<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0343</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme chóras coinníollachta an smachta reachta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0240/2025 - Rapóirtéirí: Jean-Marc Germain, Monika Hohlmeier)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2025 maidir le cur chun feidhme chóras coinníollachta an smachta reachta (2025/2061(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 7 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus do na prótacail a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht) agus don teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Márta 2022 <STRING ITALIC="on">Guidelines on a general system of conditionality for the protection of the Union budget</STRING> [Treoirlínte maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 123, 18.3.2022, lch. 12.</FIELD></FOOTNOTE> (Treoirlínte 2022),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán STA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán Airgeadais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir leis na bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir<FOOTNOTE><FIELD> IO L 325, 20.12.2022, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2506/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2024 maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (COM(2024)0017),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2025 maidir le Tuarascáil 2024 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0129.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0090.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Eanáir 2024 maidir le díscaoileadh pleanáilte na bpríomhstruchtúr frithéillithe sa tSlóvaic agus na himpleachtaí a bheidh aige ar an smacht reachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5712, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5712/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2022 maidir leis an measúnú ar chomhlíonadh choinníollacha an smachta reachta ag an Ungáir faoin Rialachán maidir le Coinníollacht agus ar staid na himeartha maidir le plean téarnaimh agus athléimneachta na hUngáire<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 74.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 maidir leis an spás atá ag laghdú don tsochaí shibhialta san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le treoirlínte a chruthú chun an córas ginearálta coinníollachta a chur i bhfeidhm chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 146.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 03/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 22 Feabhra 2024 dar teideal ‘An smacht reachta san Aontas – Creat feabhsaithe chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ach tá rioscaí fós ann’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 16 Feabhra 2022 i gCásanna C-156/21, <STRING ITALIC="on">an Ungáir</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Feabhra 2022, <STRING ITALIC="on">an Ungáir </STRING>v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh</STRING>, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97.</FIELD></FOOTNOTE> agus C-157/21, <STRING ITALIC="on">an Pholainn</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Feabhra 2022, <STRING ITALIC="on">an Pholainn </STRING>v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, </STRING>C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir leis an athmheasúnú, ar thionscnamh an Choimisiúin, ar chomhlíonadh na gcoinníollacha faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 tar éis Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir leis an Ungáir C(2023)8999,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 de bhun Airteagal 7(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, maidir le fógra i scríbhinn ón Ungáir maidir le hAirteagal 2(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 (C(2024)9140),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bharúlacha mhisin aimsithe fíoras a Choiste um Rialú Buiséadach chuig an Ungáir ón 15 go dtí an 17 Bealtaine 2023 agus chuig an tSlóvaic ón 26 go dtí an 28 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 2 Aibreán 2025 dar teideal ‘An dearcadh áitiúil agus réigiúnach i gcur chun feidhme an Smachta Reachta san Aontas Eorpach’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/3169, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3169/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Aibreán 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">The economic dimension of the Rule of Law</STRING> [An ghné eacnamaíoch den Smacht Reachta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ar chur chun feidhme an rialacháin maidir le coinníollacht an smachta reachta a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh i mí Iúil 2025<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa: An Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, <STRING ITALIC="on">an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta – Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach</STRING>, Parlaimint na hEorpa, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2861/0161872.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar arna iarraidh ag a Choiste um Buiséid dar teideal <STRING ITALIC="on">The tools for protecting the EU budget from breaches of the rule of law: the Conditionality Regulation in context</STRING> [Na huirlisí chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar an smacht reachta: an Rialachán maidir le Coinníollacht i gcomhthéacs]<FOOTNOTE><FIELD> Rubio, E. <STRING ITALIC="on">et al.</STRING>, <STRING ITALIC="on">The tools for protecting the EU budget from breaches of the rule of law: the Conditionality Regulation in context</STRING> [Na huirlisí chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar an smacht reachta: an Rialachán maidir le Coinníollacht i gcomhthéacs], Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, An Roinn Beartais um Ghnóthaí Buiséadacha, Aibreán 2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Rialú Buiséadach faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0240/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna na hurraime do dhínit an duine, ar an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE; de bhrí go léirítear na luachanna seo sna cearta bunúsacha atá leagtha amach sa Chairt, amhail comhionannas idir mná agus fir, neamh-idirdhealú, agus an ceart chun cómhargála agus chun caingne, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, agus atá leabaithe i gconarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine; de bhrí gurb ionann comhlíonadh na luachanna comhroinnte seo agus bunús na gceart atá ag daoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag geallsealbhóirí eile maidir leis an smacht reachta a chothú sa chleachtas iarbhír;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur bhunaigh CBAE, i rialuithe éagsúla, gur léiriú ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát iad cistí, cláir agus maoiniú uile an Aontais agus gur gá iad a bhunú ar mhuinín fhrithpháirteach, lena nglactar leis go bhfuil meas ar luachanna Airteagal 2 CAE, ar an gCairt agus ar phrionsabal an chomhair dhílis atá dearbhaithe in Airteagal 4(3) CAE; de bhrí gur dheimhnigh sí, thairis sin, go bhfuil gaol soiléir ann idir urraim don smacht reachta agus cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad an Aontais, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta airgeadais fónta agus chosaint leasanna airgeadais an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur féidir le haon riosca soiléir go ndéanfaidh Ballstát áirithe sárú tromchúiseach ar an smacht reachta difear a dhéanamh do chearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais i ngach Ballstát, don mhuinín, don dlúthpháirtíocht agus don chomhar dílis idir na Ballstáit, agus do phríomhéachtaí an Aontais, amhail saorghluaiseacht daoine, feidhmiú an mhargaidh aonair agus neamhspleáchas na meán;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go dtugann an Rialachán maidir le Coinníollacht cumhacht don Aontas bearta airgeadais comhréireacha a ghlacadh, ar bhealach tráthúil, chun a leasanna airgeadais a chosaint i gcás ina ndéanfadh sáruithe ar an smacht reachta i mBallstát difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais, nó ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaidís difear don bhainistíocht sin; de bhrí gur glacadh an rialachán mar chuid den phacáiste maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, tar éis caibidlíochtaí fada agus deacra idir na