<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0309</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur i bhfeidhm fhorálacha an Chonartha a bhaineann le prionsbail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus ról na bparlaimintí náisiúnta i bpróiseas reachtach an Aontais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0224/2025 -  Rapóirtéir: Marieke Ehlers)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2025 ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Chonartha a bhaineann le prionsbail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus ról na bparlaimintí náisiúnta i bpróiseas reachtach an Aontais (2025/2042(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagal 5 maidir le tabhairt inniúlachtaí, coimhdeacht agus comhréireacht, Airteagal 10(1) maidir leis an daonlathas ionadaíoch, Airteagal 10(2) maidir le hionadaíocht shaoránaigh AE, Airteagal 10(3) maidir leis an gceart atá ag saoránaigh AE a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais, Airteagal 11 maidir leis an daonlathas rannpháirteach agus Airteagal 12 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann le CAE agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1 </STRING>IO C 202, 7.6.2016, lch. 203, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/pro_1/io.</FIELD></FOOTNOTE> agus do Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann le CAE agus CFAE maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2 </STRING>IO C 115, 9.5.2008, lch. 206.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2-6, 15 agus 122 CFAE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 7 Bealtaine 2009 maidir le forbairt an chaidrimh idir Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta faoi Chonradh Liospóin<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3 </STRING>IO C 212 E, 5.8.2010, lch. 94.</FIELD></FOOTNOTE>, an 16 Aibreán 2014 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4 </STRING>IO C 443, 22.12.2017, lch. 40.</FIELD></FOOTNOTE>, an 19 Aibreán 2018 maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha a bhaineann le parlaimintí náisiúnta<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5 </STRING>IO C 390, 18.11.2019, lch. 121.</FIELD></FOOTNOTE> agus an 17 Eanáir 2024 maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha maidir le parlaimintí náisiúnta<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6 </STRING>IO C, C/2024/5714, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5714/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 22 Samhain 2023 maidir le tograí ó Pharlaimint na hEorpa chun na Conarthaí<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7 </STRING>IO C, C/2024/4216, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4216/oj.</FIELD></FOOTNOTE> a leasú, go háirithe na leasuithe atá beartaithe a bhaineann le prionsabal na coimhdeachta agus Prótacal Uimh. 2,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa]<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">8 </STRING>Draghi, M., The future of European Competitiveness [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] , an Coimisiún Eorpach, 9 Meán Fómhair 2024, https://commission.europa.eu/topics/eu-competitiveness/draghi-report_ga#paragraph_47059.</FIELD></FOOTNOTE> (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascála bliantúla ón gCoimisiún maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus maidir leis an gcaidreamh leis na parlaimintí náisiúnta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ón Tascfhórsa um Choimhdeacht, Comhréireacht agus ‘Níos Lú a Dhéanamh ar Bhealach Níos Éifeachtúla’ an 10 Iúil 2018<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">9 </STRING>https://commission.europa.eu/document/download/8530a17b-e2b8-4cd4-a68d-597767cfbad7_ga?filename=report-task-force-subsidiarity-proportionality-and-doing-less-more-efficiently_ga.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal <STRING ITALIC="on">The principles of subsidiarity and proportionality: Strengthening their role in the EU’s policymaking</STRING> [Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta: Ag neartú a róil i gceapadh beartas an Aontais Eorpaigh] (COM(2018)0703),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A10-0224/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go n-áirithítear le prionsabal na coimhdeachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(3) CAE: ‘nach ngníomhóidh an tAontas, sna réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais’; de bhrí go ndéantar cothromaíocht na cumhachta san Aontas a choimirciú leis an bprionsabal sin; de bhrí go dtugtar sainordú le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, nach rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht AE thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta bunriachtanach chun dlisteanacht dhaonlathach agus tionchar agus éifeachtúlacht rialála an Aontais a áirithiú; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go n-urramóidh an tAontas éagsúlacht a Bhallstát agus go seachnóidh sé ualaí rialála neamhriachtanacha ar na Ballstáit agus ar a n-ábhair dhlíthiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go leagtar amach go soiléir in Airteagail 2-6 CFAE inniúlachtaí eisiacha, comhroinnte agus tacaíochta an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur luadh prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta go sainráite den chéad uair i gConradh Maastricht chun cothromaíocht a bhaint amach idir cumhachtaí méadaitheacha an Aontais Eorpaigh agus ceannasacht na mBallstát; de bhrí gur neartaíodh ról na bparlaimintí náisiúnta le Prótacal Uimh. 2 a ghabhann leis na Conarthaí, a cuireadh isteach le Conradh Liospóin, trí chóras luathrabhaidh (EWS) a thabhairt isteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur tíolacadh 577 seiceáil coimhdeachta agus tuairimí réasúnaithe ó pharlaimintí náisiúnta, 3803 rannchuidiú ó pharlaimintí náisiúnta, trí ‘chárta buí’ agus gan aon ‘chárta oráiste’ ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin in 2009;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis na prionsabail a chumhdaítear i gConradh Liospóin, go háirithe Prótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, nach mór do chreat institiúideach iomlán an Aontais iarrachtaí comhsheasmhacha agus marthanacha a dhéanamh chun rannpháirtíocht ghníomhach na bparlaimintí náisiúnta i bpróiseas cinnteoireachta na hEorpa a áirithiú; de bhrí gur cheart sásraí an chárta bhuí agus oráiste, dá bhforáiltear i gConradh Liospóin, a neartú, agus gur cheart machnamh a dhéanamh ar a n-éifeachtacht a fheabhsú tuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí nach raibh tarraingt siar togra le haghaidh rialacháin mar thoradh ach ar an gcéad cheann de na trí nós imeachta cárta buí<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">10 </STRING>Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle an 21 Márta 2012 maidir le feidhmiú an chirt chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh i gcomhthéacs na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, (COM(2012)0130).</FIELD></FOOTNOTE>, gur eascair comhar feabhsaithe idir 20 Ballstát as an dara ceann seachas cur chun feidhme d’aon toil<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">11 </STRING>Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chruthú: cuireadh an cárta buí i ngníomh in 2013, agus glacadh comhar feabhsaithe faoi Airteagal 86 CFAE in 2017.</FIELD></FOOTNOTE>, agus nach raibh aon éifeacht ag an tríú ceann, agus gur thíolaic parlaimintí 14 thuairim réasúnaithe in 11 Bhallstát<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">12 </STRING>Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 173, 9.7.2018, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/957/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach raibh mar thoradh ar EWS ach dhá nós imeachta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) chun measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta; de bhrí gur rialaigh CBAE sa dá chás nach ndearnadh aon sárú ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur féidir le comhlíonadh docht ag an gCoimisiún agus ag na comhreachtóirí le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta cabhrú le hualaí rialála a mhaolú agus rannchuidiú le próiseas reachtóireachta níos éifeachtúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil cleachtas seanbhunaithe ann go bhfuil gné pharlaiminteach ag gach uachtaránacht rothlach ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus go bhfuil parlaimintí náisiúnta rannpháirteach go comhpháirteach le Parlaimint na hEorpa in go leor comhdhálacha idirpharlaiminteacha maidir le hábhair éagsúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go n-áirítear parlaimintí náisiúnta i bpróiseas reachtach AE faoi fhorálacha sonracha Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann le CFAE, agus go n-áirítear iad chomh maith trí rialú daonlathach a fheidhmiú ar a rialtais náisiúnta faoi seach, a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na mBallstát sa Chomhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil Airteagal 122 CFAE ceaptha lena úsáid i gcásanna eisceachtúla agus géarchéime amháin agus nár cheart mí-úsáid a bhaint as mar bhealach chun dul timpeall ar nósanna imeachta eile a leagtar síos sna Conarthaí, go háirithe ós rud é go n-eisiafaí leis sin rannpháirtíocht na Parlaiminte agus go bhféadfadh sé, dá bhrí sin, muinín an phobail a lagú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur cheart do