<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0336</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ullmhacht Cosanta na hEorpa 2030: measúnú ar riachtanais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0243/2025 -  Rapóirtéir:Christophe Gomart)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030: measúnú ar riachtanais (2025/2142(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Caibidil 2, Roinn 2, i dtaca leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don pháipéar bán dar teideal <STRING ITALIC="on">White Paper for European Defence – Readiness 2030</STRING> [Páipéar Bán maidir le Cosaint Eorpach – Ullmhacht 2030], a thíolaic an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Márta 2025, agus dá phlean maoinithe cúig cholún dar teideal ReArm Europe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh (JOIN(2022)0024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a foilsíodh an 11 Eanáir 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">Access to equity financing for European defence SMEs</STRING><FOOTNOTE><FIELD> an Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um an Tionscal Cosanta agus an Spás <STRING ITALIC="on">Access to equity financing for European defence SMEs</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://data.europa.eu/doi/10.2889/698738<STRING UNDERLINE="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> [Rochtain ar mhaoiniú cothromais do FBManna cosanta na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Márta 2024 dar teideal ‘Straitéis nua Tionsclaíoch Chosanta na hEorpa: Ullmhacht an Aontais a bhaint amach trí Thionscal Cosanta na hEorpa atá freagrúil agus athléimneach’ (JOIN(2024)0010),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 ó Mario Draghi ar thodhchaí iomaíochas na hEorpa (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil ar Ghníomhaíochtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) don bhliain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh an 25 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0281.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach a d’eisigh an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Eastóin, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Phortaingéil an 6 Meitheamh 2025 maidir le seoladh an lipéid <STRING ITALIC="on">Finance Europe</STRING> [Maoiniú na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2025 maidir leis an Omnibus Ullmhachta Cosanta (COM(2025)0820), arb é is aidhm di na creataí ábhartha dlíthiúla agus riaracháin a shimpliú chun ullmhacht cosanta an Aontais a neartú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 10ú tuarascáil ar dhul chun cinn ó mhí an Mheithimh 2025 maidir le cur chun feidhme na sraithe comhchoitinne tograí a d’fhormhuinigh Comhairlí an Aontais agus ECAT an 6 Nollaig 2016 agus an 5 Nollaig 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj.</FIELD></FOOTNOTE>.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 10 Aibreán 2024 ó Enrico Letta maidir le todhchaí an mhargaidh aonair Eorpaigh (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 30 Deireadh Fómhair 2024 ó Sauli Niinistö dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Safer together – strengthening Europe’s civilian and military preparedness and preparedness</STRING>’ [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú] (Tuarascáil Niinistö),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2025 ar an bpáipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0034.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2025 ar ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0145.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhógra ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2025 maidir le cur i bhfeidhm an chreata airgeadais inbhuanaithe agus na Treorach maidir le Dícheall Cuí Corparáideach Inbhuanaitheachta ar earnáil na cosanta (C(2025)3800),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shlándáil agus Cosaint (A10-0243/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC), tar éis laghdú in 2014, gur shroich caiteachas cosanta na mBallstát EUR 343 bhilliún in 2024, arb ionann é agus 1,9 % de OTI agus arb ionann é agus méadú 19 % i gcomparáid le 2023; de bhrí, de réir GEC, go bhféadfaidh caiteachas cosanta na mBallstát dul thar threoirlíne 2 % ECAT in 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí nach leor an leibhéal infheistíochta atá ann faoi láthair sa tslándáil agus sa chosaint san Aontas chun na spriocanna cumais do gach Ballstát a bhaint amach; de bhrí go bhfuil costas na gníomhaíochta aonair i bhfad níos airde ná costas na gníomhaíochta comhpháirtí; de bhrí go bhfuil costas na neamhullmhachta agus aon treascairt mhíleata a d’fhéadfadh a bheith ann agus an caillteanas neamhspleáchais a eascraíonn as sin i bhfad níos airde ná an costas a bhaineann le gníomhú go cinntitheach anois; de bhrí go bhféadfadh sé a bheith fritorthúil caiteachas cosanta náisiúnta a mhéadú gan aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhordúcháin, ar iarrachtaí iomarcacha agus ar straitéisí mí-ailínithe toisc go bhféadfadh sé dúshláin lánpháirtíochta fórsaí a ghéarú agus costais soláthair a mhéadú do na Ballstáit uile trí iomaíocht eatarthu a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir i dtuarascáil Niinistö go bhfuil sé ríthábhachtach an cistiú atá ar fáil don chomhar cosanta a mhéadú chun ilroinnt eindéimeach agus blianta fada tearcinfheistíochta a shárú; de bhrí gur shainaithin an Coimisiún bearna infheistíochta sa chumas cosanta de EUR 800 billiún do na Ballstáit atá le dúnadh faoi 2030 faoi phlean ReArm Europe, lena mbaineann méadú bliantúil 10 % ar chaiteachas, chun thart ar EUR 575 bhilliún a bhaint amach in 2030, nó 3,15 % de OTI comhcheangailte; de bhrí go bhfuil sé sin ailínithe le tuarascáil Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, ina thogra le haghaidh an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2028-2034, go bhfuil EUR 115,7 billiún (i bpraghsanna 2025) á leithdháileadh ag an gCoimisiún ar chosaint agus ar spás faoin gCiste Eorpach