<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0344</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iascach an Aontais a dhícharbónú agus a nuachóiriú, agus trealamh iascaireachta a fhorbairt agus a úsáid</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0236/2025 -  Rapóirtéir: Ton Diepeveen)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2025 maidir le hiascach an Aontais a dhícharbónú agus a nuachóiriú, agus trealamh iascaireachta a fhorbairt agus a úsáid (2024/2123(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 3, 4, 9, 38, 174 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir an 25 Bealtaine 1980,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idir-rialtasach an 17 Márta 1958,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal<FOOTNOTE><FIELD> IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, maidir leis an gComhbheartas Iascaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla<FOOTNOTE><FIELD> IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 247, 13.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1139/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030<FOOTNOTE><FIELD> IO L 114, 12.4.2022, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/591/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha<FOOTNOTE><FIELD> IO L 234, 22.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1804/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar<FOOTNOTE><FIELD> IO L 234, 22.9.2023, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1805/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2842, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2842/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal <STRING ITALIC="on">The European Green Deal</STRING> [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún an 15 Eanáir 2020 uaithi maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">A new approach for a sustainable blue economy in the EU – Transforming the EU's Blue Economy for a Sustainable Future</STRING> [Cur chuige nua i ndáil le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas – Geilleagar Gorm an Aontais a chlaochlú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe] (COM(2021)0240),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2023 maidir le hAistriú Fuinnimh earnáil Iascaigh agus Dobharshaothraithe an Aontais (COM(2023)0100),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir ón gCoimisiún ó mhí na Samhna 2023 maidir le Deiseanna maoiniúcháin don Aistriú chuig Fuinneamh Glas d’Iascaigh agus do Dhobharshaothrú – Tacú leis an aistriú fuinnimh san iascach agus sa dobharshaothrú trí dheiseanna cistiúcháin an Aontais faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, NextGenerationEU agus ina dhiaidh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 21 Feabhra 2023 ón gCoimisiún dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascaigh inbhuanaithe athléimneacha’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 i dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le hIascairí amach anseo: Glúin nua lucht saothair a mhealladh i dtreo na hiascaireachta agus fostaíocht a chruthú i measc pobal cósta,<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 67.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 dar teideal I dtreo geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas: ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Eanáir 2023 ar staid an iascaigh ar mionscála san Aontas agus léargas ar an todhchaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 150.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le staid na himeartha i ndáil leis an gComhbheartas Iascaigh a chur chun feidhme agus ionchais don am atá le teacht<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5734, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5734/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ó 2022 dar teideal ‘Athbhreithniú 01/2022: Cánachas Fuinnimh, praghsáil carbóin agus fóirdheontais fuinnimh’ agus ó 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">Special Report 26/2020: Marine environment: EU protection is wide but not deep</STRING> [Tuarascáil Speisialta 26/2020: Muirthimpeallacht: Tá cosaint AE leathan ach níl sí domhain’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 25/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Beartas dobharshaothraithe an Aontais Eorpaigh – Táirgeadh marbhánta agus torthaí doiléire d’ainneoin cistiú méadaithe ón Aontas’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil óna hAonad um Réamhamharc Eolaíoch ó Mheitheamh 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">Decarbonising the fishing sector: Energy efficiency measures and alternative energy solutions for fishing vessels</STRING> [Dícharbónú na hearnála iascaireachta: Bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus réitigh fuinnimh mhalartacha do shoithí iascaireachta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí ó Chomhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir le haistriú fuinnimh earnáil iascaigh Mhuir Bhailt,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhairle ó Chomhairle Chomhairleach Uiscí an Iarthuaiscirt an 28 Samhain 2023 ar an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘maidir le hAistriú Fuinnimh earnáil Iascaigh agus Dobharshaothraithe an Aontais’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Sheirbhís Copernicus um an Athrú Aeráide agus ón Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta an 15 Aibreán 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">European State of the Climate 2024</STRING> [Staid Aeráide na hEorpa 2024],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Chomhairle Chomhairleach na Mara Thuaidh an 19 Bealtaine 2025 maidir leis an Meastóireacht ar an gComhbheartas Iascaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach an 2 Meitheamh 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">Scientific advice for amending the European Climate Law – Setting climate goals to strengthen EU strategic priorities</STRING> [Comhairle eolaíoch chun an Dlí Aeráide Eorpach a leasú – Spriocanna aeráide a leagan síos chun tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a neartú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A10-0236/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le haistriú uaillmhianach, cóir ó thaobh na socheacnamaíochta de, cuimsitheach agus inbhuanaithe in earnáil iascaigh AE chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, bunaithe ar chothromaíocht idir cosaint an chomhshaoil, ceartas sóisialta agus inmharthanacht eacnamaíoch, agus le tacaíocht ó infheistíocht phoiblí agus nuálaíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol araon agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár theachtaireacht 2019 ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go n-ionsúnn na haigéin thart ar 30 % d’astaíochtaí domhanda dé-ocsaíde carbóin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, sa chás is measa, go meastar go n-astaíonn cabhlach iascaireachta an Aontais 0,015 % d’astaíochtaí carbóin domhanda; de bhrí go bhfuil laghdú níos mó ná 52 % tagtha cheana féin ar astaíochtaí chabhlach an Aontais i gcomparáid le 1990;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur féidir an laghdú suntasach sin a mhíniú leis an laghdú ar chabhlach iascaireachta an Aontais, le feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh soithí agus le táirgeacht iascaireachta mhéadaithe; de bhrí, mar sin féin, go bhfuil ceanglais dícharbónaithe roimh earnáil an iascaigh a d’fhéadfadh costais dhíréireacha a fhorchur uirthi;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil táirgí