Pharlaimint na hEorpa agus do na parlaimintí náisiúnta araon grinnscrúdú a dhéanamh ar an gCoimisiún, mar chomhlacht feidhmiúcháin an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta do chreat dlíthiúil agus institiúideach an Aontais; á mheabhrú gur cheart go mbeadh prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta ina ngnéithe bunriachtanacha de chur chuige an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr, atá bunaithe ar thrí phróiseas bhunúsacha, eadhon meastóireacht, measúnú tionchair agus comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara; á athdhearbhú go bhfuil na prionsabail sin bunriachtanach chun roinnt na gcumhachtaí a choimirciú agus chun a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí an Aontais riachtanach agus iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth gurb é an bhunréasúnaíocht atá le prionsabal na coimhdeachta a áirithiú gur cheart cinntí a dhéanamh chomh dlúth agus is féidir leis na saoránaigh, cumas na mBallstát a choimirciú maidir le cinntí agus gníomhaíocht a dhéanamh agus idirghabháil AE a údarú nuair nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, agus é mar phríomhsprioc éifeachtacht a uasmhéadú agus gaireacht níos dlúithe do na saoránaigh a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú go gceanglaítear le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta nach rachaidh bearta arna nglacadh ag institiúidí an Aontais thar atá iomchuí agus riachtanach chun na cuspóirí atá á saothrú go dlisteanach le reachtaíocht an Aontais a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil coincheap na ‘coimhdeachta gníomhaí’ arna fhorbairt ag an Tascfhórsa um Choimhdeacht, Comhréireacht agus ‘Níos Lú a Dhéanamh ar Bhealach Níos Éifeachtúla’ (an Tascfhórsa) bunaithe ar chomhar cuiditheach idir gach leibhéal rialachais ag gach céim de shaolré reachtaíocht an Aontais ar mhaithe le saoránaigh an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ról an Choimisiúin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dícheall cuí agus discréid a fheidhmiú agus reachtaíocht a thagann faoi inniúlachtaí comhroinnte á moladh aige; á iarraidh ar an gCoimisiún an bunús dlí do ghníomhaíocht AE a shainiú go soiléir agus go críochnúil, lena n-áiritheofar go n-urramófar go hiomlán inniúlachtaí na mBallstát agus go mbainfear úsáid iomchuí as bunúis dlí; á chur i bhfios go láidir nach mór do chreat institiúideach iomlán an Aontais iarrachtaí comhsheasmhacha agus marthanacha a dhéanamh chun rannpháirtíocht ghníomhach na bparlaimintí náisiúnta i bpróiseas cinnteoireachta na hEorpa a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur roghnaigh an Coimisiún Airteagal 122 CFAE mar bhunús dlí chun EUR 800 billiún a chur in úsáid d’ionstraim Phlean ReArm Europe/Ullmhacht 2030; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar bhunús dlí an tionscnaimh sin; ag tathant ar an gCoimisiún Airteagal 122 CFAE a léamh i bhfianaise a dhearaidh tosaigh mar réiteach urghnách agus bainistithe géarchéime, agus de mheon phrionsabal na coimhdeachta in aon tograí a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór aon tionscnamh reachtach ón gCoimisiún a thagann faoi inniúlachtaí comhroinnte a cheapadh go docht le measúnú tionchair ex ante críochnúil, lena léireofar ar bhealach cainníochtaithe agus réasúnaithe an gá atá le gníomhaíocht éifeachtach agus le rogha na n-ionstraimí; á éileamh go dtabharfaidh an Coimisiún údar sainráite, trí anailís chomparáideach idir Ballstáit, go bhfuil breisluach suntasach ag baint le comhchuibhiú reachtach ar leibhéal AE agus nach leathnú inniúlachta faoi cheilt é; á mheabhrú go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún, a cuireadh in iúl ina theachtaireacht in 2018, greille mheasúnaithe a chomhtháthú ina threoir maidir le rialáil níos fearr agus í a úsáid mar chuid de na measúnuithe tionchair, de na meastóireachtaí agus de na meabhráin mhíniúcháin a ghabhann lena thograí reachtacha; á chur in iúl gur oth léi nár comhlíonadh é sin i ndáiríre go dtí seo; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an ghreille maidir leis an gcoimhdeacht a d’fhorbair Coiste Eorpach na Réigiún agus ag spreagadh an Choimisiúin í a úsáid mar bhonn dá mheasúnuithe coimhdeachta; á áitiú gur gá rialú níos déine a dhéanamh ar úsáid Airteagail 122 agus 352 CFAE mar bhunús dlí agus á iarraidh go ndéanfaí réamhchomhairliúchán neartaithe leis na parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu sula molfar reachtaíocht ar leibhéal AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl go n-aontaíonn sí leis na hábhair imní a chuir Coiste um Ghnóthaí Eorpacha Sheanad na Fraince<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">13 </STRING>An Seanad, an Coiste um Ghnóthaí Eorpacha, ‘Dérive normative de l’Union européenne – Rapport d’information n° 190 (2024-2025), 4 Nollaig 2024.