<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0334</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ceapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0247/2025 - Rapóirtéir: Aurore Lalucq)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh cheapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (N10-0060/2025 – C10-0268/2025 – 2025/0904(NLE))</STRING></TI><NOTE>(Formheas)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ó Bhord Maoirseoirí an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde an 23 Deireadh Fómhair 2025 (C10‑0268/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 51(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa i ndiaidh fostaíocht phoiblí a chosc<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0017.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 135 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0247/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go dtiocfaidh deireadh le téarma oifige Stiúrthóir Feidhmiúcháin reatha an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde an 31 Márta 2026;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur mhol Bord Maoirseoirí an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, an 23 Deireadh Fómhair 2025, i ndiaidh nós imeachta roghnúcháin oscailte, Damian Jaworski a cheapadh ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin go ceann téarma oifige 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 51(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le Damian Jaworski an 6 Samhain 2025, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas cheapadh Damian Jaworski mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus chuig rialtais na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>