comhreachtóirí, go háirithe mar gheall ar iarrachtaí ag roinnt de na Ballstáit na caibidlíochtaí ar CAI a nascadh leis na caibidlíochtaí maidir leis an sásra coinníollachta maidir leis an smacht reachta; de bhrí go bhfuil sé ceangailteach ar na Ballstáit uile ó tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go gcomhlánaíonn an Rialachán maidir le Coinníollacht ionstraimí eile a chosnaíonn buiséad an Aontais in aghaidh rioscaí a eascraíonn as sáruithe ar an smacht reachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear leis an Rialachán maidir le Coinníollacht ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an smacht reachta i ngach Ballstát, ach gur moladh agus gur glacadh bearta go dtí seo faoin rialachán i gcás na hUngáire amháin; de bhrí gur iarradh faisnéis bhreise ar an bPolainn;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé tábhachtach leasanna dlisteanacha fhaighteoirí deiridh agus thairbhithe deiridh chistí AE a choimirciú; de bhrí go gceanglaítear ar na Ballstáit a ndéanann cinneadh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht difear dóibh tuairisciú ar a mhéid a chomhlíonann siad a n-oibleagáidí i leith faighteoirí agus tairbhithe deiridh;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur eisigh an Coimisiún treoirlínte chun cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht a shoiléiriú; de bhrí gur mheas an Pharlaimint go raibh téacs an rialacháin soiléir agus nach raibh gá le haon léirmhíniú breise chun é a chur i bhfeidhm;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil ceangal dlíthiúil ar an gCoimisiún an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoina chuid fógraí do Bhallstát ina measann sé go bhféadfadh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a bheith ann agus faoi aon bhearta arna moladh, arna nglacadh agus arna mbaint i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Coinníollacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur eisigh an Coimisiún tuarascáil i mí Eanáir 2024, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán maidir le Coinníollacht, chun breithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta; de bhrí gur dheimhnigh anailís an Choimisiúin ar an aon chás amháin atá ar fáil éifeachtacht na mbeart cosanta a glacadh agus a n-acmhainneacht amach anseo, ach gur chinn an Coimisiún go raibh sé ró-luath teacht ar chonclúidí cinntitheacha, agus go gcuirfeadh cleachtas cáis níos fairsinge ar a chumas feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh a shainaithint ar bhealach níos fearr;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, i mí na Nollag 2024, den chéad uair, gur cailleadh gealltanais bhuiséadacha a cuireadh ar fionraí mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht don Bhallstát dá ndéantar difear i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den rialachán, toisc nár leigheas an Ballstát, faoin spriocdháta ba ghá, na heasnaimh a sainaithníodh ar dtús;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, an 16 Iúil 2025, gur fhoilsigh an Coimisiún a thogra le haghaidh CAI do 2028-2034<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">A dynamic EU Budget for the priorities of the future - The Multiannual Financial Framework 2028-2034</STRING> [Buiséad dinimiciúil an Aontais do thosaíochtaí na todhchaí - Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034] (COM(2025)0570),</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil idirghníomhú soiléir idir gnéithe an smachta reachta a áirítear sa togra maidir le pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí (pleananna CNR)<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, um thalmhaíocht agus ceantair thuaithe, um iascach agus gnóthaí muirí, um rathúnas agus um shlándáil don tréimhse 2028-2034 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 agus Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (COM(2025)0565).</FIELD></FOOTNOTE> agus an sásra coinníollachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gurb é cuspóir na tuarascála seo scrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Coinníollacht, lena n-áirítear freisin an t-idirghníomhú le hionstraimí eile de chuid an Aontais, i gcomhréir le ról na Parlaiminte mar a leagtar síos sa rialachán, trí aird a tharraingt ar na buntáistí agus na heasnaimh a bhaineann lena chur i bhfeidhm, agus trí mholtaí a eisiúint maidir lena chur chun feidhme amach anseo;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tabhairt isteach an chórais choinníollachta agus an comhthéacs dlíthiúil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an smacht reachta ar cheann de luachanna bunaidh an Aontais agus gur réamhriachtanas bunriachtanach é urraim don smacht reachta do bhainistíocht fhónta airgeadais agus úsáid éifeachtach chistiú an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil sé sin ríthábhachtach chun muinín na saoránach as an Aontas a chosaint agus chun a áirithiú go soláthróidh cistí an Aontais tairbhí nithiúla ar fud na mBallstát uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur colún lárnach é glacadh an Rialacháin maidir le Coinníollacht in 2020 chun buiséad an Aontais a chosaint ar rioscaí a eascraíonn as sáruithe ar an smacht reachta, a bhfuil feidhm aige ar fud an bhuiséid iomláin agus lena gceadaítear bearta éagsúla a chur i bhfeidhm go carnach; á chur i bhfáth gur cheart go n-urramófaí prionsabal na comhréireachta le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil teorainn ama leis an rialachán agus, dá bhrí sin, go bhfuil feidhm aige maidir le hionstraimí maoinithe reatha agus amach anseo de chuid bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire, áfach, nach leor fós a chur chun feidhme praiticiúil agus á iarraidh go ndéanfaí feabhsuithe nithiúla chun a éifeachtacht iomlán a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dearbhú ó CBAE gur oibleagáid leanúnach de chuid na mBallstát uile í an urraim do na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE agus gur réamhchoinníoll í chun leas a bhaint as na cearta agus na sochair uile a eascraíonn as ballraíocht san Aontas Eorpach, lena n-áirítear rochtain ar chistí an Aontais Eorpaigh; á threorú don Choimisiún an reachtaíocht is infheidhme a fhorfheidhmiú ina hiomláine, lena léirítear dearbhú CBAE, agus an pointe sin a thabhairt chun suntais i ngach cumarsáid ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth nár cheart an Rialachán maidir le Coinníollacht agus aon bhearta eile atá ar fáil chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar an smacht reachta a mheas mar ionadaithe ar na sásraí atá bunaithe ar na Conarthaí chun na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a choimirciú; á mheabhrú go bhfuil fionraí na gceart vótála faoi Airteagal 7(2) CAE fós ina rogha i gcásanna sáruithe leanúnacha agus tromchúiseacha ar an smacht reachta; ag tabhairt dá haire go mbíonn deacrachtaí ag saoránaigh tuiscint a fháil ar an bhfáth a leanann na Ballstáit a sháraíonn an smacht reachta go leanúnach de chearta vótála a bheith acu, rud a fhágann go bhfuil an baol ann go gcaillfear muinín i luachanna agus i bpróisis chinnteoireachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil forbairt mhór tagtha ar ‘bhosca uirlisí an smachta reachta’ de chuid an Choimisiúin le deich mbliana anuas, agus ionstraimí iomadúla á gcur san áireamh chun an smacht reachta a chosaint, lena n-áirítear an tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta lena gcumhdaítear gach ceann de na 27 mBallstát, an coinníoll cumasúcháin cothrománach maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na Cairte a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna, agus na ‘sár-gharspriocanna’ a bhaineann leis an smacht reachta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth gur de chineál buiséadach atá an córas coinníollachta, toisc go bhfuil sé mar aidhm leis bainistíocht fhónta airgeadais chistí an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus nach bhfuil feidhm aige ach amháin i gcás ina ndéanann sárú ar an smacht reachta difear do bhuiséad an Aontais nó ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfadh sé difear dó; á chur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé difriúil ó nós imeachta Airteagal 7 CAE, lena ngearrtar pionós i gcás sáruithe tromchúiseacha agus leanúnacha ar na luachanna a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, gan beann ar aon impleacht bhuiséadach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur uirlisí comhlántacha iad gníomhaíochtaí sáraithe faoi Airteagal 258 CFAE agus Airteagal 6 den Rialachán Airgeadais i gcás sáruithe