</FIELD></FOOTNOTE> in iúl d’aon toil maidir leis an mbunús dlí lag do thionscnaimh reachtacha áirithe de chuid an Aontais, maidir leis an gclaonadh méadaitheach i bhfabhar rialacháin seachas treoracha, agus maidir le húsáid iomarcach gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú go gceanglaítear le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis na Conarthaí ar an gCoimisiún breithmheas mionsonraithe a chur ar fáil i dtaobh ar chomhlíon sé prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta; ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa, anailís níos córasaí a dhéanamh ar choimhdeacht agus comhréireacht agus tograí reachtacha á ndréachtú aige; á mheabhrú go bhfuil seiceálacha coimhdeachta bunriachtanach don dea-rialachas agus nár cheart iad a laghdú go cleachtadh ticbhosca amháin; á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir leis na prionsabail sin a chur i bhfeidhm, agus go dtabharfaí i ngach togra reachtach údar mionsonraithe le hidirghabháil AE, breisluach na gníomhaíochta agus comhréireacht na mbeart i ndáil leis na cuspóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cheart freagairtí an Choimisiúin ar thuairimí réasúnaithe a mheas go cúramach fiú nuair nach dtacaíonn líon mór parlaimintí náisiúnta leo; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an staid shonrach i mBallstáit aonair, agus éagsúlacht na dtraidisiún dlíthiúil agus na ndifríochtaí réigiúnacha ar fud an Aontais á gcur san áireamh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur beag fianaise atá ann go n-athraíonn an Coimisiún a thograí go suntasach mar thoradh ar thuairimí réasúnaithe arna dtíolacadh ag parlaimintí náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go bhféadfadh costais an-ard a bheith i gceist le reachtaíocht nua AE a chur chun feidhme do bhardais, go háirithe i gceantair iargúlta nó i gceantair atá tearc i ndaonra; á mheas nach mór acmhainní airgeadais leordhóthanacha a bheith ag bardais chun dlí AE a chur chun feidhme, ionas go mbeidh siad in ann noirm reachtacha nua AE a chomhlíonadh; á chur i bhfios gur cheart go bhfreagródh na hacmhainní airgeadais sin do na costais cur chun feidhme a thabhaíonn na bardais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios gurb annamh a bhain parlaimintí náisiúnta úsáid as nósanna imeachta an ‘chárta bhuí’ nó an ‘chárta oráiste’; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil sé sin mar gheall ar neamhshuim ó thaobh na bparlaimintí náisiúnta de; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh roinnt mínithe a bheith ann maidir le húsáid theoranta nós imeachta an chárta bhuí, lena n-áirítear an easpa trédhearcachta i reachtóireacht AE, an easpa eolais faoi phróiseas reachtach AE, agus srianta ama; á mheas go bhfuil sé níos deacra an tairseach is gá a bhaint amach de bharr go staonann parlaimintí ón ionstraim a úsáid ; á aithint go bhfuil an nós imeachta atá ann faoi láthair ró-anásta agus go bhféadfaí feabhas a chur air; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, na tograí a rinne sí roimhe seo chun síneadh 12 sheachtain a chur leis an spriocdháta do nósanna imeachta cártaí buí agus machnamh níos leithne a dhéanamh ar an bhféidearthacht EWS a uasghrádú go huirlis chun a chur ar chumas na bparlaimintí náisiúnta beartais AE a mhúnlú; á mheabhrú, sa chiall sin, an rún is déanaí uaithi maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha maidir le parlaimintí náisiúnta, inar iarr sí ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh dóthain acmhainní ag parlaimintí náisiúnta chun a ról bunreachtúil maoirseachta a chomhlíonadh agus inar mhol sí go n-úsáidfeadh parlaimintí náisiúnta an t-ardán do Mhalartú Idirpharlaiminteach AE (IPEX) ar bhealach níos éifeachtaí agus go mbeadh a bparlaimintí réigiúnacha rannpháirteach i gcur i bhfeidhm EWS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh nósanna imeachta neamhfhoirmiúla chun feabhas a chur ar an gcomhordú idir an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta, amhail an t-idirphlé polaitiúil, idirphlé na rapóirtéirí agus an suíomh gréasáin dar teideal ‘Tuairimí ó Pharlaimintí Náisiúnta agus freagraí ón gCoimisiún’<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">14 </STRING>https://national-parliaments-opinions.ec.europa.eu/home.