathant ar an Ríocht Aontaithe agus ar an gCoimisiún leanúint dá n-idirphlé d’fhonn creat éifeachtach a bhunú chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint go frithpháirteach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>234.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sábháilteacht na saoránach ríthábhachtach i gcónaí faoin gclár oibre athnuaite don chomhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi an borradh atá faoi fhorfheidhmiú treisithe an dlí agus faoin gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla, an comhar neartaithe i ndáil le rioscaí agus bagairtí drugaí, agus an comhar níos doimhne maidir leis na dúshláin a bhaineann leis an imirce neamhrialta a chuirtear ar fáil leis an Ráiteas Comhpháirteach agus leis an gComhthuiscint, a glacadh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>235.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an gealltanas frithpháirteach chun seasamh leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) mar a chuir Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe agus Uachtarán an Choimisiúin in iúl ina ráiteas comhpháirteach an 2 Deireadh Fómhair 2024 maidir le comhar straitéiseach a fheabhsú agus i Ráiteas Comhpháirteach Chruinniú Mullaigh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe; á mheabhrú gurb iad go deimhin na coinníollacha ginearálta chun Cuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm, mar a shonraítear faoi Airteagal 524(1), an urraim sheanbhunaithe don daonlathas, don smacht reachta agus do chosaint chearta agus shaoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus ECHR, chomh maith lena thábhachtaí atá sé éifeacht a thabhairt do na cearta agus na saoirsí a áirithítear in ECHR ar bhonn intíre; á athdhearbhú nach mór na coinníollacha sin a ráthú go hiomlán i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun feidhme an Comhaontaithe Trádála agus Comhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>236.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na gealltanais a leagtar amach sa Ráiteas Comhpháirteach agus sa Chomhthuiscint i leith comhar níos dlúithe a bheith ann chun gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine, gáinneáil ar dhrugaí, coireacht eagraithe thromchúiseach agus thrasnáisiúnta, agus sceimhlitheoireacht agus antoisceachas foréigneach a chomhrac, lena n-áirítear ar líne, trí Chuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chur chun feidhme ar bhealach níos tapúla, níos fearr agus níos doimhne agus trí leas iomlán a bhaint as a hacmhainneacht agus í a fhorbairt tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>237.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tátal Thuarascáil Cur Chun Feidhme 2024 ón gCoimisiún gur fheidhmigh cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair i ndáil le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach go rianúil le bliain anuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>238.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gur thug na Ballstáit uile agus an Ríocht Aontaithe rochtain dá chéile ar a mbunachair sonraí ADN náisiúnta le haghaidh cuardach uathoibrithe faoi dheireadh 2024, i gcomhréir le hAirteagal 530 den Chomhaontú Trádála agus Comhair; á chur in iúl gur geal léi go raibh 22 nasc méarlorg déanta ag an Ríocht Aontaithe faoi dheireadh 2024 agus go raibh sí réidh chun na cúig nasc eile a thabhairt chun críche; ag aithint uaillmhian na Comhthuisceana do na páirtithe chun malartuithe frithpháirteacha agus cómhalartacha sonraí maidir le méarloirg, ADN, agus taifid choiriúla náisiúnach tríú tír a threisiú agus féachaint an bhféadfaí an malartú sonraí a leathnú chuig íomhánna den aghaidh chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna go mbraitheann malartuithe atá ann cheana agus malartuithe leathnaithe ar ardchaighdeán cosanta sonraí a choinneáil agus ar a áirithiú go leanfaidh creat dlíthiúil athraitheach na Ríochta Aontaithe de bheith comhoiriúnach le ceanglais an Aontais maidir le cosaint sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>239.</NO.P>ag meabhrú na tairbhe frithpháirtí a bhaineann le forfheidhmiú láidir an dlí agus le comhar breithiúnach láidir agus an ghá atá leo chun dul i ngleic le dúshláin chomhroinnte i réimsí amhail oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta, coireacht eagraithe, sciúradh airgid agus smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine; á chur i bhfáth, ina leith sin, nach mór do Aontas agus don Ríocht Aontaithe tionscnaimh chomhair nithiúla a cheapadh sna réimsí sin; á chur in iúl gur geal léi dlúthchomhar na Ríochta Aontaithe le príomhghníomhaireachtaí an Aontais amhail Europol, Eurojust agus Frontex;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>240.