sistéamacha ar luachanna Airteagal 2 CAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag moladh breithiúnais CBAE an 16 Feabhra 2022 i gCásanna C-156/21 agus C-157/21, inar dhiúltaigh sí go hiomlán do na caingne a rinne an Ungáir agus an Pholainn chun an Rialachán maidir le Coinníollacht a neamhniú agus inar dhearbhaigh sí go haonchiallach bailíocht, bunús dlí agus comhoiriúnacht an rialacháin leis an gConradh, chomh maith le hinniúlacht an Aontais maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú nach n-áirítear sa Rialachán maidir le Coinníollacht sainmhíniú ar ‘smacht reachta’ agus nach sainítear ann go huileghabhálach cásanna ar sáruithe ar an smacht reachta iad ná nach dtugtar aghaidh ann ar chúlú ar an smacht reachta; á chur i bhfios go sainítear rialacha maidir le rochtain a fháil ar chistí i reachtaíocht shonrach agus go gcinneann CBAE go ndearnadh an coincheap a fhorbairt go leordhóthanach i gcásdlí agus i dtraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát, rud a chuireann teorainn le lánrogha an Choimisiúin ina mheasúnuithe; ag diúltú, dá bhrí sin, d’aon mhaíomh maidir le héiginnteacht dhlíthiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún srianta ar an spás sibhialta agus ionsaithe ar a ghníomhaithe chomh maith le hionsaithe ar iolrachas na meán a áireamh go córasach mar tháscairí riosca, nuair is ábhartha go díreach do chosaint bhuiséad an Aontais nó dá leasanna airgeadais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht agus na saincheisteanna a sainaithníodh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Raon feidhme agus céimeanna cur chun feidhme</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an Rialachán maidir le Coinníollacht infheidhme maidir le gach Ballstát, ós rud é go ndéanann an Coimisiún measúnú, i gcás na mBallstát uile, ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha chun bearta a leagtar amach in Airteagal 4 a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt céimeanna i gceist leis an nós imeachta sula nglacfar bearta, lena n-áirítear fógra i scríbhinn ón gCoimisiún chuig an mBallstát lena mbaineann, malartú faisnéise, gealltanais a d’fhéadfadh a bheith ann ón mBallstát lena mbaineann bearta feabhais a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an staid, barúlacha ón mBallstát agus, i gcás inar gá, togra ón gCoimisiún le haghaidh beart, ar a gcinnfidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe laistigh de theorainn dhocht ama;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur sonrú sna soiléirithe breise ar an bpróiseas arna sholáthar ag an gCoimisiún i dTreoirlínte 2022 ar an Rialachán maidir le Coinníollacht, agus an t-athbhreithniú ar a chur i bhfeidhm praiticiúil i dtuarascáil iarratais 2024 an Choimisiúin; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur glacadh na treoirlínte breis agus bliain tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin, agus gur chuir sé seo le moill <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> ar a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach ndearna an Coimisiún Airteagal 6(1) a ghníomhachtú láithreach, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht an 1 Eanáir 2021, mar fhreagairt ar sháruithe tromchúiseacha leanúnacha ar phrionsabail an smachta reachta i roinnt Ballstát, rud a chuir riosca tromchúiseach ar leasanna airgeadais an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras, i mí Dheireadh Fómhair 2021, tar éis iarrataí arís agus arís eile ar an gCoimisiún gníomhú, gur sheol an Pharlaimint caingean i gcoinne an Choimisiúin os comhair CBAE i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE mar gheall ar a mainneachtain gníomhú agus an rialachán a chur i bhfeidhm; á chur i bhfáth go bhfuil freagairtí tráthúla ón gCoimisiún, bunaithe ar amlínte inmheánacha soiléire, bunriachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Tuairisciú ar sháruithe ar an smacht reachta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire go dtugtar sáruithe féideartha ar an smacht reachta faoi bhráid an Choimisiúin trí bhonn leathan fianaise, lena n-áirítear tuarascálacha ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), ó CIE agus ó Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le haighneachtaí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó ghnólachtaí agus ó sceithirí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go dtabharfadh an Coimisiún mínithe soiléire ar an gcaoi a gcuirtear an fhianaise sin san áireamh ina chinntí; á iarraidh go mbeadh cistiú cuí ann do chomhlachtaí amhail OIPE, OLAF, Europol agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), chun a chur ar a gcumas imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar sháruithe ar an smacht reachta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur oth go mór léi an easpa trédhearcachta mheasúnuithe an Choimisiúin nach n-eascraíonn moladh beart astu, nó as a n-eascraíonn rogha ionstraime eile; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá maímh a bhfuil údar polaitiúil leo nó nach bhfuil bunús leo a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt dá haire nár bhain ach líon an-teoranta páirtithe leasmhara úsáid as foirm ghearáin chaighdeánach an Choimisiúin atá i gceangal le Treoirlínte 2022 go dtí seo; á mholadh go nglacfadh an Coimisiún le gearáin in aon fhoirm scríofa; á iarraidh, thairis sin, go mbunófaí tairseach tuairiscithe rúnda agus soláimhsithe, lena gcosnófaí céannacht sceithirí agus lena n-áiritheofaí a gcosaint ar fhrithbheart agus ar shéanadh mí-úsáideach, trínar féidir le geallsealbhóirí neamhchomhlíonadh a chur in iúl, agus ar an gcaoi sin gníomhaíocht mhear feabhais a chumasú; á chur i bhfáth nach mór na huirlisí sin a bheith inrochtana, trédhearcach, ar fáil i dteangacha éagsúla agus nach mór muinín a bheith ag geallsealbhóirí astu chun a n-éifeachtacht a uasmhéadú agus chun a áirithiú go gcuirfear an fhianaise a fhaightear san áireamh go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin fionnachtana imníocha i ndiaidh a chéile i dtuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta, chomh maith le torthaí OLAF, a cuireadh ar fáil go poiblí i dtuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir le leasanna airgeadais AE a chosaint, agus torthaí OIPE, ina léirítear rioscaí buiséadacha i roinnt Ballstát, nach bhfuil ach dhá fhógra foirmiúla seolta agus nach bhfuil bearta socraithe ach i gcás amháin faoin Rialachán maidir le Coinníollacht; á chur i bhfios go láidir go mbaineann an bhearna idir torthaí agus forfheidhmiú an bonn ó inchreidteacht an rialacháin agus go lagaíonn sí a fheidhm choisctheach maidir le leasanna airgeadais AE a chosaint; ag meabhrú rabhadh CIE gur minic a bhíonn cinntí maidir le cistí a bhlocáil nó a scaoileadh, a éilíonn tromlach cáilithe sa Chomhairle, fite fuaite le caibidlíocht ardleibhéil neamhghaolmhar a éilíonn aontoilíocht; á chur i bhfios go láidir nach mór cinntí a bheith bunaithe ar thorthaí teicniúla agus dlíthiúla agus nach féidir iad a chur faoi réir margáil faoin mbagairt go gcuirfí bac ar chinntí a éilíonn aontoilíocht sa Chomhairle;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Measúnú agus gníomhachtú an sásra coinníollachta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá an Rialachán maidir le Coinníollacht a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát uile; ag tathant ar an gCoimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, ar an gComhairle, gníomhú go pras agus le trédhearcacht iomlán má tá nasc bunaithe idir sáruithe ar an smacht reachta nó rioscaí tromchúiseacha ina leith agus rioscaí do bhuiséad an Aontais agus mura ngníomhaíonn an Ballstát lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar an staid go héifeachtach agus go hinbhuanaithe ar bhealach tráthúil; á áitiú nach mór idirphlé fada neamhfhoirmiúil a chur in ionad gníomhaíocht chinntitheach, agus nach mór diúltú go daingean do dhúsháinn pholaitiúil nó dúmhál, a úsáidtear chun bac a chur ar chinnteoireacht AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á athdhearbhú nár cheart, in imthosca ar bith, breathnú ar an smacht reachta mar shlis mhargála; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart an uirlis a úsáid mar rogha dheiridh amháin, ós rud é go gceadaítear leis an Rialachán maidir le Coinníollacht fionraí páirteacha ag céim luath freisin, eadhon a luaithe a shainaithnítear sáruithe ar an smacht reachta a d’fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do bhuiséad an Aontais; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún úsáid iomlán agus thráthúil a bhaint as an