<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0333</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (EuroHPC)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0241/2025 - Rapóirtéir:Borys Budka)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (COM(2025)0414 – C10-0204/2025 – 2025/0229(NLE))</STRING></TI><NOTE>(Comhairliúchán)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2025)0414),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 187 agus d’Airteagal 188, an chéad mhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Comhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C10‑0204/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 84 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A10-0241/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><TCONSOLID><TI><STRING BOLD="on">Leasú		1</STRING><BRK/>LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">*</STRING>Leasuithe: tá téacs nua nó téacs atá curtha in ionad téacs eile aibhsithe le <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cló trom iodálach</STRING></STRING>; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an ▌tsiombail.</FIELD></FOOTNOTE><BRK/>ar an togra ón gCoimisiún<BRK/>---------------------------------------------------------<BRK/><STRING BOLD="on">RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE</STRING><BRK/><STRING BOLD="on">maidir le Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488</STRING><BRK/></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT>TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,</PRINIT><GRVISA><VISA>
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 187 agus Airteagal 188, an chéad mhír, de,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C , , lch. .</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C […], […], lch. […]</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA></GRVISA><GRCONS><GRCINIT>De bharr an mhéid seo a leanas:</GRCINIT><CONS>
<NO.P>(1)</NO.P>Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le forbairt, margú agus úsáid na hintleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais.
</CONS><CONS>
<NO.P>(1a)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> an creat do chaiteachas an Aontais ar thaighde agus ar nuálaíocht, lena n-áirítear na cineálacha gníomhaíochta agus caiteachais is féidir a chistiú laistigh den chreat sin.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(2)</NO.P>Ó bhí 2021 ann, nuair a glacadh Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle, tá dul chun cinn teicniúil ollmhór déanta i réimse na hintleachta saorga (IS) agus tá sé ina réimse an-straitéiseach agus iomaíoch ar fud an domhain. Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun tacú le nuálaíocht fhreagrach san intleacht shaorga, tríd an nuálaíocht a threorú, ráillí cosanta a leagan síos, agus rialachas domhanda a fhorbairt.
</CONS><CONS>
<NO.P>(3)</NO.P>Tá samhlacha móra ilchuspóireacha intleachta saorga tagtha chun cinn mar spreagthóirí ríthábhachtacha don iomaíochas eacnamaíoch agus don nuálaíocht. Éiríonn siad ríthábhachtach maidir le táirgiúlacht a fheabhsú ar fud earnálacha éagsúla agus slabhraí luacha iomlána a chlaochlú, agus ar an gcaoi sin gabháil luacha eacnamaíoch amach anseo a leagan síos. Leis an gcéad ghlúin eile de shamhlacha intleachta saorga teorann, meastar go gcuirfear borradh faoi chumais, i dtreo na hIntleachta Ginearálta Saorga atá in ann dul i ngleic le cúraimí éagsúla an-chasta agus atá ar an leibhéal céanna le cumais an duine, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus d’fhéadfadh rioscaí sochaíocha nua a bheith ag baint leo ag an am céanna</STRING></STRING>. Réigiúin atá in ann na samhlacha intleachta saorga sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ar bhealach inbhuanaithe, sábháilte agus</STRING></STRING> ar scála, beidh siad ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht dhomhanda, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirfidh siad muinín chun cinn</STRING></STRING>, agus meallfaidh siad tallann den scoth. A tráth céanna, earnálacha atá ar thús cadhnaíochta san eolaíocht agus sa tionsclaíocht, amhail <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">teicneolaíocht talmhaíochta</STRING></STRING>, an bhiteicneolaíocht, an aeráid, an tionscal gluaisteán, an chosaint, an spás agus an t-aeraspás, éilíonn siad acmhainní suntasacha ríomhaireachta chun tabhairt faoi fhionnachtana móra eolaíocha atá dírithe ar an intleacht shaorga agus faoi nuálaíochtaí tionsclaíocha. Bainfear leas as sineirgí idir na gníomhaíochtaí sin agus na gníomhaíochtaí sin a dhéantar le cláir eile de chuid an Aontais, amhail Clár Spáis an Aontais, agus beidh coimircí iomchuí i bhfeidhm chun leasanna straitéiseacha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint.
</CONS><CONS>
<NO.P>(4)</NO.P>Beidh sár-ríomhairí sna Monarchana IS is forbartha san Eoraip ina mbeidh suas le 25 000 ardphróiseálaí IS, rud a fhágfaidh nach féidir ach samhlacha IS meán-raoin a fhorbairt. Dá bhrí sin, tá gá le hinfheistíochtaí suntasacha chun acmhainneachtaí ríomhaireachta na hEorpa a mhéadú <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus chun seirbhísí gaolmhara a sholáthar chun freastal ar éiceachóras úsáideoirí éagsúil, díláraithe agus neamh-mhonailiotacha na dteicneolaíochtaí nuálacha san Aontas, agus saoráidí den chéad ghlúin eile á mbunú ag an am céanna lenar féidir samhlacha IS teorann a fhorbairt.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(5)</NO.P>An 9 Aibreán 2025, sheol an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga<FOOTNOTE><FIELD> https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/news/commission-sets-course-europes-ai-leadership-ambitious-ai-continent-action-plan</FIELD></FOOTNOTE> chun an tAontas a chur ina cheannaire domhanda san Intleacht Shaorga. Colún lárnach den straitéis sin is ea borradh a chur faoin mbonneagar uile-Eorpach chun ardsamhlacha intleachta saorga a oiliúint agus coincheap Mhonarchana IS 2024 á thabhairt go dtí an chéad chéim eile <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus rochtain ar acmhainneachtaí ríomhaireachta den sórt sin a leathnú ar fud an Aontais</STRING></STRING>. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dá bhrí sin, meastar go rannchuidíonn dáileadh geografach cothrom na saoráidí sin go dearfach le comhlíonadh na gcritéar a bhaineann leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(5a)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chun a áirithiú gur féidir le FBManna, micrifhiontair agus cuideachtaí meánchaipitlithe Gigeamhonarchana IS a úsáid go praiticiúil, i gcomhréir lena n-acmhainneachtaí oibríochtúla agus leis an úsáid a mheastar a bhainfear astu, ba cheart a gcur i bhfeidhm agus a rochtain a éascú agus a shimpliú chun bacainní riaracháin a laghdú.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(6)</NO.P>Meastar go mbeidh gá le saoráidí mórscála chun an chéad ghlúin eile de shamhlacha ceannródaíocha IS a fhorbairt, ar saoráidí iad a sháraíonn trí oiread go ceithre oiread ar a laghad líon na bpróiseálaithe intleachta saorga is forbartha atá ar fáil sna Monarchana IS is cumhachtaí, agus acmhainneacht chumhachta, chomh maith le <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">hinrochtaineacht</STRING></STRING>, éifeachtúlacht agus ciorclaíocht fuinnimh <STRING ITALIC="on">agus</STRING> uisce á gcur san áireamh ag an am céanna. Níl na sásraí atá ann cheana i Rialachán (AE) 2021/1173 feistithe sa lá atá inniu ann chun tacú le bunú agus oibriú Gigeamhonarchana IS. Dá bhrí sin, tá gá <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">le</STRING></STRING> ▌ leasú spriocdhírithe chun an bunús dlí is gá a sholáthar don Chomhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (‘an Comhghnóthas’) chun go mbeidh sé in ann na gealltanais a chomhlíonadh maidir le Gigeamhonarchana IS a bhunú agus a oibriú san Eoraip.
</CONS><CONS>