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur mhéadaigh Rialtas na Ríochta Aontaithe láithreacht Ghníomhaireacht Náisiúnta Coireachta na Ríochta Aontaithe ag Europol agus go bhfuil sé ag obair ar bhonn níos leithne i dtreo caidreamh níos dlúithe le Europol, lena n-áirítear maidir leis an gcumas sonraí a chomhroinnt i bhfíor-am;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>241.</NO.P>ag cur sonrú i dtuarascálacha bliantúla 2023 agus 2024 Eurojust agus á chur in iúl gur díol sásaimh di a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht agus rannpháirteachas na Ríochta Aontaithe in obair na gníomhaireachta, agus gurb í an Ríocht Aontaithe an tír nach tír de chuid an Aontais í ba mhinice a iarradh uirthi a bheith rannpháirteach i gcásanna nua arna n-oscailt ag Deasca Náisiúnta Eurojust le linn an dá bhliain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>242.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh socrú oibre i gcrích idir Frontex agus Oifig Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe in 2024 bunaithe ar an ngealltanas comhpháirteach chun sábháilteacht agus slándáil a fheabhsú agus oibleagáidí maidir le cearta bunúsacha á gcomhlíonadh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcuirfidh an socrú sin feabhas ar an gcomhar maidir le bainistiú teorainneacha agus slándáil, lena n-áirítear baill foirne a imscaradh le haghaidh dualgais chomhairleacha agus chomhordúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>243.</NO.P>ag spreagadh comhar níos dlúithe idir Gréasán Imirce na hEorpa agus gníomhaireachtaí, lena n-áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus Frontex, agus údaráis na Ríochta Aontaithe faoi seach, i gcomhréir leis na gealltanais a thug na páirtithe sa Chomhthuiscint; á chur in iúl gur geal léi an tagairt atá sa Chomhthuiscint don chomhar sa chomhrac i gcoinne drugaí; á mholadh go dtabharfaí i gcrích socrú oibre maidir le malartú cómhalartach faisnéise idir Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) agus údaráis ábhartha na Ríochta Aontaithe maidir le rioscaí agus bagairtí drugaí, chun obair EUDA a éascú; á mheas go bhféadfaí rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i roinnt cruinnithe idir Coiste Mheiriceá Laidinigh um an tSlándáil Inmheánach agus a chontrapháirtithe ón Aontas a mheas ar bhonn cás ar chás;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>244.</NO.P>ag cur sonrú sna dúshláin chomhroinnte atá os comhair na Ríochta Aontaithe agus an Aontais ó thaobh imirce neamhdhleathach de; á chur in iúl go dtacaíonn sí go láidir le rannpháirtíocht na bpáirtithe i leith comhar níos dlúithe a bheith ann i bhfóraim agus próisis iltaobhacha chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, i bhfaisnéis oibríochtúil maidir le filleadh chuig thríú tíortha a chomhroinnt, agus i sásraí díspreagtha a fhiosrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, agus a ngealltanas i leith cosaint idirnáisiúnta a áirithiú dóibh siúd a bhfuil sí de dhíth orthu á choimeád acu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Rialtas na Ríochta Aontaithe a áirithiú gur cheart go n-áireofaí in aon chomhar maidir leis an imirce le tríú tíortha bearta iomchuí chun comhlíonadh an chreata dhlíthiúil idirnáisiúnta a áirithiú, amhail an ceart chun tearmainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>245.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhforáiltear leis an mBille um Shlándáil Teorann, Tearmann agus Inimirce, a cuireadh os comhair Pharlaimint na Ríochta Aontaithe an 30 Eanáir 2025, go bhféadfaí comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tíortha G7 agus le príomh-chomhpháirtithe Eorpacha chun smuigleáil a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi gur mian leis an Ríocht Aontaithe oibriú níos dlúithe le Ballstáit aonair, lena n-áirítear an Fhrainc agus comhaltaí eile de Grúpa Calais, maidir le smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, agus, ar bhonn níos leithne, maidir le slándáil teorann a neartú, lena n-áirítear faireachas ar theorainneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>246.