<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0317</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Alessandra Moretti</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0264/2025 -  Rapóirtéir: Marcin Sypniewski)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Alessandra Moretti (2025/2064(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Alessandra Moretti, a fuarthas i litir dar dáta an 27 Feabhra 2025 ón tSeirbhís Prótacail de Sheirbhís Phoiblí Fheidearálach na Beilge um Ghnóthaí Eachracha, Trádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha ina raibh iarraidh ó Oifig Ionchúisitheoir Feidearálach na Beilge maidir le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh ina coinne agus a fógraíodh i bParlaimint na hEorpa an 10 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di éisteacht a thabhairt d’Alessandra Moretti an 4 Meitheamh 2025 agus ag féachaint do na doiciméid a thíolaic sí i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhaisnéis bhreise arna soláthar ag Ionchúisitheoir Feidearálach na Beilge i litir dar dáta 27 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, an 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023,<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, <STRING ITALIC="on">Puigdemont i Casamajó agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0264/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur iarr Ionchúisitheoir Feidearálach na Beilge an 27 Feabhra 2025 go ndéanfaí díolúine Alessandra Moretti, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh san Iodáil, a tharscaoileadh i ndáil le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh ina coinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go líomhnaítear gur thug imscrúdú atá ar siúl faoi láthair i gcomhthéacs an cháis ar a dtugtar <STRING ITALIC="on">Qatar-gate</STRING> chun solais gur ann d’eagraíocht choiriúil laistigh d’Institiúidí an Aontais, go sonrach i bParlaimint na hEorpa, a raibh sé de chuspóir aici breabanna a thabhairt d’Fheisirí d’fhonn tionchar a imirt ar phróiseas cinnteoireachta Pharlaimint na hEorpa chun socair leasanna geopholaitiúla tríú tíortha áirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndealraíonn sé go léiríonn an t-imscrúdú líomhaintí gur tairgeadh roinnt buntáistí sonracha d’Alessandra Moretti, gur ghlac sí leo agus fiú gur iarr sí iad; de bhrí, de réir na faisnéise arna cur ar fáil ag Ionchúisitheoir Feidearálach na Beilge, go líomhnaítear gur bailíodh réimse leathan cineálacha éagsúla fianaise ó chomhchúisithe agus ó amhrastaigh eile atá faoi imscrúdú breithiúnach maidir le roinnt buntáistí sonracha bhfuil amhras ina leith gur iarr agus/nó go bhfuair Alessandra Moretti iad; de bhrí go líomhnaítear gur chomhthacaigh an iliomad torthaí de chuid na seirbhísí póilíneachta leis an bhfianaise sin; de bhrí go líomhnaítear go ndearna Alessandra Moretti mar mhalairt ar na buntáistí sonracha sin, freastal ar ócáidí nó cruinnithe mar a labhair sí ar son Chatar tar éis di, mar a líomhnaítear, ní hamháin treoracha a fháil ach comhairle a lorg go gníomhach maidir le gníomhartha a bhí le déanamh aici agus an méid a bheadh le rá aici ina cuid óráidí, agus cén áit agus cén uair; de bhrí go líomhnaítear freisin go ndearna sí teagmháil go réamhghníomhach le Feisirí eile, ag tairiscint dul ina n-ionad le linn an iliomad vótaí a bhain le Catar;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, dá réir sin, go bhfuil drochamhras ann go ndearna Alessandra Moretti, rud a líomhnaítear, gníomhartha neamhdhleathacha idir an 1 Iúil 2019 agus an10 Nollaig 2022 ar féidir iad a rangú faoi Dhlí na Beilge mar rannpháirtíocht i ngníomhachtaí eagraíochta coiriúla agus mar bhreabaireacht éighníomhach, cionta coiriúla faoi Airteagail 324bis agus 324ter, faoi seach, agus faoi Airteagail 246 go 250 de Chód Coiriúil na Beilge faoi seach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine pharlaiminteach dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ná an Pharlaimint agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir í a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh nach bhfuil Feisirí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a nocht siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh; de bhrí gur foráil ar leith é Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh arb é is aidhm dó cosaint a thabhairt do shaoirse Fheisirí na Parlaiminte chun tuairimí a nochtadh agus dá neamhspleáchas<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543, pointe 26.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go mbaineann na líomhaintí le hiompraíocht arb ionann í agus na cionta rannpháirtíocht i ngníomhachtaí eagraíochta coiriúla agus breabaireacht éighníomhach, nach féidir a mheas mar thuairimí arna nochtadh nó vótaí arna gcaitheamh ag Alessandra Moretti ag comhlíonadh a dualgas di i bhfianaise chuspóirí agus fhoclaíocht Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach ionann na cionta líomhnaithe, agus nach bhfuil baint dá réir sin ag an iarraidh dá éis ar dhíolúine Alessandra Moretti a tharscaoileadh, le tuairim a nocht sí ná le vóta a chaith sí agus a dualgais á gcomhlíonadh aici de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (b), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch aon Bhallstáit nach é a mBallstát féin é;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta don Fheisire í an díolúine pharlaiminteach, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata ar tharscaoileadh dhíolúine Alessandra Moretti, go ndearnadh imscrúdú breithiúnach domhain casta fadálach a bhain <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING> le líon mór daoine agus dualgais imscrúdaithe a comhlíonadh lasmuigh den Bheilg, agus lasmuigh den Aontas, agus gur urghabhadh méid mór trealamh ríomhaireachta agus go ndearnadh anailís ar a raibh iontu; de bhrí gur bhain an t-imscrúdú atá ar siúl faoi láthair le roinnt daoine, lena n-áirítear Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, ní hamháin Alessandra Moretti; de bhrí go ndealraíonn sé, dá bhrí sin, nach bhfuil an iarraidh ar dhíolúine Alessandra Moretti a tharscaoileadh fréamhaithe in iarracht ar dhochar a dhéanamh dá gníomhaíocht pholaitiúil ach go bhfuil sí, os a choinne sin, de thoradh ar an imscrúdú breithiúnach domhain casta thuasluaite;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise sa chás seo gurbh ann do <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, i bhfocail eile ní dhealraíonn sé gurb é an intinn atá laistiar de na himeachtaí anseo an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil Alessandra Moretti mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Alessandra Moretti a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Ríocht na Beilge agus chuig Alessandra Moretti.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>