ionstraim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do mheasúnuithe an Choimisiúin a bheith neamhchlaonta agus cóir, go gcuirfidh siad san áireamh na fíorais uile atá ar fáil, agus go n-urramóidh siad prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus an chomhionannais idir na Ballstáit i bhfianaise na gConarthaí; á chur i bhfios go láidir nach mór rogha agus scála na mbeart cosanta buiséid prionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5 den Rialachán maidir le Coinníollacht a urramú, agus tromchúis, fad agus atarlú an tsáraithe, comhar an Bhallstáit lena mbaineann agus an riosca airgeadais nithiúil á gcur san áireamh, chomh maith leis an tionchar ar fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh dlisteanacha, go háirithe faighteoirí agus tairbhithe beaga; á iarraidh ar an gCoimisiún an modheolaíocht scórála riosca chainníochtúil atá á cur i bhfeidhm aige cheana féin go hinmheánach a fhoilsiú, mar a mholann CIE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór don Choimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, gníomhú le neamhchlaontacht iomlán, gan beann ar threoshuíomh polaitiúil na rialtas náisiúnta, agus smachtbhannaí a fhorchur ar bhealach cothrom ar aon sárú ar an smacht reachta a chruthaíonn riosca do bhuiséad AE agus do luachanna AE, chun an dearcadh go ndírítear go roghnaitheach ar Bhallstáit áirithe a sheachaint; á mheabhrú nach féidir ach le forfheidhmiú neamhchlaonta den sórt sin creidiúnacht agus dlisteanacht an chórais coinníollachta a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á aithint go bhfágann roinnt gnéithe den Rialachán maidir le Coinníollacht, go háirithe an ceanglas nasc sách díreach a léiriú idir sáruithe ar an smacht reachta agus riosca tromchúiseach go mbeidh éifeacht dhíobhálach ar bhuiséad an Aontais, go bhfuil sé deacair an sásra a ghníomhachtú; á áitiú, ag an am céanna, nár cheart na ceanglais sin a úsáid mar údar gan an sásra a ghníomhachtú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cúlú agus aisiompú bearta feabhais</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chinn an Chomhairle 55 % de na gealltanais bhuiséadacha a chur ar fionraí le haghaidh trí chlár oibríochtúla faoin mbeartas comhtháthaithe don Ungáir agus toirmeasc a chur ar am gCoimisiún gealltanais dhlíthiúla nua a dhéanamh le hiontaobhais leasa phoiblí agus le heintitis a choinníonn siad ar bun le haghaidh cistiú ón Aontas arna chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach; ag tarraingt aird ar an anailís dhlíthiúil<FOOTNOTE><FIELD> Sheppele, K. L. <STRING ITALIC="on">et al.</STRING>, <STRING ITALIC="on">Freezing all EU funds to Hungary: A legal analysis of why a 100 % suspension is “proportionate” and “appropriate” under Regulation 2020/2092 on a general regime of conditionality for the protection of the Union budget</STRING> [Cistí uile an Aontais don Ungáir a reo: Anailís dhlíthiúil ar an gcúis go bhfuil fionraí 100 % ‘comhréireach’ agus ‘iomchuí’ faoi Rialachán 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint], Bealtaine 2022.</FIELD></FOOTNOTE> lena léirítear gur cheart cion i bhfad níos airde de chistiú AE a chur ar fionraí mar thoradh ar chineál sistéamach agus leanúnach na sáruithe ar an smacht reachta ag Rialtas na hUngáire, chun buiséad AE a chosaint i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta; ag tabhairt dá haire nach leagtar síos leis an Rialachán maidir le Coinníollacht aon teorainneacha ar chion na ngealltanas a d’fhéadfaí a chur ar fionraí, agus á mheas go bhféadfaí suas le 100 % den chistiú a chur ar fionraí; ag tabhairt dá haire, ó glacadh bearta i mí na Nollag 2022, go ndearna an Coimisiún athmheasúnú, i mí na Nollag 2023 agus arís i mí na Nollag 2024, ar na sáruithe a sainaithníodh agus ar staid na himeartha maidir le bearta feabhais, tar éis fógra ó Rialtas na hUngáire i ndáil le sáruithe a bhaineann le hiontaobhais leasa phoiblí a leigheas; á chur i bhfáth gur thángthas ar an gconclúid sa dá mheasúnú ón gCoimisiún nár comhlíonadh na ceanglais is gá; ag tabhairt dá haire nár áiríodh i measúnuithe an Choimisiúin sáruithe breise ar an smacht reachta ná rioscaí tromchúiseacha ina leith a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó a bhfuil an baol ann go ndéanfaidís difear dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún athmheasúnú práinneach a dhéanamh ar chúlú an smachta reachta agus aghaidh a thabhairt air, go háirithe maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna, trí bhearta breise a mholadh nó trí bhearta reatha a thabhairt cothrom le dáta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth nár cheart cistí AE a cuireadh ar fionraí faoin Rialachán maidir le Coinníollacht a scaoileadh go dtí go ndéanfar an staid ba chúis le glacadh na mbeart a leigheas ina hiomláine, agus na forbairtí uile i staid na tíre ón uair a rinneadh an cinneadh bunaidh maidir leis na bearta go dtí an tráth a cinneadh deireadh a chur leis na bearta á gcur san áireamh go hiomlán; ag aontú leis an rabhadh ó CIE nár cheart ‘cleachtas tic a chur sa bhosca’ a dhéanamh den chóras coinníollachta, ina gcomhlíonann Ballstát ceanglais ar bhealach foirmiúil amháin, ach nach mór feabhsuithe nithiúla sa tír a bheith ag gabháil leis; á iarraidh ar an gCoimisiún a dheimhniú go mbaintear comhlíonadh an smachta reachta amach go hinfhíoraithe sa chleachtas, le tagarmharcanna oibiachtúla agus seiceálacha ar an láthair, agus tuairisc a thabhairt ar a thorthaí sula ndéanfaidh sé aon tograí chun deireadh a chur le bearta a glacadh; á mheas gur cheart don Choimisiún iniúchtaí <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> a dhéanamh freisin chun cúlú a chosc tar éis deireadh a bheith curtha leis na bearta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheabhrú gur thug sí rabhadh, chomh luath le Meitheamh 2023, i gcoinne na rioscaí go n-aisiompófaí gníomhaíochtaí ceartaitheacha a luaithe a chuirfí smachtbhannaí airgeadais ar ceal<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2023 maidir le sáruithe ar an Smacht Reachta agus ar chearta bunúsacha san Ungáir agus cistí reoite an Aontais (IO C, C/2023/1223, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1223/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, teagmhas nach bhfuil cumhdaithe go sainráite ag an Rialachán maidir le Coinníollacht ná ag Treoirlínte 2022; á thabhairt chun suntais go bhfuil an riosca seo sainaitheanta ag CIE freisin; ag iarraidh ar an gCoimisiún cistí an Aontais a chur ar fionraí an athuair go pras, agus, i gcás inarb iomchuí, iad a aisghabháil, má dhéantar gníomhaíochtaí ceartaitheacha a aisiompú ina dhiaidh sin; ag dréim leis go dtabharfar fógra láithreach dóibh faoi ghníomhaíochtaí den sórt sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, a luaithe a chuirfear deireadh leis na bearta, gur cheart cur chun feidhme iomlán na gclár, lena n-áirítear gealltanas agus eisíocaíocht cistí, a atosú go pras; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go n-oibreodh an Coimisiún go dlúth leis na húdaráis náisiúnta chun riaráistí a chosc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Naisc idir an córas coinníollachta agus ionstraimí eile i mbosca uirlisí an smachta reachta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mheabhrú go gcomhlánaíonn an Rialachán maidir le Coinníollacht go sainráite na huirlisí cosanta buiséid atá ann cheana agus go bhfuil sé le cur i bhfeidhm ‘i gcás nach gceadófaí le nósanna imeachta eile a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí’; á chur in iúl gur oth léi léirmhíniú an Choimisiúin, bunaithe ar an bhfoclaíocht seo, gur cheart an ionstraim a úsáid mar rogha dheiridh amháin; á mheabhrú, agus é ina chúis mhór imní di, nár úsáideadh na bearta eile atá ar fáil go córasach san am a chuaigh thart; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil faireachán ar an smacht reachta sa Choimisiún roinnte idir seirbhísí éagsúla, rud a fhágann go mbíonn gníomhaíocht neamhréireach, neamh-thrédhearcach agus mhoillithe ann uaireanta ; á chur in iúl gur saoth léi go ndealraíonn sé go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún freagrachtaí a roinnt tuilleadh, ós rud é go gcuirfear de chúram ar aonaid éagsúla laistigh dá Ard-Stiúrthóireacht um an mBuiséad measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Coinníollacht agus ar na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí atá beartaithe faoin CAI nua; á cháineadh go bhfuil struchtúir chasta chomhordúcháin mar thoradh ar dheighilt na bhfreagrachtaí sin agus go bhfuil rioscaí ag baint léi do chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheas nach bhfuil sé