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an córas eiseachadta idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, mar a leagtar síos i dTeideal VII de Chuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair, éagsúil leis an gcóras dá bhforáiltear leis an gCinneadh Réime ón gComhairle maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh Réime ón gComhairle 2002/584/JHA an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2002/584/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á mheabhrú gur chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina breithiúnas le déanaí<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 29 Iúil 2024 i gCás C-202/24 [Alchaster], ECLI:EU:C:2024:649;</FIELD></FOOTNOTE>nach mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach scrúdú neamhspleách a dhéanamh ar an mbaol go sárófaí Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar baol é a mhaíonn an duine lena mbaineann go mbeidh air aghaidh a thabhairt air má thugtar suas don Ríocht Aontaithe é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>247.</NO.P>á mheabhrú go gceadaítear le Cuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair sreabha sonraí leathnaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, amhail sonraí ADN, sonraí maidir le taifead ainmneacha paisinéirí agus faisnéis maidir le taifid choiriúla a mhalartú; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur den ríthábhacht é go n-áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go mbeidh an leibhéal cosanta coibhéiseach go bunúsach leis an leibhéal a thugann an tAontas Eorpach chun nach gcuirfear caighdeáin an Aontais agus, dá bhrí sin, cearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais i mbaol agus sonraí á gcomhroinnt leis an Ríocht Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>248.</NO.P>á iarraidh ar an Ríocht Aontaithe agus ar na Ballstáit a áirithiú go leanfaidh cearta na saoránach de bheith ina bpríomhthosaíocht sa chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, lena n-áiritheofar gur féidir le saoránaigh uile an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ar tairbhithe den Chomhaontú um Tharraingt Siar iad a gcearta a theachtadh go hiomlán; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil athnuachan déanta ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe ar a ngealltanas comhroinnte i leith chur chun feidhme iomlán, tráthúil agus dílis an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar ina chodanna uile; á chur in iúl gur geal léi an chéim reachtach a ghlac Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le soiléireacht dhlíthiúil do shaoránaigh an Aontais a bhfuil stádas acu faoi Scéim um Lonnú Saoránach an Aontais agus á chur in iúl go bhfuil muinín aici go n-áiritheoidh sé aistriú rianúil do shaoránaigh ó chónaí sealadach go buanchónaí sa dá bhliain amach romhainn; á chur i bhfios gur shainaithin an tÚdarás Faireacháin Neamhspleách do na Comhaontuithe um Chearta na Saoránach comhroinnt sonraí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe mar réimse ar féidir leis a bheith ina chúis le moilleanna ar iarratais a dhéantar chuig Scéim um Lonnú Saoránach an Aontais, i gcás ina bhfuil faisnéis ag na Ballstáit atá ábhartha don iarratas; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar údaráis na mBallstát freagrúlacht d’iarrataí a mhéadú agus malartú faisnéise níos fearr a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit an Aontais agus tíortha CSTE LEE ( an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) chun moilleanna a chosc agus próiseas iarratais rianúil a áirithiú do shaoránaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhoibriú ar an mbeartas eachtrach agus slándála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>249.</NO.P>ag cur béim ar an dea-chomhordú pragmatach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála chun cobhsaíocht agus rathúnas a áirithiú i réigiúin eile den domhan agus á iarraidh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe a gcomhar le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo a neartú; ag moladh rannchuidiú suntasach na Ríochta Aontaithe leis an tsíocháin, leis an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht san Eoraip; á chur i bhfios go láidir nach féidir síocháin a bhaint amach san Eoraip gan comhpháirtíocht láidir idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa Chomhphobal Polaitiúil Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>250.