<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0335</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Soghluaiseacht mhíleata</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0242/2025 - Rapóirtéirí:Petras Auštrevičius, Roberts Zīle)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 ar shoghluaisteacht mhíleata (2025/2090(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Teidil VI agus XVI de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Teideal V de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1679, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1679/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 249, 14.7.2021, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1153/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach, go háirithe conclúidí an 26 Meitheamh 2025, an 6 Márta 2025, an 21 agus an 22 Márta 2024, an 14 agus an 15 Nollaig 2023, an 29 agus an 30 Meitheamh 2023, an 15 Nollaig 2022 agus an 30 agus an 31 Bealtaine 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle, go háirithe conclúidí an 6 Nollaig 2024, an 18 Samhain 2024, an 13 Meitheamh 2024, an 27 Bealtaine 2024, an 24 Deireadh Fómhair 2023, an 24 Eanáir 2022 agus an 22 Eanáir 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Samhain 2017 dar teideal <STRING ITALIC="on">Improving Military Mobility in the European Union</STRING> [Soghluaisteacht Mhíleata san Aontas Eorpach a Fheabhsú] (JOIN(2017)0041),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1328 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2021 lena sonraítear na ceanglais bhonneagair is infheidhme maidir le catagóirí áirithe gníomhaíochtaí bonneagair dé-úsáide de bhun Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 288, 11.8.2021, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1328/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 24 Meán Fómhair 2021 maidir le chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 go mí Mheán Fómhair 2021 (JOIN(2021)0026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint – Ar mhaithe le hAontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta a ghlac an Chomhairle an 21 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Samhain 2022 dar teideal <STRING ITALIC="on">Action plan on military mobility 2.0</STRING> [An Plean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0] (JOIN(2022)0048),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 13 Samhain 2023 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0 a chur chun feidhme ó mhí na Samhna 2022 go mí Dheireadh Fómhair 2023 (JOIN(2023)0037),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 28 Bealtaine 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">The European Union’ s strategic approach to the Black Sea region</STRING> [Cur chuige straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith réigiún na Mara Duibhe] (JOIN(2025)0135),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar tacaíochta ón gCoimisiún maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus na riachtanais infheistíochta trasteorann chun gréasán GTE-I a bhaint amach, a foilsíodh in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 20 Márta 2025 i dtaca le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0 (JOIN(2025)0011),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don pháipéar bán comhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Márta 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">for European Defence Readiness 2030</STRING> [maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030] (JOIN(2025)0120),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Iarscríbhinn II athbhreithnithe a ghabhann leis na Riachtanais Mhíleata maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata laistigh den Aontas agus lasmuigh de mar a ghlac an Chomhairle iad an 18 Márta 2025 (ST 6728/25 ADD1),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha bliantúla 2022, 2023 agus 2024 ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, chomh maith lena cuid tuarascálacha maidir le soghluaisteacht mhíleata i mí an Mhárta 2018 agus an 26 Eanáir 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 04/2025 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 5 Feabhra 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">EU military mobility – Full speed not reached due to design weaknesses and obstacles en route</STRING> [Soghluaisteacht mhíleata an Aontais Eorpaigh – Níl sí faoi lán seoil de bharr laigí sa dearadh agus constaicí i gcaitheamh an bhealaigh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Sauli Niinistö an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">Safer Together: Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness</STRING> [Níos Sábháilte le Chéile: Ullmhacht Shibhialta agus Mhíleata na hEorpa a Neartú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas ar shoghluaisteacht mhíleata a d’eisigh airí iompair na Bulgáire, na Seicia, na hEastóine, na Fionlainne, na hUngáire, na hÍoslainne, na Laitvia, na Liotuáine, na hIorua, na Polainne, na Rómáine agus na Slóvaice an 27 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don deichiú tuarascáil ar dhul chun cinn an 10 Meitheamh 2025 maidir le cur chun feidhme an tacair chomhchoitinn de thograí a d’fhormhuinigh Comhairlí AE agus ECAT an 6 Nollaig 2016 agus an 5 Nollaig 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Communique ó Chruinniú Mullaigh Vilnias arna eisiúint ag ceannairí stáit agus rialtais ECAT a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh in Vilnius an 11 Iúil 2023, agus don Dearbhú ó Chruinniú Mullaigh Washington arna eisiúint ag ceannairí stáit agus rialtais ECAT a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh in Washington an 10 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na trí dhearbhú chomhpháirteacha maidir le comhar idir an tAontas agus ECAT arna síniú ag Uachtaráin na Comhairle Eorpaí agus an Coimisiún chomh maith le hArd-Rúnaí ECAT an 10 Eanáir 2023, an 5 Nollaig 2018 agus an 6 Nollaig 2016, faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí atreisiú an tionscail cosanta Eorpaigh (COM(2025)0122),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2025 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma (COM(2025)0123),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2025 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/694, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697, (AE) 2021/1153, (AE) 2023/1525 agus 2024/795, a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí a bhaineann le cosaint a dhreasú i mbuiséad an Aontais chun an Plean ReArm Europe a chur chun feidhme (COM(2025)0188),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 ar chur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0058.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2025 ar an bpáipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0034.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Eanáir 2024 ar an straitéis chuimsitheach Eorpach maidir le calafoirt a fhorbairt<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5716, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5716/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Bealtaine 2022 maidir le tionchar chogadh foghach mídhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar earnálacha iompair agus turasóireachta an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 164.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2021 ar an gcomhar idir AE agus ECAT i gcomhthéacs an chaidrimh thrasatlantaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Nollaig 2018 ar shoghluaisteacht mhíleata<FOOTNOTE><FIELD> IO C 388, 13.11.2020, lch. 22.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Shlándáil agus Cosaint agus an Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shlándáil agus Cosaint agus ón gCoiste um Iompar agus Turasóireacht (A10-0242/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil aird athnuaite tarraingthe ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar shoghluaisteacht mhíleata, lena dtugtar chun suntais an géarghá atá le gluaiseacht mhear trasteorann trúpaí, trealaimh agus sócmhainní ar fud an Aontais a éascú chun díspreagadh agus cosaint a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn éagobhsaíochtaí agus géarchéimeanna geopholaitiúla athraitheacha i réigiúin éagsúla an domhain ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, i gcomhar le ECAT, a bheith réidh chun freagairt do ghníomhartha ionchasacha foghacha nó do chineálacha éagsúla géarchéimeanna feadh a dteorainneacha seachtracha uile;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil na Ballstáit a bhfuil teorainneacha seachtracha acu leis an Rúis nó leis an mBealarúis, mar aon leo siúd atá ag síneadh leis an Úcráin agus a bhfuil ruathair á ndéanamh ag an Rúis ar a n-aerspás, faoi bhagairt dhíreach slándála, go háirithe toisc go bhfuil rabhadh á thabhairt ag seirbhísí slándála an Iarthair go bhféadfadh an Rúis ionsaí a dhéanamh ar an Aontas sa ghearrthéarma;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur cumasóir bunriachtanach í an tsoghluaisteacht mhíleata do shlándáil agus do chosaint choiteann na hEorpa agus gur sainaithníodh í mar chumasóir criticiúil i dtosaíochtaí forbartha cumais 2023 an Aontais (CDP);