Iomaíochais, cúig huaire níos mó ná sa tréimhse CAI roimhe sin, chomh maith le EUR 15,7 billiún (i bpraghsanna 2025) le haghaidh soghluaisteacht mhíleata faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, méadú faoi dheich i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, arb é is aidhm dó tacú le forbairt bonneagair iompair is féidir a úsáid chun críoch sibhialta agus míleata araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go mbíonn súil ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh le tuilleadh ón Aontas agus óna bhuiséad, lena n-áirítear an acmhainneacht chun freagairt go pras agus go héifeachtach ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn agus an tacaíocht is gá a sholáthar chun cumais chosanta a neartú, go háirithe le linn géarchéimeanna; de bhrí gur cheart don chéad CAI eile tacú le cur chuige cuimsitheach slándála agus tosaíocht iomchuí a thabhairt do bhearta lena neartaítear ullmhacht agus athléimneacht cosanta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, de réir GEC, go raibh 31 % de chaiteachas cosanta na mBallstát in 2024 tiomnaithe don infheistíocht, a raibh 88,2 % de tiomnaithe do threalamh nua a fháil agus 11,8 % de tiomnaithe do thaighde agus d’fhorbairt (T&F); de bhrí gur shroich an caiteachas ar sholáthar trealaimh cosanta EUR 88 mbilliún in 2024, ag fás 39 % i gcomparáid le 2023; de bhrí, faoi phlean ‘ReArm Europe’, go meastar go nginfear leis an méadú sin infheistíocht bhreise dar luach EUR 240 billiún ar a laghad faoi 2030; de bhrí gur tháinig méadú 20 % freisin ar chaiteachas ar T&F cosanta sna Ballstáit in 2024, ag sroicheadh EUR 13 bhilliún;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir an Choimisiúin, gur ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad a tháinig 78 % de sholáthar cosanta na mBallstát idir Feabhra 2022 agus Meitheamh 2023, agus gurb ionann na Stáit Aontaithe agus dhá thrian den fhigiúr sin, agus go mbraitheann 70 % de láimhdeachas bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa (BTTCE) ar sholáthar poiblí Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, de réir Chomhlachas Eorpach na dTionscal Aeraspáis, na Slándála agus na Cosanta, go bhfuil dúshlán roimh BTTCE, arbh ionann é agus thart ar 580,000 post díreach in 2023, 1,4 milliún post indíreach agus láimhdeachas de EUR 160 billiún (ar tháinig aon trian de ó onnmhairí), ar dúshlán triarach é: an earcaíocht, an soláthar agus an maoiniú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cuid ríthábhachtach de BTTCE iad fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena gcuirtear nuálaíocht, solúbthacht agus athléimneacht ar fáil ar fud an tslabhra luacha ina iomláine; de bhrí go gcuirtear i dtábhacht i staidéar 2024 ón gCoimisiún maidir le rochtain ar mhaoiniú cothromais, áfach, go bhfuil deacrachtaí níos mó ag FBManna in BTTCE ná iad siúd in earnálacha eile maidir le maoiniú creidmheasa agus cothromais a fháil mar gheall ar an méid seo a leanas: (i) neamhrialtacht na n-orduithe poiblí agus na dtéarmaí íocaíochta idir fochonraitheoirí, rud a laghdaíonn infheictheacht na n-acmhainní airgid, (ii) eisiamh gníomhaíochtaí cosanta ag roinnt infheisteoirí ar chúiseanna íomhá poiblí, agus (iii) féidearthachtaí teoranta scoir le haghaidh sócmhainní cosanta ar mhargaí caipitil Eorpacha; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar bhacainní maoinithe den sórt sin chun rochtain chothrom a thabhairt do FBManna a bhaineann le cosaint ar mhargaí caipitil agus ar infheistíocht phríobháideach, agus ar an gcaoi sin iomaíochas agus athléimneacht eacnamaíoch a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go meastar go mbeidh riachtanais mhaoiniúcháin bhreise ag BTTCE don tréimhse 2025-2030, ar a laghad, ag EUR 30 billiún go EUR 40 billiún, a meastar go gcomhlíonfar EUR 6 bhilliún go EUR 18 mbilliún de trí chothromas; de bhrí go dtugann sé sin chun suntais a ábhartha atá Aontas coigiltis agus infheistíochta AE (SIU) maidir le caipiteal príobháideach fadtéarmach a shlógadh agus infheisteoirí institiúideacha a mhealladh;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil na cosanta fós an-ilroinnte, bunaithe ar mhórcheannaitheoirí agus ar shlabhraí fochonraitheoireachta leochaileacha, agus ar shlabhraí luacha uile-Eorpacha tearcfhorbartha, rud a chuireann teorainn le leachtacht cuideachtaí beaga, ar minic a bhíonn orthu a riachtanais caipitil oibre a mhaoiniú le hacmhainní fadtéarmacha; de bhrí go gcuireann sé sin bac ar BTTCE a neartú, rud atá bunriachtanach chun cumais chosanta a fhorbairt;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur thug BEI tosaíocht don earnáil slándála agus cosanta, gur chuir sé a chritéir iasachtaithe agus a phróisis inmheánacha in oiriúint agus gur chruthaigh sé ionad ilfhreastail le haghaidh tacaíocht airgeadais maidir le slándáil agus cosaint, eadhon a Oifig Slándála agus Cosanta; de bhrí gur shlóg BEI beagnach EUR 1 bhilliún in 2024 agus go raibh sé mar aidhm aige EUR 2 bhilliún a shlógadh in 2025 ach go bhfuil EUR 3 bhilliún bainte amach aige cheana féin; de bhrí go bhfuil EUR 13 bhilliún leithdháilte aige cheana féin ar chosaint ó 2017 i leith agus go bhfuil sé beartaithe aige EUR 6 bhilliún bhreise a leithdháileadh faoi 2027, trína ghníomhaíocht a leathnú chuig tionscadail dé-úsáide agus ionstraimí airgeadais nua; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar rochtain ar ionstraimí BEI do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe san éiceachóras cosanta agus slándála chun fás cuimsitheach agus nuálach a áirithiú ar fud an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag BEI maidir le comhtháthú eacnamaíoch, forbairt inbhuanaithe agus iomaíochas a chur chun cinn san Aontas; de bhrí gur moladh sa pháipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa banc cosanta, slándála agus athléimneachta a bhunú; de bhrí gur réiteach níos éifeachtaí agus níos comhréirí a bheadh i leathnú foirmiúil shainordú BEI chun tacaíocht do BTTCE a áireamh ná banc nua cosanta, slándála agus athléimneachta a chruthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach mór aon leathnú ar