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tathant ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhairliúchán leis na parlaimintí náisiúnta maidir le hábhair imní choimhdeachta, mar shampla trí ‘mhol coimhdeachta aonair’ (SSH) a bhunú bunaithe ar ardán IPEX, ina ndéanfaí tuairimí réasúnaithe, chomh maith le, mar shampla, rannchuidithe, tuairimí ó Choiste Eorpach na Réigiún, freagraí ón gCoimisiún agus rúin ón bParlaimint a bhailiú agus a rochtain gan bhac; á mheas go mbeadh SSH oiriúnach do na Ballstáit chun a iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht tacaíochta nó chomhordaithe a mholadh i réimse ina bhfuil inniúlacht eisiach ag na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an Coimisiún le déanaí chun an ghreille maidir leis an gcoimhdeacht a leathnú agus a fheabhsú mar chuid dá mheasúnú tionchair ex ante ar reachtaíocht AE trí úsáid a bhaint as an mbosca uirlisí um rialáil níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-athbhreithniú ar choimhdeacht a phríomhshruthú tuilleadh ina thimthriall beartais trí, inter alia, an mheastóireacht ar choimhdeacht a leathnú i ndiaidh caibidlíochtaí idirinstitiúideacha má cheanglaítear sin leis na leasuithe a eascraíonn astu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go bhfuil rannpháirtíocht an Choimisiúin leis na parlaimintí náisiúnta teoranta agus go dtarlaíonn sí ródhéanach sa phróiseas reachtach, rud a chuireann teorainn, dá réir sin, le cumas na bparlaimintí náisiúnta tionchar a imirt ar thograí reachtacha; ag tathant ar an gCoimisiún a iarraidh ar na parlaimintí náisiúnta ionchur a chur ar fáil ag céim níos luaithe, go sonrach, nuair a bhíonn comhairliúcháin ar siúl;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chreidiúint gur ríthábhachtach é idirphlé idirpharlaiminteach foirmiúil agus neamhfhoirmiúil ag céim níos luaithe sa phróiseas reachtóireachta chun prionsabal na coimhdeachta a thrasuí i gceart; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé sin a bheith i bhfoirm cruinnithe míosúla nó ráithiúla idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) agus comhaltaí na bparlaimintí náisiúnta de mheon Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 1;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas go cúramach i gcónaí an mbeadh comhordú méadaithe leis na húdaráis náisiúnta mar réiteach níos fearr i réimsí ar leith ná gníomhaireachtaí trasnáisiúnta nua a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cur béim ar ról lárnach na bparlaimintí atá i gcroílár an daonlathais agus ar an ngá atá ann roinnt shoiléir na n-inniúlachtaí a urramú idir na leibhéil éagsúla den daonlathas liobrálach Eorpach, eadhon na leibhéil áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta a leagtar síos in Airteagal 5 CAE, chun dlisteanacht dhaonlathach agus próiseas cinnteoireachta éifeachtúil a áirithiú agus chun muinín agus comhar idir parlaimintí ar leibhéil éagsúla a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aird níos mó a thabhairt ar na tuairimí a chuir Coiste Eorpach na Réigiún in iúl tríd an Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht a cruthaíodh chun malartú faisnéise idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus an tAontas a éascú maidir leis na tograí reachtacha éagsúla a mbeidh tionchar díreach acu, tar éis a nglactha, ar na comhlachtaí sin agus ar na beartais a bhfuil siad freagrach astu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ról na bparlaimintí náisiúnta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról lárnach ag parlaimintí náisiúnta maidir le comhréireacht an Aontais le prionsabal na coimhdeachta agus go gcuirfí feabhas ar bhailíocht agus dlisteanacht dhaonlathach an Aontais agus ar a thionscnaimh reachtacha, leis an bpróiseas reachtach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le grinnscrúdú leanúnach ar reachtaíocht AE agus le rannpháirtíocht níos gníomhaí ó na bparlaimintí náisiúnta trí na sásraí dá bhforáiltear sna Conarthaí, lena n-áirítear nósanna imeachta an chárta bhuí agus an chárta oráiste; ag spreagadh na bparlaimintí náisiúnta feabhas a chur ar a gcumas grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht AE agus dúshlán a thabhairt di go héifeachtach faoi phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, maoirseacht níos láidre agus níos tráthúla a fheidhmiú ar thograí reachtacha agus lena n-áiritheofar go n-urramófar le tionscnaimh reachtacha AE cothromaíocht agus comhroinnt inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheabhrú go bhfeidhmíonn parlaimintí náisiúnta rialú daonlathach ar a rialtais náisiúnta faoi seach, a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na mBallstát sa Chomhairle; á thabhairt chun suntais go ndéanann roinnt Ballstát foráil do rannpháirtíocht níos gníomhaí dá bparlaimintí náisiúnta agus/nó réigiúnacha i bpróiseas reachtach na hEorpa, mar shampla, trí forchoimeádas parlaiminte a fheidhmiú; ag spreagadh na mBallstát uile bearta a chur chun feidhme lena n-áiritheofar rannpháirtíocht níos gníomhaí na bparlaimintí náisiúnta i bhfoirmiú a seasamh náisiúnta chun dlisteanacht dhaonlathach phléití na Comhairle a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannchuidithe Chruinniú Iomlánach LXXII de Chomhdháil na gCoistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais (COSAC)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">15 </STRING>https://secure.ipex.eu/IPEXL-WEB/download/file/8a8629a8930500d90193061cc8e70006/LXXII%20COSAC%20Contribution%20EN.