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil athléimneacht, díspreagadh agus luas na ngluaiseachtaí míleata san Eoraip anois ina gcoinníoll bunriachtanach d’inchreidteacht chosaint na hEorpa; de bhrí go neartaíonn an tsoghluaisteacht mhíleata san Aontas slándáil agus athléimneacht na 27 mBallstát go mór, lena n-áirítear i gcoinne gníomhartha méadaitheacha sabaitéireachta ar an mbonneagar criticiúil agus an méadú atá ag teacht ar bhagairtí hibrideacha, ar choinníoll go ndéantar í a chumasú go hiomlán chun a hacmhainneacht a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí suntasacha chun naisc iompair réigiúnacha a fheabhsú agus chun an gréasán uile-Eorpach a fheabhsú, lena ndéantar tíortha an Aontais a nascadh ón bhFionlainn agus ó na Stáit Bhaltacha sa tuaisceart le Leithinis na hIbéire sa deisceart; de bhrí go mbeadh sé bunriachtanach bonneagar comhleanúnach soghluaisteachta míleata a fhorbairt sna ceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata de chuid an Aontais chun trúpaí agus trealamh míleata a imscaradh agus a sholáthar ar gearrfhógra agus ar mórscála d’iarnród, de bhóthar, d’uiscebhealaí, ar muir agus d’aer, nuair is gá agus i gcás inar gá, lena n-áirithítear a fheidhmiúlacht dé-úsáide chun slabhraí soláthair sibhialta bunriachtanacha a choinneáil ag feidhmiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur tosaíocht í an tsoghluaisteacht mhíleata sa chomhar idir an tAontas agus ECAT agus nach mór di, trí chur chuige ailínithe, gluaiseacht fhórsaí na gcomhghuaillithe a chumasú i dtréimhsí síochána, géarchéime nó cogaidh araon; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach don chosaint chomhchoiteann idir-inoibritheacht a fheabhsú laistigh den Aontas, le ECAT agus le comhpháirtithe amhail an Úcráin; de bhrí, chun cuspóirí straitéiseacha na comhpháirtíochta idir AE agus ECAT a bhaint amach, go bhfuil gá le ceannaireacht láidir agus rialachas comhordaithe chun fís straitéiseach chomhroinnte a dhéanamh den chomhar teicniúil, lena neartaítear, dá bhrí sin, sin an tsoghluaisteacht mar uirlis don chomhtháthú agus don tslándáil chomhchoiteann;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an mBuanchomhar Struchtúrtha (PESCO) chun cumais chosanta an Aontais a fheabhsú agus a ailíniú, lena laghdaítear spleáchais maidir le cumasóirí straitéiseacha amhail an tsoghluaisteacht mhíleata;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas ag obair chun nascacht le comhpháirtithe réigiúnacha agus le tíortha is iarrthóirí a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur ann do leochaileachtaí i mbonn tionsclaíoch cosanta an Aontais, lena n-áirítear róspleáchas ar allmhairí nach den Aontas iad, táirgeadh agus soláthar ilroinnte, tearcinfheistíocht agus acmhainneacht táirgeachta theoranta; de bhrí go leagtar béim i straitéis slándála eacnamaíche na hEorpa ar a thábhachtaí atá sé spleáchais straitéiseacha a laghdú agus teicneolaíochtaí agus sócmhainní criticiúla a chosaint chun ceannasacht agus iomaíochas an Aontais a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur cuireadh i bhfios go láidir sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025 nach mór don Aontas ‘a bheith níos ceannasaí, níos freagraí as a chosaint féin agus níos ullmhaithe chun gníomhú agus déileáil go neamhspleách le dúshláin agus bagairtí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo’, lena n-athdhearbhaítear, dá bhrí sin, gur gá spleáchais sheachtracha a laghdú agus Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB) a chomhdhlúthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le tionscnamh SAFE, a ghlac an Chomhairle an 27 Bealtaine 2025, suas le EUR 150 billiún chun tacú le soláthar comhpháirteach, borradh tionsclaíoch agus táirgeadh a bhaineann leis an gcosaint laistigh den Aontas, lena gcruthaítear, dá bhrí sin, deis straitéiseach chun prionsabal na tosaíochta Eorpaí a thabhairt i bhfeidhm agus chun a áirithiú go ndéanann cistí an Aontais tionscal na hEorpa a neartú seachas spleáchais sheachtracha a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag an ngníomh um thionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a threisiú trí sholáthar coiteann (EDIRPA) (IO L, 2023/2418, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2418/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (EDIRPA) agus ag Clár um Thionscal Cosanta na hEorpa (EDIP) chun tacú le forbairt teicneolaíochtaí nuálacha agus cumas nuálach atá ábhartha don tsoghluaisteacht mhíleata; á chur i bhfáth gur cheart sineirgí idir EDIP, EDIRPA, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais a shaothrú go hiomlán chun athléimneacht an bhonneagair iompair a neartú agus chun acmhainneacht fhoriomlán an Aontais a fheabhsú maidir le gluaiseacht mhíleata mhear agus shlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn scagadh láidir infheistíochta le slándáil eacnamaíoch an Aontais, go gcosnaíonn sé bonneagar agus teicneolaíochtaí criticiúla ar éadálacha naimhdeacha, agus go gcomhlánaíonn sé beartais thionsclaíocha atá dírithe ar neamhspleáchas agus ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa a chothú; de bhrí gur príomhionstraim é an t-athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2019/452<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh chun an slándáil, ord poiblí agus leasanna straitéiseacha an Aontais a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh maidir leis an rialachán atá beartaithe<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0102.</FIELD></FOOTNOTE>, agus béim á leagan aici gur cheart a cheangal ar na Ballstáit uile sásra um scagadh a choimeád le haghaidh infheistíochtaí coigríche ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, agus go bhfuil gá le comhchuibhiú níos láidre ar fud na gcóras náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha agus ar leochaileachtaí teicneolaíochta agus bonneagair atá ag teacht chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, d’ainneoin an dul chun cinn shuntasaigh atá déanta le blianta beaga anuas chun an tsoghluaisteacht mhíleata a fheabhsú trí na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta maidir le soghluaisteacht mhíleata 2.0 a chur chun feidhme, gur ann i gcónaí do bhacainní suntasacha rialála, riaracháin agus airgeadais, mar aon le scrogaill agus constaicí bonneagair;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil géarghá le hiarrachtaí comhordaithe agus comhtháite a threisiú ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal ECAT agus ar leibhéal na mBallstát chun acmhainní a mhéadú agus chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní fisiceacha, dlíthiúla agus rialála sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go léiríonn iniúchtaí inmheánacha agus taithí a fuarthas le déanaí easnaimh thromchúiseacha i mbeartas soghluaisteachta míleata an Aontais, le moilleanna ar rómhaorlathas maorlathach agus bonneagar neamhleor, rud a chiallaíonn go bhféadfadh sé níos mó ná mí amháin a thógáil chun trealamh míleata a bhogadh thar theorainneacha chun freagairt d’ionsaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí nach bhfuil go leor de bhealaí iompair na hEorpa oiriúnach go fóill d’fheithiclí míleata troma; de bhrí gur cuireadh cosc ar umair dul isteach i mBallstáit áirithe toisc go sáraíonn siad an teorainn náisiúnta meáchain, agus gur cuireadh stop le conbhuanna ag droichid nach bhfuil deartha do na hualaí sin, lena dtugtar chun suntais an géarghá atá le príomhbhonneagar amhail línte iarnróid, bóithre, tolláin agus droichid a uasghrádú chun caighdeáin mhíleata a chomhlíonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go dtugann infheistíochtaí i bhfeabhsú an bhonneagair dé-úsáide aeir, iarnróid, bóithre agus uiscebhealaí atá ann cheana tairbhí suntasacha do phobail agus do ghnólachtaí tráth síochána chomh maith le dul chun tairbhe do chórais iompair paisinéirí agus lasta agus rannchuidiú le dícharbónú an iompair, leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (GTE-I) a thabhairt chun críche, le cumais cosanta sibhialta, agus le neartú an mhargaidh aonair;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag oibreoirí iompair sa tsoghluaisteacht mhíleata; de bhrí gur minic a bhíonn moilleanna móra, áfach, ar oibríochtaí iompair agus ar eisiúint ceadanna trasteorann de dheasca nósanna imeachta neamh-chomhchuibhithe;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ag freagairt do réaltachtaí geopholaitiúla athraitheacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tsoghluaisteacht mhíleata do shlándáil agus do chosaint na hEorpa; á chur i bhfáth go bhfuil sé níos práinní anois aghaidh a thabhairt ar easnaimh straitéiseacha an Aontais agus ar an ngá atá le soghluaisteacht mhíleata fheabhsaithe i bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi uaillmhian an Aontais agus na mBallstát a n-ullmhacht cosanta a mhéadú go suntasach, spleáchais straitéiseacha a