bheartas iasachtaithe agus ar chritéir incháilitheachta BEI chun trealamh a bhaineann le cosaint a áireamh a mheasúnú i gcoinne an ghá atá le cobhsaíocht airgeadais BEI agus a rátáil chreidmheasa AAA a chaomhnú, ar coimircí bunriachtanacha iad i gcónaí dá chumas tosaíochtaí beartais an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear ullmhacht cosanta agus neamhspleáchas polaitiúil foriomlán an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí, in 2023, go ndearnadh grinn-athbhreithniú ar thart ar 39 gcás infheistíochta dírí coigríche (IDC) ar tugadh fógra ina leith faoin sásra comhair an Aontais um scagadh IDC, agus go ndearnadh difear ar leith d’earnálacha na cosanta agus na haerloingseoireachta<FOOTNOTE><FIELD><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on"> Tuarascáil ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal First Annual Report on the screening of foreign direct investments into the Union</STRING></STRING> [Céad Tuarascáil Bhliantúil maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh] (COM(2024)0464).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, in ainneoin gur cruthaíodh cistí speisialaithe san Eoraip, nach raibh ach thart ar 30 ciste cosanta Eorpach ann in 2024, a raibh sócmhainní os cionn EUR 500 milliún ag ceithre cinn díobh, i gcomparáid le níos mó ná 50 ciste den chineál sin sna Stáit Aontaithe, a raibh 30 díobh den mhéid sin, agus de bhrí go n-eascraíonn as an staid sin margadh tánaisteach nach bhfuil chomh tarraingteach céanna, luachálacha níos ísle in idirbhearta scoir agus riosca táthcheangail ag infheisteoirí coigríche;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go gcuireann an timpeallacht slándála atá ag dul in olcas agus bagairtí hibrideacha agus traidisiúnta atá ag dul i méid ar fud an Aontais béim ar an ngá atá le hinfheistíocht leanúnach in ullmhacht cosanta, athléimneacht agus soghluaisteacht mhíleata; de bhrí gur limistéar straitéiseach é an taobh thoir do shlándáil fhoriomlán na hEorpa, lena n-éilítear bonneagar feabhsaithe, cumais faireachais agus sásraí treisithe tapa; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach bainistiú teorainneacha a neartú, córais frithdhrón agus aerchosanta a fheabhsú, agus acmhainneachtaí tionsclaíocha réigiúnacha a fhorbairt le haghaidh táirgeadh cosanta agus nuálaíochta chun ullmhacht an Aontais a áirithiú; de bhrí gur cheart tacú leis na bearta sin, lena n-áirítear cur chun feidhme príomhthionscnamh amhail an Tionscnamh Eorpach um Chosaint Drón, Faireachán ar an gCliathán Thoir, an Sciath Eorpach Aeir agus an Sciath Eorpach Spáis, le cistiú leormhaith ón Aontas; de bhrí go bhfuil iarrachtaí den sórt sin ríthábhachtach chun na Ballstáit is neamhchosanta a chosaint, iomláine chríochach an Aontais a chaomhnú agus díspreagadh agus cobhsaíocht chomhchoiteann a chaomhnú ar fud na mór-roinne;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bunús cobhsaí agus fís fhadtéarmach a chur ar fáil d’infheistíochtaí cosanta príobháideacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Tacú le hinfheistíocht phoiblí na mBallstát i réimse na cosanta agus í a stiúradh ar bhealach níos fearr</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil sé in am gealltanas polaitiúil athnuaite a thabhairt chun go mbeidh AE ina sholáthraí slándála inchreidte trína ullmhacht cosanta a neartú trí chomhar níos doimhne a chothú i measc na mBallstát, a bhfórsaí armtha agus a dtionscal; á iarraidh ar na Ballstáit iarrachtaí a chomhthiomsú chun creat Eorpach um chosaint atá comhleanúnach, uaillmhianach agus comhtháite a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit nósanna imeachta éigeandála a ullmhú do thionscadail arna mbunú mar fhreagairt ar mhórghéarchéimeanna nó ar chogaí, lena n-áirítear leithdháileadh níos tapúla cistí poiblí agus caipitil phríobháidigh, mar ghné lárnach chun ullmhacht agus cumas an Aontais freagairt go tapa agus go héifeachtach do bhagairtí slándála atá ag teacht chun cinn a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár fhógair ach 10 as 27 mBallstát, faoi dheireadh mhí Iúil 2025, sprioc shoiléir chun a gcaiteachas cosanta a mhéadú go 3 % ar a laghad dá OTI faoi 2030 in ainneoin chuspóirí an phlean ‘ReArm Europe’; á iarraidh ar gach Ballstát fís straitéiseach mhionsonraithe a tharraingt suas dá chaiteachas míleata suas go dtí 2030, ina mbeidh deighilt shoiléir idir cumais chosanta chrua agus bonneagar dé-úsáide, lena n-áirítear garspriocanna cumais, méadracht stoc-charn, figiúirí rannpháirtíochta FBManna, agus sprioc do sciar an tsoláthair chomhoibríoch; á chur i bhfáth go bhfuil gá le buiséid chosanta náisiúnta chun bearnaí cumais a dhúnadh, díspreagadh a athbhunú agus tacaíocht leormhaith a áirithiú don Úcráin; á chur i bhfios go láidir nach mór tús áite a thabhairt don chomhar, don idir-inoibritheacht agus don soláthar comhpháirteach san infheistíocht a dhéanfar amach anseo, rud a fhágann gur gnáthrud é an comhar ar leibhéal an Aontais laistigh d’earnáil thionsclaíoch cosanta na hEorpa; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá Ullmhacht 2030 a ailíniú leis na spriocanna uimhriúla nithiúla a leagtar amach sa straitéis thionsclaíoch um an gcosaint Eorpach (EDIS), go háirithe trína áirithiú go ndéanfar 40 % ar a laghad den trealamh cosanta a sholáthar go comhpháirteach faoi 2030, gur trádáil laistigh den Aontas é 35 % ar a laghad den trádáil cosanta faoi 2030, agus gur táirgí de dhéantús an Aontais iad 50 % ar a laghad den soláthar cosanta faoi 2030, agus 60 % faoi 2035; ag moladh na mBallstát sin a leithdháileann níos mó ná 3 % de OTI go comhsheasmhach ar an gcosaint; á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit a spriocanna cumais agus a bhfoirceadail mhíleata a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí nua agus ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á aithint go bhfuil meath mór tagtha ar chomhthéacs slándála an Aontais, rud a fhágann go bhfuil méadú ag teacht ar na bagairtí ar theorainneacha seachtracha an Aontais; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cur chuige cuimsitheach a ghlacadh i leith na