fuinnimh a sholáthraítear lena n-úsáid mar bhreosla le haghaidh loingseoireachta laistigh d’uiscí AE, lena n-áirítear le haghaidh iascaireachta, díolmhaithe go hiomlán faoi láthair ó chánachas faoin Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin shuntasacha roimh earnáil iascaireachta AE a bhaineann leis an athrú aeráide, ó dhálaí drochaimsire níos measa ar muir go himirce stoc éisc mar gheall ar theochtaí farraige níos teo;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide práinneach agus riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim phláinéadach thriarach a dhéanann difear don aigéan agus chun tuilleadh éifeachtaí díobhálacha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar a chosc, chun a áirithiú gur fearr a bheidh na glúnta atá le teacht, lena n-áirítear na glúnta iascaireachta a bheidh ann amach anseo, in ann aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí dosheachanta an athraithe aeráide;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é bia mara an fhoinse próitéine ainmhíche is sláintiúla ar fud an domhain, leis an lorg carbóin is ísle, ach go bhfuil AE fós ag brath ar allmhairí le haghaidh os cionn 70 % dá thomhaltas bia mara;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn an t-aistriú chuig breoslaí malartacha agus chuig córais tiomána ísealcharbóin infheistíocht shuntasach i bhforbairt theicneolaíoch, i ndearadh soithí, in oiliúint criú agus i mbonneagar calafoirt, agus nach mór tacaíocht phoiblí a bheith ag gabháil leis chun forbairt, cur chun feidhme, inrochtaineacht agus inacmhainneacht rathúil a áirithiú do gach cuid den chabhlach, go háirithe d’iascaigh ar mionscála agus d’iascaigh cheardaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach gcuireann aon bhreosla malartach aonair ná aon teicneolaíocht mhalartach aonair réiteach cinntitheach, inrochtana agus inscálaithe ar fáil faoi láthair chun an cabhlach iascaireachta a dhícharbónú go hiomlán, ach nach mór tacú go gníomhach le forbairtí agus dul chun cinn trí thaighde, tionscadail taispeántais agus infheistíocht phoiblí agus phríobháideach spriocdhírithe chun aistriú cóir agus tráthúil a chumasú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur ardán luachmhar í an Chomhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh, a seoladh in 2023, atá ceaptha chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh in earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais agus chun geallsealbhóirí ábhartha a thabhairt le chéile;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go leagtar amach san 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil tiomantas an Aontais Eorpaigh deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise laistigh den Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, cé gurb ionann an cabhlach cósta ar mionscála agus 76 % de na soithí iascaireachta gníomhacha uile a oibríonn san Aontas, go bhfuil dúshláin leanúnacha roimhe fós maidir le nuachóiriú an chabhlaigh; de bhrí, in ainneoin líon na soithí, go bhfuil forbairtí teicneolaíochta fós teoranta, go háirithe ó thaobh innill hibrideacha nua oiriúnacha de, agus go ndéanann costas ard na mbreoslaí malartacha i gcomparáid le breoslaí iontaise an próiseas aistrithe a shaobhadh; de bhrí go bhfuil géarghá le gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun tacú le haistriú an iascaigh ar mionscála;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur comhghuaillithe bunriachtanacha iad iascairí, go háirithe oibreoirí ar mionscála, maidir le héiceachórais mhuirí a chosaint agus gur cheart dóibh a bheith rannpháirteach go hiomlán i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán na mbeartas lena dtacaítear leis an aistriú i dtreo cleachtais iascaireachta inbhuanaithe agus ísealtionchair;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an gcomhbheartas iascaigh (CBI) caomhnú agus bainistiú cuí acmhainní bitheolaíocha na mara a ráthú, agus a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtréimhse agus go ndéantar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí i dtaca le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus a rannchuidíonn le slándáil bia;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go n-áirítear sa Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) forálacha chun tacú le dícharbónú, nuálaíocht agus inbhuaine shóisialta in earnáil an iascaigh, ach go mbraitheann a rannchuidiú éifeachtach ar rochtain chothrom, ar ualaí riaracháin laghdaithe agus ar ailíniú iomlán leis na cuspóirí a bhaineann le haistriú cóir agus cuimsitheach;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí, i bprionsabal, gur féidir tacú le feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht fuinnimh le cistí AE faoi CEMID agus i gcomhréir le rialacha CBI; de bhrí, áfach, nach mór coinníollacha nach bhfuil chomh sriantach céanna a mheas chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit agus na réigiúin in ann riachtanais dícharbónaithe agus nuachóirithe a gcabhlach iascaireachta a chomhlíonadh, agus ró-acmhainneacht nó ró-iascaireacht ar leibhéal ranna aonair nó an chabhlaigh náisiúnta ina iomláine á seachaint ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur luaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ‘nár cheart CEMID a úsáid chun gníomhaíochtaí a chistiú lena méadaítear acmhainneacht iascaireachta soithigh’<FOOTNOTE><FIELD> Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, <STRING ITALIC="on">Marine environment – EU protection is wide but not deep</STRING> [Muirthimpeallacht: Tá cosaint AE leathan ach níl sí domhain], Oifig na bhFoilseachán, 2020, https://data.europa.eu/doi/10.2865/134960.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gur cheart don chur chun feidhme éagsúlacht ollmhór réigiúnach chabhlach iascaireachta an Aontais Eorpaigh a urramú agus nár cheart dó cur chuige a oireann do chách a ghlacadh, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil srianta sonracha ar na réigiúin is forimeallaí, amhail iargúltacht, oileánachas, margaí beaga agus nascacht theoranta, nach mór a chur san áireamh go hiomlán agus beartais iascaigh á gcur chun feidhme, lena n-áirítear trí chritéir incháilitheachta oiriúnaithe faoi CEMID agus trí sholúbthacht i rialacha maidir le hacmhainneacht agus athnuachan cabhlaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur féidir ról lárnach a bheith ag trealamh agus teicnící iascaireachta nuálacha maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus éifeachtúlacht oibríochtúil a fheabhsú, agus ídiú breosla a laghdú, agus gur gá tacú leo trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach spriocdhírithe, trí chomhroinnt eolais agus trí phróisis mheastóireachta níos tapúla chun cur chun feidhme níos leithne a chumasú;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí nach mór do threalamh iascaireachta nuálach dul ar aghaidh ó chéim na fréamhshamhla go dtí céim an taispeántais ionas gur féidir a éifeachtúlacht agus a éifeachtacht a thástáil faoi choinníollacha fíorúsáide, le tacaíocht ó CEMID;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt teicnící iascaireachta atá ann faoi láthair an-dian ar bhreosla, rud a chruthaíonn costais shuntasacha don earnáil agus a bhfuil lorg carbóin an-ard mar thoradh air;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar athraitheach ag an gcaoi a gcuirtear teicnící iascaireachta áirithe i bhfeidhm ar cheapadh carbóin sna haigéin agus, ag brath ar roinnt tosca amhail an cineál iascaigh, go bhféadfadh an eolaíocht a mheas freisin go bhfuil sé inbhuanaithe agus comhoiriúnach le cuspóirí caomhnaithe ghrinneall na farraige a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh agus tacú