laghdú, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí cumais agus bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa a neartú faoi chuimsiú bheartais ábhartha an Aontais agus an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC), agus i gcomhthéacs ECAT; á chur in iúl gur geal léi an comhar idir an tAontas agus ECAT maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata a fheabhsú; á mheas, mar sin féin, go bhfuil sé in am anois, mar ábhar práinne, dul chun cinn ceart a dhéanamh ar chomhchuspóirí sonraithe an Aontais agus ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag moladh na n-iarrachtaí comhchoiteanna chun tacú leis an Úcráin; á áitiú gur gá ceachtanna a fhoghlaim go córasach ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear maidir le soghluaisteacht mhíleata, go háirithe bunaithe ar thaithí fhórsaí armtha na hÚcráine, agus ó fhreachnaimh náisiúnta agus ilnáisiúnta freisin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé teagmhais lóistíochta agus pleanáil chúltaca a áirithiú chomh maith le naisc laga agus naisc atá in easnamh a shainaithint; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhordú luath agus éifeachtach le comhpháirtithe straitéiseacha, go háirithe le ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth gur bagairt shuntasach í an Rúis ar shlándáil an Aontais Eorpaigh, agus gur den ríthábhacht é an cumas a fhorbairt chun trúpaí agus cumais mhíleata a imscaradh go mear chuig cliathán thoir an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá straitéiseach le hinfheistíochtaí sna Ballstáit uile feadh na gceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata de chuid an Aontais – Conairí an Tuaiscirt, an Oirthir, an Deiscirt Láir agus an Tuaiscirt Láir – ós rud é go bhfuil soghluaisteacht mhíleata fheabhsaithe agus éifeachtach bunriachtanach do shlándáil na mBallstát uile agus do shaoránaigh uile na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt chun suntais go dtreiseoidh soghluaisteacht mhíleata fheabhsaithe CBSC an Aontais agus a mhisin agus a oibríochtaí; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit fís choiteann a ghlacadh maidir le conas a ngníomhaíochtaí maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata a chur chun cinn, agus táirgí insoláthartha sonracha a cheapadh ar cheart iad a chomhtháthú i gCompás Straitéiseach an Aontais; ag tathant go mbeadh ullmhacht nithiúil ann maidir le soghluaisteacht mhíleata trí bhogadh i dtreo cur chuige cuimsitheach i leith lóistíocht mhíleata, lena n-áirítear slándáil an bhonneagair chriticiúil, moil iompair, cothabháil, stóráil, athbhreoslú, deisiú agus armlón;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfuil an tsoghluaisteacht mhíleata teoranta do ghluaiseacht trúpaí, arm ná trealaimh, ach go mbaineann sí freisin le cabhair dhaonnúil agus gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta; á chur i bhfios go láidir gur féidir le tacaíocht don tsoghluaisteacht mhíleata tairbhí suntasacha a thabhairt do shaoránaigh freisin, ós rud é go bhféadfadh an cumas fórsaí míleata a imscaradh go mear seachadadh cabhrach daonnúla agus tacaíochta leighis níos tapúla a éascú, chomh maith le deisiú an bhonneagair i gcás tubaistí nádúrtha, paindéimí nó géarchéimeanna eile; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhféadfadh infheistíochtaí an Aontais i mbonneagar soghluaisteachta míleata tairbhí nithiúla a ghiniúint do phobail áitiúla agus don nascacht, lena méadaítear, dá bhrí sin, athléimneacht áitiúil, comhtháthú eacnamaíoch, cruthú post agus tacaíocht phoiblí do chlár oibre slándála na hEorpa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ag dul i ngleic le saincheisteanna airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór leanúint d’ionstraim chistiúcháin iompair an Aontais atá bainistithe go lárnach agus atá tiomnaithe amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (CAI) mar an phríomhfhoinse le haghaidh cistiú láidir soghluaisteachta míleata agus nach mór a buiséad foriomlán ó thaobh iompair de a mhéadú go mór; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an togra le haghaidh buiséad méadaithe don tsoghluaisteacht mhíleata sa CAI atá beartaithe, lena leithdháiltear os cionn EUR 50 billiún don iompar faoi SCE do 2028-2034, lena n-áirítear os cionn EUR 17 mbilliún don tsoghluaisteacht mhíleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag meabhrú an chiorraithe 75 % nach bhfacthas a leithéid riamh cheana a rinne an Chomhairle ar chistiú soghluaisteachta míleata faoi CAI 2021-2027, i gcomparáid le seasamh Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin, agus á chur i bhfáth nach féidir a leithéid de chiorrú a dhéanamh arís; á chur i bhfios go láidir, mar gheall ar ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, gur ghá an buiséad soghluaisteachta míleata a thús-ualú agus go raibh sé ídithe ina iomláine faoi thús 2024; á áitiú go ndéanfaí na hacmhainní a leithdháiltear ar shoghluaisteacht mhíleata laistigh den chéad CAI eile a mhéadú go mór chun iad a chur i gcomhréir leis an riachtanas infheistíochta measta de EUR 100 billiún ar a laghad chun aghaidh a thabhairt ar na 500 teophointe a shainaithnítear san Aontas mar theophointí a bhfuil uasghrádú práinneach ag teastáil ina leith<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal: An Síocháin a Chaomhnú – Treochlár 2030 (JOIN(2025)0027).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á áitiú, agus an gá atá leis an infheistíocht sin chomh maith leis na moltaí i dtuarascáil Draghi á gcur san áireamh, a thábhachtaí atá sé an méid léirithe EUR 17 mbilliún a chaomhnú ar a laghad sa chaibidlíocht ina dhiaidh sin maidir le huasteorainn fhoriomlán CAI, lena gcosnaítear an leithdháileadh chun GTE-I a bhaint amach; á chur i bhfáth nár cheart don Chomhairle aon togra a dhéanamh chun méid an chistithe sin a laghdú agus á chreidiúint go mbeidh gá le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar dhíriú na gcistí sin i dtreo na soghluaisteachta míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá comhar agus ailíniú a chothú go rathúil i measc na mBallstát maidir le tionscadail iompair trasteorann agus mhórscála agus maidir le bonneagar dé-úsáide a imscaradh chun slógadh mear agus éifeachtúil ar mórscála agus gluaiseacht trúpaí míleata, trealaimh mhíleata agus sócmhainní míleata ar fud an Aontais ar fad a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á athdhearbhú nár cheart go gcuirfeadh tionscnaimh agus cistiú soghluaisteachta míleata bac ar chur chun feidhme foriomlán na ngníomhaíochtaí a bhaineann le GTE-I cliste, athléimneach, idir-inoibritheach, dícharbónaithe agus inbhuanaithe a thabhairt chun críche; ag meabhrú an chuspóra croíghréasán GTE-I a thabhairt chun críche faoi 2030, lena n-áirítear imscaradh an chórais Eorpaigh um bainistiú tráchta iarnróid (ERTMS), agus an chroíghréasáin leathnaithe faoi 2040;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cuspóir fíor-riachtanach é tionscadail bonneagair iompair trasteorann a thabhairt chun críche go tráthúil laistigh de ghréasán GTE-I chun cuspóirí éifeachtacha dé-úsáide agus soghluaisteachta míleata a bhaint amach san Eoraip; á mheabhrú, de réir pháipéar seasaimh chomhordaitheoirí GTE-I ó mhí Aibreáin 2024, gurb é EUR 845 bhilliún an infheistíocht iomlán is gá chun croíghréasán GTE-I agus croíghréasán leathnaithe GTE-I a thabhairt chun críche sna 15 bliana amach romhainn, agus, i gcás tionscadail ag a bhfuil an breisluach Eorpach is airde amháin, go meastar gurb é EUR 210 mbilliún ar a laghad an méid atá fágtha atá le hinfheistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil gá le cistiú fadtéarmach chun mórthionscadail bonneagair iompair atá ríthábhachtach don tsoghluaisteacht mhíleata a chur chun feidhme mar gheall ar chineál na ngníomhaíochtaí atá le déanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá nósanna imeachta a chuíchóiriú agus a shimpliú chun cistiú a fháil do thionscadail bonneagair dé-úsáide laistigh de chreat soghluaisteachta míleata SCE sa CAI atá beartaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iasachtaí tosaigh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) le haghaidh infheistíocht i dtionscadail bhonneagair dé-úsáide chun soghluaisteacht mhíleata a fheabhsú; á iarraidh go mbeadh baint leanúnach ag BEI le rannchuidiú le tionscadail agus cumais bhonneagair dé-úsáide eile a mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mholadh go bhforbrófaí sásraí airgeadais breise a bheidh le fiosrú, amhail Banc Cosanta, Slándála agus Athléimneachta, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais chistiúcháin na slándála, na cosanta agus na hathléimneachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á mheabhrú go bhféadfaidh na Ballstáit an t-uasmhéid cistiúcháin atá ar fáil faoin CAI reatha a úsáid, lena n-áirítear na bearta a tugadh isteach le déanaí chun acmhainní a ath-leithdháileadh i gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus sa Bheartas Comhtháthaithe, chomh maith le cistí neamhúsáidte na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a atreorú go mear i dtreo