<NO.P>(6a)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I gcomhréir leis an Tuarascáil Speisialta maidir le hIonchas Fuinnimh Domhanda ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh dar teideal ‘Fuinneamh agus IS’</STRING></STRING>,<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> tá iomadú ualaí oibre ríomhaireachta a bhaineann go sonrach le IS ag cur éilimh nua eisceachtúla ar an eangach leictreachais: ar fud an domhain, meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar thomhaltas leictreachais ag lárionaid sonraí ó thart ar 415 teireavatuair (TWh) in 2024 go dtí thart ar 945 TWh faoi 2030. Meastar go dtiocfaidh méadú thart ar 30 % in aghaidh na bliana ar oibríochtaí freastalaí faoi thiomáint IS agus is sciar mór den mhéadú a bheidh iontu. I ndáil leis sin, ní mór pleanáil láidir maidir le hidirnascacht eangaí, bonneagar fuaraithe, bainistiú éilimh, agus comhtháthú an tsoláthair in-athnuaite a ionchorprú in infheistíochtaí agus i mbearta tacaíochta. Ní mór na rioscaí a bhaineann le brú na heangaí áitiúla, iarfheistiú costasach, agus cothromaíocht le spriocanna aeráide a mheas go leordhóthanach.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(7)</NO.P>Tá sé ag éirí níos tábhachtaí bunús eolaíoch agus teicneolaíoch an Aontais a neartú dá iomaíochas fadtéarmach agus dá uathriail straitéiseach. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dá bhrí sin, tá sé níos tábhachtaí ná riamh caiteachas an Aontais ar thaighde agus ar nuálaíocht a choinneáil ar bun.</STRING></STRING>  Go deimhin, d’fhéadfadh an intleacht shaorga dlús a chur le fionnachtain eolaíoch agus cumais taighde a fheabhsú ar fud na réimsí uile. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbainfeadh úsáideoirí príobháideacha agus poiblí IS, go háirithe FBManna<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú, micrifhiontair agus eagraíochtaí taighde, lena n-áirítear iad siúd atá i dtaighde neamhbhrabúsach nó réamhiomaíoch</STRING></STRING> laistigh den Aontas <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ar fad</STRING></STRING>, tairbhe as bonneagair sár-ríomhaireachta den chéad scoth chun ceannaireacht na hEorpa sa taighde agus sa nuálaíocht a chothú agus a chur chun cinn. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I bhfianaise a thábhachta tosaigh agus a riachtanas suntasach infheistíochta, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar cháilíocht agus ar shlándáil a bhonneagair fhisiciúil, TF agus líonrúcháin.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(7a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ba cheart do Ghigeamhonarchana IS forbairt táirgí agus seirbhísí a chur chun cinn lena léirítear prionsabail eiticiúla agus dhlíthiúla an Aontais. </STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(8)</NO.P>I gCompás Iomaíochais an Choimisiúin Eorpaigh, a glacadh an 29 Eanáir 2025, sainaithnítear teicneolaíochtaí straitéiseacha lena n-áirítear teicneolaíochtaí candamacha agus ríomhaireacht ardfheidhmíochta mar cholúin fhíor-riachtanacha chun ceannasacht theicneolaíoch, athléimneacht eacnamaíoch agus ceannaireacht dhomhanda na hEorpa a áirithiú. Leagtar béim sa Chompás ar an ngá atá le hinfheistíochtaí comhordaithe agus le forbairt éiceachórais ar fud an taighde, an bhonneagair, na tionsclaíochta agus na scileanna chun iomaíochas an Aontais sna réimsí sin a neartú.
</CONS><CONS>
<NO.P>(9)</NO.P>Mar chomhlánú air sin, leagtar amach i Straitéis Chandamach na hEorpa, ▌arna ghlacadh i mí Iúil 2025, creat cuimsitheach chun dlús a chur le taighde candamach, nuálaíocht, tionsclú agus cur in úsáid teicneolaíochtaí agus bonneagar candamach. Is é is aidhm dó éiceachóras candamach inbhuanaithe agus iomaíoch a thógáil, lena gcumhdaítear ríomhaireacht, cumarsáid, brath agus méadreolaíocht, agus béim láidir á leagan ar fhorbairt scileanna agus ar chomhar idirnáisiúnta. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ós rud é go n-aistríonn an Straitéis Chandamach Eorpach cistiú T&N Cholún 2 Fís Eorpach le haghaidh gníomhaíochtaí candamacha, ba cheart a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí candamacha a chistiú go leordhóthanach faoin gComhghnóthas.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(10)</NO.P>I bhfianaise an tábhacht a bhaineann le <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gigeamhonarchana IS a bhunú san Aontas</STRING></STRING> ó thaobh beartais de, ba cheart na méideanna a leithdháileadh ar dtús ▌ ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a mhéadú chun go mbeidh an tAontas in ann an cuspóir <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">sin</STRING></STRING> a bhaint amach. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Thairis sin,</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ba cheart ranníocaíocht bhreise ó Fhís Eorpach atá curtha i leataobh go sonrach chun na críche sin a úsáid chun cinnteacht a sholáthar maidir le ceannach seirbhísí a sholáthraíonn Gigeamhonarchana IS do thaighdeoirí, do nuálaithe agus do ghnólachtaí nuathionscanta. Neartóidh sé sin an cás gnó do Ghigeamhonarchana IS, rud a chuirfidh ar a gcumas do chuibhreannais maoiniú breise a scaoileadh. Ba cheart na ranníocaíochtaí breise uile a luaitear a bheith</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme agus</STRING></STRING> faoi réir infhaighteacht bhuiséadach.
</CONS><CONS>
<NO.P>(10a)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ba cheart cuid thiomnaithe imfhálaithe de ranníocaíocht bhreise an Aontais leis an gComhghnóthas a thiomnú go heisiach do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i réimse na dteicneolaíochtaí candamacha. Níor cheart aon aistriú idir an buiséad imfhálaithe sin agus an buiséad atá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus gníomhaíochtaí IS a cheadú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a rannchuidiú leis an gComhghnóthas a mhéadú chun tacú leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i réimse na dteicneolaíochtaí candamacha. Ba cheart aon ranníocaíocht bhreise den sórt sin a imfhálú freisin.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(11)</NO.P>I bhfianaise na bhforbairtí gasta teicneolaíochta sa réimse agus oiriúnú bheartas IS an Aontais, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le maoiniú suntasach breise ón Aontas do ghigeamhonarchana IS sna blianta amach romhainn. I bhfianaise an chomhthéacs shonraigh beartais sin, ba cheart é a bheith indéanta cistiú breise ón Aontas a chur de chúram ar an gComhghnóthas a théann thar na méideanna a leagtar amach in Airteagal 5(1),<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> faoi réir measúnú tionchair eacnamaíoch, tuairisc shoiléir ar an úsáid atá beartaithe a bhaint as cistí iontaoibhe, chomh maith le hamlíne le haghaidh cur chun feidhme</STRING></STRING>. Ba cheart do chomhaltaí an Chomhghnóthais seachas an tAontas ranníocaíocht bhreise den sórt sin a mheaitseáil ar a laghad.
</CONS><CONS>
<NO.P>(12)</NO.P>Chun dlús a chur le forbairt Gigeamhonarchana IS ar fud an Aontais, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na leithdháiltí atá fágtha acu faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a úsáid chun a ranníocaíochtaí náisiúnta le Gigeamhonarchan IS a mhaoiniú. Chuige sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit ranníocaíochtaí a sholáthar don Chomhghnóthas chun tacú le tionscadail Ghigeamhonarcha IS.
</CONS><CONS>
<NO.P>(13)</NO.P>Ba cheart ranníocaíochtaí breise ón Aontas le gigeamhonarchana IS ó chláir eile, nach liostaítear in Airteagal 5(1), a bheith indéanta freisin, trí chomhaontuithe ranníocaíochta sonracha <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> a shíniú, faoi réir ranníocaíocht chomhchuimseach ó chomhalta amháin nó níos mó den Chomhghnóthas seachas an tAontas. Áireofar tuairisc shoiléir ar úsáid bheartaithe na gcistí iontaoibhe, chomh maith le hamlíne le haghaidh cur chun feidhme, sna comhaontuithe ranníocaíochta comhfhreagracha i gcomhréir le clár oibre ábhartha an Choimisiúin.
</CONS><CONS>
<NO.P>(13a)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ós rud é go bhfuil tomhaltas suntasach fuinnimh, uisce agus acmhainní eile i gceist le himscaradh mórscála córas ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus bonneagar intleachta saorga móracmhainneachta, ba cheart na bonneagair sin a dhearadh agus a oibriú i gcomhréir le cuspóirí an Aontais maidir le haeráidneodracht agus éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear foinsiú fuinnimh in-athnuaite, fuarú éifeachtúil agus aisghabháil fuíollteasa.</STRING></STRING>
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><DINIT>TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:</DINIT><GR.ART>
<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 1</STRING></TI.ART><PARAG>Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(1)</NO.P>leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(2)</NO.P>cuirtear pointe (3c) seo a leanas leis:<CITATION>