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mór an Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe mar phríomhchreat le haghaidh comhar leathan idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i réimsí na slándála agus na cosanta, lena dtugtar aghaidh go comhpháirteach ar bhagairtí coiteanna agus lena gcumhdaítear réimsí lena n-áirítear comhroinnt eolais agus faisnéise, soghluaisteacht mhíleata, tionscnaimh slándála agus cosanta, slándáil spáis, bainistiú géarchéime, cibearchosaint, bagairtí hibrideacha, frithsceimhlitheoireacht, ionramháil eachtrach faisnéise agus trasnaíocht eachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>251.</NO.P>ag cur béim ar an mbagairt eiseach a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na bagairtí atá ann an fogha sin a leathnú chuig tíortha eile ar mhór-roinn na hEorpa; á mheas gurb é sin an bhagairt aonair is tábhachtaí atá roimh ár mór-roinn sna blianta amach romhainn, d’ainneoin a thábhachtaí atá saincheisteanna eile; á iarraidh go mbeadh freagairt bheartais chomhchuimseach ann a thugann tús áite d’aghaidh a thabhairt ar na bearnaí i gcumais chosanta agus díspreagtha na hEorpa, go háirithe sa chomhar le comhpháirtithe Eorpacha atá ar aon intinn leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>252.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhar láidir idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, mar a cuireadh i bhfios go láidir ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; ag cur béim ar ailíniú leanúnach an Aontais agus na Ríochta Aontaithe maidir le smachtbhannaí, tacaíocht mhíleata agus airgeadais agus comhordú taidhleoireachta, chomh maith lena ngealltanas comhroinnte i leith síocháin chuimsitheach, chóir agus mharthanach a athbhunú, bunaithe ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, an cheartais agus na cuntasachta; á iarraidh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe leanúint de bheith aontaithe go láidir leis an gcuid eile den chomhphobal idirnáisiúnta maidir le gníomhaíochtaí na Rúise a cháineadh, ceannasacht, iomláine chríochach agus neamhspleáchas na hÚcráine a chosaint, agus cur i gcoinne bhréagaisnéis na Rúise faoina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus leanúint dá n-iarrachtaí an tacaíocht idirnáisiúnta is leithne is féidir a bhaint amach i gcás na n-ábhar sin; ag moladh rannchuidiú ríthábhachtach na Ríochta Aontaithe le freagairt láidir, aontaithe Eorpach ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhúnlú agus le ‘comhghuaillíocht na dtíortha toilteanacha’ a thionól; á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú na Ríochta Aontaithe le tacaíocht a thabhairt do dheisiú agus atógáil na hÚcráine amach anseo; agus urraim á tabhairt do bheartais mhíleata agus slándála na mBallstát, lena n-áirítear beartais neodrachta míleata; á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe agus ar na Ballstáit uile cúnamh míleata don Úcráin a mhéadú go suntasach agus deireadh a chur le gach srian ar an gcúnamh sin; á mholadh, ina leith sin, go n-áireofaí freisin an Úcráin agus a teicneolaíocht chosanta agus a bonn tionsclaíoch sna gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú Rialachán SAFE<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ag na Ballstáit agus ag an Ríocht Aontaithe araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>253.</NO.P>ag moladh chur chuige daingean na Ríochta Aontaithe i leith smachtbhannaí níos déine a thabhairt isteach agus a choinneáil ar bun agus an ról ceannasach atá aici sa chomhghuaillíocht ‘Glao chun Gníomhaíochta’ atá dírithe ar scáthchabhlach na Rúise a chur dá bhuille; á chur in iúl gur geal léi an comhar treisithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus a scáthchabhlaigh, mar a tugadh chun suntais ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a gcórais smachtbhannaí faoi seach a neartú tuilleadh ar bhealach comhleanúnach agus comhordaithe chun an tionchar is mó is féidir a áirithiú agus chun cosc a chur ar imchéimniú smachtbhannaí chun tuilleadh brú eacnamaíoch agus polaitiúil a fheidhmiú ar údaráis na Rúise, go háirithe i bhfianaise na sabaitéireachta éifeachtaí a rinne údaráis na Rúise ar an sos cogaidh agus ar aon chaibidlíocht fhónta síochána; ag tathant ar an Aontas a smachtbhannaí a bheith ar comhchéim le smachtbhannaí na Ríochta Aontaithe agus <STRING ITALIC="on">vice versa</STRING>, go háirithe smachtbhannaí a fhorchur ar gach tancaer scáthchabhlaigh aitheanta atá ann agus nach bhfuil smachtbhannaí forchurtha ina leith agus ar a n-úinéirí, chomh maith le bróicéirí agus soláthraithe árachais, agus smachtbhannaí a thabhairt isteach ar aon tancaer ola a sháraíonn