cosanta, lena n-aithnítear go bhfuil níos mó i gceist leis an tslándáil ná sócmhainní míleata agus go gcuimsítear léi freisin cosaint i gcoinne bagairtí hibrideacha; á chur i bhfáth gur réamhriachtanas í an chobhsaíocht pholaitiúil inmheánach do neart míleata inchreidte, agus mura mbeadh muinín ag na saoránaigh as institiúidí agus as an daonlathas, go mbeadh slándáil agus comhtháthú foriomlán an Aontais fós leochaileach; á iarraidh go ndéanfaí tacaíocht airgeadais an Aontais a shlógadh go pras agus ar bhonn dlúthpháirtíochta, go háirithe do na Ballstáit sin is mó atá neamhchosanta ar ghnáthbhagairtí míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tograí a leagtar amach i bplean ReArm Europe chun níos mó solúbthachta buiséadaí a thairiscint do na Ballstáit agus chun caiteachas cosanta méadaithe a spreagadh chun BTTCE a neartú; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go mbaineann an tsaoráid iasachta faoi ionstraim SAFE dar luach EUR 150 billiún agus go mbainfidh 19 mBallstát úsáid as iasachtaí SAFE; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur bhunaigh an Coimisiún an ionstraim sin ar Airteagal 122 CFAE, gan comhairliúchán leis an bParlaimint a áireamh, rud a chuireann cosc ar fhaireachán agus ar rialú cistí agus a d’fhéadfadh éagothromaíochtaí idir na Ballstáit a mhéadú; á chur i bhfáth go bhfuil feidhm aici maidir le rialú buiséadach i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE agus, dá bhrí sin, á iarraidh go láidir ar an gCoimisiún staonadh ó Airteagal 122 a chur i bhfeidhm maidir le haon tionscnamh eile a bhaineann leis an tionscal cosanta, nó maidir le saincheisteanna eile a bhaineann le maoiniú cosanta amach anseo; á mheas, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil sé ríthábhachtach go léireoidh tionscadail faoi SAFE tosaíochtaí cumais an Aontais mar a shainaithnítear iad sa pháipéar bán maidir le cosaint na hEorpa, sa phlean forbartha cumais agus i dTreochlár Ullmhachta Cosanta 2030; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil soláthairtí a dhéanann Ballstát amháin incháilithe do thacaíocht faoi SAFE, i gcás ina sínítear conradh soláthair tráth nach déanaí ná an 30 Bealtaine 2026, ós rud é nach ndreasaíonn sé sin soláthar comhoibríoch agus dí-ilroinnt an mhargaidh, agus go bhfuil an baol ann ar deireadh go gcuirfidh sé leis na héagothromaíochtaí idir na Ballstáit; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart maoiniú a bheith bunaithe freisin ar rochtain éascaithe ar chaipiteal príobháideach, ar ranníocaíochtaí náisiúnta, ar chorrlaigh bhuiséadacha atá ann cheana nó ar shásraí malartacha lena n-áirithítear freagracht fhioscach; á iarraidh ar an gCoimisiún, chuige sin, ceannacháin bhloc ilbhliantúla a chur chun cinn chun costais aonaid a laghdú agus chun ilroinnt na gcóras arm atá in úsáid faoi láthair ar fud an Aontais a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil éiceachóras cosanta na hEorpa fós ilroinnte ar fud gnéithe tionsclaíocha, airgeadais agus rialachais; á chur i bhfáth go bhfuil buiséad an Aontais fós ina ionstraim éifeachtach chun feabhas a chur ar phleanáil chomhtháite, ar mhaoiniú cobhsaí fadtéarmach agus ar chur chun feidhme éifeachtach i réimse na cosanta, agus ar an gcaoi sin an ilroinnt sin a shárú; á athdhearbhú gur cheart comhordú méadaithe agus gníomhaíocht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais a bheith ag gabháil le buiséid chosanta náisiúnta mhéadaithe; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé tacaíocht leathan a áirithiú d’infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta agus, dá bhrí sin, an gá atá leis na costais a dháileadh go cothrom; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil clásal láidir tosaíochta ag an Aontas sa phlean ReArm Europe, go háirithe maidir le hionstraim SAFE, lena ndéanfaí BTTCE a threisiú, poist nua a chruthú san Aontas, idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht táirgí cosanta san Aontas a mhéadú agus spleáchas ar thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú, agus ar an gcaoi sin díspreagadh na hEorpa a neartú agus slándáil an tsoláthair a mhéadú; á chur i bhfáth, chun go mbeidh ionstraim SAFE éifeachtúil ó thaobh airgeadais de, gur cheart gur meán a bheadh inti go príomha chun cumasóirí straitéiseacha a sholáthar, a chothabháil agus a oibriú go comhpháirteach, go háirithe iad siúd a sholáthraíonn faireachas faisnéise agus taiscéalaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún a ról a úsáid go hiomlán, go háirithe trí thascfhórsa SAFE, chun a áirithiú go n-urramóidh pleananna cosanta náisiúnta na mBallstát cuspóir SAFE maidir le soláthar comhpháirteach a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar bhearnaí cumais agus chun gach ionstraim atá ar fáil a úsáid, lena n-áirítear Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn um an gCosaint agus an Struchtúr do Chlár Armála na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuil úsáid theoranta agus mhíchothrom á baint as an gclásal éalaithe náisiúnta agus ag tabhairt dá haire, in ainneoin na solúbthachta sin, go bhfuil srianta fós ar roinnt Ballstát ina n-acmhainneacht fhioscach chun freastal ar na héilimh agus chun freagairt go héifeachtach do thosaíochtaí comhroinnte, agus gur staon Ballstáit eile ó iarratas a dhéanamh ar an gclásal éalaithe náisiúnta as imní faoi fhreagairt na margaí airgeadais; ag aithint gur ionstraim shealadach é an clásal éalaithe náisiúnta d’éigeandálaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith, agus go bhfuil intuarthacht fhadtéarmach ag teastáil chun infheistíocht leanúnach a phleanáil; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil dálaí fioscacha agus rialála intuartha bunriachtanach chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh agus chun úsáid éifeachtúil acmhainní poiblí ar fud an Aontais a áirithiú; á chur in iúl go gcreideann sí gur cheart an creat a neartú, i gcás inarb iomchuí, le hionstraimí agus uirlisí infheistíochta ar leibhéal AE atá ceaptha chun an costas do cháiníocóirí an Aontais a íoslaghdú agus chun éifeachtúlacht a uasmhéadú maidir le soláthar