le taighde agus forbairt ar innill agus breoslaí malartacha agus a n-úsáid éifeachtach, feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh soithí trí iarfheistiú nó ailtireacht chabhlaigh nuálach, agus trealamh agus modhanna iascaireachta inbhuanaithe nua a fhorbairt, chomh maith le teicneolaíochtaí lena laghdaítear foghabháil, lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht breosla agus lena n-íoslaghdaítear suaitheadh ar ghrinneall na farraige, d’fhonn tacú le haistriú cóir agus eolaíochtbhunaithe i dtreo iascach inbhuanaithe agus chun cuspóirí reachtaíocht iascaigh AE a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur deis é freisin an gá atá le nuachóiriú, dícharbónú agus aistriú fuinnimh cóir a áirithiú chun feabhas a chur ar dhálaí oibre agus maireachtála ar bord, rud atá bunriachtanach chun folláine na n-iascairí a áirithiú, chun glúnta nua a mhealladh chuig an earnáil agus chun gairm an iascaigh a dhéanamh níos cuimsithí, go háirithe do mhná agus do dhaoine óga;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn aistriú cóir rathúil earnáil an iascaigh rialachas cuimsitheach bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus rannpháirtíocht ghníomhach na ngeallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear iascairí, pobail chósta, taighdeoirí agus údaráis réigiúnacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí gur féidir le dobharshaothrú inbhuanaithe intíre agus muirí, feirmeoireacht sliogéisc agus algaí rannchuidiú le dícharbónú níos leithne earnáil bia uiscigh AE agus lorg carbóin allmhairí a laghdú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dícharbónú agus aistriú fuinnimh </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le haistriú struchtúrtha, cuimsitheach agus cóir ar fud earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe uile an Aontais chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, le reachtaíocht an Aontais agus le Comhaontú Pháras na Náisiún Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór don aistriú sin rannchuidiú go fóinteach le spriocanna aeráide an Aontais gan an bonn a bhaint d’athléimneacht ná de chobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch na bpobal iascaireachta agus cosaint a slite beatha á háirithiú ag an am céanna, i gcomhréir le trí cholún na forbartha inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le treochlár réalaíoch agus céimnithe dícharbónaithe, bunaithe ar an eolas eolaíoch agus ar na sonraí eolaíocha is fearr atá ar fáil, lena ndéanfar forbairtí teicneolaíocha, feabhsuithe lóistíochta, infhaighteacht breoslaí malartacha agus amlínte reachtacha a ailíniú chun cur chun feidhme indéanta agus éifeachtach a áirithiú ar fud na ranna cabhlaigh uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh go mbeadh creataí beartais comhordaithe agus fadtéarmacha ann, amhail na tosaíochtaí a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 dar teideal ‘An Comhshocrú Eorpach um an Aigéan’ (COM(2025)0281), chun an t-iascach agus an dobharshaothrú a dhícharbónú agus chun a áirithiú nach bhfágfar aon roinn cabhlaigh ná réigiún ar lár;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á aithint gur dúshlán suntasach d’earnáil an iascaigh iad an dícharbónú agus an t-aistriú fuinnimh, go háirithe d’oibreoirí beaga a bhfuil acmhainneacht theoranta airgeadais agus theicniúil acu; á mheabhrú, chun aistriú cuimsitheach agus cóir a bhaint amach, gur gá deireadh a chur le bacainní struchtúracha ar rochtain, lena n-áirítear costais arda iontrála, easpa oiliúna agus bonneagar calafoirt neamhleor; á chur i bhfáth nach bhfuil cur chuige a oireann do chách oiriúnach i bhfianaise éagsúlacht na gcabhlach, na réigiún agus na gcomhthéacsanna socheacnamaíocha ar fud an Aontais; á mheabhrú gurbh ionann an cabhlach cósta ar mionscála agus 76 % de chabhlach gníomhach an Aontais in 2021, agus beagnach an cabhlach iomlán sna réigiúin is forimeallaí den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil srianta agus bacainní suntasacha ar infheistíocht sa nuachóiriú, san éifeachtúlacht fuinnimh agus san inbhuanaitheacht laistigh de chabhlach AE; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, nach mór machnamh a dhéanamh ní hamháin ar nuachóiriú, ach freisin ar na féidearthachtaí a bhaineann le hathnuachan soithí, i bhfianaise mheánaois ard 31.5 bliain an chabhlaigh, chun cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mholadh, dá bhrí sin, spreagadh scéimeanna athnuachana a chur chun cinn i gcomhar le gníomhaithe príobháideacha, le tacaíocht ó chistiú náisiúnta agus ó chistiú AE, chun athnuachan cabhlaigh a éascú le soithí atá níos nua-aimseartha, níos sábháilte agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, chun cur le tarraingteacht chun athnuachan ó ghlúin go glúin a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus chun muinín a chothú i measc thionscal na hiascaireachta, na n-institiúidí poiblí, na n-údarás agus na n-infheisteoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go gcuireann an creat atá ann faoi láthair faoi CBI agus CEMID srian mór ar na féidearthachtaí maidir le tacaíocht phoiblí, rud atá ag cur bac freisin ar infheistíocht phríobháideach in athnuachan soithí, rud a chuireann cosc ar na forbairtí is gá chun cabhlach iascaireachta an Aontais a dhícharbónú; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí athruithe ar an gcreat reachtach atá ann faoi láthair; á chur in iúl gur oth léi nach leor na dreasachtaí airgeadais atá ann faoi láthair chun freastal ar riachtanais na hearnála, agus á áitiú gur gá sásraí nua a fhorbairt chun giaráil airgeadais a chur ar fáil agus a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún ionstraimí cistiúcháin breise agus leordhóthanacha a shainaithint agus a bhunú lasmuigh de CEMID, lena n-áirítear samhlacha nuálacha maoiniúcháin, chun tacú le riachtanais ollmhóra infheistíochta na hearnála don dícharbónú agus don aistriú fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mholadh go dtacódh an Coimisiún le taighde ar dhearadh soithí, lena n-áirítear nuálaíochtaí lasmuigh de chórais tiomána, amhail hidridinimic cabhlach feabhsaithe, ábhair chomhchodacha éadroma agus tiomántáin leictreacha a chur in ionad córais mheicniúla hiodrálacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh na Ballstáit, nuair a bheidh réitigh theicniúla agus tacaíocht airgeadais leordhóthanach ar fáil, machnamh a dhéanamh ar iarrachtaí dícharbónaithe a áireamh sna critéir chun cuótaí iascaireachta a leithdháileadh ar oibreoirí, i gcomhréir le hAirteagal 17 de CBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór don aistriú fuinnimh a bheith cuimsitheach agus inrochtana do gach cuid den earnáil agus, dá bhrí sin, nach mór aghaidh a thabhairt air go hiomlán agus beartas AE á fhorbairt, go háirithe d’iascairí ar mionscála agus iascairí ceardaíochta, agus nach mór tacú leis trí infheistíocht phoiblí, oiliúint agus aistriú eolais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á aithint nach bhfuil aon teicneolaíocht tiomána aonair ná aon teicneolaíocht breosla ina réiteach cinntitheach faoi láthair maidir le dícharbónú agus aistriú fuinnimh earnáil an iascaigh, mar gheall ar éagsúlacht leathan na gcineálacha soithí, na bpróifílí oibríochtúla agus na héagsúlachta réigiúnaí ar scála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tarraingt aird ar an bhfíoras nach mbeidh cur chuige a oireann do chách iomchuí toisc nach mbeidh teicneolaíochtaí nua, amhail réitigh breoslaí malartacha, in ann freastal ar riachtanais na gcabhlach uile; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá measúnú a dhéanamh ar staid fuinnimh soithí iascaireachta chun a n-éifeachtúlacht a uasmhéadú