(3c) 	Ciallaíonn ‘Gigeamhonarcha na hIntleachta Saorga’ nó ‘Gigeamhonarcha IS’ saoráid úrscothach mhórscála, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ar mó í ná 100 000 ardphróiseálaí IS dá dtagraítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2025 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga’,</STRING></STRING> ag a bhfuil acmhainneacht leordhóthanach chun láimhseáil a dhéanamh ar shaolré iomlán – forbairt, oiliúint, mionchoigeartú, agus tuiscint ar mhórscála – samhlacha agus feidhmchláir intleachta saorga an-mhór, lena soláthraítear bonneagar seirbhíse sár-ríomhaireachta, atá comhdhéanta d’acmhainneacht ríomhaireachta arna barrfheabhsú leis an intleacht shaorga, bonneagar lárionaid sonraí tacaíochta (lena n-áirítear stóráil agus líonrú ardtoillte), timpeallachtaí tiomnaithe slána rochtana d’úsáideoirí néalríomhaireachta, agus seirbhísí tacaíochta slána speisialaithe atá dírithe ar IS dá chuid oibríochtaí ardfhorbartha agus a dtacaíonn córas soláthair fuinnimh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de leis.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(3)</NO.P>cuirtear pointe (3d) seo a leanas leis:<CITATION>
(3d)	Ciallaíonn ‘Cuibhreannas Gigeamhonarchan na hIntleachta Saorga’ nó ‘Cuibhreannas Gigeamhonarchan IS’ comhlachas eintiteas dlítheanach atá corpraithe go cuí san Aontas agus a thagann le chéile i gcuibhreannas chun Gigeamhonarcha IS a bhunú agus a oibriú agus lena sonraítear róil agus freagrachtaí na n-eintiteas sin faoi seach ar feadh saolré na Gigeamhonarchan IS, nó eintiteas dlíthiúil nua arna bhunú chun Gigeamhonarcha IS a bhunú agus a oibriú, ag a bhfuil foirm dhlíthiúil a aithnítear in aon Bhallstát. Bunófar Cuibhreannas um Ghigeamhonarchan IS ar feadh íostréimhse 5 bliana. Féadfaidh comhpháirtí príobháideach amháin nó níos mó den chuibhreannas sin a bheith rannpháirteach i gComhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(4)</NO.P>cuirtear an pointe (3e) seo a leanas leis:<CITATION>
(3e) ciallaíonn ‘Comhordaitheoir Gigeamhonarchan IS’ eintiteas dlítheanach, atá ionchorpraithe go cuí san Aontas agus atá ann go bailí faoi dhlíthe Ballstáit bunaíochta,<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> nach bhfuil faoi réir coinníollacha dlínsiúla nó airgeadais dá bhforáiltear i ndlí tríú tír</STRING></STRING>, atá údaraithe de réir dlí ionadaíocht a dhéanamh ar Chuibhreannas Gigeamhonarchan IS agus a bhfuil an inniúlacht dhlíthiúil agus an t-údarás dlíthiúil aige Comhaontú Óstála Gigeamhonarchan IS a dhéanamh, a fhorghníomhú agus a fheidhmiú; beidh ceanncheathrú ag an gComhordaitheoir Gigeamhonarchan IS san Aontas agus beidh sé faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile, mar a shainmhínítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2024/1624 agus i bprionsabail ábhartha dhlí iomaíochta an Aontais, ar eintitis dhlítheanacha nó ar dhaoine nádúrtha atá bunaithe laistigh den Aontas. Féadfaidh an comhordaitheoir a bheith ina eintiteas óstach atá ann cheana a dhéanann ionadaíocht ar Stát Rannpháirteach ar Ballstát nó cuibhreannas óstála de Stáit Rannpháirteacha é.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(5)</NO.P>cuirtear an pointe (3f) seo a leanas leis:<CITATION>
(3f) ciallaíonn ‘Comhaontú Óstála Gigeamhonarchan IS’ comhaontú riaracháin idir an Comhghnóthas agus Comhordaitheoir Gigeamhonarchan IS chun Gigeamhonarcha IS a óstáil agus a oibriú.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(6)</NO.P>cuirtear an pointe (3g) seo a leanas leis:<CITATION>
(3g) ciallaíonn ‘eintiteas óstála Gigeamhonarchan IS’ eintiteas dlítheanach atá ainmnithe ag cuibhreannas Gigeamhonarchan IS chun Monarchana IS agus a seirbhísí a óstáil agus a oibriú, agus atá bunaithe i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(7)</NO.P>cuirtear an pointe (3h) seo a leanas leis:<CITATION>
(3h) Is comhaontú idir an Comhghnóthas agus tríú tír é ‘Comhaontú Comhair maidir le Gigeamhonarchana Intleachta Saorga’ idir an Comhghnóthas agus tríú tír lena sonraítear coinníollacha rochtana ar Ghigigonarchana IS le haghaidh na n-eintiteas dlítheanach atá faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile, eintiteas dlítheanach nó daoine nádúrtha atá bunaithe sa tríú tír sin.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(8)</NO.P>cuirtear an pointe (19a) seo a leanas leis:<CITATION>
(19a) ciallaíonn ‘Lárionad Inniúlachta Candamaí náisiúnta’ eintiteas dlítheanach, nó cuibhreannas eintiteas dlítheanach, atá bunaithe i Stát Rannpháirteach, a sholáthraíonn d'úsáideoirí ón tionscal, lena n-áirítear FBManna, an lucht acadúil, agus riaracháin phoiblí rochtain ar éileamh ar theicneolaíochtaí, uirlisí, feidhmchláir agus seirbhísí candamacha, chomh maith le bonneagair chandamacha náisiúnta nó Eorpacha, agus a thairgeann saineolas, scileanna, oiliúint, líonrú agus for-rochtain.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(9)</NO.P>leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(10)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:<CITATION>
Beidh sé mar mhisean ag an gComhghnóthas seirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus éiceachóras bonneagar sonraí den chéad scoth a bheidh cónasctha, slán agus hipearnasctha a fhorbairt, a úsáid, a leathnú agus a chothú san Aontas. Tacóidh sé freisin le forbairt agus glacadh córas sár-ríomhaireachta nuálach iomaíoch atá dírithe ar éileamh agus faoi stiúir an úsáideora ▌agus córais atá bunaithe ar shlabhra soláthair lena n-áiritheofar comhpháirteanna, teicneolaíochtaí agus eolas lena gcuirfear teorainn leis an riosca suaite agus le forbairt raon leathan feidhmeanna atá barrfheabhsaithe do na córais sin; agus,<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> chun rochtain ar</STRING></STRING> an mbonneagar sár-ríomhaireachta sin agus a úsáid a leathnú chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha agus tacú leis an aistriú <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">glas agus leis an aistriú digiteach</STRING></STRING> agus le príomhscileanna <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus príomhdheiseanna</STRING></STRING> a fhorbairt d’eolaíocht agus do thionscal na hEorpa. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tacóidh sé freisin le héiceachóras na dteicneolaíochtaí candamacha Eorpacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde eolaíochta agus feidhmeacha den scoth chomh maith le hiomaíochas thionscal candamach na hEorpa atá ag teacht chun cinn. Agus a thacaíocht á tabhairt aige d’éiceachóras teicneolaíochtaí candamacha na hEorpa, tabharfaidh sé aitheantas cuí do leibhéil éagsúla aibíochta na réimsí éagsúla teicneolaíochta candamaí chomh maith le hoidhreacht an Tionscnaimh Suaitheanta Candaim.</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(11)</NO.P>Cuirtear an pointe (fa) seo a leanas le mír 2:<CITATION>
(fa) tacú le taighde agus nuálaíocht eolaíoch agus fheidhmeach úrscothach i dteicneolaíochtaí candamacha, lena n-aistriú ón tsaotharlann go dtí an mhonarcha, agus lena gcur in úsáid, lena nglacadh agus lena gcomhtháthú i mbonneagair chandamacha den chéad scoth, chun éiceachóras candamach dinimiciúil, nuálach agus athléimneach a thógáil ar fud an Aontais, agus chun ceannaireacht eolaíoch agus thionsclaíoch, iomaíochas, uathriail straitéiseach agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais sa ríomhaireacht chandamach, sa chumarsáid chandamach agus sa bhrath candamach a áirithiú.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(12)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h) i mír 2:<CITATION>
(h) Monarchana Intleachta Saorga a fhorbairt agus a oibriú, agus tacú le bunú Ghigeamhonarchana na hIntleachta Saorga agus a seirbhísí, agus rochtain orthu, chun tacú le héiceachóras Intleachta Saorga atá an-iomaíoch agus nuálach a fhorbairt a thuilleadh san Aontas, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus úsáid á baint a mhéid is féidir as córais agus comhpháirteanna arna mhonarú san Aontas.</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(13)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:<CITATION>