earraí poiblí Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tograí ón gCoimisiún chun soláthar cosanta a shimpliú, a éascú agus chun dlús a chur leis; á iarraidh go neartófaí prionsabal tosaíochta an Aontais, lena n-áiritheofar go mbeidh tairbhithe in ann cinneadh a dhéanamh maidir le sainmhíniú, oiriúnú agus éabhlóid dearaí agus córas le linn a saolré, agus nach bhfaighfear aon chomhpháirt ó thíortha nó ó eintitis nach bhfuil san Aontas a sháraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí na critéir incháilitheachta faoin bplean ReArm Europe a ailíniú go hiomlán leo siúd a leagtar amach sa chlár um an tionscal cosanta Eorpach (EDIP), chun ilroinnt a laghdú, costais a shábháil agus éifeachtúlacht a mhéadú, idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht a chothú, agus borradh a chur faoi iomaíochas BTTCE; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh rialacha soláthair agus rannpháirtíochta comhréireach agus fabhrach do FBManna agus á iarraidh go dtabharfaí isteach sciar éigeantach íosta de luach tionscadail a bheidh le leithdháileadh ar rannpháirtíocht FBManna sa slabhra soláthair, lena n-áiritheofar rochtain chomhionann do ghnólachtaí nuathionscanta agus do sholáthróirí beaga in éineacht le príomhchonraitheoirí, agus lena seachnófar ualaí riaracháin lena ndíspreagtar rannpháirtíocht FBManna; á iarraidh, thairis sin, go neartófaí athléimneacht shlabhra soláthair na hEorpa trí chaighdeáin choiteanna agus slabhraí soláthair measctha a chur chun cinn lena laghdaítear spleáchais chriticiúla; á aithint go bhfuil gá le comhar láidir trasatlantach mar bhonn do chosaint na hEorpa ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di an fógra maidir le méadú suntasach ar sholáthar táirgí cosanta ó na Stáit Aontaithe, ós rud é go gcuirfidh sé sin i gcoinne na huaillmhéine a shainítear in EDIS agus go mbeidh sé ina chúis le héiginnteacht maidir le hinfheistíocht in BTTCE; á iarraidh go mbeadh comhar tionsclaíoch cosanta trasatlantach ann bunaithe ar chothrom iomaíochta a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh; á chur i bhfios go láidir nach mór rannpháirtíocht i gcláir chosanta an Aontais a bheith go hiomlán comhsheasmhach le bunluachanna, leasanna slándála agus cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) agus an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil éileamh intuartha, ilbhliantúil agus ceanglais choiteanna de dhíth ar thionscal cosanta an Aontais chun luas, scála agus luach a sholáthar; á chur i bhfáth nach mór idir-inoibritheacht agus caighdeánú a leabú ón tús i soláthar agus infheistíocht cosanta san Aontas, trí thástáil agus deimhniú comhpháirteach, agus glacadh trasteorann, chun srian a chur le leathadh athraitheach agus ilroinnt an mhargaidh, i gcomhréir le tuarascálacha Draghi, Letta agus Niinistö; ag spreagadh na mBallstát a ngealltanais bhuiséadacha a chomhlánú le hionchais infheistíochta cosanta mheántéarmacha thrédhearcacha lena gcumhdaítear spriocanna cumais, amchláir soláthair agus an sciar den chaiteachas atá curtha i leataobh do chláir chomhoibritheacha; á iarraidh ar GEC na hionchais náisiúnta sin a thiomsú i bhforléargas comparáideach bliantúil chun comhordú a éascú agus deiseanna do thionscadail chomhpháirteacha a shainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá BTTCE a neartú tríd an éileamh a chomhiomlánú, trí na rialacha a shimpliú agus a chomhchuibhiú, agus trí iomaíocht oscailte agus chothrom a chur chun cinn i measc thionscail na hEorpa, rud a fhágfaidh go mbeidh tionscal cosanta na hEorpa níos costéifeachtaí agus níos iomaíche agus go mbeidh rochtain níos fearr ar threalamh cosanta ar fud an Aontais; á chur in iúl gur oth léi an easpa sonraí cuimsitheacha maidir le soláthar trealaimh chomhoibríoch an Aontais, rud a fhágann nach féidir anailís chuimsitheach a chur ar fáil ar sholáthar comhoibríoch trealaimh cosanta an Aontais agus measúnú leormhaith a dhéanamh ar staid thírdhreach cosanta an Aontais sa réimse sin; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle aghaidh a thabhairt ar bhacainní leanúnacha ar thrádáil táirgí cosanta laistigh den Aontas, lena n-áirítear bacainní ceadúnaithe agus deimhniúcháin, agus á iarraidh ar na comhreachtóirí tosaíocht a thabhairt do ghlacadh agus do chur chun feidhme éifeachtach an togra omnibus cosanta ón gCoimisiún chun aistrithe agus soláthar a chuíchóiriú ar fud an Aontais chun tacú le BTTCE níos athléimní agus níos iomaíche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart sineirgí le cláir nuálaíochta shibhialtacha amhail Fís Eorpach agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach a neartú chun tionchar a uasmhéadú agus dúbláil a sheachaint; á chur i bhfáth, ag an am céanna, nach mór an dul chun cinn teicneolaíoch a mheaitseáil leis na cumais dhaonna is gá; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár tháinig ach méadú beag ar líon an phearsanra ghníomhaigh in 2024 agus ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go gcruthófar bearnaí cumais maidir le trealamh nua a oibriú agus a chothabháil mar gheall ar infheistíocht atá ag dul i méid gan iarrachtaí earcaíochta agus coinneála comhthreomhara; á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do bheartais earcaíochta agus choinneála in earnáil na cosanta, lena n-áirítear cláir mhalartaithe agus oiliúna a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, chun a áirithiú go mbeidh fíor-ullmhacht oibríochtúil mar thoradh ar chaiteachas méadaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Buiséad agus uirlisí cistiúcháin an Aontais a chur in oiriúint do dhúshláin slándála agus do riachtanais ghnó</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata roimhe seo ar an gCoimisiún féachaint ar na roghanna uile chun tacú le hinfheistíocht cosanta na mBallstát agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na sineirgí sna sásraí atá ann cheana chun tacú le hullmhacht cosanta an Aontais; á mheabhrú gur iarr sí go n-áiritheofaí go dtacódh an chéad CAI eile le cur chuige cuimsitheach slándála trí infheistíocht leormhaith agus chomhordaithe; á chur in iúl