an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc agus cur chun feidhme dian na mbeart a fhorfheidhmiú lena gcuirtear toirmeasc ar shoithí, gan beann ar a mbratach, ó sheoladh in uiscí an Aontais ná na Ríochta Aontaithe nó ó dhul isteach in aon chalafort de chuid an Aontais ná na Ríochta Aontaithe mura gcomhlíonann siad na rialacha idirnáisiúnta maidir le haistrithe ó long go long ar muir nó má tá a gcórais aitheantais uathoibríocha curtha as go neamhdhleathach acu; ag tathant ar an dá pháirtí toirmeasc a chur ar ola na Rúise a aistriú ó long go long ina n-uiscí; ag spreagadh tuilleadh comhair agus tuilleadh comhroinnt faisnéise chun soithí nó iompar amhrasach a shainaithint agus a rianú, dianchaighdeáin sábháilteachta agus slándála muirí a bhunú agus a choinneáil ar bun agus an dlí na mara a fhorfheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>254.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe a áirithiú gur féidir sócmhainní blocáilte stáit na Rúise a úsáid chun tacú le cosaint, atógáil agus cúiteamh na hÚcráine trí choigistiú nó trí aon mhodhanna dlíthiúla eile is gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>255.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do thíortha na hEorpa a gcumais féin a neartú go práinneach chun a slándáil agus a gcosaint féin a áirithiú; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’aidhm ag an gComhpháirtíocht Slándála agus Cosanta rannchuidiú na hEorpa le ECAT a threisiú, lena n-aithnítear ról na Ríochta Aontaithe mar phríomh-chomhghuaillí ECAT; ag cur sonrú sa ghealltanas a thug Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Sir Keir Starmer, an caiteachas cosanta a mhéadú go 2.5 % de OTI faoi mhí Aibreáin 2027; ag spreagadh na mBallstát chun féachaint ar iarrachtaí comhpháirteacha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun tacú le banc cosanta, slándála agus athléimneachta a bhunú, a ghníomhóidh mar institiúid iasachta iltaobhach atá ceaptha chun iasachtaí fadtéarmacha ar ús íseal a sholáthar ar féidir leo tacú le príomhthosaíochtaí slándála náisiúnta amhail athshlánú stoc, nuachóiriú cosanta, iarrachtaí atógála san Úcráin agus aischeannach bonneagair chriticiúil atá faoi úinéireacht tíortha naimhdeacha faoi láthair nach bhfuil san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>256.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint go mear ar aon fhéidearthachtaí maidir le comhar feabhsaithe a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh arna chruthú ag an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE); á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis iomlán a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa a luaithe is féidir maidir le coinníollacha agus sonraí aon ranníocaíochta airgeadais atá le soláthar ag an Ríocht Aontaithe; á iarraidh go mbeadh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach i nglacadh an chomhaontaithe i gcomhréir le hAirteagal 218(6)(a) CFAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>257.</NO.P>á mheas go bhfuil ról ceannasach na Ríochta Aontaithe san Fhórsa Sluaíochta Comhpháirteach bunriachtanach do thodhchaí shlándáil na hEorpa agus ag spreagadh comhar leanúnach polaitiúil, airgeadais, oibríochtúil agus lóistíochta idir na Ballstáit agus Fórsaí Armtha na Ríochta Aontaithe ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>258.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur príomhghníomhaí cosanta Eorpach í an Ríocht Aontaithe ag a bhfuil saineolas ar leith agus ardchumais straitéiseacha; ag aithint neart a boinn thionsclaíoch cosanta, go háirithe sna réimsí a shainaithnítear i dtionscnamh Ullmhachta 2030 an Aontais agus sa Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach mar bhearnaí criticiúla cumais, lena n-áirítear cosaint chomhtháite ilsrathach aeir agus diúracán, airtléire ardfhorbartha, córais diúracán fadraoin, agus córais gan foireann; ag aithint na nasc domhain, na comhlántachtaí agus na sineirgí atá idir bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa agus bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na Ríochta Aontaithe chun cuspóirí slándála comhroinnte a shaothrú trí shocruithe comhoibríocha nua a fhorbairt i réimsí amhail cosaint diúracán balaistíoch agus hipearsonach, córais braiteoirí spásbhunaithe, agus líonraí luathrabhaidh; á iarraidh ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar an Ríocht Aontaithe iarrachtaí breise a dhéanamh chun an comhar idir na hearnálacha tionsclaíocha sin a dhoimhniú agus chun neartú