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>, inar moladh an t-athbhreithniú coimhdeachta ag na parlaimintí náisiúnta a neartú trí shíneadh a chur leis an sprioc-am ocht seachtaine chun tuairimí a chur isteach go 10 seachtaine agus tríd an tairseach chun an cárta buí a ghníomhachtú a ísliú go dtí an ceathrú cuid de na vótaí a chaitear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh go neartófaí ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht, ar idirphlé agus ar shásraí comhair idir na parlaimintí náisiúnta agus an Coimisiún; á chur i bhfáth, cé nach bhfuil cumhachtaí díreacha foirmiúla ag parlaimintí náisiúnta ar an gCoimisiún atá cosúil le cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, gur cheart a dtionchar polaitiúil a threisiú chun níos mó trédhearcachta agus dlisteanachta a áirithiú maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chreidiúint gur cheart ról níos dearfaí agus níos réamhghníomhaí a thabhairt do pharlaimintí náisiúnta, mar shampla, trí ‘chárta glas’ a chruthú a d’oibreodh le tairseacha níos ísle; á iarraidh, thairis sin, go gcuirfí síneadh, i gcomhthéacs an chéad athbhreithnithe eile ar na Conarthaí, leis an sprioc-am reatha ocht seachtaine do pharlaimintí náisiúnta chun tuairimí réasúnaithe a thíolacadh faoi Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 go 12 sheachtain; á mheabhrú go bhfuil foráil déanta cheana féin ag an gCoimisiún do sholúbthacht áirithe maidir leis na spriocdhátaí, tríd an tréimhse idir an 20 Nollaig agus an 10 Eanáir a eisiamh freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á athdhearbhú gur gá an comhar struchtúrach idir comhreachtóirí an Aontais agus reachtóirí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a neartú; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, go raibh ról lárnach ag an tSeachtain Pharlaiminteach Eorpach agus ag Cruinnithe Coiste Idirpharlaiminteacha; á chreidiúint, dá ndéanfaí tuilleadh forbartha ar Sheachtain Pharlaiminteach Eorpach bhliantúil leathnaithe, go mbeadh FPEnna, Coimisinéirí agus airí uachtaránachtaí suite na Comhairle in ann seasamh os comhair na bparlaimintí náisiúnta uile agus, i gcás inarb iomchuí, os comhair na bparlaimintí réigiúnacha uile chun an clár oibre Eorpach a phlé agus a mhíniú in éineacht le parlaiminteoirí náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mholadh go gcuirfí tús le plé maidir le dearbhú polaitiúil comhchoiteann nó creat-chomhaontú polaitiúil a tharraingt suas idir na parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa maidir le heagrú na Seachtaine Eorpaí atá beartaithe chun creat comhair níos comhleanúnaí a chur ar fáil ar an leibhéal polaitiúil, institiúideach agus riaracháin; á mheas gur cheart don tSeachtain Pharlaiminteach Eorpach atá beartaithe ceachtanna a fhoghlaim ó fhóraim reatha agus ó fhóraim roimhe seo, amhail an tseachtain pharlaiminteach a tionóladh ag Comhdháil an tSeimeastair Eorpaigh agus ag an gComhdháil Idirpharlaiminteach ar Chobhsaíocht, Comhordú Eacnamaíoch agus Rialachas san Aontas Eorpach, chomh maith leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;  á chreidiúint, thairis sin, go bhféadfadh cruinnithe de chuid na bhfinte polaitiúla agus cácais idir grúpaí polaitiúla náisiúnta agus Eorpacha agus laistigh de na grúpaí sin faoi chuimsiú chomhar idirpharlaiminteach AE breisluach a chur ar fáil i bhfoirm fíordhíospóireacht pholaitiúil Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mheas go léiríonn úsáid theoranta nós imeachta an chárta bhuí agus neamhéifeachtacht nós imeachta an ‘chárta oráiste’ go bhféadfaí feabhas a chur orthu fós agus go bhfuil teorainneacha leo toisc nach bhfuil aon éifeacht cheangailteach acu ar thograí reachtacha an Choimisiúin; á mheas gur féidir comhordú níos fearr a dhéanamh idir na parlaimintí náisiúnta ina leith sin; á chur i bhfios go láidir go mbeadh rannpháirtíocht níos gníomhaí ann maidir le tograí reachtacha AE dá mbeadh comhar níos fearr ann idir parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa, agus go mbeadh ról neartaithe ag parlaimintí náisiúnta maidir le reachtaíocht AE a mhúnlú dá mbeadh comhar ann idir rialtais náisiúnta mar idirghabhálaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag pobail réigiúnacha agus áitiúla agus ag tathant ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí inar féidir a n-ionchur a ionchorprú ar bhealach níos fearr i dtograí reachtacha, agus sa mheastóireacht ar reachtaíocht reatha AE, chomh