<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0316</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Elisabetta Gualmini</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0263/2025 -  Rapóirtéir: Ilhan Kyuchyuk)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Elisabetta Gualmini (2025/2063(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine tharscaoileadh Elisabetta Gualmini, a fuarthas i litir dar dáta an 27 Feabhra 2025 ón tSeirbhís Prótacail de Sheirbhís Phoiblí Fheidearálach na Beilge um Ghnóthaí Eachracha, Trádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha ina raibh iarraidh ó Oifig Ionchúisitheoir Feidearálach na Beilge maidir le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh ina coinne, agus a fógraíodh i bParlaimint na hEorpa an 10 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di éisteacht a thabhairt d’Elisabetta Gualmini an 4 Meitheamh 2025 agus ag féachaint do na doiciméid a thíolaic sí, i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhaisnéis bhreise arna soláthar ag Ionchúisitheoir Feidearálach na Beilge i litir dar dáta an 27 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, an 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, <STRING ITALIC="on">Puigdemont i Casamajó agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0263/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur iarr Ionchúisitheoir Feidearálach na Beilge an 27 Feabhra 2025 go ndéanfaí díolúine Elisabetta Gualmini, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh san Iodáil, a tharscaoileadh i ndáil le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh ina coinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go líomhnaítear gur thug imscrúdú atá ar siúl faoi láthair i gcomhthéacs an cháis ar a dtugtar Qatargate chun solais gur ann d’eagraíocht choiriúil laistigh d’Institiúidí an Aontais, go sonrach i bParlaimint na hEorpa, a raibh sé de chuspóir ag an eagraíocht a líonra tionchair a úsáid laistigh d’institiúidí an Aontais, go háirithe i ndáil le Feisirí, cúntóirí agus oifigigh d’fhonn tionchar a imirt ar phróiseas cinnteoireachta na Parlaiminte chun socair leasanna geopholaitiúla tríú tíortha áirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata ar dhíolúine Elisabetta Gualmini, go líomhnaítear gur tháinig sé chun solais le linn an imscrúdaithe sin go bhféadfadh go raibh baint ag Elisabetta Gualmini le gníomhartha caimiléireachta trí ghlacadh leis gur úsáid an eagraíocht choiriúil líomhnaithe an tionchar a bhí aici chun an post mar leas-uachtarán ar a grúpa polaitiúil féin a bhaint amach i nDeireadh Fómhair 2022 mar mhalairt ar thionchar a imirt ón bpost sin laistigh den ghrúpa polaitiúil sin ar leas na heagraíochta coiriúla líomhnaithe sin; de bhrí go bhfuil an próiseas chun leas-uachtarán a cheapadh ar an ngrúpa polaitiúil i dtrácht bunaithe, go deimhin, ar nós imeachta mionsonraithe agus bunaithe arb é an toradh a bheidh air cinneadh arna dhéanamh ag seisiún iomlánach an ghrúpa pholaitiúil ar bhealach oscailte agus trédhearcach; de bhrí go ndealraíonn sé gur tháinig post leas-uachtarán an ghrúpa pholaitiúil i dtrácht chun bheith folamh an 12 Deireadh Fómhair 2022; de bhrí, tar éis an nós imeachta bunaithe, gur cheap an grúpa polaitiúil Elisabetta Gualmini mar leas-uachtarán air an 18 Deireadh Fómhair 2022; de bhrí, díreach tar éis a ceapacháin, gur ghabh Elisabetta Gualmini buíochas le príomhchomhalta toimhdithe na heagraíochta coiriúla líomhnaithe as an tacaíocht agus an chomhairle líomhnaithe a fuarthas sa chomhthéacs sin; de bhrí nach raibh aon oifig ag ceannaire toimhdithe na heagraíochta coiriúla líomhnaithe laistigh den Pharlaimint ón 1 Iúil 2019 ar aghaidh agus, thairis sin, gur bhain an duine sin le páirtí polaitiúil náisiúnta eile seachas Elisabetta Gualmini, ach, mar is intuigthe san iarraidh, gan é a mhíniú tuilleadh, go líomhnaítear go raibh tionchar leathan ag an duine sin ar an bpróiseas iomlán maidir le leas-uachtarán a cheapadh sa ghrúpa polaitiúil sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go