a dhéanamh ar an gcomhtháthú geografach maidir le comhbhonn tionsclaíoch cosanta Eorpach, lena ndéantar an Úcráin a ionchorprú freisin, lena n-áirítear i réimse na nuálaíochta agus an taighde chomhpháirtigh agus na forbartha comhpháirtí; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe agus a dtionscal cosanta infheistíocht a dhéanamh i dtionscal cosanta na hÚcráine agus comhpháirtíocht a dhéanamh leis, agus á iarraidh orthu na hiarrachtaí sin a threisiú, go háirithe trí chomhfhiontair a bhunú agus trí acmhainneacht táirgeachta a fhorbairt san Úcráin agus sna Ballstáit araon; á chur i bhfios go láidir gur féidir le neart bhonn tionsclaíoch cosanta an Aontais rannchuidiú freisin le slándáil na Ríochta Aontaithe a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>259.</NO.P>ag tathant ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe oibriú i dtreo an Ríocht Aontaithe a chuimsiú go hiomchuí i dtionscnaimh chosanta ábhartha an Aontais, amhail an Ciste Eorpach Cosanta (CEC), an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP), an ionstraim chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA), agus tionscadail an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO), chomh maith le cláir chosanta an Aontais a bheidh ann amach anseo; á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gComhpháirtíocht Slándála agus Cosanta go bhféachfaidh sí an bhféadfaí socrú riaracháin a bhunú idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus an Ríocht Aontaithe; á iarraidh ar GEC agus ar an Ríocht Aontaithe an socrú sin a shaothrú mar ábhar tosaíochta chun comhar praiticiúil a chur chun cinn tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>260.</NO.P>ag cur béim ar na naisc atá idir tionscail chosanta na Ríochta Aontaithe agus tionscail cosanta na mBallstát, lena n-áirítear comhfhiontair chriticiúla; ag aithint Chomhghuaillíocht na Ladrann, tionscnamh idir an Ríocht Aontaithe agus an Laitvia atá faoi stiúir chomhpháirteach ina bhfuil 17 mBallstát, mar shampla dearfach den chomhar maidir le hardfhorbairt cumais riachtanach; á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar aghaidh go hiomlán leis an gComhpháirtíocht Slándála agus Cosanta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar an tsaincheist maidir le sineirgí agus comhlántacht idir an dá bhonn thionsclaíocha a uasmhéadú; á iarraidh ar an dá pháirtí an comhar tionsclaíoch cosanta a dhoimhniú go práinneach, go háirithe maidir le príomhchumais amhail cumasóirí straitéiseacha, trí threochlár le haghaidh comhar tionsclaíoch i réimse na cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>261.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe araon aghaidh a thabhairt ar mhórbhagairtí hibrideacha agus ar chur isteach ó ghníomhaithe mailíseacha, go háirithe – ach ní go heisiach – an Rúis; á chur in iúl gur geal léi gur sainaithníodh an comhar maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis agus cibearshlándáil, mar réimsí tábhachtacha comhair ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; ag moladh an idirphlé maidir le cibearspás a tionóladh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair; ag spreagadh na Ríochta Aontaithe agus an Aontais araon an comhar tairbhiúil atá ann cheana agus comhroinnt faisnéise maidir le sainmhínithe comhchuibhithe agus brath na mbagairtí a dhoimhniú, freagairtí ar fheachtais hibrideacha a shainaithint agus a chomhordú go luath, cur chuige níos coitinne a bheith ann i leith straitéisí díspreagtha i gcoinne cibearbhagairtí, cibear-athléimneacht agus cibear-acmhainneacht a fhorbairt, chomh maith le malartú dea-chleachtais chun slándáil agus athléimneacht ár sochaithe daonlathacha a áirithiú, lena n-áirítear i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>262.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an gealltanas i leith an comhar a neartú maidir le malartú faisnéise feasachta staide, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe; á athdhearbhú a thábhachtaí atá comhordú agus comhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le hoiliúint mhíleata, comhroinnt eolais agus faisnéise, agus oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta, atá bunriachtanach do shlándáil na hEorpa; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach luaitear malartú faisnéise sa Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas comhpháirteach i leith an tsoghluaisteacht mhíleata a threisiú, lena n-áirítear gréasán TEN-T agus uasghráduithe bonneagair dé-úsáide a thabhairt chun