Rannchuideoidh an Comhghnóthas le leasanna an Aontais a chosaint nuair a bheidh sár-ríomhairí á soláthar agus tacóidh sé le forbairt agus glacadh teicneolaíochtaí, córais agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus chandamacha. Cumasóidh sé cur chuige comhdhearaidh chun sár-ríomhairí den chéad scoth a fháil, agus slándáil shlabhra soláthair na dteicneolaíochtaí agus na gcóras arna soláthar á cosaint ag an am céanna, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus trí éagsúlacht soláthróirí a chur chun cinn ar gach leibhéal den chruach.</STRING></STRING> Rannchuideoidh sé le huathriail straitéiseach an Aontais, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">caomhnóidh sé geilleagar oscailte nuálach san Aontas trí iomaíocht, leathnóidh sé rochtain ar fud an Aontais ar acmhainneachtaí sár-ríomhaireachta,</STRING></STRING> tacóidh sé le forbairt teicneolaíochtaí agus feidhmchlár a threisíonn slabhraí soláthair Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus Teicneolaíochtaí Candamacha na hEorpa agus cuirfidh sé chun cinn a gcomhtháthú i gcórais a thugann aghaidh ar líon mór riachtanas eolaíochta, sochaíoch, comhshaoil, tionsclaíoch agus úsáide slándála.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(14)</NO.P>leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(15)</NO.P>cuirtear an pointe (i) seo a leanas le mír 1:<CITATION>
<LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">(i) colún Gigeamhonarchan IS, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí Gigeamhonarchana IS, a d’fhéadfadh, ina bhfeidhmiú, a bheith nasctha le líonra EuroHPC de Mhonarchana Intleachta Saorga chun comhtháthú agus comhroinnt eolais gan uaim a áirithiú ar fud éiceachóras Eorpach na hIntleachta Saorga; áireofar sa cholún seo na gníomhaíochtaí seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>bonneagar ríomhaireachta intleachta saorga den chéad scoth a chur ar fáil do thaighdeoirí, fiontraithe agus tionscail Eorpacha, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">rud lena n-áiritheofar go n-éascófar rochtain ar acmhainní ríomhaireachta do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ii)</SYMBOL>forbairt réiteach nua Intleachta Saorga a chumasú ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha uile agus</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(iii)</SYMBOL>iomaíochas agus ceannasacht an Aontais mar mhór-roinn na hIntleachta Saorga a áirithiú, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">trí rochtain a áirithiú freisin ar an acmhainneacht ríomhaireachta agus ar na seirbhísí gaolmhara is gá chun IS a fhorbairt, agus trí chruthú acmhainneachtaí tionsclaíocha a chur chun cinn chun comhpháirteanna fíor-riachtanacha crua-earraí agus bogearraí a mhonarú.</STRING></STRING> </ITEM></LIST>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(16)</NO.P>cuirtear an pointe (j) seo a leanas le mír 1:<CITATION>
<LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">(j) Colún na dteicneolaíochtaí candamacha, lena dtugtar aghaidh ar an éiceachóras candamach iomlán agus ar réimsí feidhme na ríomhaireachta candamaí agus an ionsamhlúcháin chandamach, na cumarsáide candamaí, agus an bhraite agus na méadreolaíochta candamaí, lena n-áirithítear slándáil agus athléimneacht an tslabhra soláthair candamaigh agus a theicneolaíochtaí cumasúcháin. Tabharfaidh na gníomhaíochtaí aghaidh,<STRING ITALIC="on"> inter alia</STRING>, ar an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>Taighde agus Nuálaíocht Eolaíoch agus Theicneolaíoch: Sármhaitheas taighde a chur chun cinn i réimsí na heolaíochta candamaí agus na teicneolaíochta candamaí.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>Aistriú ón tsaotharlann go dtí an mhonarcha agus forbairt an éiceachórais: Tacú le bonneagair chandamacha úrscothacha a fhorbairt agus a chur in úsáid; tionsclú teicneolaíochtaí candamacha a chothú trí thacú le glacadh feidhmchlár candamach i bpríomhearnálacha poiblí agus tionsclaíocha, lena n-áiritheofar go n-aistreofar dul chun cinn ar fud na réimsí candamacha go fíorfheidhmeanna, lena n-áirítear príomh-mhargaí a fhorbairt; caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta a chur chun cinn; agus, tacú le forbairt agus líonrú lárionad náisiúnta inniúlachta candamaí ar fud na hEorpa.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>Scileanna agus Tallann: Lucht saothair innealtóireachta agus taighde chandamaigh iomaíoch agus cuimsitheach a fhorbairt trí thionscnaimh chomhordaithe oideachais, oiliúna agus soghluaisteachta, ar fud príomhdhisciplíní agus príomhréimsí teicniúla a bhaineann le candam.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>Comhar idirnáisiúnta: Comhar idirnáisiúnta a fhorbairt i dteicneolaíochtaí candamacha chun dúshláin dhomhanda eolaíocha agus shochaíocha a réiteach, i gcomhréir le cuspóirí beartais sheachtraigh agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais.</ITEM></LIST>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(16a)</NO.P> 	  <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘2.	Chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme, cuirfear de chúram ar an gComhghnóthas cistiú carnach, comhlántach nó comhcheangailte a chur chun feidhme idir cláir de chuid an Aontais i gcomhréir le clár oibre ábhartha an Choimisiúin. Féadfar cur chun feidhme cúraimí breise a chur ar iontaoibh an Chomhghnóthais freisin i gcás ina leithdháilfear cistiú breise ón Aontas de bhun Airteagal 5(3).’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(17)</NO.P>leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(18)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:<CITATION>
<LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">Suas le EUR 3 972 300 000 a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas lena n-áirítear leithreasuithe LEE, lena n-áirítear suas le EUR 92 000 000 le haghaidh costas riaracháin, ar choinníoll go ndéanfar an méid sin a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíocht na Stát Rannpháirteach, agus is mar seo a leanas a leithdháilfear í go táscach:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>suas le EUR 1 660 000 000 ó Fhís Eorpach, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">as a n-úsáidfear EUR 160 000 000 go heisiach le haghaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(6) a rannchuidíonn leis na gníomhaíochtaí faoi cholún na dteicneolaíochtaí candamacha mar a tugadh isteach in Airteagal 4(1), pointe (j)</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>suas le EUR 2 012 300 000 ón gClár don Eoraip Dhigiteach</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>suas le EUR 300 000 000 ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.</ITEM></LIST>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(19)</NO.P>Cuirtear fomhír nua le mír 1:<CITATION>
Féadfaidh cistí breise ó Fís Eorpach, ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ranníocaíocht an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlánú, ar choinníoll go ndéanfar na méideanna breise a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíocht comhalta amháin nó níos mó den Chomhghnóthas seachas an tAontas. Beidh an ranníocaíocht bhreise sin ón Aontas tiomnaithe <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">go sainráite do cholún amháin nó níos mó de na colúin</STRING></STRING> dá dtagraítear in Airteagal 4 ▌. Ní chuirfear na cistí breise sin san áireamh agus ranníocaíocht uasta airgeadais an Aontais á ríomh.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(20)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:<CITATION>
Féadfar cistí breise ó aon chlár de chuid an Aontais seachas agus lena gcomhlánaítear na cinn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin a leithdháileadh ar an gComhghnóthas chun tacú lena gcolúin gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4, seachas na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a). Ní chuirfear na cistí breise sin san áireamh agus ranníocaíocht uasta airgeadais an Aontais á ríomh.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(21)</NO.P>Cuirtear mír 4a nua isteach:<CITATION>
Maidir leis na ranníocaíochtaí a chuirtear ar iontaoibh an Chomhghnóthais i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, tá ceanglais Airteagal 158 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 infheidhme. Nuair a bhaineann na ranníocaíochtaí breise sin ón Aontas leis an gcolún dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(i), déanfaidh comhalta amháin nó níos mó seachas an tAontas ranníocaíochtaí breise a bheidh i gcomhréir le méid na ranníocaíochtaí ón Aontas.