agus gur gá riachtanais na gcabhlach aonair a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá tacaíocht agus infheistíochtaí iomchuí a chur ar fáil chun méadú ar chostais bhreosla a sheachaint agus á chur i bhfáth, go dtí go mbeidh teicneolaíochtaí tiomána glana nó foinsí malartacha fuinnimh ar fáil ar scála tráchtála agus go gcuirfear an creat reachtach in oiriúint dá gcur chun feidhme, nár cheart aon rialacha ar leibhéal an Aontais maidir le cánachas breosla a thabhairt isteach do chabhlach iascaireachta an Aontais, toisc go gcuirfeadh bearta den sórt sin leis na dúshláin shocheacnamaíocha atá roimh chuideachtaí iascaireachta cheana féin mar gheall ar phraghsanna arda fuinnimh agus boilsciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá athruithe móra ar bhonneagar agus ar shaoráidí calafoirt, chomh maith le hoiriúnú soithí, a bheith i gceist le hathrú ar chórais tiomána;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, breithniú a dhéanamh ar scéimeanna lena n-éascaítear agus lena dtacaítear ar bhealach níos fearr le hinfheistíochtaí i bhfuinneamh glan, atá curtha in oiriúint do réaltachtaí agus riachtanais áitiúla, chun an t-aistriú fuinnimh a chur chun cinn agus chun aistriú cóir i dtreo dhícharbónú agus aistriú fuinnimh an chabhlaigh a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór do bhearta nuachóirithe, dícharbónaithe agus aistrithe fuinnimh an gá atá le scéimeanna tacaíochta saincheaptha agus inrochtana a léiriú chun inmharthanacht chomhshaoil agus eacnamaíoch an chabhlaigh a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach do chistiú AE, amhail CEMID, mar aon le státchabhair agus cistí príobháideacha, na hinfheistíochtaí is gá i gcalafoirt, i mbonneagair fuinnimh agus i soithí a mhaoiniú, ó dhearadh go seachadadh, chun an spás is gá a áirithiú don dícharbónú agus don aistriú fuinnimh, chun tonnáiste sóisialta soithí a mhéadú, le limistéir leormhaithe oibre agus scíthe don chriú, agus oiliúint leordhóthanach criú, chomh maith le rannchuidiú le saothrú inbhuanaithe acmhainní muirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt chun suntais go n-oibríonn iascaigh ar mionscála agus iascaigh cheardaíochta go ginearálta le tionchair chomhshaoil agus charbóin níos ísle agus, dá bhrí sin, ag brath ar an réigiún, go bhfuil ról ríthábhachtach acu i gcreatlach éiceolaíoch agus shóisialta na réigiún sin; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, sásraí tacaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme le haghaidh iascaigh ar mionscála, iascaigh cheardaíochta agus chósta a chuirfidh ar a gcumas dul i ngleic leis na fadhbanna sonracha atá roimh an gcuid sin den earnáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go n-éilíonn riachtanais mhaoiniúcháin mionstaidéar ón gCoimisiún agus réitigh lena n-áirítear freisin táirgí coigiltis do shaoránaigh Eorpacha agus do bhainc speisialaithe, amhail bainc mhuirí, chun maoiniú a thairiscint le tacaíocht ó ráthaíocht Eorpach do na táirgí airgeadais lena mbaineann agus tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí CBI chun feidhme go hiomlán chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhainistiú ar bhealach cothrom, go nginfear tairbhí socheacnamaíocha leo, go rannchuideofar le hinfhaighteacht táirgí bia agus go n-íoslaghdófar tionchar a ngníomhaíochtaí ar ghnáthóga agus ar éiceachórais mhuirí, agus líon na speiceas saothraithe á athbhunú agus á chothabháil ag an am céanna os cionn leibhéil lena dtáirgtear an uastáirgeacht inbhuanaithe; á mheas nach mór é a chur i bhfeidhm agus saintréithe na n-imchuach éagsúil farraige á gcur san áireamh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leas iomlán a bhaint as CEMID chun tacú le cur chun feidhme CBI agus le haistriú fuinnimh an chabhlaigh; á chur in iúl gur oth léi go bhforchuireann CBI agus CEMID teorainneacha dochta acmhainneachta bunaithe ar thonnáiste, lena gcuirtear srian ar chórais tiomána nua agus stóráil breosla a shuiteáil, agus lena gcuirtear bac ar fheabhsuithe ar shábháilteacht, dálaí oibre agus compord bunúsach d’iascairí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú gur cheart staid chabhlach an Aontais agus na feabhsuithe is gá a mheas agus a chur san áireamh sa mheastóireacht leanúnach ar CBI, agus san athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh air; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé de fhreagracht ar na Ballstáit a n-uasteorainneacha náisiúnta acmhainneachta a bhainistiú, dá bhforáiltear faoi CBI; á chur i bhfios, i gcás earnáil na hiascaireachta, go bhfuil bacainní curtha ar dhícharbónú agus ar aistriú fuinnimh an chabhlaigh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na dteorainneacha sin mar aon le cur chuige sriantach na mBallstát; ag cur béim ar a thábhachtaí atá tacaíocht trí CBI agus CEMID chun cabhlach iascaireachta inbhuanaithe de chuid an Aontais a bhaint amach ina thrí ghné, le tacaíocht ó chistiú leormhaith agus riachtanach sa chreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go dtugtar isteach le CEMID reatha an fhéidearthacht rannchuidiú le feabhas a chur ar dhálaí oibre, maireachtála agus sábháilteachta ar shoithí an Aontais, gan a n-acmhainneacht iascaireachta a mhéadú, agus aird ar leith á tabhairt ar shoithí iascaireachta cladaigh agus cósta ar mionscála; á chur i bhfáth go rannchuidíonn CEMID le hinbhuanaitheacht na n-iascach agus an gheilleagair ghoirm, lena rannchuidítear le cur chun feidhme Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 de chuid na Náisiún Aontaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, nár bhain na Ballstáit úsáid fhorleathan as na féidearthachtaí sin agus á chreidiúint gur chruthaigh rialacha róshriantacha bacainní ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart go mbeadh an tAontas ag brath ar thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad chun cabhlach an Aontais a fhorbairt, a thógáil agus a nuachóiriú mar thoradh ar spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú; á chur i bhfios nach mór uathriail straitéiseach AE a bheith lárnach i ngach beartas, lena n-áirítear dícharbónú, an t-aistriú fuinnimh agus nuachóiriú cabhlaigh, go háirithe mar chuid den straitéis thionsclaíoch mhuirí a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh go n-áireofaí sa straitéis thionsclaíoch mhuirí an cabhlach iascaireachta laistigh dá chuspóir tacú leis an ngeilleagar gorm agus ceannaireacht dhomhanda na hEorpa i dteicneolaíochtaí muirí a dhaingniú nó a fháil ar ais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, d’fhonn bealaí sonracha réalaíocha a aimsiú chun an cabhlach a nuachóiriú agus a dhícharbónú, go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach ar fud an tslabhra luacha mhuirí ina iomláine (lena n-áirítear longúinéirí, calafoirt, soláthróirí fuinnimh, longchlóis, comhairleachtaí dearaidh, soláthróirí trealaimh, cuideachtaí aicmiúcháin, airgeadaithe, taighdeoirí, etc.) agus go bhfuil gá le comhar trí thionscnaimh agus cláir lena gcothaítear soithí agus bonneagar calafoirt a bhfuil astaíochtaí nialasacha acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá bearta chun éileamh ar bhreoslaí muirí inbhuanaithe a spreagadh, amhail ionstraimí agus spriocanna beartais AE a úsáid, agus cur in úsáid an bhonneagair is gá a dhreasú agus a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, obair na Comhpháirtíochta um Aistriú Fuinnimh in earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe an Aontais, a sheol an Coimisiún in 2023, atá beartaithe a bheith ina hardán comhoibríoch atá ceaptha chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh in earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an comhar agus an