infheistíochtaí sa chosaint, lena n-áirítear bonneagar dé-úsáide agus sócmhainní soghluaiste chun soghluaisteacht mhíleata a chothú, lena n-áirítear frith-shoghluaisteacht mhíleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh go ndearbhófaí gur féidir na buiséid thiomnaithe faoi EDIP, faoin gCiste Eorpach Cosanta, faoi chlár SAFE agus faoi na bearta a glacadh faoin Omnibus um Ullmhacht Cosanta agus faoi thionscnaimh chosanta eile de chuid an Aontais a úsáid chun tacú le leathnú agus uasghrádú an bhonneagair dé-úsáide fhisicigh agus dhigitigh araon agus le fáil chomhoibríoch agus intuartha ar chumais chumasúcháin don chosaint, lena n-áirítear maidir le soghluaisteacht mhíleata, chun Aontas um an gCosaint Eorpach iarbhír a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Deireadh a chur le bacainní ar shoghluaisteacht mhíleata agus bogadh i dtreo </STRING></STRING>‘<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">limistéar míleata Schengen</STRING></STRING>’</ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag athdhearbhú na hiarrataí go mbeadh ‘limistéar míleata Schengen’ ann agus ag spreagadh an Choimisiúin chun treochlár a sholáthar chuige sin gan tuilleadh moille;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis mhór bhuartha di an easpa freagrúlachta agus éifeachtúlachta atá ann faoi láthair sa tsoghluaisteacht mhíleata, a bhfuil bac á cur uirthi de dheasca castacht rialála agus nós imeachta agus easpa comhchuibhithe as a n-eascraíonn comhordú mall agus caillteanas ama;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige ‘uile-shochaí’ a leabú i leith na soghluaisteachta míleata, ina mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach, lena n-áirítear an earnáil phoiblí, an earnáil phríobháideach agus an earnáil shibhialta, trí na bearta a dhéantar a chur in iúl agus a mhíniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na 13 ghealltanas a glacadh faoi Gealltanas 2024 maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata a chur chun feidhme, mar ábhar práinne, agus béim á leagan ar infheistíochtaí sa bhonneagar iompair, i sócmhainní iompair agus i gcomhchuibhiú rialála, lena gcuirtear dlús faoi cheadanna gluaiseachta trasteorann agus lena ndéantar an comhar idir CBSC an tAontas agus ECAT a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún cur chuige cothrománach a ghlacadh agus gníomhaíochtaí breise á moladh aige trí rialacháin agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú agus a shimpliú agus é mar aidhm phráinneach aige cur chuige an Aontais a chomhtháthú agus a chomhordú maidir le deireadh a chur leis na bacainní riaracháin, taidhleoireachta, lóistíochta agus bonneagair uile atá ann cheana ar an tsoghluaisteacht mhíleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí ionad ilfhreastail digiteach Eorpach chun údaruithe gluaiseachta trasteorann a eisiúint le haghaidh trealamh míleata, lena n-áirítear córas tosaíochta códaithe agus bunachar sonraí a chomhroinntear le ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta atá casta, fada agus éagsúil a chuíchóiriú; á áitiú go moltar sa phacáiste soghluaisteachta míleata atá beartaithe nósanna imeachta simplithe, comhchuibhithe, aonfhoirmeacha agus digitithe ar fud na modhanna iompair uile, lena n-áirítear maidir le custaim, iompar earraí contúirteacha, iompar neamhghnách, imréitigh taidhleoireachta agus úsáid ceadanna comhionanna, amhail le haghaidh tairiscintí/creidmheasanna gluaiseachta trasteorann agus doiciméadacht fhoirm 302 AE/ECAT; á iarraidh freisin go bhforbrófaí córas custaim míleata chun foirmiúlachtaí custaim a dhigitiú agus an t-ualach riaracháin agus an costas a laghdú, maidir le tionscadail de chuid an Aontais atá ann cheana amhail an Córas um Shoghluaisteacht Mhíleata Dhigiteach Shlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé deireadh a chur leis na bacainní riaracháin agus na constaicí bonneagair a bhíonn roimh chuideachtaí príobháideacha a oibríonn iompar neamhghnách le haghaidh trealamh míleata agus craenacha le haghaidh tionscadail bonneagair chriticiúil; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na rialacha maidir le hiompar neamhghnách de bhóthar a chomhchuibhiú tuilleadh faoi chuimsiú an athbhreithnithe leanúnaigh ar an Treoir maidir le Meáchain agus Toisí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur féidir le soláthar cumhdaigh árachais maidir le riosca cogaidh do sholáthraithe lóistíochta ardriosca a bheith ina dhreasacht do chuideachtaí, toisc go rannchuidíonn sé le rioscaí oibríochtúla a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth go neartófar muinín fhrithpháirteach i measc na mBallstát agus go dtiocfaidh borradh faoin nascacht trasteorann mar thoradh ar comhchuibhiú nósanna imeachta agus idir-inoibritheacht éifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cuspóir maidir leis na creataí dlíthiúla agus riaracháin a shimpliú mar a mholtar sa phacáiste Omnibus um Ullmhacht Cosanta agus sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Soghluaisteacht Mhíleata 2025 atá beartaithe agus á iarraidh go ndéanfaí é a chur chun feidhme go mear;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat géarchéime</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún creat dlíthiúil agus oibríochtúil a thíolacadh lena dtabharfaí aghaidh ar ‘chásanna géarchéime’, agus lena ndéanfaí idirdhealú soiléir idir trí ‘chéim’ ar a laghad amhail ‘aimsir na síochána’, ‘géarcheim’ agus ‘aimsir chogaidh’, agus lena n-áirítear rialacha maidir le gach céim chun idir-inoibritheacht agus rochtain tosaíochta a áirithiú do na fórsaí armtha ar shaoráidí, gréasáin agus sócmhainní iompair, le gluaiseacht cuíchóirithe do phearsanra míleata agus trealamh míleata ar fud na gconairí míleata; á iarraidh go soláthrófaí leis an gcreat sin sainmhínithe soiléire ar ‘chásanna cúltaca’ agus ar ‘réitigh chúltaca’ chun leanúnachas an iompair mhíleata a ráthú i gcás cur isteach, chomh maith le treoraíocht do na Ballstáit chun sainordú a thabhairt do sholáthraithe slándála éagsúla faireachas agus cosaint a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go mbunófar leis an gcreat dlíthiúil atá beartaithe córas cumarsáide agus comhordúcháin atá éifeachtach agus soiléir idir na húdaráis mhíleata agus na húdaráis phoiblí, lena n-áirítear ECAT, chun faisnéis a mhalartú freisin, ar bhonn dianriachtanas eolais, le bainisteoirí bonneagair agus le hoibreoirí iompair atá cáilithe chun seirbhísí lóistíochta míleata a sholáthar chun athléimneacht a chothú ar fud na ngréasán ina n-iomláine le haghaidh gach céime; ag cur sonrú go háirithe san easpa comhair agus sa chumarsáid theoranta atá idir údaráis chalafoirt agus gníomhaithe míleata nó gníomhaithe ábhartha tógála cosanta; á chur in iúl gur eol di íogaireacht na gcleachtas comhroinnte faisnéise, go háirithe le húdaráis chalafoirt na hEorpa atá faoi úinéireacht eachtrach; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil gá le bealach atá iontaofa agus slán le haghaidh malartú sonrach faisnéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag cur béim ar an ngá atá le buansásra cinnteoireachta a bhunú lena gcuirfí ar a gcumas do cheannairí stáit agus rialtais gníomhú láithreach i gcéimeanna ‘géarchéime’ agus ‘cogaidh’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tascfhórsa soghluaisteachta míleata a bhunú le hionadaithe ó chomhlachtaí inniúla uile an Aontais chun ullmhú, cur chun feidhme agus faireachán na dtionscnamh uile a bhaineann le soghluaisteacht mhíleata a chuíchóiriú ar bhealach cothrománach, agus, ag an am céanna, á iarraidh go n-ainmneofaí pointí teagmhála náisiúnta chun rialachas agus comhordú foriomlán na soghluaisteachta míleata a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún na moltaí uile atá déanta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le rialachas a chur i gcuntas i ngach tionscnamh a bheidh ann amach anseo i réimse na soghluaisteachta míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag oibrithe iompair sa tsoghluaisteacht mhíleata agus maidir le slabhraí soláthair a éascú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le ganntanais lucht saothair, infheistíocht a dhéanamh sa lucht saothair iompair, feabhas a chur ar dhálaí oibre, ar dheiseanna oiliúna chun na scileanna is gá don tsoghluaisteacht mhíleata a thabhairt d’oibrithe agus ar tharraingteacht na hearnála;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bonneagar nua dé-úsáide a</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">fheabhsú agus a thógáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi glacadh na gceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata san Aontas ag an gComhairle le haghaidh gluaiseachtaí ar gearrfhógra agus ar mórscála, a cruthaíodh i gcomhar le ECAT, agus sainaithint leanúnach 500 teophointe a bhfuil géarghá lena n-uasghrádú; á thabhairt chun suntais go bhfuil níos mó ná 94 % de na conairí sin mar chuid de GTE-I, agus béim á leagan ar na sineirgí láidre atá idir bonneagar sibhialtach agus míleata; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht bheacht ar na riachtanais airgeadais chun na conairí