críche; á thabhairt chun suntais gur gá tús áite a thabhairt don digitiú ag trasnuithe teorann agus i mbonneagar iompair chun dlús a chur le nósanna imeachta riaracháin, agus chun dul i ngleic le difríochtaí rialála agus easnaimh bhonneagair, a leanann de bheith ina mbacainní suntasacha ar ghluaiseacht mhear trúpaí agus trealaimh; á mheabhrú gur cheart an comhar feabhsaithe sin idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le soghluaisteacht mhíleata a chur chun feidhme freisin laistigh de chreat ECAT trí ghnéithe rialála a fheabhsú, freachnaimh chomhpháirteacha a dhéanamh idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, agus faisnéis a mhalartú maidir le ceanglais bhonneagair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>263.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhordú níos doimhne maidir leis an tslándáil mhuirí mar phríomh-shaincheist don Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta, i bhfianaise a phráinní atá sé slándáil an bhonneagair chriticiúil a neartú, lena n-áirítear fuinneamh agus cumarsáid, agus saoirse loingseoireachta a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht straitéiseach leis an gComhpháirtíocht Slándála agus Cosanta d’earnáil an iompair mhuirí, go háirithe maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil iompair a fheabhsú, bagairtí hibrideacha a chomhrac agus an chibearshlándáil a neartú, lena n-áirítear i réimse na long dromchla uathrialach muirí; á iarraidh go ndéanfaí dlúthchomhordú maidir le cosaint long agus saoráidí calafoirt trí chur chun feidhme comhsheasmhach agus comhchuibhithe an Chóid Idirnáisiúnta um Shlándáil Long agus Saoráid Chalafoirt; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhordú leanúnach maidir le freagairtí ar scáthchabhlach na Rúise, agus á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh malartú faisnéise oibríochtúil agus cothrom le dáta chun go mbeidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe araon in ann freagairt go tráthúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>264.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an gealltanas ón dá pháirtí i leith feabhas a chur ar an gcomhar i bpríomhréimsí amhail an tslándáil mhuirí sa Mhuir Rua, síocháin mharthanach chóir sa Mheánoirthear, cobhsaíocht na staideanna sa tSaiheil, sa tSúdáin agus i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus sna Balcáin Thiar, chomh maith le comhar san Artach; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a tugadh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i leith an comhar a dhoimhniú sna réimsí sin trí idirphlé agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha níos struchtúrtha, lena n-áirítear trí chomhar agus trí chomhordú ar an láthair; ag moladh don Aontas agus don Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, leas iomlán a bhaint as na comhairliúcháin straitéiseacha sa Chomhpháirtíocht Straitéiseach Cosanta maidir leis an Rúis/an Úcráin, an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, na Balcáin Thiar, agus bagairtí hibrideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>265.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe an tsíocháin agus an chobhsaíocht idirnáisiúnta a neartú, lena n-áirítear trí chomhstraitéisí a fhorbairt chun iarrachtaí síochánaíochta na Náisiún Aontaithe a neartú; á iarraidh ar an dá pháirtí cultúr síochána agus idirphlé a chur chun cinn mar bhealach chun coinbhleachtaí a chosc, coinbhleachtaí a bhainistiú agus coinbhleachtaí a réiteach, agus mar bhealach chun tacú le cearta na mban agus cearta inscne; ag tacú le leanúint den chomhar reatha sna réimsí sin; á iarraidh go mbeach comhar fabhrach córasach ann in oibríochtaí síochánaíochta; á chur in iúl gur oth léi gur tháinig deireadh le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i misin an chomhbheartais slándála agus cosanta amhail oibríochtaí Althea nó Atalanta an Aontais le Brexit agus á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ar na Ballstáit agus ar údaráis na Ríochta Aontaithe gníomhaíocht a dhéanamh chun rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe a athbhunú mar mhodh chun an Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta a chur chun feidhme go praiticiúil; á iarraidh go bhfeabhsófaí an comhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar ábhair a bhaineann le forbairt dhaonlathach, le próisis an athchóirithe agus le cleachtais pharlaiminteacha dhaonlathacha i dtríú tíortha, lena n-áirítear breathnóireacht toghchán; á chur in iúl gur geal léi an toil choiteann chun an comhar consalach a neartú chun feabhas a chur ar an bhfreagairt chonsalach do ghéarchéimeanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>266.