gur geal léi comhdhlúthú an imchlúdaigh cosanta a mholtar in CAI 2028-2034; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nár chuir an Coimisiún miondealú sách mionsonraithe ar an imchlúdach sin ar fáil ina thogra le haghaidh CAI 2028-2034; á mheabhrú go bhfuil gá le miondealú buiséadach mionsonraithe chun cur ar chumas an údaráis bhuiséadaigh cinntí fóinteacha agus eolasacha a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir gur féidir le hinfheistíocht in-chomhthomhaiste ar leibhéal an Aontais sa chosaint sa chéad CAI eile a bhfuil rialachas trédhearcach mar bhonn taca léi, dúbailt a laghdú, barainneachtaí scála a sholáthar, agus idir-inoibritheacht a fheabhsú; ag meabhrú chineál sonrach na hearnála cosanta, agus á mheas nach mór don chéad CAI eile critéir agus nósanna imeachta uile ionstraimí maoiniúcháin thionscal cosanta na hEorpa a choinneáil, go háirithe na critéir a bhaineann leis an gCiste Eorpach Cosanta agus EDIP;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheas, i ndáil leis an méid sin, gur cheart féachaint ar na roghanna uile chun tacú le hinfheistíocht chosanta na mBallstát, go háirithe trí na sásraí atá ann cheana, gan ranníocaíochtaí náisiúnta ná an t-ualach cánach foriomlán ar shaoránaigh a mhéadú; á chur i bhfáth nár cheart ionstraimí den sórt sin a bheith ag brath go hiomlán ar eisiúint iasachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, mar shampla trí SAFE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go gcomhlánódh cistiú an Aontais iarrachtaí na mBallstát a gcaiteachas cosanta náisiúnta a mhéadú, seachas iad a ionadú; á chur i bhfios go láidir gur cheart d’ionstraimí an Aontais breisluach a chur ar fáil trí chomhar, idir-inoibritheacht agus éifeachtúlacht a chothú, agus nach mór pleanáil agus ceanglais chumais fanacht laistigh de na creataí institiúideacha iomchuí; á athdhearbhú, chun freastal ar riachtanais phráinneacha CBSC, nach mór acmhainní breise a áirithiú do thosaíochtaí cosanta; á iarraidh an athuair, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann a riachtanais chaiteachais fhoriomlána níos airde a chumhdach, lena n-áirítear trí acmhainní dílse nua a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheabhrú gurb é cuspóir BEI lánpháirtiú an Aontais a chothú, forbairt an Aontais a chur chun cinn agus tacú le beartais Aontais i gcomhréir le hAirteagal 309 CFAE; á chur in iúl gur geal léi cur chuige réamhghníomhach BEI maidir le dlús a chur le maoiniú do shlándáil agus do chosaint na hEorpa; ag tabhairt dá haire, áfach, go n-eisiatar fós ina bheartas infheistíochta ‘airm agus muinisin’ agus nár leor a idirghabhálacha go dtí seo ó thaobh luais, inghlacthachta riosca agus scála de chun freastal ar riachtanais phráinneacha ullmhachta cosanta; ag tabhairt dá haire an dul chun cinn a rinneadh maidir lena chritéir a oscailt, ach á mheas nach leor iad sin fós chun spriocanna Ullmhachta Cosanta 2030 a bhaint amach mar a chuir geallsealbhóirí tionscail in iúl trí staidéir agus trí chomhairliúcháin phoiblí; á iarraidh, ar mhaithe le comhsheasmhacht le plean ReArm Europe, ar na Ballstáit, mar chomhlacht rialaithe BEI, sainordú BEI a oiriúnú chun a chumas tacú le tionscal cosanta na hEorpa a neartú agus athbhreithniú a dhéanamh ar a threoirlínte infheistíochta chun maoiniú a cheadú do thionscadail dhlisteanacha arm agus muinisean atá i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le leasanna slándála an Aontais; á iarraidh ar Ghrúpa BEI a inghlacthacht riosca agus a uaillmhian a mhéadú chun plódú isteach infheistíochta a bhaint amach; ag tabhairt rabhaidh, áfach, nach mór d’aon choigeartú ar chritéir incháilitheachta nó cistiú Ghrúpa BEI chun ailíniú le tosaíochtaí nua riocht airgeadais Ghrúpa BEI a choimirciú agus maoiniú éifeachtach ar thosaíochtaí straitéiseacha eile an Aontais a áirithiú; á iarraidh ar BEI measúnú cainníochtúil críochnúil a dhéanamh ar a bheartas infheisteoirí maidir le hinfheistíocht chosanta, agus an measúnú sin a sholáthar don Pharlaimint, gan, i gcás inarb infheidhme, a chomhaontuithe rúndachta lena infheisteoirí a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mholadh gur cheart do BEI machnamh agus meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar a ról, chomh maith le raon feidhme na n-infheistíochtaí incháilithe, i bhfianaise an ghá phráinnigh atá le hearnáil cosanta na hEorpa a mhéadú agus slándáil fhadtéarmach agus uathriail straitéiseach a áirithiú; á mholadh go ndéanfaí sainordú BEI a leathnú go foirmiúil chun tacaíocht do BTTCE a áireamh laistigh d’fhochuideachta speisialaithe, le tacaíocht ó ráthaíochtaí ón gCoimisiún agus le tacaíocht ó líonra saineolaithe; á chreidiúint go mbeadh struchtúr den sórt sin ina réiteach níos éifeachtaí ná banc nua cosanta, slándála agus athléimneachta a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar inrochtaineacht agus ar chomhsheasmhacht chistí tacaíochta infheistíochta an Aontais do chuideachtaí BTTCE, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, trí chritéir incháilitheachta a choigeartú agus a chur in oiriúint de réir a chéile maidir leis an uaillmhian a leagtar amach in SEÁT agus in EDIP, trí nósanna imeachta iarratais a shimpliú agus trí chuspóirí na gclár oibre a chomhchuibhiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé amlínte agus ceanglais na gcistí sin a choigeartú do thimthriallta nuálaíochta agus do luasanna éagsúla na gcineálacha éagsúla réimsí cumais; á iarraidh ar na Ballstáit agus na réigiúin ról a gcomhlachas tráchtála agus tionscail a neartú maidir le tacú le FBManna BTTCE i leith taighde agus rochtain ar chistiú an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún treoir shoiléir agus teimpléid shoiléire a chur ar fáil maidir le cineálacha nua comhaontuithe, comhordaithe agus comh-imscartha i measc iomaitheoirí in earnáil na cosanta, chun infheistíocht T&F níos láidre ag cuideachtaí BTTCE a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh go bhforbrófaí ionstraim chun tacú le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa chosaint ar bhonn ráthaíochtaí ó bhuiséad an Aontais de réir shampla InvestEU; á chur in iúl gur geal léi, sa ghearrthéarma, an togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh tarmligthe a ghabhann le treoirlínte infheistíochta Chiste InvestEU maidir le hinfheistíochtaí straitéiseacha i réimse na cosanta<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2025/1774 an 28 Lúnasa 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1078 a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí straitéiseacha i réimse na cosanta a leagtar amach sna treoirlínte infheistíochta maidir le Ciste InvestEU (IO L, 2025/1774, 18.