soghluaisteachta míleata sin a thabhairt chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá dlús a chur le forbairt an bhonneagair iompair agus feabhas a chur ar chosaint fhisiceach agus ar chibearchosaint a chomhpháirteanna criticiúla araon feadh na gceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil éifeachtaí iarmhartacha ag na naisc agus na scrogaill is laige ar fheidhmiú agus ar leanúnachas éifeachtach na gconairí iomlána agus an ghréasáin iompair ina iomláine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, acmhainní leormhaithe a leithdháileadh chun líonra soghluaisteachta míleata dea-nasctha a áirithiú, lena n-áirítear feabhsuithe ar chothabháil, nuachóiriú agus idir-inoibritheacht an bhonneagair atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le comhordaitheoir Eorpach tiomnaithe a cheapadh le haghaidh gach conaire tosaíochta soghluaisteachta míleata chun a gcur chun feidhme a éascú, mar chomhaltaí den tascfhórsa soghluaisteachta míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheabhrú gur cuid thábhachtach den tsoghluaisteacht mhíleata é bonneagar frith-shoghluaisteachta, lena n-áirítear constaicí dé-úsáide, daingniúcháin agus córais mhear-imscartha chun cosaint teorann agus chríochach a threisiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pleanáil agus ullmhú críochnúil comhordaithe a dhéanamh le haghaidh bonneagar frith-shoghluaisteachta sna ceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata, agus tús áite á thabhairt do Chonairí an Oirthir agus an Tuaiscirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á mheabhrú gurb iad na hiarnróid cnámh droma an chórais soghluaisteachta ar talamh chun méideanna móra sócmhainní míleata rómhóra, troma, guaiseacha agus contúirteacha a bhogadh; á áitiú gur cheart tosaíocht a thabhairt do réitigh láithreacha agus ghearrthéarmacha, amhail deireadh a chur le hualaí riaracháin ar phearsanra míleata le haghaidh gluaiseacht trasteorann; á iarraidh ar an gCoimisiún fothú acmhainneachta méadaithe a áirithiú, go háirithe i moil iompair agus i bpríomhréimsí i gcomhréir leis na ceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag idir-inoibritheacht iarnróid maidir le hoibríochtaí gan uaim a áirithiú ar fud na mBallstát; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an easpa leanúnach idir-inoibritheacht iarnróid arb iad na difríochtaí sna rianleithid laistigh den Aontas is cúis léi, amhail iad siúd sna stáit Bhaltacha, san Fhionlainn agus i leithinis na hIbéire, rud a dhéanann difear do ghluaiseachtaí trasteorann trúpaí, trealaimh agus sócmhainní, rud a fhágann go bhfuil iompar de bhóthar fíor-riachtanach; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na constaicí éagsúla atá ar oibríochtaí iarnróid gan uaim ar fud an Aontais, <STRING ITALIC="on">inter alia </STRING>feidhmiú céimneach mall ERTMS agus cúpláil uathoibríoch dhigiteach (DAC), agus difríochtaí sa rianleithead; á mheabhrú go gceanglaítear le Rialachán GTE-I ar na Ballstáit lena mbaineann a bpleananna a thíolacadh faoi mhí Iúil 2026 maidir le haistriú a ngréasán chuig an rianleithead ainmniúil caighdeánach Eorpach; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an tionscadal Rail Baltica, lena nasctar na stáit Bhaltacha le gréasán iarnróid an Aontais trína rianleithid a oiriúnú; á mheas go bhfuil an tionscadal sin straitéiseach don tsoghluaisteacht shibhialtach agus mhíleata araon, ós rud é go soláthraíonn sé naisc iarnróid idir-inoibritheacha, inbhuanaithe agus ardacmhainneachta ar fud thaobh thoir an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha atá ábhartha do thoilleadh sibhialtach iarnróid a mhéadú, amhail ERTMS agus DAC, ábhartha freisin don tsoghluaisteacht mhíleata agus gur cheart iad a fheabhsú; ag tabhairt rabhaidh gur forbraíodh ERTMS i gcomhthéacs geostraitéiseach éagsúil agus á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar a stóinseacht agus ar a athléimneacht chibearshlándála; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise a spleáchais ar theicneolaíocht raidió, go gcuirfí trácht iarnróid ar fionraí láithreach mar thoradh ar aon neamh-infhaighteacht líonra de bharr trasnaíochta nó tosca eile; á iarraidh go ndéanfaí measúnú den chineál céanna laistigh den chreat chun an Córas Todhchaíochta um Chumarsáid Mhóibíleach Iarnróid (FRMCS) a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn naisc bhóthair agus iarnróid le calafoirt agus le gréasáin críochfort lasta ríthábhachtach chun gluaiseachtaí ‘míle deireanach’ trealaimh mhíleata chuig limistéir riachtanacha a éascú agus, dá réir sin, go bhfuil ról lárnach acu maidir le rath na soghluaisteachta míleata; á mheabhrú gur cheart uasghrádú práinneach a dhéanamh ar phointí straitéiseacha uile an iompair de bhóthar, amhail saoráidí páirceála, stáisiúin athbhreoslaithe agus stáisiúin níocháin gluaisteán, chun freastal ar líon mór aonad iompair mhíleata agus pearsanra le linn éigeandála; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh infheistíochtaí i bpríomhbhonneagair bhóithre feadh na gceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata i measc na dtosaíochtaí chun soghluaisteacht mhíleata a éascú ar an mbealach is éifeachtaí is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh go mbeadh creat comhchuibhithe Eorpach ann lena n-éascófaí gluaiseacht conbhuanna míleata arna n-oibriú ag soláthraithe sibhialta údaraithe, amhail iad siúd a oibríonn seirbhísí iompair neamhghnácha de bhóthar, craenacha speisialaithe agus trealamh trom, trí na ceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata, agus sábháilteacht shibhialtach á háirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról straitéiseach ag calafoirt mar nóid chriticiúla sa líonra soghluaisteachta míleata, a fheidhmíonn mar phointí iontrála agus imeachta d’imscarthaí míleata ar mórscála, agus lena gcumasaítear comhtháthú iompair muir-go-talamh, go háirithe don chomhar trasatlantach, agus in athléimneacht leasanna eacnamaíocha straitéiseacha an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhfuil easnaimh struchtúracha sa bhonneagar muirí agus nach bhfuil go leor de chríochfort an Aontais deartha chun lasta míleata a láimhseáil; á chur i bhfáth gur gá acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú do sholáthairtí míleata agus pleananna teagmhasacha a bhunú chun lastas sibhialtach a atreorú más gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn úinéireacht agus rialú bonneagair mhuirí chriticiúil áirithe gníomhaíocht láithreach agus rialacha níos déine, mar a léiríodh sa pháipéar bán maidir le hUllmhacht Cosanta Eorpach 2030;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí i mbonneagar calafoirt agus go mbeadh ceanglais leasaithe ann maidir le rochtain ar ionstraimí airgeadais do chalafoirt agus do chalafoirt uisce intíre araon, chun a gcomhtháthú laistigh de chonairí GTE-I a neartú agus chun beartais slándála fuinnimh an Aontais a fheabhsú; ag tathant ar an gCoimisiún straitéisí a chruthú agus a chur chun feidhme lena méadaítear cumais agus lena bhforbraítear acmhainneacht na gcalafort; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gnéithe dromchla agus fodhromchla araon sa réimse muirí, á iarraidh go n-áireofaí soithí Ro-Ro (Rolladh ann/Rolladh as) agus Ro-Pax (Rolladh ann/Rolladh as Paisinéirí) mar shócmhainní soghluaiste dé-úsáide faoi raon feidhme straitéis soghluaisteachta míleata an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur gné thábhachtach den tsoghluaisteacht mhíleata iad uiscebhealaí intíre freisin, lena gcuirtear modhanna iompair dé-úsáide gan uaim agus inbhuanaithe ar fáil mar gheall ar an acmhainneacht atá ar fáil dóibh, comhlántacht idirmhódúil agus leochaileacht laghdaithe i leith faisnéis faille; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé d’acmhainn ag an ngréasán uisce-iompartha sócmhainní míleata, earraí contúirteacha agus breoslaí rómhóra a iompar le haghaidh soláthairtí rialta, chomh maith le réitigh chúltaca a chur ar fáil mar chuid den phleanáil theagmhasach; á mholadh go ndéanfaí measúnú ar an ngá atá leis na loic atá ann cheana a leathnú tuilleadh, agus le hinfhaighteacht craenacha agus an chabhlaigh uisce-iompartha a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé moil lóistíochta agus críochfoirt trasloingsithe a chruthú feadh na gceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata; á iarraidh go ndéanfaí na moil lóistíochta agus na críochfoirt trasloingsithe tráchtála atá ann cheana atá ábhartha d’iompar míleata feadh na gconairí soghluaisteachta míleata a oiriúnú agus a ainmniú go leormhaith mar bhonneagar dé-úsáide agus go mbeadh siad feistithe le trealamh atá oiriúnach don fheidhm, amhail ardáin lódála a bhfuil rochtain dhíreach orthu agus rampaí atá oiriúnach do shócmhainní míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé líonra mol lóistíochta atá lonnaithe go straitéiseach a bhunú, feadh na gceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata, lena n-áirítear calafoirt intíre, a bheadh in ann an bonneagar is gá a chur ar fáil le haghaidh cothabhála, stórála agus deisiúcháin chun aistrithe idirmhódúla meara a áirithiú idir bonneagair