líomhnaítear, mar a maíodh san iarraidh, gan é a mhíniú tuilleadh, go ndearna an eagraíocht choiriúil líomhnaithe, trína líonra tionchair toimhdithe, iarracht Elisabetta Gualmini a fhorchur mar chathaoirleach ar chruinniú a grúpa pholaitiúil an 16 Samhain 2022, arbh é ba chuspóir dó seasamh an ghrúpa a chinneadh maidir le hoiriúnacht pholaitiúil díospóireacht iomlánach a reáchtáil ar an staid i gCatar agus vótáil ar rún práinneach ar an ábhar sin; de bhrí go líomhnaítear gur iarr sí treoireacha agus/nó gur chomhaontaigh sí glacadh le treoireacha maidir leis an méid a bheadh le rá aici ag an gcruinniú sin agus go líomhnaítear gur úsáid sí argóintí arna ndeachtú di i ngeall ar a mhí-oiriúnaí a bheadh sé díospóireacht iomlánach ar Chatar a reáchtáil agus rún a bheith ar an ábhar; de bhrí gur tháinig sé chun solais le linn an nós imeachta nach ndearna Elisabetta Gualmini cathaoirleacht ar an gcruinniú sin, ós rud é gur ghlac leas-uachtarán eile de chuid an ghrúpa pholaitiúil lena mbaineann an ról sin, agus de bhrí gur cosúil nach raibh i ról Elisabetta Gualmini sa chruinniú sin ach an pointe a chur i láthair ar chlár oibre chruinniú an ghrúpa pholaitiúil maidir le hullmhú do sheisiún iomlánach mhí na Samhna II 2022; de bhrí, ina theannta sin, gur cosúil go raibh an chonclúid a chuir Elisabetta Gualmini i láthair tar éis an phlé a rinneadh ag cruinniú an ghrúpa pholaitiúil i dtrácht ag teacht salach ar na treoracha a líomhnaítear a fuarthas ón eagraíocht choiriúil líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, go bhfuil drochamhras ann go ndearna Elisabetta Gualmini gníomhartha neamhdhleathacha líomhnaithe idir an 1 Iúil 2019 agus an10 Nollaig 2022, ar féidir iad a rangú faoi dhlí na Beilge mar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht eagraíochta coiriúla agus mar bhreabaireacht éighníomhach, cionta coiriúla faoi Airteagail 324bis agus 324ter, faoi seach, agus Airteagail 246 go 250, de Chód Coiriúil na Beilge faoi seach; de bhrí nach soláthraíonn an iarraidh agus an fhaisnéis bhreise a fuarthas ó Ionchúisitheoir Cónaidhme na Beilge ach tásca ar ghníomhartha líomhnaithe a bhaineann leis an tréimhse ón 4 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Nollaig 2022, rud a fhágann an tréimhse roimh an 4 Deireadh Fómhair 2022 gan aon bhunús a thabhairt; de bhrí go bhfuil neamhréireacht ann, dá bhrí sin, idir an tréimhse ina ndearnadh an cion líomhnaithe agus an t-údar a tugadh sna cúiseanna leis an iarraidh ar tharscaoileadh na díolúine;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach féidir leis an bParlaimint ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine pharlaiminteach dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh an Pharlaimint agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir í a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh nach bhfuil Feisirí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh; de bhrí gur foráil ar leith é Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh arb é is aidhm dó cosaint a thabhairt do shaoirse Fheisire na Parlaiminte chun tuairimí a nochtadh agus dá neamhspleáchas<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543, pointe 26.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nach ionann na cionta líomhnaithe, agus nach bhfuil baint dá réir sin ag an iarraidh dá éis ar dhíolúine Elisabetta Gualmini a tharscaoileadh, le tuairim a nocht sí ná le vóta a chaith sí agus a dualgais á gcomhlíonadh aici de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (b), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch aon Bhallstáit nach é a mBallstát féin é;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na Eorpa, nach pribhléid phearsanta don Fheisire í an díolúine pharlaiminteach, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go leanann sé ó chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil ‘rogha an-leathan ag an bParlaimint maidir leis an treo a bhfuil sé ar intinn aici a thabhairt do chinneadh tar éis iarraidh ar tharscaoileadh díolúine (...), mar gheall ar chineál polaitiúil an chinnidh sin’<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23, mír 59 agus an cásdlí a luaitear.