</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(23)</NO.P>Scriostar mír 7.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(24)</NO.P>Scriostar mír 8.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(25)</NO.P>Cuirtear isteach an tAirteagal 12b seo a leanas:<CITATION>
‘Airteagal 12b’

Gigeamhonarcha na hIntleachta Saorga

<NO.P>1.</NO.P>Beidh Gigeamhonarcha IS lonnaithe i mBallstát. Tabharfar tacaíocht airgeadais dó ó chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Stát Rannpháirteach amháin nó níos mó, a ndéantar ionadaíocht air tríd an gComhghnóthas, agus ó Chuibhreannas Gigeamhonarchan IS, a bhféadfadh soláthróir bonneagair teicneolaíochta amháin nó níos mó a bheith san áireamh ann, arna ionadú go dlíthiúil ag Comhordaitheoir Gigeamhonarchan IS.

<NO.P>1a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Áiritheoidh an Comhghnóthas go gcomhlíonfaidh gach Gigeamhonarcha IS caighdeáin idir-inoibritheachta, chibearshlándála agus cosanta sonraí ar fud an Aontais, rud a chruthóidh éiceachóras ríomhaireachta atá slán agus iontaofa.</STRING></STRING>

<NO.P>2.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ní cheadófar </STRING></STRING>rannpháirtíocht i gCuibhreannas Gigeamhonarchan IS d’eintitis dhlítheanacha ó Stáit neamh-rannpháirteacha.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Mar sin féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún a mheas, ar bhonn cás ar chás</STRING></STRING>, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">nach</STRING></STRING> meastar rannpháirtíocht den sórt<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> sin</STRING></STRING> a bheith contrártha do shócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695, Rialachán (AE) 2021/694 agus Rialachán (AE) 2021/1153, leis an nglao ar léiriú spéise chun Cuibhreannas um Ghigeamhonarchan IS a roghnú, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">déanfar</STRING></STRING> rannpháirtíocht sa Chuibhreannas sin a theorannú d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i Stáit Rannpháirteacha amháin nó d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe sonraithe den Chlár Réime Fís Eorpach, den Chlár don Eoraip Dhigiteach agus d’aon chlár cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais ina dhiaidh sin, nó do thríú tíortha eile sa bhreis ar Stáit Rannpháirteacha. I bprionsabal, ní bheidh feidhm ag na srianta agus na heisiaimh dá dtagraítear sa mhír seo maidir le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tíortha a bhfuil Comhaontú Comhair maidir le Gigeamhonarcha IS nó comhaontú comhchosúil sínithe acu leis an Aontas. Féadfar a shonrú sa ghlao ar léiriú spéise chun Gigeamhonarcha IS a roghnú go bhféadfaidh eintitis dhlítheanacha i dtríú tíortha eile a bheith incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais atá le comhlíonadh ag na heintitis dhlítheanacha sin chun cosaint leasanna slándála an Aontais agus na mBallstát a ráthú agus chun cosaint faisnéise rúnaicmithe faoi dhoiciméid a áirithiú. Leagfar na ceanglais sin amach sa chlár oibre.

<NO.P>3.</NO.P>Bainfidh Cuibhreannas Gigeamhonarchan IS tairbhe as soláthar sainráite doiciméid tacaíochta iomchuí lena gcruthaítear tiomantas an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstála Gigeamhonarchan IS bunaithe, nó gealltanas údaráis inniúla Stáit Rannpháirteacha Chuibhreannas Gigeamhonarchan IS.

<NO.P>4.</NO.P>Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5 <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">a eascraíonn as an gClár don Eoraip Dhigiteach nó as SCE Seirbhísí Digiteacha</STRING></STRING>, cumhdófar suas le 17 % d’infheistíochtaí caiteachais chaipitiúil (CAPEX) bhonneagar ríomhaireachta foriomlán Ghigeamhonarcha IS. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Leis an gcuid sin de ranníocaíocht airgeadais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5 a eascraíonn as Fís Eorpach agus a rannchuidíonn le colún na Gigeamhonarchana IS, cumhdófar</STRING></STRING> ceannach ráthaithe réamhaontaithe aga rochtana ar Ghigeamhonarcha IS, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">atá le húsáid go heisiach ag gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(6),</STRING></STRING> atá coibhéiseach le hacmhainneacht léasaithe CAPEX. Ba cheart do Stát Rannpháirteach amháin nó níos mó ranníocaíocht a thabhairt atá ar cóimhéid ar a laghad le ranníocaíocht an Aontais. Is é an Cuibhreannas um Ghigeamhonarcha IS a chumhdóidh an chuid eile den infheistíocht chomh maith le caiteachas oibríochtúil na Gigeamhonarchan IS.

<NO.P>5.</NO.P>D’fhéadfaí méadú substaintiúil a dhéanamh ar Mhonarcha IS roghnaithe chun Gigeamhonarcha IS a dhéanamh di. Sa chás sin, déanfar an tacaíocht airgeadais a thug an tAontas cheana don Mhonarcha IS sin a áireamh mar chuid de ranníocaíocht an Aontais leis an gcaiteachas caipitiúil le haghaidh bhonneagar ríomhaireachta na Gigeamhonarchan IS. Déanfar an comhaontú óstála Monarchana Intleachta Saorga dá dtagraítear in Airteagal 10 a mhodhnú dá réir, i gcás inarb iomchuí. Cumhdófar leis an gCuibhreannas Gigeamhonarchan IS an infheistíocht bhreise i Monarcha na hIntleachta Saorga lena mbaineann chun bheith ina Gigeamhonarcha IS chomh maith le caiteachas oibríochtúil na Gigeamhonarchana IS.

<NO.P>6.</NO.P>Féadfaidh Stáit Rannpháirteacha ar Ballstáit iad, trí chomhaontú frithpháirteach leis an gComhghnóthas, a ranníocaíochtaí deonacha faoi seach, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo agus aon ranníocaíochtaí eile sa bhreis orthu, ina n-iomláine nó i bpáirt, le haghaidh Gigeamhonarcha IS ar leith tríd an gComhghnóthas, a dhéanfaidh na cistí sin a bhainistiú agus a eisíoc ansin chuig an nGigeamhonarcha IS ainmnithe thar a gceann.

<NO.P>7.</NO.P>Beidh úinéireacht ag an gComhghnóthas ar an gcuid sin den bhonneagar ríomhaireachta Gigeamhonarchan IS a chomhfhreagraíonn don ranníocaíocht ón Aontas a shonraítear i míreanna 4 agus 5.  Mairfidh fad na húinéireachta sin nó na hacmhainneachta léasaithe dá dtagraítear i mír 4 5 bliana ar a laghad ó thús oibríochtaí an Ghigeamhonarchan IS agus sonrófar a thuilleadh é sa Chomhaontú Óstála Gigeamhonarchan IS. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin i gcás uasghrádú substaintiúil a dhéanamh ar bhonneagar ríomhaireachta Gigeamhonarchan IS. Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, aistreofar an úinéireacht sin i gcomhréir leis an gComhaontú Óstála Gigeamhonarchan IS nó cuirfear síneadh léi ar feadh tréimhse chomhaontaithe faoi choinníollacha a shonraítear i gComhaontú Óstála Gigeamhonarchan IS. I gcás úinéireacht a aistriú chuig cuibhreannas Gigeamhonarchan IS, tiontófar luach iarmharach bhonneagar ríomhaireachta Gigeamhonarchan IS ina chearta rochtana coibhéiseacha don Aontas. Mura n-aistrítear úinéireacht chuig cuibhreannas Gigeamhonarchan IS de réir an Chomhaontaithe Óstála, ach cinneadh maidir le díchoimisiúnú, is é Cuibhreannas Gigeamhonarchan IS a íocfaidh na costais ábhartha.