t-idirphlé faoin gcomhpháirtíocht sin, ach ag cur béim ar an bhfíoras nach mór feabhsuithe nithiúla a bheith mar thoradh ar an méid sin ar na dálaí is gá don dícharbónú chun spriocanna a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tarraingt aird ar an ngá atá le borradh a chur faoi iomaíochas na hearnála agus tacú lena haistriú inbhuanaithe, lena gcuirfear todhchaí inbhuanaithe ar fáil do ghnólachtaí agus do phobail chósta, trí chomhaontú straitéiseach nua a bhunú idir an tAontas agus na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá dreasachtaí a chur ar fáil don taighde feidhmeach agus don nuálaíocht theicneolaíoch i réimse an gheilleagair chiorclaigh laistigh d’earnáil an iascaigh, lena n-áirítear maidir le trealamh iascaireachta, trí threoirthionscnaimh agus tionscadail chríochacha a chur chun cinn lena gcothaítear sineirgí idir gnóthais in earnáil an iascaigh, grúpaí áitiúla gníomhaíochta iascaigh, oibreoirí cóireála dramhaíola, cuideachtaí athchúrsála agus gníomhaithe eacnamaíocha eile, agus é mar aidhm leo éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú, iomaíochas na hearnála a fheabhsú agus deiseanna nua fostaíochta áitiúla a ghiniúint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige difreáilte maidir le dícharbónú a n-earnálacha iascaireachta mar gheall ar iargúltacht gheografach, oileánachas agus beagmhéid na réigiún is forimeallaí, i bhfianaise a dheacra atá sé dá gcabhlaigh an próiseas dícharbónaithe agus nuachóirithe a bhaineann leis an aistriú teicneolaíoch agus inbhuanaithe a chomhlíonadh; á chur i bhfios go láidir gur cuireadh san áireamh in ionstraimí cistiúcháin a bhí ann roimhe seo amhail clár na roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht d’iascaigh saintréithe sonracha na réigiún sin, a aithnítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; á thabhairt chun suntais, amach anseo, nach mór é sin a chur san áireamh go hiomlán agus ionstraimí cistiúcháin, creataí rialála agus straitéisí nuálaíochta á ndearadh agus á gcur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil cabhlaigh iascaireachta na réigiún is forimeallaí ar mionscála agus ag dul in aois den chuid is mó, agus go bhfuil rioscaí sábháilteachta méadaitheacha agus dálaí oibre agus maireachtála atá ag dul in olcas rompu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil a ndálaí struchtúracha agus a gcostais bhreise mar gheall ar iargúltacht á ndéanamh níos measa fós mar gheall ar thionchar méadaitheach na ndálaí adhaimsire; á chur i bhfios go láidir go gcuireann an staid sin srian ar rochtain ar acmhainní agus go gcuireann sé slándáil bia agus geilleagair áitiúla na gcríoch sin i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí critéir incháilitheachta agus tosaíochtaí infheistíochta a oiriúnú faoi CEMID agus faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais chun srianta struchtúracha agus leochaileachtaí comhshaoil na réigiún is forimeallaí a léiriú, lena n-áiritheofar nach gcuirfidh an t-aistriú fuinnimh le neamhionannais ná nach gcuirfidh sé bac ar inbhuanaitheacht shocheacnamaíoch na gcríoch sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfáth gur bunchloch í an iascaireacht chósta ar mionscála, go háirithe sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, don tslándáil bia, agus do chreatlach eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha go leor pobal áitiúil ina bhfuil dlúthnasc idir rochtain ar fhoinsí próitéine úra agus sláintiúla agus inmharthanacht na gníomhaíochta iascaireachta áitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh cuspóirí comhshaoil ailínithe go hiomlán le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch na n-iascach cósta ar mionscála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad atá ag feidhmiú sna réigiúin mhuirí agus sna himchuacha farraige céanna, go háirithe faoi chuimsiú eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, i gcás inarb iomchuí agus ina bhfuil siad bunaithe cheana féin, chun dea-chleachtas a mhalartú, infheistíocht a chomhordú, agus cuspóirí comhchoiteanna a bhunú maidir le dícharbónú, aistriú fuinnimh agus inbhuanaitheacht chomhshaoil iascaigh chun a áirithiú go gcuirfear rialacha comhchoiteanna i bhfeidhm, agus prionsabal na cómhalartachta agus coinníollacha cothroma do na hoibreoirí uile á gcomhlíonadh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil bac dosháraithe roimh chabhlaigh fad-achair a oibríonn i dtíortha i mbéal forbartha agus ar an mórmhuir nach bhfuil bonneagair amhail calafoirt, longchlóis agus ionaid stórála do bhreoslaí nua agus do chórais tiomána nua sna tíortha sin ullmhaithe ná oiriúnach chun freastal ar riachtanais soithí dícharbónaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar thionchair charbóin agus chomhshaoil na n-allmhairí iascaigh agus dobharshaothraithe uile chun éagothroime iomaíochta le hiomaitheoirí domhanda nach bhfuil faoi réir creataí rialála atá chomh dian céanna nó caighdeáin choibhéiseacha chomhshaoil, sláinte agus shóisialta a chosc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Nuachóiriú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth gur príomhghné den aistriú i dtreo earnáil níos inbhuanaithe agus níos athléimní é nuachóiriú chabhlach iascaireachta an Aontais Eorpaigh agus gur cheart aghaidh a thabhairt leis an nuachóiriú sin ar dhúshláin theicneolaíocha agus dhaonna araon, lena n-áiritheofar go saothrófar éifeachtúlacht fuinnimh, acmhainneacht dhigiteach agus sábháilteacht oibríochtúil in éineacht le feabhas a chur ar dhálaí oibre ar bord;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á athdhearbhú nár cheart a mheas go gcuireann olltonnáiste méadaithe nó dearadh soithí athchumraithe chun spás a thabhairt do chórais tiomána mhalartacha nó feabhsuithe sábháilteachta malartacha le hacmhainneacht iascaireachta mhéadaithe, agus dá bhrí sin, nach gcuireann siad le riosca na ró-iascaireachta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le díchúpláil na hacmhainneachta iascaireachta agus an olltonnáiste don dícharbónú, don aistriú fuinnimh nó d’fheabhsuithe sábháilteachta chun go mbeidh creat beartais cothrom agus fianaise-bhunaithe ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht phoiblí chun tús áite a thabhairt d’uasghráduithe soithí lena soláthraítear gnóthachain chomhshaoil agus dul chun cinn sóisialta araon agus acmhainneacht fheabhsaithe chun gabhálacha a chaomhnú go cuí ar bord, lena n-áirítear córais fuarstórála agus leasaithe, laistigh d’uasteorainneacha acmhainneachta náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais AE agus náisiúnta a úsáid chun tús áite a thabhairt do straitéisí nuachóirithe lena neartaítear inbhuanaitheacht fhadtéarmach fiontar iascaireachta, lena gcuirtear slabhraí luacha áitiúla chun cinn agus lena n-áirithítear gur féidir le hiascairí leanúint de bheith ag oibriú faoi dhálaí cothroma, intuartha agus inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí den tuairim gur féidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin a bheith fite fuaite le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus leis an ngá le haistriú digiteach laistigh den gheilleagar gorm; ag tabhairt dá haire go n-éilítear leis sin ní hamháin daoine óga a mhealladh chuig earnáil na hiascaireachta ach freisin feabhas ar dhálaí oibre agus maireachtála ar bord a áirithiú, cóiríocht agus saoráidí níos fearr a chur ar fáil chun cur le folláine na foirne, oiliúint agus faisnéis chuí a áirithiú, agus ionchais ghairme tharraingteacha agus deiseanna a chur ar fáil chun a staid phearsanta a fheabhsú – go háirithe trí dheiseanna ioncaim cothroma agus cobhsaí a chur ar fáil agus inbhuanaitheacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn glúine óga iascairí le comhtháthú a bpobal áitiúil, go háirithe sna réigiúin chósta is iargúlta agus iad siúd ar lú na deiseanna fostaíochta atá acu, rud a chuireann ar a gcumas rannchuidiú le feabhsuithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil laistigh den earnáil; á thabhairt chun suntais, freisin, gur gá feabhas a chur ar ról na mban san earnáil sin trí dheiseanna soghluaisteachta agus fostaíochta méadaithe ar fud an Aontais, gan deacrachtaí ná srianta maidir lena scileanna agus a n-oiliúint a aithint; ag tabhairt dá haire go gcabhródh sé sin le híomhá an tionscail a fheabhsú agus é a dhéanamh níos tarraingtí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á mheas nár chóir gur easaontas idir na glúnta a bheadh mar thoradh ar an athnuachan ó ghlúin go glúin, agus gur cheart iascairí de gach aois a bheith san áireamh chun cur chuige cothrom a áirithiú maidir leis an aistriú éiceolaíoch agus digiteach, chun a áirithiú nach gcaillfear oidhreacht na taithí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról straitéiseach ag an digitiú i nuachóiriú, dícharbónú agus aistriú fuinnimh an chabhlaigh iascaireachta, rud a chuirfidh feabhas freisin ar éifeachtúlacht oibríochtúil, ar shábháilteacht ar muir agus ar dhálaí oibre iascairí; á chur i bhfios go láidir trí thacaíocht d’uirlisí agus do chórais dhigiteacha lena bhfeabhsaítear loingseoireacht, réamhaisnéisiú na haimsire, cumarsáid agus inrianaitheacht, go háirithe i gcabhlaigh ar mionscála, go dtacófar freisin le costais bhreosla a laghdú agus go rannchuideofar le próiseas dícharbónaithe atá níos inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de; á chur i bhfáth nach mór an t-aistriú digiteach a bheith fite fuaite le hoiliúint leormhaith, fothú acmhainneachta agus dearadh teicneolaíochtaí cuimsitheacha, agus éagsúlacht na n-úsáideoirí á cur san áireamh agus á áirithiú go rannchuideoidh réitigh dhigiteacha le timpeallachtaí oibre níos fearr agus go ndéanfaidh siad tairbhí teicneolaíochta a dháileadh go cothrom ar fud na hearnála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh ar shoithí iascaireachta trí CEMID; á áitiú nach mór oibríochtaí barrfheabhsaithe agus iarfheistithe a spreagadh nuair is féidir chun éifeachtúlacht fuinnimh soithí a fheabhsú agus úsáid teicneolaíochtaí a chur chun cinn, go háirithe IS, chun bealaí iascaireachta a bharrfheabhsú, d’fhonn iascaireacht a dhícharbónú ar bhealach níos inacmhainne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar bhailiú, inrochtaineacht agus úsáid sonraí comhshaoil, socheacnamaíocha agus oibríochtúla in earnáil an iascaigh, lena n-áirítear trí uirlisí digiteacha agus cuir chuige faireacháin rannpháirtíochta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sonraí éifeachtacha agus tráthúla bunriachtanach don chinnteoireacht eolaíochtbhunaithe agus chun beartais a chur in oiriúint do dhálaí éiceolaíochta agus eacnamaíocha atá ag athrú; á iarraidh go ndéanfaí comhtháthú níos dlúithe idir córais eolais, lena n-áirítear taighde eolaíoch, eolas éiceolaíoch traidisiúnta agus sonraí oibríochtúla fíor-ama, chun tacú le rialachas iascaigh níos freagrúla, níos cothroime agus níos inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí cistiú tiomnaithe a leithdháileadh, sa bhreis ar iarrachtaí dícharbónaithe agus aistrithe fuinnimh, chun tacú le hoiriúnuithe soithí a chomhlíonann íoschaighdeáin maidir le leas oibrithe – i gcomhréir le ceanglais sláinte agus sábháilteachta ceirde agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta um shaothar muirí amhail Coinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hobair san iascaireacht – lena n-áirítear rochtain ar uisce inólta, cóiríocht shábháilte, cothú leormhaith, cosaint ar thuirse agus cúram leighis; á mheas go bhfuil na feabhsuithe sin bunriachtanach chun dínit ag an obair a áirithiú, tionóiscí a chosc agus inbhuanaitheacht shóisialta na hearnála a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don nuachóiriú, don dícharbónú agus don aistriú fuinnimh rannchuidiú freisin le hinmharthanacht eacnamaíoch, deiseanna fostaíochta agus iomaíochas earnáil iascaigh an Aontais agus nár cheart dóibh brabúsacht na hearnála ná neamhspleáchas straitéiseach bia an Aontais a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur féidir le hinfheistíochtaí in oiriúnú soithí, uirlisí digiteacha agus cumais caomhnaithe táirgí iascaireachta ar bord cuidiú le costais oibríochtúla agus astaíochtaí a laghdú, cáilíocht táirgí a fheabhsú agus luach margaidh gabhálacha a fheabhsú, ar choinníoll go dtacaítear leis na hiarrachtaí chun na spriocanna bunaithe a bhaint amach trí rialachas eolaíochtbhunaithe agus comhordaithe ar fud na réigiún, agus trí chistiú poiblí agus príobháideach agus ionstraimí margaidh dea-fhorfheidhmithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á athdhearbhú nach mór féachaint ar nuachóiriú, dícharbónú agus aistriú fuinnimh an iascaigh mar chuid de straitéis níos leithne d’fhorbairt chósta agus mhuirí, lena n-áirítear pleanáil spásúil mhuirí, caomhnú na bithéagsúlachta, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, agus cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige cothrom agus comhordaithe chun imeallú pobal iascaireachta a sheachaint; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sineirgí dearfacha a bheith ann idir iascach inbhuanaithe, caomhnú na n-aigéan, fuinneamh glan agus forbairt áitiúil nuair a bhainistítear iad trí chreataí iomlánaíocha, cuimsitheacha, eolaíochtbhunaithe agus oiriúnaithe ar bhonn críochach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfios go dtugtar le fios i dtuarascáil cheardlann na Parlaiminte<FOOTNOTE><FIELD> An Pharlaimint, <STRING ITALIC="on">Workshop on the future of the EU fishing fleet − First assessment of Member States’ EMFAF programmes for 2021-27 </STRING>[Ceardlann ar thodhchaí chabhlach iascaireachta an Aontais − An chéad mheasúnú ar chláir CEMID na mBallstát do 2021-27], an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, an 19 Samhain 2024.</FIELD></FOOTNOTE> le déanaí gur cheart go mbreithneofaí le hionstraimí tacaíochta d’iascaigh amach anseo coinníollacha nach bhfuil chomh sriantach céanna maidir le tacaíocht chun an chéad soitheach iascaireachta a fháil, chun innill a athnuachan nó innill nua a fháil agus le haghaidh feabhsuithe ar shoithí a éilíonn tonnáiste breise, agus ag an am céanna srianta a chur i bhfeidhm chun ró-acmhainneacht nó ró-iascaireacht a sheachaint ar leibhéal ranna cabhlaigh aonair nó an chabhlaigh náisiúnta ina iomláine; á chur i bhfáth, ag an am céanna, gur cheart soithí iascaireachta aonair a chumasú chun oiriúnú do riachtanais eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí athbhreithniú ar na forálacha incháilitheachta a leagtar amach faoi láthair in Airteagail 13, 17, 18 agus 19 de CEMID chun tacaíocht phoiblí a cheadú d’uasghráduithe nó d’athsholáthairtí soithí atá dírithe go docht ar shábháilteacht, dálaí oibre agus maireachtála, éifeachtúlacht fuinnimh agus glacadh teicnící iascaireachta inbhuanaithe a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh acmhainneacht mhéadaithe iascaireachta ná iarracht mhéadaithe iascaireachta mar thoradh ar an tacaíocht sin, agus gur cheart go mbeadh sí ag brath ar ardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a chomhlíonadh, agus inmharthanacht eacnamaíoch agus athnuachan ó ghlúin go glúin á n-áirithiú ag an am céanna, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí agus i limistéir chósta ina léirítear le measúnuithe cabhlaigh go bhfuil an iarracht iascaireachta cothrom leis na hacmhainní atá ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á áitiú go bhfuil gá le