soiléir conas a idirghníomhaíonn an Rialachán maidir le Coinníollacht le hionstraimí eile ón mbosca uirlisí maidir leis an smacht reachta sa chleachtas, go háirithe an coinníoll cumasúcháin cothrománach maidir leis an gCairt faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus na sár-gharspriocanna a bhaineann leis an smacht reachta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach raibh CIE i gcónaí in ann na cúiseanna a bhí le rogha an Choimisiúin uirlis amháin maidir leis an smacht reachta a fhíorú thar uirlis eile; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbaineann an easpa trédhearcachta sin an bonn ó mhuinín as cur i bhfeidhm neamhchlaonta an Rialacháin maidir le Coinníollacht; á chur in iúl gur oth léi gur mheas an Coimisiún i mí na Nollag 2023 go raibh an coinníoll cumasúcháin cothrománach maidir le neamhspleáchas breithiúnach comhlíonta ag an Ungáir, agus na bearta a forchuireadh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht á gcoimeád ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir go gcuireann an easpa comhtháthaithe seo bac ar an ngrinnscrúdú daonlathach ar chur i bhfeidhm na n-ionstraimí; á mheabhrú go ndearna an Pharlaimint caingean dlí i gcoinne an Choimisiúin os comhair CBAE i mí an Mhárta 2024 chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh sin ón gCoimisiún, chomh maith le deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do chur chun feidhme shásra an smachta reachta, agus go bhfuil rialú CBAE fós ar feitheamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sineirgí idir uirlisí éagsúla an smachta reachta a chothabháil agus a fheabhsú tuilleadh; á chur i bhfáth gur gá déileáil leis na bearta a bhaineann leis an smacht reachta atá riachtanach chun cistiú an Aontais a scaoileadh, mar a shainmhínítear iad sna cinntí ábhartha a glacadh faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna, faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, mar phacáiste aonair, comhtháite, agus nár cheart aon íocaíocht a dhéanamh, fiú má dhéantar dul chun cinn i réimse amháin nó níos mó, má tá easnaimh fós ann i réimse eile; á áitiú gur cheart aon chúlú i gcoibhneas leis an staid a spreag na bearta sin a chur san áireamh freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go dtabharfadh ath-leithdháileadh nó athdháileadh leithreasuithe reoite ar chláir nó ar chuspóirí eile le fios do rialtais nach raibh ag comhlíonadh luachanna an Aontais agus a n-oibleagáidí leasanna airgeadais an Aontais a chosaint gur féidir caillteanais a fhritháireamh in áiteanna eile; á chreidiúint go gcuireann spiorad an Rialacháin maidir le Coinníollacht cosc ar aon aistriú den sórt sin agus, dá bhrí sin, ag tathant ar an gCoimisiún diúltú d’aon iarrataí ar aistriú chuig cláir nó tosaíochtaí eile faoin gclár céanna as a dtiocfadh imchéimniú ar bhearta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht; á iarraidh ar an gCoimisiún téacs iomlán aon iarrata den sórt sin ar aistriú a chur faoi bhráid na Parlaiminte ionas gur féidir grinnscrúdú daonlathach a dhéanamh roimh chinneadh an Choimisiúin, seachas ina dhiaidh; á chreidiúint nár cheart cistí a cuireadh ar fionraí i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Coinníollacht nó mar gheall ar neamhchomhlíonadh coinníollacha cumasúcháin cothrománacha a bheith incháilithe le haghaidh leasuithe nó aistrithe cláir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Grinnscrúdú daonlathach agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtugtar de chumhacht don Chomhairle leis an Rialachán maidir le Coinníollacht an togra ón gCoimisiún a leasú trí thromlach cáilithe sula nglacfar bearta, ach go bhfuil ról na Parlaiminte teoranta d’fhaisnéis <STRING ITALIC="on">ex post</STRING>, rud a fhágann nach bhfuil tionchar tábhachtach aici, mar bhrainse amháin d’údarás buiséadach an Aontais agus d’údarás um urscaoileadh an Aontais, ar chinntí atá ríthábhachtach chun buiséad an Aontais a chosaint; ag tabhairt dá haire, sa chás amháin a raibh ar an gComhairle cinneadh a dhéanamh ina leith, gur roghnaigh sí an togra ón gCoimisiún a mhodhnú trí mhéideanna an chistithe a bhí le cur ar fionraí a laghdú, gan aon údar a bheith leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfáth go léirítear i suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh in earrach 2025 tacaíocht phoiblí ollmhór chun soláthar chistí an Aontais a dhéanamh coinníollach ar chomhlíonadh an smachta reachta agus na bprionsabal daonlathach, agus 85 % de na freagróirí i bhfabhar an chur chuige sin; á chur i bhfios go láidir nach mór d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, mar ionadaithe atá tofa go díreach ag saoránaigh an Aontais, an t-éileamh soiléir sin a urramú agus tacú go láidir leis an sásra coinníollachta mar uirlis bhunriachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint agus chun na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á athdhearbhú go dtugann sí aird an-chúramach ar a ról grinnscrúdaithe maidir le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Coinníollacht; á aithint gur chomhlíon an Coimisiún a oibleagáid dhlíthiúil chun an Pharlaimint a chur ar an eolas láithreach faoi aon bheart a mholtar, a glacadh nó a cuireadh ar ceal; á chur in iúl gur oth léi nár sholáthair an Coimisiún ach an fhaisnéis íosta, gan mionsonraí tábhachtacha ag gabháil léi, agus nár chomhroinn sé an doiciméadacht iomlán, fiú i ndiaidh don Pharlaimint í a iarraidh; á chur i bhfáth go bhfuil comhroinnt faisnéise thráthúil, chuimsitheach agus réamhghníomhach bunriachtanach chun go bhféadfaidh sí a freagrachtaí buiséadacha agus formhaoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach agus chun muinín na saoránach as institiúidí an Aontais agus as creidteacht an Aontais ina iomláine a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, nach bhfuil rochtain aici ar théacs iomlán na bhfógraí i scríbhinn ná an chomhfhreagrais idir seirbhísí an Choimisiúin agus an Ballstát lena mbaineann; á chur i bhfáth go mbaintear an bonn ó shainphribhléidí rialaithe bhuiséadaigh Conradhbhunaithe na Parlaiminte faoi Airteagal 14(1) CAE agus Airteagal 319 CFAE trí fhianaise den sórt sin a choinneáil siar; á chur in iúl gur saoth léi, thairis sin, go raibh uirthi litreacha nó rúin a úsáid arís agus arís eile chun faisnéis bhunúsach nós imeachta a fháil ón gCoimisiún agus nár cuireadh go leor doiciméad ar fáil ach amháin tar éis moilleanna suntasacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tugadh i gcrích an chaibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar an gCreat-Chomhaontú idir an Pharlaimint agus an Coimisiún, ina ngeallann an Coimisiún comhar idirinstitiúideach in ábhair bhuiséadacha a neartú tuilleadh; á mheabhrú gur cheart go mbeadh an Pharlaimint ar comhchéim leis an gComhairle i ngach ábhar a bhaineann le comhroinnt faisnéise; á áitiú go dtabharfaí rochtain chórasach, thráthúil, struchtúrtha agus shlán di ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht uile is gá chun go bhféadfaidh sí agus a coistí a ról grinnscrúdaithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear fógra i scríbhinn chuig an mBallstát a ndéanann fionraí fhéideartha cistí difear dó, aon iarraidh ar fhaisnéis bhreise, an comhfhreagras idir seirbhísí an Choimisiúin agus an Ballstát lena mbaineann, agus na tuarascálacha arna dtíolacadh faoi Airteagal 5(2) den Rialachán maidir le Coinníollacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún teacht ar chomhaontú maidir le bealach cumarsáide slán chun a áirithiú gur féidir le comhlachtaí ábhartha na Parlaiminte rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin, agus rúndacht á cosaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar aghaidh ar na sáruithe sonracha ar an smacht reachta a sainaithníodh, ar an modheolaíocht anailíse riosca ná ar bhreithnithe comhréireachta san fhaisnéis a chuir an Coimisiún ar fáil go poiblí maidir lena thorthaí i gcásanna sonracha faoin Rialachán maidir le Coinníollacht; ag tabhairt dá haire gur bhain gníomhaithe antoisceacha leas as an easpa faisnéise seo chun bréagaisnéis a scaipeadh faoi bhunchúiseanna agus nósanna imeachta an Aontais, agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh sé sin tarlú arís amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cistiú leormhaith ón Aontas a ráthú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sa réimse sin, ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir leis an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha a choimirciú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cosaint faighteoirí agus tairbhithe