bóithre, iarnróid, mhuirí, uiscebhealaí intíre agus aerfoirt agus suiteálacha míleata; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart do na moil sin an bonneagar fuinnimh dé-úsáide is gá a chur ar fáil, amhail stáisiúin athbhreoslaithe agus athchumhachtaithe, chun tacú le riachtanais soghluaisteachta agus slándáil an tsoláthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart do mhoil lóistíochta spás, acmhainneacht agus bonneagar a chur ar fáil do thrúpaí atá faoi bhealach, go háirithe maidir le dídean, bia agus soláthar breosla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh go dtacófaí freisin le moil lóistíochta a fhorbairt faoi chláir thionsclaíocha ábhartha Eorpacha chun athléimneacht bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa a neartú; á mheabhrú gur gá gníomhaíocht a dhéanamh maidir le digitiú na bpróiseas lóistíochta chun athléimneacht agus slándáil an bhonneagair straitéisigh a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach conairí iompair a leathnú, lena n-áirítear le haghaidh soghluaisteacht mhíleata, isteach san Úcráin, i bPoblacht na Moldóive agus sna Balcáin Thiar, chun idir-inoibritheacht a fheabhsú, freagrúlacht oibríochtúil a mhéadú, tacú le comhpháirtithe i gcás inarb iomchuí ina bhfrithbheartaíocht i gcoinne fhogha na Rúise agus bagairtí hibrideacha eile sa réigiún, agus fogha amach anseo ar chríoch an Aontais a dhíspreagadh; ag tabhairt dá haire go n-úsáidtear na Lánaí Dlúthpháirtíochta le haghaidh soghluaisteacht mhíleata agus á mheas go bhfuil sé tábhachtach iad a neartú chun slándáil agus athléimneacht na hÚcráine a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil samhaltú digiteach, léarscáileanna digiteacha, córais faisnéise geografaí agus seirbhísí sonraí geospásúla atá cruinn, slán agus cothrom le dáta fíor-riachtanach do bhonneagar sibhialta agus míleata agus do phleanáil bealaí araon, do chomhordú trasteorann agus d’imscaradh tapa trúpaí agus trealaimh; á chur i bhfáth go bhfuil cosaint sonraí agus cumarsáide i rith gluaiseachtaí míleata ríthábhachtach do shlándáil sibhialtach agus pearsanra míleata, agus do chaomhnú cumas; á chur i bhfáth gur cheart gach seirbhís faisnéise iompair a úsáidtear le cuspóirí míleata agus cosanta a dhaingniú go cuí agus a chosaint go dlíthiúil chun sceitheadh digiteach na faisnéise íogaire maidir le hoibríochtaí soghluaisteachta míleata agus sonraí eacnamaíocha a sheachaint; ag tathant ar an gCoimisiún bearta slándála digiteacha agus leictreonacha a chomhordú feadh na gceithre chonair soghluaisteachta mhíleata tosaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an tAontas Eorpach uile i mbaol cibirionsaithe agus ionradh digiteach; á chur i bhfios go láidir gur spriocanna tosaíochta do chibirionsaithe iad na córais dhigiteacha a rialaíonn bonneagair agus sócmhainní fisiceacha iompair; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit, mar sin, tacú le forbairt agus glacadh teicneolaíochtaí digiteacha ceannasacha Eorpacha nuálacha, Galileo san áireamh, chun cibearshlándáil agus athléimneacht na mbonneagar agus na sócmhainní sin a neartú; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, acmhainneacht na hintleachta saorga agus ag spreagadh breis iarrachtaí taighde agus forbartha chun cumais dhigiteacha na chéad ghlúine eile a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá tagtha ar chibirionsaithe na Rúise i gcoinne córais loingseoireachta i réigiún Mhuir Bhailt; á iarraidh ar an gCoimisiún cineál na mbagairtí hibrideacha a áireamh agus aghaidh a thabhairt orthu san omnibus atá ar na bacáin, chomh maith le trasnaíocht agus spúfáil chórais dhomhanda na loingseoireachta satailíte (GNSS) mar ionsaí hibrideach ar thrácht muirí agus aeir na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le trasuí agus cur chun feidhme Threoir NIS2<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2), IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus an gcomhar a fheabhsú idir údaráis iompair earnála, gníomhaireachtaí cibearshlándála inniúla, foirne freagartha do theagmhais slándála ríomhairí (CSIRTanna) agus an Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta nithiúla ina dtugtar aghaidh ar ghnéithe den tsoghluaisteacht mhíleata a áireamh i measúnuithe riosca cibearshlándála AE agus náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá athléimneacht an bhonneagair chriticiúil iompair a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear i gcoinne cibirionsaithe agus bagairtí hibrideacha a chuireann trácht sibhialta, muirí agus talún i mbaol; á mheabhrú go mbíonn tionchar díreach ag bonneagar criticiúil fuinnimh agus cumarsáide (aer, dromchla agus fomhuir nó faoi uisce, GNSS san áireamh) ar rath na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta míleata chomh maith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí sásra Eorpach chun faireachán a dhéanamh agus mearfhreagairt a sholáthar i gcás cibirionsaithe nó ionsaithe hibrideacha ar bhonneagar criticiúil iompair, fuinnimh agus cumarsáide, a bheidh le forbairt i ndlúthchomhar le ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh go práinneach chun nósanna imeachta a shimpliú agus a bhrostú i gcás infheistíochtaí a fhreastalaíonn ar chuspóirí soghluaisteachta míleata, go háirithe díolúintí spriocdhírithe a bhunú ó na rialacha soláthair phoiblí reatha le haghaidh bonneagar agus sócmhainní soghluaisteachta míleata a bhfuil comhpháirt shuntasach mhíleata nó dé-úsáide iontu; á chur i bhfáth nach mór tionscadail leasa straitéisigh Eorpaigh a chur chun feidhme gan moilleanna iomarcacha, agus trédhearcacht, iomaíocht chóir agus an ceart chun próise cuí á n-áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha le haghaidh soghluaisteacht mhíleata; ag spreagadh an Aontais agus na mBallstát chun comhar sibhialta/míleata a éascú agus a dhreasú i ndáil leis an tsoghluaisteacht mhíleata; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá intuarthacht ó thaobh an éilimh ar chumais na soghluaisteachta míleata de, mar aon le cistiú dóthanach agus rialacha soláthair simplithe, a chumasódh tionscal an tsoláthair leibhéil táirgthe a mhéadú agus a chothabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chreidiúint gur cheart prionsabal na tosaíochta Eorpaí a bheith ina thosaíocht in iarrachtaí an Aontais a neamhspleáchas straitéiseach agus a athléimneacht a neartú, agus saoirse na mBallstát á haithint ag an am céanna chun a n-acmhainneachtaí míleata a thógáil chun freagairt do bhagairtí sa ghearrthéarma; á mheabhrú gur cheart an prionsabal sin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go dtacóidh cistí AE a infheistítear sa chosaint agus sa tslándáil trí chláir amhail SAFE, EDIP agus EDIRPA, go háirithe i dteicneolaíochtaí a bhaineann le bonneagar criticiúil dé-úsáide, le EDTIB;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á athdhearbhú go dteastaíonn scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche níos comhchuibhithe agus níos críochnúla san Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a threisiú; á chur i bhfáth gur céim mhór é an t-athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2019/452 maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche a scagadh i dtreo creat Eorpach níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí chun an tslándáil agus an t-ord poiblí a chosaint agus an oscailteacht agus an trédhearcacht á gcaomhnú ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an togra ón gCoimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2019/452 maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche a scagadh, ar cheart é a bheith d’aidhm aige cothromaíocht leormhaith a bheith idir riachtanais infheistíochta agus cosaint leasanna slándála bunriachtanacha agus acmhainneachtaí cosanta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfáth, agus dul chun cinn á dhéanamh le hiarrachtaí dícharbónú iompair, go mbeidh úsáid breoslaí iontaise i soghluaisteacht mhíleata ríthábhachtach fós sna chéad deich mbliana eile, amhail úsáid inneall dé-mhodha, agus inneall féinghluaiste ina bhfuil innill dócháin inmheánaigh, arb é an t-aon réiteach oibríochtúil é i gcás ganntanas fairsing cumhachta leictrí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tarraingt aird ar an ngá atá le slabhraí soláthair breosla a leathnú i gcomhair na bhfórsaí armtha feadh na gceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata; á thabhairt chun suntais gur gá bonneagar fuinnimh ar fud chliathán an Oirthir a fhorbairt chun tacú le gníomhaíochtaí na soghluaisteachta míleata, agus á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an ‘triomach breosla’; á mholadh go ndéanfaí stoc-charnadh ar chúlchistí straitéiseacha fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ábhartha go háirithe do na réigiúin nach leor a mbonneagar píblíne ná a n-acmhainneacht stórála breosla; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Stoic Ola<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/119/oj).