<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0342</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid (ÚCSA) a cheapadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0267/2025 -  Rapóirtéirí: Aurore Lalucq, Javier Zarzalejos)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2025 maidir leis an togra chun Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta a cheapadh (N10-0078/2025 – C10-0332/2025 – 2025/0905(NLE))</STRING></TI><NOTE>(Formheas)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mholadh ó Bhord Ginearálta an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta an 9 Nollaig 2025 (Cinneadh GBSUP 7/2025 (Cinneadh GBFIU 11/2025)),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 63(4) de Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh Chomhdháil na nUachtarán an 22 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis na Rialacha a bhaineann le hionadaithe Pharlaimint na hEorpa nó daoine eile a cheapadh ar bhoird bainistíochta nó chuig poist eile i ngníomhaireachtaí nó i gcomhlachtaí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0267/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 63(4) de Rialachán (AE) 2024/1620 go roghnófar comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais, sláine, agus seasamh agus taithí aitheanta i réimse AML/CFT, agus ar bhonn cáilíochtaí ábhartha eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil Parlaimint na hEorpa tiomanta don chothromaíocht inscne a áirithiú i bpoist feidhmiúcháin in institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais; de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú; de bhrí go bhfuil an Pharlaimint ag coinne go bhfaighidh sí gearrliosta de bheirt iarrthóirí ar a laghad maidir le ceapacháin a bheidh ann amach anseo d’fhonn ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a chaomhnú ar Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in aithris 66 de Rialachán (AE) 2024/1620;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur ghlac an Coimisiún gearrliosta an 12 Samhain 2025 i gcomhréir le hAirteagal 63(4) de Rialachán (AE) 2024/1620, le hiarrthóir amháin don phost mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus gur chuir sé an gearrliosta chuig an bParlaimint;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndearna an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile meastóireacht ar dhintiúir an iarrthóra ar an ngearrliosta don phost mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta, go sonrach i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2024/1620;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ag an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, an 2 Nollaig 2025, le Henrica Maria Verbeek-Kusters, éisteacht ag a ndearna sí ráiteas tosaigh agus ag ar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí na gCoistí ina dhiaidh sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur ghlac Bord Ginearálta an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta, an 9 Nollaig 2025, moladh go gceapfaí Henrica Maria Verbeek-Kusters mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus gur chuir sé ar aghaidh chuig an bParlaimint é;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas an togra chun Henrica Maria Verbeek-Kusters a cheapadh ina Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus chuig rialtais na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>