deiridh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige láidir chun a áirithiú nach mbeidh faighteoirí agus tairbhithe deiridh faoi mhíbhuntáiste toisc go bhfuil cistí an Aontais atá ceaptha dá rialtas curtha ar fionraí mar gheall ar sháruithe ar an smacht reachta; ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún anailís ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar fhaighteoirí nó tairbhithe deiridh agus bearta á moladh aige; á chur i bhfáth go bhfuil an prionsabal sin i gcroílár an chuir chuige coinníollachta níos cliste; á mheabhrú, go háirithe, go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit atá faoi réir bearta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht leanúint de na gealltanais uile d’fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh na forálacha sin a fhorfheidhmiú go leordhóthanach sa chleachtas agus go bhfuil na coimircí a leagtar amach d’fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh fós teoiriciúil den chuid is mó, ós rud é go bhfuil na nósanna imeachta maidir le híocaíocht dhíreach cistí nó atreorú cistí anásta agus gur treallach an teagmháil le faighteoirí agus tairbhithe deiridh iarbhír agus ionchasacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá níos mó a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun feabhas a chur ar chosaint leasanna dlisteanacha na bhfaighteoirí agus tairbhithe deiridh, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus geallsealbhóirí eile, agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar chistiú ón Aontas, ós rud é nár cheart iad a bheith faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar na sáruithe arna ndéanamh ag rialtais láir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go bhfuil struchtúir olagarcacha chreachlathacha i roinnt Ballstát ag glacadh seilbh go córasach ar earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, amhail na meáin, teileachumarsáid, baincéireacht, miondíol, talmhaíocht, bia, cógaisíocht, tógáil agus teicneolaíocht, a d’fhéadfadh cosaint bhuiséad an Aontais a chur i mbaol, mar shampla nuair a dhéanann struchtúir den sórt sin iarratas ar chistiú ón Aontas; á chur i bhfios go láidir gur gá comhionannas deiseanna a ráthú do na hiarratasóirí uile a mhéid a bhaineann le rochtain a bheith acu ar chistiú ón Aontas agus ar shásraí gearán neamhchlaonta agus éifeachtacha araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfáth, mar gheall ar imeaglú agus bearta díoltais ar sceithirí agus iriseoirí iniúchta, go méadaítear an baol a bhaineann le héilliú sistéamach i roinnt Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún caitheamh leis na bearta díoltais sin mar thosca géaraitheacha agus measúnú á dhéanamh ar rioscaí buiséadacha faoin Rialachán maidir le Coinníollacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé caighdeáin agus moltaí Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le sciúradh airgid (CSA) a chosc agus a chomhrac a chomhtháthú go córasach sna measúnuithe a dhéantar faoin Rialachán maidir le Coinníollacht; á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí riosca CSA soiléire a fhorbairt do thionscadail arna maoiniú ag buiséad an Aontais, chun malartú faisnéise leis na haonaid náisiúnta um fhaisnéis airgeadais a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ceachtanna foghlamtha agus moltaí le haghaidh feabhsuithe amach anseo</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á mheas, agus taithí theoranta á cur san áireamh, gur uirlis éifeachtach é an córas coinníollachta go ginearálta chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar rioscaí nó ar rioscaí tromchúiseacha a eascraíonn as sáruithe ar an smacht reachta; á áitiú nach mór an córas a chur i bhfeidhm maidir le buiséad iomlán an Aontais, lena n-áirítear ionstraimí feidhmíochtbhunaithe, ionas nach bhfágfar aon chaiteachas de chuid an Aontais ar lár ó ghrinnscrúdú éifeachtach ar an smacht reachta; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirtear an Rialachán maidir le Coinníollacht i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le buiséad an Aontais, gan beann ar a shamhail mhaoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart feabhas a chur ar roinnt gnéithe de chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht, d’fhonn a éifeachtacht, a thrédhearcacht, agus a chomhordú agus a chomhsheasmhacht le hionstraimí eile i mbosca uirlisí an smachta reachta a fheabhsú, go háirithe uirlisí <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus a gcur i bhfeidhm comhpháirteach, más gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar Threoirlínte 2022 chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach níos dírí, ar an mbaol go ndéanfaí cistí a atreorú nó a ath-leithdháileadh, modheolaíocht céim ar chéim a fhoilsiú lena léireofar conas a dhéantar breithniú ar chomhréireacht, sainmhíniú a thabhairt ar cad is ‘nasc sách díreach’ ann idir sárú ar an smacht reachta agus riosca buiséadach, ceanglas a thabhairt isteach maidir le soiléireacht níos fearr idir sáruithe agus bearta arna nglacadh, lena n-áirítear trí chaighdeáin níos beaichte a leagan síos do na sáruithe sin, agus réitigh shoiléire agus céimeanna praiticiúla a chur ar fáil chun déileáil le cúlú a bhaineann leis na sáruithe a sainaithníodh, má tharlaíonn sé; á iarraidh, ina leith sin, go mbeadh geallsealbhóirí rannpháirteach níos luaithe agus ar bhealach níos trédhearcaí chun moilleanna a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún an nasc idir sáruithe agus bearta arna nglacadh a dhoiciméadú i ngach cáschomhad agus míniú gonta a fhoilsiú, i dteannta gach cinnidh, ar an gcaoi ar comhlíonadh an critéar maidir le ‘nasc sách díreach’, agus úsáid á baint as na táscairí a liostaítear sna treoirlínte athbhreithnithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, athbhreithniú a dhéanamh ar a léirmhíniú ar an Rialachán maidir le Coinníollacht mar ionstraim na rogha deiridh agus a bheith níos réamhghníomhaí i gcoitinne maidir le húsáid bosca uirlisí an smachta reachta i gcás ina bhfuil údar cuí leis, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagal 6(4), agus prionsabal na comhréireachta á urramú ag an am céanna; á chur in iúl gur oth léi gur cosúil go ndeimhnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an CAI nua an coincheap go n-úsáidtear an Rialachán maidir le Coinníollacht mar ‘rogha dheiridh’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú córasach a dhéanamh ar na hiarmhairtí díobhálacha d’fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh (ionchasacha), go háirithe faighteoirí agus tairbhithe deiridh beaga, lena n-áirítear ollscoileanna, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ina mheasúnú comhréireachta agus an anailís sin a léiriú sa sainchomhad a tharchuireann an Coimisiún chuig an bParlaimint faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Coinníollacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis a oibleagáid a chomhlíonadh go héifeachtach maidir le leasanna airgeadais dlisteanacha na bhfaighteoirí agus tairbhithe deiridh a chosaint, go háirithe iad siúd atá thíos le hiarmhairtí na n-easnamh sa smacht reachta, lena n-áirítear trí fhorálacha ábhartha an Rialacháin maidir le Coinníollacht a fhorfheidhmiú a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit íocaíochtaí a dhéanamh agus na cistí a úsáid ar bhealach neamh-idirdhealaitheach; á chur i bhfáth nár cheart go laghdófaí cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht a lagú le haon bheart a dhéantar chun a áirithiú gur féidir le faighteoirí agus tairbhithe deiridh dlisteanacha leanúint de rochtain a bheith acu ar chistiú ón Aontas; ag dréim leis go mbeidh sí rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún crostagairtí córasacha a dhéanamh idir imeachtaí um shárú agus bearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán Airgeadais agus scagadh coinníollachta atá ar feitheamh, ionas nach féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as nósanna imeachta aonair agus go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais, gan beann ar an ionstraim dlí a úsáidtear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chreidiúint gur cheart coimircí a bheith ag gabháil le bearta feabhais chun cásanna comhchosúla nó cúlú breise amach anseo a sheachaint, i gcás inarb ábhartha; á iarraidh go mbunófaí creat faireacháin agus tuairiscithe níos láidre, lena n-áirítear, más gá, sásra struchtúrtha agus córasach le haghaidh comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí neamhstáit, go háirithe maidir le stádas cur chun feidhme na mbeart feabhais sna Ballstáit atá faoi réir nósanna imeachta