maith;  á mheas, ina leith sin, gur cheart don Choimisiún eagrú comhairliúchán poiblí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a éascú chun gníomhú agus rannpháirtíocht na saoránach i gceapadh beartas AE a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag spreagadh institiúidí AE agus na bparlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu chun a bheith rannpháirteach ar bhealach níos gníomhaí agus idirghníomhú go díreach lena chéile, agus ról agus inniúlachtaí na bparlaimintí náisiúnta á n-urramú go hiomlán; á iarraidh ar na parlaimintí náisiúnta na tuairimí réasúnaithe ó pharlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu a áireamh ina dtuairimí réasúnaithe críochnaitheacha a chuirtear chuig Uachtarán na Parlaiminte, chuig Uachtarán na Comhairle agus chuig Uachtarán an Choimisiúin nuair a dhéantar difear d’inniúlachtaí réigiúnacha eisiacha; á athdhearbhú go dtugtar le hAirteagal 12 CAE agus Prótacal Uimh. 1 an ceart do pharlaimintí náisiúnta faisnéis a fháil go díreach ó institiúidí AE; ag moladh go ndéanfaí an ceart chun bheith ar an eolas a leathnú freisin chuig parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhréir leis na moltaí i dtuarascáil Draghi, imscrúdú uile-Aontais a sheoladh chun na cúiseanna atá le feidhmiú teoranta acmhainneacht ghrinnscrúdaithe na bparlaimintí náisiúnta i ndáil le coimhdeacht a shainaithint agus anailís a dhéanamh orthu; ag spreagadh an Choimisiúin leas a bhaint as saineolas agus taithí na n-údarás náisiúnta agus réigiúnach maidir le reachtaíocht AE a thrasuí agus a chur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ról CBAE</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag CBAE maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta i gcreat dlíthiúil AE a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú; á chur i bhfáth, ó tugadh isteach é mar phrionsabal ginearálta, nach raibh prionsabal na coimhdeachta faoi réir dian-athbhreithniú breithiúnach ag CBAE; á chur in iúl gur oth léi gur beag rannpháirtíocht a léiríonn na hAbhcóidí Ginearálta maidir le hargóintí coimhdeachta ina dtuairimí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh drogall a bheith ar na Ballstáit dul i dteagmháil le CBAE ar an gcéad dul síos mar gheall ar an drogall is dealraitheach atá ar CBAE an choimhdeacht a fhorfheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún, ina chomhairliúcháin leis na Ballstáit, a áirithiú go gcuirfidh rialtais fianaise ar fáil maidir le seasaimh na bparlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á aithint go meastar go bhfuil drogall ar CBAE coimhdeacht a fhorfheidhmiú go láidir mar shrian fóinteach ar ghníomhaíocht reachtach AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil CBAE faoi cheangal freisin ag prionsabail na coimhdeachta agus ábhair a bhaineann le hinniúlachtaí comhroinnte á léirmhíniú aici, ós rud é gurb ionann gníomh an léirmhínithe bhreithiúnaigh ar reachtaíocht agus reachtóireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire léirmhíniú CBAE nach sárú ar phrionsabal na comhréireachta é cás ar leith ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit a chur i gcuntas sa mheasúnú ar thionscnamh reachtach<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">16 </STRING>Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 18 Meitheamh 2015, <STRING ITALIC="on">Poblacht na hEastóine</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh</STRING>, C-508/13, ECLI:EU:C:2015:403.</FIELD></FOOTNOTE>; á áitiú go bhfuil saintréithe aonair na mBallstát ábhartha chun reachtaíocht a dhréachtú don Aontas ina iomláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di breithiúnas CBAE ina sonraítear nach féidir a mheas gur sárú ar phrionsabal na comhréireachta é mainneachtain measúnú tionchair a dhéanamh<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">17 </STRING>Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 3 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Poblacht na Seice</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh</STRING>, C-482/17, ECLI:EU:C:2019:1035.