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur gá teacht ar aon chonclúid maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Elisabetta Gualmini ar bhonn na faisnéise agus na mínithe a sholáthraítear sa chás seo, go háirithe iad siúd arna soláthar ag Ionchúisitheoir Cónaidhme na Beilge; de bhrí gur cosúil go bhfuil an tuairisc ar na fíorais líomhnaithe agus na conclúidí ina dhiaidh sin san iarraidh ar tharscaoileadh, in éagmais mínithe níos mionsonraithe, neamhréireach, ag brath ar thoimhdí agus ar áitiú nó gan urraim a thabhairt do na próisis pholaitiúla sheanbhunaithe laistigh den Pharlaimint maidir le leas-uachtaráin a cheapadh i ngrúpaí polaitiúla agus seasaimh inmheánacha laistigh de ghrúpa polaitiúil a ullmhú agus a thabhairt i gcrích; de bhrí gur cosúil nár léiríodh aon <STRING ITALIC="on">quid pro quo</STRING> soiléir agus de bhrí nach léirítear go leordhóthanach aon tairbhe phearsanta do Elisabetta Gualmini a d’eascródh go haonchiallach as na fíorais líomhnaithe a chuirtear i láthair san iarraidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, thairis sin, go léiríonn na fíorais líomhnaithe a cuireadh chun cinn san iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Elisabetta Gualmini dímheas ar an gcomhthéacs doscartha agus ar an nasc le gníomhaíochtaí polaitiúla rialta grúpa pholaitiúil nó le gníomhaíochtaí polaitiúla rialta arna seoladh ag na Feisirí laistigh de ghrúpa polaitiúil; de bhrí go mbunaítear grúpaí polaitiúla sa Pharlaimint faoina Rialacha Nós Imeachta agus go bhfuil siad á rialú acu, go bhfuil ról lárnach acu d’eagrú inmheánach agus d’obair na Parlaiminte mar institiúid agus go bhfuil siad ríthábhachtach dá croífheidhm dhaonlathach; de bhrí go ndéanann na grúpaí polaitiúla, go háirithe, a gcuid dualgas a chomhall mar chuid de ghníomhaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear na cúraimí a leithroinntear orthu le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí nach é cuspóir na díolúine parlaimintí éagóiritheoireacht a chosaint, ach feidhmiú daonlathach Pharlaimint na hEorpa a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, ar bhonn an mhéid sin roimhe seo, gur cúis imní iad na neamhréireachtaí maidir leis an tréimhse ina ndearnadh an cion líomhnaithe agus an t-údar a tugadh, na héiginnteachtaí maidir leis na heilimintí ar a bhfuil an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Elisabetta Gualmini bunaithe, agus na cúiseanna leis an iarraidh, chomh maith leis an easpa fianaise nó mínithe leordhóthanacha ar an éagóir líomhnaithe, lena n-áirítear i gcomhthéacs na bpróiseas polaitiúil seanbhunaithe, go bhféadfadh sé go raibh sé beartaithe leis na himeachtaí damáiste a dhéanamh do chlú an Fheisire lena mbaineann agus go léirítear leo go bhfuil easpa eilimintí leordhóthanacha ann do Pharlaimint na hEorpa chun foras tromchúiseach a bhfuil bunús maith leis a chruthú chun díolúine Elisabetta Gualmini a tharscaoileadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go ndealraíonn sé, dá bhrí sin, gur féidir glacadh leis gurb ann do <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, sa chás seo, i.e. go bhfuil ‘fianaise nithiúil’ ann<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Meán Fómhair 2020, <STRING ITALIC="on">Troszczynski</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, C-12/19 P, ECLI:EU:C:2020:725, mír 26.</FIELD></FOOTNOTE> gurb é a bhí beartaithe leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil Elisabetta Gualmini agus, dá bhrí sin, ó ghníomhaíocht pholaitiúil na Parlaiminte ina hiomláine, lena n-áirítear óna próiseas cinnteoireachta polaitiúla inmheánach a chuirtear in iúl trí obair bhunaithe agus rialta grúpa pholaitiúil;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh gan díolúine Elisabetta Gualmini a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Ríocht na Beilge agus chuig Elisabetta Gualmini.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>