hathbhreithniú meántéarma ar CEMID agus le hathbhreithniú spriocdhírithe ar rialacha CBI agus ar threoirlínte ábhartha, d’fhonn freastal ar riachtanais spáis agus deartha na gcóras stórála, fuinnimh agus tiomána breoslaí malartacha agus chun an creat do státchabhair a dhéanamh níos solúbtha a mhéid a bhaineann le soithí a thógáil agus a nuachóiriú; á iarraidh go mbunófaí ciste éigeandála tiomnaithe chun dlús a chur le hathnuachan cabhlaigh, agus ar an gcaoi sin aistriú réalaíoch chuig teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le haghaidh a thabhairt ar an easpa limistéar oibre faoi dhíon, saoráidí sláintíochta, spásanna scíthe leormhaithe agus trealamh sábháilteachta a bhfuil tionchar acu faoi láthair ar go leor soithí mionscála agus ceardaíochta; ag tabhairt dá haire nach ndéantar idirdhealú i sainmhínithe reatha AE ar acmhainneacht iascaireachta idir limistéir oibríochtúla an tsoithigh agus na limistéir sin atá tiomanta do dhálaí sóisialta agus sábháilteachta ar bord a fheabhsú; á chur i bhfáth go gcruthaítear leis sin dídhreasú chun infheistíocht a dhéanamh in uasghráduithe riachtanacha amhail spásanna oibre faoi fhothain, limistéir scíthe agus saoráidí sláintíochta, atá ríthábhachtach chun dálaí cuibhiúla oibre agus maireachtála a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún teacht ar réiteach lena ndéanfaí riachtanais na n-oibrithe iascaireachta a chothromú leis an ngá atá lena áirithiú nach méadófar acmhainneacht iascaireachta chabhlach AE, go háirithe trí thonnáiste a bhaineann le cúrsaí ‘sóisialta agus sábháilteachta’ a eisiamh ó ríomh na hacmhainneachta iascaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, chun na críche sin, agus creat agus teorainneacha á gcoinneáil aige lena gcuirtear cosc ar ró-iascaireacht, grinn-athbhreithniú a dhéanamh ar na táscairí lena dtomhaistear an acmhainneacht iascaireachta agus tionchar na hiascaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíocht shuntasach chun aistriú fuinnimh earnáil an iascaigh a bhaint amach, rud nach mbíonn indéanta i gcónaí do ghnólachtaí beaga a bhíonn ag brath go hiomlán ar ghnáthacmhainní; á iarraidh ar an gCoimisiún modh a dhéanamh den dícharbónú chun tacú le hinmharthanacht na hiascaireachta cósta san Aontas agus machnamh a dhéanamh, ar bhonn sealadach agus saincheaptha, ar an uasteorainn do chabhair <STRING ITALIC="on">de minimis</STRING> in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a ardú, d’fhonn tacú le glacadh teicneolaíochtaí ísealastaíochtaí, athnuachan agus/nó oiriúnú inbhuanaithe cabhlaigh agus éifeachtúlacht fuinnimh ar fud an tslabhra soláthair, atá le déanamh i gcomhar le gairmithe sa réimse sin den chabhlach, d’fhonn infheistíocht a spreagadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trealamh iascaireachta a fhorbairt agus a úsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart nuálaíocht i dtrealamh agus i dteicnící iascaireachta a bheith bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil agus a bheith á treorú ag cuspóirí soiléire comhshaoil, ag rannchuidiú le roghnaíocht fheabhsaithe, foghabháil nó gabhálacha de thaisme laghdaithe, rioscaí íoslaghdaithe maidir le trealamh iascaireachta caillte agus tréigthe, bealaí barrfheabhsaithe soithí, tairbhí eacnamaíocha agus tionchar níos ísle ar ghnáthóga mara; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach spriocdhírithe agus tacaíocht rialála chun forbairt, tástáil agus uas-scálú trealaimh iascaireachta a chur chun cinn lena bhfeabhsaítear torthaí éiceolaíocha agus inmharthanacht oibríochtúil na gcabhlach inbhuanaithe araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an nuálaíocht trí infheistíochtaí i roghnaíocht trealaimh iascaireachta a mhéadú, feabhsuithe ar bhonneagar calafoirt, agus uasghráduithe ar shoithí iascaireachta atá dírithe ar shláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre a fheabhsú, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, astaíochtaí a ísliú agus cáilíocht na ngabhálacha a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á mheabhrú gur gá prionsabal an réamhchúraim a leanúint agus trealamh agus teicnící nuálacha iascaireachta á bhforbairt agus á gcur in úsáid; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach cur chuige bunaithe ar éiceachórais a chur chun cinn agus trealamh agus teicneolaíochtaí iascaireachta nuálacha á bhforbairt agus á gcur in úsáid chun foghabhálacha a laghdú, gabhálacha de thaisme a íoslaghdú, tionchar ar ghrinneall na farraige a laghdú agus éifeachtúlacht breosla a fheabhsú; á thabhairt chun suntais gur cheart go leanfadh treoirthionscadail agus iascaigh thurgnamhacha de bheith teoranta ó thaobh faid agus líon soithí de, chun trealamh nua agus teicneolaíochtaí tiomána a thástáil agus chun a áirithiú nach ndéanfar aon imscaradh ar mhórscála go dtí go ndéanfar measúnú eolaíoch, neamhspleách agus iomlán ar a dtionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha, agus go dtí go léireofar go bhfuil siad sábháilte agus inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le hinfheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí iascaireachta agus iad a chur in úsáid, ar teicneolaíochtaí iad lena laghdaítear gabhálacha de thaisme, lena bhfeabhsaítear roghnaíocht agus lena n-íoslaghdaítear suaitheadh éiceachórais; á chur i bhfáth gur gá aistrithe teicneolaíochta san earnáil a éascú tuilleadh ar bhealach níos éifeachtúla ó thaobh ama de agus faoi threoir neodrachta teicneolaíochta agus fianaise eolaíoch láidir, lena n-áirítear gach gné den inbhuanaitheacht; á iarraidh go mbeadh na próisis chinnteoireachta maidir le formheas trealaimh, incháilitheacht cistiúcháin agus solúbthacht rialála bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil, go mbeidís ailínithe leis na beartais agus na rialacháin ábhartha uile agus go rannchuideoidís le gach ceann de thrí cholún na hinbhuanaitheachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh saintréithe sonracha gach imchuach farraige agus difríochtaí réigiúnacha a chur san áireamh, dlús a chur le réigiúnú agus oiriúnú pleananna bainistíochta ilbhliantúla i gcomhréir leis na cuspóirí roghnaíochta sin agus tosaíocht a thabhairt d’úsáid trealaimh a bhfuil tionchar níos lú aige ar éiceachórais, i ndlúthchomhar le coistí comhairleacha agus i dteagmháil le cabhlaigh áitiúla, agus éifeachtaí socheacnamaíocha agus an t-athrú aeráide á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá línte buiséadacha sonracha a bheith ann chun taighde ar dhícharbónú agus ar an aistriú fuinnimh a mhaoiniú laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo, mar shampla faoin gCiste Eorpach um Iomaíochas agus faoin gclár Fís Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leis an riosca go gcaillfidh gairmithe ioncam le linn céimeanna turgnamhacha cur isteach ar a mhéid is féidir nuálaíochtaí eolaíocha a aistriú chuig iascairí; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais chun an riosca sin a mhaolú agus chun dlús a chur le trealamh iascaireachta níos roghnaithí a bhfuil tionchar níos ísle aige a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á aithint rannchuidiú méadaitheach iascairí leis an ngníomhú ar son na haeráide agus le cosaint an chomhshaoil trí ghníomhaíochtaí amhail bruscar muirí a bhailiú, lena n-áirítear trealamh iascaireachta caillte nó tréigthe; á chur i bhfáth gur cheart an ról sin a spreagadh agus tacú leis trí dhreasachtaí spriocdhírithe, trí bhonneagar calafoirt leormhaith agus trí shruthanna ioncaim comhlántacha a chruthú atá nasctha le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh; á chur i bhfios go láidir go gcuidíonn cur chun cinn rannchuidiú éiceolaíoch iascairí le hinghlacthacht shóisialta na gairme