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1774/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, ina n-iarrtar go gcuirfí deireadh le hualaigh riaracháin nach bhfuil gá leis i ndáil le ráthaíochtaí buiséadacha agus ionstraimí airgeadais a úsáid chun tacú le hinfheistíocht i réimse na cosanta, agus ar an gcaoi sin simpliú breise a chur ar fáil agus urraim á tabhairt don ghá atá le slándáil an Aontais agus na mBallstát a chosaint; á mheas, i dteannta a chéile, go n-áiritheofaí leis na bearta sin go ndéanfaí maoiniú a shlógadh go tapa agus go mbunófaí creat infheistíochta cobhsaí agus inscálaithe do thionscal cosanta na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheas go bhfuil úsáid cistí baincéireachta in iasachtaí, i ráthaíochtaí agus i bpunanna leachtachta ardcháilíochta bunriachtanach d’aibíochtaí fadtéarmacha sa chaiteachas cosanta lena soláthrófar intuarthacht agus cobhsaíocht; á athdhearbhú go gcabhródh dlús a chur le tabhairt chun críche SIU le caipiteal príobháideach a shlógadh agus le rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Deireadh a chur le bacainní ar infheistíocht phríobháideach sa chosaint</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Rochtain ar mhaoiniú gearrthéarmach a shimpliú do chuideachtaí BTTCE</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an bhFaireachlann Eorpach um Íocaíochtaí staidéar a dhéanamh ar chomhlíonadh spriocdhátaí íocaíochta laistigh de BTTCE i ndáil leis an gcuid eile den tionscal, chomh maith le rangú na gcuideachtaí is déine ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar BEI, le tacaíocht ó na Ballstáit, méid EUR 4 bhilliún a bhaint amach le haghaidh iasachtaí gearrthéarmacha, le ráthaíochtaí riosca suas le 50 %, agus á iarraidh go ndéanfaí critéir BEI maidir le gealltanas cosanta a mhaolú agus a shimpliú agus go leathnófaí incháilitheacht chuig fochonraitheoirí indíreacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cur le cumas infheisteoirí príobháideacha cosaint a mhaoiniú trína comhoiriúnacht le maoiniú inbhuanaithe a áirithiú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in ainneoin na n-iarrachtaí a rinneadh ó thús an chogaidh san Úcráin, go bhfuil drogall ar go leor infheisteoirí i gcónaí cosaint a mhaoiniú, lena n-áirítear mar gheall ar éiginnteachtaí maidir le caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a chur i bhfeidhm, agus go bhfuil idirdhealú fós á dhéanamh ar BTTCE sna margaí airgeadais ar fhorais riosca íomhá a mheastar go hearráideach; á mheabhrú gur de chineál dé-úsáide iad go leor teicneolaíochtaí cosanta agus, dá bhrí sin, go ngineann siad tairbhí iarmharta suntasacha don nuálaíocht shibhialtach agus do gheilleagar na hEorpa i gcoitinne; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar dhearcthaí diúltacha leanúnacha maidir le maoiniú cosanta, go háirithe in earnáil na baincéireachta; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar iarrachtaí faisnéise agus múscailte feasachta maidir le maoiniú BTTCE, chun cur ar chumas gníomhaithe airgeadais feabhas a chur ar a n-inniúlacht maidir le hanailís a dhéanamh ar mhaoiniú a bhaineann le cosaint agus é a phróiseáil; ag spreagadh an Choimisiúin chun faisnéis agus feasacht maidir le maoiniú BTTCE a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag aithint Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2025/1775 an 28 Lúnasa 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar airm thoirmiscthe<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/1775, 30.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1775/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, lena gcuirtear ‘airm thoirmiscthe’ in ionad an choincheapa ‘airm chonspóideacha’ agus a glacadh mar chuid den omnibus ullmhachta cosanta;  ag cur béím ar an bhfíoras go bhfuil an sainmhíniú sin teoranta d’airm a thoirmisctear go sainráite le coinbhinsiúin idirnáisiúnta cheangailteacha; á chur in iúl gur geal léi na soiléirithe dlíthiúla a áirítear san Omnibus um ullmhacht cosanta agus ag aithint a thábhachtaí atá siad chun spriocanna an Aontais maidir le maoiniú cosanta a bhaint amach; á iarraidh ar ghníomhaithe airgeadais príobháideacha srian a chur lena n-eisiamh ón liosta comhdhlúite sin agus a mbeartas infheistíochta a fhoilsiú; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar bhonn cás ar chás ar chuimsiú gníomhaithe i gcistiú an Aontais a dtéann a mbeartas infheistíochta thar an eisiamh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil creat airgeadais inbhuanaithe an Aontais ceaptha chun sreafaí caipitil a dhíriú i dtreo gníomhaíochtaí inbhuanaithe gan maoiniú na hearnála cosanta a theorannú, mar a d’athdhearbhaigh an Coimisiún ina fhógra an 18 Lúnasa 2025, lena ndeimhnítear nach gcuireann eisiamh gníomhaíochtaí a bhaineann le cosaint ó thacsanomaíocht an Aontais cosc ar infheisteoirí príobháideacha nó poiblí infheistíocht a dhéanamh in earnáil na cosanta; á iarraidh ar an gCoimisiún a athdhearbhú go poiblí agus go haonchiallach nach ndéanann tacsanomaíocht ghlas an Aontais infheistíocht sa chosaint a thoirmeasc, a shrianadh ná a dhíspreagadh; á chur i bhfáth gur réamhriachtanais iad an chosaint agus an tslándáil don fhorbairt inbhuanaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Deiseanna scoir sa mhargadh airgeadais a oscailt do shócmhainní cosanta trí chaipiteal príobháideach a shlógadh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach tacú le margadh Eorpach d’infheisteoirí speisialaithe a thairgeann leanúntas maoinithe (creidmheas, fiachas príobháideach