faoin gcóras ginearálta coinníollachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún bearta nithiúla chun na naisc idir na moltaí ina thuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta agus tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais a neartú, mar a leagtar amach i litreacha misin 2024 chuig na Coimisinéirí atá freagrach as an mbuiséad agus as an smacht reachta; á chur in iúl gur saoth léi nach sonraítear i dTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta, agus go háirithe ina moltaí, an chaoi a mbunaítear an nasc sin; á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí tírshonracha óna thuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta a aistriú ina ngarspriocanna nithiúla nach mór do na Ballstáit a bhaint amach go córasach agus, i gcás inarb iomchuí, a bheidh mar fhianaise chun údar a thabhairt le gníomhachtú an Rialacháin maidir le Coinníollacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an nasc idir bearta coisctheacha agus frithghníomhacha a fhorbairt tuilleadh agus, bunaithe ar thorthaí na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta, nósanna imeachta comhordaithe um shárú a sheoladh go pras; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú agus tuairisciú a dhéanamh sa tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do bhuiséad an Aontais a eascraíonn as easnaimh i gcórais an smachta reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta struchtúrtha bunaithe faoi láthair ar cheithre cholún, eadhon an córas ceartais, an creat in aghaidh an éillithe, iolrachas na meán agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin; á chur in iúl gur geal léi, tar éis iarrataí uaithi arís agus arís eile, go n-áirítear gné an mhargaidh aonair i dTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta chun aghaidh a thabhairt ar raon leathan sáruithe tromchúiseacha agus sistéamacha ar an smacht reachta a dhéanann difear do chuideachtaí agus d’oibrithe ar fud roinnt Ballstát; á chur i bhfáth go bhfuil córas ceartais feidhmiúil, creat láidir in aghaidh an éillithe, iolrachas na meán, srianta agus ceartúcháin leormhaithe agus margadh aonair feidhmiúil nasctha go dlúth leis an smacht reachta; ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart raon feidhme iomlán na luachanna in Airteagal 2 CAE a chumhdach sa tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta, ós rud é gur cheart iad sin a mheas le chéile, mar thacar luachanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chreidiúint gur cheart go ndéanfaí an sásra coinníollachta a ghníomhachtú mar thoradh ar sháruithe córasacha ar an smacht reachta, arna sainaithint faoi cholúin na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta, agus a bhfuil nasc sách díreach acu le cosaint bhuiséad an Aontais, go háirithe nuair a bhaineann na sáruithe le feidhmiú an chórais ceartais agus i gcásanna amhail sáruithe ar rialacha, ionramháil nó fabhraíocht i ndáil le glaonna ar thairiscintí agus iarratais a bhaineann le cistiú ón Aontas, mar aon le ciapadh riaracháin lena sáraítear cóir chomhionann na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, cuideachtaí nó faighteoirí agus tairbhithe deiridh eile, agus a rochtain ar chistí an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú gur féidir leis na geallsealbhóirí uile faisnéis faoi na sáruithe sin a chur ar fáil gan bhac, agus ar an gcaoi sin trédhearcacht agus cuntasacht a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á áitiú gur cheart don Choimisiún údar a thabhairt lena chinntí gan bearta a mholadh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht i gcás nach dtugtar aghaidh le fada ar mholtaí tírshonracha a bhaineann le buiséad an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á mheas gur cheart go n-áireofaí iarscríbhinn thiomnaithe maidir le comhar i ndáil leis an gcóras coinníollachta sa chomhaontú idirinstitiúideach maidir leis an smacht buiséadach<FOOTNOTE><FIELD> Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chreidiúint, ina leith sin, go mbeadh idirphlé rialta idir na trí institiúid ar staid na himeartha maidir le buiséad an Aontais a chosaint i dtaca leis an smacht reachta ina bhealach éifeachtach chun bosca uirlisí an smachta reachta a chomhordú ar bhealach níos fearr; á mheas gur cheart ról comhairleach foirmiúil a thabhairt don Pharlaimint sula dtíolacfaidh an Coimisiún aon togra faoi Airteagal 6(1) den Rialachán maidir le Coinníollacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á áitiú go ndéanfaí a sainphribhléidí grinnscrúdúcháin a choimirciú trína cumhachtú chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach an chórais choinníollachta, agus ar an gcaoi sin ionstraimiú polaitiúil nó easpa trédhearcachta a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú bliantúil comhdhlúite ar na cinntí uile a bhaineann le coinníollacht ar fud na gceannteideal buiséid a chur ar fáil di faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á iarraidh go mbeadh idirphlé struchtúrtha ráithiúil ann idir na Coimisinéirí freagracha agus coistí freagracha na Parlaiminte, chun sreabhadh faisnéise fíor-ama a ráthú agus formhaoirseacht dhaonlathach a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle a áirithiú go leanfaidh an próiseas de bheith bunaithe ar fhíorais agus de bheith oibiachtúil, agus go gcloífear chomh dlúth agus is féidir leis na tograí ón gCoimisiún; ag tathant ar an gComhairle, thairis sin, gan mír mhargáintíochta a dhéanamh den phróiseas as a dtiocfaidh glacadh beart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil cumarsáid shoiléir réamhghníomhach ríthábhachtach chun muinín as institiúidí an Aontais a neartú agus chun cur i gcoinne insintí pobalacha; á mheabhrú go bhforchuirtear leis an Rialachán maidir le Coinníollacht oibleagáid ar an gCoimisiún faisnéis agus treoir a chur ar fáil d’fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh trí shuíomh gréasáin nó tairseach idirlín, mar aon le huirlisí leormhaithe lena gcuirfear ar chumas faighteoirí nó tairbhithe deiridh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon sárú ar na hoibleagáidí sin a dhéanann difear díreach dóibh; á chur i bhfáth gur cheart, leis an suíomh gréasáin nó an tairseach sin, go gcuirfí ar chumas saoránach, faighteoirí agus tairbhithe deiridh, chomh maith le hoibreoirí eacnamaíocha, teacht ar na cinntí agus na measúnuithe ábhartha uile a dhéantar faoin sásra coinníollachta agus saolré iomlán na gcásanna coinníollachta a leanúint, ón tráth faoina dtugtar fógra go dtí go gcuirtear deireadh leis na bearta, chun trédhearcacht a fheabhsú agus mífhaisnéis a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, bileoga eolais a fhoilsiú maidir le gach beart a bheidh ann amach anseo faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, ina leagfar amach cineál agus measúnú na sáruithe, amlínte inmheánacha táscacha do gach céim den nós imeachta, an tionchar ar bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear méideanna a cuireadh ar fionraí, agus, i gcás inarb ábhartha, comhréireacht na mbeart atá beartaithe aige, ós rud é go bhfuil faisnéis shoiléir agus inrochtana bunriachtanach chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus chun a léiriú do shaoránaigh go ngníomhaíonn an tAontas go comhsheasmhach agus go cothrom agus aghaidh á tabhairt aige ar sháruithe ar an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis ábhartha in iúl do na faighteoirí agus tairbhithe deiridh lena mbaineann agus don phobal i gcoitinne, agus comhlíonadh rialacha rúndachta agus cosaint sonraí á n-áirithiú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, aghaidh a thabhairt go gníomhach ar bhréagaisnéis a bhaineann le cur i bhfeidhm an rialacháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á mheas, cé gurb é is aidhm don Rialachán maidir le Coinníollacht go príomha buiséad an Aontais a chosaint ar rioscaí a eascraíonn as sáruithe ar an smacht reachta, gur fiú féachaint ar conas buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos fearr ar sháruithe ar na luachanna eile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á mheabhrú nach bhfuil buiséad an Aontais neodrach ó thaobh sáruithe ar an daonlathas, ar an gcomhionannas agus ar chearta bunúsacha, a bhféadfadh impleachtaí airgeadais inláimhsithe a bheith acu; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb é Airteagal 6 den Rialachán Airgeadais an bunús dlí le haghaidh gníomhú i gcás na sáruithe sin; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht cur i bhfeidhm ionstraimí coinníollachta a leathnú i gcásanna sáruithe tromchúiseacha agus sistéamacha ar luachanna