<NO.P>8.</NO.P>Beidh cearta rochtana an Aontais agus na Stát Rannpháirteach i nGigeamhonarcha IS i gcomhréir dhíreach lena ranníocaíochtaí airgeadais faoi seach le caiteachas caipitiúil bhonneagar ríomhaireachta na Gigeamhonarchan IS, nó le ceannach aga rochtana ráthaithe réamhaontaithe ar an nGigeamhonarcha IS.

<NO.P>9.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">Cinnfidh Bord Rialaithe an Chomhghnóthais:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>na coinníollacha a bhaineann le haga rochtana an Aontais ar na Gigeamhonarchana IS,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>rialacha sonracha maidir le coinníollacha rochtana ar Ghigeamhonarchana IS a bhaineann le leithdháileadh aga rochtana le haghaidh tionscadail agus gníomhaíochtaí a mheastar a bheith straitéiseach don Aontas.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ba)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">sásraí chun faireachán a dhéanamh ar rátaí úsáide agus ar thorthaí chun a n-úsáid agus a n-acmhainneacht éifeachtúil a áirithiú agus acmhainní díomhaoine á seachaint ag an am céanna. Tuairisceoidh sé go rialta ar úsáid agus ar fheidhmíocht gach Gigeamhonarchana.</STRING></STRING></ITEM></LIST>

<NO.P>10.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">Agus coinníollacha aga rochtana an Aontais á gcinneadh de bhun mhír 9, áiritheoidh an Bord Rialaithe an méid seo a leanas maidir leis an rochtain:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>deonófar í d’úsáideoirí atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, le Fís Eorpach nó leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>beidh sí saor in aisce d’úsáideoirí ó eintitis atá faoi rialú an dlí phoiblí. Beidh sí saor in aisce freisin d’úsáideoirí tionsclaíocha le haghaidh feidhmchláir a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag Fís Eorpach, ag an gClár don Eoraip Dhigiteach, nó ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chomh maith leo siúd ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu faoin gclár Fís Eorpach nó faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, agus le haghaidh gníomhaíochtaí nuálaíochta príobháideacha FBManna agus gnólachtaí atá ag méadú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>acmhainní ríomhaireachta forchoimeádta a áireamh go sonrach le haghaidh tionscadail taighde arna gcistiú ag an Aontas <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus le haghaidh cuideachtaí beaga agus eintitis bheaga a oibríonn faoi phrionsabal na heolaíochta oscailte,</STRING></STRING> rud lena n-áiritheofar infhaighteacht ráthaithe agus tosaíocht sceidealaithe.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ca)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">rochtain tosaíochta a dheonú, agus i gcás inarb indéanta bearta tacaíochta spriocdhírithe do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta, do mhicrifhiontair agus d’eagraíochtaí taighde, lena n-áirítear iad siúd i dtaighde neamhbhrabúis nó réamhiomaíoch, ag forbairt feidhmchláir a mbeidh tionchar mór sochaíoch nó tionsclaíoch acu ar an Aontas.</STRING></STRING></ITEM></LIST>

<NO.P>11.</NO.P>Déanfaidh an Bord Rialaithe faireachán ar an sciar d’aga rochtana an Aontais le haghaidh na gcineálacha éagsúla úsáideoirí, arna sainmhíniú i bpointe (a) de mhír 10. I gcás ina bhfuil éagothroime shuntasach i sciartha an aga rochtana idir na cineálacha éagsúla úsáideoirí i gcomparáid leis an éileamh, déanfaidh sé gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime sin.

<NO.P>12.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">Beidh ranníocaíochtaí ón Aontas nó ó na Stáit Rannpháirteacha faoi réir coinníollacha lena n-áirithítear cosaint leasanna straitéiseacha an Aontais. Déanfar na coinníollacha sonracha dá dtagraítear sa mhír seo a leagan síos i gComhaontú Óstála um Ghigeamhonarcha IS tiomnaithe idir an Comhghnóthas agus an cuibhreannas Gigeamhonarchan IS. Is le dlí an Aontais a rialófar an Comhaontú Óstála Gigeamhonarchan IS, agus é á fhorlíonadh, i gcás aon ábhar nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo nó le gníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais, le dlí an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstála bunaithe. Déanfar an méid a leanas leis an gComhaontú Óstála Gigeamhonarchan IS:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>struchtúr úinéireachta agus rialachais na Gigeamhonarchan IS a leagan amach go mion;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>forálacha a áireamh lena n-áiritheofar grinnscrúdú agus rialú éifeachtach ag an Aontas ar Gigeamhonarchan IS chun sócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathriail nó slándáil an Aontais a chosaint;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>sonrú ar ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais, na Stát Rannpháirteach agus chomhpháirtithe poiblí agus/nó príobháideacha an Chuibhreannais um Ghigeamhonarcha IS, lena n-áirítear an t-aga rochtana ráthaithe ar an nGigeamhonarcha IS dá dtagraítear i mír 8, de réir mar is iomchuí, agus ar fhad an aga sin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>sonrú a dhéanamh, más iomchuí, ar aon leas eile de chuid an Aontais a eascraíonn as aon infheistíocht de chuid an Aontais a rialaítear le comhaontuithe infheistíochta sonracha idir cuibhreannas Gigeamhonarchan IS agus InvestEU;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>na coinníollacha incháilitheachta a leagan amach d’úsáideoirí Gigeamhonarchan IS nach úsáideoirí de chuid an Aontais iad; comhlíonfaidh siad sin na coinníollacha céanna leis na coinníollacha incháilitheachta a shonraítear i mír 2;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>na coinníollacha mionsonraithe a leagan amach maidir le rochtain d’úsáideoirí an Aontais agus módúlachtaí cuntasaíochta na n-agaí rochtana ar sheirbhísí na Gigeamhonarchan IS;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>cáilíocht na seirbhíse a thairgtear d’úsáideoirí an Chomhghnóthais agus Gigeamhonarchan IS á oibriú acu, mar a leagtar amach sa chomhaontú ar leibhéal seirbhíse a áirítear sa Chomhaontú Óstála Gigeamhonarchan IS;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>na módúlachtaí a leagan amach maidir le fáil, oibriú agus úsáid shonraí Gigeamhonarchan IS agus an bhonneagair ríomhaireachta, lena n-áirítear riachtanais úsáideoirí ón earnáil phoiblí, i gcás inarb iomchuí; i gcás ina n-áirítear soláthróir bonneagair teicneolaíochta amháin nó níos mó sa Chuibhreannas um Ghigeamhonarcha IS, áireofar sa Chomhaontú Óstála Gigeamhonarchan IS soláthar coimircí feabhsaithe coinbhleachta leasa a bhaineann leis na soláthróirí sin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>na coinníollacha maidir le haistriú na húinéireachta dá dtagraítear i mír 7, i gcás inarb iomchuí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>mionsonrú a dhéanamh ar shíneadh na húinéireachta nó ar an aga rochtana ceannaithe ráthaithe réamhaontaithe, de réir mar is iomchuí, agus na coinníollacha céimnithe amach le haghaidh Gigeamhonarchan IS, i gcás inarb iomchuí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>na coinníollacha dliteanais maidir le Gigeamhonarcha IS a oibriú, i gcás inarb iomchuí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(l)</SYMBOL>an oibleagáid atá ar eintiteas óstála na Gigeamhonarcan IS tuarascáil iniúchóireachta agus sonraí maidir leis an úsáid a baineadh as aga rochtana an Aontais sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur isteach chuig an mBord Rialaithe faoin 31 Eanáir gach bliain;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(m)</SYMBOL>beidh clásal eadrána iontu, de réir bhrí Airteagal 272 CFAE, lena ndeonaítear dlínse ar gach ábhar a chumhdaítear leis an gcomhaontú óstála do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.</ITEM></LIST>