</FIELD></FOOTNOTE> i bhfianaise athruithe geopholaitiúla a tharla le déanaí chun slándáil fuinnimh agus athléimneacht i gcoinne bagairtí atá ag teacht chun cinn a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á mheabhrú, ó bhraitheann an córas iarnróid ar chumhacht leictreach chun cúrsaíocht traenacha a chumasú, go n-éilíonn oibríochtaí iarnróid athléimneacht na n-eangach fuinnimh a mhéadú agus an chumhacht a athbhunú go tapa i gcás aon éaradh nó ganntanas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an tAontas ag brath go mór ar allmhairithe amhola agus ar tháirgí peitriliam; á iarraidh ar an gCoimisiún a aithint go n-éilíonn straitéis láidir soghluaisteachta míleata Eorpach táirgeadh breosla agus breoslaí malartacha agus cumais scaglainne atá athléimneach agus bunaithe san Aontas den chuid is mó chun neamhspleáchas straitéiseach a fheabhsú chomh maith; á iarraidh go bhforbrófaí gréasán cuimsitheach dáilte agus stórála breosla láithreach, agus go ndéanfaí an soláthar fuinnimh a éagsúlú chun an tslándáil fuinnimh a ráthú; á chur i bhfios go láidir gur féidir ról ábhartha a bheith ag cur chun feidhme tráthúil fhorálacha agus spriocanna an Rialacháin maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1804/oj).</FIELD></FOOTNOTE>  (AFIR) chomh maith sna roghanna soláthair fuinnimh don tsoghluaisteacht mhíleata a éagsúlú, agus rannchuidiú le cuspóirí ginearálta dícharbónaithe iompair an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin, cumais agus riachtanais na soghluaisteachta míleata a chur i gcuntas agus córas fuinnimh AE á fhorbairt, agus cuspóirí dícharbónaithe agus an gá atá leis an uathriail agus leis an athléimneacht straitéiseach á gcur san áireamh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An cliathán thoir</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á thabhairt chun suntais, i bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, gur díríodh arís agus arís eile ar chliathán thoir AE le cibirionsaithe, bagairtí hibrideacha agus gníomhartha sabaitéireachta, teagmhais i gcoinne oibreoirí iompair san áireamh; á iarraidh ar AE, mar sin, dlús a chur leis na hiarrachtaí tacú leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar bonneagar criticiúil iompair ar an gcliathán thoir a chosaint go hiomlán agus go mbeidh sé athléimneach, lena n-áirítear trí shásraí tapa le haghaidh atreisiú agus cibearchosaint fheabhsaithe d’iarnród, do bhóthar, do chalafoirt agus do nóid soláthair fuinnimh; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil na stáit Bhaltacha fíorleochaileach, go háirithe mar gheall ar Bhearna Suwalki, agus á chur i bhfáth go mbeadh gá le ham freagartha brostaithe agus le gluaiseachtaí trúpaí níos tapúla i gcás ionsaí ón Rúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag na ceithre phríomhchonaire soghluaisteachta míleata i slándáil agus cosaint an Aontais; á mheas, trí fheidhmiú tapa agus éifeachtúil na gconairí tosaíochta soghluaisteachta míleata uile a shainaithnítear a lamháil, go lamhálfar slándáil éifeachtach do na Ballstáit is mó atá neamhchosanta faoi láthair ar na bagairtí ón Rúis; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go n-áirithítear chomh maith le ceithre chonair tosaíochta soghluaisteachta míleata an Aontais cumas ECAT an cliathán thoir a threisiú go tapa agus a chosaint go héifeachtach, agus ar an tslí sin an tslándáil chomhchoiteann, an díspreagadh agus an athléimneacht a neartú ar fud na Comhghuaillíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>	á thabhairt dá haire go bhfuil soghluaisteacht mhíleata sa Pholainn agus ina treo fíor-riachtanach do shlándáil an chliatháin thoir ar fad; á chur i bhfios go láidir go bhfuil breisluach ag baint le moil lóistíochta ilmhódúla atá lonnaithe in iarthar na hEorpa chun gluaiseacht thapa trúpaí agus trealaimh throma Eorpacha agus chomhghuaillithe chun oirthear na hEorpa a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnamh an Chomhshocraithe maidir le Réigiúin an Oirthir, a d’fhógair an Coimisiún le déanaí, a bhfuil sé d’aidhm aige tacaíocht shaincheaptha a sholáthar do na Ballstáit feadh theorainn thoir an Aontais chun bonneagar a fheabhsú agus athléimneacht a threisiú sna réigiúin teorann; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá tionscadal an ‘Sciath Thoir’ mar ghnóthas straitéiseach atá dírithe ar shlándáil na hEorpa a neartú, lena n-áirítear trí chonairí míleata ábhartha a chosaint chun an acmhainneacht freagartha a choinneáil, agus á thabhairt dá haire go n-áirítear é sa pháipéar bán maidir leis an ullmhacht cosanta; á iarraidh go gcuirfí acmhainní airgeadais sásúla ar fáil chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á mheabhrú nach mór tionscadail bhonneagair soghluaisteachta míleata a athmheas agus a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach mar chuid den seimeastar Eorpach cosanta, i gcomhréir leis na bagairtí míleata agus na cumais mhíleata is déanaí, a théann níos faide ná leathnú críochach na gcalafort chun oiliúint foirne agus bainistiú feabhsaithe tráchta muirí a áireamh, chomh maith le cumais athléimneachta i gcoinne bagairtí atá ag athrú go tapa, amhail ladrainn faoi uisce a bhrath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag tacú leis an Tionscnamh Eorpach um Chosaint Ladrainn, i bhfianaise na sáruithe a rinne ladrainn gan foireann le déanaí agus arís agus arís eile in aerspás na hEorpa; á iarraidh go ndéanfaí cumais ladrann a fheabhsú agus a mhéadú ar fud na mBallstát uile i gcomhar le ECAT, agus bunaithe ar thaithí allamuigh fhórsaí armtha na hÚcráine; á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfeadh na cumais ladrann Eorpacha sin leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón Úcráin ar phríomhluach éiceachórais nuálacha ladrann agus frithladrann a chruthú, taighde agus forbairt a nascadh leis an táirgeadh, agus brath ar acmhainneacht táirgeachta inscálaithe agus ar fhorbairt theicneolaíoch leanúnach, ó ladrainn faoi uisce, taiscéalaíochta agus comhraic, go cumais chosanta agus frithladrann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á mheabhrú go mbeadh líonra frithladrann inoiriúnaithe chun críoch dé-úsáide agus go gcabhródh sé déileáil le bagairtí nach mbaineann le cosaint ná le guaiseacha eile atá coiteann do theorainn uile an Aontais, lena n-áirítear cosaint teorann, ionstraimiú na himirce, cosaint bonneagair chriticiúil agus coireacht eagraithe thrasnáisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumais a fheabhsú </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á athdhearbhú gurb iad córais iompair de mhuir agus de thír na príomh-mhodhanna iompair i gcás gluaiseacht sócmhainní míleata, a bhíonn trom agus rómhór de ghnáth agus earraí contúirteacha iontu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á thabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di, go bhfuil ganntanas trealamh soghluaisteachta míleata áirithe ann faoi láthair, amhail vaigíní gan ráillí, agus go bhfuil laghdú tagtha ar a dtáirgeadh ó bhí tréimhse an Chogaidh Fhuair ann; á iarraidh go dtacófaí lena bhforbairt faoi chláir thionsclaíocha na hEorpa; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le comhar idir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha chun poitéinseal na n-acmhainní iarnróid atá ar fáil don tsoghluaisteacht mhíleata a ghiaráil agus a uasmhéadú agus ag spreagadh úsáid conarthaí fuireachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt go práinneach ar an easpa flít rothstoic ar fud  eagraíochtaí iarnróid na hEorpa; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá nós imeachta comhchuibhithe údaraithe don rothstoc, arna bhainistiú ag Gníomhaireacht Iarnróid AE (ERA); á mheabhrú gur gá sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht (STI) a chur in ionad rialacha náisiúnta chun fáil rothstoic trasteorann chun críoch míleata agus sibhialta a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige comhordaithe ann chun rothstoc iarnróid a fháil, d’fhonn úsáid éifeachtúil an chumais monaraíochta atá ar fáil a uasmhéadú; á chur i bhfios go láidir gur cheart comhsholáthar na bhfeithiclí sin a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar iompar de mhuir is tír, gurb é an t-aeriompar an tslí is tapúla chun na chéad sócmhainní míleata agus ábhair lóistíochta a bhogadh; á thabhairt chun suntais gur gá cúltaisce aeraistrithe straitéiseach Eorpach a fhorbairt agus cumasóirí straitéiseacha a neartú i gcás soghluaisteacht mhíleata ón aer, amhail aeardaitheoirí troma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid na bhfeithiclí uathrialaitheacha i seachadadh soláthairtí míleata, a chuireann réiteach ar fáil ar an nganntanas pearsanra in aonaid lóistíochta míleata agus a íoslaghdaíonn caillteanais dhaonna in aimsir coinbhleachta; ag tathant go ndéanfaí reachtaíocht agus rialacháin AE agus náisiúnta a choigeartú a lamhálfaidh lóistíocht leath-uathrialach a thabhairt isteach i gconairí soghluaisteachta míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí machnamh ar fháil agus ar dhóthanacht chumais AE i gcás liachtiompar othar iolrach do phearsanra gortaithe, chun a n-aslonnú tráthúil agus cúram iomchuí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá meastóireacht agus comhiomlánú a dhéanamh ar éilimh