<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0325</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón tSualainn — EGF/2025/003 SE/Northvolt</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0239/2025 -  Rapóirtéir: Aura Salla)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón tSualainn – EGF/2025/003 SE/Northvolt (COM(2025)0621 – C10-0270/2025 – 2025/0326(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0621 – C10‑0270/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj<STRING ITALIC="on">).</STRING></FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0239/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus do na cuideachtaí inar oibrigh siad;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chuir an tSualainn iarratas EGF/2025/003 SE/Northvolt isteach le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), i ndiaidh 6 486 íomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> san earnáil eacnamaíoch atá aicmithe faoi roinn 71 (Gníomhaíochtaí ailtireachta agus innealtóireachta) de NACE Athbhreithniú 2; tástáil agus anailís theicniúil) i réigiúin Övre Norrland (SE33), Stócólm (SE11) agus Östra Mellansverige (SE12) le 5 829 n-iomarcaíocht laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 28 Samhain 2024 go dtí an 28 Márta 2025, agus 657 n-iomarcaíocht roimh nó tar éis na tréimhse tagartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, le linn na tréimhse tagartha a chumhdaítear leis an iarratas, gur sainaithníodh 5 829 n-oibrí iomarcach san iomlán, lena n-áirítear 5 561 oibrí iomarcach ar scoir a ngníomhaíocht in Northvolt AB (Northvolt) agus a fhochuideachtaí<FOOTNOTE><FIELD> Lena n-áirítear comhfhiontair Northvolt agus Volvo Cars a bhfuair Volvo Cars na scaireanna go léir iontu ag tús 2025 le bheith ina úinéir aonair ar na cuideachtaí sin.</FIELD></FOOTNOTE>, agus 268 n-oibrí iomarcach in 8 soláthróir agus táirgeoir iartheachtach de chuid Northvolt;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar chritéir idirghabhála Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED; de bhrí, maidir leis na 657 n-iomarcaíocht ar scoir a ngníomhaíocht roimh na tréimhse tagartha ceithre mhí nó ina diaidh, gur féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas a spreag scor na gníomhaíochta do na hoibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán CED;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go raibh Northvolt speisialaithe i ngníomhaíochtaí ailtireachta agus innealtóireachta, tástáil theicniúil agus monarú ceallraí; de bhrí gur chomhdaigh an chuideachta le haghaidh féimheachta an 12 Márta 2025 mar gheall ar dheacrachtaí a bhain leis an táirgeadh, go háirithe mar thoradh ar ró-sholáthar de bharr iomaíocht ghéar ó allmhairí a thagann den chuid is mó ón tSín, atá i réim sa mhargadh domhanda agus a chuimsíonn níos mó ná 80 % de tháirgeadh domhanda ceallraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionscal ceallraí láidir agus iomaíoch de dhíth ar an Eoraip chun spleáchais straitéiseacha dhíobhálacha a laghdú agus chun a neamhspleáchas tionsclaíoch a neartú, chomh maith lena spriocanna aeráide agus aistrithe fuinnimh a bhaint amach; de bhrí go bhfuil costais arda fuinnimh agus chaipitil, moilleanna ar tháirgeadh, saobhadh ar an margadh domhanda, chomh maith le brú iomaíoch méadaitheach ó tháirgeoirí tríú tíortha, go háirithe an tSín, roimh thionscal na gceallraí agus na soláthróirí<FOOTNOTE><FIELD> Clár Oibre 2026 an Choimisiúin, Tráth Neamhspleáchais na hEorpa https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/strategy-documents/commission-work-programme/commission-work-programme-2026_en</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Arbetsförmedlingen (Seirbhís Phoiblí Fostaíochta na Sualainne) ag soláthar réamh-mhaoiniú agus comhchistiú náisiúnta na mbeart;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta maidir le comhiomarcaíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an tSualainn i dteideal EUR 8 526 322 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 14 210 537, a chuimsíonn EUR 13 663 977 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 546 560 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistithe, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir údaráis na Sualainne an t-iarratas isteach an 16 Meitheamh 2025, agus, tar éis don tSualainn faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur thug an Coimisiún a mheasúnú i gcrích an 28 Deireadh Fómhair 2025, níos mó ná 4 mhí ina dhiaidh sin, agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-am lena bhreithniú a ghiorrú go suntasach idir iarratas ar chúnamh CED a chur isteach agus an cinneadh maoiniúcháin, chun a áirithiú gur féidir an tacaíocht airgeadais a shlógadh gan mhoill; á chur i bhfios go láidir gur gá nósanna imeachta inmheánacha a shimpliú agus dlús a chur leo, agus an chothromaíocht institiúideach á coimirciú go hiomlán ag an am céanna, go háirithe cearta Pharlaimint na hEorpa mar údarás buiséadach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 6 486 oibrí iomarcach a ndearna mórtheagmhas athstruchtúrúcháin maidir le Northvolt difear dóibh, as ar eascair an fhéimheacht is mó sa tSualainn sa lá atá inniu ann; á thabhairt dá haire, thairis sin, go mbeidh 5 800 oibrí iomarcacha san iomlán ina dtairbhithe spriocdhírithe agus go bhfuiltear ag dréim leis go nglacfaidh siad páirt sna bearta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil toradh tromchúiseach ag baint le hiomarcaíochtaí