<NO.P>13.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">Áireofar sa Ghigeamhonarcha IS comhlacht rialachais phoiblí atá comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Stáit Rannpháirteacha a sholáthraíonn cistiú poiblí don Ghigeamhonarcha IS shonrach. Gan dochar do bhainistíocht agus neamhspleáchas oibríochtúil an chuibhreannais Gigeamhonarchan IS, agus chun ailíniú a áirithiú leis na cuspóirí leasa phoiblí atá mar bhonn taca leis an gcistiú poiblí, beidh gá le formheas sainráite roimh ré ón gcomhlacht rialachais phoiblí ainmnithe do na gnéithe seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>Aon chomhaontú rochtana atá beartaithe le heintitis ó thríú tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhair imní maidir le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathriail nó slándáil an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>Athruithe substaintiúla ar an struchtúr dlíthiúil agus airgeadais nó ar an rialú dlíthiúil agus airgeadais a imríonn tionchar ar leasanna an Aontais nó ar leasanna na Stát Rannpháirteach, amhail athrú ar úinéireacht nó ar rialú deiridh Gigeamhonarchan IS, aon athlonnú sócmhainní criticiúla lasmuigh den Aontas nó mórchinntí maidir le hathstruchtúrú airgeadais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>Athrú suntasach ar chuspóir straitéiseach na nGigeamhonarchana IS.</ITEM></LIST>

<NO.P>14.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh Bord Rialaithe an Chomhghnóthais Cuibhreannas um Ghigeamhonarcha IS trí phróiseas cothrom trédhearcach, le tacaíocht ó phainéal saineolaithe neamhspleácha agus ó institiúid airgeadais chreidiúnaithe arna ceapadh ag an mBord Rialaithe don mheastóireacht, bunaithe, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, ar na critéir seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>Meastóireacht theicniúil:</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(1)</SYMBOL>Cuspóirí agus cáilíocht theicniúil an togra</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(2)</SYMBOL>Cáilíocht an phlean oibre</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(3)</SYMBOL>Cáilíocht <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus slándáil</STRING></STRING> an bhonneagair fhisiciúil, TF agus líonrúcháin</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(4)</SYMBOL>Inbhuanaitheacht, éifeachtúlacht fuinnimh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> agus uisce</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(5)</SYMBOL>Taithí agus fios gnó cuibhreannais ar shaoráidí mórscála comhchosúla a bhunú.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>Tionchar Féideartha:</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(1)</SYMBOL>Cáilíocht seirbhíse, lena n-áirítear slándáil, iontaofacht <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus treoshuíomh an úsáideora</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(2)</SYMBOL>Tionchar ar éiceachóras IS na hEorpa, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">lena n-áirítear cothromaíocht gheografach agus rochtain uile-Aontais a leathnú </STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(3)</SYMBOL>Breisluach an Aontais <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">a mhéadaíonn ceannasacht teicneolaíochta an Aontais agus a bhfuil tionchar dearfach aige ar uathriail straitéiseach an Aontais</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>Féidearthacht Airgeadais:</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(1)</SYMBOL>Gealltanais infheistíochta na Stát Rannpháirteach agus an Chuibhreannais Gigeamhonarchan IS</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(1a)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Meastacháin mhionsonraithe inchreidte atá bunaithe ar ghealltanais </STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(2)</SYMBOL>Cáilíocht agus inmharthanacht airgeadais na samhla gnó atá beartaithe (lena n-áirítear dícheall cuí atá le déanamh ag an institiúid airgeadais chreidiúnaithe ceaptha).</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tionchar ar an Margadh Saothair:</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(1)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tallann IS atá ardoilte agus éagsúil a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(2)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Poist ardcháilíochta a chruthú</STRING></STRING></ITEM></LIST>

<NO.P>14a.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tuairisceoidh an Comhghnóthas go bliantúil maidir leis an méid seo a leanas:</STRING></STRING></INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">úsáid acmhainneachta an bhonneagair ríomhaireachta chun samhlacha móra intleachta saorga Eorpacha a fhorbairt;</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">líon na samhlacha nua intleachta saorga bunaidh a forbraíodh;</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL><STRING ITALIC="on">‘</STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">inbhuanaitheacht, éifeachtúlacht fuinnimh agus uisce, agus rochtain ar fhuinneamh in-athnuaite.</STRING></STRING></ITEM></LIST>

<NO.P>15.</NO.P>I gcás nach n-áirítear sa Chuibhreannas soláthróir bonneagair teicneolaíochta amháin nó níos mó, roghnóidh an Cuibhreannas um Ghigeamhonarcha IS soláthróirí an Ghigeamhonarchan IS bunaithe ar shonraíochtaí tairisceana cothroma trédhearcacha lena gcuirfear san áireamh sonraíochtaí ginearálta an chórais, agus go háirithe na ceanglais úsáideora ón earnáil phoiblí, arna soláthar ag an Aontas sa ghlao ar léiriú spéise agus arna sonrú a thuilleadh sa Chomhaontú Óstála Gigeamhonarchan IS. Beidh an roghnúchán bunaithe ar chritéir chothroma, oscailte agus thrédhearcacha, agus áiritheofar breisluach an Aontais leis freisin agus tabharfar aghaidh ar shlándáil agus athléimneacht an tslabhra soláthair. Comhlíonfaidh na tairgeoirí roghnaithe na coinníollacha incháilitheachta a shonraítear i mír 2.

<NO.P>16.</NO.P>Féadfaidh an Comhghnóthas creatchonarthaí a bhunú chun comhpháirteanna fíor-riachtanacha agus ardéilimh a sholáthar, ar nós ardphróiseálaithe intleachta saorga. Féadfaidh na Cuibhreannais um Ghigeamhonarcha IS na creatchonarthaí dá dtagraítear sa mhír seo a úsáid chun iad a sholáthar.

<NO.P>17.</NO.P>	 <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cuirfidh an Comhghnóthas rannpháirtíocht chothrom na mBallstát chun cinn i mbunú Gigeamhonarchana IS agus Lárionad Inniúlachta Candamaí agus i rochtain orthu.</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(26)</NO.P>leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(27)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:<CITATION>
Gan dochar d’Airteagal 17(9), beidh cead ag úsáideoirí as na hearnálacha poiblí agus príobháideacha úsáid a bhaint as sár-ríomhairí EuroHPC. Seachas na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch, úsáidfear sár-ríomhairí EuroHPC go príomha chun críche taighde agus nuálaíochta a thagann faoi chláir chistiúcháin phoiblí, le haghaidh fheidhmchláir na hearnála poiblí agus le haghaidh gníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha FBManna, i gcás inarb iomchuí.
</CITATION></PARAG><PARAG><STRING ITALIC="on">Iarscríbhinn</STRING></PARAG><PARAG>Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(28)</NO.P>Leasaítear Airteagal 3 den Iarscríbhinn mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(29)</NO.P>Leasaítear mír 2:<CITATION>
Seolfar aon iarratas ó Bhallstát nó ó thríú tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó leis an gClár don Eoraip Dhigiteach ar bhallraíocht sa Chomhghnóthas chuig an mBord Rialaithe. Cuirfidh na tíortha is iarrthóirí glacadh na Reachtanna seo ar fáil i scríbhinn, mar aon le haon fhorálacha eile lena rialaítear feidhmiú an Chomhghnóthais. Míneoidh na hiarrthóirí freisin céard a spreag iad le ballraíocht a iarraidh sa Chomhghnóthas, agus tabharfaidh siad le fios an chaoi a bhfuil a straitéis sár-ríomhaireachta náisiúnta nó teicneolaíochta candamaí ailínithe le cuspóirí an Chomhghnóthais. Déanfaidh an Bord Rialaithe meastóireacht ar an iarratas, ag cur san áireamh ábharthacht agus breisluach féideartha an iarrthóra a mhéid a bhaineann le misean agus cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach, agus féadfaidh sé a chinneadh soiléirithe a iarraidh i dtaca leis an iarrthóireacht sula ndéanfar an t-iarratas a fhormhuiniú.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(30)</NO.P>Leasaítear Airteagal 4 den Iarscríbhinn mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(31)</NO.P>cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach i mír 1:<CITATION>
(d)	grúpa Comhairleach na Straitéise Candamaí.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(32)</NO.P>Leasaítear Airteagal 5 den Iarscríbhinn mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(33)</NO.P>cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:<CITATION>
(3) Maidir le colún candamach na ngníomhaíochtaí, ceapfaidh na Stáit Rannpháirteacha ionadaí óna n-údaráis inniúla i réimse na dteicneolaíochtaí candamacha.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(34)</NO.P>Leasaítear Airteagal 6 den Iarscríbhinn mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(35)</NO.P>cuirtear isteach an mhír 5a seo a leanas:<CITATION>
(5a)	 I gcás na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 7(4a) de na Reachtanna seo, agus i gcás gach Gigeamhonarchan IS, déanfar cearta vótála na Stát Rannpháirteach a dháileadh i gcomhréir lena ranníocaíochtaí airgeadais geallta agus lena ranníocaíochtaí comhchineáil leis an nGigeamhonarcha IS sin go dtí deireadh an chomhaontaithe óstála Gigeamhonarchan IS; ní chuirfear na ranníocaíochtaí comhchineáil san áireamh ach amháin má dhéanann saineolaí nó iniúchóir neamhspleách iad a dheimhniú <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING>.