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair a dhéanamh gan eisceacht agus a áirithiú, nuair a thagann athrú ar raon feidhme an togra reachtaigh, go gcuirfidh an Coimisiún measúnú tionchair nua chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil urraim do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta ríthábhachtach do mhuinín na saoránach as an Aontas agus as a reachtaíocht, agus gur cheart í a chur in iúl don phobal ar bhealach níos soiléire le linn na cumarsáide i dtaca le tionscnaimh reachtacha aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart go mbeadh measúnuithe tionchair bunaithe ar fhaisnéis chruinn, oibiachtúil agus iomlán; á mheas, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach do chomhreachtóirí an Aontais ionchur a bhailiú ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, atá in ann an fhaisnéis is beaichte a chur ar fáil maidir le saincheisteanna éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí suirbhé ar pharlaimintí náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar na tosca a mbíonn tionchar acu ar an úsáid a bhaineann siad as nós imeachta an chárta bhuí agus ar an gcaoi a mbraitheann siad faoi urraim do phrionsabal na coimhdeachta i gcinnteoireacht AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ábhartha suirbhé a dhéanamh i measc comhlachtaí reachtacha náisiúnta chun a n-aiseolas a bhailiú maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta; á mholadh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Coimisiún suirbhé den sórt sin chun a shainaithint na réimsí inar gá do chomhlachtaí reachtacha náisiúnta a bheith ina bpríomhphearsa don athrú agus a mhéid is gá dóibh a bheith ina bpríomhphearsa don athrú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha críochnaitheacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a shainiú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach níos soiléire agus níos comhsheasmhaí, agus cur chuige na coimhdeachta gníomhaí a d’fhorbair an Tascfhórsa á chur i gcuntas agus á áirithiú go gcuirfidh institiúidí uile an Aontais comhthuiscint ar na bunphrionsabail sin i bhfeidhm sa phróiseas reachtach; á mholadh go gcuirfí tús le plé maidir le ‘cúirt coimhdeachta’ a chruthú i bhfianaise athbhreithniú ar na Conarthaí amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á éileamh go ndúnfaí aon bhealach éalaithe dlíthiúil ar mhaithe le trédhearcacht níos fearr agus tograí reachtacha á n-ullmhú ag an gCoimisiún, lena n-áirítear rannpháirtíocht níos luaithe leis na parlaimintí náisiúnta chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh leormhaith ar ábhair imní choimhdeachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag formhuiniú thátal thuarascáil Draghi gur cheart do bheartas agus gníomhaíocht reachtach an Aontais díriú ar réimsí ina bhfuil breisluach níos mó ag an Aontas ‘go fírinneach’ i gcomparáid le gníomhaíocht beartais náisiúnta nó fhonáisiúnta; ag tathant ar institiúidí AE, thairis sin, prionsabal féinsrianta a ghlacadh i gceapadh beartas trí thionscnaimh a bheidh ann amach anseo a roghnú ar bhealach níos cúramaí agus tríd an reachtaíocht reatha a chuíchóiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á mheas gur cheart measúnú rialta a dhéanamh ar reachtaíocht reatha AE ó thaobh a comhréireachta agus a leormhaitheasa de i ndáil le cúinsí nua-aimseartha; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an intleacht shaorga a bheith ríthábhachtach chun neamhréireachtaí dlíthiúla nó éifeachtaí díréireacha a aimsiú, agus ar an gcaoi sin comhlíonadh a éascú agus aghaidh a thabhairt, i gcás inarb infheidhme, ar aon easpa comhréireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á mholadh gur cheart úsáid níos fearr a bhaint as na gníomhaíochtaí idirpharlaiminteacha uile arna bhforbairt faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann le Conradh Liospóin (lena n-áirítear COSAC, IPEX, ECPRD, etc.) ag parlaimintí náisiúnta agus ag Parlaimint na hEorpa agus gur cheart iad a chomhtháthú go sineirgíoch chun prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil cumhachtaí móra ag na Feisirí, ós rud é gurb iad saoránaigh na hEorpa a thoghann go díreach iad, chun clár oibre reachtach AE a leagan síos; á ghealladh go n-úsáidfear an ceart tionscnaimh faoi Airteagal 225 CFAE chun a mholadh go n-aisghairfear reachtaíocht chun an t-ualach rialála a laghdú, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á athdhearbhú go n-éascófar reachtóireacht níos fearr le hurraim do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus go laghdófar ualaí rialála agus rómhaorlathas chomh maith; á áitiú gur cheart don Choimisiún, sula ndéanfaidh sé togra reachtach, a mheas an féidir an éifeacht dhearfach inmhianaithe a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, agus, i gcásanna éiginnteachta faoin leibhéal is iomchuí le haghaidh gníomhaíochta, gur cheart toimhde infhrisnéise a bheith ann i bhfabhar leibhéil níos ísle rialtais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur i bhfios go láidir conclúidí an Tascfhórsa gur cheart don Choimisiún agus do na comhreachtóirí cothromaíocht a bhaint amach idir a gcuid oibre chun cur chun feidhme níos éifeachtaí a bhaint amach seachas reachtaíocht nua a thionscnamh nó an reachtaíocht reatha a leasú i gcónaí i réimsí ina bhfuil an corpas reachtaíochta reatha as dáta agus/nó ina ndearnadh athbhreithniú substaintiúil air le déanaí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>