eile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar ilroinnt na bhfreagrachtaí maidir le bearta faireacháin agus forfheidhmiúcháin i ndáil leis an smacht reachta ar fud a sheirbhísí agus ar na rioscaí gaolmhara, trí inniúlachtaí agus freagrachtaí maidir le hábhair a bhaineann leis an smacht reachta a chuíchóiriú i struchtúr níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla, chun comhleanúnachas, comhsheasmhacht, trédhearcacht agus forfheidhmiú tráthúil a áirithiú, chomh maith le cumarsáid fheabhsaithe leis an bParlaimint agus leis na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a acmhainneacht imscrúdaitheach a neartú trí uainchlár buan de shaineolaithe speisialaithe a bhunú a bheidh in ann measúnú a dhéanamh ar sháruithe casta ar an smacht reachta, rud a áiritheoidh go ndéanfar cinntí níos prasa a bheidh láidir go teicniúil, agus córas TF a fhorbairt lena gcumasófar patrúin nó cosúlachtaí a bhrath i dtuarascálacha a fhaightear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag moladh don Choimisiún cur chuige níos réamhghníomhaí a ghlacadh maidir le gearáin a láimhseáil, agus a áirithiú go ndéanfar sceithirí a chosaint go leormhaith le nósanna imeachta gearán faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, go háirithe iad siúd atá i staideanna leochaileacha, a bhfuil rioscaí móra ann dóibh mar gheall ar sceithireacht, chun tuairisciú a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún buanchreat comhordúcháin a bhunú ina mbeidh gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha uile an Aontais rannpháirteach, chun a áirithiú go ndéanfar cásanna calaoise, sciúrtha airgid agus gníomhartha éillithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhrath go luath agus a imscrúdú go héifeachtach; á iarraidh go dtabharfaí tuarascálacha tréimhsiúla di maidir leis na bearta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go n-urramófar an smacht reachta agus aghaidh a thabhairt go pras ar na sáruithe uile a shainaithnítear, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun cosc a chur ar ghlacadh beart faoin Rialachán maidir le Coinníollacht; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí acmhainní leormhaithe a leithdháileadh ar na húdaráis náisiúnta, a bhfuil a gcuid oibre bunriachtanach chun a áirithiú go gcloífear leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á iarraidh ar CIE tuarascáil speisialta a thíolacadh ina ndéanfar measúnú ar chostéifeachtacht an Rialacháin maidir le Coinníollacht, agus an t-ualach riaracháin, an éifeacht dhíspreagthach agus cosaint faighteoirí agus tairbhithe deiridh á gcur san áireamh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An Rialachán maidir le Coinníollacht agus an chéad CAI eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">ag cur sonrú sna gnéithe a bhaineann leis an smacht reachta sa togra ón gCoimisiún maidir le CAI do 2028-2034, agus go háirithe coinníollacha cothrománacha maidir le hurraim do phrionsabail an smachta reachta agus don Chairt a áireamh sa togra ón gCoimisiún maidir le pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí; á aithint a thábhachtaí atá coimircí láidre chun a áirithiú go n-urramófar luachanna an Aontais le linn chur chun feidhme chistí an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, nach leor fós an togra ón gCoimisiún ar na cúiseanna seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>ní dhéantar simpliú suntasach ar bhosca uirlisí an smachta reachta leis ná ní dhéantar foráil ann maidir le comhordú ionstraimí éagsúla an smachta reachta, ach cruthaítear forluí agus neamhréireachtaí leis, a d’fhéadfadh córas ilroinnte ionstraimí comhthreomhara a chruthú,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>déantar foráil ann maidir le bearta a ghníomhachtú trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle i gcás sáruithe ar choinníoll cothrománach an smachta reachta, gan aon ról cinnteoireachta a bheith ag an bParlaimint sa nós imeachta,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>d’fhéadfadh cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle a bheith mar thoradh ar an nasc dá bhforáiltear idir coinníollacht an smachta reachta agus coinníollacht na Cairte, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos deacra an Chairt a chur i bhfeidhm,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>ní éilítear leis nasc sách díreach idir sárú ar an smacht reachta agus cosaint bhuiséad an Aontais, mar is amhlaidh i gcás an tsásra coinníollachta, rud is cúis bhuartha maidir le deimhneacht dhlíthiúil,</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>á chur in iúl go soiléir go leanann an Coimisiún den sásra coinníollachta a mheas mar ionstraim na rogha deiridh;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an forluí leis an sásra coinníollachta a tugadh isteach leis an togra ón gCoimisiún maidir le CAI do 2028-2034; á iarraidh go mbeadh creat aontaithe, comhleanúnach agus cuimsitheach ann do chláir chistiúcháin uile an Aontais faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, lena gcumhdófaí na coinníollacha cumasúcháin nach mór a chomhlíonadh chun rochtain a fháil ar chistiú ón Aontas agus bearta chun cistí a reo nó a choinneáil siar nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha a thuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí uile an smachta reachta a chomhdhlúthú i gcreat aonair ina mbeidh critéir cur i bhfeidhm atá soiléir, oibiachtúil agus trédhearcach agus ina leagfar amach conas a áiritheofar comhordú na n-uirlisí sin; á áitiú, mura n-áirithítear an comhdhlúthú sin faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair nó tríd an gcaibidlíocht maidir leis an gcéad CAI eile, gur cheart don Choimisiún leasuithe ar an Rialachán maidir le Coinníollacht a mholadh, lena gcuirfí an Pharlaimint agus an Chomhairle ar comhchéim freisin i gcur chun feidhme na reachtaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á aithint go molann an Coimisiún, i gcomhthéacs na bpleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí, go bhféadfaí cistiú arna shaoradh mar gheall ar easpa bearta feabhais mar fhreagairt ar shárú sainaitheanta ar an smacht reachta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht faoin Rialachán maidir le Coinníollacht a chur ar fáil arís le haghaidh cláir atá faoi bhainistiú díreach nó indíreach; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú ar an gcaoi a bhféadfaí na méideanna saortha sin a leithdháileadh ar chláir eile; á áitiú, faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, gur sainphribhléid de chuid an údaráis bhuiséadaigh é an cinneadh cistí saortha a úsáid agus nár cheart é a bheith faoi rogha an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór gach cinneadh chun an cistiú ón Aontas a chur ar fionraí ina iomláine nó i bpáirt a bheith bunaithe ar chritéir agus nósanna imeachta atá soiléir, oibiachtúil agus trédhearcach, seachas ar chaibidlíocht neamh-thrédhearcach lena mbaineann margáil; á iarraidh go gcoinneofaí siar cistí an Aontais mura gcomhlíontar ceanglais bhunriachtanacha agus nach scaoilfí cistí reoite ar na Ballstáit lena mbaineann go dtí go mbeidh athchóirithe fóinteacha curtha chun feidhme go hiomlán acu agus go léireofar go soiléir go bhfuil an smacht reachta á chomhlíonadh go héifeachtach acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, de réir na dtograí ón gCoimisiún, nach gceanglófaí ar aon institiúid ná comhlacht freagrach costais bhunúsacha na mbeart faoi na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí a fhíorú agus go mbeadh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais iarbhír ar an bpríomh-mhodh chun an buiséad a chur chun feidhme; ag tabhairt rabhaidh go gcuirfidh an cur chuige sin bac suntasach ar chumas an Choimisiúin iarmhairtí airgeadais na sáruithe ar an smacht reachta a chinneadh nó a thomhas; ag tabhairt rabhaidh, thairis sin, go mbainfeadh sé sin an bonn ó ról grinnscrúdaithe dhaonlathaigh Conradhbhunaithe na Parlaiminte, mar bhrainse amháin den údarás buiséadach agus mar údarás um urscaoileadh an Aontais, agus ó ról tábhachtach CIE; á mheas nach mór costéifeachtacht, inrianaitheacht agus trédhearcacht na sreafaí airgeadais ó na híocaíochtaí leis na faighteoirí deiridh, lena n-áirítear fochonraitheoirí, a ráthú trí chóras TF idir-inoibritheach, ós rud é gurb é sin an t-aon bhealach amháin chun tionchar buiséadach na sáruithe ar an smacht reachta a shainaithint agus a chainníochtú; á chur i bhfáth nach mór don Choimisiún cruinneas agus beachtas na faisnéise atá le comhroinnt leis an bParlaimint a fheabhsú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>