Chun críoch na míre seo, glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach 75 % ar a laghad de gach vóta, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(36)</NO.P>leasaítear an mhír 6 seo a leanas:<CITATION>
(6) I gcomhair na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 7(5), 7(5a), 7(6) agus 7(7) de na Reachtanna seo, glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe in dhá chéim.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(37)</NO.P>Leasaítear Airteagal 7 den Iarscríbhinn mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(38)</NO.P>cuirtear isteach an mhír 4a seo a leanas:<CITATION>
<LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">(4a) Déanfaidh an Bord Rialaithe na cúraimí seo a leanas a bhaineann leis na Gigeamhonarchana IS dá dtagraítear in Airteagal 12b den Rialachán seo:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>an chuid den chlár straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le sár-ríomhairí Gigeamhonarchana IS a bhunú dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann le bunú Gigeamhonarchana IS agus le roghnú na gCuibhreannas um Ghigeamhonarcha IS agus na meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas a phlé agus a ghlacadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>seoladh glao ar léiriú spéise a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>roghnú na gCuibhreannas um Ghigeamhonarcha IS a fhormheas lena mbunófar agus lena n-oibreofar na Gigeamhonarchana IS;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>na coinníollacha a bhaineann le haga rochtana an Aontais ar Ghigeamhonarchana IS a chinneadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>formheas a dhéanamh ar aon tairiscint a bhaineann le bunú Gigeamhonarchan IS a roghnaíodh lena cistiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>creatchonarthaí arna mbunú ag an gComhghnóthas EuroHPC a fhormheas chun comhpháirteanna fíor-riachtanacha agus ardéilimh de Ghigeamhonarchana IS a sholáthar.</ITEM></LIST>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(39)</NO.P>cuirtear isteach an mhír 5a seo a leanas:<CITATION>
(5a)	Maidir le Colún Candamach na ngníomhaíochtaí, tá feidhm ag forálacha Airteagal 7(5) de na Reachtanna seo, cé is moite de ghníomhaíochtaí a bhaineann le ríomhairí candamacha a fháil agus a oibriú i gcás ina bhfuil feidhm ag forálacha Airteagal 7(4) de na Reachtanna seo.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(40)</NO.P>Leasaítear Airteagal 10 den Iarscríbhinn mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(41)</NO.P>leasaítear mír 1 mar a leanas:<CITATION>
Beidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta comhdhéanta de Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta, de Ghrúpa Comhairleach Bonneagair agus de Ghrúpa Comhairleach Straitéise Candamaí.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(42)</NO.P>cuirtear mír 7 seo a leanas leis:<CITATION>
(7)  	Ní bheidh níos mó ná dháréag comhaltaí i nGrúpa Comhairleach na Straitéise Candamaí, agus ceapfaidh na Comhaltaí Príobháideacha suas le seisear díobh, ag cur a gcuid gealltanas i leith an Chomhghnóthais san áireamh, agus ceapfaidh an Bord Rialaithe suas le seisear díobh, i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(k) de na Reachtanna seo.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(43)</NO.P>Cuirtear isteach Airteagal 12a seo a leanas:<CITATION>
Airteagal 12a

<STRING ITALIC="on">Feidhmiú Ghrúpa Comhairleach na Straitéise Candamaí</STRING>

<NO.P>1.</NO.P>Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach na Straitéise Candamaí le chéile ar a laghad faoi dhó in aghaidh na bliana.

<NO.P>2.</NO.P>Féadfaidh an Grúpa Comhairleach na Straitéise Candamaí meithleacha a cheapadh i gcás inar gá sin faoi chomhordú foriomlán ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí.

<NO.P>3.</NO.P>Toghfaidh Grúpa Comhairleach na Straitéise Candamaí a chathaoirleach.

<NO.P>4.</NO.P>Glacfaidh an Grúpa Comhairleach na Straitéise Candamaí a rialacha nós imeachta lena n-áirítear ainmniú na gcomheintiteas a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Ghrúpa Chomhairligh agus fad a n-ainmniúcháin.
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(44)</NO.P>Cuirtear isteach Airteagal 14a seo a leanas:<CITATION>
Airteagal 14a

<STRING ITALIC="on">Cúraimí Ghrúpa Comhairleach na Straitéise Candamaí</STRING>

<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">Déanfaidh Grúpa Comhairleach na Straitéise Candamaí an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>a rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil maidir leis na gníomhaíochtaí teicneolaíochta candamaí dá dtagraítear in Airteagal 20 de na Reachtanna seo a tharraingt suas agus athbhreithniú a dhéanamh air go tráthrialta i gcomhréir le héabhlóid an éilimh eolaíoch, thionsclaíoch agus beartais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>comhairliúcháin phoiblí a eagrú atá oscailte do gach páirtí leasmhar poiblí agus príobháideach a bhfuil leas aige i réimse na teicneolaíochta candamaí, chun iad a chur ar an eolas maidir leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil agus le dréachtghníomhaíochtaí gaolmhara an chláir oibre teicneolaíochtaí candamacha, agus aiseolas a bhailiú ina dtaobh.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>Tabharfaidh an rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 1 aghaidh ar an méid seo a leanas:</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>na tosaíochtaí straitéiseacha maidir le taighde, nuálaíocht, cur in úsáid agus bonneagar chun teicneolaíochtaí candamacha a fhorbairt agus a ghlacadh agus chun iad a chomhtháthú in éiceachóras digiteach na hEorpa, chun tacú le hathléimneacht, ceannasacht theicneolaíoch agus uathriail straitéiseach an Aontais agus acmhainneacht dé-úsáide na dteicneolaíochtaí sin á gcur san áireamh ag an am céanna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann i dteicneolaíochtaí candamacha a chuireann le luach agus a bhfuil leas coiteann ag baint leo agus ailíniú le luachanna agus leasanna slándála an Aontais á áirithiú ag an am céanna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>tosaíochtaí maidir le hoiliúint, oideachas agus forbairt an lucht saothair chun aghaidh a thabhairt ar phríomhinniúlachtaí agus ar an mbearna scileanna i dteicneolaíochtaí candamacha, lena n-áirítear feasacht ar fheidhmchláir atá íogair ó thaobh na slándála de;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>bonneagair chandamacha a fháil, a chur in úsáid agus a oibriú, lena n-áirítear idirnascadh agus cónascadh le bonneagair Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus le bonneagair dhigiteacha eile ar nós cumarsáid chandamach agus brath candamach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>bearta maidir le forbairt cumais, idir-inoibritheacht, caighdeánú, slándáil i réimse na dteicneolaíochtaí candamacha agus aird ar leith á tabhairt ar rioscaí dé-úsáide agus ar shócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathriail nó slándáil an Aontais a chosaint.</ITEM></LIST>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(45)</NO.P>Leasaítear Airteagal 16 den Iarscríbhinn mar a leanas:<CITATION>
Féadfar gealltanais bhuiséadacha an Chomhghnóthais a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. Ó mhí Eanáir 2025, ní chumhdófar 20 % ar a laghad de bhuiséad carnach na mblianta iarmharacha le tráthchodanna bliantúla.
</CITATION></PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 40</STRING></TI.ART><PARAG>Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>.</PARAG><PARAG>Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.</PARAG>
</GR.ART><SIGNATURE>
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

<STRING ITALIC="on">Thar ceann Pharlaimint na hEorpa	Thar ceann na Comhairle</STRING>

<STRING ITALIC="on">An tUachtarán	An tUachtarán</STRING>
</SIGNATURE></DISPOSITIF></TEXT></TCONSOLID></TXTLST></SDOCTA>