poist i gcathair Skellefteå, agus gur shroich an ráta dífhostaíochta 8,2% le linn na bliana roimhe sin; á thabhairt dá haire go bhfuil leibhéil arda oideachais ag formhór na n-oibrithe iomarcacha agus go bhfuil siad níos lú ná 54 bliana d’aois; i bhfianaise a scileanna speisialaithe i réimse na monaraíochta agus na hinnealtóireachta ceallraí, á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht mhear chun meath struchtúrach réigiúnach a chosc agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé poist ardcháilíochta atá dírithe ar an todhchaí a chothú chun athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire, ó mhí Lúnasa 2025, go ndearna an gnólacht nuathionscanta Meiriceánach Lyten, ceannaire domhanda i gceallraí litiam-sulfair, comhaontú ceangailteach chun sócmhainní atá fágtha ag Northvolt sa tSualainn, sa Ghearmáin agus sa Pholainn a fháil faoi dheireadh 2025, agus go bhfuil sé beartaithe aige an lucht saothair a leagadh as a athfhostú agus an cumas chun poist choibhéiseacha a thairiscint dóibh sa réigiún á chur san áireamh; á chur i bhfios go láidir gur cheart athfhostú a mheas mar phríomhrogha agus gur cheart na méideanna uile nár úsáideadh a aisíoc leis an gCoimisiún i gcás glacadh ar ais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhaontú leis na ceardchumainn agus na comhpháirtithe sóisialta, gurb iad na gníomhaíochtaí seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar do gach oibrí: measúnú domhain agus pleanáil aonair, gníomhaíochtaí agus cóitseáil cuardaigh poist, tacaíocht chun do ghnólacht féin a thosú agus tacaíocht infheistíochta, oiliúint sa mhargadh saothair, cúrsaí oiliúna, tacaíocht speisialta chun dul isteach sa mhargadh saothair nó oideachas a shaothrú, liúntais agus oiliúint i scileanna digiteacha; á chur i bhfáth go dtabharfaidh údaráis na Sualainne aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus go n-áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe agus go leagfaidh siad béim ar bhreisluach an Aontais a bhaineann leis an idirghabháil, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear faisnéis spriocdhírithe do thairbhithe, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil cáilíochtaí agus scileanna na n-oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht ríthábhachtach i gcónaí do gheilleagar Eorpach a sheasfaidh an aimsir agus a chuirfidh an t-aistriú glas i gcrích; á mheas, dá bhrí sin, gur gá slógadh CED a leabú i bhfreagairt bheartais níos mó chun a áirithiú go bhfaighidh na hoibrithe a ndéantar difear dóibh deiseanna leormhaithe i gcomhréir lena gcáilíochtaí agus lena scileanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar meastóireachtaí críochnúla deiridh ar na bearta a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear faisnéis shoiléir faoin gcaoi ar úsáideadh na cistí agus i dtaobh cé acu ar caitheadh ​​iad i gcomhréir leis na pleananna formheasta nó nár caitheadh, go háirithe i gcásanna tacaíochta airgeadais dírí amhail tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus tacaíocht infheistíochta; ag iarraidh, thairis sin, sonraí maidir le líon na n-oibrithe atá athimeasctha go rathúil san fhostaíocht chomh maith leo siúd a bhfuil bearta oiliúna agus uasoiliúna curtha i gcrích acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thosaigh an tSualainn ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe agus caiteachas riaracháin a thabhú chun CED a chur chun feidhme araon an 25 Deireadh Fómhair 2024 agus, dá bhrí sin, gur ón dáta sin go dtí 24 mhí agus go dtí 31 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin a bheidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug údaráis na Sualainne dearbhú go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á athdhearbhú nach ceadmhach cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur i bhfáth an gá práinneach atá le hiarrachtaí comhleanúnacha agus comhordaithe an Aontais chun iomaíochas agus uathriail straitéiseach a áirithiú , arna bhforbairt i ndlúthchomhpháirtíocht leis na Ballstáit agus na réigiúin, chun bonn fostaíochta tionsclaíoch na hEorpa atá réidh don todhchaí a chosaint, bonn a fhreagraíonn do riachtanais uathriail thionsclaíoch na hEorpa agus a neartaíonn seasamh an Aontais in earnálacha straitéiseacha, amhail tionscal na gceallraí agus na soláthróirí, agus aistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais á gcur chun cinn ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir nach féidir ach le geilleagar Eorpach láidir, athléimneach agus inbhuanaithe iomarcaíochtaí ar mórscála a chosc go héifeachtach, rud a laghdóidh an gá atá le hidirghabháil CED sa chéad áit; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá aitheantas agus infheictheacht shoiléir chistiú an Aontais a áirithiú chun aird a tharraingt ar a bhreisluach agus dlúthpháirtíocht na hEorpa a chuimsítear leis an CED; á iarraidh go ndéanfaí cumarsáid chomhsheasmhach agus spriocdhírithe le tairbhithe, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, le comhpháirtithe sóisialta, leis na meáin agus leis an bpobal i gcoitinne; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil tionscal ceallraí an Aontais thíos le fóirdheontais a sholáthraíonn rialtas na Síne dá tháirgeoirí lena ndéantar an iomaíocht dhomhanda a shaobhadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón tSualainn – EGF/2025/003 SE/Northvolt</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2025/2661.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>