agus cothromas) do chuideachtaí, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, in BTTCE agus i mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún agus ó BEI chun ‘an tSaoráid Cothromais Cosanta’ le buiséad de EUR 175 mhilliún a chur ar bun don tréimhse 2024-2027; á mheas, mar sin féin, nach leor an ciste sin go hiomlán i bhfianaise na riachtanas maoinithe agus á iarraidh ar BEI mianta na mBallstát a chomhlíonadh, mar a athdhearbhaíodh sna conclúidí ón gComhairle, tríd an mbuiséad sin a mhéadú go EUR 1 bhilliún chun freastal níos fearr ar riachtanais chothromais BTTCE agus a shlabhra luacha, agus aird ar leith á tabhairt ar ghníomhaithe beaga a bhfuil an bhearna mhaoinithe is mó rompu; ag spreagadh BEI chun an ionstraim sin a leathnú chuig bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hÚcráine, agus é a dhearadh ionas go gcothófar comhpháirtíochtaí agus comhfhiontair idir BTTCE agus cuideachtaí bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Ghrúpa BEI tacaíocht do thionscadail dé-úsáide a oibríochtú trí rochtain ar thacaíocht den sórt sin a fheabhsú d’fhiontair luathchéime agus do FBManna, nósanna imeachta a shimpliú, treoir shoiléir a chur ar fáil d’infheisteoirí, agus tuairisciú go rialta maidir le glacadh agus dáileadh geografach; á iarraidh go mbeadh cur chun feidhme éifeachtach ann trí ghlaonna spriocdhírithe agus trí threoir shoiléir d’údaráis bhainistíochta ionas gur féidir le réigiúin ina bhfuil éiceachórais chosanta bheagfhorbartha rochtain a fháil ar na deiseanna sin; ag iarraidh ar na Ballstáit na féidearthachtaí sin a léiriú agus cláir á gceapadh acu, agus comhordú a dhéanamh leis an gCoimisiún agus le BEI chun ardáin réigiúnacha infheistíochta a fhorbairt, lena n-áiritheofar comhlántacht agus lena seachnófar cistiú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh, ina bheartas iomaíochta, ar ullmhacht cosanta, slándáil an tsoláthair, acmhainneacht chun nuálaíocht a fheabhsú agus spleáchais ar thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú; á iarraidh, ag an am céanna, ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a soláthar táirgí cosanta oscailte agus iomaíoch do BTTCE ina iomláine; á iarraidh ar na Ballstáit a rialuithe ar infheistíocht dhíreach ó ghníomhaithe tríú tír a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cláir um chomhar tionsclaíoch agus comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a neartú, lena n-áirítear ardáin slabhra soláthair agus tionscadail chomhfhorbartha, d’fhonn slabhraí táirgeachta a chomhtháthú, saineolas náisiúnta a ghiaráil, barainneachtaí scála a chur chun cinn agus iomaíochas domhanda BTTCE a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá margaí caipitil dea-fheidhmiúla don mhaoiniú cosanta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le haontas na margaí caipitil agus SIU, go háirithe trí rochtain ar chothromas, ar chaipiteal fiontair agus ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna in earnáil na cosanta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil aontas na margaí caipitil agus SIU ríthábhachtach chun maoiniú cosanta a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le SIU a thabhairt chun críche, arb é is aidhm dó tacú le córas airgeadais an Aontais atá níos doimhne, níos leachtaí agus níos comhtháite lena dtreoraítear coigilteas ar bhealach níos éifeachtúla isteach in infheistíochtaí táirgiúla amhail iad siúd i dtionscal cosanta an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do thionscal cosanta an Aontais a acmhainneacht a mhéadú go suntasach chun freastal ar an méadú ollmhór ar an éileamh ar tháirgí míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi seoladh an lipéid ‘Finance Europe’; ag tabhairt dá haire go gcuirtear maoiniú i gcothromais cuideachtaí chun cinn leis an lipéad sin, arb é is aidhm dó coigilteas príobháideach a dhíriú ar infheistíochtaí i bhfíorgheilleagar na hEorpa; ag spreagadh an Choimisiúin chun tacú leis an tionscnamh sin trí lipéad Eorpach a mholadh mar chuid de SIU, agus a áirithiú ag an am céanna nach gcruthófar ualach breise riaracháin leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an moladh ón gCoimisiún maidir le cuntais choigiltis agus infheistíochta<FOOTNOTE><FIELD> Moladh ón gCoimisiún (AE) 2025/2029 an 30 Meán Fómhair 2025 maidir le hinfhaighteacht cuntas coigiltis agus infheistíochta a mhéadú le cóireáil cánach shimplithe agus bhuntáisteach (IO L, 2025/2029, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/2029/oj).</FIELD></FOOTNOTE>. á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’aidhm ag SIAnna borradh a chur faoi rannpháirtíocht mhiondíola i margaí caipitil an Aontais, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis na margaí a neartú agus méadú ar bhonn infheisteoirí an Aontais a éascú a chuideodh le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a mhaoiniú, lena n-áirítear cosaint; ag spreagadh an Choimisiúin leanúint de thacaíocht a thabhairt don tionscnamh sin; á iarraidh ar na Ballstáit cloí leis an moladh ón gCoimisiún maidir le hinfhaighteacht cuntas coigiltis agus infheistíochta a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair leanúnach atá á déanamh arb é is aidhm di sócmhainní reoite na Rúise a úsáid chun iarrachtaí cosanta na hÚcráine a mhaoiniú, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar ábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais agus dlíthíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh go mbeadh tiomantas aontaithe ann i measc na mBallstát borradh a chur faoin gcaiteachas cosanta i gcomhréir le torthaí Chruinniú Mullaigh ECAT na Háige 2025, inar thug comhghuaillithe ECAT gealltanas 5 % de OTI a infheistiú gach bliain maidir le príomhcheanglais chosanta agus caiteachas a bhaineann le cosaint agus slándáil faoi 2035; ag tathant ar na Ballstáit tionscnaimh chosanta Eorpacha a chothú, idir-inoibritheacht a fheabhsú agus infheistíocht a dhéanamh i soláthar comhpháirteach atá ailínithe le tosaíochtaí straitéiseacha coiteanna, lena n-áirítear táirgeadh muinisean;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>