a neartú, go dtreisíonn sé a ról mar chaomhnóirí na farraige agus go rannchuidíonn sé le spriocanna inbhuanaitheachta agus athbhunaithe muirí níos leithne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht chuimsitheach na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a áirithiú, lena n-áirítear iascairí ar mionscála, eagraíochtaí táirgeoirí agus pobail chósta, i ndearadh, i bhforbairt agus i measúnú trealaimh iascaireachta nuálaigh, seachas cur chuige a oireann do chách a ghlacadh; á chur i bhfios go láidir go neartaíonn rialachas rannpháirteach dlisteanacht, praiticiúlacht agus glacadh rialacha, agus ag an am céanna go gceadaítear leis eolas éiceolaíoch áitiúil agus taithí saoil a ionchorprú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tús áite, i mbeartais phoiblí agus in ionstraimí cistiúcháin, do thacaíocht d’iascairí agus do phobail a ghlacann trealamh agus cleachtais inbhuanaithe a rannchuidíonn le caomhnú na bithéagsúlachta agus le cobhsaíocht fhadtéarmach acmhainní; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach teicnící inbhuanaithe agus cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith an iascaigh a aithint agus tacú leo chun athléimneacht na bpobal cósta a áirithiú, chun eolas traidisiúnta a chaomhnú agus chun aistriú cothrom agus cuimsitheach a chur chun cinn san earnáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí córais teicneolaíochta braite atá cumhachtaithe ag IS a chomhtháthú chun tacú le cleachtais roghnaitheacha iascaireachta, chun faisnéis faoi ghabhálacha a fheabhsú agus chun gabhálacha de thaisme a laghdú; á chreidiúint gur féidir roghnaíocht agus feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú trí theicneolaíochtaí cliste a chomhcheangal le trealamh nuálach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart bainistiú trealaimh agus teicnící iascaireachta a bheith bunaithe ar chreataí rialachais cuimsitheacha agus oiriúnaitheacha lena léirítear éagsúlacht na gcabhlach, na n-imchuach farraige agus na gcleachtas iascaireachta ar fud an Aontais, agus á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh an creat rialála sin soiléir, intuartha agus go mbeidh cuspóirí polaitiúla fadtéarmacha aige; á thabhairt chun suntais gur gá an comhar idir eolaithe, iascairí agus údaráis a neartú maidir le trealamh nua a fhorbairt, a thástáil agus meastóireacht a dhéanamh air, lena gcothófar iontaoibh fhrithpháirteach agus freagracht chomhroinnte as torthaí inbhuanaithe; á iarraidh go mbeadh próisis chinnteoireachta ann atá éifeachtúil ó thaobh ama de agus atá trédhearcach, rannpháirteach agus in ann réaltachtaí sochéiceolaíocha atá ag teacht chun cinn ar an láthair a chomhtháthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar thomhas na hiarrachta iascaireachta trí uirlisí bainistithe nach bhfuil bunaithe ar laethanta ar muir amháin, agus tús a chur le breithniú a dhéanamh ar an am iarbhír a úsáidtear an trealamh le haghaidh gabhálacha –‘am maothaithe’ nó ‘iascaireacht ghníomhach’; á iarraidh, go ndéanfaí athbhreithniú, i gcás inarb iomchuí, ar na sainmhínithe ar ‘gníomhaíochtaí iascaireachta’ i reachtaíocht AE ionas gur fearr a léireoidh siad saintréithe oibríochtúla éagsúla an trealaimh iascaireachta agus go gcuideoidh siad le bainistiú na hiarrachta iascaireachta a dhéanamh níos cothroime agus níos éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag spreagadh treoirthionscadal agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá siad mar léiritheoirí nuálaíochta agus mar chéimeanna i dtreo leibhéal na haibíochta teicneolaíche is gá a bhaint amach chun na formheasanna is gá a fháil agus a bheith réidh le haghaidh tráchtálú agus cur in úsáid ar scála níos mó araon; á iarraidh go ndéanfaí faireachán ar na treoirthionscadail is éifeachtaí chun dúbláil tionscadal arna dtíolacadh a sheachaint nó chun cliseadh tionscadal atá éifeachtach mar sin féin a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur i bhfios go bhféadfadh caillteanas gabhálacha agus ioncaim a bheith ann d’iascairí agus iad ag glacadh páirte i dtreoirthionscadail; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil cur i bhfeidhm rialacha CEMID maidir le treoirthionscadail ag cur srian ar roinnt turgnamh sa chleachtas; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha úsáid ‘saotharlanna beo’ a fhorbairt chun an nuálaíocht a réiteach le tionscnaimh áitiúla chun tástáil phraiticiúil a cheadú chun a áirithiú go n-oibreoidh nuálaíochtaí nua sa chleachtas agus nach gcuirfidh siad ualaí nach bhfuil gá leo ar an earnáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á iarraidh go bhforbrófaí creat coiteann AE um lipéadú agus inrianaitheacht lena gcuirfear ar chumas tomhaltóirí agus ceannaitheoirí táirgí iascaigh a chomhlíonann ardchaighdeáin chomhshaoil, sláintíochta agus shóisialta a shainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil rath na n-aistrithe éiceolaíocha agus digiteacha in earnáil an iascaigh, lena n-áirítear a dícharbónú agus a haistriú fuinnimh, ag brath ar oibrithe dea-oilte sciliúla a bheith ar fáil; á iarraidh go mbainfí úsáid níos fearr as cláir AE atá ann cheana, amhail Erasmus+, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus CEMID, chun tacú le hoiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil araon sa tsábháilteacht ag an obair, in uirlisí digiteacha, i bhfeasacht chomhshaoil agus i dteicnící iascaireachta inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé aitheantas agus maoiniú a thabhairt don ghairmoiliúint is gá chun teicneolaíochtaí agus innill nua a chur chun feidhme agus a úsáid, agus do na scileanna praiticiúla a fuarthas trí thaithí agus trí tharchur eolais ó ghlúin go glúin a éascú; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an oiliúint leanúnach, cuimsitheach agus saincheaptha do riachtanais athraitheacha iascairí agus pobal cósta, go háirithe i gceantair iargúlta agus i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste struchtúrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé d’acmhainneacht ag earnálacha na feirmeoireachta dobharshaothraithe, sliogéisc agus algaí lorg carbóin ár gcórais bia a laghdú; á chur in iúl gur geal léi cleachtais ísealcharbóin atá ag éirí níos minice, amhail beatha inbhuanaithe agus úsáid báirsí dícharbónaithe, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go bhforbrófaí teicneolaíochtaí den sórt sin ar scála níos mó ar fheirmeacha i gcás inarb iomchuí sin; á chur i bhfios go láidir gur cheart d’fhorbairtí amach anseo tosaíocht a thabhairt do tháirgeoirí dobharshaothraithe inbhuanaithe a sheachnaíonn dochar a dhéanamh don bhithéagsúlacht mhuirí agus tairbhí socheacnamaíocha á nginiúint ag an am céanna do phobail chósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir, trí chomhbheartas dobharshaothraithe a bhunú ar an mbonn céanna le CBI, le glacadh spriocanna cainníochtaithe chun dobharshaothrú a fhorbairt, rannchuidiú go leordhóthanach le próiseas dea-mhachnaithe dícharbónaithe agus aistrithe fuinnimh do gheilleagar gorm AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá creat dlíthiúil soiléir agus comhleanúnach ina bhfuil critéir agus táscairí inbhuanaitheachta intomhaiste chun forbairt an dobharshaothraithe san Aontas a threorú agus a rianú, lena n-áirítear pleanáil spásúil mhuirí níos fearr; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe agus beartais chun tacú le dobharshaothrú inbhuanaithe muirí agus intíre, le feirmeoireacht sliogéisc agus algaí mar chuid lárnach den straitéis Eorpach maidir le geilleagar gorm íseal-astaíochtaí agus chun athléimneacht an dobharshaothraithe i leith thionchair an athraithe aeráide a fheabhsú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>