na mBallstát chun fáil agus soláthar seasta sócmhainní dé-úsáide a áirithiú, amhail innill féinghluaiste, soithí, trucailí, leantóirí atá oiriúnach d’ualaí neamhghnácha, aeardaitheoirí straitéiseacha, córais athbhreoslaithe aer go haer, agus craenacha seasta agus soghluaiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na sócmhainní iompair thuasluaite a chlárú i ‘gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta’ sibhialta/míleata ionas gur féidir iad a úsáid aon uair agus aon áit is gá ar an mbealach is éifeachtaí, ina dtógtar ar chúlchistí straitéiseacha rescEU de chumais freagartha géarchéime na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún comhordú ar leibhéal AE leis na Ballstáit a áirithiú, ina lamhálfar d’intuarthacht agus do phleanáil don tionscal soláthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá comhleanúnachas a áirithiú idir tosaíochtaí an phlean gníomhaíochta maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata agus clársceidealú EDIP, ina n-áiritheofar go dtreoróidh na measúnuithe ar bhearnaí cumais (CDP agus an t-athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint (CARD)) sainmhíniú na dtosaíochtaí cistiúcháin; á iarraidh ar an gCoimisiún EDTIB a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin; ag tabhairt dá haire gur gá tacú leis an infheistíocht i sócmhainní iompair a cheannach, a dheisiú, a chothabháil agus a chomhroinnt trí ionstraimí cistiúcháin uile-Aontais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá intuarthacht ó thaobh an éilimh ar chumais na soghluaisteachta míleata de, mar aon le cistiú dóthanach agus rialacha soláthair simplithe, a chumasódh tionscal an tsoláthair leibhéil táirgthe a mhéadú agus a chothabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á iarraidh go n-infheisteofaí sa taighde agus san fhorbairt chun cumais dé-úsáide a chur chun cinn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá tacaíocht AE chun nuálaíocht a spreagadh i dteicneolaíochtaí feithiclí dé-úsáide, ardáin mhodúlacha atá inoiriúnaithe d’úsáid shibhialtach agus mhíleata araon, agus sna tionscail shibhialtacha chabhlaigh agus aerspáis chun teicneolaíochtaí nua a chothú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ag cur le comhar idir an tAontas agus ECAT</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chur in iúl go gcreideann sí go neartaítear CBSC agus an chomhghuaillíocht thrasatlantach araon mar gheall ar an tsoghluaisteacht mhíleata fheabhsaithe; á chur i bhfios go bhfuil ECAT ag brath ar bhonneagar Bhallstáit an Aontais chun trúpaí agus trealamh a bhogadh; á thabhairt dá haire, rud is díol sásamh di, go bhfuil ceanglais mhíleata ábhartha an Aontais comhsheasmhach le ceanglais theicniúla agus gheografacha ECAT go dtí leibhéal de thart ar 95%, a bhuí le dul chun cinn i ndáil leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT, lena n-áirítear tríd an Idirphlé Struchtúrtha idir an tAontas agus ECAT maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit an comhar eatarthu féin agus le ECAT a neartú, go háirithe laistigh de Chóras Píblíne Lár na hEorpa láithreach agus de Chlár Infheistíochta Slándála ECAT, chun idir-inoibritheacht, cibearshlándáil agus acmhainneacht leordhóthanach iompair agus stórála a áirithiú d’oibríochtaí míleata AE agus ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur ann fós do bhacainní polaitiúla agus nós imeachta ar chomhroinnt faisnéise rúnda ar ghréasáin lóistíochta idir ECAT agus AE agus á mholadh go láidir go mbeadh tuiscint chomhroinnte ann ina leith sin chun sineirgí a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go mbaineann na bacainní sin, go háirithe an easpa comhaontaithe le ECAT i gcás malartú faisnéise rúnaicmithe, an bonn go suntasach d’éifeachtúlacht iarrachtaí cosanta an dá eagraíocht; á iarraidh go ndéanfadh Ballstáit AE iarrachtaí láidre chun na bacainní polaitiúla lena gcoisctear comhaontú ar mhalartú faisnéise rúnaicmithe a shárú; á iarraidh go mbunófaí ardán buan comhroinnte faisnéise idir an tAontas agus ECAT chun tacú le hobair Chomhcheannas Tacaíochta agus Cumasúcháin ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á iarraidh go n-eagrófaí freachnaimh chomhpháirteacha rialta idir an tAontas agus ECAT agus tástálacha struis ina mbeidh na fórsaí armtha, an chosaint shibhialta, bainisteoirí bonneagair agus oibreoirí iompair rannpháirteach chun cumarsáid agus comhordú a fheabhsú, nósanna imeachta a chuíchóiriú, agus bacainní ar an tsoghluaisteacht mhíleata a shainaithint agus a bhaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ECAT comhordú ar an tsoghluaisteacht mhuirí a dhoimhniú, lena n-áiritheofar caighdeáin idir-inoibritheachta d’iompar cabhlaigh, rochtain ar chalafoirt agus cosaint línte muirí cumarsáide, agus aird ar leith á tabhairt ar an Atlantach, ar an Meánmhuir agus ar na réigiúin is forimeallaí; ag tathant go mbeadh dlúthchomhar ann idir an tAontas agus ECAT ar sheachadadh trasatlantach trealaimh agus soláthairtí míleata ar muir agus san aer a dhaingniú mar gheall ar a dtábhacht; ag aithint ról tábhachtach na Tuirce i slite iompair agus soghluaisteacht mhíleata fhoriomlán idir an tAontas agus ECAT a dhaingniú, go háirithe a cinneadh chun Caolas na Mara Duibhe a dhúnadh i bhFeabhra 2022, rud a choisc an Rúis a cabhlach sa Mhuir Dhubh a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á thabhairt dá haire gur 3 lá atá in amlíne ECAT um pleanáil ar leibhéal oibríochtúil; mar sin, á áitiú go gcomhlíonfar gealltanais chun an cuspóir uasta 3 go 5 lá a bhaint amach chun nósanna imeachta ábhartha trasnaithe teorann a chríochnú agus nósanna imeachta ceadúnaithe iompair neamhghnácha, rómhóra agus róthroma, ag brath ar nósanna imeachta sruthlínithe, comhchuibhithe agus digiteacha; á iarraidh go laghdófaí an t-am go 3 lá d’aonaid mhearfhreagartha in ‘aimsir na síochána’ agus go 24 uair an chloig i gcás géarchéime; ag athdhearbhú a hiarrata go gcumaiscfí dhá fhoirm 302 atá in úsáid ag ECAT agus ag an Aontas in aon fhoirm amháin, chun dúbailt neamhriachtanach a laghdú agus gluaiseachtaí trasteorann níos tapúla a éascú; á iarraidh, chun dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe, go dtabharfaí isteach uathaitheantas d’anailísí slite agus droichid laistigh de na Ballstáit agus thar theorainneacha agus do chóras mear atá bunaithe ar fhógraí d’oibreoirí deimhnithe a ritheann iompar míleata nó iompar a bhaineann le héigeandáil mar chuid den phacáiste soghluaisteachta míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>ag iarraidh ar na Ballstáit na cumais chosanta riachtanacha a fhorbairt go práinneach i gcás iompar míleata, lena n-áirítear líonraí píblínte ECAT a leathnú agus cumais aeriompair straitéisigh, bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe chomhordaithe bhliantúil ar chosaint agus ar thosaíochtaí forbartha cumais an Aontais 2023; á mheas go bhfuil sé tábhachtach, i gcomhairle le ECAT de réir mar is iomchuí, na riachtanais mhíleata a chomhlíonadh agus na bearnaí teicniúla agus geografacha a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>ag cur i bhfáth an luacha breise a bhaineann le rannpháirtíocht eisceachtúil SAM, Ceanada, an Ríocht Aontaithe, an Iorua agus an Eilvéis, chomh maith le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo, i dtionscadal soghluaisteachta míleata an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO); á iarraidh go gcuirfí cuspóirí cumais chun feidhme agus go leathnófaí rannpháirtíocht chun tíortha comhpháirtíochta straitéiseacha amhail an Úcráin agus Poblacht na Moldóive, i gcomhréir le rialacha PESCO;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hidir-inoibritheacht chomh maith le comhpháirtithe réigiúnacha tábhachtacha agus tíortha is iarrthóirí, amhail an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus na Balcáin Thiar; á iarraidh go dtabharfaí cúnamh sonrach do Phoblacht na Moldóive chun í a láidriú i leith bagairtí hibrideacha agus chun í a nascadh níos fearr le córais iompair agus slándála an Aontais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhordú le comhpháirtithe réigiúnacha a neartú ar chaighdeáin theicniúla, ar shlándáil an bhonneagair chriticiúil agus ar chosaint líonraí ar bhagairtí agus ionsaithe hibrideacha; á mheas nach mór measúnuithe rialta a bheith ag gabháil leis an idir-inoibritheacht le tríú tíortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an Pharlaimint ní hamháin mar chomhreachtóir i mbeartas na soghluaisteachta míleata, mar chuid d’uaillmhian AE ullmhacht cosanta a bhaint amach faoi 2030, ach chomh maith ina ról i maoirseacht dhaonlathach ar ghníomhaíocht AE; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin, obair leantach níos córasaí agus tuairisciú níos déine a chur ar fáil, lena n-áirítear tuairisciú a bhaineann le comhar idir ECAT agus AE agus PESCO, ar bhearta soghluaisteachta míleata, ar chur chun feidhme agus ar chistiú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh go dtí an Chomhairle, an Coimisiún, ECAT, Tionól Parlaiminteach ECAT, gníomhaireachtaí slándála agus cosanta an Aontais agus rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>