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an t-ord riailbhunaithe, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta a urramú go hiomlán agus cloí go hiomlán leis, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, chomh maith leis an iltaobhachas; á chur in iúl gur geal léi an t-athdhearbhú ar ghealltanas comhroinnte ina leith ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus á iarraidh go leanfaí de na hiarrachtaí comhpháirteacha chun seasamh leis an ord sin agus é a neartú i bhfianaise na héagobhsaíochta domhanda atá ag dul i méid; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht mhéadaithe chun feidhmiú rianúil fóram agus institiúidí ilnáisiúnta agus réigiúnacha a áirithiú, go háirithe iad siúd a ndearna athruithe geopholaitiúla le déanaí difear dóibh, mar shampla an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta mar bhunchloch de chóras an cheartais idirnáisiúnta, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip nó Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>267.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le déanaí, a leagtar amach sa Chomhthuiscint, go mbunófaí idirphlé rialta maidir le comhar um fhorbairt agus an comhar i bhfreagairt idirnáisiúnta do thubaistí agus i gcabhair dhaonnúil a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>268.</NO.P>ag moladh thacaíocht leanúnach na Ríochta Aontaithe do chomhtháthú Eora-Atlantach, agus do chobhsaíocht agus rathúnas na sé thír sna Balcáin Thiar, lena n-áirítear a rannpháirtíocht i bPróiseas Bheirlín; á iarraidh go méadófaí an comhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le cuspóirí beartais agus slándála comhroinnte a shaothrú i gcomharsanacht thoir na hEorpa i gcoitinne, lena n-áirítear réigiún na Mara Duibhe agus na Balcáin Thiar, bunaithe ar fheasacht staide chomhroinnte, go háirithe chun tacú le hiomláine chríochach, ceannasacht, cobhsaíocht agus athléimneacht dhaonlathach na stát is iarrthóirí ar bhallraíocht an Aontais; á mholadh go ndéanfaí breithniú ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó 25 bliana de rannpháirtíocht sna Balcáin Thiar, agus béim athnuaite á leagan ar dhul chun cinn nithiúil agus athchóirithe claochlaitheacha a áirithiú lena gcuirfear dlús le dul chun cinn na dtíortha i dtreo ballraíocht san Aontas agus lena rannchuideofar le todhchaí níos sláine don Eoraip; ag aithint ról comhpháirteach an Aontais agus na Ríochta Aontaithe maidir le seasamh le Comhaontú Síochána Dayton agus leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>269.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe oibriú le chéile i dtreo síocháin bhuan sa Mheánoirthear, lena n-áirítear tacú le haistriú polaitiúil agus mionlaigh uile sa tSiria a chosaint agus saoirse ó phionós na bpáirtithe uile atá freagrach as sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta sa tSiria a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi an comhar agus na gealltanais sheanbhunaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe i leith oibriú i dtreo sos cogaidh in Gaza agus á iarraidh go práinneach go scaoilfí saor aon ghialla atá fágtha, chomh maith le gealltanas i leith réiteach dhá stát ina mbeidh dhá stát cheannasacha dhaonlathacha ina gcónaí taobh le taobh faoi shíocháin agus faoi shlándáil ráthaithe, agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>270.</NO.P>ag tathant ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe forbairt a dhéanamh ar bhunú na Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta agus í a chur chun feidhme go mear trína hacmhainneacht a scaoileadh go hiomlán trí ghealltanais agus gníomhaíochtaí nithiúla chun a raon feidhme agus a tairbhí iomlána a bhaint amach, lena n-áirítear trí chreat idirinstitiúideach faoi Chomhairle Comhpháirtíochta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe agus faoin Idirphlé maidir le Beartas Eachtrach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá fós le caibidlíocht a dhéanamh ar choinníollacha buiséadacha agus rialála na comhpháirtíochta, agus an tábhacht a bhaineann le neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais á cur i gcuntas;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>271.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint na Ríochta Aontaithe.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>